4 minute read
Plean Teanga Chiarraí Thiar
Ceisteanna Comónta / FAQ Thobar Dhuibhne! Cad é seo? What is this?
Is sinne Tobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar. We are Tobar Dhuibhne, the West Kerry Language Plan. Cad a dheineann sibh? What do ye do? Cuirfimid Plean Teanga Chiarraí Thiar 2018 - 2025 i bhfeidhm. We implement the West Kerry Language Plan, 2018 - 2025. Cad é an Plean Teanga? What's the Language Plan?
Advertisement
Moltaí a tháinig isteach ón bpobal chun an Ghaelainn a láidriú i reimsí cosúil leis an Óige, Gnóanna, An Teaghlach, Oideachas, na Meáin, Caithimh aimsire agus eile. Recommendations from the public to strengthen the Irish language in areas such as Youth, Businesses, the Family, Education, the Media, Posttimes and others. Conas mar a oibríonn sé? How does it work?
Bímid ag iarraidh an Ghaelainn a láidriú i dtaca le grúpaí agus eagraíochtaí eile. Eagraímid roinnt mhaith imeachtaí agus scéimeanna chun cabhrú le daoine Gaelainn a úsáid gach lá. We work alongside other groups and organisations to strengthen Irish. We organise a good few events and schemes to help and encourage people use Irish every day. Cad é sprioc na hoibre seo? What's the goal of this?
Tá súil againn ceatadán na gcainteoirí laethúla Gaelainne a ardú fén mbliain 2025 i gCorca Dhuibhne We hope to raise the amount of daily Irish speakers in Corca Dhuibhne by 2025. Conas gur féidir leatsa cabhrú? How can you help? Labhair Gaelainn! Tá sé chomh simplí sin. Tá an t-ádh deag linn gur Gaeltacht í Corca Dhuibhne agus tá sé ana thábhachtach dúinn, mar phobal, go mbeidh an Ghaelainn á labhairt agus á cur chun cinn le gach aon rud a dheinimid. Ag an obair, age baile, ar scoil, sna siopaí. Gaelainn labhartha is ea pobal nasctha! Bí pairteach inár n-imeachtaí thíos nó eile chomh maith. Speak Irish! It's as simple as that. We're very lucky that Corca Dhuibhne is a Gaeltacht. As a community, it's very important to us that Irish is spoken and promoted in everything we do. At work, at home, at school, at the shops. Spoken Irish is a connected community. Take part in our events below!
An Cúinne Cruthaitheach
Tá píosaí cruithaitheacha á bhfoilsiú anseo againn as Gaelainn nó go dhátheangach. Má chuireann tú dán, ealaíon nó splancscríbhneoireacht chugainn, tabharfar dearbhán One4All don té foilsithe! Sprioclá ná Luan sula dtagann an West Kerry Live amach. IMEACHTAÍ / EVENTS ach teagmháil a dhéanamh linn – pleanteanga@ cfcd.ie nó an Google Form ar na meáin againn a líonadh isteach www.tinyurl.com/claraigh / There's still time to register for any of our events! All you have to do is contact us – pleanteanga@ cfcd.ie or fill in our Google Form on our social media www.tinyurl.com/claraigh. Cór Gaelach:Amhránaíocht as Gaelainn ar Zoom le Louise.
Cleachtadh Cainte :Seisiúin neamhfhoirmeálta cainte ar líne / Informal talking sessions online. Gaelainn do Thuismitheoirí :Seisiúin le Róisín do thúismitheoirí chun nathanna agus stór focal a phiocadh suas / Phrase and vocab sessions for parents with Róisin GaelChara: Beidh cainteoir dúchais agus foghlaimeoir curtha le chéile agus mar dhúshlán acu méid áirithe ama a chaitheamh lena chéile. / Native speakers and leaners will be paired up to do activities regularly through Irish. Cumann Ceardaóichta: Club Ealaín agus Ceardaiocht Bhúnsach do leanaí ar líne.
Cumann Sleibhteoireachta: Grúpa a thabharfaidh fés na sleibhte nuair a bheidh na srianta ligithe. Grúpa Aclaíochta le Beo Fitness: Tá grúpa aclaíochta nua á chur ar bun le Beo Fitness - traenáil phearsanta aige baile as Gaelainn ó Éanna. Duaiseanna ar fáil chomh maith!
Grúpa Aclaíochta le Beo Fitness
Ar mhaith leat bheith níos aclaí nó níos láidre i mbliana? Bí páirteach sa Ghrúpa Aclaíochta nua seo le BEO Fitness agus Tobar Dhuibhne. Cuirfear tús le grúpa, leagfar síos spriocanna agus dúshláin phearsanta agus le cabhair ó Éanna tabharfaidh daoine fé. Tacaíocht agus comhairle ar fáil go leanúnach tríd WhatsApp & Zoom. Spriocanna samplacha ná Couch go 5km, meáchan áirithe sa ghiom a ardú, nó a bheith prápáltha don séasúr spóirt. Gheobhaidh gach éinne a chláraíonn don ngrúpa duais bheag agus beidh na héinne a bhaineann na spriocanna amach san iomaíocht i gcomhair dearbháin bhallraíochta le Beo. Cuir focal chugainne ar 087 376 9538 nó chuig Éanna ar 085 767 9828 le clárú! Táimid ag súil go mór le TechFéile i mbliana agus tá go leor comórtaisí agus deiseanna ann do dhaoine óga páirt a ghlacadh. Má tá píosa físe nó fuaime déanta agat le bliain, cuimhnigh air é a chur isteach i gceann dos na comórtaisí! Is leathan na rannóga atá acu, ó phodchraoladh, go TikTok go Gearrscannáin. Beidh láitheoirí agus ceoiltóirí ag teastáilt chomh maith uathu. Deiseanna fostaíochta / Employment Opportunities Ar maith leat a bheith i d’áisitheoir le Tobar Dhuibhne i 2021 agus cúpa punt a thuilleamh? Bí i dteagmháil linn. - Stiúrthóir ar Chiorcal Comhrá / Cleachtadh Cainte.
- Duine a bheadh sásta imeachtaí ar líne a rith (mar shampla, Tráth na gCeist, Dreasanna Cainte, Clubanna Óige, Taispeántaisí Cócaireachta srl). Bímid oscailte d’aon saghas ruda!
Rang 5 & 6 i Scoil an Bhuailtín agus iad breá sásta lena mboinn as Maratón na dTeaghlach a chríochnú roimis na Nollag. Comhghairdeachas mór groí libh ó Thobar Dhuibhne!
Tomhais na coicíse
Níl orthu feoil, ná cleite, ná lann, ná cnámh. Ach tá méaranta agus ordóga dá gcuid féin acu. Cad is ea iad?
Cuir freagra chugainn @tobardhuibhne ar Instagram nó ar r-phost! Freagra & buaiteoir an eagráin seo chaite: Ní raibh aon bhuaiteoir againn
Ríomhphost: pleanteanga@cfcd.ie Suíomh Idirlín: www.tobardhuibhne.ie Fón oifige: (066) 9156 100 –
brúigh 3 do Thobar Dhuibhne John Prendergast & Cristín de Mórdha j.prendergast@cfcd.ie & c.demordha@cfcd.ie 087 376 9538 087 377 9337