Irish Wildlife Winter 2018

Page 16

FIADHÚLRA

5 Corr réisc

Tearmann do dhaoine agus fhiadhúlra mar aon in oirthuaisceart Ghlaschú le Alison Ní Dhorchaidhe

L

á álainn fómhair atá ann, agus tá dath rua, órga agus buí ar na crainn, rud atá níos suntasaí fós le hais gorm na spéire. Sroichimid Loch Hogganfield, mé féin agus mo chéile agus, mar is iondúil, tá an áit plódaithe le daoine - níl spás ar bith sa charrchlós! Ní chuireann sé iontas orainn ar ndóigh, ar lá mar seo. Faighim spléachadh ar chinn bhána na n-ealaí agus tagann sceitimíní orm – tá mo chroí istigh iontu. Faighimid spás sa charrchlós ag an gclub gailf díreach in aice leis an loch, agus tugaimid amach na gloiní agus an scóp go maolchluasach, ar eagla go bhfeicfeadh galfaire sinn... Cuireann sé gliondar ar ár gcroí nuair a 14

5 Loch hoggenfield, le caoinchead Carole Hughes

chloisimid gáir na n-ealaí glóracha – tá cuid acu tar éis Glaschú a shroicheadh cheana ag deireadh turais 13,00km ón Íoslainn. Tá cuma chairdiúil, shona orthu agus, cé go bhfuil ealaí balbha an-mhaorga, tá carachtar níos láidre ag na healaí glóracha seo. Caithimid súil ghéar timpeall orainn agus tugaimid faoi deara éanlaith uisce eile ina measc – broighill á dtroimiú féin le sciatháin sínte amach; tumairí rua an-ghar dúinn ag iarraidh bia a ghoid ó pháistí; lachain bhadánacha ag princeam is ag tumadh san uisce. Ar oileán beag bídeach nach fada uainn, tá eala bhalbh á piocadh is á cíoradh féin agus corr réisc ag gabháil néal codlata. Níos faide amuigh, tá foithigh mhóra agus praslachain ann.

Irish Wildlife Winter ‘18

014_IWT Winter_2018_IWT Fiadhulra.indd 14

20/11/2018 12:36


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.