Feasta | Iúil 2013

Page 1

• Seanad Éireann & Stróc-Pholaitíocht le Seán Ó Loingsigh • Gluaiseacht Nua-aoiseach: Eoghan Ó Tuairisc, Diarmaid Ó Súilleabháin agus Breandán Ó Doibhlin le Lydia Groszewski • Aimsir Ársa le Cathal Ó Searcaigh á léirmheas ag Gabriel Rosenstock • An Limerick Gaeilge: Stair agus Réamhstair le Gearóid Ó Clérigh • Íomhá: Bobaide le Bosca Ceoil, le Bob Ó Cathail

€5

Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 7 ISSN 0014-8946



— Clár —

B

• Eagarfhocal: Ceacht ón bhFionlainn ................................. 4 • Smaointe Polaitíochta: Seanad Éireann & Stróc-Pholaitíocht le Seán Ó Loingsigh .......................................................... 5 • Ar an mBealach, dán le Seán Ó Leocháin ........................ 5 • Dánta: Coirnis le Gréagóir Ó Dúill; Poipíní agus Sraitheanna Uaignis le Claire Lyons; Céard…? le Brian Ó Baoill ........... 6 • Scéal do Shiobhán le Mike Mac Domhnaill ...................... 7 • An Limerick Gaeilge: Stair agus réamhstair (Cuid 1) le Gearóid Ó Clérigh ............................................................. 9 • Anseo agus Ansiúd .................................................. 13 & 16 • Sióga, Filí, Gaeil & Mionlaigh eile nach iad: Aimsir Ársa le Cathal Ó Searcaigh á léirmheas ag Gabriel rosenstock ... 14 • Turgnamhacht na Tríonóide, Gluaiseacht Nua-aoiseach: Eoghan Ó Tuairisc, Diarmaid Ó Súilleabháin agus Breandán Ó Doibhlin, le Lydia Groszewski ...................................... 17 • Scairt Feithide: Rogha Dánta Ko Un, Gabriel rosenstock a d’aistrigh go Gaeilge, á mheas ag Chinatsu hakamada ... 22 • Ruairí Ó Brádaigh, le Brian Ó Baoighill ........................... 24 • An Saol, dán le Mícheál ó hAllmhuráin ........................... 25 • Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa ................................. 26

EAGArFhOCAL Iúil 2013

hí alt spéisiúil ar an Irish Times le déanaí inar thagair an colúnaí agus scríbhneoir Fintan O’Toole don Ghorta Mór in Éirinn i lár na naoú haoise déag, agus conas mar a bhí mórthionchar na tubaiste sin le brath fós ar an tsochaí anseo. Go dtí gur tharla an cúlú eacnamaíoch cúig bliana ó sin, bhí cosúlacht ann go raibh an daonra ag méadú arís, bíodh nach raibh sé ar ais ag an leibhéal a shrois sé in 1841. Ach thar aon ní, bhí sé ag tagairt do dhrochiarsmaí an Drochshaoil ar an bpobal, ar a ndearcadh, a meon, agus a gcultúr. Ceann de na hiarsmaí ba mhó tionchair, mar a bheadh ina chineál uile-íoc, ba ea nós na himirce agus, ar ndóigh, ba thoradh air sin leis an meon diúltach a d’eascair i measc go leor den phobal maidir lenár dtír féin agus ár n-institiúidí féin.

© Feasta agus na Scríbhneoirí

• Clúdach: Bobaide le Bosca Ceoil, Bob Ó Cathail Stiúideo Ealaíne Solamar, Baile an tSlé, Ceann Trá, Co. Chiarraí. Fón / Facs: 00 353 (0)66 9159716 Fón póca: (0)87 2765355 Suíomh: www.bobcahill.com. r-phost: info@bobcahill.com

Ní miste a rá gur buntéama in alt O’Toole go bhfuil baol ann leis an gcúlú eacnamaíoch atá ár gcrá le tréimhse rófhada, agus go háirithe leis an bpolasaí déineachta atá i bhfeidhm ag an rialtas, pé an le toil ár muintire agus an rialtais é, nó é leagtha orainn acusan a chuir iasachtaí ar fáil dúinn, go bhfuil an imirce ar ais mar réiteach ar ár bhfadhbanna. Is mó is measa gurb í an óige, agus an dream is bríomhaire inár measc, atá i gceist. Ní maith an tuar é.

Reiviú den Smaointeachas Éireannach litríocht, eolaíocht, polaitíocht

Ba dheacair gan réiteach le léamh Uí Thuathail ar ár gcúrsaí, agus fiú lena ghrinneas. B’olltubaist an Gorta, agus níorbh ionadh rómhór gur fhág sé a rian ar mheon agus ar dhearcadh an phobail. Ach luann sé leis gur fágadh rian ar ár gcultúr agus sa mhéid sin aontaímid leis freisin, ach b’fhearr linn go raghadh sé céim bhreise. Tar éis an Ghorta, agus b’fhéidir cuid mhór dá bharr, is ar éigean nach raibh port na teanga seinnte. Ba bheag suime a léirigh Éire Óg, na Finíní, lucht Home Rule ná Conradh na Talún sa Ghaelainn. Murach go dtáinig Dúbhglas de hÍde an treo!

• Feasta tríd an bpost!

12 eagrán tríd an bpost ar €75 (€100 lasmuigh den eoraip) Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí. 353-(0)87-2421267 Suíomh idirlín: www.feasta.ie

I

• eagarthóir

s minic ráite againn gur ceann d’iontaisí an tsaoil a laghad airde a thugann staraithe ár linne ar mheath na teanga, muran ceann d’iarsmaí an Ghorta freisin an cineál díchuimhne atá i gceist ansin. B’fhíor nach raibh gach staraí chomh neamhchúiseach céanna, agus luann O’Toole an tOllamh Joe Lee ina alt. Is fíor go raibh sé siúd géar agus gonta ina leabhar Ireland 1912 - 1985, maidir le faillí na bpolaiteoirí agus lucht riaracháin i gcás na teanga. Tá sé suimiúil i gcomhthéacs na hEorpa go luann an tOllamh Lee an Fhionlainn mar cheann de na tíortha a raibh a dteanga faoi bhrú, ach gur tugadh slán í. Tír bhocht, imeallach, cúlráideach a bhí inti, le teanga a bhí beagnach dothreáite. Ba lú líon na gcainteoirí Fionlainnise in 1870 ná líon na gcainteoirí Gaelainne in 1850, ach thug siad a dteanga slán in aontráth lena n-eacnamaíocht. Tá dóthain mhór le foghlaim againn. ◊

www.feasta.ie

Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire. Fón: 353-(0)66-7124169. Ríomhphost: feasta@eircom.net

• Foilsitheoirí

CoNRADh NA GAeiLGe Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áit san iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.

3

Feasta, iúil 2013


A

is féidir nó is dóichí, fiú, gur gné dhúchasach ar fad dár gcuid féin an ‘stróc’!

n i mBéarla na hÉireann amháin a bhaintear úsáid as an bhfocal ‘stroke’ i gcéill pholaitíochta, sé sin nuair a buailtear bob de chineál éigin, nó cleas, nuair a thagtar aniar aduaidh, b’fhéidir, pé an ar do chéile comhraic sa pholatíocht é nó ar pháirtí polaitíochta eile, nó go deimhin gan duine nó dream ar leith a bheith i gceist nó thíos leis, ach go bhfuil beart cliste, cleasach, curtha i gcrích i saol suaithinseach na polaitíochta? Maidir leis an nGaelainn is fearr dúinn cloí le ‘stróc’, cé go bhfuil ‘beart’ luaite faoi ‘political manoeuvre’ ag ‘focal.ie’: ní dhéanfaidh sé cúis sa chás seo, dá mhéid ár meas is ár mbrath ar an institiúid sin. Níl, ar chuma éigin, an fhuaimint cheart i gceist.

Ar ndóigh, is féidir nó is dóichí, fiú, gur gné dhúchasach ar fad dár gcuid féin an ‘stróc’, rud éigin casta – níor mhaith leat ‘cam’ a úsáid – inár sicé. Táimid, go bhfóire Dia orainn, cleasach, cluanach ó dhúchas, nó is féidir fós gur iarsma de chuid na staire é, de bharr ár gcaidreamh mí-ámharach lenár seannamhaid Sasanach, foinse an uile oilc, gan dabht, inár gcásna. Nach bhfuil sé suimiúil leis gur thugamar linn thar lear an stróc nuair a chuamar ar imirce. Cinnte, thugamar linn go Meiriceá é nó gné ar leith de, pé ní, faoi riocht Tammany hall, a thuill míchlú áirithe dúinn go mór mór i measc na New Englanders glana gléigeala, a dtáinig a sinsear anall ar an ‘Mayflower’, nach leáfadh an t-im ina mbéil, agus nach mbeadh baint ná páirt acu le haon chineál camastaíola nó le haon fhabhraíocht sa saol polaitiúil!

Ach anseo sa bhaile nach raibh, agus nach bhfuil, iarracht den mhustar céanna le brath i measc ár bpolaiteoirí féin. Ba dhóigh leat i gcás Fhine Gael, agus fiú níos mó i measc an Lucht Oibre, gurb iad Fianna Fáiligh amháin a chleacht an ‘stróc’ seo. Ní hé nach mbeadh siadsan oilte ina úsáid, agus nár leasc leo feidhm a bhaint as nuair a d’oir sé sin dóibh, ach b’fhada ó pholaiteoirí i bpáirtithe eile gan a bheith chomh hoilte céanna agus nár leasc leo, ach oiread le lucht Fhianna Fáil, feidhm a bhaint as. www.feasta.ie

Smaointe Polaitíochta

Seán Ó Loingsigh

Nuair a thagann ráiteas gan choinne uaidh go bhfuil ar intinn aige deireadh a chur le Seanad Éireann, sé a rithfeadh leat gur stróc polaitíochta, den seandéanamh, atá i gceist! Fiú i gcás an Lucht Oibre, is cuimhin linn Jim Tully nuair a bhí sé ina aire, agus é ag athrianú teorainneacha na ndáilcheantar ar mhaithe le comhrialtas na linne, rud a chuaigh sa bhfaopach aige. Nó tagann Paddy Lindsay, Aire Gaeltachta Fhine Gael, chun cuimhne, agus é ag rianú teorainneacha na Gaeltachta i 1956, go háirithe ina chontae féin i Maigh Eo. Bhí cáil ar Ghaeltacht Lindsay ag an am – pé increidteacht a bhain le sciar maith de ó thaobh labhairt na Gaeilge.

A

gus leis sin táimid tagtha go tráthúil, más go mall, go polaiteoir groí eile ó Mhaigh Eo, an Taoiseach féin. Is polaiteoir go smior é: d’fhéadfaí a rá faoi gur polaiteoir den seandéanamh é agus taithí na mblianta aige i gceird na polaitíochta. Nuair a thagann ráiteas gan choinne uaidh go bhfuil ar intinn aige deireadh a chur le Seanad Éireann sé a rithfeadh leat gur 4

stróc polaitíochta, den seandéanamh freisin, atá i gceist.

Anois, ní hé ar aon chor nach féidir cás maith a dhéanamh gur institiúid iomarcach é an Seanad, agus go mbeadh an tír agus ár gcóras polaitíochta agus rialacháin chomh héifeachtach céanna gan é. Ach tá comhthéacs i gceist nach mór a chur san áireamh. I saol i bhfad siar roimh an olltoghchán deiridh, thug Fine Gael go láidir le tuiscint go raibh ar intinn acu ár gcóras rialacháin agus riaracháin a athleasú, chun é dhéanamh níos éifeachtaí. Gan amhras bhí gach uile dhuine againn ina fhabhar san. Sé rithfeadh leat, áfach, gurb é Dáil Éireann, ár bpríomhinstitiúid rialacháin, go háirithe a bheadh i gceist, agus go deimhin gurb é ba mhó a bhí i ngátar athleasaithe agus athnuachana. Ba mhinic luaite anseo go raibh an córas vótála agus toghchánaíochta Dála is míshásúla san Eoraip againn, ach ós léir nach bhfuil sé i gceist aon athrú a dhéanamh i gcás an chórais sin, ní fiú a bheith ag cur spáis amú leis. Sé is mó is ábhar díomá, in ainneoin a ráibh ráite roimh an olltoghcháin, agus go deimhin na geallúintí a tugadh an tráth sin, nach bhfuil sé i gceist aon athrú a dhéanamh ar an mbealach a riartar cúram na Dála féin ó lá go lá.

Luadh anseo cheana conas mar a úsáideadh an gilitín nuair a bhí an bille Gaeltachta ar a bhealach trid an Dáil, agus conas mar a diúltaíodh cead cainte do theachtaí, gan trácht ar dheis a thabhairt dóibh leasuithe a mholadh. Níorbh é an t-aon ócáid é ar baineadh úsáid as an ngilitín céanna. Bhí tagairt ar nuachtán inniu féin gur caitheadh ar an dóigh céanna le breis agus leathchéad bille ó thainig an comhrialtas i gcumhacht.

Ní hionadh mar sin go mbeadh teachtaí ón uile pháirtí, cúlbhinseoirí ar thaobh an rialtais ina measc, míshásta lena bhfuil ag tarlú. Is fíordheacair glacadh le dea-intinn an rialtais maidir le díscor an tSeanaid i bhfianaise an beag is fiú atá i gceist i gcás na Dála. Ní cúlbhinseoirí an

Feasta, iúil 2013


Luadh anseo conas mar a úsáideadh an gilitín ar an mbille Gaeltachta …

rialtais amháin atá ag éirí míshuaimhneach. Deirtear anois go bhfuil airí eile míshásta leis an bhforlámhas follasach atá ag an Taoiseach, Tánaiste agus ag na hAirí Ó Nuanáin agus howlin maidir le cúrsaí airgeadais agus geilleagair.

Agus, ar ndóigh, cuirtear an cheist i gcónaí cén fáth nár cuireadh díscor an tSeanaid faoi bhráid an Choinbhinsiúin ar an mBunreacht a tionóladh le déanaí i mBaile Átha Cliath. Má bhí tábhacht ar bith leis mar thionól, nó nach cur i gcéill a bhí i gceist, gléasadh na fuinneoige polaitíochta mar a deirtear sa Bhéarla, shílfeá go mba cheist í a bheadh oiriúnach don tionól seo, in áit a bheith ag plé le mioncheisteanna, leithéid téarma na huachtarántachta a laghdú óna seacht go cúig bliana. Sé an freagra air sin, ar ndóigh, nach stróc a bheadh ann.

S

é an freagra oifigiúil ar an gceist chéanna ná go raibh an díscor ar an gclár a cuireadh faoi bhráid an phobail roimh an olltoghchán – freagra nach bhfuil sochreidte i bhfianaise bhunaidhmeanna an Choinbhinsiúin. Ach dá ndeintí amhlaidh bheadh an faobhar agus an fheidhm a bhain le fógra an Taoisigh imithe le gaoith, mar a bheadh i gcás athleasaithe an tSeanaid a bhfuil go leor daoine ina fhabhar. Dála an scéil, ag tagairt don uachtarántacht,

cén fáth nach bhfaighfí réidh leis an oifig sin. Cén mhaith atá ann, ach oiread is atá leis an Seanad. Ar a laghad níor bhaol don bhfear maith atá i seilbh na hoifige faoi láthair. ——◊——

Tá uachtaráin eile go mór sa nuacht faoi láthair, duine díobh atá beo beathach agus duine eile atá marbh le leathchéad bliain. Nach raibh an t-ádh leis an rialtas nach raibh an Teachta Dála Clare Daly sa Dáil nuair a tháinig an tUachtarán Ó Cinnéide inár measc i 1963. Tá fhios ag an saol go dtéimid beagán thar fóir leis na hócáidí seo, agus b’fhéidir níos mó ná an beagán nuair is uachtaráin na Stát Aontaithe a bhíonn i gceist. Bhí fíoch ar leith chomh maith san ionsaí a rinne an Teachta Daly ar an Taoiseach, agus más fíor nár mhiste dúinn guaim a choinneáil orainn féin i gcónaí agus nach mbeadh neamhaird ar chúrsaí dínite, bhain ionsaí Clare Daly geit as daoine. Bíonn go leor den locht sna cúrsaí seo ar na meáin chumarsáide, agus bhí Clare Daly ar bhonn níos daingne nuair a dhírigh sí faobhar a teanga orthu siúd, bíodh nach í amháin atá díomách maidir leis an Uachtarán Obama. Nach dual do na meáin an dul thar fóir. Caithfidh an Taoiseach faire amach do féin. Ní polaiteoir amháin a bhí sa tóir air le tamall anuas. Níl gean seanadóiri air faoi látháir, ach bhain ionsaí an tSeanadóra McSharry geit as daoine fresin.

Cuid den phort céanna a bhí aige agus a bhí ag an Teachta Daly, ach go raibh

McSharry gearánach faoin Taoiseach, é sall is anall san Eoraip ag croitheadh lámh le ceannairí agus maithe móra Eorpacha agus an Aontais, agus i gcoitinne ag déanamh duine mór de féin. B’fhéidir go bhfuil an Seanadóir i bhformad leis. Bhí a athair siúd tráth ina dhuine de na maithe céanna. Ní mhéadóidh sé gean an Taoisigh ar Sheanadóirí ná ar an Seanad. ——◊——

Nach mó rud sa saol polaitíochta a théann i ngan fhios dúinn. Tuairim ní raibh againn gur úrscéalaí ab ea ár nAire Dlí, Comhionannais agus Cosanta, Alan Shatter, agus go bhfuil a úrscéal Laura, a foilsíodh ar dtús i 1989, le hathfhoilsiú. Ach tá fadhb ann. Tá suim ag lucht na cinsireachta sa leabhar agus tá an tAire chun dualgais an Bhoird Cinsireachta a aistriú óna roinn féin go roinn eile. Táimid, mar a deirtear, ar bís. Tá go leor ar siúl sa leabhar seo, más fíor; haincí paincí a deirtear; ginmhilleadh fiú. ‘Steamy’ a luadh leis an leabhar in áit éigin. Dia go deo linn: sé ár nAire Dlí agus Comhionannais atá i gceist! Tá séasúr na seafóide tagtha roimh am i mbliana! — Críoch

Ar an mBealach

Footpath closed. Please do not walk on road. (Fógra i mBaile Átha Cliath) le Seán Ó Leocháin

Tar éis teacht chomh fada ar ais nó ar éigean, in aghaidh ár gcos nó i ndiaidh ár gcinn, an féidir tar éis an iomláin nach bhfuil dul níos faide againn? Más dul amú a bhí orainn nuair a chuireamar chun siúil is rud nach raibh ann ag teacht idir sinn is codladh na hoíche, ní haon seachrán a bhí orainn nuair a choinníomar ár ngreim, pé suaitheadh aigne a bhí orainn a chuir thar na críocha sinn.

www.feasta.ie

5

Pé rud a ghlaoigh i dtosach orainn, nach bhfacamar nó nár chualamar i gceart is nár chualamar arís ina dhiaidh ach a leanamar ó dhubh go dubh, ag imeacht níos faide ná riamh gur bhaineamar amach an áit nach dtaitníonn in aon chor linn, chuireamar aistear orainn féin, gan filleadh ar ár gcoiscéim againn, gan aon slí as ná aon chaoi imeachta againn ach fanacht in áit na mbonn gan romhainn ach ár mbealach a dhéanamh gan oiread is cor a chur dínn.

Feasta, iúil 2013


COIRNIS le Gréagóir ó Dúill

Muide ag a bhfuil tuigbheáil bhráthardha don teanga, tuigimid gur mór an bhrí cinneadh sin UNESCO claochló a dhéanamh ar a gcur síos ar theanga bheag ghaolmhar linn, an Choirnis. Níl sí extinct a deir siad, a thuilleadh. Ní cruinn don deiscríobh sin anois. Aontaíodh ar chaighdeán oifigiúil, bunaíodh Foras, tugadh aitheantas oifigiúil, Eorpach, go fiú. Athbheochan Lazarus i ndiaidh dhá chéad bliain. Corraíonn an bheo ina corp, mar a dúirt an Conallach faoi chuil sa bhéal. Géillim dóibh, nó tá an dé chéanna fós sa tine againn féin, ainmneacha ársa leanaí agus tithe agus bád beag, comharthaí sráide, clár raidió ag imeacht le haer, cupla orlach de chló (blúire nuachta nó drochdhán) buidéal de shú airtifisialta ag leanbh naíscoile, comhrá tábhairne, amhrán, concas gabhlánach lucht rialtais. Is cuí an t-ómós a thabhairt, glúin a fheacadh dóibh sin a choinnigh, fhad is a mhair siad, aibhleog éigin sa ghríosach thuirseach. rinne mé an chuairt ar leac mhór i mballa reilige (éist an íomhára!) San Póil don duine deireanach nach raibh aon Bhéarla aici, ba í an Choirnis féin amháin a labhair sí. Teanga nár mhair ach míle bliain tar éis na hobráide a dheighil an cupla Siamach ó chéile, Coirnis agus Briotáinis mar a rinneadh sceanairt ar an chorda imleacáin, Sruth na Maoile. D’éag Dorothy ceithre chéad bliain i ndiaidh don teanga a buaic a shroichint, líon na gcainteoirí dúchais chomh hard is atá díobh sin de Ghaeilge in Éirinn an lae inniu, dhá chéad bliain go leith i ndiaidh Athrú Creidimh a thug tús áite do theanga na ndaoine fhad agus gur Béarla sin, céad go leith roimh athbheochan rómánsúil Arnold, renan is na gCeilt. Níl aon eolas fúithi, faoina saol, faoina carachtar, ar Pheig í nó Ansty – a teanga féin amháin a thug an stádas di, do Dorothy Pentreath. Ba é mac dearthár Napoleon, spéis aige i mionteangacha, a choimisiúnaigh an leac dá clú, a chuir in airde í ag taobh an bhealaigh mhóir. Díol spéisé é sin féin, Louis Lucien Bonaparte, a rugadh i Sasana mar gur ghaibh an Cabhlach ríoga a mháthair is a athair, iad ag teicheadh go Meiriceá ón Napoleon mhór, nár ghnáth leis a mhuinín a chur i nduine ar bith rófhada. D’aithin Louis óg gur fearr dó an pholaitíocht a sheachaint, ní luaim an cogadh, cathú agus coróin na mórgachta a chur uaidh, cloí le mionteangacha gan stát gan stádas agus a gcraobh gheinealaigh a ríomh, a gcuid canúintí a rianadh. Bhain a uncail an choróin as lámha an Phápa lena cur ar a cheann féin. Thug Louis Lucien aitheantas d’ocht phríomhchanúint na Bascaise agus dá mionchanúintí thug beatha shíoraí do leagan déag na gcanúintí éagsúla de ‘Amhrán an Triúir Pháiste’ sa lá inniu. Chaith sé dua agus airgead mór ar aistriúcháin den Bhíobla a fhoilsiú, cheangail manadh le Dorothy as deich n-aithne Exodus xx.12 – bíodh urraim agat do d’athair, dod’ mháthair agus beidh tú faoi bhláth feadh i bhfad sa tír a bhronn Dia mór an Tiarna ort, an tyr neb an arleth de Dew/ ryes dees. Skype is ríomhphost an nasc againne lenar shíolraigh muid. Sin bronntanas eile ó Napoleon, leac eile anuas orainn, an dearcadh siar nach réitíonn le rith an ráis, gur tabhartas ó Dhia an dul chun cinn, gur le heinz ceann tíre sin an stáin, gur leis na fir faoi thalamh stánadh isteach sa dorchadas, sa bhaol i bpoll báfach sin Chaoldruim, an Levant, Montana. Ba d’aois Victoria é Louis Lucien, aois an amhrais, a dúirt faoi Dorothy Said to have been the last person who conversed in the Ancient Cornish/ The peculiar language of this county … géar an said (Béarla) to have been sin, beag le rá an county, díspeagadh an Ancient. ◊ www.feasta.ie

6

SrAIThEANNA UAIGNIS Claire Lyons An fón balbh ag screadaíl ciúnais Sin é an t-uaigneas

An doras iata a luascadh uair ar insí gnóthacha Sin é an t-uaigneas An caoineadh éadóchais súite ag ballaí i dteach folamh Sin é an t-uaigneas Céasadh cráite gur fearrde an bás Sin é an t-uaigneas Croí a fháisceann cúng le cumha Sin é an t-uaigneas

An bhean a scuabann faoi thrí an cosán amuigh gach lá uaigneas ceilte síor-dhorchadas i dtánaiste an anama an t-uaigneas is measa gur cuma le cách fút.

CAMILLE A DúIrT (Poipíní, Monet) Claire Lyons

Meandar áilghean gafa agat, mo phoipín codlata, le smearadh do phailéad-chleite is mé ar mheirbh-shiúl lá bóidheach:

móinéar meonúil corcar-dhearg nár thit fós don speal, an ghaoth aneas ag adhaint an aeir le túis mheisciúil is na néalta cocánacha cailce neadaithe i ngorm Mhuire os ár gcionn. Lingeadh laoich, mo phoipín codlata, an tréimhse úd ag Argenteuil. ◊

CÉARD...

É seo faoi aois? An corp á chur féin in iúl, Go tréan, arís is arís, Tuisleach, creathach, Corróg bhacach, Lámha, súile, Cnámha, glúine, Cuimhne fhabhtach, Scaipthe, shuaite.

Brian Ó Baoill Feasta, iúil 2013


SCÉAL Do ShioBháN

G

le Mike Mac Domhnaill

afa sa chathaoir. Gan chuing gan cheangal. Ach an t-éadóchas. An t-éadóchas agus an Nuacht. An Nuacht nach stopann agus mo dheirfiúirín aréir ag scaipeadh cáipéisí. Fud fad timpeall na háite. A morgáiste millte os comhair an tsaoil. Mallacht air! Fuisce san aer.

Mar a bheinnse ar foluain. Sinn go léir. Ar foluain. ——◊—— Cad faoin lá seo? Don bhfuinneog!

Im shuí anseo ag an bhfuinneog a bheireann scáil uaireanta. Uaireanta eile an tor, an tor atá cruinn-ghearrtha ag mo mháthair – an clamhsán a dhéanaim, mise ag iarraidh é a scaoileadh le haer, a mhéaranna a shíneadh i dtreo na gréine! Ach cén seans, amach léi arís chun é a lomadh. ‘Níos fearr mar sin,’ a deir sí. ‘Néata.’ Agus uaireanta filleann an t-éan, é ag priocadh ar an mbruscar atá caite ann dó. Ag priocadh.

raghadsa as mo mheabhair mura gcuirim clabhsúr air seo. Ní féidir liom bualadh isteach gan diabhal éigin de rud scríofa. D’fhéadfaí an dól a stopadh orm, a dúirt sí.

Déarfad léi é a shá… Níl dul as an gcathaoir seo agam. Filleadh ar Facebook? Ná…, ná dein. Caithfead tús a chur leis. Tús maith leath na frigginoibre. Cé a smaoinigh air sin? Agus deirfiúirín ag bailiú léi. ‘Foc talamh ár Muintire,’ ar sí, ‘agus foc an t-oileán gránna.’ Dinny na leabhar ansan ag rámhaille faoin gcráin a alpann an t-ál – ráiméis éigin. ‘Tá an chráin seo ár gcarnadh sa chac,’ arsa Sis. Ag suaimhniú beagáinín le focail ó Mháthair. Féach anois, osclaítear doras eile i gcónaí … ‘Doras eile! Chaith siad an t-airgead chugainn! Cladhairí! Bodairí! Chaith! Agus féach orainn anois.’ ‘Tá na sluaite mar thusa –’

‘Ó, big deal, nílim im aonar, na sluaite san áit a bhfuilimse. Aililiú, a Mháthair!’ www.feasta.ie

Nó gur thosaíomar go léir ag canadh inár gCohen, ár mBuckley, cuid eile fós inár bpréacháin: ‘Broke your throne and cut your hair…’ gur scairteamar amach d’aon ghuth, ‘It’s a cold and it’s a broken Hallelujah!’ A leithéid de crescendo! Ansin sa chistin. Aililiú, táimid ar buile. Bíodh sé sin ag na comharsain. ‘Fuist, fuist!’ ó Mháthair. ‘Dhúiseodh sibh na mairbh.’

Dinny na leabhar is an chráin lena hál, Dia go deo le fuisce! Breac síos é, a deir siad, sara ndéanann tú dearmad air. Breac síos é don bhean sin. Cé hí? Don bheainín thall san oifig! ——◊—— An fhuinneog. Tá an fhuinneog tar éis fáil réidh leis an ngrian agus anois tagann m’aghaidh os mo chomhair, scáfarach. An inseoidh scáil scéal? róghlic, a déarfaidh sí. Tá rian na gadaíochta air. Tá sise faoi bhrú chomh maith – Máthair. Ó, a Mháthair, lig den bhladaireacht. Mar seo a chuirfead é: tá mo mhothúcháin greanta ar an aghaidh sa bhfuinneog. Féach chomh dúr, chomh liath, chomh tanaí spíonta, aghaidh … aghaidh síofra. Tar éis a bheith briste as an jab suarach bun-an-dréimire thíos sa bhanc, seo mise. Mo scáil ar foluain ansan sa ghloine. Sáite, an dtuigeann tú, sa chathaoir. Pian sa tóin an chathaoir. Ganntanas éan inniu. Gan bhlúirín dóibh, cén t-ionadh? Péist d’aon saghas? Níl péist ar fáil don lon dubh. Don spideoigín dána. An dreoilín an t-éan is ansa liom. An dtabharfad mo scéal faoin dreoilín! As an gcruinneog bheag bhídeach tá fiche gob ag síneadh. Gach ceann níos lú ná a chéile. (Bíonn raidhse uibheacha ag an dreoilín). Ní éalaíonn ach an fíorbheagán. Ar nós mo smaointe. Má chruthaím dóthain smaointe inniu, an mairfidh ceann acu, an dtiocfaidh slán? Má chuirim isteach ar an gcéad fholúntas eile, an é sin an ceann a bhainfead? Féach anois mé faoi lán seoil. Ar deireadh, ar ndóigh – leanfaimid de seo – sroiseann an dreoilín a bhuaic. An cuimhin leat an leabhar sa rang sin, 7

agus an múinteoir fiáin staire a bhí againn, gan ach na súile le feiscint trín ngruaig? Conas a d’ith sé an iógart, trín ngruaig go léir! Más gliceas éin tá á lorg, Ní gá dul thar an dreoilín A chroch a sheol ar iolar ard, Is a phreab aníos chun buachan!

Nó rud éigin mar sin. Más cuimhin liom. Bhain Fogsy súp as i gcónaí. Ba chóir dom bheith ceanúil ar an múinteoir céanna agus é gan splanc, cosúil liom féinig. Ach amanna táim lán de chiall. Chun cos a chur thar thairseach fhostóra, caithfead bheith néata stuama, nach gcaithfead? Féasóga, is fuath liom iad. Ach Fogsy, thug sé cead ár gcinn dúinn, ‘on’ a scríobh seachas ‘don’, agus gach diabhal rud. Ag féachaint siar dom anois, bhí sé macánta, mín. Caithfear a rá.

Más gliceas éan atá á lorg! Féach anois, ’Shiobhán! (Ceadaíonn sí dúinn Siobhán a ghlaoch uirthi. Cad eile ag an bpointe seo? A Mhúinteoir? A Mháistreás? Nach bhfuil sí go hiontach amach is amach!). An chathaoir seo ina bhfuilim greanta… Uncail m’athar a dhein – do ‘sheanuncail’ a déarfaidh sí. A clisteacht, ná bí ag caint. Chum uncail m’athar an chathaoir seo as an bhfuinseog ón gclaí thall. Is amhlaidh go raibh m’athair anbhródúil as sin. Cumtha as an gclaí sin thall! Ach ansin chum sé slí amach dó féin, agus d’fhág mise, Ma agus an Deirfiúirín Sis ina dhiaidh. Faoi mar a bheadh tabhartas. A bheannacht orainn … gan bheith ann. Bheith bailithe as radharc. Chomh bródúil anois as an gcathaoir ársa – Ma – agus é cumtha as an gclaí sin thall. Cá rabhamar, ’Shiobhán? An dreoilín … Béarfadsa greim ar an iolar maorga agus preabfaidh in airde air: féach anois, cé atá in uachtar? Beidh an méid sin uibheacha agam go scoiltfidh ceann éigin amach ina bhuaiteoir. Cinnte. Agus beimid sa diallait ansan. Is féidir le Ma stop de bhearradh na sceiche, a bhfuil cumadh liathróide uirthi, agus garraíodóir a ghlaoch isteach. Seans go mbeadh níos mó ina shúil aige. Seans fós go neadódh an dreoilín ann, chun snas a chur ar an scéilín. Buaicphointe. An mbeidh Siobhán sásta leis sin, nó an ndéarfaidh sí: ‘Tosaigh arís’? Faoi mar a tharla an tseachtain seo caite, a rá nach raibh puinn dáiríreachta ann! ‘Ma tá aon dul chun cinn i ndán dúinn, caithfidh tú do mhothúcháin a bhreacadh síos go

Feasta, iúil 2013


cruinn, go macánta. Sin an fáth go bhfuilimise anseo leat, chun cabhrú.’

Canathaobh nár thug sí liosta ceisteanna dúinn? Cinn gur féidir tic a chur leo. An dtabharfad amharc ar Facebook? … Ná dein … ná… Cad eile is féidir? Taobh an iolair a ghlacadh? Ní hea. Dóthain éan. Dóthain éan don nóiméad. An cúlchlós bánaithe. Agus an tor cruinneogach. An diabhal cathaoir cumtha as an bhfuinseog. Agus córdaí a chreimeann do thóin! Thug an t-athair gean don súgán. Agus ansan d’imigh. Bhailigh leis. Mar ghal. Ócé, má tá an dreoilín is an t-iolar as an áireamh, cad eile? An gealbhan, Edith Piaf. Canathaobh go bhfuilim ag cloí le stuif m’athar? D’fhág carn de cheirníní Piaf ina dhiaidh.

‘A, a Ghealbhain bhídigh,’ a déarfadh sé, ‘níl do shárú faoi neamh.’ Anois táim ag íoslódáil an stuif. Níl ródhona. Scéal an athar a thabhairt di? Ná … Níl tosach ná críoch leis. An lár, sin an méid. ‘Ach tá na trí codanna de dhíth,’ a deir sí. Tosach, lár agus críoch. An dtabharfad Sis di? róghar don chnámh, mo Dheirfiúirín. ró-phianmhar. An tslí a phléasc sí aréir. Ise agus Tim ag bailiú leo. An Astráil. Chun cnámha Ned Kelly a thochailt aníos. Dul timpeall lena hata stáin. Bushranger. Bailigh amach as an áit seo pé scéal é. ‘Fuath liom an áit, fuath liom, féach ar dhein sé dinn, féach ar dhein. Fuath liom, fuath liom.’ Sin Sis duit. ——◊——

Agus táim sáite sa chathaoir. Cloisim Ma anois am’ ghlaoch don tae agus gan faic fós ar phár. Faic fós ar phár – macalla éigin leis sin, cé gur laptop atá ann! Bainfidh sin siar aisti. Bhainfeadh Fogsy bocht taitneamh as sin fiú. ‘Go maith ó leaid óg,’ a déarfadh sé, ‘Ba chóir duit leanacht leis, a bhuachaill.’

Iógart! Ní féidir liom cuimhneamh air gan cuimhneamh ar iógart. Nárbh é Molyneux a chonaic é ag ithe sa seomra foirne an lá sin. Cóipleabhair le bailiú. Ansan roimhe bhí Fogsy, béal oscailte, súile i dtreo na bhFlaitheas – an spúnóg – bloba réidh le titim. Gan chnag, gan leithscéal ó Molyneux. Leis an ngeit a baineadh as Fogsy thit a raibh inti ar an bhféasóg.

www.feasta.ie

Na heascainí a scaoil sé! Agus é socair beagáinín, é ag cuimilt na féasóige, ar seisean trí na fiacla: ‘Ar smaoinigh tú riamh ar chnag a bhualadh, nó an bhfuil léamh d’aon saghas agat – Múinteoirí Amháin! Swahili, an ea? Nó an bhfuil tú ar an bhfoireann linn, Molyneux? hum?’

‘Lean an rámhaille,’ arsa Molyneux: caint faoi ollscoileanna Mheiriceá, ná cuirfeadh sé ionadh air dá mbeadh céim ann don té a bhainfeadh geiteanna as múinteoirí. Ard-onóracha ag brath ar mhéid na geite. Scríobh chucu! Leis an sult a bhain sé as seo, d’fhill an iúmar air agus dúirt: ‘Beir leat na cóipleabhair anois, a bhuachaill. Ach bí cúramach leo, cá bhfios na péarlaí folaithe atá ina measc! hó hum!’ Bhíodh an scéal de shíor ag Molyneux. ——◊—— An súgán. Bhí ceann eile aige faoin súgán, bhí ag Fogsy. Seanscéal éigin. Pé slí a bhí aige, cheapfá go raibh sé ag tarlú ansan romhat. Féasóg agus súile ag damhsa ansan agus na geáitsí go léir ar siúl aige. Cuid againn sna trithí, cuid eile agus a súile ar neamh. ‘Gabh mo leithscéal, a mhúinteoir,’ ó Lafferty, ‘ach an bhfuil sé seo ar an gcúrsa?’

Lafferty ar thóir na marcanna, ar thóir na bpointí. Mór an trua nár thug Fogsy buille dó. Arbh é an t-athair nó an iníon … is cuma. Bhíodar ag iarraidh fáil réidh leis an mboc seo ach go háirithe, an boc a bhí i ndiaidh na hiníne. Agus thángadar ar an gcleas leis an súgán. Lean dá chasadh. Casadh an tSúgáin – b’shin é. Ag casadh agus ag casadh. Lean ort a bhuachaill, agus é á chúlú acu i dtreo an dorais. É faoi dhraíocht acu, an fear bocht, go raibh sé amuigh sa chlós agus é fós ag casadh leis agus … Plab! Doras dúnta! Mo dhuine bocht fágtha amuigh sa bhfuacht. ‘Anois,’ a Shiobhán. ‘Conas fáil réidh le daoine sa seanashaol!’

An chathaoir. Nuair a dhein siad an chathaoir seo ar chas m’athair an súgán? Caithfidh gur dhein nó bhí sé chomh bródúil as. Agus anois cad a cheapadh sé faoi Sis agus í ag imeacht agus ag fágaint mallachta ar gach a bhfuil ann. Í sásta é fhágaint. Ná bac an truflais faoi Bhánchnoic Éireann Ó. Sean-nós: bailigh-leatnós. Fuath liom, fuath liom, ná bíodh rian de i m’aigne agam. ——◊—— Mé gafa sa chathaoir le hais na fuinneoige, an tor – a Shiobhán, cad tá 8

uait? Cad sa diabhal atá uait? Mo shaol suarach lofa ar phláta? Tosach, lár agus críoch. Bí macánta. Sa cheobhrán seo? Bí macánta? Tá adhmad na fuinseoige dea-chumtha, agus an tuí lúbtha a choimeádann ón urlár mé. Tá an gheit nuair a imíonn an ghrian agus níl agam ach an scáil-síofra. Scáil-síofra. Na scéalta ag Fogsy faoin nGorta agus na scáthanna ar an mbóthar. Ar tí titim sa duibheagán. Glaise an fhéir ar a mbéal. Cá raibh an ceol ansan … ach gheiteadh sé go tobann, faoi mar a bheadh sé ag teacht as néall: bhí ceol in áiteanna; bhí feoil fós ar an mbord ag cuid acu, agus níor chorraigh ón tigh ar eagla, ar eagla go bhfeicfidís! Chiúnódh ansan arís. Tar éis tamaillín. Chiúnódh. Seans gur stop na héin dá gcanadh, mar a tharla timpeall Auschwitz – Auschwitz, chuala sibh faoi! Ó, a Thiarna Dia, bhfuil faic taobh istigh de na fallaí seo. Diabhal scéal ón nGorta, a Shiobhán, chun an bóthar a ghiorrú.

Agus diabhal éan ag canadh, mar sin fágaimis scéalta na n-éan. Ach fan, a Shiobhán, na cinn sinn a tharraing sé ar an gclár. Na hÉireannaigh cloíte arís, nó gan bhua ach go háirithe. Na cathanna inár ndiaidh. Na Géanna Fiáine agus a muiníl fhada ag síneadh isteach sa ghaoith, ar a mbealach soir thar farraige. An láthair chatha sa bhFrainc ag feitheamh leo. An ndéanfaidh sé sin cúis, a Shiobhán.? Géanna Fiáine, agus mise sáite sa chathaoir. Glaoch ó Mháthair don tae. Tá Dia maith – le Sis – agus fág gach rud ina lámha. Mar a bheadh socraithe ar neamh. Cumtha ón gclaí sin thall. Glacann Ma le rothaí an tsaoil. Nach bhfuil an fón ann agus beidh tú níos fearr. Agus an rud nua sin, cad a ghlaonn sibh air … Skype… ——◊——

Tá Sis á cur amach ón nead aici, céard faoi Shiobhán, an bhfágfaimid mar sin é cé nach bhfuil éan ar bith le braith ón bhfuinneog seo inniu.

Mé bheith caite anseo sa chathaoir a mhusclaíonn cuimhní ar Dhaid. Ní raibh an seans agam Da a bhaisteadh air. An chathaoir a thuilleann moladh ó Ma. Cumtha mar a bhí … is mé ag éisteacht. Cé leis ach Edith Piaf! — Críoch ——◊——

An gearrscéalaí Mike Mac Domhnaill ón gCaisleán Nua Thiar a ghnóthaigh duais Francis McManus ar RTÉ Raidió 1 i mbliana in aghaidh 600 scríbhneoir eile le scéal dar teideal ‘Uncle Ned’.◊ Feasta, iúil 2013


AN LIMErICK GAEILGE Stair agus réamhstair (Cuid 1)

I

le Gearóid Ó Clérigh

limerick ag tagairt, de réir dealraimh, do chathair in Éirinn ag scata Sasanach agus iad ina dtír féin.

na óráid insealbhaithe mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe luaigh John F. Kennedy ‘The young lady of Niger’ mar rabhadh dóibh siúd a chuimhneodh ar ghlacadh le seirbhísí ó chumhachtaí nach raibh iontaofa. Thuig na Meiriceánaigh, agus Béarlóirí i gcoitinne, an tagairt ach ba ghá daoine eile a chur ar a n-eolas faoin limerick:

Tugann úna Nic Éinrí faoin cheist a fhreagairt in alt léi in ‘Daonscoil na Mumhan, Imeachtaí 2005.’ Teideal a hailt ná ‘Filíocht na nDéise san Ochtú hAois Déag agus an Limerick’. Luann sí conas a chleachtaítí an seánra sa Ghaeilge, ag filí na Máighe mar shampla. Deireann sí nár tugadh ainm chathair Luimnigh air ag aon duine acu. rud Gallda lenár sinsir ar feadh na gcéadta bliain ab ea cathair nó baile mór. Níor réitigh an saol uirbeach lena ndearcadh ná a ndinnseanchas dúchais. I measc lucht an Bhéarla amháin a luadh ‘Limerick’. Bhíodh sin sa chúrfá idir-véarsaíochta, a thugann úna dhúinn ina iomláine.

There was a young lady of Niger Who went for a ride on a tiger. They came back from the ride With the lady inside And a smile on the face of the tiger. Edward Lear agus an Limerick Is sa 19ú aois d’éirigh an fhoirm véarsaíochta sin flúirseach sa Bhéarla, ach go háirithe i saothar Edward Lear, oide líníochta ag an mBanríon Victoria. Nuair a bhí sé féin óg cothaíodh é ag Iarla Darby chun a bhailiúchán éan siúd a dhathú. Ó uair go chéile, d’fhonn leanaí an teaghlaigh a chur ag gáirí, dhearadh Lear cartúin áiféiseacha agus chumadh sé véarsaí níos There was an Old Man with a beard, áiféisí le gabháil leo, a who said, ‘It is just as I feared! – dtugadh sé ‘limericks’ Two Owls and a Hen, Four Larks and a Wren, orthu. rugadh Lear in Have all built their nest in my beard.’ 1812 agus ní raibh fiche bliain slán fós aige ag an am. Níor foilsíodh an greann seo aige go dtí 1846, agus ansin thug pobal mór sa Bhreatain gean dó. A leithéid seo a chumadh sé:

Will you come up, come up? Will you come up to Limerick? Will you come up, come up? Will you come up to Limerick?

Tar éis di mórán teoiricí a chur faoi chaibidil, tagann sí ar an tuairim gur as Ollscoil Cambridge don ainm, agus go mbaineann le láimhní a chaitheadh gaigíní dea-ghléasta na hollscoile agus iad ag spaisteoireacht faoin mbaile. Dúirt Thomas Campbell sa bhliain 1775 go raibh cáil ar mhuintir chathair Luimnigh, go rabhadar ‘famous for making gloves’. Scríobh Maria Edgeworth, mar shampla, leabhar dar teideal The Limerick Gloves. Tharla cúig mhéar a bheith ar na laimhíní, agus cúig líne a bheith sa rann filíochta. D’fhéadfadh gurb iad micléinn Ollscoil Cambridge a thug limerick ar an rann ar dtús.

Más ea, thóg sé céad bhliain ó aimsir Campbell sarar féidir teacht ar rann a bhfuil an t-ainm Limerick air. In 1888 foilsíodh irisleabhar de chuid na mac léinn san ollscoil sin, The Gadfly, a raibh sampla den cheapadóireacht ann, ach gan an t-ainm limerick leis fós. In1895 tá fáil ar an rann céanna in irisleabhar a gcomharbaí, Granta. Glaoitear ‘College Limerick’ air ansin.

There was an Old Man of Kilkenny Who never had more than a penny. he spent all that money On onions and honey, That wayward Old Man of Kilkenny.

De ghnáth cloíodh leis an bhfoirm: dhá líne fada ar aon rím (a a), dhá líne gearra ar rím eile (b b) agus líne amháin ar aon rím leis an gcéad dá líne (a). Mar sin féin, ní i gcónaí a bhíodh an limerick faoi mar is fearr is eol dúinn inniu é: línte 1, 2, 5 a bheith cuíosach fada; línte 3, 4 gearr.

Ach, más amhlaidh atá, cad faoi ‘Will you come up to Limerick?’ Is beag Sasanach a dhéanfadh an turas d’aon ghnó le láimhní a cheannach. Bhíodar ann ina sluaite áfach ag deireadh an 17ú aois ag troid i gcoinne Shéamais 2 agus an absalóideachais. Mhairfeadh cuimhneamh agus frithchuimhneamh air sin ar feadh na nglúnta i Sasana.

Bhí Lear agus a lucht aithrise neamhurchóideach. Níor bhain binb, gáirsiúlacht ná aoir pholaitiúil lena n-iarrachtaí. Bhíodar saonta, agus ar a shon gur luadh Cill Chainnigh, nó Kilkenny, san eiseamláir agam anois beag, níor ghnás leo tagairt d’áit in Éirinn thar áit i Sasana nó aon tír eile.

Foinse an fhocail Tá raidhse tuairimí ann faoin bhfáth ar tugadh limericks ar an véarsaíocht seo. Deir an Random House Dictionary: ‘said to go back to social gatherings where the group sang “Will you come up to Limerick?” after each set of verses, extemporised in turn by the members of the party’. Ní mhínionn an foclóir Meiriceánach cén fáth a mbeadh luinneog leis an www.feasta.ie

Ceann de na nithe is suntasaí in alt úna go rianaíonn sí an fhoirm véarsaíochta siar go dtí Aristophanes na hAithne (448? – 380 rCh.). Drámadóir coiméide ab ea Aristophanes. Ag mórfhéile na bliana bheadh na drámaí traigéide á stáitsiú roinnt oícheanta i ndiaidh a chéile. Ansin, agus gach éinne spíonta, thagadh an dráma grinn chun cinn oíche eile. Ba ghnó reiligiúnda iad go léir mar dhrámaí, ach ceadaítí don choiméide a bheith gáirsiúil. Ní hionadh go réitíonn foirm an limerick go héasca leis an ngáirsiúlacht. 9

I 1972 bhíos san Ísiltír, ach tháinig scéala chugainn gur bhuail iontas agus gliondar an tEaspag Wyse Jackson nuair a

Feasta, iúil 2013


Ní déarfad leat gurb í is muirnín liom Ach gurb í an cara liom is dílse Ó ba cheangal cairdis lán-cheanúil Eadrainn póg ó bhéal mo rúin Is gan dochar di im chroí ná im smaointe Istigh i bPáras.

bhuaigh sé an duais don limerick a b’fhearr ag Éigse Chromadh an tSubhachais, in onóir fhilí na Máighe san 18ú haois. An míniú, de réir mar a chuala mé, go raibh na hiarrachtaí eile ró-gháirsiúil le foilsiú. An Oidhreacht Eorpach Go minic, áfach, ní hábhar gáirsiúil a bhíodh sa seánra. Glacadh isteach sa Laidin é ag filí ar nós Martial. Tá paidir álainn ag Tomás Acain ón tríú haois déag:

Sasana Dhein Edmund Spenser (c. 1552 – 1599) an rondeau a chleachtadh i Sasana, ach chuaigh an seánra i léig i measc na bhfilí cúirte go luath. Bhí an saol suaite i Sasana, agus níos suaite fós in Éirinn, san 17ú aois. I Sasana bhí dhá réabhlóid pholaitiúla, iad nasctha le coimheascair reiligiúnacha agus sóisialta. Bhí aicme nua na gceannaithe móra ag méadú agus ag lorg neamhspleáchais dóibh féin. Samhlaíodh an Protastúnachas radaiceach do mhórán acu mar cuid thábhachtach dá saoirse.

Sit vitiórum meórum evacuátio Concupiscéntiae et libídinis exterminátio Caritátis et patientiae humilitátis et obediéntiae Omniúmque virtútum augmentátio.

Bheifeá ag ceapadh go meadódh an limerick mar fhoirm isteach i lár na litríochta a d’fhás i nua-theangacha na gcríocha Eorpacha go gairid tar éis Thomáis Acain. Chuardaíos dánta na dTrúbadóirí in iar-dheisceart na hEorpa agus sa bhFraincis ó thuaidh á lorg, ach ba shaothar in aisce agam é. Níorbh ionadh é sin. Is ón Araibis, agus b’fhéidir ón bPeirsis, a shíolraigh an amour courtois, bunús amhráin na dtrúbadóirí i gcéaduair. Faoi dheireadh thiar d’aimsigh mé sampla amháin sa mheán-Ghearmáinis, ach ba neamhshlán mar limerick é:

San am céanna tharla réabhlóid smaointeoireachta. Ní i Sasana a tionscnaíodh í ach ar an gcoigríoch. Ba Chaitlicigh roinnt de na ceannairí smaointeoireachta, Copernicus (1473 1543), Galileo (1564 – 1642), Kepler (1571 – 1630), ansin Descartes (1596 – 1650) agus huygens (1629 – 1695). B’é an Máire Tudor Francach rené Descartes ba 1553 - 1558 mhó ba chúis leis an nádúr a shamhlú ina mheaisín seachas mar a shamhlaigh na glúnta roimhe, ar rud beo leo í. Meaisín nó róbat ab ea an corp anois aige, agus é faoi stiúir an anama an fhaid a d’fhan an dá ghné nasctha le chéile.

Ûf dem berge und in dem tal hebt sich aber der vogele schal, hiure als ê gruonet klê. rûme ez, winter, dû tuost wê!

I measc na sléibhte agus sa ghleann Tá guth na n-éan arís ag cantan. I mbliana mar bhí anuraidh Tá an seamar ag borradh. Amach leat! a gheimhridh, deinir dochar.

Tá hóiméar féin neamhfhoirfe agus chífimidne limericks sa Ghaeilge ar ball nach bhfuil slán ach oiread.

Ach is i measc Phrotastúnaigh ardaicmeacha Shasana a forbraíodh an eolaíocht nua ar dtús: daoine mar harvey (1578 – 1637), a mhínigh imshruthú na fola sa chorp agus a scar an eolaíocht ón asarlaíocht; robert Boyle (a rugadh in Éirinn, mac le richard Boyle, Tiarna Chorcaí), údar an Sceptical Chymist agus Dlí Boyle sa bhfisic; agus Newton a chuir an chloch mhullaigh ar an bhfealsúnacht nua, nuair a dúirt go bhfuil Dia ‘very well skilled in mechanics and geometry’. Le teacht Newton glacadh go hiomlán leis an samhlú gur ar nós déantóir cloig mheicniúil, a raibh dlíthe matamaitice incorpartha ann, ba ghá Dia a shamhlú: ba dhéantóir é a chruthaigh an chruinne, idir thalamh agus fhirmimint, agus a d’fhág í ansin le ghabháil ar aghaidh as a stuaim féin.

An Fhrainc Tá, dar ndóigh, cúpla sampla i litríocht na Fraince níos déanaí, más de thaisme é sin, agus iad folaithe i saghas amháin den rondeau mar atá, dánta ar a bhfuil dhá chruth ríme: ceann acu aabba, aabL, aabbaL. Is ionann L agus luinneog, rud a ghabhann freisin uaireanta leis an bhfoirm sa Ghaeilge, mar a chífear. File a shaothraigh an rondeau ba ea Clement Marot (1496 – 1544). Chuir sé beatha nua sa seánra ach bhí sé de neamhthráthúlacht air gur mhair sé díreach roimh Pierre de ronsard (1524 – 1585) agus an Pléiade, filí renaissance na Fraince a thug isteach ré an Chlasaicis. Tháinig an rondeau chuige féin arís aimsir Louis XIV, rí na Fraince, a chabhraigh le Séamas 2 agus na Seacaibítigh, go sonrach sa bhfiontar Éireannach ó 1689 go briseadh Luimnigh i 1692.

I measc na rondeaux le Clément Marot tá Dedans Paris, ville jolie (Istigh i bPáras, baile aoibhnis). Seo an véarsa deiridh agus a bhrí; tá foirm an limerick againn móide luinneog: Je ne la vous nommerai mie Sinon que c’est ma grand’ amie Car l’alliance se fit telle Par un doux baiser que j’eus d’elle, Sans penser aucune infamie Dedans Paris

www.feasta.ie

10

I dtosach an 17ú aois d’imigh na Túdair as. ríora de bhunadh Cymru, a ba ea iad. Tháinig fine Albanach i réim, na Stíobhartaigh, i bpearsa Shéamais 1. Níor glacadh go réidh lena mhac siúd Séarlas 1 agus dícheannaíodh é. Bhí ar a mhac sin, Séarlas 2, teicheadh agus tháinig na Parlaimintigh agus Cromail i gcumhacht. Ní mó ná sásta leis an deachtóir a bhí mórán den uasaicme, agus tar éis dóibh coinníollacha a leagadh ar an bprionsa Séarlas, glaodh ar ais é dhá bhliain tar éis bhás Chromail i 1660. Ba rí é, faid a bheadh sé umhal don chinseal i Sasana agus don phlandáil Chromalach in Éirinn. Tháinig a dheartháir, an Diúc d’Eabhrac, mar chomharba air, ach bhí fonn ar Shéamas 2 bheith ina rí go fírinneach. Thairis sin, d’iompaigh sé ina Chaitliceach.

Feasta, iúil 2013


Díbríodh é i 1689, agus deimhníodh a ionarbadh le briseadh na Bóinne agus Eachroma agus le géilleadh Luimnigh i 1692.

Léas ar mheon an phobail i Sasana le linn an tsuaite pholaitiúil ab ea na véarsaí le brí rúnda a cumadh. Fágtar inniu iad faoi na páistí mar ‘nursery rhymes’: ‘Mary, Mary, quite contrary’ mar shampla, a dheineann fonóid faoi bhanríon Chaitliceach Shasana, Máire Tudor (1553 – 1558). Lena linn bhíodh ‘silver bells’ ag eaglaisí Caitliceacha; tagairt do nós na n-oilithreachtaí is ea ‘cockle shells’; na ‘pretty maids all in a row’, tagairt é sin do na cailíní a bhí ina mná rialta i gclochair. Ceann eile de na rannta dá leithéid seo ná ‘Rock-a-bye baby’: turnamh Shéamais 2, agus oidhre mic saolaithe dó, atá á thuar aige ansin. Ardfhilí na haoise, ar an taobh eile, is ag glacadh le teoiricí na n-eolaithe a bhíodar: cruinne agus cruthaíocht uile Dé ina chlog-mheaisín matamaiticeach dar leo, agus clog na cinniúna sin le bualadh, mar ba é an bualadh go rialta ag cloig mhóra mheicniúla a bpríomhghnó i gcéaduair. Cuireadh lámha leo níos déanaí. Is é a dúirt Donne file ‘Ask not for whom the bell tolls’; thrácht Milton ar ‘That two-handled engine at the door’ (clog na cinniúna lena dhá láimh) / Stands ready to strike once and strike no more….’ Is sa chomhthéacs sin nach mór dúinn glacadh le ceann de na limericks is túisce sa Bhéarla: Hickory, dickory, dock, The mouse ran up the clock. The clock struck one. The mouse ran down. Hickory, dickory, dock.

Muna dtuigmid rím iomlán a bheith idir ‘one’ agus ‘down’, cuimhnímis go mbíodh malairt foghraíochta sa Bhéarla i rith na n-aoiseanna. Theip orm foinse an limerick seo a aimsiú. De réir Chris roberts ina leabhar Heavy Words Lightly Thrown, tá brí ag rann eile (nach limerick é) dá chosúlacht,

agus é ag déanamh grinn d’Fheardorcha, nó Frederick, Diúc Eabhraic, a bhí ag troid gan éifeacht i gcoinne Napoleon i bhFlóndras céad blian níos déanaí: Oh, the grand old Duke of York He had ten thousand men. He marched them up to the top of the hill, And he marched them down again. And when they were up, they were up, And when they were down, they were down. And when they were only half-way up, They were neither up nor down.

Ach ní tír cnocach í Flóndras. Deir roberts gur aithris ar rann níos luaithe atá ann, ‘The Brave Old King of France / Had 40,000 Men.’ Ansin deir sé: ‘…there are theories that it had also been applied to a previous Duke of York, …King James 2 … [and] refers to the occasion when William of Orange landed in England … When he discovered that many English leaders (including his former ally the powerful landowner, John Churchill, later Duke of Marlborough) had defected to William’s side, James ordered his troops to retreat (‘marched them down again’). The whole exercise was evidently pointless….’

Agus Séamas ina dheoraí sa bhFrainc, agus a thrí ríocht caillte aige, chreid sé gur dhíoltas Dé air é, ón uair ar bhris sé cuing a phósta agus a ghlac sé Sarah Churchill mar leannán leapan. Is doigh liom gur do Shéamas go príomha a thagraíonn an ‘Grand Old Duke of York’ agus ‘Hickory Dickory Dock’. Is do Shéamas 2 is fearr a d’oirfeadh an limerick, agus clog na cinniúna mar nath ag filí na haoise. Bhíodh Séamas cróga roimhe sin, mar cheann catha ar muir agus ar tír, ina Dhiúc Eabhraic dó. Ach bhain rud dó a bhris ar a mheanma. Bhí sé ina mheatachán ag Cath na Bóinne, é ag ullmhú a theicheadh roimh ré. Séamas a’ Chaca!

DAONSCOIL NA MUMHAN 2013 18-23 LÚNASA, COLÁISTE NA RINNE

Réamheolas, Príomhchainteoirí: Brian Ó Conchubhair, Donnchadh Ó Súilleabháin, Éamonn Ó Cuilleanáin. Téama: Tionchar na nGael i gcéin Dé Domhnaigh, 18 Lúnasa

4.00 p.m. Clárú. 7.00 p.m. Oscailt Oifigiúil. 8.00p.m. Máistir-rang, sean-nós, Anne Mulqueen 9.00 p.m. Fáiltiú • 10.30 p.m. Airneán

Dé Luain, 19 Lúnasa

9.30 a.m. Gaeilge (Ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: Áine Ní Fhiannúsa, Anne Mulqueen 10.15 a.m. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin 11.00 a.m. Tae nó caifé. • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC sa rang, Eoin Ó Briain 3.00 p.m. Breatnais trí Ghaeilge: John Evans 7.30 p.m. Quiz Bord 9.00 p.m. Céilí • 10.30p.m. Airneán

Dé Máirt, 20 Lúnasa

9.30 a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: Áine agus Anne. 10.15a.m. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin. Féinwww.feasta.ie mheastóireacht sa Bhunscoil: le socrú.

11.00 a.m. Tae/ caifé • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC sa rang; Eoin Ó Briain 2.15 p.m. Siúl Sléibhe 3.00 p.m. Breatnais trí Ghaeilge: John Evans 8.00 p.m. Seoladh: ‘An Linn Bhuí XVI’ 9.00p.m. Céilí • 10.30p.m. Airneán

Dé Céadaoin, 21 Lúnasa

9.30 a.m. Gaeilge (Ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: Áine agus Anne 10.15 a.m. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin 11.00 a.m. Tae/ caifé • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC sa rang; Eoin Ó Briain 3.00 p.m. Turas bus. 7.30 p.m. Comórtas Talainne an Dá Phádraig 9.30 p.m. Céilí • 10.30p.m. Airneán

Déardaoin, 22 Lúnasa

9.30 a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh, Amhránaíocht: Áine agus Anne 11 10.15 a.m. Féinmheastóireacht sa Bhunscoil.

Filíocht: Bríd Ní Mhóráin 11a.m. Tae nó caifé • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15p.m. Ceardlann Filíochta. 2.15 p.m. TFC: Eoin Ó Briain 2.30-3.30 agus 4.30-5.30 p.m. Ceardlanna Damhsa ar an sean-nós: Cuthbert Arutura. 3.30p.m.Breatnais trí Ghaeilge: John Evans 7p.m. Aifreann na Daonscoile 8.30p.m. Ceolchoirm. • 10.00p.m. Airneán

Dé hAoine, 23 Lúnasa

9.30a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: Aine agus Anne 10.15a.m. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin 11a.m. Tae nó caifé • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC: Eoin Ó Briain 3.15p.m. Súil siar, agus moltaí, á stiúrú ag Annraoi de Paor agus Mícheál Ó Drisleáin 4:00p.m. Scaradh na gCarad.

Feasta, iúil 2013 WWW.DAONSCOIL.COM


macalla ar fhocla dheireadh líne a haon i lár líne a dó, agus mar an gcéanna deireadh líne a 3 agus a 4 go bhfuil macalla ortha istigh i líne a 5 — agus iad á gcomhaireamh mar línte an limerick)

Ach cad is brí le ‘Hickory Dickory Dock’? D’fhéadfá tuairim a chaitheamh gur ‘Haec hora Dei occurrit hoc [momento]’ atá ann, a chiallódh rud mar ‘Seo uair Dé .i. uair na cinniúna; tagann sí ort an nóiméad seo’. Seafóid agamsa ab ea? Bheadh seo cosúil le ‘Hocus pocus’ atá ina aithris ar ‘Hoc est corpus [meum]….’ Agus tá ‘hickory Dickory’ níos casta ná ‘Dickory Dickory’, mar sin is dóichí gurb é an bunleagan é.

Chum Ó Bruadair a dhán fonóide féin mar fhreagra ar an ‘Saoi re Gliogar’ sa mheadaracht céanna, ach bhí na véarsaí dúbailte, 8 líne in áit 4. Seo an chéad véarsa (dúbailte) aige:

Éire Ní raibh na ríthe Stíobhartacha ro-cheanúil ar an nGaelachas riamh. In Albain ó lár na nArd-Mheánaoiseanna ar aghaidh bhí Béarla tuaisceart Shasana ina theanga oifigiúil chúirte acu. Na taoisigh Ghaìdheal, a mbíodh gnó acu leis an gcúirt, chaithidís casadh ar an mBéarla Albanach. In iarthar na tíre, nuair ba mhian le Tiarna Airear Gaìdheal leabhar filíochta ina theanga féin a chnuasach, bhí air dul chuig a ghnáthnodaire, agus teanga na cúirte aige, chun na dánta a scríobh amach, rud a dhein sé de réir litriú Bhéarla na hAlban. Sin mar a tháinig Leabhar Deadhan Lios Móir ar an saol, é Gaìdhealach, ach breactha de réir rialacha na hAlbainise cúirte.

A shaoi ré gliogar gíbé thusa, níl mé duit acht d’aithcheodhach an chúntais chlaoin se // id chúrsa scríobhtha ar chúig do ríoghaibh rathFhódla, dá rádh riúsan gur feárr diuice mar fhál cúil don tseanfhód sa ionná Conn is Niall gart //, // Fionn is Brian geal is Goll grianda mac Mórna.

Is é dul na ngutaí sa véarsa sin ag Dáibhí Ó Bruadair ná ‘í, é, u,’ dhá uair sa chéad líne agus i lár an dara líne, ach ‘a, ó, e,’ ag deireadh an dara líne. Ansin an gréasán céanna i ngach péire líne eile, ach ‘ú, a, í,’ nó ‘a, ú, e,’ nó ‘oL/N, í, a,’ in ionad an ‘í, é, u.’ Coiméadtar ‘a, ó, e,’ ag deireadh gach dara líne tríd síos.

In Éirinn agus Séarlas 1 i gcoróinn, ní raibh seirbhíseach ba dhílse aige ná Séamas de Buitléir, Iarla Urmhumhan, ar dhein an rí Diúc de. Is é an Diúc Urmhumhan céanna, in aimsir Shéarlais 2, a luann an tAthair Mac Giolla Eáin, nó John C. MacErlean, de Chomplacht Íosa, ina Dhuanaire Dháibhidh Uí Bhruadair, mar an té is mó a chas uaisle Éireann na 17ú haoise chun an Bhéarla mar ghnáth-theanga.

Is Sasanach go deo an limerick neamhiomlán seo, a bhfuil an limerick cruthanta ina fhorbairt nó foirfiú air. Más ceadmhach an chéad líne a fhágaint gan bhriseadh, sampla is ea: Jack and Jill went up the hill To fetch a pail of water. Jack fell down // and broke his crown, And Jill came tumbling after. Up Jack got and home did trot As fast as he could caper. He went to bed // to mend his head, With Vinegar and brown paper.

Bhí an Béarla go maith ag Dáibhí, muna raibh sé ar a chompord ann. Léirigh sé a mhíshástacht le polasaí Urmhumhan in dhá bhurdún: ‘Nach ait an nós ag mórchuid d’fhearaibh Éireann …’ agus ‘Mairg atá gan Béarla binn …’ [‘on the spread of English manners and the English language after the arrival of the Duke of Ormond. Undated in Mss., usually assigned to 1643’]. Deir Dáibhí: ‘Ag so rann do dhuanóg bhladaireachta dorighne duine éigin do Dhiuic Urmhumhan:

Ainneoin an chaint faoi ‘hill’ agus ‘crown’, tuairimítear gur brí chollaí atá ann, ní brí pholaitiúil.

Tá an fhoirm beo i gcónaí ar an oileán taobh istigh. Seo eiseamláir ónár n-aimsir féin ag lucht leanta sacair, i gcoinne lucht leanúna fhoirne Learphoill: You are a Scouser, an ugly Scouser, You’re only happy on giro day. Your mum’s out thieving, Your dad’s drug dealing, Please don’t take our hubcaps away.

Is fearra fá sheacht don talamh a theacht dá chasnamh ar neart aineolach ’ná Conn is Niall Goll is Brian is Fionn na bhfiann bhflaithólach.

Dála an scéil, tagann ‘scouser’ ó ‘scouse’, gnáthbhia máirnéalaigh acu siúd a thaithíodh calafort Learphoill leis na cianta. Is minic a d’éirigh an bia bréan le linn na long bheith ar farraige.

Sa véarsa ceithre líne seo, is amhlaidh go bhfreagraíonn deireadh líne a dó agus deireadh líne a ceathair dá chéile, agus tá rím inmheánach faoi leith ag freagairt do shiolla deiridh sa chéad agus sa tríú líne. Tá cruth air mar a bheadh ar limerick easnamhach nó neamhfhoirfe, rud atá soiléir ach é scríobh mar seo:

Abair sráidéigse! Tagann foirm an limerick neamhfhoirfe slán sa slua-amhrán, ainneoin nach slán di san amhrán ‘You are my sunshine’, a dhein ceannlíne de. In Éirinn, seans gur chabhraigh plandóirí Chromail le feachtas Diúic Urmhumhan, i leith na hardaicme, agus iad ag gabháil amhráin Bhéarla i láthair na cosmhuintire. Dá mb’amhlaidh a tharla, níorbh ionadh leithéid Dháibhí Uí Bhruadair ag léiriú a dhéistin roimh an saghas, agus é á gcasadh droim ar ais ar son an Ghaelachais.

Is fearra fá sheacht don talamh a theacht dá chasnamh ar neart aineolach ná Conn is Niall Goll is Brian is Fionn na bhfiann bhflaithólach. (DDUíBh, I, lch 194)

Níl de dhíth ar an bhfoirm ach malairt deiridh sa chéad líne (…ó …a, in áit …a …a). Ach tabhair faoi deara go bhfuil

www.feasta.ie

——◊——

12

BEIDh CUID 2 DEN ALT SEO Ar EAGrÁN LúNASA

Feasta, iúil 2013


ANSeo AGuS ANSiúD

Leagan Gaeilge de láithreán gréasáin ionadaíocht an Choimisiúin eorpaigh in Éirinn seolta In Áras an Aontais Eorpaigh, 18 Sráid Dhásain, BÁC 2, ar an 27 Bealtaine, a sheol Coimisinéir Éireannach an AE, Máire Geoghegan-Quinn leagan Gaeilge de ’euireland.ie’ – láithreán gréasáin Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn. Chun cuidiú léi ócáid ar leith a dhéanamh den lá, bhí Bláthnaid Ní Chofaigh agus páistí ó Scoil Uí Ghramhnaigh, ráth An Coimisinéir Eorpach um Thaighde, Nuálaíocht & Eolaíocht, Máire GeogheganChairn, Co. na Mí, i láthair, chomh maith le Quinn, le Bláthnaid Ní Chofaigh, láithreoir hionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge agus teilifíse in Ionadaíocht an Choimisiúin Eorollscoileanna ar fud na hÉireann. Chun paigh in Éirinn, Áras an Aontais Eorpaigh, 18 www.euireland.ie a fheiceáil i nGaeilge, ní gá Sráid Dhásain, BÁC 2. (Pic. Paul Sherwood) ach English (En) sa chúinne ar dheis ar bharr an leathanaigh a athrú go Gaeilge (GA). Cé go bhfuil chuid mhór den ábhar i nGaeilge ar phríomhláithreán an AE, ‘Europa’, ní raibh an leagan áitiúil de láithreán an Choimisiúin ach i mBéarla amháin go dtí seo. Scríobhtar ábhar an láithreáin do lucht a úsáide in Éirinn, agus tá an nuacht is déanaí ón AE le fáil ann, chomh maith le heolas maidir le cearta na saoránach faoi dhlí an AE. Tá cuid mhór eolais ann chomh maith do scoileanna agus do mhic léinn, agus eolas i dtaobh conas cur isteach ar phoist sa Bhruiséil. Faigheann cuairteoirí ar ‘euireland.ie’ léargas cuimsitheach ar institiúidí agus ar bheartais an Aontais Eorpaigh, agus ar an tionchar atá ag ballraíocht san Aontas Eorpach ar an ngnáthshaol in Éirinn. Acmhainn luachmhar é do scoileanna; tugtar eolas ann ar an réimse acmhainní atá ar fáil saor in aisce ón Ionadaíocht féin. Tá eolas úsáideach ar chearta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh ann freisin; baineann seo le hábhar i mBliain Eorpach na Saoránach 2013. Tá eolas stairiúil ann faoin am a chuaigh Éire isteach sa Chomhargadh i 1973, agus faoi thionchar bhallraíocht an AE ar Éirinn. I mbliana tarlaíonn go bhfuiltear ag comóradh 40 bliain de bhallraíocht san AE. Is féidir le cuairteoirí teacht ar eolas freisin faoi dheiseanna fostaíochta san AE, mar aon le cur síos ar dhaoine as Éirinn atá ag obair don Aontas Eorpach. Foireann aonad Gaeilge an Choimisiúin Eorpaigh in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin a d'aistrigh téacs an láithreáin.◊

Gaelainn ag na rósanna seo? An dtarlódh gur mó den teanga a bheadh ag rós Nua Eabhrac? An Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtrannacha, Éamon Gilmore, a d’fháiltigh roimh rós agus Trí Scór acu ag féile réigiúnach na rósanna i bPort Laoise le deireanas. Anseo dó le Ellen Flahavan (rós Phort Láirge), Katie Mulholland (Nua Eabhrac), Elaine Zaunseder (An Ghearmáin) agus Ilona Flannigan (Derby). Ó luamar Gaeilge, an mbeadh focal ag Éamon lena chomhgleacaí ruairí Quinn faoina bhfuil á bhagairt aige siúd ar éatas na Gaeilge sa chóras gaelscolaíochta. D’fhéadfadh roinnt cásanna suimiúla dlí éirí as a bhfuil á bhagairt ag ruairí ar chlanna le Gaeilge, gan trácht ar an olc a ghinfeadh sé in aghaidh a pháirtí.◊

www.feasta.ie

Ó chlé, an file Gabriel rosenstock a sheol an taispeántas ‘SOrCAS’ leis an ealaíontóir, Bob Ó Cathail, ag Ionad na gCuairteoirí, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath ar an 16 Meitheamh. Leis an ealaíontóir céanna íomhá chlúdaigh na míosa seo ar Feasta. Tá teacht ar Bhob ag a stiúideo ealaíne, Solamar, i mBaile an tSlé, Ceann Trá, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, áit a mbíonn fáilte roimh chuairteoirí le Gaeilge ach go háirithe. Is fiú, chomh maith, cuairt a thabhairt ar www.bobcahill.com.◊

13

Feasta, iúil 2013


SIÓGA, FILÍ, GAEIL AGUS MIONLAIGh EILE NACh IAD

B

AIMSIr ÁrSA, le Cathal Ó Searcaigh Arlen house a d’fhoilsigh. Ian Joyce a mhaisigh. ISBN 978 -1- 85132-046-2

Léirmheas le Gabriel rosenstock

hrisfeadh sé éinne eile, an scannán a deineadh faoin Searcach agus go grod ina dhiaidh sin géarleanúint ghraosta na meán lathaí, na doirse go léir a dúnadh de phlab air … ach is amhlaidh atá an Searcach agus a shaothar níos tathagaí ná riamh i bhfianaise na sárleabhar a tháinig óna pheann le tamall de bhlianta anuas, Gúrú i gClúidíní (CIC 2006), na cuimhní cinn Light on Distant Hills (Simon & Schuster, 2009) agus an dá chnuasach filíochta a d’fhoilsigh Arlen house, An tAm Marfach ina Mairimid (2011) agus Aimsir Ársa (2013). Is ar Aimsir Ársa a bheidh mé ag díriú san aiste seo.

Móraim an bláth seo a bhláthaíonn i bpian i dtalamh righin mo ghairdín is a thugann a aghaidh go lúcháireach ar an ghrian …

An bheatha a mhóramh, an ghrian a mhóramh, an solas a mhóramh, an teanga a mhóramh, an grá a mhóramh. Níl éinne níos fearr chuige: Ní san aigne amháin atá do chuimhne i dtaisce ach ar fud fad mo cholainne …

Déarfadh daoine áirithe, b’fhéidir, i ndiaidh ar tharla dó, gur cheart dó a chlab a dhúnadh anois agus gan a bheith ag scríobh faoi bhuachaillí a thuilleadh. Fastaoim! Ligean do scannán é a chur ina thost, ab ea? Ligean d’iriseoirí is lucht biadáin é a chloí? Tá dánta ómóis anseo aige faoi Éireannaigh cháiliúla ar homaighnéasaigh iad, Mícheál Mac Liammóir agus ruairí Mac Asmaint [recte Mac Easmainn], abair. Tuigimis an méid seo: guth dochloíte é guth an tSearcaigh, guth seo a ghairme is a anama, guth síoraí, guth na filíochta, guth na Gaeilge, guth na fírinne, guth na háilleachta. Tá daoine ann a chuirfeadh ainm Chathail in áit Antinous sa dán aige den teideal sin:

Mar chosaint ar an ionsaí a deineadh ar a cháil, d’fhéadfá a rá gur chúb an Searcach isteach ann féin, ach ní teitheadh ab ea é sin ach a anam is a dhúchas mar fhile agus mar Ghael a athaimsiú agus a athmhúnlú. Sa leabhar seo tá toradh ealaíonta a fhéintaighde á roinnt aige linn go fial. Thréig daoine áirithe é ach má thréig, féach! – as duibheagán an ama agus an spáis, chruinnigh a chairde go léir timpeall air. Agus cé hiad sin, a deir tú? Lí Pó, cuir i gcás. Nach caoin cairdiúil an comhrá seo eatarthu:

Antinous na hÁilleachta! Antinous na Grástúlachta! Sa cháil sin buan beo a bheas sé anois agus go deo. Sa staid dhiaga úd, fiú mura bhfuil ann ach samhail, buanóidh sé ar feadh na síoraíochta ionas nach dtig leis an bhás, fiú amháin, díobháil a dhéanamh dó nó a chur ó dhealramh …

N

Tá mé san aois sin anois, ré na seanaoise go dtig liom mo chomhrá a dhéanamh leatsa, a mhian, thar dhuibheagán na gcianta …

Sea, is saghas déithe iad na mórfhilí, gan amhras. (Sa bhliain 1793 d’fhógair creideamh dúchasach na Seapáine, Sinteo, an máistir haiku Bashō ina dhia).

í milseacht agus móramh ar fad é Aimsir Ársa, áfach. Seachain fíoch an fhile! (Léigh an dán ar lch 30-31). Filleann an feall. Tríd is tríd, áfach, an móramh seachas an cáineadh an nóta is treise in Aimsir Ársa. Agus tá tréith eile fós ann, is é sin sceitsí iontacha á dtarraingt aige den áit ina bhfuil sé ag cur faoi agus tochailt déanta aige go dtí an gheografaíocht shíceach, i bhfocail eile: an leibhéal sin den tírdhreach nach nochtar don chuairteoir lae, Éire mar a fheictear do leithéidí Michael Dames í in Mythic Ireland, cuir i gcás, an Éire sin a bhfuair John Moriarty spléachadh uirthi, deinim amach, an Éire sin dá mbeadh sí feicthe ar feadh nóiméid ag forbróirí is ag baincéirí go mb’fhéidir nach mbeadh sí leonta acu mar atá.

Mé i mo shuí ag ól fíona amuigh faoin spéir oíche shoiléir i dtús an fhómhair – do leabhar os mo chomhair … (as Labhraim le Lí Pó)

Binneas! Milseacht! Séimhe na Sean-Síneach, draíocht an Dao. Fíon seachas fínéagar. Fíon na filíochta. Milseacht a fáisceadh as fulaingt. Lí Pó (nó Lí Bai) agus Gúrú na gCnoc, mórfhilí i gcuideachta a chéile agus is mór an phribhléid dúinne cúléisteacht a dhéanamh ar a n-allagar neamhaí. Is maith a thuig Lí Pó ‘saol na trioblóide, saol na brionglóide’.

Ní hé seo an chéad uair don Searcach filí ón anallód a ghairm chuige féin as aer. Is cuimhin liom go maith i gcomhluadar Óivid é, nuair a chéadbhraith Cathal ar deoraíocht ina thír féin é. Tarlaíonn sé. Tarlaíonn a leithéid d’fhilí. Níl le déanamh ach breith ar an bpeann agus an bheatha a mhóramh:

www.feasta.ie

( as Lus na Gréine)

14

Na Bailte Bánaithe an teideal atá ar an dara cuid den leabhar seo agus tá a fhios agam ó bheith ag caint le roinnt de mo chomhfhilí gurb iad na dánta seo is mó a rachaidh i bhfeidhm ar go leor léitheoirí. Nach bhfuil leath na tíre bánaithe – arís! Dúirt mé i dtosach na haiste seo gur fhill Cathal ar a fhréamhacha sa leabhar seo chun uchtach agus

Feasta, iúil 2013


cothú a lorg, rud a dhein, ach is dánta coscracha iad na dánta sa rannóg seo, agus meabhraíonn siad dúinn go bhfuil teipthe ar an Stát seo an Ghaeltacht agus an teanga a chosaint mar is ceart. An cumha atá sna dánta seo, is maith mar a thuigfeadh Lí Pó, Dú Fú agus filí eile ón ríora T’ang é, agus seans maith gurb iad Sínigh na ré órga sin a spreag an Searcach chun súil chumhach a chaitheamh ar a chomharsanacht féin:

beag beann ar gheaftaí, beag beann ar Ghaeilic.

Cogadh an teideal atá ar an tríú rannóg den leabhar fíorshuaithinseach seo ina leathann Cathal a chanbhás amach chun cur síos a dhéanamh ar staid fhuilteach an domhain faoi láthair. Sé chuid atá sa dán corraitheach Cailín, Cúig Bliana Déag, as Baghdad ag Inse a Scéil agus ba mhaith an cleas é an cogadh a fheiceáil trí shúile déagóra. Nár bhreá leat cailíní scoile na hÉireann a shamhlú agus an dán éachtach sin á léamh acu, nó, go deimhin, cailíní ar fud an domhain agus an port seo ag gach duine acu i ndiaidh a léite dóibh, nach bpósfadh siad fear troda go deo. Chuirfeadh sé sin stop le cogadh, stop gairid ar aon nós. Ní inniu ná inné a thosaigh an chogaíocht agus tagraíonn ár gcairde, filí an ríora T’ang, go minic di – ‘gorm é deatach an chogaidh, bán iad cnámha an duine,’ a deir Dú Fú.

Tráthnóna idir an dá sholas tchím iad ag taibhsiú chugam as ceo folaigh na nglúnta.

Mo sheanathair, muintir mo mhuintire, tchím iad ag obair amuigh faoin spéir,

na fir ag buain i gcuibhrinn nach bhfuil ann níos mó, na mná ag blí na mbó

i mbuaile gréine na Míne na páistí ag déanamh folachán measc stucaí agus síogán ….

D

(as Na Bailte Bánaithe)

án máistriúil amach is amach is ea Na Bailte Bánaithe, é ina cheithre chuid. Tá na Gaeil in ann an cumha a láimhseáil, mise á rá leat (pace Hallaig le Somhairle Mac Gill-Eathain). Ní bheadh Sasanach in ann é a dhéanamh chomh maith céanna. Ní bheadh an teanga aige chuige, ar ndóigh. Cloisimse ceol osnádúrtha sna línte thuas agus sin an chúis is mó go seasann Cathal amach mar dhuine de mhórfhilí an domhain – a chluas is a chroí ag teacht le chéile go feillbhinn. Tá an ceangal sin briste i gcás a lán lán d’fhilí an domhain ‘fhorbartha’, agus an pobal tar éis iad a thréigean dá dheasca sin.

An Saol Eile a thugann sé ar an gceathrú cuid den leabhar seo agus éinne a léigh a chuimhní cinn, tuigfidh sé gur saineolaí ar an saol eile ab ea a mháthair. Níor bhuaileas léi ach uair amháin; b’fhéidir go ndéanfaidh mé comhrá ceart léi lá breá éigin amach anseo, beannacht Dé léi agus beannachtaí na sióg:

Má tháinig Lí Pó agus Óivid i gcabhair air, níor lig a sheanmhuintir síos é ach an oiread: Le gach anáil dá dtarraingim mothaím ag éirí iad ina nduine is ina nduine as mínte m’aigne …

T

Ach, ar ndóigh, níor lean Cathal béasa a shinsir, agus sa mhachnamh macánta a dhéanann sé ar a chás, admhaíonn sé nach bhfuil sé in ann iad a leanúint:

áid ann ar ndóigh agus go rábach, na daoine maithe, agus ní bhainfinnse dá gcáil go deo, ach i gcomhthéacs an leabhair seo d’fhéadfá a mhaíomh go seasann siad do mhionlach ar bith, filí, homaighnéasaigh, Gaeil. Murach go rabhadar róchliste dó mar shlua sí, is dócha go mbeidís carntha i sluachampa géibhinn fadó ag hitler!

mise nár thóg claí, nár threabh gort, nár ghin mac nó iníon dár ndúchas, dár gcineál. Is bocht liom mo chás

iad a fhágáil anois gan oidhre óg is fód mo dhúchais ag gabháil seasc i Mín na bPoll, i bProchlais is i Mín na gCopóg …

An cúigiú cuid den leabhar seo, An tEaragal, is dán fada é ina chúig chuid is fiche, an paeón is breátha ar fad, is dócha, i nuafhilíocht na Gaeilge. Tá an tseanphágántacht linn i gcónaí, buíochas mór le Dia na Glóire:

Bhí sé riamh in ann leas aoibhinn a bhaint as logainmneacha, mar is eol dúinn, ach anois is cuid de liodán éifeachtach bróin iad na hainmneacha céanna. Smaoinigh ar an dochar uafásach a dhein galldú na logainmneacha in Éirinn, agus smaoinigh go bhfuil an galldú sin ag tarlú i gcónaí; cuir tú féin i mbróga an fhile anois agus é ag éisteacht leis na fámairí sa dúiche aige, iad

Ár gcuradh réidh, sciath ghealaí i do dheis sleá gréine i do chlé.

I do cholgsheasamh agus faoi riastradh, ní baol dúinn an anachain,

Ag déanamh iontais den tsleán, den speal, den tseisreach. Iad ag béarlóireacht go teanntásach,

www.feasta.ie

Ó chaill siad a dtiarnas os cionn talaimh tá siad dulta ó shúil an daonnaí, ina gcónaí ansiúd ar an uaigneas idir an dá sholas ina ndúnáras rúin i lúb na locha … (as Bean a bhFuil an Galar Dubhach Uirthi ag Caint ar na Sióga)

15

Agus tú sa bhearna bhaoil, a fhir ghnímh, a Mhic an Eargail ….

— Críoch

Feasta, iúil 2013


ANSEO AGUS ANSIÚD ag Tionól na Mumhan

Ag an Óstán Travel Inn, an Fosadh, Cill Airne, a bhí Tionól na Mumhan, eagraithe ag Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge, ar siúl ar an 7 – 9 Meitheamh (le linn d’oileán iathghlas na hÉireann a bheith míle míle níos faide ó dheas, má ba chomhartha na laethanta gréine). Barr, ó chlé, ag freastal ar na himeachtaí, Seán Ó Ceallaigh, rae na gCiseach, Inis, agus Labhrás Ó Donnghaile, Craobh na Sionna. Lár, ó chlé: Cliodna Cussen, dealbhadóir, Seán Ó Luanaigh a thug caint shuaithinseach ar stair Theach Mhucrois, agus Celine Ní Chóchlaigh, Cathaoirleach Choiste Contae Thiobraid Árann. Thíos, ó chlé: Pádraig Ó Dálaigh, cathaoirleach Dháil na Mumhan, ag bronnadh ghradam Laoch na Mumhan 2013 ar Pádraig Ó Mathúna, ealaíontóir agus gníomhaí teanga, Dún Chaoin agus Caiseal Mumhan. Táthar ag súil go mbeidh na cainteanna a thug Seán Ó Luanaigh ar Theach Mhucrois, Éamon Mac Gearailt ar a thaithí ar an nGaeilge, agus Séamas Ó

Máille ar dhúchas agus oidhreacht Lios a’ Phúca agus an dúthaigh máguaird i gcló don chéad tionól eile. Tá an dáta socair cheana féin, 6 – 8 Meitheamh 2014, agus tá ina ráfla go raibh Tíonól 2013 chomh taitneamhach go roghnófar Cill Airne arís. Tá Ardfheis an Chonartha 2014 le bheith san Heights Hotel, Cill Airne, ar an 28 Feabhra – 2 Márta, ar ndóigh. Idir an dá linn beidh Oireachtas 2013, 30 Deireadh Fómhair – 3 Samhain i gCill Airne chomh maith, san Óstán Gleneagle, agus ní hamháin go mbeidh Oireachtas 2014 i gCill Airne, agus cloistear dúinn go mbeidh Féile mhór na nGael ar ais ann sa bhliain 2016.◊

AISTEOIRÍ BULFIN

Tá Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá na céadta drámaí léirithe acu ó bunaíodh an grúpa daichead bliain ó shin. Na léirithe is deireanaí uathu An Campa, dráma grinn nuascríofa le hAodh Ó Domhnaill (2008), Moloney,

dráma stairiúil le Seán Ó Tuama (2009), Biffó Béar, geamaireacht nua le hAodh Ó Domhnaill (2009), Na Leabhra, dráma nua eile le hAodh Ó Domhnaill (2010), Círéib, cóiriú ar ghearrscéal le Máirtín Ó Cadhain (2010) agus Oileán na Sclábhaithe, aistriúchán ar L'Île des Esclaves le Pierre de Marivaux (2011). Balleagraíocht de chuid an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta is ea Aisteoirí Bulfin. Léiríodar Herody Katyn ar an 13-15 Meitheamh san Theatre@36, Cearnóg Parnell, BÁC. Seó filíochta agus ceoil dar teideal Thar Teorainn a chuir tús leis an oíche. Sna sála air tháinig an dráma cumhachtach Herody Katyn le Seán Ó Broin. B’iad Fidelma Ní Ghallchobhair agus Méabh Ní Loingsigh na 16

léiritheoirí. Tá teorainneacha le braith i ngach gné den saol agus sa mhír Thar Teorainn tugadh spléachadh trí mheán na litríochta agus an cheoil ar chuid de na teorainneacha seo, agus conas mar a théann siad i bhfeidhm ar dhaoine. Sa dráma Herody Katyn tá go leor leor teorainneacha le braith chomh maith: teorainn idir dhá thír, idir dhá chultúr, an teorainn idir an fhírinne agus an bhréag, idir an seanmhodh agus an modh nua. Tá cuid de na teorainneacha seo sobhriste; cuid eile acu, is deacair iad a thrasnú. Cuireann an dráma seo eachtra mhór ón Dara Cogadh Domhanda os ár gcomhair, Sléacht Katyn. Ó chlé, cuid d’aisteoirí Bulfin chugainn: Lionel Mac Cárthaigh, Gearóid Ó Mórdha, Solweg Ní Fhiaich. Pic: ©Vicky Garnett Photography ◊

Feasta, iúil 2013


TuRGNAMhAChT NA TRíoNÓiDe

F

Gluaiseacht Nua-aoiseach: eoghan Ó Tuairisc, Diarmaid Ó Súilleabháin agus Breandán Ó Doibhlin Caint a tugadh ag an gComhdháil Litríochta agus Cultúir in OÉG, 2011

Lydia Groszewski

dhéanamh úr agus trí cheisteanna a linne féin a phlé, a chíoradh agus a scrúdú go mion. Léiríonn Bradbury & McFarlane san aiste ‘The Name and Nature of Modernism’ gurbh í an tuiscint chomhfhiosach úr seo bunchloch an nuaaoiseachais, óir ‘modernity is a new consciousness, a fresh condition of the human mind’6 agus léiríonn siad gur as an gcoinsiasacht úr seo a d’eascair ‘[t]he movement towards sophistication and mannerism, towards introversion, technical display [and] internal self-scepticism’.7

aoin am gur tháinig an tríonóid liteartha ar an bhfód sna seascaidí, is é sin, Eoghan Ó Tuairisc, Diarmaid Ó Súilleabháin agus Breandán Ó Doibhlin, bhí an gort glanta don turgnamhacht agus don cheannródaíocht nua-aoiseach a bheadh mar shainchomharthaí ar a gcuid saothar. A bhuí le hiarrachtaí liteartha Phádraic Uí Chonaire, Sheosaimh Mhic Grianna agus Mháirtín Uí Chadhain bhí an nualitríocht Ghaeilge á saothrú le breis agus caoga bliain. Mar aon leis sin, léiríonn Máirín Nic Eoin gur chuir bunú an tí foilsitheoireachta Sáirséal agus Dill ardán neamhspleách ar fáil don scríbhneoir comhaimseartha, agus deis éalaithe ó laincisí piúratánacha an Ghúim den chéad uair agus a bheith turgnamhach, réabhlóideach, ceannródaíoch agus misniúil ina chuid scríbhneoireachta. Deir Alan Titley gur ‘réabhlóid liteartha’1 a tharla sna seascaidí i nuaphrós na Gaeilge, agus léireofar san alt seo gur tháinig an t-úrscéal nua-aoiseach chun cinn sa Ghaeilge a bhuí le turgnamhacht réabhlóideach agus le ceardaíocht uaillmhianach an triúr fear úd. Pléifear na haidhmeanna nuálacha a bhí ag Ó Súilleabháin, Ó Tuairisc agus Ó Doibhlin ina gcuid próis agus breathnófar ar an gcoimhthíoch mar charachtar lárnach ina gcuid próis. Breathnófar ar na stíleanna ealaíonta turgnamhacha a chleacht siad, a bhí chomh coimhthíoch céanna le carachtair na n-úrscéalta. Ar deireadh, déanfar téama nua-aoiseach na mímhoráltachta ina saothar a iniúchadh agus a chíoradh, agus measfar tionchar na tríonóide turgnamhaí seo ar nualitríocht na Gaeilge.

Agus é ag freagairt don aiste ‘Ciorcalú Saoil’ le Seán Mac Giolla riabhaigh ar An Uain Bheo in Irisleabhar Mhá Nuad 1971, scríobh Diarmaid Ó Súilleabháin gur theastaigh uaidh ‘geit a bhaint as an nGaeilge trí úrscéal a scríobh faoin nGalltacht i dtéarmaí an lae inniu’2 (liomsa an bhéim) agus i ndíonbhrollach an chéid úrscéil uaidh, Néal Maidine agus Tine Oíche, léirigh Breandán Ó Doibhlin gur theastaigh uaidh teorainn na litríochta Gaeilge a bhrú agus an t-úrscéal nua-aimseartha Gaeilge a thabhairt go leibhéal iomlán eile ó thaobh ábhair agus foirme de:

M

A léitheoir ghráigh, má theastaíonn uait uair an chloig do chur isteach go pléisiúrtha gan stró, fág uait an leabhar seo, impím ort, agus tarraing ort saothar eile gur cuma lena údar faoi thalamh úr do bhriseadh ná faoi dhaoine do sheoladh ar bhealach a leasa.3

Scríobh an Doibhlineach sa díonbhrollach céanna gurbh é ‘an port ceanann céanna’4 a bhí sna húrscéalta Gaeilge go dtí sin, agus go raibh sé mar aidhm aige ‘oiread agus is féidir dár saíocht do shábháil, focail do stróiceadh as an tost agus smaointe as dorchadas na hoíche.’5 Lena chur go simplí, bhí an tríonóid liteartha seo ag iarraidh fealsúnacht de chuid Pound, Joyce, Eliot agus a gcuid chomhscríbhneoirí nua-aoiseacha a leanúint trí chinneadh coinsiasach a ghlacadh an scríbhneoireacht chruthaitheach a www.feasta.ie

Ní gá ach féachaint ar theidil na n-úrscéalta atá faoi chaibidil san aiste seo le ráiteas sofaisticiúil nua-aoiseach na scríbhneoirí seo a shonrú. Léiríonn an teideal An Uain Bheo, atá faoi chomaoin go mór ag ráiteas cáiliúil D.h. Lawrence ‘the living moment is everything’,8 go bhfuil an Súilleabhánach ag díriú go comhfhiosach ar an am beo, ar an gcine daonna mar atá sé le linn a ama féin agus ar na suáilcí mar aon le duáilcí a bhaineann leis an gcine sin. Léiríonn teideal Dé Luain go bhfuil an mhóimint bheo seo sa saol nua-aoiseach fánach agus, go deimhin, áiféiseach mar shlat tomhais ar shaol an duine. Tá an t-úrscéal féin fréamhaithe go hiomlán i gcúrsaí ama ó thaobh foirme de. Is ann do thrí chaibidil ‘An Oíche’, ‘An Mhaidin’, Breandán Ó Doibhlin agus ‘Meán Lae’ agus tá na tréimhsí sin gearrtha suas i dtríocha nóiméad, uair an chloig agus mar sin de. Dírítear ár n-aird go comhfhiosach ar an am, ar imeacht an ama agus ar imeacht móimintí deireanacha an tsaoil. Níl aon amhras ach go bhfuil An Branar gan Cur ar an teideal is láidre ó thaobh aeistéitic an nua-aoiseachais de, agus leis an teideal sin fógraíonn an Doibhlineach dúinn gurb ann do ghort nár treabhadh sa Ghaeilge go fóill, mar a bheadh The Untilled Field i gcás George Moore. In An Branar gan Cur faighimid iarracht an Doibhlinigh an gort sin a threabhadh, agus iarracht íogair Fhearghais a ghort féin a aimsiú agus teacht ar an mbealach is fearr leis an ngort sin a threabhadh. ar is dual d’úrscéal nua-aoiseach, glacann an coimhthíoch ról lárnach sna saothair seo agus maireann Louis Stein, Fearghus Mac Giolla Calma agus Pádraig Mac Piarais ar imeall na sochaí – iad scartha ón gcuid eile den phobal. Ar aon dul leis an gcoimhthíos seo, tá géarchéim ag titim amach ina saol pearsanta agus poiblí a chuireann leis an scaradh seo, gné atá láidir san úrscéal nuaaoiseach atá ‘disposed to apocalyptic, crisis-centred views’.9 Insítear dúinn in An Branar gan Cur go bhfuil Fearghus Mac Giolla Chalma ina ‘éan corr’10 agus go bhfuil sé pianmhar ‘thú féin a aireachtáil i d’eachtrannach i measc do mhuintire’.11 Braitheann sé ina choimhthíoch ceart i mBaile Átha Cliath agus i gcomhluadar na cathrach – ní maith leis na hoícheanta sóisialta san Ambasáid, ní bhaineann sé sult as na dinnéir mhóra de chuid mhuintir Laure agus leanann an t-uaigneas seo é nuair a bhraitheann sé nach féidir leis labhairt leis na

17

Feasta, iúil 2013


I

ndeilíní a bhfuil feidhm thuairisciúil acu; an dara pearsa mar ghléas reacaireachta; poncaíocht shainiúil; úsáid ceannlitreacha…23

cailíní óga ar an traein cé go santaíonn sé comhrá. Is fíor arís an t-uaigneas géar seo i gcás Louis Stein agus an saol ag ‘ciorcalú’12 mórthimpeall air. Mar a deir Iarla Mac Aodha Bhuí in Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis, is fear é Louis Stein ‘atá scartha ón phobal mar gheall ar a Ghiúdachas agus a easpa tuisceana ar nithe ar nós creideamh, cultúr agus tírghrá [sic.].’13 Léirítear Louis Stein mar a bheadh an coimhthíoch cáiliúil Jay Gatsby in The Great Gatsby. Mar a insíonn roger Lewis dúinn is fear é Gatsby atá ‘aware of his own doubleness’14 ar nós Stein. Mar atá amhras ag baint le foinse airgid Gatsby, níl sé cinnte cad as ar tháinig airgead mhuintir Stein, ‘ní rabhthas cinnte faoin dóigh a bhfuair a sheanathair a shaibhreas’15 agus mar atá deacrachtaí ag Gatsby a áit a aimsiú i measc lucht an rachmais, bíonn na deacrachtaí céanna ag Louis. Tá an bheirt acu i ngrá le cailín a bhaineann le haicme níos airde ná a n-aicme féin agus bíonn coimhthíos le brath acu beirt dá bharr. Is é uaigneas an bháis atá i gceist leis an bPiarsach, agus é ar thairseach na staire ach é scartha ón bpobal atá á shlánú aige:

s léir gur theastaigh ón Súilleabhánach teorainn na teanga a bhrú, laincisí na poncaíochta a scrios agus gaistí na gramadaí a bhriseadh in An Uain Bheo, ar bhealach atá thar a bheith turgnamhach ó thaobh stíle de. Chuir an Súilleabhánach an teanga in oiriúint dá úrscéal seachas an t-úrscéal a chur in oiriúint don teanga, agus is í sin an phríomhdhifríocht a scar An Uain Bheo ón bprós a tháinig roimhe. Mar a deir Bradbury agus McFarlane san aiste ‘The Name and Nature of Modernism’, treoraíonn an scríbhneoireacht nua-aoiseach an léitheoir ‘behind familiar reality, breaking away from familiar functions of language and conventions of form’24 agus tá an ghné nua-aoiseach seo le sonrú i dteanga stíliúil An Uain Bheo. Lig an Súilleabhánach don teanga sruthlú le smaointe comhfhiosacha agus le sruthanna comhfheasa Louis – leanann an prós snítheach a phátrún corraitheach smaointeoireachta go dlúth:

Tugaim m’aghaidh. Leathfhear. Faoi gheasa go deo ag rithim na seanaimsire. Quod scripsi. Tá dorchacht na hOifige ag fanacht orm idir lomeasnacha. Siúlaim. Díoscann na slisneacha gloine faoi mo bhróga. Coimthíoch.16

D’fhéach tríd an haiste isteach sa chistin. Lonrach folamh...Bheadh na doirse faoi ghlas ansiúd fosta...faoi ghlas go cinnte. Phlab sé doras an haiste ar na héisc órga a bhí go bánbhéalach in umar uisce a bhí bréan le cónaí cheana...Bheadh leis! Bheadh, nó níorbh í an charthanacht an tseoid ba lonraí aige agus é ag sá a chos isteach i gcairpéid an staighre ar a bhealach suas dó agus a phócaí folamh. Murach Leonard, is an síntiús a tugadh do Dumpty, agus murach Bert agus an tsluachorraíl... A Chríost! Sea, sluachorraíl...Iad chun an diabhal a dhéanamh...An t-úll a bhreith ó Éabha agus Ádhamh... Sea, nuair a chuimhneofá air...agus nach raibh de ghus fágtha ann síob a thóraíocht...fiú ordóg a ardú...Murach an táille traenach d’fhéadfadh sé bualadh suas chuig an óstlann anois...murach...murach, murach...Murach a lán.

Tá aon nasc amháin idir na coimhthígh seo agus is é sin go bhfuil siad ag maireachtáil i saol gan Dia nó go bhfuil caidreamh míshocair acu le Dia. Fógraíonn Louis Stein go bhfuil ‘Dia marbh’17agus gurb é a Dhia féin é; ‘Mise Alpha agus Omega, an tús agus an deireadh...’18 Níl ann do Dhia in Dé Luain ach oiread agus fógraítear go bhfuil ‘Dia marbh, fuair sé bás den trua.’19 Níl sé cinnte, fiú, an gcreideann Fearghal Mac Giolla Calma go hiomlán i nDia agus é ar tí dul le sagartóireacht: ‘Is cinnte nach fear mór paidreoireachta a bhí [ann] am ar bith, fiú amháin in aimsir an Choláiste’.20 Is léir áfach, go bhfuil Dia beag déanta aige den Sagart Eachainn agus go dteastaíonn uaidh a bheith ina dheisceabal aige sin – ní ag Dia féin per se. Is coimhthíche fós an saol gan Dia do na daoine seo agus iad ag iarraidh teacht ar a gcló féin.

I

Las sé an solas thuas an staighre.25

s Brave New World é an domhan stíliúil seo de chuid an tSúilleabhánaigh agus go deimhin, luaitear an t-úrscéal ceannródaíoch sin de chuid huxley in An Uain Bheo ‘dá mba mhaith liom trácht ar huxley agus an Brave New World.’26 Is iomaí cosúlacht atá idir an dá théacs ó thaobh stíle, poncaíochta agus comhréire de. Mar aon leis an Súilleabhánach, úsáideann huxley trí stad chun tost a chur in iúl nó chun nóiméad crochta san aer a léiriú. Cuireann huxley béim ar íomhá trí athrá a dhéanamh ar fhocail díreach ar nós an tSúilleabhánaigh, agus is minic a chuirtear deireadh le sruth smaointeoireachta le haon abairt lom amháin mar a dhéanann an Súilleabhánach chomh maith. Cuirimis an sliocht seo i gcomparáid leis an sliocht thuas:

Más coimhthígh iad carachtair na n-úrscéalta agus iad scoite ón bpobal, is cinnte go bhfuil an stíl a chleacht an tríonóid liteartha ag teacht go mór leis an gcoimhthíos sin. In The Irish Times sa bhliain 1972 scríobh Seán Ó ríordáin gur ‘deacair Ó Súilleabháin a mholadh nó a cháineadh mar ní féidir é a thuiscint’21 agus breis agus fiche bliain ina dhiaidh sin, bhraith Seán Ó Tuama gur scríobhadh An Uain Bheo ‘in a style which is nervous, impressionistic, and a little bewildering for anyone brought up on Gaeltacht Irish.’22 Ní haon ionadh é go raibh mearbhall ceart ar phobal léitheoireachta na Gaeilge le stíl dhifriúil, thurgnamhach An Uain Bheo nuair a chéadfhoilsíodh é i 1968. Mar a phléann Máirín Nic Eoin, ní raibh leisce ar an Súilleabhánach rialacha na teanga a shárú lena dhearcadh aeistéiticiúil féin a chomhlíonadh agus léiríonn sí go bhfuil a phrós breac le: [h]abairtí gan bhriathra; dobhriathra nuachumtha; comhfhocail nuachumtha; focail a cheangal le chéile i

www.feasta.ie

At the edge of the precipice he sat down. The moon was behind him; he looked down into the black shadow of the mesa, into the black shadow of death. he had only to take one step, one little jump...he held out his right hand in the moonlight. From the cut on his wrist the blood was still oozing. Every few seconds a drop fell, dark, almost colourless in the dead light. Drop, drop, drop. Tomorrow and tomorrow and tomorrow... he had discovered Time and Death and God.27

18

Más rud é gur bhris an Súilleabhánach rialacha na gramadaí agus na comhréire in An Uain Bheo ar bhealach

Feasta, iúil 2013


turgnamhach, is cinnte gur sháraigh Eoghan Ó Tuairisc laincisí na reacaireachta in Dé Luain. Tá an t-úrscéal scríofa sa chéad phearsa ó pheirspictíochtaí carachtar éagsúil agus sa tríú pearsa, is é sin, i nglór uilefhiosach an údair. Baineann Ó Tuairisc úsáid as an aimsir láithreach, as an aimsir chaite, as an modh coinníollach agus as an aimsir fháistineach ina chuid reacaireachta uathúla – rud a chuireann béim ar an am agus ar imeacht an ama sin. Leis an stíl thurgnamhach reacaireachta seo, éilíonn Ó Tuairisc léitheoireacht ghrinn agus dhílis óna léitheoirí. Gluaiseann an reacaireacht ó shruthanna smaointeoireachta an Phiarsaigh, go radharchanna de charachtair éagsúla, Ó Ceallaigh, Ó Conghaile, Mac Diarmada, Mac Néill et al i mbun comhráite, go léiriúcháin fhánacha ar mhothúcháin na gcarachtar sin agus iad ar thairseach na staire. Mar a deir Titley i dtaobh stíl reacaireachta Dé Luain: ‘[r]oghnaigh sé foirm inste a bhí ag iarraidh a bheith siombalach agus tuarascálach in éineacht’.28 Is cinnte go n-éiríonn thar cionn leis an stíl thurgnamhach seo an mhóimint bheo a léiriú go healaíonta.

dhíth air chun teagmháil a dhéanamh le heisint an duine agus an phobail:

Is ionann sin is a rá nach mór don scríbhneoir Gaeilge ar mhaith leis leas na teanga do dhéanamh stíl do chruthú dó féin, foirm choincréideach focal do bhualadh ar a smaoineamh, foirm a bheas ag teacht lena intinn atá ina toradh ar na céadta bliain de chultúr Eorpach agus a bhí á dealbhadh fiú i rith na tréimhse a raibh an Ghaeilge gan saothrú.33

Níl aon dabht ach go bhfuil an ‘fealsamh existintiúlach’34, mar a ghlaonn an Doibhlineach féin air, go mór le sonrú i stíl reacaireachta An Branar gan Cur agus go bhfuil an t-úrscéal faoi chomaoin ag fealsúnacht Simone de Beauvoir, Albert Camus, Jean-Paul Sartre. Tá an stíl reacaireachta sa dara pearsa – stíl reacaireachta atá turgnamhach go maith i litríocht na Gaeilge.

S

an aiste ‘Fearann coimirce an scríbhneora: úrscéalta Bhreandáin Uí Dhoibhlin’ léiríonn Micheál Mac Craith go gcuireann ‘staid thairseachúil an reacaire’35 in An Branar gan Cur go mór leis an ‘atmaisféar thar a bheith rúndiamharach a chothú’36 san úrscéal. Is fíor go bhfuil gné aisteach, scanrúil fiú, ag baint leis an nglór seo a labhraíonn go díreach le Fearghus, atá in ann a chuid monalóga inmheánacha a thuiscint agus atá in ann a chuid mothúchán a mheas. Mar a deir an Doibhlineach in Aistí Critice agus Cultúir ‘tá gach pearsain scartha óna chéile, an mise ón tusa’37 ach léiríonn An Branar gan Cur go bhfuil an duine scartha uaidh féin freisin in amanna éagsúla le linn an tsaoil, agus gurb é turas nó iomramh an tsaoil seo ná na gnéithe éagsúla a bhaineann linn mar dhaoine a réiteach lena chéile, agus teacht ar thuiscint orainn féin dá bharr.

D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil an stíl scannánaíochta go mór i bhfeidhm ar an saghas reacaireachta seo agus go deimhin, luann Ó Tuairisc roinnt mhaith dá charachtair mar ‘aisteoir[í] scannán’29. Le solúbthacht na reacaireachta is féidir le Ó Tuairisc an ceamara, más maith leat, a bhogadh ó radharc amháin go radharc eile chun seatanna a fháil d’eachtraí ag titim amach ag an am céanna ach in áiteanna éagsúla. In aon seat amháin, nuair atá Séamas Ó Conghaile agus a chuid compánach ag ionsaí Chaisleán Bhaile Átha Cliath, cuireann Ó Tuairisc trí radharc os ár gcomhair ag an am céanna mar a bheadh montáiste i scannán ann – Ó Conghaile agus a chomrádaithe lasmuigh den chaisleán agus an lámh uachtar á fáil acu ar an ollphéist de chaisleán – Sir Matthew Nathan, Price agus Mr Norway in oifig de chuid an chaisleáin agus iad ag caitheamh píopaí go suaimhneach – agus an corparáil agus an cúigear eile agus iad ag réiteach béile dóibh féin nuair a chaitear pléascán lámhdhéanta tríd an bhfuinneog orthu.

Más turgnamhach agus nua-aoiseach iad na stíleanna scríbhneoireachta atá pléite anseo, ní mór béim a chur ar cheardaíocht Ghaeilge na tríonóide liteartha. Is de bharr thuiscint na scríbhneoirí seo ar an nGaeilge a d’éirigh leo an chothromaíocht idir an turgnamhacht agus brí an scéil a aimsiú. Bhí ómós ag an Súilleabhánach, ag an Doibhlineach agus ag Eoghan Ó Tuairisc don fhocal agus don teanga, agus mar a deir Ó Tuairisc ina aiste ‘religio Poetae’ is é an focal an eochair don ealaíontóir agus ní mór meas a bheith ag an ealaíontóir air:

Tá reacaireacht sciobtha an tsleachta seo mar a bheadh frithchaitheamh ar fhuinneamh an éirí amach féin. Ní fhaigheann an léitheoir mórán ama le dul i ngleic le radharc amháin, toisc go mbogtar ar aghaidh ó thaobh amháin go taobh eile den chathair go sciobtha. I gcúpla leathanach tugtar an léitheoir ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, go dtí an rotunda, go halla na Cathrach agus ar ais go hArd-Oifig an Phoist. Agus an caisleán á ionsaí deirtear go bhfuil sé ‘[d]eacair am nó aimsir a bharraíocht i gceartlár na híomhá seo’30 agus is cinnte gurb é sin sprioc an tsleachta seo – gach rud a dhíriú ar mhóimintí fánacha a thagann le chéile chun éirí amach ar scála eipiciúil a thabhairt le chéile. Cé go bhfuil an stíl reacaireachta seo dian go leor ar an léitheoir in amanna, is léir gur thuig Ó Tuairisc go raibh an stíl sin de dhíth ar lá apacailipteach de shaghas Luan na Cásca 1916. Mar a deir Alan Titley; ‘Cibé ní eile a déarfaí faoi Dé Luain chaithfí a admháil gur oiriúnaigh Eoghan Ó Tuairisc a stíl is a mhodh inste go hinnealta do thábhacht is do mhiotas an ábhair.’31

In principo erat Verbum. I dtús aimsire bhí an Focal ann. Deirim go bhfuil an Focal bunúsach, gurb é an Focal a dhealaíonn an duine amach ón iasc agus ón ainmhí, gurb é an Focal a mhúnlaíonn an t-anam mar a mhúnlaíonn an t-anam an corp, gurb é an Focal amháin a cheanglaíonn nasc an religio idir an dá shaol, go bhfuil an Focal sacrálta – an Focal is lú dá gcaitheann sibh as bhur mbéal amach. Deirim gurb é an Poeta is cosantóir agus is aingeal coimhdeachta don Fhocal; agus am ar bith, áit ar bith, a dtéann an Poeta i mbun cheardaíocht an Fhocail a chleachtadh, go foighneach, go dícheallach, go macánta, le paisean a chroí is le cumas a aigne, is san áit sin agus ar an uair sin a shéideann an t-inanálú faoi ón saol eile.38

Thuig Breandán Ó Doibhlin agus An Branar gan Cur á scríobh aige go mbeadh an turgnamhacht de dhíth: ‘is é an saol daonna is ábhar d’ealaín na litríochta agus insint ealaíonta a thabhairt ar an saol sin, is é agus is é amháin is cás leis’32. Thuig sé go mbeadh a stíl cheannródaíoch uathúil féin de www.feasta.ie

Más turgnamhach aidhmeanna agus cur chuige na n-údar seo ní mór spléachadh a thabhairt ar théama turgnamhach, nua-aoiseach atá ar fáil i saothar na tríonóide liteartha seo, is é sin téama na mímhoráltachta in Éirinn. Níl Éire Ghaelach cheartchreidmheach Thomáis Uí Chriomhthain ná Éire 19

Feasta, iúil 2013


bhocht scéalta Uí Chadhain le fáil sna húrscéalta seo. Léiríonn an Súilleabhánach, Ó Tuairisc agus an Doibhlineach Éire mar áit mhímhorálta, choimhthíoch agus naimhdeach i gcasadh turgnamhach seo nuaphrós na Gaeilge.

aici cros cheap sé. Í buailte leis...É mar a bheadh sé ar a aire – suas díreach. A lámha ar a bhrollach...an gloine tite le hurlár...

I

‘Deas an chaimse … deas na lúbanna, a Louis.’

n Dé Luain tá deireadh le dlí, ciall, réasún agus moráltacht agus fir ag marú a chéile. Cé go bhfuil uaisleacht ag baint leis na híobairtí seo, ní mór aghaidh a thabhairt ar an ngné apacailipteach a bhaineann le sochaí atá i mbun éirí amach. Léirítear i bhfoclóir Uí Dhónaill gurb é ‘Lá an Luain, the day of judgement’39 agus tá an toise le sonrú san úrscéal go bhfuil deireadh ag teacht leis an tsibhialtacht agus leis an moráltacht dá bharr.

‘Árannach,’ arsa Louis go tiubh. Bhí a chorp uile ina chaor the dhearg ag na méara fada a bhí ag táthlú an chaimse … ó bhrollach go muineál go hascaill, go … a dhá láimh anois freisin ar bhanda an choim... a ceann lena bhrollach... í tarraingteach cumhachtach ar mhórán bealaí; bua breise aici – níor mhaighdean ná aingeal í...42

Más mian le carachtair Uí Shúilleabháin páirt a ghlacadh sa saol mímhorálta seo, is léir go bhfuil Fearghus Mac Giolla Chalma ag éalú uaidh agus é ar an turas traenach ar ais go dtí a áit dúchais féin.

Mar a dúradh ní ba luaithe, is iomaí cosúlacht atá ann idir Jay Gatsby agus Louis Stein, ach is iomaí cosúlacht atá le sonrú freisin idir Meiriceá na bhfichidí in The Great Gatsby agus Éire na seascaidí in An Uain Bheo. Tá easpa moráltachta ag baint leis an dá shochaí – tá gach mac máthar ag tochras ar a cheirtlín féin cosúil le Bilí Buistéir in úrscéal Uí Shúilleabháin agus Daisy Buchanan in úrscéal Scott Fitzgerald. Domhan sóisialta na huasaicme domhan na n-úrscéalta seo – gach duine ag iarraidh sup agus só a bhaint as an saol, cuma cén costas. Déantar an ghné mhímhorálta seo a threisiú in An Uain E. Ó Tuairisc Bheo leis an iniúchadh a dhéanann an Súilleabhánach ar chliseadh pósta agus ar an gcollaíocht lasmuigh agus laistigh den phósadh.

Tuigtear dúinn go bhfuil díomá air leis an tír mhímhorálta seo a raibh an oiread sin measa aige uirthi agus é ina bhuachaill óg. Tá grá tugtha aige do Laure ach ní don dearcadh saoil atá aici; ní féidir leis glacadh le cúlra an chailín ná leis an aicme lena mbaineann sí:

Maíonn sí, ina hiníon fhear ghnó di, nach ndéanfaidh an t-oibrí ach suí i do bhun mura gcoinníonn tú srian teann air – fairíor, a chuirfidh sí d’aguisín leis sin anois i gcead duit tar éis a raibh d’argóintí eadraibh faoi. Airíonn tú an bhuile mhire ag borradh ionat mar a tharlaíonn chomh minic sin agus tú ag éisteacht lena hathair agus a chairde gnó ag mairgnigh os cionn an tríú martini. Sin an uair a dtagan an drogall ar fad atá agat leis an Éirinn nua seo ina shruth searbh múisce chun do bhéil, agus fonn dall creachta agus sladta á gcothú ag cuimhne d’óige agus do thuismitheoirí agus an dúiche dhearóil inár tógadh thú agus córas iomlán na mbodach polaitíochta agus na mboicíní gaimbín a raibh an saol faoina mbois acu.43

Níl mórán den chaidreamh sona pósta le sonrú in An Uain Bheo. Léirítear go bhfuil máthair Louis faoi chois ag an Uasal Stein agus go bhfuil sí neirbhíseach, buartha agus míshásta sa chaidreamh:

B

A ceann cromtha ag Mam. Í ag piocadh is ag scaoileadh mionbhruascar briosca a bhí fágtha ar phláta – go neirbhíseach.40

raitheann Fearghus go bhfuil brionglóidí na saoirse caillte ag muintir na hÉireann, agus nach bhfuil ag cur as don phobal anois ach cúrsaí airgid agus iad ‘fumbl[ing] in a greasy till’44. Is léir d’Fhearghus gur fíor go bhfuil ‘romantic Ireland’s dead and gone’45 agus an cinneadh atá roimhe ná glacadh leis an ngné sin den tsochaí agus dul leis, nó scaradh go hiomlán ón tsochaí chéanna agus diúltú do na luachanna leithleasacha a bhaineann léi. Seasann muintir Laure don tsaint agus don leithleachas atá i réim in Éirinn na mímhoráltachta i súile Fhearghuis: ‘margadh maith a bheadh [sa phósadh], a bhí sé a rá, ar nós cuma liom, achan phingin a bhí ag an athair’46 – ach tuigeann sé go mbeadh air droim láimhe a thabhairt lena chuid luachanna moráltachta chun glacadh le saol den chineál sin.

Léirítear go bhfuil Eimear míshásta lena caidreamh le Darach agus í fágtha i mbun an tí le leanbh óg faoina cúram, agus léirítear deirfiúr Louis, rebecca, agus í míshásta ina caidreamh pósta de bharr nach féidir léi leanbh a thabhairt ar an saol. Is léir, mar sin, nach bhfuil mórán sásaimh le baint as an gcaidreamh coinbhinsiúnach in An Uain Bheo.

Is réabhlóideach an léiriú a rinne an Súilleabhánach ar mhianta collaíochta in Éirinn mhímhorálta na seascaidí, agus go háirithe ar mhianta collaíochta na mban. Léirítear Eimear mar bhean a bhfuil mianta collaíochta aici agus mar bhean nach bhfuil sásta lena caidreamh collaíochta. Is léiriú thar a bheith turgnamhach agus réabhlóideach é sin nuair a chuimhnítear gur foilsíodh An Uain Bheo sna seascaidí. Is bean éirimiúil, dhathúil, mhealltach í Eimear a bhfuil an domhan siúlta aici, ach ní haon ‘Angel of the house’41 í mar a deireadh Virginia Woolf. Sa domhan mímhorálta seo déanann Eimear, ar máthair agus bean chéile í, iarracht fear mór ban a mhealladh í féin: ...Nach fíor do na hExistentialists a deir nach bhfuil sa saol ach scáil...is geal liomsa Sartre agus a chairde, a Louis’ … Bhí Eimear ag druidim leis go healaíonta agus níor chúlaigh sé. Ag druidim leis agus X-anna á ngearradh san aer roimhe aici lena gloine. Ba chirte

www.feasta.ie

20

Is í an scríbhneoireacht, áfach, an t-aon leigheas atá ar an mímhoráltacht seo, agus nuair a léiríonn Fearghus go bhfuil sé chun triail a bhaint as an scríbhneoireacht chruthaitheach tuigeann an léitheoir go bhfuil sé chun teacht, ní hamháin ar a chló féin, ach ar a phobal féin agus ar a áit sa tsochaí. Mar a scríobh an Doibhlineach in Aistí Critice agus Cultúir: ‘[is] í an litríocht an chaoi is fearr atá ag pobal le aithne a chur air féin, le sainmhíniú a dhéanamh air féin, trí mheán na ndaoine pribhléidithe sin, na scríbhneoirí.’47 Sa tslí gur aimsigh an Piarsach a chló ceart trí mheán na filíochta, agus gur aimsigh Darach Mac Giolla rua é féin trí mheán na scríbhneoireachta in An Uain Bheo, is cinnte go n-aimseoidh

Feasta, iúil 2013


Fearghus Mac Giolla Chalma é féin trí mheán na scríbhneoireachta chomh maith.

d’fhógair Pádraic Ó Conaire do scríbhneoirí na nualitríochta ‘[s]crúdaítear an duine. Scrúdaítear a aigne’48, leag sé béim ar chroí na húrscéalaíochta Gaeilge. Más rud é gur leagadh síos slata tomhais na nualitríochta le ré na hAthbheochana, ba í tríonóid na turgnamhachta a chuir na haidhmeanna sin i gcrích go turgnamhach agus go misniúil dá bharr. — Críoch

Le turgnamhacht na tríonóide liteartha seo, léiríodh dúinn gur féidir linn aithne a chur orainn féin trí intinn dhaoine eile, trí smaointe dhaoine eile agus trí eispéireas dhaoine eile – is é sin, comhairle an Doibhlinigh a leanúint agus aithne a chur orainn féin trí mheán na nualitríochta. Nuair a

LEABhArLIOSTA :

• Barry, Peter., 2002. Beginning

Theory: An Introduction to Literary and Cultural Theory (Manchester: Manchester University Press.) • Bradbury, Malcom and Mc Farlane, James., 1991. ‘The Name and Nature of Modernism’ in Bradbury, Malcom and Mc Farlane, James., (editors) Modernism: A Guide to European Literature 1890 – 1930 (London: Penguin Books.) • Breathnach, Diarmuid agus Ní Mhurchú, Máire., 2003. 19832002 Beatháisnéis (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.) • Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, Máirín., 2001. Traidisiún Liteartha na nGael (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teo.) • Chaudhuri, Amit., 2003. D. H. Lawrence and ‘difference’: Postcoloniality and the Poetry of the Present (Oxford: Oxford University Press.) • Denvir, Gearóid., 2005. Litríocht agus Pobal: Cnuasach Aistí (Conamara: Cló Iar-Chonnachta.) • huxley, Aldous., 2007. Brave New World (London: Vintage.) • Kiberd, Declan., 2002. Idir Dhá Chultúr (BÁC: Coiscéim.) • Lewis, rodger., 2002. ‘Money, Love and Aspiration in The Great Gatsby’ in New Essays on the Great Gatsby (Cambridge: Cambridge University Press.) • Mac Aodha Bhuí, Iarla., 1992. Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.) • Mac Craith, Mícheál., 2007. ‘An Turas Fionnachtana i saothar cruthaitheach Bhreandáin Uí Dhoibhlin’ in Breandán Ó Doibhlin: Saol agus Saothar (Baile Átha Cliath: Coiscéim.) • Mac Craith, Mícheál., 1997. ‘Fearann coimirce an scríbhneora: úrscéalta Bhreandáin Uí Dhoibhlin’ in Ó Dúshláine, Tadhg., (eagarthóir) Féilscríbhinn an Doibhlinigh: Irisleabhar Mhá Nuad 1996-1997 (Maigh Nuad: An Sagart.) • Mac Grianna, Seosamh., 2004. Mo Bhealach Féin (Baile Átha Cliath: An Gúm.)

www.feasta.ie

• Moore, George., 2000. The Untilled Field (Gerrards Cross: Colin Smythe Ltd.) • Nic Eoin, Máirín., 1988. Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.) • Nic Eoin, Máirín., 2006. ‘Contemporary prose and drama in Irish 1940 – 2000’ in Kelleher, Margaret and O’Leary, Philip., (eagarthóirí) The Cambridge History of Irish Literature Volume II 1890 – 2000 (Cambridge: Cambridge University Press.) • Nic Eoin, Máirín., 2005. Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Baile Átha Cliath: Cois Life.) • Nic Eoin, Máirín., 1997. ‘úrscéalaíocht na Gaeilge i ré an Indibhidiúlachais’ in Ó Dúshláine, Tadhg (eagarthóir) Féilscríbhinn an Doibhlinigh: Irisleabhar Mhá Nuad 1996 – 1997 (Maigh Nuad: An Sagart.) • Ó Cadhain, Máirtín., 2007. Cré na Cille (Baile Átha Cliath: Sáirseál Ó Marcaigh Teo.) • Ó Croiligh, Oilibhéar 1968. ‘Mistéir na réabhlóide: Tuairisc Téama’ in Irisleabhar Mhá Nuad 1968 (Maigh Nuad: An Sagart.) • Ó Doibhlin, Breandán., 1974. Aistí Critice agus Cultúir (Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.) • Ó Doibhlin, Breandán., 1984. An Branar gan Cur (Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh Teoranta.) • Ó Doibhlin, Breandán., 1998. Néal Maidine agus Tine Oíche (Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh.) • Ó Dónaill, Niall., 2005. (eag.) Foclóir Gaeilge-Béarla (Baile Átha Cliath: An Gúm.) • Ó hAnluain, Eoghan., 1996. ‘Beatha duine a cheardaíocht’ in Comhar iml. 25, Uimhir 12, Nollaig 1966 • O’Leary, Philip., 2006. ‘The Irish renaissance, 1880-1940: literature in Irish’ in The Cambridge History of Irish Literature Volume 2 1890-2000 (Cambridge: Cambridge University Press.)

• Ó Murchú, Seosamh., (eag.) 1986. Comhar: Diarmaid Ó Súilleabháin 1932-1985 (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.) • Ó Murchú, Seosamh., (eag.) 1985. Comhar: Eoghan Ó Tuairisc 1919-1982 (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.) • Ó Súilleabháin, Diarmaid., 1986. An Uain Bheo (Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh Teoranta.) • Ó Súilleabháin, Diarmaid., 1972. ‘An Uain Bheo: Focal ón údar’ in Irisleabhar Mhá Nuad 1972 (Maigh Nuad: An Sagart.) • Ó Tuairisc, Eoghan., 1998. Dé Luain (Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh Teoranta.) • Ó Tuairisc, Eoghan., 1963. ‘Léacht a tugadh don chomhchaidreamh: religio Poetae’ in Comhar iml. 22 uimh. 1 Eanáir 1963 (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.) • Ó Tuama, Seán., 1995. Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage (Cork: Cork University Press.) • Scott Fitzgerald, F., 1994. The Great Gatsby (London: Penguin Books.) • Titley, Alan., 1991. An tÚrscéal Gaeilge (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.) • Woolf, Virginia., 2008. Virginia Woolf: Selected Essays (Oxford: Oxford University Press.) • Yeats, W.B., 1992. W.B.Yeats: Collected Poems (London: Vintage.)

TAGAIrTÍ

An tÚrscéal Gaeilge lch 540 ‘An Uain Bheo: Focal ón údar’ – Irisleabhar Mhá Nuad lch 65 3 ‘Díonbhrollach’ – Néal Maidine agus Tine Oíche lch 9 4 Ibid. 5 Ibid. lch 10 6 ‘The Name and Nature of Modernism’ – Modernism: A Guide to European Literature 1890-1930 lch 22 7 Ibid. lch 26 8 D H Lawrence and ‘difference’: Postcoloniality and the poetry of the present lch 145 9 ‘The Name and Nature of Modernism’ – Modernism: A Guide to European Literature 1890-1930 lch 20 1 2

21

An Branar gan Cur lch 5 Ibid. lch 41 12 An Uain Bheo lch 7 13 Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis lch 49 14 ‘Money, Love and Aspiration in The Great Gatsby’ – New Essays on The Great Gatsby lch 43 15 ‘Diarmuid Ó Súilleabháin: Saothar Próis’ lch 130 16 Dé Luain lch 224 17 An Uain Bheo lch 82 18 Ibid. lch 143 19 Dé Luain lch 97 20 An Branar gan Cur lch 38 21 Traidisiún Liteartha na nGael lch 371 22 Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage lch 208 23 Trén bhFearann Breac lch 381 24 ‘The Name and Nature of Modernism’ – Modernism: A Guide to European Literature 1890-1930 lch 24 25 An Uain Bheo lgh 242,245 26 An Uain Bheo lch 100 27 Brave New World lch 118 28 An tÚrscéal Gaeilge lch 148 29 Dé Luain lch 155 30 Ibid. lch 144 31 An tÚrscéal Gaeilge lch 419 32 Aistí Critice agus Cultúir lch 10 33 Néal Maidine agus Tine Oíche lch 11 34 Aistí Critice agus Cultúir lch 179 35 ‘Fearann coimirce an scríbhneora: úrscéalta Bhreandáin Uí Dhoibhlin’ – Féilscríbhinn an Doibhlinigh: Irisleabhar Mhá Nuad 1996-1997 lch 69 36 Ibid. lch 70 37 Aistí Critice agus Cultúir lch 187 38 ‘Léacht a tugadh don chomhchaidreamh: religio Poetae’ – Comhar iml 22 uimh 1 Eanáir 1963 lch 12 39 Foclóir Uí Dhónaill lch 805 40 An Uain Bheo lch 34 41 Virginia Woolf: Selected Essays lch 141 42 An Uain Bheo lch 133 43 An Branar gan Cur lch 15 44 ‘September 1913’- W B Yeats: Collected Poems lch102 45 Ibid. 46 An Branar gan Cur lch 123 47 Aistí Critice agus Cultúir lch 10 48 Litríocht agus Pobal: Cnuasach Aistí lch 63 10 11

Feasta, iúil 2013


SCAIRT FEITHIDE: rogha Dánta Ko Un

dímhíleataithe ar a bhfuil fiailí mothracha ag scoilteadh na leithinse (féach ar ‘Giúiseanna Chinp’a-ri’ agus ‘DMZ’).

Dánta ar chúrsaí taistil sa Tibéid atá sa tríú cuid, ‘Dánta ó Dhíon an Domhain’. Tá cuid de na dánta chomh tuairisciúil agus fírinneach go gcuirfeadh siad suaitheadh cultúir ort, mar shampla dánta ar nós ‘Canna Folamh’ agus ‘Adhlacadh Spéire’. Tá samhlaíocht iontu, ach ní bhaineann fantaiseacht leo. Fírinne shaol na ndaoine a bhíonn iontu i gcónaí.

Gabriel rosenstock a d’aistrigh go Gaeilge.

I

An Sagart, 2012. 218 lch. €15. ISBN: +1-903896-78-9

Léirmheas le Chinatsu hakamada

Tá an taisteal ar cheann de na téamaí lárnacha ina dhánta agus tá mapa móitífe tábhachtach dó, ach ní gnáthmhapa atá i gceist anseo. I gcuid a ceathair, ‘Dánta Eile’, tarraingíonn sé mapa nua de dhomhan nua le teanga nua, agus molann sé do gach aon duine, cuairt a thabhairt ar na háiteanna coimhthíocha (féach ar ‘Mapa Glantacháin’, ‘Tír Aduain’, ‘Mapaí á dTarraingt’, agus ‘An Bóthar Nár Siúladh Fós’).

s file Cóiréach é Ko Un a dhéanann ionadaíocht ar na filí Cóiréacha comhaimseartha, ach aithnítear é freisin mar dhuine de mhórfhilí an domhain. Ó 1958 i leith, d’fhoilsigh sé beagnach ochtó leabhar filíochta sa Chóiréis. Tá cuid dá dhánta aistrithe go teangacha éagsúla eile. Faightear sa leabhar seo don chéad uair, leaganacha Gaeilge dá fhilíocht, aistrithe ag Gabriel rosenstock. Saol casta a bhí ag Ko Un i dtréimhse chorrach de stair na Cóiré. Bhí an Chóiré faoi smacht na Seapáine nuair a rugadh é i 1933. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, scoilteadh a thír dhúchais idir an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas agus ar feadh trí bliana i dtús na gcaogaidí, bhí a mhuintir thíos go mór leis an gCogadh Cóiréach. rinneadh manach ZenBhúdaíoch de Ko Un sa tréimhse sin. Tar éis don sos cogaidh a theacht i bhfeidhm i 1953, tháinig deachtóireacht i réim sa Chóiré Theas. D’fhág sé saol an mhanaigh i 1962 agus i dtús na seachtóidí, chuaigh sé i mbun troda leis na deachtóirí. Ciontaíodh i dtréas é, gabhadh é roinnt uaireanta agus gearradh téarma príosúin fiche bliain air, fiú. Tá thart ar dhá chéad dán le Ko Un sa chnuasach ildaite seo dar teideal Scairt Feithide. Na gnéithe éagsúla dá eachtraí saoil go léir atá léirithe sa leabhar seo, lena dhánta ildaite ó thaobh carachtair, ábhair, agus réanna de, chuirfidís ionad ar léitheoirí. Ina ‘réamhscairteadh’, luann rosenstock rud an-suimiúil faoin mórfhile seo: ‘tagraítear dó sa Chóiré san iolra toisc a liacht sin guth aige’. roinntear na dánta ina gcúig chuid. Is é ‘Meascra Dánta’ an chéad rannóg, áit a bhfuil dánta gearra ar gach sórt ábhair: an duine, ainmhithe, an dúlra, an aimsir, an tírdhreach agus ábhair mhachnaimh ina bhfaightear móitífeanna agus spioraid an Zen-Bhúdachais: Má chaithfidh manach an baile a fhágáil, teacht abhaile mar sin sin dáiríre dáiríre cúram an bhúda.

Ach go deimhin ní féidir dul abhaile i gceart gan an baile a fhágáil ar dtús, nach fíor? (‘Ag Fágáil an Bhaile’) Tugann Ko Un súil chothrom ar gach ní beo is marbh, mar eilimintí de chuid an tsaoil seo againne. Déanann sé trácht ar éin, ainmhithe, agus fiú feithidí i gcuideachta Bhúda agus manaigh uaisle Bhúdaíocha. Fágann an fheithid bhídeach ceist shimplí ach deacair ar Ko Un; tar éis do chuileog ga a chur ann, rinne sé pleist di: Deireadh leis an gcuileog. Cad atá ar siúl anseo? (‘Cuileog’) Sa dara cuid ‘Theas agus Thuaidh’, faightear dánta dá mhuintir féin, muintir uile Leithinis na Cóiré. Léiríonn Ko Un an stair choiteann agus chomhroinnte idir an dá thír ón ré Ársa go dtí an lá inniu – ón ré go raibh foraoisí giúiseacha ársa scaipthe ar fud na leithinse go dtí an t-am inar tógadh na creasa

www.feasta.ie

An chuid dheireanach ná ‘Dánta as Deich Míle Beatha’, togra leanúnach an fhile a chuireann síos ar gach sórt duine a bhuail leis, é féin ina luathóige san áireamh. Tá thart ar 30 imleabhar sa Chóiréis foilsithe go dtí seo ina bhfuil 5,600 duine luaite, agus é féin ina leanbh-aois san áireamh. Chuireadh an dán seo pian ar mo chroí – ‘Siopa Ilrannach Mitsukoshi’. Chuaigh Ko Un beag agus a athair go dtí an chraobh Chóiréach de shiopa ilrannach an tSeapánaigh sin, an áit gur mhaith le gasúir bheaga dul lena dtuismitheoirí. Bhí sé ar deoraíocht ann, áfach:

C

eagla roimh earraí só, eagla roimh Sheapánaigh, roimh Chóiréigh. Sa deireadh chuir an bhean díolacháin an ruaig orainn.

annaítear cailliúint na féiniúlachta sa dán ‘An Bhean Chéile as Suregi’. Chócaráil an bhean eorna agus sháigh sí spúnóg agus cipíní itheacháin sa bhabhla mar ofráil dá fear céile marbh. ‘Níl spúnóg mhiotail ná cipíní itheacháin miotail aici níos mó, thóg na Seapánaigh iad’, áfach. Bhí uirthi spúnóg adhmaid agus na cipíní adhmaid a úsáid, de réir nósmhaireacht na Seapáine. Chaill sí gach rud agus níl tada fágtha ann. Agus bádh a caoineadh ina teanga dhúchais i measc grágaíola na bhfroganna. Tá cáil ar rosenstock as dánta ón iliomad teanga a aistriú go Gaeilge, ach admhaíonn sé ina ‘réamhscairteadh’ gur bhraith sé ar leaganacha Béarla go bunúsach chun an cnuasach dúshlánach seo a dhéanamh. Ag an bpointe sin, dúirt sé ‘braithim im chroí istigh gur thugas eisint na ndánta liom formhór an ama, dath na ndánta, mar a déarfá, agus gur dhathaíodar mise de réir mar ba thoil leo féin é’. Bheadh dath na ndánta i leagan Gaeilge beagáinín difriúil le bunleagan sa Chóiréis, ach d’fhéadfá a rá go mbeadh éagsúlacht na ndathanna ag cur sraitheanna machnaimh eile le canbháis na mbundánta, gan na bunbhríonna a athrú.

Tugann an leabhar léargas maith dúinn ar stair, ar chultúr agus ar smaointeoireacht na Cóiré, chomh maith le tíortha eile na hÁise. Mholfainn an leabhar seo freisin d’aon duine a bhfuil suim aige nó aici i ndírbheathaisnéisí. Tuairisc bheo is ea an rogha dánta seo ar bheatha an mhórfhile. Tuairisc ghonta ach tuairisc a fhágann go leor ceisteanna ar an intinn.

22

Feasta, iúil 2013



Ómós do Ruairí Ó Brádaigh

B

le Pádraig Ó Baoighill

hí na mílte i láthair nuair a tugadh corp ruairí Uí Bhrádaigh, iar-uachtarán Shinn Féin Poblachtach go hEaglais An Chroí ró-Naofa, ros Comáin, tráthnóna Aoine agus arís maidin Dé Sathairn, an 8ú Meitheamh, don tórramh. Ag aifreann an tórraimh a raibh ceathrar sagart páirteach ann, dúirt an sagart Mac Lochlainn faoi ruairí:– Athair dílis teaghlaigh a bhí ann a raibh dearcadh láidir poblachtach aige a fuair sé óna mhuintir. Comharsanach maith a bhí ann a raibh meas ag muintir ros Comáin air. Ba mhian leis tír aontaithe gan roinn agus fostaíocht a bheith ag óg agus sean. Bhí suim aige sa dúchas as ar oileadh é, ina cheantar féin, ina chreideamh, agus ba mhaith leis leanúnachas a fheiceáil sa dúchas sin. Ba i nGaeilge a bhí formhór an aifrinn agus b’aoibhinn ceol na bpíob, na fidle, na hamhráin, an cór agus na paidreacha. Níor chuir an líon mór gardaí a bhí thart fán eaglais isteach ar phobal an aifrinn ach níor thaitin sé leis an teaghlach ná le lucht reachtála an tórraimh. Ag deireadh an aifrinn labhair Conchúir Ó Brádaigh agus dúirt sé an méid seo faoina athair:– Ba athair caoin cinéalta a bhí ann a ghlac páirt ghníomhach lena bheanchéile i dtógáil an teaghlaigh. … Chomh maith le saoirse na hÉireann, bhí suim aige i saoirse i dtíortha eile ar fud an domhain. … Bhí grá aige riamh don teanga Ghaeilge agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar na cuairteanna ar Ghaeltacht Chonamara agus an deis a thug sé dúinn mar theaghlach eolas a chur ar ár ndúchas agus ár gcultúr. Ba dhuine nach raibh aon bhaint aige le seicteachas de chineál ar bith. Go minic thug cuid de na meáin a mhalairt de thuairim nár léirigh fírinne na beatha. A Mhuintir rugadh ruairí Ó Brádaigh i mBaile Longfoirt ar an 2 Deireadh Fómhair 1932. Ba dhuine é de thriúr teaghlaigh a bhí ag Matt Ó Brádaigh as Béal Átha na Laoi i gCo. Longfoirt agus May Mac www.feasta.ie

Gafraidh as Béal Feirste, a raibh ceangal acu le Tír Chonaill. Bhí an bheirt acusan an-ghníomhach i nGluaiseacht na Poblachta, Matt in Óglaigh na hÉireann agus May i gCumann na mBan. Bhí a dheartháir Seán an-ghníomhach i Sinn Féin sna seachtóidí, agus ar fheabhas mar oifigeach poiblíochta agus mar theagascóir, agus ba mhinic a dheirfiúr Máire (May Óg) páirteach i ngníomhaíocht toghcháin nuair a toghadh ruairí mar Theachta Dála do Shinn Féin do Longfort / An Iarmhí i 1957. Ba as Sráid na hEaglaise i ros Comáin a bhean chéile, Patsy Ní Chonchúir, a sheas leis i gcónaí mar a rinne a sheisear teaghlaigh, Matt, Conchúr, ruairí Óg (a bhí seal mar eagarthóir ar Saoirse), Colm, Deirdre agus Eithne. I dTír Chonaill bhí máthair ruairí, May, páirteach i gConradh na Gaeilge, agus i Longfort bhí sí seal mar chathaoirleach ar an Chumann Camógaíochta. A Óige Go méanscoil Naomh Mel i Longfort a chuaigh ruairí Ó Brádaigh, agus ansin i 1950 go Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, áit ar bhain sé céim amach sa tráchtáil agus teastas i dteagasc na Gaeilge. Theagasc sé ina dhiaidh sin lena bhean chéile, Patsy Ó Conchúir, sa cheardscoil i ros Comáin, agus cé gur chaill sé a phost de bharr a ghníomhaíocht leis an I.r.A, thug Coiste Gairmoideachais ros Comáin a phost ar ais dó i 1965. Ba le linn dó a bheith ar an Ollscoil a chláraigh sé le Sinn Féin; bhí sé ar an Ard-Chomhairle i 1954 agus ar Chomhairle an Airm i 1956. Bhí siad ag ullmhú an t-am sin do Chogadh na Teorann agus ghlac ruairí páirt in ionsaí ar bheairic Chonstáblacht ríoga Uladh i nDoire Uí Fhloinn i gCo. Fhear Manach; bheir na gardaí air féin agus ceathrar eile a bhí sa cholún agus fuair siad téarma príosúntachta. Saol Corrach Saol corrach go leor a bhí ag Ó Brádaigh ina dhiaidh sin, gníomhach i gcúrsaí míleata agus polaitíochta, ag éaló go caithréimeach le Dáithí Ó Conaill as príosún an Churraigh i gCill Dara, in achrann polaitiúil le comrádaithe a bhí ag imeacht ó bhunphrionsabail an phoblachtánachais Éire a bheith saor ó 24

Chorcaigh go Málainn ó aon saighdiúir de chuid na Breataine. Ag deireadh na gcaogaidí bhí tréimhse cineál ciúin ann, agus ansin i 1969 tháinig an t-ionsaí uafásach ar Shráid Bombay i mBéal Feirste, agus thosaigh náisiúntóirí an Tuaiscirt ag teicheadh ó dheas. Bhí ruairí páirteach i mbunú na Sealadach a scar ón dream oifigiúil, agus toghadh ina Uachtarán ar Shinn Féin é i 1970, post ar chruthaigh sé go héifeachtach ina bhun gur éirigh sé as i 1993. Sinn Féin Poblachtach Ní scéal úr ar bith gur tharla scoilt i nGluaiseacht na Poblachta, agus shiúil ruairí Ó Brádaigh agus a lucht tacaíochta amach ó Ardfheis 1986, bhunaigh siad Sinn Féin Poblachtach agus bhí sé ina Uachtarán ar an eagras sin ó 1986 go 2009, nuair a d’éirigh sé as de bharr a shláinte. Bhí sé soiléir ó dhiúltaigh Mac Adhaimh agus Mac Aonghusa agus a lucht taca do pholasaí Éire Nua go raibh seo ag teacht. Bhíthear ag cur i Leith Uí Bhrádaigh nach raibh sé ar son próiseas síochána, ach ní hin mar a bhí. Ba mhinic a bhuail sé le hAondachtóirí ó Thuaidh le cúrsaí síochána a phlé, agus bhí baint aige le cainteanna le hionadaí na Breataine agus leis na ministéirí Protastúnacha ón tuaisceart a bhí i bhFiacail, Co. an Chláir. Ba é Deasún Daltún ó Chontae Chill Dara a ceapadh ina Uachtarán ar Sinn Féin Poblachtach in 2009, agus bhí seo le rá aige faoina sheanchara:– Ba cheannródaí i bpoblachtánachas na tíre seo é sa dara leath den 20ú céad. Fear cróga onórach a bhí ann agus b’obair éachtach a rinne sé. Is bocht an cás gur chuir rialtas na tíre fórsa mór gardaí go dtí an tórramh seo ar lá a adhlactha, rud a bhí míshásúil dá theaghlach. Tá súil agam nach bhfeiceann muid an Heavy Gang a bhí ann ag teacht ar ais. Scríbhinní Diomaite de mhórán scríbhinní a rinne ruairí do Shinn Féin, Éire Nua agus Saoirse ó 1986, scríobh sé leabhar tarraingteach faoina sheanchara, An Ginearál Tomás Mag Uidhir – Dílseacht a chur Preas na Saoirse i gcló i 1997. Fuair Mag Uidhir, as an Chrois, Co. Mhaigh Eo ,a bhí i gceannas sa Dara rannán Iartharach i gCogadh na Saoirse (1919-23), bás i 1993 in aois a 101 bliain. Bhí a mhac an Dr Seán Mag Uidhir as Caisleán an Bharraigh, seanchara de chuid ruairí le blianta fada, ag an tórramh ar an Satharn. Feasta, iúil 2013


Ba mhór an spéis a chuir an staraí, Déan na nEalaíon Liobrálach robert W. White as Ollscoil Indiana, i saol ruairí Ó Brádaigh agus gluaiseacht Na Sealadach sa tír seo ó 1970 i léith. Chaith sé sé mhí ag am amháin sa tír seo agus chuir sé leabhar 438 leathanach le chéile de thaighde chuimsitheach ar ábhar a bhí corraitheach go leor. Agus d’ainneoin an scoilt a bhí ann, níl gangaid ná faltanas le feiceáil in insint an údair, an ghairmiúlacht go soiléir ó thús go deireadh. Agus don té ar mian leis eolas níos fearr a chur ar ruairí Ó Brádaigh agus a shaol, is fiú an leabhar The Life and Politics of an Irish Revoluntionary a léamh. Bhí aithne agam féin ar ruairí Ó Brádaigh le breis agus leathchéad bliain. Ba dhuine onórach ionraic é, a bhí dílis do chuspóirí Tone agus an Phiarsaigh, agus a chreid nach mbeadh sé indéanta saoirse bhuan a bhaint amach go mbeadh fórsaí na Breataine imithe as an tír. Ba ghráin leis Stormont, An Bord Póilíneachta agus aon námhaid eile a d’fhág deighilt sa Tuaisceart. Bhí sé anbhriste faoi na stailceoirí ocrais, agus ní róshásta a bhí sé faoi oibriú ceannais an ama sin. Ag an mháirseáil i mBun Dobhráin anuraidh, bhí sé i láthair i ndiaidh babhta tinnis agus d’ainneoin céim bhacáil (de bharr taisme bóthair i 1984) shiúil sé an cúrsa ar fad linn amach go dtí Leacht Cuimhneacháin na stailceoirí ocrais ar Bhóthar Shligigh. Ba sin an sracadh a bhí san fhear, gan géilleadh, dílis go deireadh. Léirigh Dan hoban as Baile Uí Fhiacháin an spiorad do-chloíte sin ina óráid ar bhruach na huaighe:– Tá mé brónach, ach bródúil as saighdiúir dílis d’óglaigh na hÉireann, comrádaí le seasca bliain. Agus é breoite cupla oíche ó shin, dúirt sé liom gur las muid bladhaire na saoirse, go raibh fir agus mná ar dóigh againn, agus go raibh súil aige go raibh glúin óg le theacht. Níor dhíol Ó Brádaigh aon rud riamh leis an námhaid, é dáiríribh go deireadh. An Ghaeilge Luaigh mé cheana an tacaíocht a thug sé don Ghaeilge agus mar a lean a sheisear teaghlaigh den traidisiún sin. Bhí sé soiléir go raibh spiorad an Ghaelachais agus an cheoil dúchais go mór chun cinn ag aifreann an mhairbh ar an Satharn agus ina dhiaidh sin ar bhruach na huaighe gur chuir cantaireacht bhríomhar Amhrán na bhFiann sa teanga dhúchais go glórmhar lena adhlacadah i gCré na Cille. Solas na bhFlaitheas dá anam uasal! ◊ www.feasta.ie

Seolann Aire na Gaeltachta an iris TAIRSEACH

Bhí an tIonad Fáiltithe i Scoil na Meán, Sráid Áinséir, BÁC, plódaithe nuair a thug Aire na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich a chéad chuairt ar an Institiúid le deireanas chun an iris TAIrSEACh a sheoladh, agus chun aitheantas a thabhairt d’obair na Gaeilge san Institiúid. Bhí léachtóirí agus mic léinn ó Scoil na Meán i láthair chomh maith le baill foirne ó scoileanna eile san Institiúid, agus cuairteoirí ó Eagraíochtaí Gaeilge. ‘Is iris bhliantúil í Tairseach a fhoilsíonn na mic léinn sa 4ú bliain, agus is cuid bhunúsach í d’obair phraiticiúil Ghaeilge na mac léinn ar an BA in Iriseoireacht le Teanga (Gaeilge),’ a dúirt Cathaoirleach na hócáide agus Stiúrthóir na hirise Íte Ní Chionnaith, agus í ag labhairt faoi thábhacht na Gaeilge in oiliúint iriseoirí agus chraoltóirí. Tá idir throm agus éadrom san eagrán reatha, altanna faoin scéim oibre JobBridge, freacadóireacht, dúnmharú an mhic léinn ó Munich a bhí ag staidéar i mBÁC, mná gnó áilleachta, ciníochas i gcúrsaí spóirt, albaim cheoil srl. agus tá an t-ábhar go léir i bhfoirm shnasta, tharraingteach, lándaite. D’fháiltigh Brian O’Neill, Ceannasaí Scoil na Meán, roimh an Aire agus rinne sé comhghairdeas leis na mic léinn a chuir an iris le chéile, Stephen Bourke, Casey Fitzgerald agus Declan Marron, agus lena stiúrthóir Íte Ní Chionnaith. ‘Aithnímid an Ghaeilge mar chuid thábhachtach d’oiliúint na mac léinn Iriseoireachta agus Meán Cumarsáide,’ a dúirt sé agus é ag trácht ar thraidisiún láidir Gaeilge Scoil na Meán. Mhol an tAire Mac Fhionnlaoich saothar na mac léinn: ‘Tá sé soiléir go bhfuil sár-obair curtha isteach agaibh, agus an iliomad ábhar clúdaithe agaibh,’ ar seisean. ‘Léiríonn bhur gcuid oibre díograis agus dílseacht d’ár dteanga náisiúnta. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an iriseoireacht i nGaeilge do phobal na Gaeilge agus is dea-shampla í an obair atá ar siúl anseo.’ Thug an tAire aitheantas ar leith d’Íte Ní Chionnaith, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na Meán, atá ag dul ar scor an Samhradh seo tar éis 33 bliana ag saothrú ar son na Gaeilge san Institiúid. ‘D’fhág sí a lorg ar chúrsaí Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Institiúid,’ ar seisean, agus thug sé moladh ar leith di as a cumas i gcúrsaí craoltóireachta. • Thuas, iriseoirí Tairseach 2013, ó chlé: Casey Fitzgerald, Declan Marron & Stephen Bourke, leis an Aire, Donnchadh Mac Fhionnlaoich.◊

AN SAoL le Mícheál ó hAllmhuráin an fíor nach bhfuil aon ní nua ann fén ngréin go mbíonn an saol céanna i réim go síoraí go dtagann is go n-imíonn gach ní fé scéim a dheimhníonn go bhfanann an réaltacht cruinn gan aon fhorbairt ná nuaíocht le sonrú ar aon taobh

na léirtuiscintí go léir a lonraíonn a leithéid nach bhfuil siad bunaithe ar mheabhraíocht chinn fréamhaithe i ndiagacht a bhí i gcumhacht i ré nó i reiligiún atá scuabtha ar leataoibh ag fórsaí a fhógraíonn an fhírinne le faobhar

an bheatha-shlabhra seo atá beo ar ár bplainéad lúb ar lúb nach bhfuilimidne á sníomh ag cur leis an ilghnéitheacht i láithriú ár lae sea, ag cruthú go húrnua eisintí nach raibh riamh ann cheana i dteacht na dé

mar sin, as seo amach fair ar an ngréin mar sholas-pheann a bhíonn ag scríobh i gcónaí i ndialann na síoraíochta cuntaisí ar an saol a bhíonn ag síor-theacht chun foirfeachta is fuascail go fíor cén pháirt atá agat féin san úr-dhéanamh go léir 25

Feasta, iúil 2013


BLÚIRÍNÍ le Pádraig Mac Fhearghusa

• CLG i gConamara D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., le deireanas go raibh allúntas de €100,000 á cheadú aige do Chumann Lúthchleas Gael – Comhairle Chonnacht. Ceadaíodh seo chun cuid de na costais reatha a bhaineann le raon gníomhartha a thacaíonn le neartú na Gaeilge a mhaoiniú. Imeachtaí spóirt faoi stiúir na Comhairle i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna Ghaeltacht na Gaillimhe atá i gceist. Ar mhaithe le ‘normalú na Gaeilge mar theanga cumarsáide i measc an aosa óig’ an tacaíocht seo, a dúirt an tAire. • Comhdháil Litríochta, Gaillimh Beidh an dara comhdháil is fiche ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar an Aoine – Satharn, 11/12 Deireadh Fómhair. Na haoichainteoirí ná: An Dr. Stiofán Ó Cadhla, Col. na hOllscoile, Corcaigh; An Dr. Deirdre Ní Mhathúna, Col. Phádraig, Droim Conrach; An Dr. Brian Ó Catháin, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Comhfhreagras: litriochtcultur2013@gmail.com • Gaeltacht Thír Eoghain Tairbhe agus taitneamh le baint as Scoil Samhraidh Ghaeilge, 1 – 5ú Iúil. Seo an 4ú bliain a bhfuil ‘Gaeltacht Thír Eoghain’ á reáchtáil ag: 20, The Diamond, Cabhán an Chaorthainn nó Pomeroy, Co. Thír Eoghain. Bíonn ranganna Gaeilge creidiúnaithe ar fáil ag leibhéil difriúla, maraon le hócáidí cultúrtha eile a bhaineann leis an teanga, um Nollaig, Oíche Shamhna, agus deireadh seachtaine na Féile Pádraig. Fáilte roimh dhuine ar bith ar suim leis nó léi an Ghaeilge. Eolas: kathleenburnsiil@gmail.com nó glaoigh ar 028 87757800. • CLG & an Ghaeilge Bhí ócáid ag Cumann Lúthchleas Gael ar Ardán Uí Ógáin i bPáirc an Chrócaigh ar an Déardaoin, 13 Meitheamh, chun a bhfeachtas nua Gaeilge a chur i láthair. Ag an ócáid fáisnéise seo de chuid Choiste na Gaeilge, thacaigh na himreoirí seo leis an bhfeachtas: Joe www.feasta.ie

Ábhar gairdis d’Éireannaigh, agus do roinn Oideachais Éireannach, na trí gaelscoileanna nua atá le hoscailt i Meán Fómhair 2013: Gaelscoil na Giúise, Teach na Giúise, Baile Átha Cliath 24; Gaelscoil Shliabh rua, An Chéim, BÁC 18, agus Gaelscoil Mhic Aodha, Baile Chill Dara. Tuismitheoirí na scoileanna nua a roghnaigh ainmneacha dóibh: tagairt is ea ‘Gaelscoil na Giúise’ do na crainn as ar ainmníodh an ceantar; sean-ainm ar Bhinn Trí Charraig is ea ‘Sliabh rua’, agus toisc go mbeidh Gaelscoil Mhic Aodha lonnaithe amach anseo i nDún Mhic Aodha, bheartaigh pobal na scoile aird a thabhairt ar stair na beairice. • (Thuas, mug-seat d’oifigeach a mhol don Aire gur chuí bac a chur ar neartú na gaelscolaíochta; áirítear gur fuadaíodh tamall ó shin é).◊

Canning (Gaillimh), Ciarán Kilkenny (Áth Cliath), Marc Ó Sé, (Ciarraí) agus Neil McGee, (Dún na nGall). • Feasta ar an Idirlíon Bíonn clár Feasta, agus suas le trian d’ábhar míosúil na hirise, le fáil ag www.feasta.ie: gabh isteach in ‘cartlann’, gliogáil arís ar chlúdach an eagráin atá uait, gliogáil arís eile fós ar ‘clár na míosa’ agus chífear na téacsanna den eagrán sin atá ar fáil, gearrscéal etc., i ndath dearg. B’fhéidir gurb é an bealach is fusa le tagairt do scríbhneoir ar leith, a raibh ábhar aige ar Feasta sa tréimhse 2001 – 2013, a aimsiú ná gabháil isteach in Google. Mura bhfuil fhios agat cathain a bhí scéal áirithe le Frainc Ó Murchadha ar Feasta, cuir i gcás, clóscrígh isteach “Frainc Ó Murchadha” agus Feasta agus scéal ar Google, chun an cuardach a theorannú de bheagán, agus ba chóir go mba chúnamh duit na cláir mhíosúla atá ar an idirlíon ó Bhealtaine 2000 i leith. Tá innéacs cuimsitheach ar Feasta (1948 – 2000) curtha fáil ag Liam Mac Peaircín, ar ndóigh, ach beidh tamall ann cheal airgid go n-iomlánófar sin. • An Ceadúnas Teilifíse Tá leagan Gaeilge den suíomh idirlín www.tvlicence.ie ar fáil anois. Is féidir, dá réir, ceadúnas teilifíse a cheannach as Gaeilge. Tá An Post le moladh as an tseirbhís seo. Bhfuil fáth, ámh, nach mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí sna hoifigí poist féin amach anseo? Fear na cumhachta Declan Small, Bainisteoir, An Post ag declan.small@anpost.ie. • Tionól Gaeltachta Beidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 ar Oileán Árainn Mhóir, Co. Dhún na nGall, 4 - 7 Iúil 2013. Déan teagmháil le Mairéad Seoighe ar +353 (0)1 4757401 / mairead@cnag.ie láithreach, más mian leat teacht chuig tóstal na nGaeilgeoirí ar Árainn Mhór an samhradh seo. 26

• Sliabh Bladhma Chonac i dteachtaireacht ó Áine Máire Uí Chuirc go bhfuil muintir Laoise ag cloí le dea-nósanna sláintiúla. Bhí siúlóid acu, trí Ghaeilge gan dabht, ar Shliabh Bladhma, dúthaigh cheilte Fhinn Mhic Cumhail, ar an 8 Meitheamh. • An Trá Mhór Le haghaidh Bhliain na Gaeilge beidh ‘Caife le Gaeilge' ar siúl in Ionad Cultúrtha an Gharda Chósta, an Trá Mhór, Co. Phort Láirge, ag 11a.m. ar an Máirt deiridh den mhí. Labhair Gaeilge leo! Eolas: 087 6400184 • Scéal do Scríbhneoirí Suíomh idirlín Nua-Ealaíne le bheith i nGaillimh chun árdán a thabhairt dóibh siúd ar mhaith leo na hamharc-ealaíona comhaimseartha a phlé trí Ghaeilge. Fáilte roimh scéala ó scríbhneoirí na Gaeilge. Beidh comórtais scríbhneoireachta ar an ábhar ar siúl sa bhfómhar. Eolas: nuaealaín0@gmail.com. • Gaelscoileanna Bhí oíche eolais do thuismitheoirí ag an bhForas Pátrúnachta agus Gaelscoileanna i nDumhach Trá / An rinn, ar an 5 Meitheamh in ionad pobail na rinne, BÁC 4. D’fhógair an roinn Oideachais go n-osclófar bunscoil nua i gceantar Dumhach Trá / An rinn i Meán Fómhair 2014. Tá an Foras Pátrúnachta ag iarraidh freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar agus chuige sin, tá an Foras ag déanamh iarratais ar phátrúnacht na scoile nua agus teastaíonn tacaíocht an phobail uathu. An Foras an t-aon córas pátrúnachta a bunaíodh chun oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus tá 67 scoil faoina phátrúnacht. www.foras.ie. Teil: 01 – 6294110; r-phost: eolas@foras.ie • Gael-Taca, Corcaigh Bíonn an Café Cois Laoi, Port Uí Shúilleabháin gnóthach: anraith, ceapairí agus sailéid bhlasta. roinnt stoc nua sa siopa, idir leabhair, chochaill agus t-léinte. ◊ Feasta, iúil 2013


www.feasta.ie

27

Feasta, iĂşil 2013



Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.