Meán Fómhair 2013
• Smaointe Polaitíochta: Saoirse d’Albain le Seán Ó Loingsigh • Lorca agus na Léinte le Alan Titley • Gearrscéal ó Eibhlín & Diarmaid Ó Tuama • Patrick Pearse: Collected Plays á mheas ag Mairéad Ní Chinnéide • Saoránach versus Parlaimint na hEorpa le Pádraig B. Ó Laighin • Íomhá chlúdaigh: Ciarraí v Baile Átha Cliath le Paul Downey
€5
Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 9 ISSN 0014-8946
— Clár — • Eagarfhocal: An Straitéis 20 Bliain agus an Ghaeltacht ..... 4 • Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh ....................... 5 • Dán: Lorca agus na Léinte le Alan Titley ........................... 6 • Nóinín, scéal le hEibhlín Ní Thuama-Briggs (arna aistriú ón mBéarla ag Diarmaid Ó Tuama) ........................................ 7 • Dánta le Mícheál Ó hAllmhuráin & Gearóid Ó Clérigh ...... 8 • Ár nGalar agus ár nGá, Colm Ó Tórna ar a mharanadh .... 9 • Quebéc, Louis Riel agus Éire le Seán Ua Cearnaigh ......... 12 • Anseo agus Ansiúd ................................................... 13 & 16 • Patrick Pearse: Collected Plays / Drámaí an Phiarsaigh, Eag: Róisín Ní Ghairbhí agus Eugene McNulty, á mheas ag Mairéad Ní Chinnéide ...................................................... 14 • Saoránach versus Parlaimint na hEorpa, bua suntasach ar son na teanga, le Pádraig B. Ó Laighin ............................. 15 • Meallta ag Malick, tráchtann Mícheál Ó hAodha ar The Tree of Life, stiúrtha ag Terrence Malick .................................. 17 • An Barr Bua, eag. Pádraig Mac Piarais. Cóirithe ag Aindrias Ó Cathasaigh, á chur i láthair ag Aengus Ó Snodaigh ...... 19 • Smuf le Alan Titley á mheas ag Peadar de Blúit. Impí Linbh, dán le Ralph de Prendergast ............................................ 21 • Tuige Nach is Tuige Go…? Meáin na Sámaise san Iorua le Pádraig Ó Snodaigh .......................................................... 22 • Suaimhneas agus Míshuaimhneas le Seán A. Mac Mathúna, á mheas ag Brian Ó Dochartaí ......................................... 23 • Land of Dreams á mheas ag Peadar Bairéad ................... 24 • Athbheochan na hAthbheochana, Micheál Mac Gréil, SJ ... 25 • Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa .................................. 26 © Feasta agus na Scríbhneoirí • Ciarraí v Baile Átha Cliath, ón taispeántas le Paul Downey ag Gailearaí Frank Lewis, Lána na Smachtlainne, An tSráid Nua, Cill Airne, 3 Meán Fómh. - 31 Deir. Fómhair. Fón: 353 (0)64 6631108 Rp: info@franklewisgallery.com
Eagarfhocal Meán Fómhair 2013
N
íl aon amhras ná gur chuir gluaiseacht na Gaeilge agus pobal na teanga i gcoitinne na múrtha fáilte roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nuair a foilsíodh í ar dtús in 2010. Bhí dóchas go hard, ní don chéad uair, go raibh an teanga curtha anois ar bhóthar a slánaithe. Fiú an ghéarchéim eacnamaíoch, níor bhain sí mórán den dóchas. Nach raibh an saol mór ag cur fáilte roimpi, lucht rialtais agus polaiteoirí Dála agus Seanaid, den uile chineál, ina measc! Mar ba dhual dúinn ní rabhamar féin gan ár n-agúis. Ba é a bhí beartaithe don Ghaeilge sa státseirbhís, i bhfianaise an drochbhail ina raibh sí ansin, an ghné ba mheasa ar fad. Agus ag leanúint uaidh sin ní rabhamar sásta, ní hé chomh mór sin go raibh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfeighil comhordaithe agus cur i bhfeidhm na Straitéise, ach gur i bpáirt le coistí idir-rannacha a bhí sé sin le déanamh. An bhféadfaí a bheith muiníneach as dúthracht dreama a raibh oiread neamhairde léirithe acu maidir leis an teanga? Bhí nithe eile i gceist, ar ndóigh: An Ghaeltacht, mar shampla, agus an bhéim a bhain le pleanáil agus pleananna teanga: ní Gaeltacht a bheadh ann feasta ach Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta, faoi mar nár ghnáthshaoránaigh iadsan a bhí ina gcónaí ann, nó go raibh siad ar a dtriail ar chuma éigin. Luamar ár n-imní faoin easpa daonnachta agus conas mar a ghlacfadh muintir na Gaeltachta le teoiriciúlacht agus acadúlacht, agus bhíomar imníoch freisin faoin laghdú stádais a bhí i gceist i gcás an Údaráis, go háirithe maidir le ceart an phobail a n-ionadaithe féin a roghnú ar an mBord.
REIVIÚ den Smaointeachas Éireannach litríocht, eolaíocht, polaitíocht • Feasta tríd an bpost!
Pé olc maith iad, tá na hathruithe seo tar éis tarlú, agus anois tá Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: 2010 – 2013 na Straitéise curtha i láthair ag Aire Stáit na Gaeltachta. Mura bhféadfaí a rá go bhfuil aon mhaolú déanta ar na hagúis a luaitear thuas de thoradh na tuarascála, tá an beart sin déanta. Go deimhin tá súil againn nach bhfíorófar oiread agus ceann amháin dár n-ábhair imní.
12 eagrán tríd an bpost ar €75 (€100 lasmuigh den Eoraip) Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí. 353-(0)87-2421267 Suíomh idirlín: www.feasta.ie
• Eagarthóir
I gcás na Gaeltachta, go háirithe, ba mhaith linn ar an ócáid seo béim a leagann ar chuid de na nithe is mó a chabhraíonn le buanseasamh na teanga ansin, bíodh gur fada go leor díobh seanbhunaithe agus ina gcuid den ghnáthshaol sa Ghaeltacht faoin am seo. Tá na comharchumainn ag feidhmiú go fóill agus is maith ann iad. Is amhlaidh freisin i gcás na naíonraí agus i gcás na hóige i gcoitinne. Agus is breá linn a léamh sa Tuarascáil go bhfuil 19 n-oifigeach Gaeilge fostaithe ag coistí i gceantair éagsúla ar fud na tíre. Treise le gach uile dhuine díobh. ◊
www.feasta.ie
Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire. Fón: 353-(0)66-7124169. Ríomhphost: feasta@eircom.net
• Foilsitheoirí CONRADH NA GAEILGE Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áit san iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.
3
Feasta, Meán Fómhair 2013
‘An dteastaíonn uait go mbeadh Albain ina tír neamhspleách?’
N
ach beag an tsuim a chuirtear anseo in Éirinn i gcúrsaí laethúla agus go háirithe i gcúrsaí polaitíochta na hAlban, d’ainneoin a bhfuil de cheangail ó thaobh na staire idir an dá thír agus an dá mhuintir, gan trácht ar aon chor ar an dlúthnasc atá eadrainn ó thaobh na teanga a labhraíodh go coitianta sa dá thír ní i bhfad ó shin? Nach dhá ghéag den teanga chéanna atá i gceist go bunúsach. Tá sé ina nasc breise, ar ndóigh, go bhfuil an teanga shinseartha seo faoi mhórbhrú anseo agus thall. Ach ní cúrsaí teanga atá i gceist againn an iarracht seo ach cúrsaí polaitíochta. Ba i 1999, gan mórán coinne leis, a fuair Albain a parlaimint féin tar éis trí chéad bliain a chaitheamh faoi riail dhíreach ón bparlaimint i Londain, ach ba lú fós an choinne a bhí leis go mbeadh an Scottish National Party, Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba sa seanteanga, i mbun rialtais ansin faoin mbliain 2007. Is polaiteoir fíorchumasach é Alex Salmond atá anois i gceannas ar an SNP agus ina Chéad-Aire sa rialtas. Má shíl a chomhpholaiteoirí sa Bhreatain, sa Phairtí Caomhach agus i bPáirtí an Lucht Oibre, go háirithe, gur leathamadán a bhí ann, tá fios a mhalairt anois acu. Tá éirithe thar barr le Alex Salmond go dtí seo, ach tá an dúshlán is mó ar fad roimis go fóill. Faoi cheann bliana reachtáilfear reifreann ina thír dhúchais agus is í an cheist a bheidh á cur ná: ‘An dteastaíonn uait go Cearc mbeadh Albain ina tír Fhraoigh neamhspleách?’ Faoi láthair deir na pobalbhreitheanna gur freagra diúltach a bheidh i gceist, ach is cinnte nach féidir talamh slán a dhéanamh de gur mar sin a bheidh lá an reifrinn. Tá an bhearna ag laghdú, agus tá ag éirí go maith leis an tír faoin neamhspleáchas teoranta atá i gceist ann faoi láthair. Go deimhin is é an baol is mó do Salmond ná go ndéarfaidh go leor: ‘Táimid ag déanamh go maith mar atá, cén fáth dúinn dul sa tseans ar neamhspleáchas iomlán?’ Anois le déanaí tá casadh eile tagtha sa scéal seo, agus aisteach go leor is ar an www.feasta.ie
Smaointe Polaitíochta
shaothraigh an talamh leis na cianta, agus gur tharla sé sin le lántoil an rialtais i Londain. Ní hé, is dócha, an oiread sin eolais atá againn sa tír seo ar an slad seo a tharla dár ndaoine muinteartha in Albain. Bhí gorta acu mar a bhí againn féin, agus níl amhras ná gur baineadh úsáid as ansin, mar a baineadh anseo, chun daoine a bhí ar an gcaolchuid a dhíbirt. Chualamar, gan amhras, faoi na ‘Clearances’, ‘Fuadach nan Gàidheal’ agus ‘Bliadhna nan Caorach’ mar a tugadh orthu sa teanga dhúchais. Is beag tuiscint atá againn i ndáiríre ar an uafás agus easpa daonnachta a bhí i gceist. Lean an bánú seo ó dheireadh na hochtú haoise déag isteach go lár an chéid ina dhiaidh sin. Seachas an Gorta Mór féin, a raibh an aigne chéanna ar a chúl, is ar éigean gur tharla aon ní chomh holc leis anseo.
S
Seán Ó Loingsigh Ócáid mhór ar fad a bhíonn ann ag an dream ar a ngairtear an ardaicme, murab amhlaidh é ag an gcearc fhraoigh bhocht. taobh eile den teorainn i Sasana is mó a thosaigh sé. Tá cáil mhór ar an ‘Glorious 12th’ in Albain. Sin an dáta i lár Lúnasa a thosaíonn séasúr seilge sa tír sin, ach go háirithe foghlaeireacht na gcearc fraoigh. Ócáid mhór ar fad a bhíonn ann ag an dream ar a ngairtear an ardaicme, murab amhlaidh é ag an gcearc fhraoigh bhocht.
A
ch ar chúis éigin i mbliana tharraing an ócáid aird ar cheist úinéireacht na talún in Albain, bíodh gur fíor gur bhunaigh an rialtas dream ar a dtugtar ‘The Scottish Land Reform Review Group’ in 2012 chun ceist seo na húinéareachta a iniúchadh. Pé ní, tá aird dírithe arís ar fhadhb a bhí follasach leis na cianta. Tá, a deirtear linn, leath na hAlban i seilbh 432 úinéir. Is beag sólás do mhuintir na tíre sin gur sliocht na seantaoiseach dúchasach cuid mhór de na húinéirí seo, agus gur le slad agus le héigean agus le gorta a cuireadh as seilbh na daoine a 4
a scéal seo deintear dearmad ar ghné thábhachtach den stair, agus an mhórdhifríocht idir ar tharla anseo in Éirinn agus thall in Albain. Is in 1879 a bunaíodh Conradh na Talún i gCaisleán a’ Bharraigh agus daoine mór le rá mar Micheál Mac Daibhéid agus Parnell i gceannas air. Ní gan stró agus achrann, ach mar thoradh ar an gcorraíl agus gríosú a eagraíodh thar thréimse cúig bliana is fiche, a ritheadh na hachtanna talún éagsúla trínar ceannaíodh an chuid is mó de thalamh na hÉireann ó na tiarnaí talún. Ba réabhlóid shóisialta a bhí curtha i gcrích, bíodh gur ‘talamh na hÉireann i seilbh mhuintir na hÉireann’ a bhí mar mhana ag an Daibhéideach: beag an baol gur tharla sé sin ná go dtarlóidh ach oiread. I ndeireadh na dála, níor tharla aon athrú den chineál céanna in Albain. Bíodh go raibh a leagan féin de Chonradh na Talún acu, ba ar scála i bhfad róbheag é chun go mbeadh aon toradh fónta air. Is aisteach leis, ar ndóigh, go mbeadh oiread le rá i Sasana faoi cheist úinéireachta talún in Albain. Tar éis an tsaoil rithfeadh sé le duine réasúnta gur beag de dhifear idir an staid ina bhfuil cúrsaí seilbhe sa dá thír. B’fhéidir gur measa na cúrsaí sin i Sasana, fiú, sa mhéid nach í an uasaicme amháin atá i seilbh na réimsí talún ach baill den ríochas féin, an Bhanríon féin agus a mac Prionsa na Breataine Bige san áireamh. Is é an difear is mó idir chóras Feasta, Meán Fómhair 2013
ríochais na Breataine agus an córas mar atá i dtíortha eile san Eoraip ná an seilbh seo ar réimsí ollmhóra de thalamh na tíre. Is léir, áfach, nach gcuireann sé as do mhuintir Shasana. pé ní faoi mhuintir na hAlban. Tá, gan amhras, préamhacha ag an gceist seo i bhfad siar sa stair, siar amach go dtí Díscaoileadh na Mainistreacha le linn réimeas Anraí Alex Salmond VIII. Más é an ríochas agus an uasaicme is mó a bhí ina bhun, agus na manaigh agus an ghnáthmhuintir is mó a bhí thíos leis, is saint agus sciobadh talún ar scála ollmhór a bhí mar thoradh air. Ní sa Bhreatain amháin a tharla an drochobair seo, agus is é an meon céanna a spreag impiriúlachas i gcoitinne, pé áit ar domhan a tharla sé sin. Mar a dúradh, is aisteach go bhfuil an cheist seo tagtha chun cinn anois arís i Sasana, go háirithe nuair atá an reifreann seo ag tarlú in Albain, agus
gurb iad is dóichí a thiocfaidh i dtír air ná Alex Salmond agus a Pháirtí Náisiúnta. Céard é ár ndearcadh anseo in Éirinn? Céard é dearcadh an rialtais, mar ní dócha gur ábhar é ina bhfuil an oiread sin suime ag an ngnáthshaoránach. Dá bhféadfaí, ó thaobh na staire, a bheith ag súil go mbeadh an rialtas anseo i bhfábhar Salmond agus an neamhspleáchais, is féidir nach amhlaidh a bheidh ar aon chor.
I
s féidir leis gur mó is suim leis an rialtas pé tionchar a bheidh ag an toradh ar ár mballraíocht san Aontas Eorpach. Féach go ndúirt Lucinda Creighton, sular éirigh sí as a post mar aire stáit, go gcaithfeadh Albain neamhspleách iarratas a dhéanamh athuair, dá mbeadh uathu leanúint lena mballraíocht san Aontas. Ní raibh aon díocas mór le brath sa ráiteas sin. Cad é an dearcadh i dTuaisceart Éireann? Níor dheacair a thuar, b’fhéidir, go mbeadh Náisiúnaithe ina fhábhar agus Aontachtaithe ina aghaidh. I bhfianaise na staire agus ceangail stairiúla ag an dá thaobh le hAlbain, an mbeidh ról nó páirt acu sa reifreann seo, nó an mbeadh aon
Pleanáil agus Buanú Teanga, Dioplóma nua
S
heol an tAireStáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich Dioplóma nua sa Phleanáil agus sa Bhuanú Teanga in Ionad OÉ Gaillimh, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ar an 25 Iúil. Tá an Dioplóma á thairiscint ag OÉ Gaillimh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain atá i gceist leis an dioplóma seo a thabharfaidh deis do rannpháirtithe eolas agus oiliúint fheidhmeach a fháil ar straitéisí buanaithe teanga agus leas-chleachtais na pleanála teanga. Tá an cúrsa dírithe ar oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh an cúrsa seo feiliúnach dóibh siúd atá ag obair in earnáil na Gaeilge go náisiúnta agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á fheidhmiú acu.
D’fháiltigh an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich roimh an Dioplóma úr: ‘Cinntíonn Acht na Gaeltachta go mbeidh tábhacht as cuimse le tograí buanaithe teanga a thabhairt chun cinn go náisiúnta agus i measc phobal na Gaeltachta go mór mór. Cuideoidh an cúrsa seo le cumasú phobal na teanga chomh maith le forbairt feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Úsáid stuama acmhainní atá sa chomhpháirtíocht seo idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.’ Leag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cualáin, béim ar thorthaí foghlama an chúrsa: ‘Beidh an cúrsa seo fóinteach do phobail atá ag iarraidh an chuid is fearr den phleanáil teanga a thabhairt leo agus a chur i bhfeidhm de réir chúinsí a gceantracha féin.’ Dúirt Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh: ‘Cúrsa é seo a tharraingeoidh ar an léann teanga ach a dhéanfaidh freastal ar riachtanais phobail san am céanna. Beidh scoth na tacaíochta foghlama ag mic léinn an chúrsa seo, agus beidh sé feiliúnach dóibh siúd ar spéis leo ceist na pleanála teanga a scrúdú ar bhealach solúbtha agus saoráideach.’
www.feasta.ie
fháilte roimh a leithéid? Is beag a chualathas go dtí seo agus is féidir gur mar sin a leanfaidh sé. Agus an mbeidh baint ag cúrsaí teanga leis an scéal, pé an Béarla nó Gaeilge, Gáidhlig nó Ultais, mar a ghlaotar anois ar an teanga sin, a bheidh i gceist? ——◊—— Bhí díospóireacht spéisiúil, nó argóint mar ba chruinne a rá, ar siúl le déanaí ina raibh Mícheál Mac Dúbhghaill agus Fintan O’Toole – cé eile! – páirteach, maraon le Stephen Collins, arís ón Irish Times, agus scríbhneoir eagarfhocal an Sunday Business Post. Bhí O’Toole ag rá go raibh teipithe ar an Stát seo againne agus ar thrí phríomhghéaga rialacháin an stáit, an pharlaimint, an córas riaracháin, agus an bhreithiúnacht. Bhí an dream eile go láidir ina aghaidh agus iad ag rá go raibh sé ag dul thar fóir. Níor mhiste an argóint ar aon chuma. Is dócha go mbraitear go raibh go leor geallta ag an rialtas roimh an toghchán, agus gur beag a atá déanta i ndáiríre seachas an reifreann seo atá glaoite faoin Seanad. Féach nach n-aontaíonn gach duine leis sin ach oiread. B’fhéidir go ◊ mbeadh an reifreann céanna suimiúil.◊
De bharr scaipeadh tíreolaíoch na rannpháirtithe, bainfear leas as teicneolaíocht nuálach foghlama leis an Dioplóma seo a chur ar fáil. Beidh deis ag mic léinn an chúrsa a gclár ama staidéir féin a leagan amach agus a chur in oiriúint dá gcúinsí féin. Tabharfar an oiliúint chuí ríomhaireachta do rannpháirtithe an chúrsa ag seisiúin speisialta ionduchtaithe agus déanfar an cúrsa a eagrú ar bhealach a laghdóidh ualach taistil na mac léinn idir Méan Fómhair 2013 agus Márta 2014. Clúdóidh an siollabas réimse cuimsitheach ábhar a bhaineann leis an bPleanáil Teanga agus gheobhaidh na rannpháirtithe oiliúint sna bealaí is éifeachtaí le tabhairt faoi thograí buanaithe teanga a leagan amach dá bpobal féin. Sa chéad bhliain den chúrsa, beidh béim ar leith ar an tsochtheangeolaíocht agus ar chultúr agus ar chomhthéacs na Gaeltachta comhaimseartha. Fáiltítear roimh iarratais ó dhaoine atá ag obair in earnáil na forbartha teanga nó pobail sa Ghaeltacht, nó in earnáil na Gaeilge go náisiúnta, agus ó dhaoine eile a bhfuil spéis acu san ábhar seo. Beidh táille laghdaithe ar an gcúrsa seo ag OÉ Gaillimh mar bheartas taca do phróiseas na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Moltar do rannpháirtithe atá ag obair san earnáil phobail agus teanga sa Ghaeltacht clárú ar-líne agus teagmháil a dhéanamh le hoifigí réigiúnacha Údarás na Gaeltachta le deiseanna tacaíochta a fhiosrú. Ó chlé: Séamas Ó Gallachóir, Údarás na Gaeltachta; Eunan Mac Cuinneagáin, Bord an Údaráis; An tAire Stáit Mac Fhionnlaoch; Seán Ó Cuireáin, Bord an Údaráis; Diarmaid Ó Mordha, Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta; agus Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.◊
LORCA AGUS NA LÉINTE, le Alan Titley Tháinig siad ort sa deireadh, a Fhir Dhorcha, tráth nach raibh d’anam ag eitilt idir an fothrach págánach agus an Ardeaglais naofa
Tusa inar chodail cnámharlach na mílte peidhleacán laistigh ded mhúrtha agus gur ghluais daoscar bog gaotha thar do leiceann
Tusa ar léim an spiorad ionat nuair a chuala tú an tseanbhean ag rá gur chóir an pota a bhaint anuas nuair a chrom an t-uisce ag gáirí
Tusa ar mhinic ar cailleadh tú ar son go bhféadfadh an gearradh ionat tú a choimeád id dhúiseacht bheoga
Tusa a chaith clocha leis an ngealach agus gur tháinig siad ar ais ina dtáinruathair mar bháillíní beaga óir
Tusa a raibh eagla ort a bheith id thamhan gan ghéaga gan bhláth gan chré chun piast an éadóchais ionat a chothú
Tusa a lean an bóthar a bhí plúchta le nóiníní ar a raibh losáin ildaite ag déanamh aoibhnis le chéile ar imeall an mhachaire
Tusa a bhí beo riamh faoi scáil na ndeor ach nach bhfaca bóthar díreach d’aon saghas i gcathair ghríobháin na beatha
Tusa a dúirt gur chaith Íosa a óige ag leanúint na seangán ina gcró beatha agus gur dhein tú féin mar an gcéanna le hiontas
Tusa a raibh na réaltaí ag crith id chroí agus na rósanna go léir ar do ghrua chomh geal leis an bpian a bhí i ndán duit
Tusa a d’fhiafraigh cad ab fhiú cogaí fíochmhara na feola nuair gurbh í corraíl chorrach an anama an t-aon cheist amháin
Tusa a chreid go raibh na mairbh níos beo sa Spáinn ná i dtír ar bith eile de chuid na cruinne agus gur fíoraíodh sin i ndeireadh na preibe
Tusa a mhaígh in ainneoin na n-ollamh gurbh ionann a bheith id fhear dána agus aghaidh gach córais riamh amach
Tusa a shiúil an bealach go fiata idir Dia agus Dionysius ach gur fhionn tú nach raibh aon difear eatarthu i ndeireadh na feide
Tusa a chonaic an t-iasc airgid ag léim chun greim a bhaint as na réaltaí agus tú ag snámh i dteanga fhairsing na Spáinnise
I ndeireadh na feide ní raibh aon difear idir Dia agus Dionysius agus an Diabhal nuair a thugadar amach ar shlabhra láimhe tú le seanmhúinteoir scoile ar leathchois go hÁit an Chloiginn Fuente Grande a raibh an tobar ann ag bárcadh fola cheana féin
Tusa a chuala na feochain óir ag séideadh ar fud an ghaineamhlaigh agus an stoirm fan theorainn imeallbhord an tsneachta
Cheana féin bhí na corpáin eile réidh ullamh ach socraíodh go gcéasfaí tú idir beirt toreador agus ansin le toil na léinte gorma cuireadh piléir id cheann, id chliabh, id chabhail, id chroí, id chraiceann, agus dhá cheann suas id thóin ar eagla na heagla, agus na heagla, agus ar eagla go n-éireofá arís ar chúis ar bith tar éis trí lá nó tríocha bliain
Tusa a rinne rince leis an rós leointe a raibh alltacht air ag clúmh donndorcha an mhaidneachain ar a mhása Tusa a shonraigh an chruinne go hiomlán i nduslach na slí ach a raibh scáil fhada mar eireaball le gach sciolla díobh Tusa a thuig gur gáire is ea an saol i gceartlár phaidrín an bháis agus nach é gángarach an duine ach an grá ina chroí a mheánn Tusa a mheas nach raibh do dhiongbhála d’fhísí focal ag bithlingeadh ar fud na reanna móra ina raibh d’aisling ag fanacht Tusa arbh shoiléir duit go raibh síolta an chéasta neadaithe thíos faoi bhun tuí an chliabháin sa bhráid shaor sholasmhar shéimh Tusa ar theastaigh uait a bheith ina fhiliméala i moiche na maidine glaise agus id chroí lán lán le teacht na hoíche Tusa a d’fhiafraigh má bhí an aisling gorm cad ba bhrí leis an neamhurchóid mura raibh saigheada ar bith ag an ngrá Tusa a sháigh do chloigeann an fhuinneog amach ionas go bhféadfadh scian na gaoithe sceilpeanna ramhra a bhaint as
Federico Garcia Lorca, (1898 – 1936) mórfhile agus drámadóir de chuid na Spáinne. Rugadh é i Fuente Vaqueros, in aice Granada. Dúnmharaíodh é ag tús Chogadh Cathartha na Spáinne. Ní bhfuarthas a chorp riamh.
Tusa a bhí torrach le dánta nár scríobhadh riamh agus an duibhe ionat ag ceol le cleagar clipeanta na gcreabhar www.feasta.ie
6
Feasta, Meán Fómhair 2013
NÓINÍN Scéal le hEibhlín Ní Thuama-Briggs (arna aistriú ón mBéarla ag Diarmaid Ó Tuama)
T
á cuimhne ghlé ghlinn bhrónach agam ar an tréimhse ó thús mhí Dheireadh Fómhair go dtí deireadh mhí na Nollag 1943. Ní raibh mé ach ceithre bliana go leith d’aois agus, cé gur cuid den stair anois iad na nithe go léir a tharla ag an am, líontar mo chroí le doilíos agus le briseadh croí le linn féilte na Samhna agus na hAidbhinte i gcónaí.
Oíche amháin, le linn dúinn a bheith sa leaba, bhí mé féin agus Brian ag caint os íseal le chéile, sa chaoi nach mbeimis ag cur isteach ar ár dtuismitheoirí bochta ná ar Sheáinín a bhí thíos sa pharlús. Bhí imní an domhain orainn beirt.
Buaileadh Seáinín le babhta tinnis. Ón dara leath de Mhí na Samhna ar aghaidh ní raibh ach teannas agus strus le brath inár measc. Bhíodh Mam agus Daid de shíor ag iarraidh orainn a bheith ciúin agus gan a bheith ag déanamh an iomarca cainte. Níor ligeadh dúinn mórán teagmhála a bheith againn leis an leanbh ach oiread; agus iarradh orainn a bheith beagán ní ba thuisceanaí go dtí go dtiocfadh beagán bisigh air. Chuireamar stailc suas, faoi mar a dhéanfadh páiste ar bith, ach bhí sé fánach againn.
‘’Sea,’ ar seisean. ‘B’fhéidir go bhfaighidh sé bás agus go rachaidh sé suas ar neamh.’
Thosaigh mo thuismitheoirí ag sealaíocht le chéile − ag fanacht ina suí i rith na hoíche. Bhíodh tine ar lasadh acu sa pharlús agus thógaidís ár ndeartháirín fiabhrasach amach as a chliabhán agus choinnídís lena mbaclainneacha é – an leaidín bocht ag análú go torannach guagach nó ag meamhlach faoi mar a dhéanfadh piscín. Bhíodh idir imní agus mhearbhall orainne, na páistí, agus muid ag dul a luí istoíche. Thagadh sceoin orainn nuair a chloisimis an chasacht ghéar uafásach, a bhíodh ag ciapadh ár dtuismitheoirí de ló is d’oíche. Thagadh an dochtúir chun an tí gach lá. Bhí leaba shealadach ag mo thuismitheoirí sa pharlús agus las siad solas breise taobh amuigh dár seomra codlata − le misneach a thabhairt dúinn le linn na n-oícheanta dorcha imníocha sin. Agus, an rud ba mheasa ar fad ná nach raibh cead ag duine ar bith againn Seáinín a phógadh a thuilleadh. An triuch a bhí air. www.feasta.ie
‘B’fhéidir go bhfaighidh Seáinín bás,’ arsa Brian i gcogar. ‘Bás?’ arsa mise.
‘Cén fáth? Cad chuige?’ ‘Mar tá sé tinn. Rachaidh sé suas ar neamh.’ ‘Cá bhfuil neamh?’ ‘Áit atá ann a mbeidh Seáinín i gcuideachta an linbh Íosa,’ arsa Brian. ‘I gcuideachta an linbh Íosa?’ ‘’Sea, i gcuideachta Dé sna flaithis. B’fhéidir go gcloisfimid an bhean sí.’ ‘An bhean sí?’ ‘’Sea, a Eibhlín, Tá a fhios agat go gcloistear an bhean sí sula bhfaigheann duine bás?’ ‘Cén cineál fuaime a dhéanann an bhean sí’ ‘Níl a fhios agam.’ Ní raibh fuaim le cloisteáil thíos staighre. Ní raibh an chasacht ghéar ná an t-análú torannach le cloisteáil a thuilleadh. Bheartaíomar go rachaimis síos chun cuairt a thabhairt ar Sheáinín sula n-imeodh sé suas ar neamh. Síos linn ar ár mbarraicíní. Nuair a shroicheamar doras an pharlúis chuir Brian a mhéar lena bheol. Bhí Mam agus Daid ina suí ar an tolg, iad fáiscthe le chéile i lombharróg. Bhí an leanbh ina luí sa chliabhán le taobh an tseomra, in aice le bord beag a raibh cupán tae leath-ólta air. Bhí mo mháthair ag caoineadh go bog. ‘Uis! Uis!’ arsa Daid. ‘Caithfimid a bheith dóchasach agus misniúil.’ Bhí mé féin agus Brian scanraithe inár mbeatha. Ní rabhamar ar ár suaimh7
neas, ná níor mhaith linn go mbéarfaí orainn. Ach, ar aghaidh linn, pé scéal é, agus shleamhnaíomar anonn chuig an gcliabhán agus chuamar i bhfolach faoin éadach a bhí ar crochadh ón mbord. Chualamar análú piachánach ón leanbh anois agus thosaigh an fhuaim ag gluaiseacht ar fud an tí. Níl a fhios agam ó thalamh an domhain cén fáth ar smaoiníomar ar an siúcra. B’fhéidir gur shíleamar gur rud speisialta é i ngeall ar an gciondáil a bhí i bhfeidhm le linn an chogaidh dhomhanda. Ach shíleamar gur ‘manna ó neamh’, a bhí sa siúcra agus bheartaíomar cúpla gráinne ón mbabhla, a bhí ar an mbord, a thabhairt do Sheáinín bocht.
T
hugamar sracfhéachaint ar ár dtuismitheoirí. Bhí siad ag caint os íseal agus ag déanamh comhbhróin le chéile. D’éirigh linn ár gcinn a ardú os cionn an bhoird, cúpla gráinne siúcra a thógáil as an mbabhla agus iad a chur le beola Sheáinín. Cé go rabhamar scanraithe inár mbeatha, shíleamar go dtaitneodh sé leis. Tar éis dúinn an gníomh cróga sin a chur i gcrích, d’éirigh linn sleamhnú in airde staighre arís i ngan fhios dár dtuismitheoirí − a bhuíochas sin den solas a bhí ar lasadh ar léibheann an staighre. Murach an lagsholas sin, ní bheadh sé de dhánacht ionainn a leithéid de rud a dhéanamh sa dorchadas! D’fhan fuaim phiachánach análú Sheáinín i mo chluasa go dtí gur thosaigh an codladh ag titim orm − nuair a chnag Mam go héadrom ar an doras. Bhí an siúcra ar bhéal Sheáinín tugtha faoi deara aici! Labhair sí go lách cineálta linn ar feadh tamaill agus chuimil sí go ceanúil ar mo chlár éadain mé le linn di a bheith ag caint. Níl cuimhne ar bith agam ar a raibh le rá aici, ach tá cuimhne mhaith agam ar an gcaoi dheas ghrámhar ar chaith sí linn. Ar deireadh thiar shocraigh sí an t-éadach go deas néata thart timpeall orainn agus rug barróg an duine orainn. Ba le linn na hoíche sin a fuair Seáinín bás. An mhaidin dár gcionn, tugadh isteach sa pharlús, inár nduine agus inár nduine, sinn − chun an t-aingeal gleoite a fheiceáil agus é ina luí sa chliabhán. Bhí sé leagtha amach go hálainn ag mo mháthair − é gléasta ina ghúna baiste. Bhí sé ina luí ansin go Feasta, Meán Fómhair 2013
ciúin socair. Bhí dhá choinneal arda lasta ar dhá thaobh an bhoird agus níorbh fhada gur tháinig daoine isteach agus gur thosaigh siad ag guí. Bhí clú agus cáil ar Mham sa cheantar ag an am sin, mar b’ise a sheinneadh an armóin ag an Aifreann ar an Domhnach. Dá bhrí sin, tháinig cuairteoirí isteach chugainn ó chian is ó chóngar. Labhair siad faoi leanaí eile sa cheantar a fuair bás ón triuch i rith na bliana. Bhí mé féin agus Brian fáiscthe lena hucht ag Mam agus í ag caoineadh i rith an ama. Ní raibh Seáinín ach seacht seachtaine d’aois nuair a sciobadh uainn é. Ní cuimhin liom cén uair ar tugadh an cónra beag bán isteach chun an tí, ach is cuimhin liom go maith nár ligeadh isteach sa pharlús sinn go dtí gur socraíodh an corpán beag bídeach isteach ann. Glaodh isteach ansin orainn. Bhí Seáinín ina luí ansin agus sról geal bán thart timpeall air. Bhí sé chomh bán le sneachta agus a lámha beaga bídeacha ina luí gan chorraí ar gach taobh de. Bhí loinnir ghorm ar chraiceann a chlár éadain agus baineadh geit asam nuair a phóg mé é agus nuair a leag mé lámh ar a aghaidh álainn, a bhí chomh fuar le marmar sa seomra teolaí sin. Ar ámharaí an tsaoil, thug seanchara de chuid mo thuismitheoirí cuairt orainn le
linn na faire. Ba ghrianghrafadór den scoth é, a raibh cónaí air ar an gClochán Liath, baile mór cúig mhíle ó Alt an Chorráin, áit a raibh cónaí orainn féin ag an am. Ar chaoi éigin, d’éirigh leis cead a fháil ó mo thuismitheoirí cúpla pictiúr cuimhneacháin a ghlacadh de mo mháthair ag breathnú go brónach ar a mac marbh. Ghlac sé na pictiúir sin go stuama ealaíonta sa chaoi go bhféadfaí pian agus cumha mo mháthar a choinneáil ar phár. An tráthnóna céanna, thiomáin Mam agus Daid an bóthar fada ó Dhún na nGall go Contae na Gaillimhe i gcarr a bhí tógtha amach ar cíos acu, an cónra agus an corpán sa suíochán cúil. Tamall roimhe sin léadh an tAifreann sa pharlús. Chruinnigh cairde agus comharsana, mar sciath chosanta, thart timpeall orainn le linn don chlúdach bán a bheith á chur ar an gcónra. I bhfaiteadh na súl bhí aghaidh shoineanta an linbh glanta as radharc.
N
uair a bhí na paidreacha ráite, thit ciúnas ar a raibh i láthair. Chroith an tAthair Mac Cumhaill uisce coisricthe ar chlúdach an chónra agus iompraíodh an t-ualach beag go sollúnta amach an doras tosaigh. Tamall roimhe sin, mhínigh Daid do gach aon duine go mbeadh Seáinín ag imeacht uainn agus go leagfaí taobh le Mamó é i Maigh Locha, Contae na Gaillimhe. Tugadh geallúint dúinn go dtabharfaí
CÉRBH Í PEIG? conas a mhíneofá a saol do dhéagóir go bhfuil a cheann teann le heolaíocht is le heolas bailithe ar ollraon na n-óg an ndéarfá leis go raibh a gas féin an-óg nuair ab éigean di sclábhaíocht a fhulaingt ag freastal ar ghlaoch gach gnó nó gur ghéill sí grá a croí do bhádóir a thuig go maith eacnamaíocht na farraige le soláthar a chur ar bhord nó an gcaithfeá solas ar an lom-anró a mhúscail í le filíocht a phósadh le fealsúnacht mar anamcheol nó an ndaorfá a beo mar a dhéantar go hiondúil ag rá gur chum sí leabhar bróin fén mBlascaod Mór
Mícheál Ó hAllmhuráin www.feasta.ie
chun na huaighe sinn am éigin le linn an tsamhraidh ina dhiaidh sin. Le linn do mo thuismitheoirí a bheith ar shiúl ar an aistear brónach go Gaillimh, fágadh sinne – Brian, Marcas, Máire agus mé féin – faoi chúram na gcomharsan in Alt an Chorráin. Tá cuimhne mhaith agam ar a bheith i mo luí i leaba choimhthíoch an oíche sin agus mé ag iarraidh aistear brónach m’athar agus mo mháthar i ndorchadas fuar tais na hoíche – agus an leanbh ina luí sa chónra sa suíochán cúil – a shamhlú. Taobh istigh de choicís, bhí ar mo thuismitheoirí iad féin a chroitheadh le chéile agus iarracht chróga a dhéanamh an Nollaig a cheiliúradh de réir spiorad na féile. Is cuimhin liom na coinnle a bheith ar lasadh sna fuinneoga, na stocaí ar crochadh in aice na tine agus na maisiúcháin dhearga agus ghlasa, cloigíní óir orthu, ar crochadh ón tsíleáil. Ach, ina ainneoin sin agus uile, ba bhrónach an Nollaig í. Chuamar ar ár nglúine agus ghuíomar le Seáinín, an t-aingeal nua sna flaithis, agus labhraíomar faoi le chéile − ach lean pian an bhróin ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Ó am go chéile anois, agus mé ag breathnú ar na soilse dearga ar thithe na ndaoine le linn féile na Nollag, buaileann an smaoineamh mé go mbíonn scéalta bróin agus dóchais le hinsint ag daoine in ainneoin sonas na hócáide.◊
AMACH ANSEO? le Gearóid Ó Clérigh Comhairle na nAirí Theas agus Thuaidh sea chas ár dteanga féin chuig smacht géar Gall, ag urú ár ndúchais go réigiúnach fann, amhail Ghaidhlic na hAlban agus Breatnais iar-náisiúin. Is geal linn radharc d’fháil ar adharca fada ar bhuaibh is is tnúth linn nósanna ár gcomharsana thar Mhuir Mheann, an tAngla-dhomhandas is rogha linn lenár ndéanamh teann as ár gcéim ard sa tsaol, tráth gur sinn is díol trua, ár bhfréamha go faon agus gan daonnacht sa léann ollscoile ach traenáil in earnáil na bhfeidhm agus ‘know-how’, is an kow tow orainn roimh fheachtais K'ung-fu-tzu lenár saint chun saibhris giodh gurb ainnis ár scéal, oidhreacht ár sinnsear ó is brón mór gur chaill, ach go maire sí go samizdatach, agus seacht n-uaire go rúnda. ——◊—— K'ung-fu-tzu, 550 - 479 r. Ch., ardfhealsamh na Síneach. Is uaidh a ainmnítear na hInstitiúidi Confúicias in ollscoileanna an Iarthair, a maoiníonn Rialtas na Síne iad ar choinníolacha polaitiúla. 8
Feasta, Meán Fómhair 2013
Ár nGalar agus ár nGá le Colm Ó Tórna
A
n fás agus an éabhlóid, i dteannta saothrú tuiscintí foirfe tola, réasúnaíochta agus imfhiosacha, a chinntigh gur doimhníodh an t-aitheantas a thugaimid do luach agus raison d’etre na beatha daonna. Iomlánú leanúnach é, in ainneoin é a bheith bacach, iomlánú a gclaochlaítear dá bharr ár dtuiscint ar dhínit, stádas, cumais agus teidlíochtaí ár leithéidne ar dhroim ár gCruinne.
Níl duine ann nach bhfuil i dteideal beathú agus deis tógála clainne, fothain, cosaint ar ghalair, oideachas, saoirse agus neamhspleáchas morálta a bheith acu. Níl duine ná deoraí nach dtiteann dualgas air nó uirthi páirt éigin a ghlacadh, a mhéid agus is féidir, i gcomhlíonadh na hoibleagáide go gcaithfí le cothrom na Féinne leo uile a mhaireann ‘faoi bhun na líne’ ar an saol seo.
Teidlíochtaí iad a bhaineann go dlúth linn uile ‘gan eisceacht ar bith’, agus is gá go ndearbhófaí iad mar bhunphrionsabail bhuana an chirt agus na córa ar an saol seo. Teidlíochtaí iad a chuireann oibleagáid orainn uile dá chéile, agus ar cheart iad a aithint mar shlat tomhais mhorálta dhoshéanta inár bplé lena chéile. Is oibleagáid phríomha choinsiasa iad sa mhéid go mbaineann siad le caitheamh an tSaibhir leis an Daibhir, oibleagáid a chuireann de dhualgas orainne sa domhan forbartha féachaint chuige go gcealófar gach éagóir a luíonn ar ár gcomhdhaoine i ngach cearn den chruinne a bhaineann linn.
Beidh na teidlíochtaí seo le haimsiú agus le bronnadh seachas iad a bheith breactha ar aon sórt ‘guí-liosta’ teibí a réitíonn agus a fhógraíonn institiúid nó rialtas ar bith de chuid an ‘tSaibhir’, ach a chaitear i dtraipisí gan mhoill. Meanma i gcomhar a bhlathóidh ina toil dheimhneach a shealbhófar in ‘anam níos iomláine’ na gciníocha, agus a leathnóidh sa chéad bliain atá romhainn fud fad na cruinne. Is meanma é sin atá fréamhaithe, ach í a aithint, i gcroí agus i gcarachtar na saoránach fud fad sochaí ar bith. Is meanma é ar a mbraitheann gach a bhaineann le saothrú agus le buanú na córa, na saoirse, agus na síochána inár measc uile, saoránaigh na cruinne, in ainneoin í a bheith ligthe i ndearmad de bharr aineolais nó easpa suime. Is obair é seo a chinnteoidh aimsiú agus forbairt aontais dhomhanda, phríomhdhúshlán cinniúnach ár linne, obair a thógfaidh agus a bhuanóidh de réir a chéile sibhialtacht nua a mhairfidh ar feadh na gcéadta bliain romhainn.
Má ghlacann saoránaigh i gcoitinne leis an tasc seo, claochlóidh sé meanma agus cultúr ár linne fud fad na cruinne: toil choitianta na maitheasa a fhuascailt. Is é tasc cinniúnach ár linne go dtógfar na chéad choiscéimeanna dúshlánacha misniúla, chomh fada agus is féidir linn, i dtreo fíorú na físe seo – agus ní gan dua a thógfar iad. Is oibleagáid é sin atá leagtha ar gach mac máthar sa domhan forbartha go háirithe, agus is i gcaibidil reatha scéal an Duine a chomhlíonfar é: ‘Today it is not nearly enough merely to be a saint, but we must have the saintliness demanded by the present moment, a new saintliness, itself also without precedent…. A new type of sanctity … is almost equivalent to a new revelation of the universe and of human destiny…. More genius is needed [to invent it] than was needed by Archimedes to invent mechanics and physics. A new saintliness is a still more marvellous invention.’1 Maidir le claochlú na héirime agus na tola daonna, má sea, tá sé riachtanach go ndoimhneofaí níos mó agus as an nua ár dtuiscint ar an luach atá fréamhaithe i raison d’etre an Duine: is riachtanach go gclaochlófaí éirim agus toil an duine chun go saothródh saoránaigh na fíorshaoirse beatha le dealramh i gcomhar le chéile.
I
s ‘sú cultúrtha’ é a chothóidh na tréithe is dia-chosúla ionainn, seachas seisce shearbh an mhé-féineachais, atá ár scrios agus ár ndíghradamú in Iarthar Domhain ár linne go háirithe. Is meanma í atá folaithe, múchta nó brúite i leataobh ionainn ag fealsúnachtaí earráideacha a bhuanaíonn aineolas ar chumais osnádúrtha an duine dhaonna. Is meanma í atá caillte nach mór sa ré sheasc seo faoi scáth an ábharachais fhealsúnta atá ár ndí-uaisliú, ár ndífhréamhú, agus atá ina chúis cuid mhaith leis an leatrom a imríonn daoine ar a gcomhbhádóirí ar an saol seo, tuiscint atá ‘horizontal and one dimensional’, i bhfocail Fritz Schumacher, ar ár potentia, tuiscint atá dall ar gach ní atá ingearach agus dia-chosúil inár n-eisintí uile.
Is tuiscint í sin a thugann fios feasa na forbartha dúinn. Deirtear as Gaeilge ‘más cosúil, is gaolmhar’ agus is cinnte gur cosúil iad ina n-eisint gach mac agus iníon máthar a rugadh riamh, ainneoin gur ‘unique in all creation’2 gach aon neach daonna. Ní foláir meanma na ‘Roinnte’ seachas na ‘Sainte’ a aimsiú agus a bhuanú sa phlé idir chiníocha, más i moráltacht dhaonna i ndáiríre atá sí le bheith fréamhaithe. Dúshlán na hoibleagáide seo a fhreagairt a chinnteoidh an tsíocháin, an sonas fiú amháin, agus an tsástacht is doimhne is féidir le duine daonna a bhlaiseadh agus é nó í ar ‘aimsir ag an saol’. Saothrú chomhar nua na gcomharsan a chinnteoidh beo-bhuannacht chultúrtha ina measc san uile a thagann faoina anáil. An mheanma faoi inspioráid, seachas bogadh phatuar leithscéalach, is ea an ghluaiseacht seo ar son na maitheasa coitianta. Í a bheith fréamhaithe i gcré www.feasta.ie
dhaonnachtúil nua-bhisithe a chothóidh torthaí a bhláthóidh ina ngníomh tola, agus a dheimhneoidh go mbeidh fáil ag gach neach daonna ar na buandeiseanna maireachtála a éilíonn ár ndínit agus ár n-iontas beo comónta. Agus é sin a bheith ina phríomhthosaíocht i saothrú ár ndaonnachta.
Is earráid é sin a fhágann go bhfuil an tuiscint atá againn orainn féin agus ar ár gcumas craptha. Táimid dall ar na buanna is airde againn chun an grá agus an fhírinne a 9
Feasta, Meán Fómhair 2013
bheoshaothrú, an oibleagáid i gcoinsias a ghlacadh, an comhar a chleachtadh, an fód a sheasamh ‘beyond the call of reason or duty’, chun cneastacht, cóir, comhbhá, coinsias, cúram a shaothrú. ‘Soul-stuff’, gan aon agó! Ach i gcomhthéacs fhorbairt, leathnú agus chraobhscaoileadh na dtuiscintí daonna seo is gá go leasófaí agus go saibhreofaí as an nua na hithreacha seasca ina bhfuil cultúir na gciníocha Eorpacha agus Iartharacha sáinnithe.
Luther King Mheiriceá, mar shamplaí fánacha. Nó leithéidí Anna Frank, Dietrich Bonhoeffeur, Viktor Frankl, an Dr Anne Spoerry, Mon. Hugh O’Flatherty na Vatacáine, daoine nár shiúil mórstáitsí poiblí ár linne, agus go leor eile dá leithéid. Bhfuil oiread is polaiteoir, geilleagraí nó fiontraí ina measc? Ach anois is i measc chosmhuintir na cruinne, ‘that great granary of vital spontaneity and non-pharsaic living force’4 i bhfocail Maritain, atá an doimhniú daonna is mó fós atá de dhíth le dúiseacht. Is ar an iliomad fear agus ban a shaothraíonn an mhaitheas i ngan fhios don saol tablóideach a thiteann fíordhúshlán daonna ár linne. Dán úrnua daonna atá le cumadh agus le ceol. Tá réamh-rogha á dhéanamh den chlaochlú is gá ag leithéidí Niall Mellon, Alan Kerins, John O’Shea agus lucht ‘Bóthar’.
Thug Dorothy L. Sayers rabhadh dúinn agus í ag cur síos ar Inferno Dante Allighieri; tá caoga bliain nó níos mó ann ó léirigh sí ár gcruachás: ‘That the Inferno is a picture of human society in a state of sin and corruption, everybody will agree. And since we are today fairly well convinced that society is in a bad way and not necessarily evolving in the direction of perfectibility, we find it easy enough to recognise the various stages by which the deep of corruption is reached. Futility, lack of a living faith, the drift into loose morality, greedy consumption, financial irresponsibility, and uncontrolled bad temper; a self-opinionated and obstinate individualism, violence, sterility, and lack of reverence for life and property including one’s one; the exploitation of sex, the debasing of language by advertisement and propaganda, the commercialising of religion, the pandering to superstition and the conditioning of people’s minds by masshysteria and ‘spell-binding’ of all kinds, venality and string-pulling in public affairs, hypocrisy, dishonesty in material things, intellectual dishonesty, the fomenting of discord (class against class, nation against nation) for what one can get out of it, the falsification and destruction of all means of communications, the exploitation of the lowest and stupidest mass-emotions; treachery even to the fundamentals of kinship, country, the chosen friend, and the sworn allegiance: these are the all-too-recognisable stages that lead to the cold death of society and the extinguishing of all civilized relations.’3
‘Méadaíonn Freagracht Grá’ 5 Tá fáithe seo na maitheasa leasaithe inár measc cheana féin, in ainneoin an drochshaoil atá i réim. Fíorghráthóirí iad a leasaíonn agus a réitíonn cré dhaonna na maitheasa ar a mbraitheann ré úr don chine daonna: tuismitheoirí maithe go háirithe, cuir i gcás, agus an iliomad seantuistí atá arís i mbun chúram pháistí a bpáistí féin, lucht fairsing na dtuistí neamhphósta. Is mná óga go hiondúil iad seo, cailíní go rómhinic ar mheall bolscairí na ceadaíochta sna meáin thablóideacha neamhscrupallacha iad agus, níos minice fós, atá tréigthe ag na ‘gaiscígh’ a d’fhág torrach iad. Ach i ngach comhluadar tíre, táid siúd ann a shaothraíonn grá clainne agus an chomharsanacht, nó a ghlacann cúraimí deonacha sóisialta orthu féin. Áirítear chomh maith iad siúd arb í an ghairmiúlacht an chloch is mó ar a bpaidríní oibre i seirbhísí éagsúla don phobal: banaltraí, fir agus mná na seirbhíse dóiteáin, múinteoirí, gardaí srl. Is fíor gur i laghad atá a líon siúd imithe sa saol seasc a chothaigh an ‘greed envy motive’, ach is i gcroíthe a leithéidí a adhanfar meanma na nua-aoise atá romhainn. Osclaímis ar dtús, dá bharr san, ár n-aigne don riocht ina bhfuil cultúr agus sibhialtacht ár linne, chun go dtuigimid go bhfuil an tuar tagtha faoi thairngreacht Dorothy L. Sayers. Is gá dúinn na fiail-torthaí atá tagtha chun buaine agus atá ag ‘galrú’ inár meascna, Eorpaigh agus Iartharaigh an Domhain, a aithint.
Mar sin féin, níor thit an buille scoir orainn go fóillín, agus ní thitfidh go buan de dheasca drochbheartaíochtaí na tola daonna. Bhí, agus bíonn i gcónaí, in am an ghátair daoine nó grúpaí éigin a d’aimsigh agus a ghlac chucu féin nuachéim tuisceana, nuachéim imfhiosach ar fhíor-raison d’étre an Duine fiú amháin, agus a thug de bharr a gcuid fianaise faoin tochailt mhorálta ba ghá chun go dtabharfaí slán a gcine nó a gciníocha.
Ansin, is riachtanas é go n-osclóimis súile neamhaireacha ár gcoinsiasa agus go mbaileoimis an t-ollmhisneach is gá chun go gcothófaí an metanoia, an t-athrú chun leighis, atá riachtanach le tiontú ó ghalar seo an nua-aimsearachais. ‘Diúltaímis d’fhonn cruthú’, tógaimis na chéad choiscéimeanna dúshlánacha, ar mhaithe le claochlú ár meanma ionas go saothrófar as an nua ár gcultúr Gaelach agus Eorpach, ionas go slánófar mar thús an tsaothair chinniúnaigh seo, muna bhfuil sé ródhéanach, sibhialtacht Iartharach ár linne.
Is orthu siúd, a fhaigheann an chéad spléachadh ar an ngá seo, a thiteann sé go ndoimhneofaí tuilleadh fós an tuiscint do dhínit an duine dhaonna; is orthu a thiteann an oibleagáid is troime. Orthusan, ainneoin gach cur ina gcoinne, gach míthuiscint agus lúbadh ar a n-aidhmeanna, a thiteann an dualgas tosaigh an ‘dea-scéal’ seo a chraobhscaoileadh, dea-scéal is gá chun go gcinnteofar síor-éabhlóid an chine dhaonna i dtreo ceann scríbe. Tá caibidil eile le cumadh sula sroisfear an líne dheireanach inár ndráma ar an saol seo. Ní beag san.
TAGAIRTÍ 1 Simone Weil. Draft for a Statement of Human Obligations. 2 ‘To be unique in all creation, what a privilege!’ a dúirt saoi an dordveidhleadóir, Pablo Casals, agus é ag léiriú a thuisceana ar an luach a bhaineann liomsa, leis féin agus le gach neach daonna. Nó fós mar a dúirt sé, ‘Ní foláir a mhíniú do gach páiste gur míorúilt é nach raibh riamh, ó thús an domhain, agus nach mbeidh go deo go deireadh an domhain, páiste eile ar aon dul leis nó léi.’
Freagracht Úr Ní haon éabhlóid gan stiúir scríobh na caibidle is foirfe i Scéal an Duine, ach a ról féin atá glactha acu siúd a thuig an gá leis na fréamhacha morálta a bhí ag lobhadh in ithir nimhithe a linne a chlaochlú. Bíodh ceannairí 1916 na hÉireann, De Gaulle na Fraince, Gandhi na hIndia, Martin www.feasta.ie
3 Dorothy L. Sayers, Introductory Papers on Dante (Londain, 1954). 4 Man and the State, le Jacques Maritain (Chicago, 1951). 5 ‘Turnamh’ i Néal Maidne agus Tine Oíche, le Breandán Ó Doibhlin.◊
10
Feasta, Meán Fómhair 2013
www.feasta.ie
11
Feasta, Me谩n F贸mhair 2013
QUEBÉC, LOUIS RIEL, agus an ceangal ÉIREANNACH le Seán Ua Cearnaigh
C
é nár éirigh le náisiúnaithe Québec stát neamhspleách dá gcuid féin a bhaint amach, is cinnte nach bhfuil deireadh le gluaiseacht na saoirse sa chúige stairiúil chéanna. Tá cearta teanga bainte anois ag Québec agus an Fhraincís i réim ann i gcónaí; ní mar sin a bhí an scéal sa tsean-aimsir. Níor rún é in aon chor go raibh cearta séanta ar Fhrainciseoirí in Québec agus in áiteanna eile a raibh sliocht na Fraince líonmhar, agus gur dhearc go leor Béarlóirí orthu mar dhaoine den tríú grád.
Bunús na Métis, áfach, d’fhanadar i gCeanada. Ghabhadar siar go dúiche an Saskatchewan. Ach cuireadh isteach orthu arís agus arís eile. Thosaigh na sluaite daoine ón oirthear ag gabháil siar ar thóir réimsí talaimh. Tailte na Métis a bhí uathu.
Tá Louis Riel ina mhór-laoch i measc lucht na Fraincíse i gCeanada, i Québec ach go háirithe. Níor bhain sé le Québec, ar ndóigh, ach rinne sé troid éachtach sa tarna chuid den 19ú aois ar son chearta a mhuintire féin. Bhain sé leis na Métis, dream a bhí líonmhar tráth in Manitoba agus thart faoi dhúiche Bhá Hudson.
Bhí an saol ar a thoil ag Louis Riel in Montana faoin am seo, ach fós féin, ní thabharfadh sé cluas bhodhar dá chairde. D’fhill sé ar Cheanada agus ar fhód a bháis.
cróga ach b’éigean dóibh géilleadh sa deireadh. Theith Riel agus cuid de na ceannairí eile, Fíníní ina measc, go Montana.
Faoin mbliain 1885, thuig na Métis go gcaithfidís troid eile a dhéanamh. Chuireadar fios ar Louis Riel sna Stát Aontaithe. An mbeadh sé sásta filleadh agus dul i gceannas orthu arís?
Ar Lá Fhéile Pádraig, 1885, chuaigh Riel agus a lucht leanúna i mbun troda. Rinneadar troid mhór in St. Laurent, Saskatchewan, agus chuireadar rialtas sealadach ar bun in Batoche. Bhaineadar buanna amach arís agus arís eile ar fhórsaí armtha Cheanada agus chuaigh roinnt den phobal bundúchasach faoi threoir a gceannaire cróga Poundmaker i gcomhar leo.
Ach cérbh iad na Métis? Cine measctha a bhí iontu d’fhuil na bhFrainc-Cheanadach agus na mbundúchasach. Caitlicigh agus Frainciseoirí a bhí iontu, daoine bochta den chuid is mó, a shaothraigh an talamh, a d’imigh ar thóir na mbuabhall agus a thóg muiríneacha móra. Daoine cineálta nár chuir isteach ar aon duine.
Ach chruinnigh an namhaid neart, faraoir, agus chuaigh an lá in éadan Riel agus a chomrádaithe sa deireadh. Briseadh go dona orthu in Batoche ar an dara lá déag de Bhealtaine 1885. Gabhadh Louis Riel. Ar an 20ú lá d’Iúil, cuireadh ar a thriail é in Regina agus daoradh é chun báis. Crochadh é i bpríosún Regina ar an 16 Nollaig 1886.
Louis Riel ag labhairt ag a thriail, 1885
T
á sárchuntas faoi Louis Riel agus éirí amach na Métis ag Fionntán Mac Aodha Bhuí ina leabhar breá, Anam Do-chloíte Québec (Foilseacháin Náisiúnta teo., 1967). Mar a léiríonn an t-údar sa leabhar úd, ní go réidh a ghlac muintir Québec le bás Riel. Deir Fionntán: Cuireadh Riel chun báis ar 16 Nollaig, 1885 agus shásaigh sé sinn fonn díoltais na mBéarlóirí. Ach i gcathracha Montréal agus Québec, réab léirseoirí tríd na sráideanna ag ionsaí póilíní agus saighdiúirí, ag béicíl agus ag mallachtaigh Rialtas Ottawa. Gach aon ní a bhí déanta le blianta fada chun cairdeas agus comhoibriú a chothú idir an dá chine agus an dá chreideamh, bhí sé curtha ó mhaith nuair a crochadh Louis Riel.‘
Sa bhliain 1869, áfach, cheannaigh Rialtas Cheanada dúiche na Métis ó Chomhlacht Bhá Hudson. Thuig na Métis ar an bpointe go raibh an-bhaol ann go mbainfí a gcuid tailte traidisiúnta uathu. Chuadar i mbun gnímh ar an toirt. Chuireadar Rialtas dá gcuid féin faoi cheannas Louis Riel ar bun in Manitoba agus ghlacadar seilbh ar Fort Garry i ndeisceart an chúige. Chuadar i gcomhar le Fíníní Éireannacha agus bhí duine díobh siúd, Liam Ó Donnchú, mar rúnaí ag Riel féin.
Ní hiontas é gur dhuine daingean, cróga é ceannaire na Métis. De réir ailt a bhí i gcló san Irish Sword corradh agus leathchéad bliain ó shin, bhí fuil na hÉireann i gcuislí Louis Riel. I mblianta dorcha na bPéindlithe, d’fhág Seán Ó Raghaillí, Luimníoch, slán lena chathair dhúchais, gur imigh sé leis go Ceanada. Phós sé bean de shliocht na Fraince, gur ghlacadar beirt leis an sloinne Riel. Duine dá shliocht, garmhac is cosúil, phós sé bean de chine dúchasach Cheanada. Duine dá chlann siúd ná athair Louis Riel.
In St Boniface i ndeisceart Manitoba a rugadh Louis Riel sa bhliain 1844. Leathdhúchasach, duine éirimiúil aigeanta a chaith seal sa Collége de Montréal ab ea a athair; b’as Québec dá mháthair. Bhí Louis féin éirimiúil ó nádúr, é ag foghlaim dlí ar feadh tamaill agus ba cheannaire den scoth é. Ní gá a rá go raibh Frainciseoirí na tíre, muintir Québec ach go háirithe, go tréan ar son Riel agus a chomrádaithe. I bhFómhar na bliana 1870, áfach, seoladh díorma mór saighdiúiri faoi cheannas an Ghinearáil Wolseley, AnglaÉireannach, go Fort Garry. Throid Riel agus a lucht leanúna go www.feasta.ie
Tig le muintir Luimnigh, agus muintir na hÉireann, a bheith mórtasach as an gceangal sin.◊ 12
Feasta, Meán Fómhair 2013
Maigh Cuilinn
– Campaí Samhraidh – CONRADH NA GAEILGE 45 Sráid Doiminic Gaillimh Iúil 2013 www.arasnangael.ie 091 567824
An Caisleán Gearr
Campa an Leacaigh
Mionlach
PATRICK PEARSE: Collected Plays / Drámaí an Phiarsaigh ISBN-10: 0716531666 ISBN-13: 978-0716531661
Eagarthóirí: Roisín Ní Ghairbhí agus Eugene McNulty (Irish Academic Press. 400 lch)
á mheas ag Mairéad Ní Chinnéide
I
s é seo an chéad uair do dhrámaí an Phiarsaigh, maraon le mionchuntais ar na léirithe stáitse nach raibh aon script leo agus an dráma neamhchríochnaithe Eoghan Gabha, bheith ar fáil in aon leabhar amháin. Agus an oiread sin scríofa faoin Phiarsach ag daoine nach bhfuil aon eolas acu ar a scríbhinní Gaeilge, is mór is fiú an léiriú tuisceanach a thugtar dúinn sa réamhrá ar shaothar drámaíochta an Phiarsaigh agus é curtha i gcomhthéacs amharclannaíochta a linne. Is léir ó na fo-nótaí go bhfuil eolas nach beag ag na heagarthóirí ar na foinsí agus ar a bhfuil scríofa faoin Phiarsach le blianta beaga anuas.1
cairde an Phiarsaigh leo agus ar an mhéid poiblíochta a fuarthas sna nuachtáin, fiú i nuachtán Gallda mar The Irish Times. Maidir leis na drámaí féin is léir uathu go raibh tuiscint mhaith ag an Phiarsach ar theicníc an stáitse, agus dála a lán eile ag an am gur fhéach sé ar an amharclannaíocht mar ghléas chun an náisiúnachas a chur chun cinn. Ba thrua liom a laghad a bhí le rá ag na heagarthóirí faoi fhiúntas na ndrámaí féin ná faoina oiriúnaí agus a bheidís le cur ar stáitse inniu. Is leor leo ar scríobhadh fúthu ag an am, agus seachas cur síos fonóideach Sheáin Uí Chathasaigh in Drums under the Window ar léiriú na glóir-réime The Defence of the Ford is ard-mholadh atá sna cuntais eile.
Cuirtear an Piarsach i láthair sa réamhrá mar fhear a raibh luí mór aige leis an amharclannaíocht, agus dar leis na húdair is trí shúile an fhir amharclainne a d’fhéach sé ar an pholaitíocht. Íomhánna stáitse a thagann chun aigne daoine nuair a smaoiníonn siad air, m.s. an Piarsach ag léamh Forógra na Poblachta ar aghaidh Ard-Oifig an Phoist nó ag tabhairt na horáide ag uaigh Dhonnabháin Rosa. Agus é fós ar scoil bhí drámaí á scríobh aige agus glóir-réimeanna á mbeartú aige agus sa chéad deich mbliana den aois seo caite is iad athbheochan na teanga, leasú an chórais oideachais agus bunú amharclainne náisiúnta Gaelaí na trí rud ar chaith sé a fhuinneamh intleachtúil orthu. Ar chúl an leabhair tá sliochtanna as aistí a scríobh sé sa Claidheamh Solais 1906-08 le linn dó bheith ina eagarthóir air, a thugann léargas ar a thuairimí ar fhorbairt drámaíocht na Gaeilge. Thug bunú Scoil Éanna i 1908 an deis dó cuid de na tuairimí sin a chur i bhfeidhm agus ní hamháin go bhfuil scripteanna na ndrámaí a scríobh sé do dhaltaí Scoil Éanna anseo, ach tá eolas freisin faoi na daoine a ghlac páirt iontu, cláracha cuid de na léirithe agus pictiúir roinnt de na haisteoirí maraon le hailt faoi na léirithe a foilsíodh san iris scoile An Macaomh.
Tá cur síos sa réamhrá ar an teanga a chuir an Piarsach i mbéal na bpearsan sna drámaí: rian na hardlitríochta ar Macghníomartha Chú Chulainn agus An Rí agus caint na ndaoine ag na pearsana in Íosagán agus Eoghan Gabha, bíodh gur suite in aimsir Phádraig Sairséil an dara ceann. Bhí eolas nach beag ag an Phiarsach ar an Rúraíocht, an Fhiannaíocht agus ar fhilíocht na seachtú haoise déag agus tá a rian sin ar an chaint shaibhir atá sna drámaí Gaeilge. Ceist a bhí agamsa agus na drámaí á léamh agam cén cumas Gaeilge a bhí ag na haisteoirí óga a bhí páirteach iontu, agus cén cumas aisteoireachta a bhí acu? Is fíor go bhfuair siad ardmholadh ó na daoine-mór-le-rá a d’fhreastail ar na léirithe ach is leasc le daoine fásta iarrachtaí na n-óg a cháineadh, agus chomh maith leis sin is beag Gaeilge a bhí ag a lán acu. Go teoiriciúil ba í an Ghaeilge teanga na scoile, ach is í máthair agus deirfiúr na bPiarsach a thug aire do na daltaí lasmuigh den seomra ranga agus go bhfios dúinn ní raibh Gaeilge acu. I mBéarla amháin a bhí na drámaí deiridh a scríobh an Piarsach.
C
uireann an saothar seo lena bhfuil déanta ag Séamus Ó Buachalla, Regina Uí Chollatáin, Ciarán Ó Coigligh agus Cathal Ó hÁinle, chun léargas a thabhairt ar shaol intleachtúil agus cultúrtha an Phiarsaigh. Sílim áfach gurbh fhearr mar leabhar é dá ndéanfaí eagarthóireacht níos déine air. Cé gur suimiúil iontu féin aistí an Phiarsaigh sa Chlaidheamh Solais, ba leor sliochtanna astu agus faoin am go dtagann an léitheoir go dtí na haistí in An Macaomh braitheann sé go bhfuil go leor den eolas iontu tugtha cheana. Agus sin ráite is fiú go mór na drámaí a bheith ar fáil maraon leis an eolas atá bailithe ag na heagarthóirí ina dtaobh. Agus bíodh gur leabhar scolártha é seo a bheadh ina áis mhór d’aonduine a bheadh ag iarraidh eolas a chur ar an Phiarsach, ba mhaith liom a cheapadh go mbeadh cóip i ngach leabharlann scoile sa tír agus go dtabharfaí faoi chuid de na drámaí a chur ar stáitse arís. ◊
I gcás an chéad dráma sa leabhar, Macghníomhartha Chú Chulainn, a léiríodh i Meitheamh 1909, agus é mar aidhm ag an Phiarsach go rachadh na buachaillí abhaile don samhradh agus ‘iomhá laochdha Chú Chulainn ina gcroíthe,’ tá an bunleagan Gaeilge agus gearrchuntas i mBéarla a rinne an Piarsach féin. Tá leagan Gaeilge agus Béarla an Phiarsaigh de Íosagán agus An Rí, agus is iad na leaganacha Béarla amháin atá ann de Owen (bíodh go ndeirtear gur i nGaeilge a bhí an bunleagan) The Master agus The Singer. Maidir leis an dráma neamhchríochnaithe Eoghan Gabha a fuarthas i bpáipéirí Liam Bulfin i 1953, is í Róisín Ní Ghairbhí a d’aistrigh. I gcás na léirithe gan script, An Pháis, a cuireadh ar siúl in Amharclann na Mainistreach 1911 agus The Defence of the Ford a léiríodh i bPáirc a’ Chrócaigh (nó Jones Road mar a tugadh air ag an am) tá cuntais i mBéarla amháin.
1
Is díol suime a mhéad de lucht litríochta na linne a chuir suim ina raibh ar siúl ag an Phiarsach i gcúrsaí drámaíochta agus a d’fhreastail ar na léirithe, agus tugtar léargas dúinn sa leabhar ar an dua a chaith idir dhaltaí agus mhúinteoirí agus www.feasta.ie
14
Tá mórchuid scríofa ag Ní Ghairbhí faoi shaothar Gaeilge an Phiarsaigh i leabhair agus san iris Comhar agus leabhar foilsithe ag Mc Nulty The Ulster Literary Theatre (Cork University Press 2008}. Feasta, Meán Fómhair 2013
SAORÁNACH versus Parlaimint na hEorpa Bua suntasach ar son na teanga!
Pádraig B. Ó Laighin
I
ndiaidh fiosrúchán a mhair trí mhí dhéag, chinn an tOmbudsman Eorpach P. Nikiforos Diamandouros ar an 31 Iúil 2013 gur chás drochriaracháin a bhí i dteip na Parlaiminte a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge. Is é ról an Ombudsman Eorpaigh drochriarachán in institiúidí an Aontais a nochtadh agus moltaí a dhéanamh d’fhonn deireadh a chur leis an drochriarachán sin.
Pat the Cope Ó Gallchóir, Gay Mitchell, agus Bairbre de Brún – ag suí iomlánach Pádraig B. Ó Laighin den Pharlaimint go raibh idirdhealú i gceist. Bliain níos déanaí, ní raibh aon dul chun cinn déanta. Tar éis dom litreacha cláraithe maidir le ceist an láithreáin a chur chuig Uachtaráin agus Ard-Rúnaí na Parlaiminte sa bhliain 2011 agus ag tús 2012, agus gan freagra, fiú admháil, a fháil uathu, shocraigh mé go gcuirfinn gearán faoi bhráid an Ombudsman, rud a rinne mé in Aibreán 2012. D’áitigh mé go raibh an Pharlaimint ag gníomhú ar mhodh idir-dhealaitheach, agus dá bharr sin go mídhleathach, toisc nár chuir sí a leathanach baile agus leathanaigh ábhartha eile ar fáil ar a láithreán gréasáin ar bhonn leordhóthanach agus comhréireach. Bhain an dá thréith dheireanacha sin le hidirdhealú ar bhonn teanga atá toirmiscthe faoin gCairt um Chearta Bunúsacha.
Is cinneadh tromchúiseach é cinneadh drochriaracháin, agus is annamh go bhfaightear an Pharlaimint, a chruthaigh oifig an Ombudsman, freagrach as a leithéid. Go hiondúil, déanann an tOmbudsman gach iarracht teacht ar réiteach cairdiúil agus cinneadh drochriaracháin a sheachaint. Ach sa chás seo ní raibh an Pharlaimint le bogadh óna seasamh in aghaidh chothrom na Féinne don Ghaeilge ar a láithreán gréasáin. Síneann cúlra an scéil seo siar go dtí 2006, nuair a bhí réiteach á dhéanamh do thionscnamh na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ón 1 Eanáir 2007. Chonacthas dom go raibh institiúidí áirithe ag moilleadóireacht. D’ardaíos ceisteanna faoin dul chun cinn i ndoiciméid éagsúla a chuireas faoi bhráid na n-insititiúidí agus faoi bhráid an Rialtais abhus thar ceann Stádas. Bhí cruinnithe agam sa Bhruiséil le hoifigigh shinsearacha na n-institiúidí, Ard-Rúnaí na Parlaiminte ina measc, agus le Buanionadaíocht na hÉireann. D’áitigh mé go raibh dualgas ar na hinstitiúidí a láithreáin ghréasáin a chur ar fáil i nGaeilge, agus nárbh aon leithscéal é an maolú a bhí curtha i bhfeidhm. Bhí maolú le foclaíocht ar an dul céanna i bhfeidhm i gcás na Máltaise, agus bhí láithreán gréasáin ag na hinstitiúidí ar fad sa teanga sin.
Chuir an tOmbudsman fiosrúchán ar bun, agus mar chéimeanna sa phróiseas sin bhí iarracht an Ombudsman teacht ar réiteach cairdiúil, seasamh tosaigh na Parlaiminte agus mo fhreagra air sin, doiciméad le ceisteanna ábhartha agus bealaí réitigh a chuir an tOmbudsman faoi bhráid na Parlaiminte, tuairim na Parlaiminte, agus mo bharúlacha ina leith sin. Sa deireadh thiar, d’aontaigh an tOmbudsman liom go raibh idirdhealú ann de bhrí nach raibh gníomhú na Parlaiminte comhréireach. ‘Mar a d’áitigh an gearánach,’ a scríobh an tOmbudsman, ‘níor cheart na hacmhainní uile atá ar fáil a chaitheamh chun 22 teanga oifigiúil a chur ar fáil ina n-iomláine agus faillí iomlán a dhéanamh in aon teanga oifigiúil amháin.’
Ar theacht na hathbhliana 2007, chuir an Chomhairle agus an Coimisiún a láithreáin ghréasáin ar fáil sna trí theanga nua – Bulgáiris, Gaeilge, agus Rómáinis. Chuir an Pharlaimint a láithreán ar fáil sa Bhulgáiris agus sa Rómáinis, ach shocraigh siad gan a láithreán a chur ar fáil i nGaeilge, agus gan fiú an Ghaeilge a lua ar liosta anuas na dteangacha oifigiúla. Agus is Parlaimint amhlaidh a bhí an scéal na hEorpa nuair a d’eisigh an tOmbudsman a chinneadh gur cás drochriaracháin a bhí ann – drochriarachán a mhair breis is sé bliana go leith, d’ainneoin iarrachtaí an phobail Ghaelaigh.
C
huir an tOmbudsman an dréachtmholadh seo a leanas faoi bhráid na Parlaiminte agus d’iarr sé ar an institiúid tuairisc a chur chuige faoin 31 Deireadh Fómhair 2013 maidir le conas a cuireadh chun feidhme é: Ba cheart don Pharlaimint, de réir a chéile agus de réir amchlár atá ar fáil go poiblí, úsáid leordhóthanach agus chomhréireach na Gaeilge ar a láithreán gréasáin a áirithiú. Mar íosmhéid, ba cheart don Pharlaimint a áirithiú go bhfuil aon rannáin ina dtugtar cuireadh don saoránach idirghníomhú leis an bParlaimint, ar fáil i nGaeilge. Is dul chun cinn suntasach é seo maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Léiríonn an cás gur féidir le saoránach dul i ngleic trí phróiseas daonlathach le hinstitiúid Eorpach atá ag gníomhú go leatromach, agus bua a bhreith uirthi. Ach is sampla é freisin de na deacrachtaí atá fós ann de dheasca an mhaolaithe atá i bhfeidhm i leith na Gaeilge. Creidim gur féidir agus go mba chóir deireadh a chur leis an maolú sealadach sin ar an gcéad ionú eile, sé sin ón gcéad lá d’Eanáir 2017. ◊
Chuireas an scéal faoi bhráid Fheisirí Éireannacha na Parlaiminte, agus an 14 Samhain 2011 líomhain triúr acu – www.feasta.ie
15
Feasta, Meán Fómhair 2013
ANSEO AGUS ANSIÚD Bonn Óir Sheáin Uí Riada, Comórtas 2013 ar oscailt Tá Peadar Ó Riada ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ag glacadh le hiarratais anois don chomórtas bliantúil ceoil i gcuimhne a athar, Seán Ó Riada. Tá comórtas na bliana seo dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail – bosca ceoil, consairtín, orgán béil srl. Bronnfar bonn óir agus duais airgid €2,500 ar cheoltóir amháin ag ceolchoirm mhór in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh i mí Eanáir. Seo an ceathrú bliain den chomórtas a bhíonn á reáchtáil ag Peadar Ó Riada ar a chlár Cuireadh chun Ceoil, agus é mar aidhm aige an chlann éisteoirí atá ag an gclár a thabhairt le chéile agus líonra a fhorbairt le cúnamh na nuatheicneolaíochta. Anuraidh, ba iad na píobaí agus an chruit na huirlisí a bhí i gceist, agus ba iad an píobaire Tiarnán Ó Duinnchinn as Muineachán agus an cruitire Oisín Morrison as BÁC a thug na boinn óir leo. Sa chomórtas seo beidh ceolmhaireacht agus spiorad an cheoil chomh tábhachtach céanna do na moltóirí, nó níos tábhachtaí fiú, ná cruinneas teicniúil. Le cur isteach ar an gcomórtas, ba cheart do cheoltóirí 5 phíosa ceoil a thaifead agus iad a uaslódáil go dtí an idirlín, nó iad a chur ar dhlúthdhiosca agus iad a chur sa phost chuig Peadar Ó Riada i gCúil Aodha. Tá na sonraí uilig le fáil ar an suíomh. Beifear ag glacadh le hiarratais go dtí 6 Meán Fómhair. Moltar dóibh siúd ar mhaith leo cur isteach ar an gcomórtas é sin a dhéanamh go luath, gan a bheith ag fanacht go dtí an dáta deiridh. Roghnófar 15 iomaitheoir don ghearrliosta, agus tabharfar cuireadh dóibh siúd seinm ar stáitse ag ceolchoirm mhór in Óstán an Rochestown Park i
gCorcaigh ar 24 Eanáir, áit a roghnófar an buaiteoir. Is é an gabha óir Pádraig Ó Mathúna as Caiseal Mumhan a rinne an bonn óir. Portráid Sheáin Uí Riada atá ar thaobh amháin den bhonn, agus tá íomhá greanta ar an taobh eile bunaithe ar Dhán Aimhirgín. Casfaidh Peadar Ó Riada cuid de na hiarrachtaí ó iomaitheoirí ar a chlár Cuireadh chun Ceoil gach Aoine ar Raidió na Gaeltachta ag 7pm. Beifear in ann clárú leis an suíomh idirlín www.cuireadhchunceoil.ie agus iad a chloisteáil ansin freisin. www.facebook.com/pages/CuireadhChun-Ceoil/191045597628162?directed_target_id=0
• Ar dheis, Micheál Ó Drisleáin, Comhlucht Forbartha na nDéise, le Tara Uí Ghreasaí ó Choláiste na Rinne a bhuaigh an ‘Long Service to Irish Award’, urraithe ag an Dungarvan Leader, ag Dánlann Joan Clancy Gallery, Maoil a’ Choirnigh, An Rinn, Co. Phort Láirge, mar a bronnadh Gradaim Ghnó na nDéise 2013 tamall ó shin. • Gar-dheis, Joan Clancy agus Michael Barry ó Beat 102-103 ag Dánlann Joan Clancy, Maoil a’ Choirnigh, an Rinn le haghaidh bhronnadh na nGradam. Is minc saothar ón Dánlann céanna mar mhaisiú ar chlúdach FEASTA. (David Clynch Photography) • Bun an lgh: Lucht Champa na Peile Gaelaí i bPáirc na Carraige, Club Aibhistín de Staic, Trá Lí, le deireanas. I measc na dtraenálaithe bhí Tadhg Mac Mathúna, cathaoirleach; Séamus Ó Gealbháin, Ailín Ó Dúgáin, Ciarán Ó Conaill, Siún Ní Mhongáin, Greg Ó hÓdhráin, a d'imir i lár na páirce do Mhionúir Chiarraí v Tír Eoghain, agus Ciarán O'Reilly. • Agus ar dheis arís, ag cur an tsíl, Kayla Ní Riagáin agus Ciarán Ó Conaill, beirt iarscoláirí de chuid Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag gabháil do bhunscileanna na peile Gaelaí a mhíniú don chleas óg ag campa oiliúna Chlub Aibhistín de Staic i bPáirc Uí Chonghaile. 75 óg-pheileadóir a fhreastail ar an gcampa.◊
Meallta ag Malick Tráchtann Mícheál Ó hAodha ar THE TREE OF LIFE Terrence Malick an stiúrthóir. Brad Pitt, Sean Penn, Jessica Chastain na príomhaisteoirí. 139 neomat. Premiére ag Cannes 2011, mar ar ghnóthaigh Palme d'Or.
N
ach fíor gur maith an scannán a ghineann breithiúnais chontráilte óna lucht féachana? Níl dabht ach gur féidir scannán nua The Tree of Life a áireamh i measc na scannán maith dá réir sin. Is scannán é Crann na Beatha a ardaíonn ceist, agus ansin ceist eile. Pléann sé na ceisteanna is bunúsaí i leith fheidhm na scannánaíochta féin.
Na féidearthachtaí a bhaineann leis an nua-theicneolaíocht, an teilifís dhigiteach san áireamh, seans maith go bhfágfaidh siad a rian ar fhorbairt na scannánaíochta amach anseo. Bhí cuid mhaith den fhírinne i ráiteas ciniciúil Billy Crystal maidir le Crann na Beatha, caithfear a rá. Níl ‘rud ar bith’ faoi chaibidil sa scannán seo, ar shlí. Níl scéal leanúnach ann fiú sa chiall is leithne den fhocal sin. Ar bhealach, tá Malick tar éis filleadh ar fhréamhacha na scannánaíochta, raison d’etre na scannánaíochta an chéad lá riamh.
Ach an féidir an scannánaíocht a áireamh mar fhoirm ealaíne, nó an ábhar siamsaíochta agus fóillíochta atá inti i ndáiríre? Níor taispeánadh Crann na Beatha i mórán de phictiúrlanna na hÉireann, go bhfios dom. Tar éis an tsaoil, agus cé go maítear a mhalairt go minic i measc na léirmheastóirí agus lucht critice gairmiúla, níl a leithéid de rud againn sa tír seo agus cultúr forbartha scannánaíochta ar chor ar bith. Tá Crann na Beatha ar fáil ar DVD agus Blu-ray trí mheán an idirlín le tamall anuas. An scannán nua seo, is faoi stiúir an Mheiriceánaigh chlúitigh Terrence Malick a saolaíodh é, agus tá sé ar an dornán scannán atá eisithe aige le dhá scór bliain anuas. Tá sé chomh maith le ceann ar bith de na scannáin eile a rinne sé, lena n-áirítear Days of Heaven (1978). B’fhiú fanacht leis. Dar le go leor léirmheastóirí, tá sé ar cheann de na scannáin is áille, ó thaobh na cineamatagrafaíochta de, a rinneadh i Meiriceá le daichead éıgin bliain anuas.
Mar amharc-ealaíon a shamhlaigh na chéad déantóirí scannán an meán ealaíne nua seo i lár an naoú haois déag. Toisc nach raibh na modhanna teicniúla ann fós chun na físeanna bunaidh s’acu a fhíorú, is é a bhí uathu ná sraith pictiúr nó íomhánna a chur ag bogadh. De réir a chéile a d’fhás tábhacht an scéil agus na reacaireachta sna scannáin. Aisteach le rá, le céad bliain anuas, is í an scannánaíocht an meán ealaíne is mó atá a thiomáint ag an scéal. An mar sin a bheas i gcónaí, áfach? Cuireann Malick an cheist seo agus ceisteanna níos tromchúisí fós sa scannán áirithe seo. Creid é nó ná creid, d’fhéadfadh gurb é insint an scéil an laige is mó a mbeidh ar lucht scannánaíochta aghaidh a thabhairt uirthi amach anseo. Ní hamháin nach bhfuil an t-uafás scríbhneoirí maithe i Hollywood, ná i Bollywood ach an oiread na laethanta seo, ach ní féidir réimse teoranta scéalta a insint agus a athinsint ad nauseum: an buachaill bocht a thiteann i ngrá leis an gcailín saibhir; an strainséir cóir a thagann abhaile agus a chuireann an ruaig ar na bithiúnaigh agus a imíonn arís ina laoch fir le dul faoi na gréine; an duine a théann ar thóir an chiste óir; an ‘bhrionglóid Mheiriceánach’ sin ina sáraíonn an duine faoi chois na constaicí os a chomhair agus a thagann in inmhe sa deireadh).
É sin ráite, ní fhéadfá a áiteamh gur scannán é Crann na Beatha a rinneadh dóibh siúd a bhfuil píosa spraoi nó ábhar éalúchais de dhíth orthu. Na mórcheisteanna atá á bplé ag Malick anseo, is le brí na beatha agus fiúntas na beatha a bhaineann siad, eochair na rúndiamhra sin a bhfanann ár bhformhór dall orthu, ainneoin ár gcuid iarrachtaí go léir. Scannán sa stíl mhall mhachnamhach a bhfuil na Sualannaigh, na Rúisigh agus a gcomhghleacaithe in oirthear na hEorpa mar mháistrí uirthi is ea Crann na Beatha, iarracht ar dhul i ngleic leis an rúndiamhair sin nach nochtann í féin go hiomlán dúinn, agus nach n-éiríonn linn tuiscint iomlán a fháil riamh uirthi. Bhuaigh Crann na Beatha an Palme d’Or ag Féile Scannán Cannes sa bhliain 2011. Ainmníodh é, chomh maith, ar na scannáin is fearr do na Academy Awards (Hollywood), 2012, cé gur chaith an fear grinn Billy Crystal anuas air le linn dháileadh na ngradam: ‘What’s that about?,’ ar seisean. Ar shlí, ní raibh Crystal ach ag léiriú míshástacht cuid mhór de lucht scannán Mheiriceá le Crann na Beatha agus an easpa tuisceana a léiríodh ina leith fud fad na tíre sin. Shiúil go leor daoine amach as an bpictiúrlann nuair a chéad-léiríodh ar scáileáin SAM é. ‘Ní faoi rud ar bith é,’ an gearán a bhí acu.
Cinnte, má chuireann tú aisteoirí nua óga dathúla ag insint na scéalta céanna seo de shíor, cothóidh tú lucht féachana a bhfuil siamsaíocht éadrom de dhíth orthu. Ach tá tú i gcruachás más féidir leis na meáin agus an teicneolaíocht nua an rud céanna a sholáthar, agus is sa réimse sin atá na bealaí teilifíse agus na fís-chluichí ag fáil bua ar an bpictiúrlann thraidisiúnta, agus ar phraghas i bhfad níos saoire.
Aisteach le rá, is féidir gur sa ráiteas lom sin a luíonn tábhacht an scannáin seo, go háirithe toisc ceisteanna tromchúiseacha a bheith á n-ardú ag Malick anseo i dtaobh todhchaí na scannánaíochta. Is é sin, má tá todhchaí fós ag cúrsaí scannánaíochta, agus go háirithe ag an institiúid sin a dtugtar an phictiúrlann uirthi. www.feasta.ie
Iontas na n-iontas, agus nach ait an cor sa saol é, agus é seo go léir sa mhullach ar lucht déanta scannán, tá an teicneolaíocht anois ann chun fís na gceannródaithe scannánaíochta a fhíorú den chéad uair riamh. Is ait an mac an saol, agus 17
Feasta, Meán Fómhair 2013
níos aistí fós, sin go díreach atá déanta ag Malick sa scannán seo. Cé gur féidir a rá nach scéal ‘traidisiúnta’ é Crann na Beatha, is cinnte go bhfuil ‘scéilín’ de shaghas éigin á aithris sa scannán seo faoi na cúinsí saoil sin a bhaineann le gnáththeaghlach Meiriceánach a tháinig in inmhe sna caogaidí agus a bhfuil baill den teaghlach sin ag breathnú siar anois orthu. Feicimid fear sna daichidí (an t-aisteoir Seán Penn) agus é ag iarraidh ciall a bhaint as bás a dhearthár roinnt blianta roimhe sin. Ní léir dúinn cad ba chúis lena bhás, ach tugtar leideanna dúinn go raibh lámh aige féin ann. (Is cosúil gur chuir deartháir níos óige leis an scannánóir Terrence Malick lámh ina bhás féin blianta ó shin). Feicimid carachtar Phenn agus é ag iarraidh teacht ar thuiscint maidir leis an mbás tragóideach seo.
eoirí agus ar shaol an teaghlaigh na laethanta úd. Gan an iomad den scéal a sceitheadh, is féidir a rá nach ionann an Weltanschauung atá ag na tuismitheoirí sa teaghlach áirithe seo. Leanann an mháthair bealach an ghrásta, ach ní hamhlaidh don athair, ceoltóir. Fear atá teasaí agus ríogach, tá lé níos mó aige siúd le bealach an nádúir: shamhlaigh sé tráth go mbeadh sé ina cheoltóir mór le rá.
A
nois agus iad ag dul in aois, téann féinmharú an dearthár óig i bhfeidhm go mór ar an teaghlach. Ceistíonn siad a chéile ina gcuid smaointe príobháideacha féin. Cé, nó cad é, a bhí freagrach as an tragóid seo? Arbh fhéidir é a sheachaint? Na cuirtíní ag tonnadh go réidh sa ghaoth um thráthnóna samhraidh, loinnir na gréine ar na braonta beaga uisce, duilleoga an fhómhair ag titim ar an gcosán, tírdhreach an fhásaigh fholaimh – níl léamh, scríobh ná insint béil ar áilleacht na n-íomhánna sin, agus is geall le cneasú iontu féin iad. Dá mbeadh focail in ann gach aon ní a chur in iúl ní bheadh gá le pictiúir ná le ceol, a déarfadh Malick, is dócha. Is iad na híomhánna aige an freagra atá ag Malick ar an gceist, ‘cad is fiú a bheith beo?’ Is é atá á rá aige ná féach thart go bhfeicfidh tú. Cad a fheiceann éinne againn? Brad Pitt atá i bpáirt an athar. Is mó ná buachaill gleoite ag dul in aois é Brad Pitt. Féach ar Crann na Beatha agus feicfidh tú duine de mhóraisteoirí dhomhan an Bhéarla faoi láthair. Is féidir an méid céanna a rá faoi Sean Penn, bíodh is go raibh na Meiriceánaigh i gcoitinne patuar i dtaobh an scannáin. Cad déarfar ina thaobh i gceann scór bliain? Scannán a bhí ró-uaillmhianach? Teip? Nó ceann den bheagán scannán fiúntach ó thús an 21ú haois? ◊
Ardaítear ceisteanna, cuid acu gan fhreagra. An féidir tuiscint a fháil ar chríoch dhuine eile, go háirithe nuair is féinmharú atá i gceist? An féidir an deireadh a thuiscint mura dtuigimid i gceart an méid a tháinig roimhe sin – óige an duine sin, a thús? Conas mar a réitigh sé lena thuismitheoirí agus lena theaghlach, conas mar a bhí an saol aige agus é ag teacht in aois? Roimhe sin arís, conas mar a bhí roimh gach aon ní, roimh an gCruthú fiú?
L
éiríonn Malick seo, agus míníonn sé ionad an fhir seo i slabhra na beatha. I bhfocail eile, léiríonn sé ‘Crann na Beatha.’ Spéisiúil go maith, ní le híomhá a osclaíonn Malick an scannán seo, ach le téacs ó Leabhar Iób a thagraíonn do bunchloch na beatha féin: ‘Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne? (38.4). Le híomhánna seo chruthú an domhain baineann Malick macallaí as Tarkovsky agus na déantóirí scannán meitifisiciúla eile a mbraithimid rud éigin ‘eile’ a bheith iontu agus muid ag breathnú ar a gcuid scannán. Cineál réamhullmhúchán atá anseo do na híomhánna a leanann na chéad mhíreanna sin de chruthú an domhain. Dála Tarkovsky agus Kieślowski, ní hiad na rudaí a fheicimid os comhair an dá shúil againn a bhfuil tábhacht leo, álainn mar atá siad. An rud atá ag tarlú ar an imeall agus nach bhfeictear ar an scáileán, sin an rud a bhfuil fiúntas ag baint leis go príomha. Is é sin go mbraitheann tú rud éigin, cuirtear ar do shúile go bhfuil neach nó láithreacht dhofheicthe éigin eile ag feidhmiú anseo. Más duine creidmheach tú, thabharfá ‘Dia’ air seo nó, ar a laghad, an ghné tharchéimnitheach. Gné shainiúil de chur chuige Malick a dhealaíonn amach óna chomhghleacaithe é, dála ealaíontóirí clúiteacha an Renaissance agus na ré Barócaí, nach á theilgean féin sa scannán atá sé; ar na híomhánna atá á gcruthú aige a leagann sé iomlán na béime. Íomhánna chruthú an Domhain, laibhe ag sileadh, an spéir, an aimsir, an domhan nádúrtha ag crith, orthu siúd a dhíríonn sé a chineamatagrafaíocht, na gluaiseachtaí sin go léir á dtionlacan le ceol. Feicimid Sean Penn ag cuimhneamh siar ar a óige i gcathair bheag in Texas sna caogaidí, spléachadh siar ar thuismithwww.feasta.ie
18
Feasta, Meán Fómhair 2013
AN BARR BUA Pádraig Mac Piarais a chuir in eagar. Aindrias Ó Cathasaigh a chóirigh. Coiscéim. 2012. 248 lch. €15.
á chur i láthair ag Aengus Ó Snodaigh
A
eacha. Smaoinigh gur éirigh leo, idir 1912 agus 1916, na snáitheanna ar fad a cheangal le chéile agus an fhís sin a chur abhaile i bhForógra na Poblachta. Éacht ab ea é, agus tá a lán de na snáitheanna sin le feiscint ar leathanaigh An Barr Buadh.
n chéad uair a chuala mé an teideal An Barr Buadh, tréimhseacháin a bhí ag cumann Shinn Féin i gColáiste Ollscoil Bhaile Átha Cliath a bhí i gceist, tráth ar chláraigh mé leo i 1983. Idir Ghaeilge agus Bhéarla a bhí san iris, ach Béarla don chuid is mó. An dara huair a thángas air mar ainm ná nuair a bhíos féin agus beirt eile ag cur altanna le chéile faoi nuachtáin radaiceacha phoblachtánacha (1792-1988) don iris bhliantiúil a eisíodh do Dhinnéar Onóra de chuid An Cumann Cabhrach i 1988. Faoi ainm chleite a scríobh mé. Ní raibh agam ann ach nóta gairid: ‘Another newspaper by an individual was Pádraig Pearse’s An Barr Buadh, an all-Irish publication which would “advocate the political independence of Ireland”, [and] lasted from March 16th to May 25th 1912.’ Sin a raibh ann. Níor thug mé faoina thuilleadh taighde air ó shin, mo bhrón.
Is minic daoine dall ar an stair, agus is trua san. Measaim go dtugann tuiscint agus eolas ar an stair radharc difriúil do dhaoine ar an saol. Is trua liom an ‘dumbing down’ a dhéantar ar gnéithe tábhachtacha dár stair féin agus de stair an domhain. Is measa fós é nuair a chumtar bréag-stair. Bréagstair agus bréag-am atá faoi láthair ann, mar a tharla faoi réim na ‘revisionists’ sna hochtóidí agus sna nóchaidí. Níltear réidh leo. Féach anois nach mbeidh an stair mar ábhar riachtanach a thuilleadh don Teastas Sóisearach.
Éacht é go bhfuil ’chuile eagrán ina n-iomláine de Barr Buadh an Phiarsaigh os ár gcomhair, a bhuíochas d’Aindrias Ó Cathasaigh. As seo amach, ní bheidh sé de leithscéal agam féin, nó ag aon duine eile, staraithe na tréimhse ach go háirithe, nach bhfuil teacht ar an tseoid seo: aon eagrán déag den chéad nuachtán polaitiúil seachtainiúil Gaeilge, go bhfios dom. B’eol dom faoi An Claidheamh Soluis, ar ndóigh, agus fiú faoi Bolg an tSolair, ach bhí ról ar leith ag An Barr Buadh. Sórt Scissors and Paste na Gaeilge a bhí ann, agus luigh sé isteach leis na nuachtáin eile ar fad as Béarla a bhí ag scaipeadh agus ag scagadh na scéalta móra a bhain leis an réablóid chultúrtha, ideolaíoch, pholaitiúil agus shóisialta a bhí faoi lán tseoil ag an am.
Luaim sa chomhthéacs seo eachtra in Áth Luain mí na Samhna anuraidh, nuair a d’ionsaigh iar-aire de chuid Fhine Gael réad i dtaispeántas ealaíne a bhí á oscailt ag Aire Chultúir na linne seo, Jimmy Deenihan, F.G. Séard a bhí ann ná taispeántas de shaothair ealaíne, a raibh ina measc Fragmens sur les Institutions Républicianes IV (1993-1997), comm (teachaireachtaí beaga scríofa a seoladh isteach agus amach as príosún na H-Blocanna le linn na stailce ocrais i 1981), leis an ealaíontóir, Shane Cullen. Is leis an stát an saothar ealaíne céanna agus bhí sé ar taispeáint timpeall na tíre ag a úinéirí, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.
Luaim, mar shampla, Irish Freedom an Bhráithreachais, the Workers Republic ó Halla na Saoirse, The Irish Worker agus leithéidí Sinn Féin, The United Irishman, Honesty, An Gael, The Hibernian. Theip go minic ar nuachtáin bheaga toisc easpa airgid, easpa réamhphleanála, agus níos déanaí ach go háirithe toisc gur dhruid fórsaí na Corónach iad. Ina measc san a tháinig i ndiaidh An Barr Bua bhí leithéidí Éire / Ireland, The Irish Volunteer, Scissors and Paste, Fianna, The Spark, Bean na hÉireann, Fianna Fáil, The Worker, Irish Work, The Phoenix agus War News.
Phleanc an t-iar-aire an saothar, mar a thuairiscítear, lena mhaide croise, agus d’éiligh go ndíbreofaí as an nGailearaí nua, An Luan, é. Níor éirigh, mar is eol, le hiarracht cinsireacht a dhéanamh ar an taispeántas ó shin; theip ar rún ón gcomhairleoir Mark Cooney i mí Eanáir.
N
í cóir eagla a bheith orainn faoin stair; is ann dó, ní féidir linn é athrú, ach is féidir linn é a thuiscint, agus foghlaim uaidh. Chun é a thuiscint is gá an comhthéacs ina iomláine a bheith againn, agus cuirfidh an leabhar seo lenár dtuiscint ar phearsantacht an Phiarsaigh, ar a pholaitíocht agus ar an athrú nó aibiú a tháinig air sna trí mhí a raibh An Barr Buadh ar an saol. Mar a dúirt Desmond Ryan sa bheathaisnéis The Man Called Pearse, atá luaite ag Aindrias sa réamhrá: ‘It is impossible to understand how Pearse’s views upon methods developed until these Irish writings of 1912 are fully considered.’ Dúshlán do staraithe an lae inniu é sin.
Bhí breis agus cúpla míle de dhíolachán ag a lán díobh seo, bhí 20,000 ag an Irish Worker, mar shampla, ach i gcás An Barr Bua ní fios go cruinn. Thart ar mhíle ar a mhéid a mheasann Aindrias. Ní raibh seans ceart aige maireachtáil mar ní raibh bun ceart eacnamaíoch curtha faoi, agus bhí an príomhthiománaí gafa ina lán scéimeanna eile toisc, ina fhocail féin, go raibh ginte ann ‘an impulse to seek hard things to do, to go on far quests and fight for lost causes’. A theanga ina phluc aige, ar ndóigh, agus é á rá sin. Mar a deir Aindrias ina réamhrá: ‘Ní foláir nó bhí An Barr Bua i bhfad thar a acmhainn bheag ó thús. Agus bhí a eagarthóir i sáinn le Scoil Eanna i gcónaí.’
Bhí sé go hiontach gabháil trí eagráin An Barr Buadh, agus a fheiscint conas nár athraigh mórán ar go leor bealaí, agus chomh mór is a d’athraigh an saol chomh maith. Plus ça change arís! Féach mar a ghlaotar ‘Gaill Uladh’ ar aontachtaithe Uladh, agus mar a luaitear a gcuid agóidíochta: ‘Bhí
Bhí fís fad-radharcach i gceist leis sin, agus bhí a lán eile idir lámha ag Mac Piarais agus an buíon beag ceannairí réablóidwww.feasta.ie
19
Feasta, Meán Fómhair 2013
Buadh, is léir an seasamh a ghlac baill Chumann na Saoirse; chuaigh siad isteach in Óglaigh na hÉireann a bunaíodh breis is bliain ina dhiaidh sin. Shínigh beirt d’údair altanna san Barr Buadh Forógra na Poblachta, agus tar éis an Éirí Amach bhí cúigear díobh ar shlí na fírinne, Peadar Ó Maicín, Ó Rathaille, Pádraig féin, Eamonn Ceannt agus Con Colbert.
mórchruinniú ag Gaill Uladh i mBéal Feirste i gcoinne saoirse Ghael.’ Is i bhfonótaí Aindrias atá a lán de na fíorsheoda, áit a dhéanann sé soiléiriú ar mhórán den stair atá imithe as radharc le haimsir. Mar shampla, nuair a luaitear go raibh cruinniú ‘ag lucht cosanta na Gaeilge i nDroichead Átha agus an Cairdinéal Ó Maolmhaodhóg ina cheannas, ceapadh rúin chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh i scoileanna an cheantair’. Deir an fonóta linn go raibh an cruinniú, b’fhéidir, níos tabhachtaí fós, mar gur: ‘comhchruinniú a bhí ann idir cléir Chaitliceach Dhroichead Átha agus coiste ceantair Lú Theas den Chonradh. Glacadh le rúin go gcaithfeadh cáilíocht Ghaeilge a bheith ag múinteoirí feasta’.
Tá a lán i gceist ina bhfuil luaite faoi ‘Fáth an Chumainn nua’ (lch 119): Na fíor-Ghaeil .i. na Gaeilgeoirí, a mhúscailt as a dtromchodladh agus a mhealladh isteach i bpolaitíocht na hÉireann. Cúrsaí polaitíochta a ghaelú ó bhun go barr. Soiscéal Saoirse na hÉireann a chraobhscaoileadh le teann gnímh agus cainte.
Déanann a leithéid de mhionmhiniú na scéalta beaga ar fud an leabhair a shoiléiriú agus a thabhairt chun beatha arís. Seo scéilín ó Pheadar Ó Maicín ar bhaineas taitneamh as. (lth 118).
A chur ina luí ar Ghaeil gur leo an chríoch seo, Éire, agus gur fiú troid ar a son.
Ceacht
A theaspáint go bhfuil dream beag Gael fós nach bhfuil ceannaithe ag ór Sheáin Bhuí.
Lá n-aon i m’óige a bhíos, an uair is gann a bhíodh na pingineacha. Tharla dom pingin agam, agus cheannaíos páipéirín ar a dtugtaí Young Britannia. Páipéar ab ea é a raibh a lán scéalta ann a bhain le gaisce airm Shasana le linn cogaidh a bhí idir Shasanaigh is Zúlúigh. Bhí a lán pictiúr ann leis.
An ‘modh díreach’ a mholadh do Ghaeil, go mórmhór le urchar a chaitheamh.
F
aightear mórán plé ar cheist na saoirse ar na heagráin ar fad. Mar shampla, faoin teideal ‘Ní síocháin go saoirse’ tá an méid seo thíos; bhí a mhacasamhail le clos ón bPiarsach níos déanaí ar a lán ócáidí, agus ag sochraid cháiliúil Uí Dhonnabháin Rossa go háirithe:
‘An uair a shroicheas an bhaile, cé a bheadh istigh romham ach m’athair dílis féin. Thug sé faoi deara an saghas páipéir a bhí i mo láimh, sciob uaim agus sháith sa tine é. Chuir sin ag gol mé agus tháinig trua aige dom. Thug pingin dom ansin agus dúirt liom Young Ireland a cheannach.
An bhfuil Gaeil na haoise seo chomh meata sin is go gcuirfidís iad féin faoi gheasa agus faoi mhionna a bheith dílis do choróin Shasana go deo na díleann ach Feis a fháil a bheas faoi cheannas Gall agus ceangal i bhfad níos crua uirthi ná mar a bhí ar an bhFeis ar éirigh Wolfe Tone ina choinne. An é atá uainn an ní nach bhfulaingeodh Wolfe Tone i. ceannas Gall a bhuanú in Éirinn?
Anois, a Sheáin Uí Bhraonáin, nach fiú dúinn onóir a thabhairt do na seandaoine? Muna mbeadh a cheacht siúd is beag suim a bheadh agamsa i gcúrsaí na hÉireann.
I
na chuid fonótaí deir Aindrias: ‘Ar Sinn Féin, 16 Márta, scríobh Sydney Gifford, faoin ainm cleite John Brennan, “Unfortunately for Ireland her young generation has begun to attach undue importance to these old men and women… has decreed that old age is admirable.”’
Ní hé atá ó lucht scríofa an irisleabhair seo. Ní dóigh linn gurb é atá ó fhormhór fhir Éireann, an méid díobh nach bhfuil ceannaithe. Céard atá uainn? Tá ár gceart dúchais. Céard é ár gceart dúchais? Tá, dúthaigh Ghael i seilbh Gael gan chur isteach ó Ghaill. B’fhéidir go mbeadh sos catha ann tar éis an F[h]eis* seo a bhaint amach dúinn, ach ní bheidh síocháin ann go mbeidh deireadh le ceannas Gall in Éirinn. Ní síocháin go saoirse.’ (lgh 85-86)
Ní stuama agus dáiríre amháin atá na haltanna, tá idir ghreann agus aoir le fáil sna heagráin dhifriúla chomh maith. Sampla maith den ghreann seo sea ‘Foclóir Nua’ le hEamonn Ceannt:
Na téamaí agus na tearmaí céanna a chualathas ceithre bliana níos déanaí ar an gcosán lasmuigh d’Ardoifig an Phoist atá anseo. Bhí an téama céanna ag gabháil tríd na heagráin ar fad.
… Sinnféineach. Duine a shíorchaitheas tobac. Duine achrannach. Séamus Ó Brádaigh. Drochdhuine. Nationalist. Seoinín. Béarlóir. Fear díolta biotáille. Duine cainteach. Ardchomhairleoir Cotton, feisire. Giúistís na Síochána. Iúdach. Ainm páipéir.
Cad is féidir a rá nach bhfuil ráite in altanna An Barr Buadh féin, agus i bhfonótaí agus réamhrá Aindrias? Fíorbheagán. Ceannaigh é, léigh agus cleachtaigh! ——◊—— Leagan den chaint a thug Aengus Ó Snodaigh, T.D., ag seoladh An Barr Bua, aon eagrán déag d’fhoilseachán Ghaeilge a raibh Pádraig Mac Piarais ina eagarthóir air (1912), cóirithe ag Aindrias Ó Cathasaigh. Coiscéim. 2012. 248 lch. €15. *Nóta: ‘Feis’ – parlaimint Rialtas Dúchais atá i gceist. ◊
Comhdháil. Triúr ban. Fiche fear agus rúnaí maith… (lch 179) Ceann de na fáthanna gur tháinig An Barr Buadh ar an saol ná chun Gaeilgeoirí a ghríosadh chun a bheith gníomhach, ní hamháin ar an gceist chultúrtha, ach mar a éilíodh sa rún bunaidh a scríobh Brian Ó hUiginn chomh maith – ‘go gcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairt chun saoirse Gael a bhaint amach.’ Cumann na Saoirse a tháinig ar an saol dá bharr. In aineoinn nár mhair An Barr www.feasta.ie
20
Feasta, Meán Fómhair 2013
SMUF le Alan Titley An Gúm. €6.50. ISBN: 10: 978-1-85791-823-6
á mheas ag Peadar de Blúit ‘Chaith siad amach as an gcarr mé!’ Seo céad líne Smuf, an leabhar is déanaí do pháistí ó Alan Titley. Scéal é faoi mhaidrín beag ar a dtiteann mí-ádh mór.
S
ea, tosaíonn an scéal le Smuf caite amach ar an mbóthar. An t-ainmhí beag gan tuiscint aici ar ar tharla, ná cén fáth gur thuill sí a leithéid de phionós. Braitheann an léitheoir trua do Smuf ar an toirt agus an chlann ag tarraingt uaithi. Is cuma an duine tú go dtaitníonn madraí leat nó a mhalairt, leáfaidh do chroí faoi thionchar pheannaireacht Titley. Sin mar a bhíonn tríd an leabhairín beag seo ar fad. Éiríonn leis an údar codarsnacht iontach a thógáil le linn an scéil. Nascann sé dánaíocht an mhadra bhig, i súile an duine, leis an tsoineantacht iomlán atá ar an ainmhí féin. Tógtar ar an tsoineantacht seo nuair a bhuaileann Smuf le scata madraí eile. Níl aon olc ar aigne ag Smuf. Tá sí sásta agus sona, in ainneoin ar tharla di. Ach níl leisce uirthi seasamh ar a son féin agus dúshlán roimpi. Téann an scéal in olcas, áfach, nuair a thagann fear an phóna uirthi féin agus na madraí eile. Arís anseo, tá truamhéil na hócáide i gcodarsnacht le soineantacht agus easpa tuisceana Smuf. Luann sí gur thaitin turais sa charr léi i gcónaí, seachas an ceann deireanach a bhí aici. Léirítear a cuid aineolais ar an saol agus cá bhfuil sí ag dul. Tá ceacht sa bhreis le sonrú anseo. In ainneoin gur leabhar do pháistí é seo go príomha, tá Titley ag trácht ar rud níos doimhne. Fad is atá Smuf sa phóna baintear casadh beag níos dáiríre as an scéal. Is cosúil go dtuigeann Smuf don chéad uair nach bhfuil gach rud ar an saol mar www.feasta.ie
is cóir. Feictear di go bhfuil streachailt áirithe le déanamh. Gríosann seo an madra beag chun imeacht ar chosa in airde chomh luath is a thagann an deis. Faoiseamh sealadach é do Smuf, ach níl a cuid eachtraí thart go fóill. Feabhsaíonn cúrsaí ar feadh píosa. Aimsíonn sí cara deas, agus roinnt beatha chomh maith. Faoiseamh áirithe é seo don léitheoir. Faraor, tagann críoch bhorb leis. Ó thús an leabhair tá mearbhall ar Smuf bocht – cén fáth gur caitheadh amach í. Tuigimid narbh í an madra is fearr i gcónaí í, ach nochtar an scéal ar fad anois. Tar éis a bheith scartha óna muintir, gafa agus díbeartha shílfeá nach n-éireodh cúrsaí níos measa, ach cuirtear iontas orainn. Ní leabhar do dhaoine óga amháin atá sa leabhar seo. Tá rud níos doimhne i gceist. Tá Smuf mar shiombail den duine atá ar imeall na sochaí, den duine ar tugadh fothain dóibh, ach nach raibh in ann socrú isteach; den seachránaí a thit isteach leis an dream mí-cheart, agus a thorthaí sin. In ainneoin gur leabhar do pháistí é go príomha, faightear na macallaí seo an-luath sa scéal. Raghaidh siad i bhfeidhm ar shamhlaíocht an tromlaigh. Léiríonn an leabhar seo, arís eile, cumas Alan Titley mar scríbhneoir: insíonn sé scéal beag álainn atá deas le léamh, agus anuas air sin tá sé scríofa i sainréim teanga atá in oiriúint do dhéagóirí óga, ach go bhfuil sé inléite ag foghlaimeoirí fásta, agus i ndáiríre ag duine ar bith go bhfuil Gaeilge acu. ◊
IMPÍ LINBH Tachrán girsí In aois a trí, Éalaithe ón saol, Agus litir impí Chuig Máthair na Síorchabhrach Go meabhrach Ag scríobh, Le mór-chuid geáitsí. Focal á scríobh, Focal á scríos, Míshásta, Tugann faoi arís. Leathshúil druidte, Ag dúil an phinn, Cár ina beola, Tochas cinn, Scaoileadh is dúnadh Snaidhm lúibe ina gúna, Agus súile moiglí bú-ghoirmeach’ gleoite I bpictiúir beannaithe na Maighdine sáite. Impí scríofa, Sa bhosca dingthe, Fanann go foighneach Ar fhreagra, In aisce. Neamh-shásta, Tuilleadh feithimh Go togann Sciobann ‘fón’ den bhfalla, Is faoi dheifir Diailíonn uimhir Neimhe, mar dhea, ‘Dia bheatha, a Mhuire, Conas taoi thuas, Peigí anseo, Cogar id chluais. Ar eagla mo litir chugat dulta amú (Agus méirín ar Mhamó bocht á dhíriú), An ndéarfá rud éigin léi go luath, A chuirfeadh crú ina tosach?’
Ralph de Prendergast
GAEL LINN – EISIÚINT NUA 'Báidín Fheidhlimí': Cnuasach de Shingilcheirníní Gael Linn 1968-80 CD €14.99. Ar fáil i siopaí ceoil agus ag www.gael-linn.ie (CEFCD204) Spreagfaidh an t-albam seo cuimhní go leor den tréimhse ina raibh bailéid i mbarr a réime. Cloistear oirfidigh ar nós Dónal Lunny, Paul Brady, Clannad, muintir Uí Dhomhnaill… Chuaigh singilcheirníní Gael Linn i bhfeidhm go mór ar phobal na linne m.sh. ‘Baidín Fheidhlimí’ le Emmet Spiceland , ‘An Poc ar Buile’ le Seán Ó Sé agus ‘Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’ a chan The Johnstons. Tagann tú ar rudaí suimiúla sa chnuasach seo: gurbh é Roger Whitaker a scríobh an ceol don amhrán ‘Cóilín’, go raibh Neil Jordan agus Niall Stokes i mbun tionlacain ar ‘An Damhán Alla’ agus ‘An Cailín Álainn’, go raibh Niall Tóibín agus Jim Doherty ag plé le hamhráin Ghaeilge, go raibh Suzanne Murphy, ar réalt anois í le Welsh National Opera, tráth ina ball den ghrupa WE 4. Sa leabhrán a ghabhann leis an albam, tugtar focail na n-amhrán go léir. Nótaí suimiúla scríofa ag Shay Healy agus Nioclás Ó Cearbhalláin.
21
Feasta, Meán Fómhair 2013
Tuige Nach is Tuige Go…? le Pádraig Ó Snodaigh
G
lacaimse, agus Tuige Nach nglacfainn, go bhfuil seasamh, cearta, dínit, stair, cuspóirí, éilimh dhlisteanacha agus dá réir ag pobail, agus go bhfuil dualgas ar rialtas riaradh orthu go fial, cuiditheach, tuisceanach agus ó cheart. An meon maorlathach atá sa treis anseo, is baolach go dtosnaíonn le ‘Tuige go…’: tuige go ndéanfaí riaradh ar ghrúpa nó ghrúpaí ar leith. Is é sin le rá go gcaitear agóid agus éileamh agus brú leanúnach a eagrú; caitear stocaireacht a dhéanamh, cásanna cúirte a throid; caitear am, glúin iomlán uaireanta, a d’fhéadfadh a bheith infheistithe le tairbhe don phobal, ach gur gá síor-streachailt in éadan dhoicheall na bunaíochta. Agus mé i dtuaisceart na hIorua le déanaí, phléas staid na Sámi leis na húdaráis chuí in Ollscoil Tromso. Is follas go bhfuil bá bunúsach ag an rialtas láir leo. Pobal de chéad míle duine nó mar sin atá ann, scaipthe i dtrí cinn de thíortha éagsúla, an Fhionlainn agus an tSualainn san áireamh, agus iad taobh le sé cinn de chanúintí éagsúla.
democratic debate, the ability to form opinions and language and language development within the Sami community’, mar a deir ambasáid na hIorua linn. Trua nach amhlaidh abhus. ——◊—— Fuaireamar guth na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste ar na mallaibh, treallán ceithre leathanach tablóideach snasta, i mBéarla don chuid is mó, nó is bolscaireán é i ndáiríre atá dírithe ar na Béarlóirí a thaithíonn an dúthaigh sin. Molaim iad, fiú má chronaím uaim Lá agus Lá Nua go dóite. Táid anois ag pleanáil Áras na bhFál, taobh le Broadway ar Bhóthar na bhFál, a bhéas mar ‘business club for Irish language organisations’, iontaobhas na Gaelscolaíochta san áireamh. Go n-éirí leo. Á mholadh seo, is doiligh, mar a deir siad ó thuaidh, gan teip Jimmy Deenihan i leith Tech Aimhirgin in Uíbh Ráthach mar chomparáid, sin agus an fhíric nach féidir, go fóillín pé ar bith, brúghrúpa i dtreo gaelscoile a chur ag feidhmiú in Uíbh Ráthach. ——◊——
Tá nuachtáin áitiúla dírithe ar na Sámi san Iorua — Ságat, le scaipeachán de 2,700 cóip, agus sa tSualainn Samifolket — ar Ioruais agus Sualannais is mó atá iontu. Tuigeadh don rialtas san Iorua nár leor san de fhreastal, agus ar lá náisiúnta na Sámi, 6 Feabhra 2008, le tacaíocht nár bheag ón státchiste, seoladh an nuachtán Ávvir, atá go hiomlán i dteanga na Sámi agus a fhoilsítear cúig lá sa tseachtain, Máirt go Satharn. Tá díolaíocht thart ar 1,200 cóip aige faoi láthair, ach tá fealsúnacht ‘Tuige nach…’ sa treis. I bhfocla Kari Lizbeth Hermansen, eagarthóir Ávvir: ‘Sami media is an important venue for the development and preservation of the Samic language. ‘Aire’ nó ‘Aird’ is ciall le Ávvir. Nach fada an scéal sin, an deireadh sin, an tuiscint sin, ó na bacanna is ón mífháilte i gcás Inniu, Anois, Lá, Gaelscéal agus eile. Dáileann an Norwegian Media Authority deontas ar Ávvir ‘to facilitate www.feasta.ie
Bob Ó Cathail
DORIA Bí ionam amhail spadhair shíoraí na gaoithe diolba, is ní mar a bhíonn trealláin — áineas bláthanna. Bíodh mé agat in uaigneas tréan na bhfailltreacha díth-ghréine is na n-uiscí léithe. Labhraíodh na Déithe go caoin fúinn amach anseo, Scáth-bhláthanna Orcuis, cuimhnídís ort.
— Ezra Pound, aistrithe ag P. Ó Snodaigh 22
Comórtas Gearrscéalaíochta Liam Mhic Uistin Is scríbhneoir aitheanta é Liam Mac Uistin a bhfuil gaol fada aige le hÁras na Scríbhneoirí agus le Comhar na Scríbhneoirí agus tá an comórtas seo á sheoladh in ómós dó. Do scríbhneoirí óga agus úra na Gaeilge an comórtas seo, sé sin scríbhneoirí nach bhfuil leabhar próis foilsithe acu go dtí seo. Níl aon táille ar an gcomórtas. Mícheál Ó Conghaile an moltóir. Clár na Leabhar Gaeilge, Ráth Cairn, Áth Buí, an t-urraitheoir. Duaiseanna An Chéad Duais €500 An Dara Duais €250 Foilseofar na buaiteoirí ar Feasta. Rialacha an chomórtais 1. Do scríbhneoirí óga agus úra na Gaeilge amháin an comórtas: scríbhneoirí 18+ nach bhfuil leabhar próis d’aon sórt foilsithe acu go dtí seo. 2. Ní féidir le haon duine níos mó ná iarratas amháin a chur isteach ar an gcomórtas. 3. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an spriocdháta, 4 Deir. Fómhair 2013. 4. Ní ghlacfar ach le gearrscéalta nuachumtha, nach bhfuil foilsithe cheana. 5. Is é an t-uasmhéid focal ná 2,500. 6. Glactar le hiarratais ríomhphoist i bhfoirm .doc nó .rtf. Seoltar iad go dtí info@writerscentre.ie le ‘Comórtas Liam Mhic Uistin’ luaite sa teideal. 7. Glactar freisin le hiarratais chlóite ar pháipéar A4 (12pt, le spásáil 1.5) chuig: Comórtas Liam Mhic Uistin, Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1. Is gá ‘Comórtas Gearrscéalta Liam Mhic Uistin’ a lua ar an gclúdach litreach agus ar an iarratas. Is gá na leathanaigh uilig a bheith uimhrithe. 8. Is gá teideal an scéil a bheith ar bharr gach leathanaigh, ach gan ainm an iontrálaí a bheith air. 9. Is gá litir chumhdaigh i dteannta gach iarratais le hainm agus sonraí teagmhála an údair uirthi. 10. Is gá bunchóip den scéal a choinneáil: ní sheolfar iarratais ar ais. 11. Ní bheidh dul thar bhreith an mholtóra i gcás ar bith. 12. Fógrófar na buaiteoirí agus bronnfar na duaiseanna ag ócáid in Áras na Scríbhneoirí i Samhain 2013. ◊
Feasta, Meán Fómhair 2013
SUAIMHNEAS AGUS MÍSHUAIMHNEAS le Seán A. Mac Mathúna. Coiscéim. Bog. 85 lch. €8 Léirmheas le Brian Ó Dochartaí
C
nuasach gearrscéalta atá anseo, trí cinn déag de scéalta ar fad, agus dhá aiste ag an deireadh. Nuair is cnuasach atá ann, gan amhras, is féidir leis an léitheoir tosnú ar an léamh áit ar bith is maith leis. Roghnaíos mar thús ‘Lá ar an bPortach’ ar leathanach 39.
údar filleadh ar an ábhar seo. Caithfidh gur thréig sé an tOileán chomh scioptha sin ar chúis éigin. Tá éagsúlacht sna scéalta eile sa leabhar seo, chuile cheann acu, agus is deas iad le léamh. Seán A. Mac Mathúna is ainm don údar. Cláiríneach é. Feirmeoireacht mar ghairm aige, agus fíorshuim aige sa Ghaeilge le fada an lá. Gearrscéal aige sa chnuasach seo a bhfuil An Gaeilge – Teanga na nGael mar theideal air. Níl ann ach dhá leathanach. Tá sé éasca le léamh. Agus más duine as Ceann Léime tú, agus go bhfuil suim agat sa Ghaeilge, bí lánchinnte de – ar lá do bháis is i bhFlaithis Dé a bheidh tú.
Ba léir láithreach go raibh cumas scéalaíochta san údar. Ní hamháin sin, ach gur bhain sé féin fíor-thaithneamh as a bheith ag scéalaíocht. Duine é seo, a dúrtsa liom féin, nach bhféadfaí a choimeád ina thost dá mbeadh lucht éisteachta ar bith aige. Bheadh oíche go maidin ann chuile oíche, dá mbeadh seisean sa chomhluadar. Bhí idir mhagadh agus dáiríre le braistint ar chuid cainte. Sa scéal seo thuigfeá gur mhian leis go mbeadh caitheamh aimsire taithneamhach ag an meitheal oibre ar an bportach le linn dóibh bheith ag gabháil d’obair dhian chrua na móna. Meascán den fhírinne sa scéal, agus cuid mhaith den bhréag freisin, agus nach i dteannta a chéile ’sea is fearr iad?
Sé seo a chéad iarracht ag Seán A. Mac Mathúna ar leabhar. Éacht déanta aige dáiríre. Go maire sé a nuacht.◊
LITRÍOCHT NA GAEILGE AR FUD AN DOMHAIN: Cruthú, caomhnú agus seachadadh téacsanna Gaeilge i gcomhthéacsanna idirnáisiúnta
Déardaoin – Satharn: 20 – 22 Feabhra 2014 Ionaid: Teach Newman, Faiche Stiabhna agus Coláiste Phádraig, Droim Conrach
Thriallas ‘An Chiaróg Dhubh’ ar lch 66 ansin. An chiaróg féin atá ag caint ar chursaí a beatha anseo. Ní hionann an scéal seo in aon chor agus ‘Lá ar an bPortach.’ Léirigh an t-údar leis seo go raibh cumas leathan scéalaíochta ann. Ach cheapas féin gur chuaigh sé thar fóir beagáinín nuair a bhí sé le rá aige go raibh léamh na Gaeilge agus an Bhéarla ag seanmháthair na ciaróige. Spéaclaí uirthi freisin. Chaithfí luí isteach i bhfad níos doimhne ar fhicsean ealaíne chun go n-oirfeadh a leithéid sin don scéal i mo thuairimse. Ní raibh sé sin ann.
Ó breacadh an dán ‘Messe ocus Pangur Bán’ i dtús an 9ú haois i lámhscríbhinn atá anois i mainistir Naomh Pól i gCarinthia (Kärnten, i ndeisceart na hOstaire), tá gnéithe de litríocht na Gaeilge á saothrú i gcomhthéacsanna éagsúla taobh amuigh d’oileán na hÉireann. Cad é an gaol idir scéalta taistil agus imirce na nGael agus cumadh, caomhnú agus seachadadh an léinn agus na litríochta ag tréimhsí éagsúla i stair chultúrtha na tíre? Cad iad na meáin agus na próisis chultúrtha a chuaigh i bhfeidhm ar litríocht na Gaeilge i gcomhthéacs diaspórach? Cad iad na seánraí nua a tháinig chun cinn agus cén ról a bhí ag pobail agus ag gréasáin thrasnáisiúnta i bhforbairt na litríochta in Éirinn féin? Cé chomh tábhachtach is atá an toise idirnáisiúnta do shaothrú an léinn agus na litríochta sa Ghaeilge inniu? Cad é ról na teicneolaíochta digití i gcothú scríbhneoireacht, léitheoireacht agus scoláireacht na Gaeilge i gcomhthéacs domhanda? Cuspóir na comhdhála seo ná scoláirí Gaeilge ó chian is ó chóngar a thabhairt le chéile leis na gnéithe idirnáisiúnta seo de léann na litríochta a chíoradh. Aoichainteoirí: An Dr William Mahon, Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth; An Dr Máire Ní Mhaonaigh, Ollscoil Cambridge; An Dr Niall Ó Ciosáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh; An tOllamh Pádraig Ó Siadhail, Ollscoil Naomh Muire, Halifax.
Cheapas faoi seo gurbh fhiú sracfhéachaint a chaitheamh ar an dá aiste i gcúl an leabhair, ‘Oilithreacht chuig an mBlascaod Mór’ agus ‘Mná na hÉireann.’ Thugas tús áite do na mná. Nótaí dialainne atá ann. An t-údar agus Cathy ar chamchuirt in iarthar tíre, ceantar Chonamara go háirithe. Cur síos ar na háiteanna spéisiúla, agus ar dhaoine faoi leith, agus conas mar a d’éirigh leis na taistealaithe.
Réimsí nua scoláireachta – painéal ar leith: Cathaoir, An tOllamh Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame, Indiana; An Dr Radvan Markus, Ollscoil Shéarlais, Prág; An Dr Deirdre Ní Chonghaile, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; An Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Tá blaiseadh den stair agus den seanchas san ‘Oilithreacht chuig an mBlascaod Mór,’ agus múclaíonn sé cuimhní an léitheora ar scríbhneoirí cáiliúla an Oileáin, na tubaistí a tharla i bhfarraige agus mar sin de. Aiste spéisiúil atá ann, fiú is go bhfuil sé gearr a dhóthain. Dar liomsa go bhféadfadh sé a bheith níos faide. Nó b’fhéidir go bhfuil sé ar intinn ag an www.feasta.ie
Tuilleadh eolais ag: comhdhail.14@spd.dcu.ie http://www.spd.dcu.ie/site/gaeilge/Comhdhail14.shtml Coiste Eagraithe: an Dr Meidhbhín Ní Úrdail (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath), an Dr Ríona Nic Congáil, an tOllamh Máirín Nic Eoin, an Dr Pádraig Ó Liatháin (Coláiste Phádraig, Droim Conrach), an Dr Regina Uí Chollatáin (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath).
23
Feasta, Meán Fómhair 2013
Léigh Peadar Bairéad Land of Dreams le Kate Kerrigan Chuir an t-údar seo tús le tríológ roinnt blianta ó shin lena húrscéal staire, Ellis Island. B’é ábhar a bhí beartaithe aici don tríológ seo ná scéal imirce mhuintir an Iarthair go Meiriceá ó fhichidí na haoise seo caite a scrúdú agus a úsáid mar ábhar ar a gcrochfadh sí a scéal. In Ellis Island, cuireann sí síos ar phríomhcharachtar na tríolóige, ‘Ellie’, cailín óg ag fás aníos in Iarthar Éireann. Bhí sí mór le John Hogan ó thús. Thit siad i ngrá agus phós siad ar ball. Agus bíodh nach raibh saol an mhada bháin i ndán dóibh, bhí siad breá sásta. Tharla áfach, go raibh John páirteach i gCogadh na Saoirse abhus, agus le linn dó bheith ar eachtra cogaidh, gortaíodh go dona é. Thug Ellie Nua Eabhrac uirthi féin, le pingneacha a shaothrú le costaisí leighis John a íoc. D’éirigh go seoigh léi thall, agus bíodh go bhféadfadh sí cur fúithi ann, agus saol na bhfuíoll a bheith in áirithe di sna Stáit, d’fhill sí ar John, agus thosaigh orthu arís, le maith nó le holc. Cathair an Dóchais Sa dara leabhar den tríológ ansin, City of Hope, nuair a bhí cúrsaí ag dul chun cinn go maith dóibh anseo, tharla go bhfuair John bás obann. B’in ualach nach bhféadfadh Ellie a iompar, agus tar éis di seal a chaitheamh gearrtha amach ó chaidreamh daonna, thug sí na Stáit uirthi féin arís. An babhta seo áfach, chonaic sí go raibh daoine thall ansin millte ag an ‘Depression’. Thosaigh uirthi, agus chuir áiteacha ar bun thall le cabhair a chur ar fáil dóibh siúd a raibh cúrsaí an tsaoil imithe go dona ina gcoinne. Thóg sí saol sásúil taitneamhach di féin thall, agus d’fhéadfadh sí cur leis sin, dá mbeadh an
fonn sin uirthi, ach b’é críoch an scéil sin é gur fhill sí ar a háit dhúchais arís. Ach bhí tuilleadh eachtraí roimh Ellie s’againne, agus déanann an t-údar cur síos ar na heachtraí céanna sin sa tríú leabhar den tríológ, Land of Dreams. Land of Dreams B’fhada sinn ag fanacht ar an tríú gála den scéal seo: cuireadh ar fáil dúinn é sa leabhar corraitheach lán teannais seo Land of Dreams le críoch a chur leis mar thríológ. Tá Ellie anois ina healaíontóir cáiliúil, agus glaoch nach beag ar a saothar. Phós sí Charles, fear ar chuir sí aithne air blianta roimhe sin sna Stáit, agus bhailigh sí beirt mhac, nár iompar sí féin, Leo agus Tom, thart uirthi mar chlann. Chaitheadh Charles an-chuid ama ag taisteal ó cheann ceann na tíre, ag eagrú oibrithe, agus a leithéid, ach ar deireadh cailleadh é i mbuamáil Pearl Harbour, agus fágadh Ellie léi féin arís. An babhta seo, bhí beirt mhac ar a haire aici, agus í ag cur fúithi ar ‘Fire Island’. Ansin, fuair sí scéala ó scoil Leo, go raibh a sheolta ardaithe aige agus é glanta leis ón scoil. Chuaigh Ellie agus a mac eile, Tom, sa tóir air agus ar deireadh thiar, tháinig siad suas leis i Los Angeles, áit a raibh Leo ag iarraidh a bhealach a dhéanamh i ndomhan aisteoirí Hollywood. D’fhan Ellie ansin tamall, le tacaíocht a thabhairt dó. Casadh carachtair áirithe éagsúla uirthi, ach tharla gur chuir sí aithne ar ‘Stan’ freisin, fear a ghlacfadh páirt faoi leith ina saol ar ball. Ach, má theastaíonn uait tuilleadh den scéal sin a bheith agat, níl le déanamh agat ach leabhair na tríolóige a aimsiú. Tá mé cinnte, go mbainfidh tú taitneamh nach beag astu, nó déanann an t-údar pictiúr den dá shaol, an saol thall agus an saol abhus, a leagan os ár gcomhair amach sa saothar dea-scríofa, dea-thaighdithe, dea-chumtha seo.◊
Athbheochan na hAthbheochana Micheál Mac Gréil, S.J. (Aitheasc in Eaglais San Nioclás, Carraig na Siúire, ar ócáid chomórtha an Athar Liam Ó hÉideáin, S.J., (1839 - 1919), ag aifreann Speisialta ar Lá Fhéile Iognáid, 31 Iúil 2013). A Phobal Dé, San aifreann seo gabhaimid buíochas le Dia as ucht saothar an Athar Liam Ó hÉideáin, S.J., agus a chomhleacaithe, a bhunaigh Conradh na Gaeilge 120 bliain ó shin inniu. Chomh maith leis sin, admhaímid saothar bhaill Chraobh Ó hIcí ar son athbheochan ár dteanga le breis agus céad bliain. Is é ár nguí go leanfar ar aghaidh le forbairt na Gaeilge sa cheantar seo go ceann i bhfad. Ní gá dom a rá gur pribhléid mhór domsa a bheith libh anocht anseo i gCarraig na Siúire ag an gceiliúradh stairiúil seo thar ceann Phroibhinseal na nÍosánach in Éirinn, an tAthair Tomás Ó Léideáin, S.J., mar bhí an tAthair Liam Ó hÉideáin ina bhall de Chumann Íosa, agus tá agus bhí ár n-ord an-bhródúil as an ról a bhí aige i mbunú an Chonartha. Níos mó ná sin, chaitheas féin an chuid is mó dem’ shaol im’ bhall den Chonradh, in ainneoin easaontais leis an gCoiste Gnó ag deireadh na seachtóidí agus tús na n-ochtóidí. Buíochas le Dia go bhfuilimid aontaithe arís agus muid ag treabhadh ar aghaidh le chéile ar son chúis na teanga. Ag breathnú siar ar thús an Chonartha, tá sé suimiúil go raibh páirt lárnach ag baill den chléir agus de na hoird agus Cumainn Rialta ó thosach ann. Sílim gur ghlac siad leis go raibh an cultúr Gaelach, a bhí is atá fós faoi ionsaí ag fórsaí láidre sa tsochaí sa tír seo, ina chuid thábhachtach de Ríocht Dé ar talamh. Is ó Dhia a thagann bunfhorbairt chultúrtha an duine. Nach cuid d’ár gcultúr é ár gcreideamh! Níos mó ná sin fós, is ins an teanga Ghaeilge atá oidhreacht agus cuimhní ár sinsear. Gan an Ghaeilge caillfear cuimhne chultúrtha ár sinsear. Cuid
an-lárnach den chuimhne chultúrtha sin in Éirinn is ea an Chríostaíocht. Thuig De hÍde, Ó hIceadha, Ó Gramhnaigh, Ó hÉideáin agus a gcomhleacaithe an chailliúint mhillteanach a bhí ‘i ndul in éag na Gaeilge’ in Éirinn ag deireadh an 19ú haois. Níos déanaí, thuig sagairt mar Thomás Ó Fiaich, Pádraig Ó Fiannachta, Diarmaid Ó Laoghaire, S.J., agus a gcairde an ceangal idir an Chríostaíocht agus athbheochan na teanga. Rugadh Liam Ó hÉideáin ar an 22 Feabhra 1839, breis agus 147 bliain ó shin i gCarraig Bheag [ar thaobh Phort Láirge de Charraig na Siúire] do Phádraig agus Máire Áine (Nic Dhiarmada) Ó hÉideáin. Fuair sé bás ar an 9 Eanáir 1919. Sa bhliain 1862 chláraigh sé mar nóibhíseach i gCumann Íosa. (Chláraigh a dheartháir, Domhnall, i gCumann Íosa roimhe, in 1859). Bhí Domhnall agus Liam i gColáiste Choill Chluana Gabhann, áit a fuair siad meánoideachas. Dá bharr sin, bhí tionchar ag na hÍosánaigh ar oiliúint spioradálta na beirte. Níos mó ná sin, spreag an tAthair Donncha Ó Murchú, S.J., a bhí ina mhúinteoir ag an am sa choláiste, a shuim sa Ghaeilge agus a mheas uirthi. Bhí Liam i gColáiste Choill Chluana Gabhann idir 1851 agus 1857, sílim. [1851 - 1854 de réir AINM.ie – eag.] Le linn an 16ú agus an 17ú haois, bhí baint shuntasach ag na hÍosánaigh le Carraig na Siúire, agus le Port Láirge, le hEaglais Naomh Eoin, mar shampla. Aimsir Chomhdháil Chill Chainnigh, bhí misean na nÍosánach go hÉirinn an-tábhachtach. Dá bhrí sin, ní stróinséirí a bhí ionainn do mhuintir na hÉireann.
Táimid ag ceiliúradh Chonradh na Gaeilge inniu freisin ar a 120ú lá breithe. Cé nach bhfuil dul chun cinn na Gaeilge sásúil a dhóthain i láthair na huaire i saol na ndaoine, an saol eaglasta san áireamh, bheadh cúrsaí i bhfad níos measa gan Conradh na Gaeilge. Creidim féin go bhfuil dóthain beochta sa teanga anois chun céim shuntasach eile a ghlacadh – an dea-thoil agus an cumas inti a chur chun tairbhe labhairt agus úsáid níos forleithne na teanga. De réir mo chuid taighde in 2001-08, bhí cumas réasúnta sa Ghaeilge ag 47% den daonra, ach ní raibh úsáid tráthrialta á baint as an nGaeilge ach ag 23% acu. Bhí 93% den daonra ar thaobh na teanga.
Seandroichead Charraig na Siúire
Dá réir sin, nach bhfuil sé in am againn san eaglais níos mó úsáide a bhaint as an nGaeilge sa liotúirge phoiblí gach seachtain. Dom féin go pearsanta, chruthaigh athbheochan na hoilithreachta Gaeilge i Máméan le ceithre bliana is tríocha anuas go bhfuil tacaíocht i measc phobal Dé don teanga. Nach gcuirfeadh sé go mór le comóradh an Athar Uilliam Ó hÉideáin dá bhféadfaimis tabhairt faoi fhorbairt úsáid na Gaeilge sa liotúirge agus inár saol spioradálta! D’aontóidh an tAthair Uilliam féin go mór le hiarracht nua chun an teanga bheo a láidriú i measc Phobal Dé.◊
OIREACHTAS NA GAEILGE 2013 29 Deireadh Fómhair – 3 Samhain, Cill Airne, Co. Chiarraí Spriocdháta iontrála do na comórtais ardáin, 16 Meán Fómhair 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Fón: 01 475 3857 Ríomhphost: eolas@antoireachtas.ie Suíomh: www.antoireachtas.ie www.feasta.ie
25
Feasta, Meán Fómhair 2013
Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa • Ranganna Ghael-Taca, Corcaigh Tosóidh rang Gaeilge bunleibhéil ar an Luan 16 Meán Fómhair ag a 7.00p.m. Cuirfear rang meánleibhéil ar siúl oíche Dé Máirt, 17 Meán Fómhair, ag a 7.00p.m. chomh maith. Cosnóidh na cúrsaí 8 seachtaine seo €80, nó is féidir l€12 a íoc gach seachtain. Beidh ranganna don teastas sóisearach agus don ardteistiméireacht ag tosú deireadh Meán Fómhair, gach tráthnóna Céadaoin agus maidin Sathairn. S: www.gael-taca.com / Rp: eolas@gael-taca.com. Fón: 021 431 0841. Seoladh: 22 Port Uí Shuilleabháin, Corcaigh. • Oíche Chultúir, 20 Meán Fómhair Beidh turas treoraithe dátheangach ar fáil i gceannáras an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2, gach 30 nóiméad nó mar sin ó 5.00p.m. go dtí 11.00p.m., Oíche Chultúir 2013. Roinnfear eolas ar stair an árais a bhí ina theach agus ina halla ollscoile ag an gCairdinéal John Newman, tráth ar bhunaigh sé an chéad Ollscoil Chaitliceach in Éirinn. Bhí an foirgneamh ina bhanc ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse, agus ina Aireacht Airgeadais ag Mícheál Ó Coileáin. Arsa Síne Nic an Ailí, chomh maith leis na turais staire ‘tá clár d’imeachtaí leagtha amach againn. Tá eolas faoi na himeachtaí sin i lárionad Gaeilge na cathrach ar www.facebook.com/Uimhir6. Fáilteofar roimh dhaoine ó gach cúlra, óg agus aosta, Béarlóirí agus Gaeilgeoirí, bualadh isteach in Uimhir 6 don Oíche Chultúir i mbliana. • Ealaín na Gaeltachta Beidh dianchúrsa sna Meáin Shóisialta d’eagraíochtaí ealaíne sa Ghaeltacht in Ionad Naomh Pádraig, Dobhair, Co. Dhún na nGall ar an gCéadaoin, 2 Deireadh Fómhair ag 10.30 am. Costas: €25. An bhfuil ar do chumas grianghraf a aistriú ón bhfón póca go Facebook? An bhfuil tú in ann bolscaireacht a dhéanamh go héifeachtach ar na meáin shóisialta? Cuideoidh teagascóirí leat suíomh d’eagraíochta a mhaisiú. Bí i dteagmháil le Micheál Mac Aoidh: m.macaoidh@udaras.ie nó 074 9558025. • Caoinfhulaingt agus an Ghaeilge ‘An ideal opportunity already exists to promote cultural tolerance and understanding of the Irish language via the “Peace” programme,’ a deir feisirí Shinn Féin, Conor Murphy (An tIúr/Ard Mhacha) agus Francie Molloy (Lár-Uladh). An tAontas Eorpach a bhunaigh an clár seo chun tacú leis an bpróiseas síochána, ach go háirithe, agus athmhuintearas, caoinfhulaingt chultúir agus comhthuiscint a chothú dá réir. D’éiligh
www.feasta.ie
Beolíne Chéad Bhliana OÉG Beidh Beolíne Mhic Léinn na Chéad Bhliana ar fáil arís in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Don cheathrú bliain as a chéile, beidh mic léinn agus a dtuismitheoirí in ann glaoch ar an mbeolíne. Seoladh an tionscnamh seo ar dtús i samhradh na bliana 2010 le cabhrú le mic léinn na chéad bhliana an t-aistriú a dhéanamh go dtí an t-oideachas tríú leibhéal. B’é an chéad cheann dá leithéid é san earnáil. Tá OÉ Gaillimh ag dúil go mbeidh breis agus 3,200 mac léinn nua ag tosú i Meán Fómhair. Beidh an bheolíne ar oscailt i rith na seisiún céadbhlaiste do mhic léinn na chéad bhliana, an 7ú agus an 8ú Meán Fómhair, agus beidh an líne ag feidhmiú ar feadh coicíse i ndiaidh an dáta a gcuirfear tús leis na léachtaí, an 9ú Meán Fómhair. Beidh láithreán gréasáin ar leith, atá ann do mhic léinn na chéad bhliana, mar thairseach eolais chomh maith. Féadfaidh mic léinn, tuismitheoirí agus lucht comhairlithe teagmháil a dhéanamh le Beolíne Mhic Léinn na Chéad Bhliana ar 091 493999 nó dul go dtí http://www.nuigalway.ie/new-students/. Thuas, ag obair ar an bheolíne anuraidh bhí Emer Henderson agus Rory Gavin.◊ na feisirí Sinn Féineacha go dtagrófaí go soiléir don Ghaeilge sna cláir nua chistíochta atá á bhforbairt ag an AE le haghaidh an Tuaiscirt agus na gcontaethe cois teorann don tréimhse 2014 - 2020 faoi láthair. Bhí an bheirt Teachtaí Parlaiminte ag caint tar éis cur i láthair a dhein gníomhaithe Gaeilge do Choiste an Oireachtais ar chur i bhfeidhm Chomhshocrú Aoine an Chéasta i mBaile Átha Cliath tamall ó shin. Dar leo theip ar An Comhlacht um Chláir Speisialta AE (SEUPB) aghaidh a thabhairt ar éadulaingt i leith na Gaeilge go dtí seo. Tá deis ann faoi ‘Síocháin IV’ tuiscint agus caoinfhulaingt i leith na Gaeilge a chothú. • Éigeandáil in Earnáil na Priontála Cuireann Marion Gunn ar ár súile dúinn go bhfuil tionscal na priontála in Éirinn i mbaol. Molann sí do scríbhneoirí Éireannacha agus do scríbhneoirí Gaeilge i gcoitinne cabhrú leis an earnáil sin agus a thabhairt ar pé foilsitheoirí lena mbíonn siad ag plé déanamh amhlaidh. Is iondúil go mbíonn leabhar ‘le priontáil’ i dtír a fhoilsithe, a deir sí. Ach le blianta beaga anuas tá cinneadh déanta ag roinnt foilsitheoirí in Éirinn leabhair agus foilseacháin eile dá gcuid a chur á bpriontáil thar lear, seachas abhus i dtír ‘a bhfoilsithe’. Earnáil a thugadh fostaíocht do na mílte oibrithe oilte in Éirinn, níl ag obair ann ach fuílleach na gcéadta i láthair na huaire. Gnó simplí ag údair, a deir sí, fochlásal ‘le priontáil in Éirinn’ a chur isteach in aon chonradh a shíníonn siad maidir le scríbhinn atá ‘le foilsiú in Éirinn. Bíodh sé le rá againn amach anseo gur sheas scríbhneoirí maithe Gaeilge le hoibrithe earnáil na priontála in Éirinn le linn na héigeandála seo, a deir sí. • TG4 sa Tuaisceart Tá 13% de phobal féachana an Tuaiscirt ag breathnú ar TG4 ar a laghad uair sa tseachtain, de réir an tsuirbhé is deireanaí ón rialtóir craolacháin ansin. Tuairiscítear sa
26
Communications Market Report for Northern Ireland 2013 a d’fhoilsigh Ofcom go bhfuil 4% den phobal féachana sa Tuaisceart ag breathnú go laethúil ar TG4, agus 9% eile ag breathnú air uair sa tseachtain ar a laghad. Tá glacadh forleathan ar TG4 sa Tuaisceart le tamall de bhlianta, ar chomhartha craolta ón bPoblacht, ar shaitilít Sky agus ar chóras cábla Virgin i gcathair Bhéal Feirste. Ach cuireadh feabhas breise ar an nglacadh sin i mí Dheireadh Fómhair 2012 nuair a cuireadh TG4 ar fáil ar chóras Freeview ansin, mar chuid den Aistriú Digiteach. ‘Feictear sa Tuarascáil seo freisin gurb é TG4 crann taca na hearnála léiriúcháin Gaeilge sa Tuaisceart: is coimisiúin ó TG4 os cionn leath an aschuir Ghaeilge ó thuaidh, rud a chruthaíonn agus a chothaíonn fostaíocht ard-scile agus a dhéanann leas na teanga freisin, a deir Pádraic Ó Ciardha. • Éigse Thrá Lí, 4 - 5 Deir. Fómhair Beidh Éigse na bhFilí ar siúl arís i dTrá Lí ar an Aoine 4 - Satharn 5, Deireadh Fómhair. Beidh an t-údar aithnidiúil Ré Ó Laighléis ar an mbaile ar an Aoine, beidh turas ar Ché Bhaile Uí Chíosáin in aice le Cill Orglan mar a thabharfaidh an staraí áitiúil agus eolaí ar Ruairí Mac Easmainn, Seán Seosamh Ó Conchubhair, caint as Gaeilge, agus istóiche Dé Sathairn ag an Óstán Meadowlands ag a 8.00p.m. cloisfear file an Chama agus Uíbh Ráthaigh, Bríd Ní Mhóráin ag léamh a cuid filíochta. Atosaíonn an ciorcal comhrá seachtainiúil ag an Óstán Meadowlands ar an Déardaon, 26 Meán Fómhair ag 8.30p.m. Beidh cruinniú cinn bhliana Chraobh Thrá Lí de Chonradh na Gaeilge ar siúl san Óstán céanna ar an Déardaoin, 19 Meán Fómhair ag 8.30p.m. Fáilte roimh bhaill nua. Ábhar meanman do Chiarraígh Tobar an Dúchais, Cnuasach Seanfhocal ó Uibh Ráthach a bheith foilsithe ag Coiscéim le déanaí. ◊
Feasta, Meán Fómhair 2013
CEILIÚRADH AN BHLASCAOID 2013 THE BLASCAOD MÓR COMMEMORATION 2013
SAIBHREAS AGUS DÁN NA TEANGA The Wealth and Future of the Language
27 - 29 Meán Fómhair / September Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Co. Chiarraí Arna eagrú ag Fondúireacht an Bhlascaoid, Oidhreacht Chorca Dhuibhne & Ionad an Bhlascaoid (Oifig na nOibreacha Poiblí) Dé hAoine, 27 Meán Fómhair 19.30 Clárú / Registration 20.00 Oscailt Oifigiúil / Official Opening, DONNCHA MAC FHIONNLAOICH TD, Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. 20.30 ‘Airde na binne d’fhéar ar an gcuid is fearr den nGaelainn?’ ‘A gable-height of grass on the best of the Language?’ Scothchainteoirí ó Chartlann RTÉ RnaG in Ionad an Bhlascaoid agus foinsí eile. DÁITHÍ DE MÓRDHA, Ionad an Bhlascaoid. Cathaoirleach: Máirín Uí Shé 21.30 Suí Caidrimh
13.00 Lón / Lunch 14.15
• Bronnadh Sparánacht an Bhlascaoid • Seoladh Leabhar an Cheiliúrtha Léargas ar Scothchainteoirí Dhún Chaoin. MICHEÁL DE MÓRDHA
15.00-16.45 ‘Dob é seo a mbaile tráth….’ Turas timpeall Dhún Chaoin go dtí ionaid na n-áitreamh a bhí, tráth, ag scothchainteoirí an pharóiste is sia siar in Éirinn. Stiúrthóir: MICHEÁL DE MÓRDHA 20.00-20.30 Imirt Cartaí sa Traidisiún agus sa Chaint / Cardplaying Traditions: MÍCHEÁL Ó SÉ, Iarthráchtaire RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cathaoirleach: Helen Ní Shé 20.30-22.00 Oíche Bhothántaíochta / Evening entertainment: Cluichí Cartaí agus Scrabble as Gaeilge.
Dé Sathairn, 28 Meán Fómhair 10.00 Nuachainteoirí Gaeilge – in Éirinn agus thar lear. New Irish speakers at home and abroad. DR. JOHN WALSH, Léachtóir Gaeilge, Leas-Déan Taighde, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, OÉG/NUIG 10.40 Éire, Meiriceá agus Scéal na Gaeilge / Ireland, America and the Irish Language. AN DR. TRAOLACH Ó RÍORDÁIN, An Stiúrthóir ar Chlár Léann na hÉireann, Ollscoil Montana. Cathaoirleach: John Kennedy
Dé Domhnaigh 29 Meán Fómhair 11.00 Tae/Caife 11.30 ‘Mol an Óige’ / Praise the youth – an cur chuige is gá do shlánú na teangan i gCorca Dhuibhne - AOIFE NÍ SHÉAGHDHA, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. AOIFE NÍ CHONCHÚIR, Comhordaitheoir Teangan, Clár Droichead, Pobalscoil Chorca Dhuibhne. ÓRLAITH RUISÉAL,Tús Maith, Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Cathaoirleach: Breandán Mac Gearailt 12.30 Clabhsúr A simultaneous translation from Gaeilge to English will be available.
11.30 Briseadh tae/caife 12.00 ‘Arbh fhiú an braon allais?’ – gníomhaíocht ar son na Gaeilge le glúin nó dhó anuas agus an bealach romhainn. DONNCHA Ó hÉALLAITHE, Taighdeoir is Tráchtaire ar chúrsaí Gaeilge / Gaeltachta ó Chonamara. Cathaoirleach: Micheál De Mórdha
CLÁRÚ / REGISTRATION: Táille €60 an duine / per person (€40 seanóirí & mic léinn / seniors & students). Tae/ Caife & fáiltithe san áireamh. Níl béilí san áireamh. Ní mór clárú roimh 6 Meán Fómhair 2013. • Ainm, Seoladh, R-phost & Táille go dtí: An Rúnaí, Ceiliúradh an Bhlascaoid, Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Trá Lí, Co. Chiarraí. Eolas: 066-91 56100 • R-phost:ceiliuradh@cfcd.ie • Suíomh: www.ceiliuradh.com
DÚCHAS , Éigse do Thiobraid Árann, 13 - 15 Meán Fómhair ag Dún Mhuire, 50 Sr. an Phiarsaigh, An tAonach, Co. Thiobraid Árann • AOINE, 13 MEÁN FÓMHAIR 2013 7.15 p.m. Fáiltiú agus Clárú 7.45 p.m. Oscailt Oifigiúil ag Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge 8.00 p.m. Iníonacha, Cait agus Cúirt, radharc ar fhobairt na scríbhneoireachta agus na lámhscríbhinní in Éirinn ó ré na gCloch Oghaim go dtí an 19ú haois. Léacht leis an Dr Emma Nic Chárthaigh, Ollscoil Luimnigh. • SATHARN, 14 MEÁN FÓMHAIR 2013 2.00pm. Brian Bóroimhe & na Lochlannaigh, le Tonaí Ó Roduibh 4.00 p.m. Eineachlann Iosraelach an naoú leabhar filíochta le Liam Prút, á sheoladh ag an Dr Ciarán Ó Coigligh. Léamh filíochta le Liam Prút www.feasta.ie
8.00 p.m. Caitlín Ní Uallacháin: dráma le W.B. Yeats á léiriú ag Aisteoirí an Aonaigh. Ceapóga agus Mír Thraidhisiúnta: Eachtra an Phacaire agus na Caillí – Áine Uí Chuill agusEibhlín Uí Lionáird, Cúil Aodha. I gcomhar leis An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta. • DOMHNACH, 15 MEÁN FÓMHAIR 2013 10.00 a.m. Aifreann ag Séipéal Naomh Muire 11.00 a.m. Turas ar na Mianaigh ag Béal Átha Gabhann. Treoraí: Eamonn de Stafort. Á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Coiste Dúiche Thiobraid Árann. Breis eolas: Kim Ní Mhaolchatha. Fón: 067: 41570. Rp: cnagantaonach@gmail.com. http://cnagantaonach.ie/ 27
Feasta, Meán Fómhair 2013