2 minute read

FIADHLÚRA

Tagann an trá ón fharraige

B-fhéidir gur lá álainn samhraidh é agus téann tú chun trá agus feiceann tú na tonnta agus an ghainimh, agus b’fhéidir gur mhaith leat dul ag snámh nó ag iascaireacht.

Is dócha go bhfeicfidh tú an méid smionagar atá le fáil ar an trá; is ar éigean is féidir leat é a chailleadh - sa lá atá inniu ann is minic a bhíonn carn de bhruscar atá tar éis a bhailiú ag baill den phobal, mar iarracht é a ghlanadh.

Rinne daoine “beachcombing” i gcónaí, ar ndóigh; ach sa lá atá inniu ann tá i bhfad níos mó salachar le feiscint ná mar a fuarthas sna seanlaethanta.

Is iad tránna an teorainn idir an fharraige agus an talamh; agus is gnáthóg eisceachtúil iad chun a bhfuil ar siúl inár n-aigéan a léiriú.

Faraor, má thugann tú cuairt ar aon trá na laethanta seo, gheobhaidh tú fianaise go bhfuil géarchéim inár n-aigéan. B’fhéidir go bhfuil cuma phráinneach ar an ngaineamh, ach nochtfaidh cuma níos dlúithe micrea-phlaistigh sa líne taoide agus píosaí beaga bídeacha de rópa (fearas iascaireachta taibhse.)

Téann gach rud a itheann muid agus a chaithimid amach san uisce níochán agus ina dhiadh sin, san fharraige.

Ar ndóigh fuarthas i gconaí adhmad ar thrá - iarsmaí iascaireachta agus longbhriseadh agus a leithéid; ach ábhair nádúrtha ab ea iad sin. Ní fadhb í ábhar orgánach mar tá sé in-bhithmhillte - agus déantar é a mhiondealú go tapa, ach tógann sé i bhfad níos faide ábhair mar phlaisteach, alúmanam, níolón agus gloine a dhíghrádú.

Ní bhriseann plaisteach síos - nó go han-mhall - agus seo an droch scéal; nuair a ghlanann sinn earrai plaisteacha ó thrá nil ann ach barr an oighir.

Agus níl ionta siúd ach na míreanna atá mór go leor le feiceáil

Toisc nach amháin go bhfuil na mílte tonnaí plaisteach ag snámh amuigh ansin ag fanacht le nigh i dtír,, ach tá méid ollmhór faoi thalamh sa ghaineamh cheana ann freisin; agus tá méid níos mó fós ann nach féidir leat a fheiceáil ar chor ar bith - píosaí plaisteacha briste síos chomh beag sin nach bhfuil iontu ach blúiríní dofheicthe

Tugtar “microplastics” orthu seo agus tá siad le fáil i ngach áit; in ithir, in uisce, san fharraige, agus i gcorp na n-iasc atá ag snámh ann.

Mar sin nuair a fhéachann tú amach ar an trá álainn sin, cuir i gcuimhne duit féin NACH bhfuil sí inleáite - tá cuma ollmhór air ach ní mhaireann sé go deo!

Iarscríbhinn; gach uile ábhar pé beag no mór, a théann síos an draen, sroichfidh sé an fharraige sa deire. Fiú amhain na snáthanna bídeacha a thitean as ár n-éide nuair a nítear í.

Caithfimid a bheith cosantach ar an uisce ar an bpláinéad seo. Thosaigh an beathra san uisce sin. Nílimid cinnte ag iarraidh go gcríochnoigh se san aigéan céanna, agus é salach, truaillithe, scriosta, loitithe, amú.

This article is from: