FIADHÚLRA
Síolta i mBuamaí? A
gus mé ag siúl síos mo bhóithrín féin an lá cheana in éineacht le comharsan liom, céard a chonaic mé ag fás ar thaobh an bhóthair ach plandaí breátha borráiste goirm, in áit nach mbídís ag fás cheana riamh. Rinne mé gáire beag liom féin. Caithfidh sé nach raibh mé ag cur m’am amú go huile is go hiomlán le cúpla bliain anuas, agus go bhfuil ag éirí liom de réir a chéile plandaí maithe fiúntacha a chur ar ais sa timpeallacht. Is beachaire mé a bhfuil cónaí orm in oirthear na tíre. Tuairim agus leath is leath feirmeacha stoic agus curadóireachta atá anseo i mo thimpeall. Ó thaobh an dúlra de, tá an ceantar seo nach mór scriosta anois. Ar éigean anois a d’fheicfeá gráinneog, frog, giorria, féileacán daite, féileacán oíche, cearc uisce ná go leor leor eile nach iad. Tá éanachaí gann agus an-ghann anois, go mór mór iad siúd atá ag brath ar fheithidí. Ní leanann siad an céachta a thuilleadh, cheal péiste sa talamh. Tá feithidí gann de bharr an nimh atá seasta á cur ar na páirceanna curadóireachta. Chomh maith leis sin, tá easpa mhór bláthanna sna móinéir de bharr an oiread nítrigine agus sciodair atá á scaipeadh orthu. Níl fanta anois ach na fáltaí agus an stráice caol talún lena dtaobh, agus cuid acu sin iad féin i ndroch chaoi. Shocraigh mé iarracht a dhéanamh bláthanna fiúntacha dúchasacha a chur ar ais sa timpeallacht ach é a dhéanamh i ngan fhios. Chonaic mé go leor ar Google faoi na
14
Irish Wildlife Autumn ‘19
014_IWT Autumn_2019_IWT Fiadhulra.indd 14
01/11/2019 10:53