4 minute read
FIADHÚLRA
Síolta i mBuamaí?mBuamaí? i
Agus mé ag siúl síos mo bhóithrín féin an lá cheana in éineacht le comharsan liom, céard a chonaic mé ag fás ar thaobh an bhóthair ach plandaí breátha borráiste goirm, in áit nach mbídís ag fás cheana riamh. Rinne mé gáire beag liom féin. Caith dh sé nach raibh mé ag cur m’am amú go huile is go hiomlán le cúpla bliain anuas, agus go bhfuil ag éirí liom de réir a chéile plandaí maithe úntacha a chur ar ais sa timpeallacht.
Is beachaire mé a bhfuil cónaí orm in oirthear na tíre. Tuairim agus leath is leath feirmeacha stoic agus curadóireachta atá anseo i mo thimpeall. Ó thaobh an dúlra de, tá an ceantar seo nach mór scriosta anois. Ar éigean anois a d’fheicfeá gráinneog, frog, giorria, féileacán daite, féileacán oíche, cearc uisce ná go leor leor eile nach iad. Tá éanachaí gann agus an-ghann anois, go mór mór iad siúd atá ag brath ar fheithidí. Ní leanann siad an céachta a thuilleadh, cheal péiste sa talamh. Tá feithidí gann de bharr an nimh atá seasta á cur ar na páirceanna curadóireachta. Chomh maith leis sin, tá easpa mhór bláthanna sna móinéir de bharr an oiread nítrigine agus sciodair atá á scaipeadh orthu. Níl fanta anois ach na fáltaí agus an stráice caol talún lena dtaobh, agus cuid acu sin iad féin i ndroch chaoi.
Shocraigh mé iarracht a dhéanamh bláthanna úntacha dúchasacha a chur ar ais sa timpeallacht ach é a dhéanamh i ngan fhios. Chonaic mé go leor ar Google faoi na
Buamadóirí Síl i dtiortha eile agus bhain mé triail as anuraidh den chéad uair.
Tá sé éasca go maith na buamaí seo a dhéanamh. Meascán de shíolta, cré photaireachta, créafóg nó múirín agus uisce atá iontu. Is féidir iad ar fad a mheascadh le chéile agus liathróidí beaga ar nós mirlíní a dhéanamh astu. Fág ansin sa teach gloine iad go mbeidh siad leath triomaithe. Is féidir iad a chaitheamh amach as do phóca nó, níos fearr fós, iad a chaitheamh i bhfad uait le crann tabhaill. D’fhoghlaim mé go leor le dhá bhliain anuas, mar leis an fhírinne a rá, níor éirigh go rómhaith liom ag an tús. A laghad cré photaireachta a úsáidfear, is é is fearr, mar má bhíonn na liathróidí róchrua, ní leáfaidh an bháisteach iad agus fanfaidh siad ina gclocha ar an talamh. B’fhearr iad a chaitheamh nuair atá siad fós beagán iuch nóroimh nó i ndiaidh báisteach throm. B’fhearr iad a chaitheamh le linn an gheimhridh nó go luath san earrach chun an seans is fearr a thabhairt dóibh. Ní éireoidh leo ar fad ach, de réir a chéile agus má chaitear ag bun na bhfálta iad, beidh toradh ar do chuid oibre ar ball.
Ach an bhfuil sé ceart é seo a dhéanamh? Sé freagra na ceiste ná nach bhfuil sé ceart ná cóir mura bhfuil tú an-chúramach go deo maidir leis na síolta a roghnaíonn tú. D’fhéadfá dochar a dhéanamh. Tá go leor pacáistí ‘síolta fáinne’ ar díol sna siopaí le cúpla bliain anuas, don mhóinéir, don talamh curadóireachta, don choill, do bheacha, d’éanacha agus d’fhéileacáin. Ach fainic, ní bhíonn liosta na mbláthanna ar go leor de na pacáistí seo agus scaití bíonn sé scríofa orthu nach gá gurb iad
na síolta céanna atá istigh iontu is atá ar an bpictiúr. Chuir mise go leor acu sin i mo ghairdín féin agus in ainneoin chomh hálainn is atá siad, ní aithním go leor acu ar chor ar bith. Tá siad togha uilig do na feithidí i mo ghairdín ceart go leor ach ní chreidim go mbeadh sé ceart ná cóir iad a scaipeadh ar thalamh na gcomharsan. Mar shampla, ní bheifeá ag iarraidh an lus mór a chur ag fás sna móinéirí. Bígí an-cúramach. Tá cúpla dream in Éirinn anois atá ag díol síolta fiáine atá feiliúnach don tír seo agus b’fhearr liomsa cloí leis na síolta sin. Tá na cinn eile ceart go leor don ghairdín. Níos fearr fós, roghnaigh planda amháin ag an am, planda atá in easnamh sa timpeallacht agus déan iarracht é sin a chur ag fás, Lus na Tríonóide, mar shampla. Tá rún agam buamaí a dhéanamh as síolta crann a-úll i mbliana, crann eile atá thar a bheith gann sa dúiche seo anois. Má chaithim na buamaí sa bhFómhar, beidh siad sioctha go maith i rith an gheimhridh agus cá bh os ach go bhfásfaidh roinnt acu san earrach, neachtar d’fheithidí agus úllaí d’éanachaí amach anseo. Smaoinigh freisin go bhfuil plandaí eile ann atá riachtanach d’fheithidí áirithe, ar nós saileacha do na beacha agus beitheanna do na féileacáin oíche agus is féidir iad sin a chur sna fálta le gearrthóga, gan aon dochar a dhéanamh ar chor ar bith.
Ar deireadh thiar thall, níl de dhíth ach go mbeidh roinnt de na plandaí seo slán sa timpeallacht agus nuair a thiocfas an t-athrú feirmeoireachta amach anseo, rud a thiocfaidh gan amhras, beidh na plandaí ann chun scaipeadh arís sa dúlra mar a bhí. Buamáil gan dochar!