2 minute read

AN CAT CRAINN

Next Article
COMPETITION

COMPETITION

 An cat crainn ó Mike Brown

Ainmhí beag mistéireach an cat crainn

Kate Mac Lochlainn

Faoi chosaint faoin tuath, ach crá mór i dteach príobháideach.

Nuair a d’oscail muid doras ár dteach saoire agus chuamar isteach sa teach, bhí uafás orainn ag an radharc a bhuail ár súile.

Bhí carnáin de shalachar dubh i ngach áit: leagadh réada de na seilfeanna agus iad briste ar an urlár: baineadh úsáid as ár gcanú beag mar leithreas, le linnte fuail bhréan; bhí na seomraí loitithe agus na leapacha millte.

Ar dtús, shíleamar gur mionc ab iad na cuairteoirí seo gan chuireadh, ón gcanáil in aice láimhe; ach ní raibh aon chnámha ná scálaí éisc le feiceáil i measc na praiseach.

D’fhéachamar ar na crainn péine thart timpeall agus tháinig sé chun solais go raibh ár dteach ina gharbhán máthar do theaghlach cait crann.

Níorbh fhéidir linn a dhéanamh amach conas a fuair siad iontráil - ach creidim anois gur dhreap siad anuas an simléar, cosuil le Daidi na nollag!

Is créatúr go leor rúndiamhra é an cat crann: agus ceann de na mamaigh is áille againn freisin.

Tá sí an-dathúil, le fionnaidh álainn donn agus geal, cosuil le uachtar agus seacláid; míníonn sé seo an fáth seilgeadh siad dona gclúmh ar feadh na gcéadta bliain, agus a gcuid fionnaidh in úsáid le haghaidh éadaí ríoga, nó le honnmhairiú.

Stop an trádáil seo sa 20ú haois, ach bhí bagairt nua le feiceáil; nimh á leagan ag feirmeoirí, chun an trádáil chaorach nua-bhrabúsach a chosaint.

Go deimhin, thógfadh sé cat-crann ancróga uan a bhaint, ach ní bhíonn faitíos i gcónaí réasúnach! Agus tá sé fíor go leor gur féidir leis na sealgairí beaga cróga seo go leor damáiste a dhéanamh i dteach cearc.

Bhuel, tá sé sin nádúrtha - is iad na crainn gnáthóg dhúchasach an speicis: agus is cuid dá réim bia nádúrtha éin agus uibheacha de chineál ar bith!

Ní hiad na héin an t-aon rud a itheann an cat crainn, áfach - tógann siad pé rud a chasann orthu;

Cé gur feoiliteoirí iad, itheann siad gach saghas bidh.. -- ábhar ainmhithe agus plandaí araon, lena n-áirítear mamaigh bheaga, éin, uibheacha, amfaibiaigh, inveirteabraigh, caora, torthaí, fungais agus carran.

Iosfaidh siad a bhfuil flúirseach go háitiúil, lena n-áirítear bia a fhágtar amach do pheataí agus éin, agus fiú bia daonna ó bhoscaí bruscair.

Dúcheist eile: cén chaoi ar tháinig an cat crann ar ais chomh maith sin le blianta beaga anuas?

Faoi lár an 20ú haois, ba speiceas fíorannamh a bhí ann, nach bhfuarthas ach i gcúpla limistéar iargúlta ar nós na Boirne. Ceaptar gur chabhraigh leathadh na bplandálacha buaircíneacha lena líon teacht chucu féin - agus ag an am céanna, tá líon na n-iora glas ionracha ag dul i laghad de réir mar a thosaigh an cat crainn agus an t-iora rua dúchasach ag téarnamh!

Níl aon mhíniú agam ar an ainm “cat crann”. Ar ndóigh, tá cait intíre le fáil in Éirinn ach níl siad dúchasach, cé go bhfuil go leor acu imithe i bhfiáin. Agus iad ar fad in ann crainn a dhreapadh agus éin a ghlacadh!

Nuair a bhíonn an focal “cat” le feiceáil i logainmneacha Gaeilge ar nós “Oweynagat” (Uaig na gcat) is dócha go dtagraíonn sé do chait na gcrann.

Agus rúndiamhair deiridh; conas na créatúir bheaga a choinneáil amach as mo theachín roimh an Earrach seo chugainn…

Sreang sicín thar an phota simléir, sílim!

This article is from: