5 minute read

Peil i bParóiste Fionntrá san 50aí agus 60aí

Seán O Catháin

Tomás O Lúing (Tom Long)

Advertisement

Is dócha gurbh é an chéad uair a tógadh ceann de Tom Long mar imireoir caide thar an gnáth ná i mí Aibreán 1954 nuair a dh’imir sé sár chluiche do Fionntrá i gcoinne na Gaeltachta i Sraith Chiarraí Thiar nuair a bhuaigh An Ghaeltacht le 4-4 i gcoinne 1-8. B’shin an uair nuair nách raibh paróiste Fionntrá mar chuid de Chumann Caide Na Gaeltachta rud a dh’athraigh i 1957.

I 1954 roghnaíodh Tom ar fhoireann mionúirí Chiarraí i lár páirce agus shroiseadar craobh na h-Éireann mar ar bhuaigh Áth Cliath orthu 3-8 le 1-8. Bhí ceathrar ó Chiarraí Thiar ar an bhfoireann san. In éineacht le Tom bhí Páidí Ó Sé ó Ard Na Caithne,Tadhg Ó Gairbhia ó Bhaile a’ Chnocáin agus Frank Ó Leary ón nDaingean.

D’imir Tom a chéad cluiche craoibhe sinsir le Ciarraí i mí Meitheamh 1956 nuair a bhí sé ar an dathad slat i gcoinne Thiobraid Árann ach ins na leath cúil a bhí sé nuair a bhuaigh Corcaigh orthu tar éis ath-imirt.

I lár páirce i dteannta Mick O'Connell a bhí sé sa chluiche staitiúil i 1957 nuair a bhuaigh Port Láirge ar Chiarraí 2-5 le 0-10. Níor imir sé i gCraobh Na Mumhan i 1958 ach bhí sé mar leath-thosaí lár sa chluiche leathcheannais nuair Doire orthu.

Ba sa bhliain 1959 a bhuaigh Tom a chéad bonn sinsir uile Éirinn nuair a bhí sé ar an dathad slat nuair a bhuaigh Ciarraí ar dtúis ar Thiobraid Árann, ansin ar Chorcaigh, ar Áth Cliath sa chluiche leath- cheannais agus ar An Ghaillimh sa final.

D’imir sé ceithre chluiche craoibhe i 1960 ag sroisint craobh na hÉireann nuair a bhuaigh An Dún ócáid stairiúil toisc gurbh iad An Dún a chéad contae a thug corn Sam Maguidhir thar na sé contaetha. Bhí an dála céanna ag Ciarraí i 1961 mar arís bhuaigh An Dún orthu an turas seo sa chluiche leath-cheannais.

Bhí Tom Long aistrithe isteach go lán-tosach i 1962 nuair a bhuaigh Ciarraí ar Phort Láirge, Corcaigh, Ath Cliath agus Roscomáin chun an fichiú uile Éirinn a bhuachtaint.

I 1963 d’imir sé trí chluiche craoibhe nuair a bhuaigh An Ghaillimh orthu sa chluiche leathcheannais. Ba é 1964 an bhliain deireannach ag Tom le Ciarraí, bhuaigh An Ghaillimh orthu arís an turas seo sa final tar éis dó1-2 a scóráil i gcoinne An Cabhán sa semi-final. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcúl mar ba é an chéad cúl craoibhe a thaispeánadh beo ar Theilifís Na hÉireann.

D’eirigh sé as an pheil idir-chontae i 1964 agus gan é ach 28 bliain d’aois.San iomlán d’imir sé 26 cluiche craoibhe le Ciarraí ag scóráil 5-22 agus 43 cluiche sraithe ag scóráil 11-30, ag buachtaint 2 bhonn uile Eirinn, 5bhonn cúige agus trí bhonn sraithe.

D’imir sé le Cúige Mumhan don gcéad uair i 1957 agus bhí sé go rialta ar fhoireann an chúige ina dhiaidh san cé nár éirigh leis aon bhonn a bhuachtaint leo. Roghnaíodh é ar fhoireann na hÉireann i gcóir cluiche i gcoinne rogha na n-Ollscoileanna i 1960.

Mar a luadh thuas d’imir sé lena pharóiste dúchais Fionntrá mar ar saolaíodh é i gCill Na gColmán. De mhuintir Shé ó Chathair a’Treanntaigh abea a mháthair a fhág go raibh gaol gairid ag dream na caide in Ard a’Bhóthair leis. Ina theannta ar fhoireann an pharóiste bhí a dhreatháir Seán,”Coco” mar a thugtaí air agus tá sé ráite go raibh sé gach pioc chomh maith le Tom mar imireoir caide ach d’éirigh as luath.

D’imir sé leis An Ghaeltacht, Ciarraí Thiar, Crócaigh Chill Airne agus Ciarraí Thoir mar ar bhuaigh sé 4 bhonn craoibhe Chiarraí.

D’fhreastail sé ar scoil Cheanntrá, ansan Coláiste Ullmhúchán Baile Bhúirne agus Coláiste Phádraig Dromconnrach. Faid a bhí sé i gColáiste Phádraig d’éirigh le foireann an choláiste Erin’s Hope craobh Áth Cliath a bhuachtaint. Na blianta san bhuaigh Cumann Naomh Uinseann an craobh gach bliain idir 1949-1962 ach amháin 1956 nuair a bhuaigh Erin’s Hope. I lár – páirce a bhí Tom agus ine theannta bhí captain na fóirne Fintan Walsh ó chontae Laoise fear go bhfuil dlúth cheangal aige leis an Ghaeltacht ós rud é gurbh Máire Nic Gearailt ó Mhárthain a bhean céile. Ar an bhfoireann leis bhí Toss Mac Gineá ó Leataoibh agus Tadhg Ó Gairbhia atá luaite thuas. Bhí Mattie McDonagh an t-aon Gaillimheach go bhfuil 4 bhonn uile Eirinn aige ar an 40 slat.

Chaith Tom an chuid is mó dá shaol múinteoireachta i gCill Airne mar a raibh sé ina phríomhoide i bhFossadh. Phós sé Breda ó Chontae Mhaigheo agus bhí seisear clainne acu.

D’fhill sé ar a cheanntar dúchais i 2003 ó thaobh na caide de nuair sé ina roghnóir ar fhoireann na Gaeltachta nuair a bhuadar craobh Chiarraí agus bhí sé ar an dtaobh line an lá tubaisteach san i gcoinne Cealtrach.

Is brae le Tom filleadh ar a pharóiste dúchais go mórmhór Lá Chaitlíona, turas na reilige a thabhairt, cúpla a dhiúgadh i dtigh Phio nó i dtigh a’ Chuinnigh agus bualadh le muintir na h-áite.

Gura fada buan é.

Official Kerry Stockists For all your paint needs, from your front door to your dining table and much more. A wide colour range available. Ph: 089 2252590 Kerry Floorsanding

Astrid Janning Lic. I.S.H. HOMEOPATH

Ventry Tel: 086-229 6809

STOVESSTOVES RENEWABLES RENEWABLES BATHROOMSBATHROOMS

Mobility Grant Aid Available! From Kerry County MobilityCouncil Grant AidMobilityAvailable! From KerryGrant Aid CountyAvailable! CouncilFrom Kerry Is your family in need of a County Council Is your family in need of a Mobility Bathroom? Mobility Bathroom? Is your family in need of a Create a safe environment Create a safe environment Mobility Bathroom? Call Cremur for a FREE Site Survey

Call Cremur for a FREE Site SurveySupplied & Fitted by Cremur

• Create a safe environment35+ years of expertise • Supplied & Fitted by Cremur In-house design team • • 35+ years of expertiseCall Cremur for a FREE Site SurveyLarge showroom • • In-house design team 1-year warranty on workmanship • Large showroom Supplied & Fitted by Cremur • One-stop shop, installed by our own team! • 1-year warranty on workmanship • • One-stop shop, installed by our own team!35+ years of expertise • • • Cremur is your Mobility Bathroom In-house design team Large showroom 1-year warranty on workmanship Cremur is your Mobility Bathroom Refurbishment Specialist! • Refurbishment Specialist!One-stop shop, installed by our own team!

www.cremur.com Cremur is your Mobility Bathroom www.cremur.com Upper Rock Street, Tralee | 066 7124555 Corca Dhuibhne Beo Upper Rock Street, Tralee | 066 7124555Refurbishment Specialist!

This article is from: