Feasta Samhain 2018

Page 1

Samhain 2018

• Eagarfhocal: Cluanaíocht agus Díshamhlú Oifigiúil ..................... 2 • Contúirtí na Teorann Crua le Seán Ó Loingsigh .......................... 3 • Dánta le Máire Ní Bhriain, Gabriel Rosenstock, Micheál Ó hAllmhuráin, Ralph de Prendergast .................................. 2, 6, 10 • An Fharraige, scéal le Colin Ryan ............................................... 5 • Scéalta as Oileán Eile, Sracfhéachaint ar an Domhan Yagan, alt faoi obair Cristina Zárraga ar son an chultúir Yagan i Meiriceá Theas, le Sylvia Bledow ............................................................... 7 • Anailís Théamach ar Mise Áine: An Bhean Istigh le hÁine Durkin, léirmheas le Marie Whelton ........................................................ 11

€5

• ‘Dá mBa …?’ Stair Mhalartach na Gaeilge : Caitheann Séamas de Barra súil eile ar stair ghátarach na teanga! ............................ 13 • Proinsias Ó Maolmhuaidh, 1941 – 2018 .................................. 16 • Oíche Shamhna le Seán Ó Farraigh ........................................... 17 • DUAIS DE HÍDE 2019, urraithe ag Conradh na Gaeilge ............ 17 • Dialann Dúlra, le Séamus Ó Máille ............................................. 18 © Feasta agus na Scríbhneoirí CLÚDACH: Fíodóir na dTaibhreamh le Bob Ó Cathail, Solamar, Baile an tSléibhe, Fionn Trá, Co. Chiarraí R: info@bobcahill.com S: www.bobcahill.com

Feasta, Imleabhar 71, Uimhir 11. ISSN 0014—8946


B

SAMHAIN LE MÁIRE NÍ BHRIAIN Oíche na Sprideanna, oíche na n­úll; oíche an Phúca, na mairbh ag siúl. Nimh ar na driseacha, deireadh an fháis; caoineadh ag an mBean Sí, bliain ag fáil bháis. HAIKU AN GHEIMHRIDH Oíche Shamhna is sméara fós flúirseach – seachain mún an phúca! Lá Fhéile na Marbh – grian lag ag éirí os cionn na reilige lá báistí fanann an lon dubh i ngar don chlaí lán­mhuiníneach as gach séasúr – na crainn

EAGARFHOCAL, Samhain 2018

hí ábhar machnaimh nár bheag ina raibh le rá ar an iris seo an mhí seo thart faoin bhForas Pátrúnachta agus an obair mhór atá ar siúl aige mar Fhoras ag bunú agus ag riaradh scoileanna lánGhaeilge. Deireann an Foras linn go mbeifear ag déanamh iarratas pátrúnachta ar 13 scoil nua a bheidh ag oscailt in 2019: beidh ocht gcinn díobh i mBaile Átha Cliath, ceithre cinn i gcomharsanacht na cathrach i gCill Dara, Cill Mhantáin agus ceann aonair i gCorcaigh. Nach bhfuil san suimiúil ann féin mar léiriú ar cá bhfuil an gabhar á róstadh i saol comhaimseartha na tíre seo? Ní chuige sin atáthar anois ach chun an ráiteas seo a chur i gcomhthéacs na staide ina bhfuil an ghaelscolaíocht i gcoitinne, i bhfianaise na tábhachta a bhaineann leis sin má tá an teanga le bheith beo. Tabhair fé ndeara nach bhfuil i gceist ach iarratas a chur faoi bhráid na Roinne, agus go mbeifear i gcomórtas le dreamanna mar Educate Together, Boird Oideachais agus Oiliúna nó eagrais reiligiúnda. Mura bhfuil riachtanas déimeagrafach le scoil ní bhunófar é. Ní mar sin a bhí nuair a bunaíodh Gaelscoileanna i 1973, nuair a fhéadfadh grúpa teacht le chéile i gceantar ar bith agus mar thoradh ar obair eagrúcháin agus stocaireachta go ndéanfaí iarratas go dtí an Roinn Oideachais ar ghaelscoil a cheadú don cheantar sin. Ach an Roinn a shásamh go raibh an t­iarratas dea­bhunaithe agus go mbeadh scoil inmharthana mar thoradh air, d’fhéadfadh an Roinn an scoil a cheadú. Ba é polasaí an Stáit an Ghaelainn a chosaint agus a chur chun cinn agus ba leor é sin Tá a fheabhas a d’éirigh leis na scoileanna a bunaíodh faoin gcur chuige sin follasach agus doshéanta. Is í an fhírinne shearbh ná gur éirigh rómhaith leo. Bhí an t­éileamh a bhí orthu ag méadú agus scanraigh an Roinn. Cá stopfadh sé? Pé leas a bhí siad ag déanamh don Ghaeilge, agus go deimhin don oideachas, cuireadh ceangal na gcúig gcaol leo. Anois nuair a fhógraíonn an Foras Pátrúnachta go bhfuil siad ag déanamh iarratas ar 13 scoil lánGhaeilge i 2019, níor mhiste go gcuirfí san áireamh nár ceadaíodh aon scoil lánGhaeilge i mbliana, Bliain na Gaeilge. Gan cheist, ní easpa dúthrachta ná díchill an Fhorais is cúis leis sin. Is cuid de scéal agus de thaithí athbheochan na teanga chluanaíocht agus díshamhlú oifigiúil. Is deacair gan tagairt arís don dallamullóg leanúnach a chuirtear orainn faoi thacaíocht rialtais don Ghaeilge: conas, mar shampla, a bhaintear úsáid rialta as an Straitéis Fiche Bliain, (agus sin beagnach leathslí tríd an tréimhse sin), mar leorchúiteamh rialtais ina ngníomhaíocht ar mhaithe léi. Is róchosúil gurb é an tairbhe is mó a bhaineann leis an Straitéis anois ná mar fhallaing a chlúdaíonn an nochtanas, agus an easpa substainte agus éifeachtúlachta, a bhaineann i ndáiríre, leis an gcur chuige oifigiúil. Nár mhó tairbhe na scoileanna a bheadh ceadaithe faoin seanchóras ná aon Straitéis. Ach is é an cur i gcéill an bhunfhadhb. ◊

www.feasta.ie

FEASTA — REIVIÚ

den Smaointeachas Éireannach litríocht, eolaíocht, polaitíocht • Feasta tríd an bpost!

12 eagrán tríd an bpost ar €75 (€100 lasmuigh den Eoraip) Is féidir íoc go díreach isteach inár gcuntas bainc agus nóta led ainm & seoladh a chur go dtí: Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí. 353­(0)87­2421267 • Ainm an chuntais: Conradh na Gaeilge. • Uimhir an Chuntais: 84133330 • Cód Sortála: 932086. • BIC: AIBKIE2D • IBAN: IE03 AIBK 932086 84133330 Eagarthóir: Pádraig Mac Fhearghusa 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire. Fón: 353­(0)66­7124169. R omhphost: feasta@eircom.net Suíomh idirlín: www.feasta.ie • Foilsithe faoi choimirce Dháil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áit san iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge. Foilsítear ficsean, filíocht agus ábhar feasachta ar FEASTA le cúnamh ó Chonradh na Gaeilge

2

Feasta, Samhain 2018


Smaointe Polaitíochta

mhaithe lena dtacaíocht. An saonta ar fad a bhí sí, agus nach é ar aon chor an chéad ócáid é an cárta Oráisteach san imirt ag páirtí Caomhach i Londain? Fós féin ba bheart gan náire é. Ach is maith leis a thuigtear sa Bhruiséil an mhíthreoir seo atá i gceist i gcás an rialtais i Londain, agus a dheacra atá sé ag an bpríomhaire plé lena comh­airí agus baill an pháirtí parlaiminte. Go deimhin níorbh ionadh ag an tráth seo dá mbeifí den tuairim go mba é leas an Aontais é a bheith scartha ar fad leis an Bhreatain. Maidir leis an DUP, níl sé soiléir go bhfuil leas an pháirtí déanta acu, nó fiú go bhfuil ionad an Tuaiscirt sa Ríocht Aontaithe aon phioc níos daingne de bharr a n­iarrachtaí. Tá sé le brath le tamall go bhfuil tráchtairí polaitíochta Aontachta ann nach bhfuil ar a suaimhneas ar fad le dearcadh agus cur chuige an DUP.

le Seán Ó Loingsigh

N

uair a aontaigh an Bhreatain nach mbeadh aon teorainn chrua ar an oileán seo mar thoradh ar an mBreatimeacht, bhí fhios ag gach duine go gcaithfeadh Tuaisceart Éireann, bealach amháin nó eile, fanacht faoi dhlínse an aontais custaim, agus go deimhin an mhargaidh aonair. Ní raibh aon bhealach eile lena dhéanamh, mura mbeifí sásta go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe ina iomláine páirteach iontu. Ba dheacair a rá, mar sin, nach alltacht bhréige is mó atá i gceist, nuair atá an coinníoll céanna sin á chur i bhfeidhm anois. Ní aniar aduaidh a tháinig an cúlstop ar Theresa May ná ar rialtas na Breataine. Go deimhin, tá iompar an rialtais sin ag éirí níos dothuigthe. An amhlaidh a shíl siad nach raibh an AE i ndáiríre, nó ná seasfaidís sin an fód sa bhfadtréimhse dá mbeidís féin dalba agus dobhogtha go leor. Chun a ceart a thabhairt do Theresa May, mar a dúradh go minic cheana, tá sí ag plé le rialtas agus páirtí atá imithe ó smacht, agus beagnach docheansaithe. Ach mar bharr ar sin, agus ag cur leis an donas, nuair a chuaigh sí i muinín an DUP chun rialtas a bhunú, ba mhaith a thuig sí féin agus a comhairleoirí an baol a bhain leis, agus an cúiteamh a bheadh á éileamh ag an bpáirtí sin ar www.feasta.ie

Ach cad faoin bpobal Aontachtach, an dream dílis dílseach sin, sliocht na n­easaontóirí sin a raibh Wolfe Tone chomh bródúil astu agus é síos agus suas go Béal Feirste thart ar 1793, ag tathant orthu comhbhá agus comhpháirt a dhéanamh lena gcomharsain Chaitliceacha. Fanann sé i gcuimhne an gliondar a bhí air nuair a shíl sé go raibh sé sin déanta aige. Níor mhair an bhrionglóid, ar ndóigh. Thréigh an dóchas, agus ba thart ar an tráth céanna sin a bunaíodh an tOrd Oráisteach. An múintear an stair a thuilleadh, thuaidh ná theas? Ach chun filleadh ar an aimsir láithreach agus an mBreatimeacht, bíodh go bhfuil na comhráití réitigh i sáinn faoi láthair, is cosúil gurb é atá aontaithe ná i gcás nach féidir teacht ar réiteach laistigh den téarma ama a bhí ceadaithe, mar is cinnte anois atá amhlaidh, go gcuirfear síneadh ama leis an ngnó ar fad, ní hamháin leis na comhráití féin, ach freisin leis an idirthréimhse go dtí deireadh na bliana 2020, nuair a bhí i gceist go scarfadh an Ríocht Aontaithe go huile leis an Aontas Eorpach. B’fhurasta a rá nach mbeifí ach ag cur an t­olc ar an méar fhada, ach is léir leis nach bhfuil fonn ar aon taobh go gcríochnódh na comhráití gan teacht ar aon réiteach. Níl aon amhras ná gur tréimhse imníoch atá ann don rialtas agus do phobal na tíre seo. Is soiléire ná riamh leis gurb é an cúlstop, a aontaíodh mar dheimhniú 3

nach mbeadh teorainn chrua i gceist ar oileán na hÉireann idir tuaisceart agus deisceart, atá fós ina chnámh spairne. Má aontaíodh é, níl amhras dá laghad ná go bhfuil sé i gcónaí ag dó na geirbe, ní hamháin ag an DUP, ach níos mó fós ag na tóraithe antoisceacha i bpáirtí an rialtais i Londain. Tá litir míshásaimh oscailte curtha chuig an bpríomhaire ag cúigear iar­airí, iadsan is mó atá ag cothú imris ó thús, David Davis, Boris Johnson, Priti Patel, Owen Patterson, (iarRúnaí i dTuaisceart Éireann) agus Iain Duncan Smith, agus é sínithe freisin ag Jacob Rees­Mogg. Tá sé soiléir go bhfuil iarracht an­mhór ar bun faoi láthair chun aon ní a bhí aontaithe ag Theresa May a chur ar leataobh, fiú amháin má chiallaíonn sé go bhfágfadh an Bhreatain an AE gan teacht ar aon réiteach. Níor bhréag a rá ná gur ag méadú atá an mhíthreoir i Londain.

Ó chlé: David Davis, Boris Johnson, Therese May Níos suimiúla fós, b’fhéidir, bhí alt ar an Guardian i Sasana cúpla lá ó shin ag a gcomhfhreagraí ar an mBreatimeacht, Lisa O’Carroll, inar thagair sí d’óráid an­neamhghnách a thug Adrian O’Neill, ambasadóir na hÉireann go dtí an Ríocht Aontaithe, do státseirbhísigh Bhriotanacha agus d’oifigigh a bhain le hambasáid an AE. Ina léacht luaigh sé a dhíomá faoin gcúlú agus an diúltachas a bhí á léiriú go coitianta faoin gcúlstop sa socrú aistarraingte a aontaíodh Nollaig agus Márta seo thart. Bhí sé, a dúirt sé, ‘both disappointing and concerning’, agus ina theannta sin bhí sé ‘disturb(ing) the delicate and complex balance of the Good Friday Agreement and disrupt(ing) the fragile peace’. Thabharfadh an ráiteas chun cuimhne arís an foláireamh a thug príomh­ chonstábla an PSNI roinnt bheag míosa ó shin, agus go háirithe an baol don tsíocháin a bhainfeadh le haon bhacanna agus seiceáil ar an teorainn, nó aon chosc ar an saorthaisteal a raibh an pobal dulta ina thaithí le fiche bliain. Feasta, Samhain 2018


Is deacair a shamhlú go dtabharfaidh na polaiteoirí antoisceacha sin a luadh i Londain aon aird ar rabhadh an ambasadóra, ach oiread is a thug siad ar an bpríomhchonstábla, ach fós féin bhí fórsa agus éifeacht ar leith ag roinnt le foláireamh na n­ardfheidhmeannach neamhpholaitiúil seo. Ar na sála ar óráid an ambasadóra, labhair an Taoiseach féin ag an mórchruinniú sa Bhruiséil agus scéal aige faoi chúigear a maraíodh in eachtra a tharla i 1972 ag stáisiún custaim ar an teorainn. Gan amhras bhí i gceist aige béim bhreise a leagadh arís ar a raibh ráite roimis sin ag an mbeirt eile, agus an dainséar a bhain leis an teorainn chrua agus go bhfillfí ar an bhforéigean. San am chéanna, b’fhéidir gur mhó an éifeacht a bhí le ráitis na bhfeidhmeannach leo féin, agus i ndáiríre gur mó a bhí ráiteas an Taoisigh ag múscailt amhrais go seasfadh polaiteoirí uile an Aontais an fód go daingean, mar atá déanta acu go dtí seo, agus mar atá déanta go feilmeanta ag Michel Barnier, dá mbeadh briseadh síos ar na comhráití réitigh ag bagairt i ndáiríre. Nach beag a chloistear ó Bheirlín na laethanta seo faoin mBreatimeacht, ná ón mnaoi mhaith sin, Angela Merkel, bíodh gur fíor gur thug sí lagthacaíocht do Barnier le déanaí. ——◊——

N

ár scanrúil agus nár bharbartha an íde a tharla in Iostanbúl don iriseoir Jamal Khashoggi. Tá sé imithe de dhroim an tsaoil le breis agus coicís agus gan de mhíniú ar a bhás ach gur dúnmharaíodh é go brúidiúil ag scata gníomhairí de chuid na hAraibe Sádaí i gconsalacht na tíre sin. Conas go mbeadh aon mhíniú réasúnta eile ar a leithéid d’eachtra uafáis, ach gur ar ordú ó lucht ceannais na tíre céanna sin, agus go háirithe ón bpríomh­ cheannaire, an Prionsa Mohammed bin Salman, a tharla sé. Is fíor go raibh Khashoggi fíorcháinteach faoin réimeas sa Araib Shádach, faoin éagothroime, go háirithe i gcás na mban, ar an easpa daonlathais gan amhras, ach ina theannta­san, ar an easpa saoirse agus cead cainte i gcoitinne. Síleadh go raibh deireadh go deo leis an gcineál seo barbarthachta sa chaidreamh idirnáisiúnta, fiú i gcás go raibh easaontais nó coibhlintí i gceist. Nach raibh rialacha cogaíochta leagtha síos, agus glactha leo go hidirnáisiúnta le breis agus céad bliain, a chuir cosc ar bhrúidiúlacht agus mhídhaonnacht agus a thug cosaint do phríosúnaigh. Ach rialacha nó gan iad, is ar éigean go mbeifí ag súil le gníomh mar a tharla in Iostanbúl dá dtarlódh sé sa Ré Dhorcha. Ach ar ndóigh tá fúilleach ola san Araib Shádach, agus flúirse airgid le caitheamh acu ar airm agus ar armlón

agus iadsan ar fáil gan cheist ó na Stáit Aontaithe agus ón mBreatain, dhá stát a sheasann go daingean leis an dlí idirnáisiúnta! Léiríonn siad a ‘n­imní’, ach ní raghfar níos sia ná sin. Ní raghfar chun cogaíochta mar a tharla i gcás Saddam Hussein agus Gaddafi. Tá an rialtas i Riyadh anois díreach tar éis a admháil go bhfuair Khashoggi bás agus é ‘á cheistiú’ sa chonsalacht. Ba dhian an ‘ceistiú’ é, gan aon amhras. Tá an tUachtarán Trump tar éis a fhógairt go nglacann sé leis an ‘míniú’ atá tagtha ó Riyadh. Ní bheifear ag cur aon srian le tráchtáil na n­arm ná an armlóin, a deir sé. Níl oiread le clos ó Londain, ach ní baol go mbeidh aon mhalairt scéil acusan. Le tamall anuas bímíd ag tagairt don drochstaid agus an mhíthreoir ina bhfuil an caidreamh agus an pholaitíocht idirnáisiúnta faoi láthair, ach is cosúil anois gur measa an drochstaid sin sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe ná in áit ar bith eile. ——◊—— Tá an toghchán uachtaránachta sa mhullach orainn. Níorbh é an feachtas toghchánaíochta ba spreagúla é dá raibh riamh ann, agus tionchar na teilifíse agus cláir mar Dragon’s Den rómhór le brath, fiú i gcás na n­iarrthóirí féin. Pioc níl againn in aghaidh na siamsaíochta ná na geamaireachta. Ach, gan amhras, tiocfaidh an t­uachtar chun bairr. ◊

Ár mbuíochas as an 81 síntiús nua a tháinig isteach go dtí seo

Deontas do 2018 diúltaithe ag an gComhairle Ealaíon

69 síntiúsóir breise fós de dhíth ar FEASTA go práinneach

12 eagrán tríd an bpost ar €75 (€100 lasmuigh den Eoraip) Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí. Ríomhphost: d.ohaodha@ucc.ie. Fón: 353­(0)87­2421267

Nó is féidir íoc go díreach isteach inár gcuntas bainc (agus nóta led ainm & seoladh a chur go dtí: Donnchadh Ó hAodha) • Ainm an chuntais: Conradh na Gaeilge. • Uimhir an Chuntais: 84133330 • Cód Sortála: 932086. • BIC: AIBKIE2D • IBAN: IE03 AIBK 932086 84133330 www.feasta.ie

4

Feasta, Samhain 2018


AN FHARRAIGE Scéal le Colin Ryan ‘… D’éiríos bréan de agus rinneas taighde. Tá céim sa cheimic agam.’

‘Bhí sé marbh cheana nuair a mharaíos é. Dhá bhás. Le nimh a rinneas é – is fuath liom an fhuil. Scéal eile a bhí ann nuair a phósamar. Cion ar dtús, ansin bualadh agus bascadh agus maslú. D’imíodh sé agus ligfinn ar ais é. D’éiríos bréan de agus rinneas taighde. Tá céim sa cheimic agam.’

S

lis de bhean dhonn ba ea í agus cuma shéimh uirthi. Culaith dhubh uirthi, a lámha snaidhmthe ina chéile ina hucht. Mire bhuan (arbh ionann í agus suaimhneas) ina súile. ‘Agus an chéad bhás?’ a dúirt Luciana Wu. ‘Bhí fiacha móra air,’ a dúirt Severina, bean na nimhe, ‘Chuir sé lámh ina bhás féin, mar dhea.’

síol úd. Uaireanta tá a rian sin ar an té a itheann é – fuacht agus creathadh. Uaireanta eile ní mhothaíonn sé rud ar bith nó go mbeireann an bás air.’

agus é beo fós in íochtar fealltach a haigne. ‘An corp,’ a dúirt Severina. ‘Nár chuimhnigh tú ar fhios a chur ar na póilíní?’ a dúirt Luciana, ar nós duine a raibh meas aige ar an dlí. D’fhéach an bhean eile uirthi mar a d’fhéachfá ar dhuine a bhí ag magadh fút.

‘Agus ansin?’ ‘D’ith sé cuid de agus shín sé é féin siar ar an leaba faoi mar a bheadh tuirse tagtha air.’

Bhí Severina ina cónaí i gceantar laisteas den abhainn mhór dhonn a rinne dhá leath den chathair. Clós ann agus ‘Chuimhníos gur bleachtaire slacht air, árasán deas, a thú,’ a dúirt Severina. aghaidh ó dheas chun teas an ‘Bleachtaire príobháideach.’ tsamhraidh a sheachaint. ‘Ní bleachtaire mé. Déanaim Mhoilligh Severina ag an jaibín ó am go ham do doras faoi mar a bhí sí in ghnólacht bhleachtaireachta. amhras go nochtfadh a fear Faire, lorgaireacht.’ roimpi istigh agus é ar a ’fhíor sin. Jabanna i chosa, ag déanamh measc jabanna eile – í miongháire. Fear a ina freastalaí, ina hoide mhairfeadh go deo. seisiúnach, ina feighlí tí. PhD Bhí sé sínte fós ar an leaba. le críochnú aici. A cuid ‘Caithfimid é a thabhairt bleachtaireachta, b’in scéal amach as seo,’ a dúirt eile, ach ní raibh an Severina. dúnmharú mar chuid di riamh. An corp. É ag fanacht Ní dúirt Luciana faic. É siúd léi, ag stalcadh, ag diúltú don ina chodladh, agus ní réiteach. An diabhal coirp. dhúiseodh trumpaí é. Téana Rud a bhí beo tráth, a ort anois, a dhuine chóir, d’óladh, a dhéanadh gáire. rinne tú a ndearna tú agus cinnte tá deireadh déanta, níl ‘An corp,’ a dúirt sí léi féin. ionat ach a bhfuil fágtha díot. Chuimhnigh siad beirt ar an Siúil amach liom, céim ar gcorp úd, rud righin anásta. chéim. ‘Cá bhfuil sé?’ Rinne sí cinneadh. ‘I m’árasán.’ ‘Déanaimis anocht é,’ a dúirt An tEarrach taobh amuigh sí. ‘Cibé atá le déanamh. den fhuinneog, Earrach Tochailt nó tréigean. Cleas Melbourne, séasúr luaineach, éigin.’ grian nó báisteach, é gaofar. n lá ag éalú uathu agus Aimsir an Aiséirí. iad ina suí ann, gan ‘Ní dúirt mé go gcabhróinn fonn cainte ar leat,’ a dúirt Luciana, ag suí cheachtar acu; Luciana ag síos agus ag stánadh ar an smaoineamh ar sheifteanna, mbord. ‘Ach déanaimis Severina ag smaoineamh ar machnamh.’ rud éigin ab eol di féin amháin. Shuigh an marbhán ‘An dtiocfaidh tú liom?’ aniar agus bhain searradh as Shíl Luciana nach fearr rud a féin, chuaigh anonn go dtí an dheánfadh sí ná iarsma an chistin, d’fhéach siar orthu ghnímh a fheiceáil. Scéal gan agus dreach air nach raibh go

‘Cén uair a fuair sé bás?’ ‘Inné.’ Chuir Luciana a cosa fúithi agus leag a lámha ar a haghaidh. Bean thanaí dhubh ba ea í, bean mhí­ fhoighneach a bhíodh ag iarraidh a croí a chur in áit chónaithe ach a sheasfadh cibé fód a bhí aici.

B

‘Ba cheart aiféala éigin a bheith orm,’ a dúirt Severina. ‘Ní cóir daoine a mharú. Ba Cinnte: an gluaisteán páirceáilte ar bhruach aille os bhastún salach suarach é a cionn na farraige, an nóta, na d’fhág brúite briste mé agus a bróga fágtha ar an trá. Sruth d’éirigh ó mhairbh chugam tréan ann agus gan teacht ar gan choinne. Anois tá deireadh déanta. Agus tháinig an gcorp. mé anseo chun go gcuirfimis ‘Ar chreid tú féin é?’ ár gcomhairlí i gceann a ‘Chreideas. Nó d’oir sé dom é chéile.’ a chreidiúint. Ansin d’éirigh sé hí aithne ag an mbeirt ó mhairbh.’ ar a chéile le tamall de

B

Cnag ar an doras tráthnóna, é bhlianta; casadh ar a féin ann, í aimsithe aige. chéile iad in amharclann chúlsráideach agus dráma le ‘Céard a rinne tú ansin?’ a Luciana ar siúl ann, dráma a dúirt Luciana. fáisceadh as aistíl dhílis an ‘Ligeas isteach é. B’fhéidir go údair agus a thaitin le raibh fonn orm clabhsúr a Severina. Focal ní dúirt sí siúd chur ar an scéal. Bhí sé faoi dheacrachtaí sa bhaile, cé múinte, ghabh sé a leithscéal gur mhothaigh Luciana go liom, mhothaíos go raibh raibh rud éigin ag corraí faoin saghas uaignis air. Rinne mé tséimhe. cáca do.’ ‘Céard atá le réiteach go ‘Ba dheas uait é.’ díreach?’ a dúirt Luciana agus barúil mhínáireach aici gur ‘Síol iúir a chuireas isteach dheas an dráma a d’fhéadfaí ann. B’eo é an cáca a rabhas a dhéanamh as seo. Bhrúigh chun é a réiteach dó riamh, fiú sular bádh é. Nimh atá sa sí an smaoineamh sin fúithi www.feasta.ie

dealramh, rud nach dtitfeadh amach ach amháin ar an stáitse, na haisteoirí ag cur gothaí grá nó díoltais orthu féin. Chuir sí uimpi a casóg agus scrúdaigh í féin, bean eile in éide dhubh na cathrach seo.

A

5

Feasta, Samhain 2018


holc ná go haoibhinn, faoi nach raibh tábhacht leo féin ná leis an saol. Dhúisigh Luciana: bhí an marbhán sínte siar mar a bhí riamh. D’éirigh sí ina seasamh go tobann agus go teann. ‘Caithfimid é a bhá arís.’ Chuimil Severina lámh mhall dá héadan, dá leiceann. An bhean bhrúite, an ghealt. ‘B’fhéidir go bhfaighfí a chorp,’ a dúirt sí de chogar. ‘B’fhéidir é. Fear báite. Beidh mearbhall orthu agus fiosrú déanta acu. Ach ní foláir duit gealltanas a thabhairt go neosfaidh tú an fhírinne má thagann an crú ar an tairne.’ ‘An fhírinne,’ a dúirt an bhean eile agus b’fhocal débhríoch ina béal é.

N

í raibh amhras ar Luciana ná go raibh an fhírinne ráite ag Severina. An fhírinne. É féin a bhí in áit na fírinne, cibé áit í. Dúirt Luciana léi féin nach ndéanfadh sí machnamh air sin agus rudaí eile le cur i gcrích. D’éirigh Severina agus bhain lán a súl as an marbhán; ansin réitigh sí dhá chupán caife go sollúnta, faoi mar nach n­ólfadh sí féin ná Luciana aon rud eile arís lena mbeo. Mheabhraigh Luciana ar an nimh. Ar a seacht, tráthnóna, thug siad an marbhán amach; bhí sé stalctha agus chuaigh sé rite leo é a chur isteach sa ghluaisteán, é sínte siar is aniar idir an suíochán deiridh agus suíochán tosaigh. A n­aghaidh siar ó dheas anois ar an gcósta, turas a thógfadh trí huaire an chloig orthu agus Severina ag tiomáint. ‘Céard a déarfaimid má stopann na póilíní sinn?’ a dúirt sí siúd. Lig Luciana osna fhuinniúil. ‘Déarfaimid gur néal sámh suaimhneach atá air. Nó gur dealbh chéarach é. Nó, má thagann an crú ar an tairne, gur adhlacóirí sinn.’ www.feasta.ie

thuas, na réaltaí, an ghaoth ina dtimpeall. Ansin d’fhill siad ar an trá.

An chathair ag gabháil tharstu, soilse, an trácht ag dul i dtanaíocht, slis de ghealach sa spéir. Na bruachbhailte ag imeacht uathu, an tuath ag teacht ina gcoinne. Páirceanna leathana, corrsholas i gcéin. Réaltaí agus gaoth.

‘Cén fáth ar tháinig sé chugat arís?’ a dúirt Luciana. ‘Dúirt sé liom go raibh an bás aige,’ a dúirt Severina. ‘Bhí sé fuarchúiseach. Ailse, a dúirt sé, rud ina inchinn nach leigheasfadh an scian é. Dúirt sé go raibh grá aige dom, go raibh sé ag teacht abhaile, ach nach bhfanfadh sé. M’fhocal duit nach bhfanfaidh tú, a deirim liom féin, ach ligeas leis agus é ag caint. Bhíos ag déanamh cáca. D’ith sé a dhóthain.’

I

gceann tamaill chuala Luciana an marbhán ag caint. Caithfimid go léir teacht abhaile, a dúirt sé. An bhfuil a fhios agat céard atá thall? Sin ceist nach cóir dom a fhreagairt. Is cuimhin liom an fharraige, rud guagach, rud corrach. Tá farraige ann agus níl teorainn léi. Chuirfinn síos uirthi ach ní cóir dom é a dhéanamh. Lig amach anseo mé, lig amach mé nó pléascfaidh mé. Ach chonaic Luciana nach raibh béal an mharbháin ag bogadh, nach raibh sna focail úd ach neamhfhocail.

Ag filleadh ar an gcathair dóibh, dúirt Luciana: ‘Nach bhfuil aiféala ar bith ort?’ ‘Níl. Chuireas de gheasa orm féin é a mharú. Le fuath. Le trócaire.’ Boladh an tsáile chucu fós, glórtha na mara le cloisteáil, an marbhán á bhá san áit ba dhual dó.

B’éigean dóibh stad a dhéanamh ó am go ham, geábh beag siúil a dhéanamh (agus an marbhán in éineacht leo, é i leataobh i gcónaí, lasmuigh de raon na súl). Faoi dheireadh tháinig boladh an tsáile chucu.

T

hug Luciana an leaba uirthi féin agus í tagtha abhaile, brionglóidí aici a bhí lán de dhorchadas an aigéin agus gan cuimhní aici orthu ar dhúiseacht di. D’iompaigh sí sa leaba, shuigh aniar agus chuir a lámha timpeall a glún. Bhí solas an Earraigh ag dul i neart, ag gealladh saol nua, idir mhaith agus olc. Agus d’éirigh na tonnta ina solas fiáin san fhuinneog, ag bagairt uirthi nó á cosaint ar arrachtaí an tsaoil.

‘An bhfuil eolas agat ar an gcósta?’ a dúirt Severina. ‘Tá,’ a dúirt Luciana. Agus bhí. Fonn uirthi riamh seasamh i mbéal na farraige, na tonnta a fheiceáil chuici anall, éisteacht lena nglórtha. Ní rachadh sí isteach; ní raibh snámh aici, shlogfaí í. ‘Anseo,’ a dúirt sí.

D

hruid siad isteach. Aill íseal, cosán síos, barr taoide ann. Streachail siad an corp leo, síos, síos agus trasna na gcarraigeacha, iad ag sleamhnú, saothar orthu. D’éirigh tonn aníos chucu agus bhrúigh siad an corp isteach ina craos. D’imigh sé uathu faoi mar a bhí rud éigin san fharraige á tharraingt chuige féin.

An guthán ag clingeadh. ‘D’fhágas cúpla teachtaireacht agat,’ a dúirt guth fir. ‘Ós duine díomhaoin mé, shíleas go dtabharfainn geábh sa ghluaisteán. Áit éigin cois farraige. Agus bhíos ag súil go mbeifeá i mo chuideachta. Féach amach. Lá iontach é. Nach bhfuil tú idir jabanna?’ Lá iontach. Shamhlaigh sí an té a bhí ag caint. Aghaidh chaol, féasóg fhaiseanta.

D’fhan siad ann agus iad fliuch báite: an ghealach 6

Aithne aici air le cúpla mí anuas. Í ag dul sa seans leis. ‘Slogfaidh an fharraige sinn,’ a dúirt sí i nguth codlatach. ‘Ach tagann a bhfuil báite ar ais.’ ‘Caithfimid a bheith ar ár n­aire, mar sin. Beidh mé ann i gceann leathuair an chloig.’ Bheadh uirthi an trá a shiúl agus súil in airde aici le lorg chosa an mharbháin, é ag fágáil na farraige nó ag filleadh uirthi. Bheadh uirthi éirí suas anois, gúna a chur uimpi. D’éirigh sí, thug a haghaidh ar an lá, ar na tonnta geala. ◊

Sna seachtóidí agus sna hochtóidí a chum Gabriel Rosenstock an chuid is mó dá véarsaí do leanaí. Bhuail fonn rannaireachta arís é le déanaí Liathróid Shneachta (après Shel Silverstein) Dheineas liathróid shneachta is ba dheas an liathróid í is choinníos í mar pheata is d’fhan sí liom thar oích’. Is dheineas di pitseámaí is dheineas di piliúr ach ar maidin bhí sí imithe is bhí an leaba fliuch fuar. Dineasár Tá an dineasár ina chodladh Is – NÁ – dúisigh ­ é! Fág ina chodladh é In ainm Dé Tá an dineasár ina chodladh NÁ – cloiseadh – sé ­ thú Má dhúisíonn tú an dineasár – Fuil­fuilibiliú! Maidrín Rua A mhaidrín, a mhaidrín, a mhaidrín rua Aon scéal nua, aon scéal nua? Mharaigh mé sicín, mharaigh mé éan Is thugas liom abhaile iad go dtí mo phluais bhréan! An leabhar is déanaí ó Gabriel Rosenstock, Glengower: Poems for No One in Irish and English. Feasta, Samhain 2018


Scéalta as Oileán Eile Sracfhéachaint ar an Domhan Yagan

Alt faoin obair a dhéanann Cristina Zárraga lena fear céile agus a mamó bundúchasach Yagan ar son an chultúir Yagan i Meiriceá Theas: seanchultúr saibhir phobail ar éirigh leis déileáil le cruas an dúlra, coilíniú agus cur faoi chois na teanga …

le Sylvia Bledow ar chraicne luachmhara na n­ainmhithe i réigiún na Yagan agus na bpobal eile nach iad. Thugadh na daoine geala galair leo a bhí marfach do na daoine bundúchasacha. Bhrúití nósanna orthu nár réitigh leo. Roimh theacht na ndaoine geala ní chaithidís éadaí ar bith. Smearaidís saill ainmhíoch ar a gcorp iomlán mar chosaint in aghaidh an fhuachta, nós an­éifeachtach i gcás daoine a bhíodh san uisce go minic.

‘Rugadh i Robalo mé, ar an gceathrú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Agus deirtear, deir m’aintín, go raibh gála aneas an oíche sin a rugadh mé.’ Fuacht polltach agus gaoth mhillteanach a bhíonn ann sa gheimhreadh sa chearn is faide ó dheas den chruinne ina bhfuil cónaí ar dhaoine – ar Isla Navarino i gCaolas Beagle i ndeisceart na Sile, níos iargúlta fós ná Tierra del Fuego.

Ní ghlacadh na hEorpaigh le lomnochtaine agus cuireadh brú orthu éadaí a chaitheamh. Uaireanta bhíodh an sean­éadach a fuair siad ionfhabhtaithe. Mura raibh, rinneadh dochar eile dóibh. Théidís isteach san fharraige gan na héadaí a bhaint díobh agus thagadh crithfhuacht contúirteach orthu.

‘San am atá thart nuair a thagadh leanbh ar an saol thugtaí faoi deara cén saghas gaoithe nó cén saghas aimsire a bhí ann. Más gaoth shéimh anoir a bhí ann, bheadh an páiste in ann gairm ar an ghaoth sin dá mba ghá. Níor chreid mé ar dtús é, ach tá sé fíor. Chonaic mé é. Ach nuair a rugadh mise ba ghaoth aneas agus síobadh sneachta a bhí ann. Dá nglaofainn ar an ghaoth sin is anfa a thiocfadh.’

Taobh istigh de thréimhse ghearr díbríodh an pobal dúchais d’fhonn spás lonnaithe a chur ar fáil do na daoine de chúlra Eorpach. Géaraíodh ar an díbirt le linn fhuadar an óir ag deireadh an naoú haois déag. I ndiaidh tús a bheith déanta ar thógáil caorach, cuireadh praghas ar chinn na ndaoine bundúchasacha fiú. Eagraíodh díormaí sealgairí deolchaire seilg orthu.

Leanann an tseanbhean ar aghaidh ag insint scéal a saoil féin don bhean óg atá ag siúl ag a taobh. Siúlann siad cois farraige san áilleacht lom i ndeisceart Mheiriceá Theas. Gariníon dá cuid atá sa bhean óg. Níor casadh ar a chéile iad gur tháinig an teaghlach le chéile sa chathair mhór. Bhí dáimh eatarthu ar an toirt, cé gur tógadh an gariníon i mbaile mór sa tSile gan mórán eolais aici ar réigiúin iargúlta a tíre dúchais.

Rud tubaisteach, dar le Cristina Óg, ná go raibh an pobal scoite amach óna ndomhan spioradálta, domhan a bhain le gnéithe nádúrtha an réigiúin: an mhuir, na cladaigh, na héin, na hainmhithe, na carraigeacha, na hoighearshruthanna. Má bhíodh siad bocht, ní mhothaidís an bochtanas gur chaill siad a saoirse agus a bhféinmheas.

D’iarr Cristina Calderón, an tseanmháthair, ar Cristina Zárraga, a gariníon, teacht ar cuairt chuici d’fhonn is go n­inseodh sí di faoina pobal féin, an Yagan. Chuaigh Cristina Óg go dtí Isla Navarino, agus d’fhan ar an oileán le Cristina Mhór ar feadh deich mbliana. D’fhoghlaim sí an teanga Yagan, chuaigh i dtaithí ar luibheanna leighis agus modhanna maireachtála traidisiúnta, agus chuala an­chuid scéalta ar shaol a mamó agus ar an sean­am.

Athlonnaíodh in éadan a dtola iad in áit nach raibh aon ghaol acu léi. Shaothraídís a gcuid ar éigean le hobair shéasúrach, lomadh caorach ach go háirithe. Chuirtí in aghaidh a dteanga féin a úsáid. Mar sin, bhíodh drochmheas acu ar a dteanga dhúchasach sa dóigh is go raibh náire orthu í a labhairt lena bpáistí. Thug na coilínigh ainmneacha Béarla nó Spáinnise ar na háiteanna agus ar na daoine, ainmneacha nach raibh aon bhaint acu le brí na n­ainmneacha dúchasacha.

Nuair a tháinig Cristina Óg chuig a mamó ar Oileán Navarino bhí fear óg as an Ghearmáin ann. Ar thóir bhrí ina bheatha a bhí Oliver, saor­grianghrafadóir. Bhraith sé ar a shuaimhneas gan mhoill sa tírdhreach mhaorga agus i gcomhluadar Cristina Móire, sa dóigh is go ndearna sé cinneadh fanacht ansin chomh fada agus a b’fhéidir, cinneadh a neartaíodh i ndiaidh dó bualadh le Cristina Óg. Tar éis tamaill phós siad, agus bhí beirt iníon acu ar ar thug siad ainmneacha dúchasacha: Hani Kipa agus Loimushka. Bheartaigh siad ar a gcuid ama agus a ndúthracht a chaitheamh ar leas na muintire agus leas na teanga Yagan a chur chun cinn. ——◊—— Ba bheag nár scrios coilíniú na nEorpach an Yagan go hiomlán. Pobal fáin a bhí iontu, a bhíodh ag bogadh ina gcuid canúnna síos agus aníos Caolas Beagle, ag seilg agus ag iascaireacht, agus ag campáil i bpubaill nó i bhfoscadáin shimplí.

Bhaintí páistí dá dtuismitheoirí agus chuirtí i scoileanna chónaithe iad, áiteanna nach raibh cead focal ar bith Yagan a labhairt. Fuair an t­alcól an ceann is fearr ar an­chuid daoine, mar a tharlaíonn i measc na bpobal dúchasach ar fud na cruinne. ——◊—— Ba sna cúinsí sin, agus an muintir Yagan ar an ngannchuid, a d’fhás Cristina Mhór suas. Fágadh ina dílleachta í agus í ina girseach bheag. Thóg a seantuismitheoirí í ar feadh tamaill agus ansin ba faoi chúram daoine éagsúla dá gaolta a bhí sí. Fágadh trí huaire ina baintreach í agus scaifte páistí faoina cúram. Cuireadh brú uirthi pósadh agus í an­óg. Ní raibh sí sásta, mar bhí an fear i bhfad níos sine ach ní raibh an dara rogha aici. Dúradh léi go raibh sí ina hualach ar a daoine

Agus líon na lonnaitheoirí as an Eoraip ag méadú i ndeisceart na Sile, bhí tóir ag níos mó agus níos mó sealgairí Eorpacha www.feasta.ie

7

Feasta, Samhain 2018


muinteartha. Mar sin, phós sí an fear a bhí in aois seanathar di. D’éag sé mí sular rugadh a dtríú mac. Phós sí arís, bhí tuilleadh clainne aici, agus fuair an fear bás tamall beag i ndiaidh breith mhic eile.

ó theangeolaí Meiriceánach agus tacaíocht airgeadais ó Roinn Chultúir na Sile agus ó Ambasáid na Gearmáine sa tSile. Dá thoradh sin, d’éirigh léi foclóir beag a chur i dtoll a chéile do pháistí, ag díriú ar thimpeallacht agus ar mheon an phobail Yagan. D’fhonn is go mbeadh páistí an phobail Yagan páirteach sa tionscadal, rinne sí féin agus Oliver ceardlann le healaíontóir óg as an Ghearmáin. Faoi mhaoirseacht na mná óige sin, rinne na páistí gearrthacha líonóile áille mar léaráidí don leabhar. Oliver a bhí freagrach as dearadh na leabhar go léir.

Má chuaigh sí trí anás agus anró bheadh dul amú ar dhuine a shílfeadh gur chréatúr bocht gan chosaint í. Duine láidir cróga a bhí inti a bhíodh in ann srian a choimeád ar a cuid fear. Thug sí tuairim is deich­ niúr clainne slán tríd na blianta crua sin. D’éirigh léi faoi dheireadh an fear a phósadh a raibh grá aici dó ó bhí sí ina cailín óg.

Cristina Calderón

Bhí athrú mór roimh an teaghlach óg: sa bhliain 2011 bhog siad go dtí an Ghearmáin. Cúiseanna éagsúla a bhí leis: bhí clann le cothú acu anois, rud nach raibh furasta sa bhaile beag bocht sa tSile. Bhí siad ag smaoineamh ar thuismith­ eoirí Oliver fosta, agus ar oideachas na beirte iníon, oideachas a bheadh níos fearr sa Ghearmáin.

Anois agus í ag amharc siar ar a saol féin, chaithfeá meas a bheith agat ar a misneach agus a hacmhainn bhuan grinn.

Bhí nasc eile leis an Ghearmáin ann chomh maith: bheadh rochtain acu ar ghrianghraif agus ar cháipéisí a bhain leis an phobal Yagan. Céad bliain ó shin tháinig eitneolaí Ostarach de chuid ord misinéireachta Styler chuig an phobal Yagan. Murab ionann agus mórchuid de na hEorpaigh, na misinéirí san áireamh, bhí meas mór ag Martin Gusinde ar an phobal. Ní dhearna sé iarracht iad a iompu ina gCríostaithe. A mhalairt ar fad, bhí suim aige i nósanna an phobail.

——◊—— Rud suntasach ná chomh minic is a bhaineann cuimhní cinn Cristina Móire le bia nó le heaspa bia.

Thug sé misneach dóibh deasghnáth insealbhaithe, an searmanas ba thábhachtaí don mhuintir Yagan, a athbheochan. Ghlac Juán Calderón, athair Cristina Móire, páirt ann. I ndiaidh do Martin Gusinde freastal ar an deas­ ghnáth insealbhaithe chaith daoine sa phobal leis mar dhuine dá chuid. D’fhreastal Juán ar Martin Gusinde mar ateangaire agus aistritheoir. Ba é Juán, nó Akačexaninčis, mar a tugadh air ina theanga féin, foinse scéalta agus nósanna a phobail do Martin Gusinde. Coimeádadh grian­ ghraif agus cáipéisí eile dá chuid san Anthropos­Institut in aice le Bonn sa Ghearmáin. Fearadh fáilte san Institiúid roimh Oliver agus Cristina (Óg) Zárraga, duine de shliocht Juán Calderón. ——◊—— Sa bhliain 2016 foilsíodh cuimhní cinn Cristina Móire, is é sin Cristina Calderón, sa tSile. Chuaigh an scríbhneoir, Cristina Óg, lena fear Oliver agus an bheirt iníon go dtí an tSile le haghaidh seoltaí éagsúla ag a raibh Cristina Mhór mar aoi * coinníonn Cristina Óg teanga oinigh. Sa leabhar, i Spáinnis,* shimplí spleodrach a mamó, duine a tógadh le teanga an­éagsúil. Tá grianghraif de chuid Martin Gusinde agus cinn as foinsí éagsúla ann i dteannta na ngrianghraf a ghlac Oliver. Gh­ nóthaigh An t­údar Cristina Zárraga, Cristina Óg iníon Cristina Calderón, lena duais agus mo­ fear Oliver Vogel. ladh mór as an

‘Chuaigh muid go dtí oileán eile agus bhí scalltáin na bhfaoileán ann tar éis a theacht amach. Thosaigh mo shean­ thuismitheoirí dá marú. Rug siad greim ar na cosa beaga bídeacha agus bhuail faoi charraig iad. Ansin rug siad greim ar scalltáin eile agus lean ar aghaidh mar sin. ‘Órú!’ ar mise. ‘Na créatúir! Cén fáth a bhfuil sibh á marú?’ ‘Ní hea!’ arsa mo dhaideo. ‘Ná bí ag rá “na créatúir” leo mar tá siad seo le n­ithe, maraítear mar bhia iad. Rinne Watauinéiwa na héin seo le n­ithe agus maitheann sé dúinn go maraíonn muid iad. Anois beidh do mhamó dá nglanadh agus dá gcócaráil agus beidh tusa dá n­ithe.’ Thug sé sreangán dom agus ar seisean: ‘Anois tabhair faoi scalltáin a mharú agus cuir an sreangán orthu.’ Mar sin, rinne mé é. Ansin chuaigh muid sa choite go dtí oileán eile. Rinne muid tine, mo mhamó agus mé féin, agus chabhraigh mé léi na scalltáin a chluimhriú agus a ghlanadh. Chuir Mamó sa phota iad. Ní raibh bord ná pláta ná babhla againn. Agus d’ith muid iad, mar sin. Nach blasta ar fad a bhí siad! B’in é ár gcuid lóin.’ ——◊—— Agus Cristina Óg agus a fear céile Oliver ina gcónaí ar an oileán bhí tréimhse an chruatain thart, ach níor mhór an meas a bhí ag na daoine dúchasacha orthu féin mar phobal, seachas ag Cristina Mhór agus cúpla duine eile dá comhaois. Lean an triúr acu ar aghaidh ag obair ar son an phobail agus an chultúir Yagan. Thosaigh Cristina Óg ag breacadh síos na scéalta a fuair sí óna mamó i Spáinnis. Sa bhliain 2005 foilsíodh cnuasach scéalta i Spáinnis. Ina dhiaidh sin foilsíodh leaganacha i nGearmáinis agus i mBéarla. Agus í i mbun feabhas a chur ar a gcuid Yagan chuardaigh Cristina cur chuige córásach leis an teanga a fhoglaim agus a mhúineadh. Fuair sí tacaíocht saineolaíochta www.feasta.ie

8

Feasta, Samhain 2018


Kuštéata – An Mór­Rón agus an Cailín Aistrithe ón Spáinnis ag Sylvia Bledow

An tAtlantach

Fadó fadó bhí beirt deirfiúr ag bruach na mara ag féachaint ar na maidhmeanna toinne. D’áitigh an deirfiúr ab óige go daingean go bhfaca sí kuštéata, mór­rón, iontu.

An Airgintín An tSile An tAigéan Ciúin

Ba le gairid a bhreathnaigh an deirfiúr ba shine agus an mór­rón ar a chéile go meallacach, ach dúirt sí lena deirfiúr go raibh sí suite de nach raibh aon mhór­rón ann.

Tierra del Fuego

An lá dár gcionn chuaigh an bheirt deirfiúr go dtí an cladach arís. Bhí siad ag súgradh ar an dóigh sin ar feadh roinnt laethanta. B’amhlaidh a bhí an deirfiúr is sine i ngrá leis an mór­rón, agus lá amháin tháinig an mór­rón i bhfolach istigh i dtonn mhór agus thóg an cailín leis.

Isla Navarino

Rinn an Choirn

Agus an deirfiúr ab óige ag tabhairt faoi deara ar tharla d’fhill sí abhaile len é a chur in iúl dá muintir.

leabhar. Ghnóthaigh Cristina Mhór aitheantas oifigiúil mar ‘Iníon Oirirc an Régiúin Magallanes agus Antartaice na Sile’.

Chuaigh an t­am thart mar sin. Phós an mór­rón agus an cailín, chuir siad fúthu ar charraig san fharraige, agus bhí clann acu, maicín a raibh cloigeann ar nós duine aige ach bhí a cholainn ar nós róin. ——◊—— Lá amháin d’iarr an kuštéata ar a bhean go gcuirfeadh sí in aithne dá muintir é. Bhí eagla uirthi riamh roimh an teagmháil sin, mar shíl sí nach mbeadh a muintir sásta lena fear céile. D’ainneoin sin, ní raibh sí in ann mian a fir céile a dhiúltú.

Cé go bhfuil gach duine acu sásta mar gheall ar an fháilte mhór a cuireadh roimh an leabhar, tá neart oibre fós le déanamh agus dushláin mhóra le sárú. Tá Cristina Óg i mbun leabhar nua a scríobh le Yagan a mhúineadh do pháistí. Beidh foclóir, graiméar beag agus scéal ann. Le cúnamh na scaidhpeála bíonn sí ag obair lena mamó ar Oileán Navarino agus leis an teangeolaí i gCalifornia, triantán trí mhór­roinn. Anois agus arís a nochtar saibhreas na teanga dóibh gan choinne. Agus Cristina Óg ag scrúdú na scéalta a bhreac sí síos thug sí faoi deara neamhréireanna gramadaí nach raibh aon mhíníu aici ná ag an teangeolaí orthu ar dtús, go dtí gur thuig siad gur gné ar leith den teanga Yagan a bhí i gceist. Tá dhá aimsir chaite éagsúla ann: ceann a chuireann a gclois­ tear ó dhuine eile in iúl, agus ceann a chuireann in iúl a bhfaca an duine féin lena dhá shúil. Idirdhealú tábhachtach do phobal a bhíodh ag seachadadh a gcultúr ó bhéal go béal agus ó shúil go súil.

Go gairid ina dhiaidh sin rinne siad campa in aice le teaghlach an chailín. Chuaigh na laethanta thart go dtí maidin amháin gur thug a máthair cuireadh di dul léi le cuáin mhara a bhailiú. Bhí leisce ar an chailín imeacht óir bhí sí in amhras faoina deartháireacha, ach d’éiligh a máthair go rachadh sí léi agus thug a focal go raibh cion acu ar an mhór­rón. D’imigh siad sa chanú mar sin agus go gairid in dhiaidh sin chuala an cailín screadanna an mhór­róin. Bhí sí ag iarraidh filleadh, ach rinne a máthair a dícheall a haird a bhaint de, ag rá nár chóir di eagla a bheith uirthi nó nach raibh ann ach gur ag súgradh a bhí siad.

Tá súil ag Cristina Óg go mbeidh acmhainní ag teacht chucu ó Roinn Oideachais sa tSile agus go mbeidh scoileanna in ann an leabhar a úsáid i gceardlanna. Tá eagrú an tionscadail agus na gceardlanna deacair go leor ar Cristina agus í ina cónaí sa Ghearmáin. ‘Tá mé i bfhad i gcéin anseo,’ a deir sí le hosna, ‘agus tá mé de dhíth ansin ar an oileán.’

Agus iad ag teacht ar ais chuaigh an maicín i dtreo a mháthar agus píosa feola ina lámh agus é ag canadh, ‘Nach deas blasta atá feoil m’athar atá mé a ithe!’ É go hiomlán faoi thionchar a uncailí a mharaigh agus a chócaráil an mór­rón.

D’fhiafraigh Cristina Óg dá seanmháthair lá, an amhlaidh gurb ise an duine deireanach Yagan, mar a deirtear. ‘Ní hea, go deimhin,’ ar sise. ‘Ní mise an t­aon duine Yagan ná an duine deireanach in aon chor!’ ———◊——— Scéal Yagan as an tSile Ainmhí fíor­tábhachtach don phobal Yagan ab ea an mór­rón riamh, mar sholáthar feola, mar chraiceann dá bpuball, agus toisc an tsaill a smearaidís ar a gcorp iomlán sa gheimhreadh mar chosaint in aghaidh an fhuachta in áit éadaí a chaitheamh. Ní nach ionadh, mar sin, tá sé le fáil sna scéalta.

Le teann éadóchais chaith an cailín cuán mara ar éadan a mic agus tháinig cló kayes air, an t­iasc a bhfuil ball chuáin mara ar a éadan. ——◊—— Tuilleadh eolais ar fáil ag https://www.ediciones­pix.org/en * Cristina Calderón. Memorias de mi abuela Yagan le Cristina Zárraga

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. F: +353 (0)1 475 7401 Rp: eolas@cnag.ie S: www.cnag.ie www.feasta.ie

9

Feasta, Samhain 2018


Comhairle Dea-Mháthar le Ralph de Prendergast

Sainré na Spéirlingí le Mícheál Ó hAllmhuráin

Cé gur fada ó inniu é, Is cuimhin liom go maith é, Bheith suite istoíche cois tine, Ag éisteacht lem mháithrín, Mar iar­scríbhinn don phaidrín, Is í ag comhairliú faoi iompar an duine.

Is léir go bhfuil sainré na spéirlingí buailte lenár saol Anso in Éirinn naomhaithe is ar fud ghoirt an tsaoil, Mar, féach! Na struchtúir, a d’fhás le dídean a sholáthar Á réabadh as a chéile nó ag imeacht le gaoith, Is ag fágaint fiú na fíréin ruaigthe as a n­ionaid le fréamh …

Labhair sí go ciúin, Ár n­aigne i dtiúin, Fad do mhúin, mar ba chóir dea­mháistreás, Gan aifir, gan ansmacht, Ach le cion is cineáltacht, Is do thairg sí an chomhairle seo leanas: Bí béasach i gcónaí Leis an gcléir is seanóirí, Ná bain d’éinne a chlú, Ná bí neamh­mhómharach, Bí uasal onórach, Seachain an mór is fiú. Má imíonn tú i gcéin, Bí dílis duit féin, Cosain do chreideamh led bheo, Agus agraim óm chroí An guí seo a ghní, Ar eagla d’anam caillte go deo: Abair Áivé Maria Istoíche faoi thrí, Is ar maidin arís le héirí, Ag Banríon na nGrás Le haghaidh an dea­bháis, Más mian leat an bheatha shíoraí,

Gan bhréag! Nochtann ár gcluasa agus ár ngrinnsúile dúinn go soiléir Nach dtig le dlíthe dúiseacht na ndúl a sheasamh níos mó; Go bhfuil spéirlingí ag síobadh trí shoch­shleasa spioradálta, I dtreo is nach feasach d’aon intinn cad ’tá fíor níos mó, Ná cá luíonn an réaltacht a thug rún­radharc uair ar réigiúin Dé … Le chuile rud basctha i síorbhéiceadh na scríbe ar gach taobh, Chíonn chuile chroí gach briathar le brí á scuabadh chun siúil, Is an tsíoraíocht leata ag slogadh síolta i móraibhéis a mbáite, Is an muintearas, a bhíodh ann fadó ag feidhmiú mar stiúir, Ag meath is ag múchadh le gach maidhm a bhriseann thar fhíor gach sícé. I gcúrsaí geilleagair tá an scéal scriosta céanna le léamh, Ag fógairt go bhfuil déithe díbeartha an domhain ag magadh fénár gcás, Is seo inneallra cogaidh ag déanamh neamhní de chathracha cráite Is trom­stoirmeacha teicneolaíochta ag léiriú dúinn gach lá Nach bhfuil ionainn go léir ach bréag­uimhreacha balbha i spéirling na gcaoch … Is toisc go bhfuilimid uilig gafa suas i ngréasáin ramhar­spéirlingí ár ré, A fhágann teifigh greamaithe i gcampaí géibhinn gan aon ghean­léas, Is lomchiníocha á léir­dhíothú ag sceimhlitheoireacht na stát scáinte, Och! níl d’fhothain againn, in Éirinn éignithe ná i gcríocha i gcéin, Ach paidreacha folamha nach n­aithníonn aon Neamh ná Niamhracht Dé …

Is nuair a thagann an t­am Dul thar táirseach anonn, Is cinnte gur slán tú nach caillte, Nó de thoradh do phaidre, Beidh Muire id fhochair, Led chomóradh abhaile sábháilte. ◊ SCRÍBHNEOIRÍ GAEILGE CHIARRAÍ An file aitheanta, Simon ó Faoláin, a bheidh i mbun a chuid a reacaireacht ag an Óstán Meadowlands, Trá Lí, ar an gCéadaoin, 14 Samhain ag a 8.30 p.m., tráth a dtagann an ciorcal comhrá seachtainiúil le chéile ansiúd. Cuid de shraith cainteanna an ócáid seo ag Scríbhneoirí Chiarraí, i bpáirt le Chonradh na Gaeilge agus le tacaíocht ó Foras na Gaeilge. Beidh Alan Titley, Mícheál Ó Ruairc agus Breandan Ó Cróinín ag labhairt níos déanaí sa mhí ag Tionól Chiarraí ar an Aoine – Satharn, 23 – 24 Samhain. ◊ www.feasta.ie

Ag an léacht ar bhuntáistí iomadúla an Ghaeloideachais a d’eagraigh Conradh na Gaeilge ag an Óstán Meadowlands i dTrá Lí ar an 17 Deireadh Fómhair, ó chlé: Conall Ó Cruadhlaoich, Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí; Cáit Uí Mhurchú, príomhoide Ghaelscoil Mhic Easmainn, scoil a rug bua bua suntasach dlíthiúil ar son an luath­ thumoideachais tamall de bhlianta ó shin; agus Dónall Ó hAiniféin, príomhoide scoile Ghaelscoil na hInse agus cathaoirleach COGG, a thug an chaint spreagúil ar na buntáistí aigne agus oibre, matamaitice, teangan agus fiú sláinte – moilliú ar theacht Alzheimer's! – a bhaineann leis an nGaeloideachas agus an dátheangachas: comóradh fónta ar bhunú Scoil Náisiúnta Lán­Ghaeilge Mhic Easmainn ag an gcraobh áitiúil den Chonradh daichead bliain ó shin i 1978. Tá pobal an Ghael­ choláiste, scoil a d’fhas as iarratas a dhein Bord Ghaelscoil Mhic Easmainn i gcomhar leis an gConradh, ag súil go mbeidh fáil ar fhoirgneamh nua acu faoi 2020. ◊ 10

Feasta, Samhain 2018


Anailís Théamach ar

MISE ÁINE: AN BHEAN ISTIGH le hÁine Durkin

Cló Iar­Chonnacht, An Spidéal, 2017. ISBN: 978­1­78444­160­9

Léirmheas le Marie Whelton

Réamhfhocal Cnuasach de chaoga dán agus trí amhrán is ea Mise Áine: An Bhean Istigh le hÁine Durkin. Sa Réamhrá, míníonn an t­údar gur thóg sé nach mór fiche bliain uirthi an cnuasach a chur le chéile, go bhfuil cuid de na dánta bunaithe ar a saoltaithí féin agus gur chum sí na dánta eile tar éis di radharc speisialta a fheiceáil nó tar éis di scéal ar leith a chloisteáil. Tá éagsúlacht shuntasach de théamaí pléite sa chnuasach – An Bás agus Dúshláin na Beatha; An Grá agus An Cairdeas; Cúrsaí Fealsúnacha agus Cúrsaí Spioradálta; Cúrsaí Polaitiúla agus An Próiseas Cruthaitheach – déanfar rangú ar na dánta faoi na téamaí sin anseo agus aireofar cuid de na buanna stíle atá le feiceáil iontu.

’Bhfuil tú sona suaimhneach anois, a stór? ’Bhfuil sólás i mbeatha mhúchta? Nó bhfuil tú mar a fágadh mise, Brónach, briste, brúite? (lch 61). Mórmhéala an bháis anabaí atá pléite in ‘Ógbhás’. Sa dán sin, cuireann an file comparáidí éagsúla os comhair an léitheora agus léiríonn sí go bhfuil an bás anabaí ar cheann de na dúshláin is deacra sa saol seo. Dar leis an bhfile, ní scaoiltear as an mbrón a mhothaítear tar éis a leithéid de chailliúint go deo: Triomaíonn deora na báistí fiú má thiteann siad deora ar dheoir, ach má sciobtar uait beatha na hóige, ní thriomaíonn na deora go deo (lch 27).

An Bás agus Dúshláin na Beatha I gcuid de na dánta, léiríonn an file fairsinge a taithí ar an bpróiseas bróin a leanann an bás: in ‘Nádúr an Bháis’ tugann an file faoi deara go bhfuil sí ar deighilt, mar gheall ar an mbrón, ón ngnáthshaol ina timpeall agus go leanann an saol sin ar aghaidh in ainneoin an bháis (lch 13); ar deighilt ón ngnáthshaol atá an file, freisin, san amhrán ‘Is Fada Liom’ ach is dorchaí an t­amhrán toisc mian a bheith ag an bhfile a bheith básaithe dála a grá (lch 67); an gol doshrianta a bhaineann leis an mbrón atá cíortha in ‘Toradh’ (lch 44) agus cuirtear lagbhrí agus loime an bhróin in iúl go héifeachtach le meafar na díthrá in ‘An Trá Fholamh’ ­ gan a páirtí, deir an cainteoir go bhfuil sí cosúil le muir gan chumhacht agus feamainn nocht (lch 55); tá tocht domhain an bhróin chun tosaigh i ndánta eile, freisin (feic lgh 37, 38, 43, 54).

Chomh maith le dúshlán an bháis, téann Durkin i ngleic, freisin, le dúshláin eile de chuid na beatha (feic lgh 12, 16, 33, 39, 41, mar shampla). I ndánta áirithe scrúdaíonn sí dúshláin phearsanta daoine eile. In ‘Ar Meisce’, mar shampla, cuireann an file ceisteanna maidir le halcólach a bhfuil aithne aici uirthi. Sa chéad véarsa, léiríonn sí tuiscint ar nádúr an alcólachais agus ar an tionchar a bhíonn aige ar an alcólach. Sa dara agus sa tríú véarsa luann sí an tionchar a bhíonn ag an ngalar ar dhaoine eile agus déanann sí comhbhá leo: Is trua iad na páistí a bhfuil deora ina súile, a n­óige gan bhláth i bhfásach andúile (lch 40).

Is é an glacadh an chéim dheireanach de phróiseas an bhróin, de ghnáth, agus is féidir gurb é an glacadh sin atá i gceist in ‘Síocháin’ áit a dtagraíonn an file don tsíocháin a thagann nuair a fheiceann sí bláthanna oráiste ag fás ar uaigh. Comhartha is ea iad, dar léi, go bhfuil timthriall na beatha ag leanúint ar aghaidh agus go bhfuil deireadh leis an bhfulaingt (lch 58). Tá an glacadh chun tosaigh, freisin, in ‘Cumhacht Dóchais’ (lch 14) agus tá sé le léamh ar shimplíocht na seintiminte in ‘Ár mBuíochas’ – dán a bheadh oiriúnach do chárta buíochais a chuirfí amach tar éis sochraide ina dtugann an file aitheantas don chabhair a thagann ó chomhbhá na gcomharsan agus na gcarad:

Dán den chineál céanna is ea ‘Galar Dubhach’. Léiríonn an file tuiscint ar an easpa dóchais a bhaineann leis an ngalar dubhach agus déanann sí comhbhá le tuismitheoirí an chailín a bhfuil an galar sin uirthi: Cailín na súl donn Gan dóchas Ag breathnú ar thodhchaí Gan í (lch 48). In ainneoin na comhbhá atá léirithe sa dá dhán sin, áfach, eascraíonn ceisteanna eiticiúla faoina chirte agus atá sé gliúcaíocht ón taobh amuigh (sa tríú pearsa), a dhéanamh ar fhulaingt daoine eile.

Má sheas tú linn ó lá go lá ár mbuíochas… (lch 28).

An Grá agus An Cairdeas Mórthéamaí eile sa chnuasach is ea iad an grá agus an cairdeas: an grá collaí is ábhar den dán ‘Iothlainn’ (lch 35), mar shampla, agus tiomnaíonn an file ‘Comhrádaí’ ‘don Dómhnallach’ ­ is dán ómóis é sin a dhéanann ceiliúradh fíorálainn ar chara speisialta (lch 20). Mar an gcéanna sna dánta cuimhneacháin ar mhná ar leith atá imithe ar shlí na fírinne, déantar ceiliúradh ar chairdeas an údair leo (feic lch 18, 25, 52). Cuirfidh dánta áirithe véarsaí ó chártaí beannachta i gcuimhne don léitheoir (lch 29, 49) ach is féidir

Dán cumhachtach is ea ‘Féinbhás’ ina mbuaileann an léitheoir le cainteoir atá ag iarraidh ciall a bhaint as tragóid uafásach – tar éis do dhuine muinteartha léi lámh a chur ina b(h)ás féin, cránn an cainteoir í féin i sraith d’aon cheist déag agus cuireann sí an milleán uirthi féin nach bhfaca sí na comharthaí in am. Is léir gur mhaith léi freagraí a fháil faoi nóiméad an bháis féin agus faoi staid reatha a comh­ chainteora. Ní fhágann sí aon amhras ar an léitheoir ach go bhfuil sí scriosta í féin ag an mbrón: www.feasta.ie

Áine Durkin

11

Feasta, Samhain 2018


go bhfuil na frásaí a úsáidtear sna dánta sin ró­choitianta agus ró­ghar do chlíséanna uaireanta:

cur fúthu ar a ceann! (lch 15); dán éadrom eile is ea ‘Corp na Leathchoise’ ina gcuireann an file síos ar na dúshláin go léir a bhí le sárú aici nuair a bhris sí a cos agus ar an léargas nua spioradálta a thug an fhulaingt di ar áilleacht an tsaoil:

is tú mo dhán an lán i mo stad… (lch 49)

…ach tuigim go maith go raibh fáth le mo thriail, athoscailt mo shúl ar áilleacht an tsaoil.” (lch 63);

I dtrí dhán éagsúla, féachann an file ar an ngrá a bhíonn ann idir tuismitheoirí agus a bpáistí. Tugann ‘Iníon’ léargas ar an gcaidreamh idir máthair agus iníon ­ in ainneoin gur déagóir taghdach í an iníon, tuigeann a máthair di:

Cúrsaí Polaitiúla Seánra eile a chleachtann Áine Durkin is ea seánra na haoire. Go minic is í an chodarsnacht dhénártha idir an mhaitheas agus an t­olc a thagann chun cinn sna haortha sin ina dtéann an t­údar i ngleic le téamaí polaitiúla éagsúla: in ‘Éire 2011,’ mar shampla, cáineann sí ‘lucht eaglaise is rialtais’ as a bheith éagórach agus as fuarchúis a léiriú i leith stair na hÉireann. Ní leasc léi scaoileadh lena racht feirge ná caint fhonóideach a úsáid agus tugann sí ‘Oileán na Sainte is na mBréag’ ar an tír (lch 19, feic lgh 32, 47, 53, 57 d’aortha eile).

Is ceapann tú go dteipim ort, bhuel, tuigim duit, a chroí, ach níl aon lá nár mhéadaigh mo ghrá ó tháinig tusa ar an saol (lch 56). In ‘Buille Croí’ roinneann iníon lúcháireach an dea­scéala lena tuismith­ eoirí go bhfuil sí geallta. Déanann siad comhghairdeas léi ach tá a fhios ag a hathair go mbeidh áit thánaisteach aige i saol a iníne as sin amach:

An Próiseas Cruthaitheach Ábhar eile a chíorann Durkin ná an próiseas cruthaitheach féin. In ‘Scríbhneoir’ labhraíonn sí faoi scríobh na filíochta agus faoin tslí a léimeann na focail ‘ó cheann go peann’ (lch 11); tá an dán, ‘Stoirm’, níos diúltaí agus luann sí go mbíonn uirthi dul chun spairne leis an ‘gcomhrac smaointe’ (lch 31) a bhíonn ar siúl istigh ina hintinn féin. Is ar na dúshláin agus na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag an ealaíontóir a bhreath­ naíonn ‘Ealaíontóir’, freisin, agus aithníonn an file go ndéanann an t­ealaíontóir go leor íobairtí pearsanta chun ‘scaoileadh le smaoineamh’ (lch 34).

’s chonaic athair go raibh caillte a thús áite ina saol. (lch 36). Máthair a labhraíonn lena páiste in ‘Ó Bhreith Go Bás’ agus cuireann sí i gcuimhne don pháiste go raibh sí ann dó/di ag amanna tábhachtacha i rith a s(h)aoil. Tá a fhios aici, áfach, go dtiocfaidh an lá nuair a bheidh ar an bpáiste aire a thabhairt di. Is léargas fáinneach é an dán ar an ngean a bhíonn ag an máthair dá páiste agus ar an tslí dhosheachanta a gcasann rotha móra an tsaoil (lch 51).

Is é caidreamh an fhile lena hoidhreacht liteartha féin atá pléite sa dán ‘Feallaire.’ Tá lagmhisneach agus coimpléasc ísleachta áirithe le léamh ar an dán ina iomláine – cuireann sí a cuid iarrachtaí fileata féin i gcomparáid le saothar mháistrí na Gaeilge agus déanann sí beag is fiú dá hiarrachtaí féin:

Cúrsaí Fealsúnacha agus Cúrsaí Spioradálta D’fhéadfaí filíocht fhealsúnach a thabhairt ar chuid de na dánta. Foinsí inspioráide do chuid de na dánta sin is ea iad na haincheisteanna nach bhfuil freagraí cinnte ag an gcine daonna orthu. Sa dán ‘An Tús’, mar shampla, cuireann an file paradacsaí éagsúla os comhair an léitheora chun ceisteanna faoi thús agus faoi dheireadh na beatha a thaiscéaladh:

Tá siollaí measctha ar chuile líne, níl Amus ag obair, tá gutaí gan síneadh. Ógláchas cinnte, gan réasún gan slacht, Dán nach bhfuil Díreach ón bhfile gan smacht. (lch 26). Conclúid Dhírigh an léirmheas thuas ar an ionramháil a rinne Áine Durkin ina cuid dánta ar chúig théama éagsúla. Ba léir go raibh an­éagsúlacht san ionramháil sin agus gur léirigh an file tuiscint dhomhain agus taithí fhairsing ar bhuntéamaí uilíocha idir bhás, ghrá, spioradáltacht agus pholaitíocht. Chonaiceamar, mar shampla, a chruinne agus a chruthaigh sí an caidreamh idir tuismitheoirí agus a bpáistí agus an dáimh a léirigh sí le cairde ar leith. Ceann dá mórbhuanna scríbhneoireachta i gcoitinne is ea an tslí a n­éiríonn léi guth a thabhairt do mhothúcháin dhoimhne an bhróin agus an ghrá. Is fearr iad na dánta a chumann sí sa chéad phearsa ar na hábhair sin ná na dánta ina bhféachann sí, sa tríú pearsa, ar fhulaingt daoine eile. É sin ráite, agus in ainneoin go labhraíonn Durkin go humhal i ndán amháin faoina cumas scríbhneoireachta féin, léiríonn na dánta ina céad chnuasach go bhfuil mianach inti mar fhile. Ní haon ionadh é gur bhuaigh an bailiúchán seo uaithi an chéad duais i gComórtas na Scríbhneoirí Úra ag Comórtas Liteartha an Oireachtais, sa bhliain 2017. ——◊—— Is léachtóir le Gaeilge í An Dr Marie Whelton in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath. ◊

Ach má thagann an deireadh théis an tús [sic] i ngach dráma, cén sórt deiridh a tháinig roimh An Tús i dtús ama? (lch 17, feic samplaí eile ar lgh 23, 42, 30). Filíocht aireach (mindful) is ea cuid den fhilíocht fhealsúnach. In ‘Fuinneog Oscailte’, díríonn an file a haire ar na fuaimeanna éagsúla atá le cloisteáil ó fhuinneog atá ar oscailt. Éisteacht mheabhrach atá ar siúl aici agus i measc na bhfuaimeanna a thugann sí faoi deara, tá fuaimeanna an nádúir, guthanna daonna agus glór innealra (lch 24). Is iad na fuaimeanna a scrúdaítear, freisin, in ‘Mochóir’. Sa dán sin, buailimid leis an gcainteoir agus í ag éisteacht go cúramach óna leaba le duine a éiríonn go moch ar maidin (lch 45). Sa dá dhán, éiríonn leis an bhfile an léitheoir a thabhairt isteach i nóiméad ama ar leith agus gabhann sí an nóiméad sin ar phár. Tá trí dhán spraíúla ag Durkin ina dtugann an file spléachadh éadrom fealsúnach ar eachtraí agus ar ócáidí ar leith ina saol: is iad an spioradáltacht shimplí agus an lúcháir atá chun tosaigh san amhrán bríomhar ‘Féile na Nollag’ (lch 71); in ‘Cuairteoirí’ dathaíonn an t­údar pictiúr den phróiseas a raibh uirthi dul tríd chun fáil réidh le míolta gruaige a bhí ag www.feasta.ie

12

Feasta, Samhain 2018


— ‘Dá mBa …?’ Stair Mhalartach na Gaeilge le Alan Titley —

Caitheann Séamas de Barra súil eile ar stair ghátarach na teanga! Tá riail loighce ann: laghdú ar dhóchúlacht is ea dóchúlacht a bhunú ar dhochúlacht.

taobh thuaidh de Cho. Bhaile Átha Cliath, Sean­Sacsain ó thaobh cultúir de, a thosaigh ar dhiúltú don Athrú Creidimh. Cé gur cuireadh i gcoinne Shasana go míleata, níor éirigh leis na Sean­Ghaeil, ná leis na Sean­Sacsain, buachan ar Shasana.

I

s dócha gurbh é Diarmaid Ferriter a chéadchuimhnigh ar an bhfoirmle What if… i gcomhthéacs clár raidió ar stair na hÉireann. Ach is í an fhadhb nach mbeidh a fhios go deo againn cad é a tharlódh; ní fios dúinn ach cad é a tharla, agus rómhinic is an­deacair léamh ar an méid a tharla. Más fíor gur laghdú ar dhóchúlacht is ea dóchúlacht a bhunú ar dhóchúlacht, is lú fós an seans go dtiocfadh an tuar faoi thairngreacht Alan Titley, mar gur ag bunú féidearthachta ar fhéidearthacht atá seisean. Mar a dúirt Seán Ó Ríordáin:

Sa bhliain 1614 rinne Parlaimint Bhaile Átha Cliath an Dá Aodh a eisreachtú. Tháinig sé sa saol go raibh idir uaisle Sean­Ghael agus uaisle Sean­Sacsan ag iarraidh a bheith dílis do Shasana ó thaobh polaitíochta de. D’fhógair a bhformhór a gcuid dílseachta do Shéamas I Shasana (1603­1625), agus dá mhac seo, Séarlas I Shasana (1625­1649).

Ní hionann neamhrud ná saolófaí choíche, agus neamhrud a saolófaí tar éis tréimhse neamhníochta.

Ard­Easpag Thuama, Flaithrí Ó Maoil Chonaire (1609­1629), rinne sé iarracht ar stát Caitliceach a chur ar bun in Éirinn sa bhliain 1627, le cabhair na Róimhe, agus na Spáinne. De cheal airgid, theip ar iarracht an Ard­Easpaig. Tar éis Chath Chionn tSáile thriail Impireacht na Spáinne gabháil slí na síochána chun saoirse chreidimh a bhaint amach do Chaitlicigh na hÉireann. Ar a shon sin is uile, thug an Spáinn cabhair mhíleata go rúnda do Chomhdháil Chill Chainnigh, ach tháinig an Fhrainc laistigh den Spáinn sa chúram sin, agus faoi 1648 bhí buaite ag an bhFrainc ar an Spáinn sa Chogadh 30 Bliain.

Cad chuige go díreach an tagairt ag Alan d’Aimsir na Práinne in Éirinn? An féidir nach bhfuil a fhios ag Alan go raibh dianchinsireacht i bhfeidhm an uair úd, agus nach raibh cead ag daoine eolas ar bith a thabhairt, ina gcuid litreacha príobháideacha féin, a chabhródh le taobh seachas a chéile sa Dara Cogadh Domhanda? Cad chuige ‘Tiobóid Galldubh’ a thabhairt ar an údar CATECHISMVS/Teagasc Criostuí (An Bhruiséil 1639)? Ní hé galar aon duine amháin ag Alan é sin. An nglacfadh seisean le ‘Ailín Titlí’ mar litriú ar a ainm agus a shloinne féin? Mura nglacfadh, cad ina thaobh nach nglacfadh? Teaboid Gállduf a thug údar an tsaothair thuasluaite air féin. Níl a fhios againn cár scríobhadh CATECHISMVS/Teagasc Criostuí. Cén fáth a samhlófaí gur i mbaile Thiobraid Árann a scríobhadh é? Tá a fhios go cinnte againn gur sa Bhruiséil a foilsíodh é. Ag tab­ hairt faoin aos ealaíon agus faoi na huaisle a bhí an tAth. Gállduf. Is é an chúis ar as Gaeilge atá leath a shaothair gur thuig sé go maith nach dtuigfeadh gnáthmhuintir na tíre é mura mbeadh leagan Gaeilge i dteannta an leagain Laidine de.

Roinnte ina dtrí fhaicsean a bhí Comhdháil Chill Chainnigh: na Sean­Ghaeil agus na Sean­Ghaill Ghaelacha; Na Sean­ Ghaill Ghallda agus na Sean­Ghaeil Ghallda; agus an dream idir eatarthu. Is é tuairim cuid de na staraithe gurbh é an cinedhíothú a rinneadh ar phobal dúchais na hÉireann a thug ar Chaitlicigh na hÉireann glacadh le Leasú Creidimh na gCaitliceach, agus tosú ar a bheith ag dul i muinín na Spáinne.

D

e réir Sir William Petty, trian de phobal na tíre a díothaíodh i gcaitheamh na mblianta 1641­1652, aimsir Chomhdháil Chill Chainnigh, agus na gCogaí le Cromail. Bhí na mílte Éireannach ag scaoileadh faoin Mór­ Roinn i gcaitheamh an 17ú céad agus an 18ú céad, ar intinn gabháil isteach in Arm na Spáinne i dtosach, agus ó 1648 ar aghaidh, in Arm na Fraince.

Ní leor de mhíniú ar mheath na Gaeilge gur bhrúigh Sasana an Béarla ar mhuintir na hÉireann, agus é sin le concas. Ar feadh na gcéadta bliain tar éis Ionradh na Sean­Ghall, mhair an Ghaeilge fiú sna páirteanna den tír ba mhó a raibh smacht ag Sasana orthu. Nuair a triaileadh tabhairt ar Pharlaimint Bhaile Átha Cliath glacadh in 1536 leis an Athrú Creidimh, b’éigean é a mhíniú as Gaeilge do na Feisirí, mar nach dtuigfeadh a bhformhór míniú Béarla air. Beagán os cionn 100 bliain ina dhiaidh sin, is é is dóichí gurbh é an Béarla gnáth­theanga Chomhdháil Chill Chainnigh (1642­ 1649). Cuid d’aistritheoirí na linne úd, Conall Mag Eochagáin (1627), agus Micheál Ó Cearnaigh (1635), tuigeadh dóibh faoi bhlianta 1620 nó 1630, nach raibh léamh na Gaeilge ag formhór na ndaoine uaisle.

Chuaigh na hÉireannaigh chun cinn sa saol sa Spáinn, abair, agus tá an áirithe sin Spáinneach sa lá atá inniu ann ar sloinnte Gaelacha atá orthu, O’Donell, Galduf [= Galldubh], Kindelván [Ó Caoindealbháin], Galiván [Ó Gealbháin], Corquera [Ó Corcara, dar liom]. Agus mise i mo mhac léinn ollscoile sa bhliain 1971, casadh fear óg de Mhuintir Néill in Valladolid orm. B’airde é siúd ná mise, é rua, agus gan aon fhocal amháin Béarla aige. De shliocht na nGéanna Fiáine ba ea é. Bhí Sioc Mór in Éirinn sa bhliain 1740, agus Gorta Mór an tEarrach dár gcionn, gorta a rinne a oiread díothaithe ar an bpobal dúchais, ó thaobh céatadáin de, is a rinne Gorta Mór 1847. Eachtraíonn Gearóid Ó Tuathaigh in Ireland before the Famine nach raibh ina gCaitlicigh ach dhá dtrian de na

De réir James Murray, údar Enforcing the English Reform­ ation in Ireland (Cambridge 2009), ghlac formhór cheannairí na gCaitliceach in Éirinn leis an Athrú Creidimh, agus is mar sin a bhí go ceann dhá ghlúin. Dream beag den lucht dlí ón www.feasta.ie

13

Feasta, Samhain 2018


daoine a bhí ag cur fúthu in Éirinn aimsir Pharlaimint Ghrattan. Bhí gorta, beag nó mór, gach uile bhliain in Éirinn ó Bhriseadh Napoleon in 1815 go dtí 1879, agus ina dhiaidh sin go deimhin. Áirítear gur timpeall milliúin duine a cailleadh i nGorta Mór 1847, agus gur chuaigh na milliúin eile ar imirce, as sin go dtí deireadh an 19ú céad. Cuimhnímis gur as Gaeilge a bhí an teagasc á thabhairt ar chuid de scoileanna na nÉireannach sna Stáit Aontaithe i ndeireadh an 19ú céad. Meastar gur timpeall 2 mhilliún a chuaigh ar imirce as Éirinn san 20ú céad.

Cé go bhfuil meas agamsa ar scata slite ar Jordan B. Peterson (1962 ­ ), síceolaí cliniceach ó Cheanada, ní foláir a admháil go bhfuil a chuid smaointeoireachta lán suas den chinnteachas. Ní chleachtann Peterson creideamh ar bith, ach de réir dealraimh, ba ina Chailvíneach traidisiúnta a tógadh é. Tá sé an­tugtha do Theoiric na hÉabhlóide, teoiric de chuid Charles Darwin (1809­1882), go háirithe maidir leis an bhfear agus leis an mbean a idirdhealú ar a chéile. Is í an fhadhb go n­admhódh Darwin féin, dá mairfeadh sé, go bhfuil locht ó bhonn ar an teoiric sin mar go bhfuil cruthaithe le bitheolaíocht na gceall, leis na deicheanna de bhlianta, nach de réir a chéile a tháinig an bheatha chun cinn, ón gcill shimplí go dtí cill níos casta ná sin, ach gurbh é rud a tharla, mar a bheadh pléascadh tobann dothuartha ann, agus é sin, i gcás an duine abair, ainneoin DNA an homo sapiens sapiens a bheith an­chosúil le DNA na n­ápaí. Tá léirithe le fíordhéanaí ag Mark Stoeckle agus David Thaler, i meitea­anailís leosan, nach sine ná 200,000 bliain iad 90% de na cineálacha beatha atá ar Domhan inniu; is é sin, nach bhfuil ach 10% díobh ar sine ná sin iad [‘Why should mitochondria define species?’ Human Evolution, Vol. 33 ­ n.1­2(1 30) ­2018].

I

s iomaí cúis a bhí le meath na Gaeilge: cinedhíothú, cogadh, gorta, imirce. Chomh maith leis sin bhí aicme bheag ar Chaitlicigh Ghallda na hÉireann ó dheireadh an 16ú céad nach amháin gur do Shasana a bhí a gcuid dílseachta i gcúrsaí polaitíochta, ach go raibh an ghráin dhearg acu ar theanga agus ar shaíocht shinseartha na hÉireann. Ainneoin a lán d’uaisle na Sean­Ghael féin a bheith iompaithe ar an mBéarla ó thosach an 17ú céad, níor thosaigh an aicme seo ar fhuath a thabhairt don Ghaeilge go dtí gur éirigh an Róimh sa bhliain 1760 as an Stíobhardach a lua ina gcuid doiciméad mar rí ceart ar Éirinn. Nuair a cailleadh an Sean­Tagarach sa bhliain 1766 dhiúltaigh an Róimh an Prionsa Séarlas Stíobhard a aithint ina rí ceart ar Éirinn, rud a ghoill thar meon ar chuid d’fhilí na Gaeilge. Áitíonn an tOllamh Máirtín Ó Murchú sa leabhrán The Irish Language (Baile Átha Cliath 1985) gur timpeall na bliana 1751 a saolaíodh an chéad ghlúin Éireannach arbh é an Béarla an chéad teanga ag a bhformhór. Laghdaíonn an gorta go mór ar thorthúlacht daoine, agus tógann sé ábhar blianta orthu teacht chucu féin sa chúram sin.

Noam Chomsky (1928 ­ ), an teangeolaí mórchlú, agus an tráchtaire polaitíochta, tá sé ar an tuairim le fada nach mó ná 200,000 bliain atá homo sapiens sapiens ar an saol go corpartha, agus nach mó ná 80,000 bliain atáimid ann ó thaobh intleachta agus teanga de. Is é a chreideann Chomsky go mbíonn éirim ar theanga ag an leanbh, ag teacht ar an saol dó/di, nach tabula rasa is ea é/í; ní hin é a áitíonn lucht an Iompraíochais, agus bhí siad ar buile le Chomksy nuair a thosaigh sé ar an tuairim sin a thabhairt. Chuir siad cruthaíochtachas agus bunchreidmheachas i leith Chomsky san am. Dála an scéil, is aindiachaí é Chomsky, agus tá bá le blianta leis an Sindeacálachas Ainrialach aige; is feimineach é, agus tacaíonn sé le cead ginmhillte.

Ó thaobh na foilsitheoireachta de, foilsíodh an t­uafás leabhar Gaeilge idir 1770 agus 1863. Is leabhair chreidimh a lán díobh sin. Dónall Ó Conaill an Consailéir, thacaigh sé le foilsiú leabhar creidimh as Gaeilge, agus an chuid is sine den mhuirear air siúd, ba í an Ghaeilge an chéad teanga acu, mar gurbh amhlaidh a cuireadh ar altramas iad; sa tslí duit go raibh ‘Dónall Mór an Bhéarla’ ar a laghad chomh Gaelach leis an gcuid is deirge le fearg de Ghluaiseacht na hAthbheochana sa lá atá inniu ann!

C

uid de lucht Athbheochan na Gaeilge atá anois ann, diúltaíonn siad do chomhshamhlú na Gaeilge leis an gCreideamh Caitliceach, ná le brainse ar bith eile den Chríostaíocht go deimhin. Tá glactha acu siúd leis an bprionsabal Marxach gur rud cinntithe is ea toradh na staire, nach bhfuil le déanamh ach ‘an stair a shá sa treo ceart’, agus gurbh in é an cur chuige ceart riamh. Ach cad a dhéanfaidh na saoithe seo má theipeann ar an nGaeilge ar fad, ainneoin a gcuid feachtasaíochta go léir? Nó an dócha go ndéarfaidh siad gur lenár gcionta féin is mó a theip ar an nGaeilge – rud a déarfadh Jordan B. Peterson, dar liom, mar narbh fhiú linn ‘an seomra seo againn féin a ghlanadh amach i dtosach’.

The Second Catholic Reformation a thugtar as Béarla ar na blianta 1770­1863. Ní foláir nó níor tuigeadh d’údaráis na hEaglaise Caitlicí aniar go dtí 1863, nó mar sin, go raibh an­athrú tagtha ar an tír ó thaobh teanga de. Ar a shon sin is uile, ní raibh a oiread Gaeilgeoirí dúchais ar an saol riamh, ná ó shin, is a bhí i gcaitheamh na mblianta 1770­1847. Ní raibh i ndán don Stíobhardachas ach cúil an choicís, agus chuir filí Gaeilge na hÉireann breis is 100 bliain amú ag scríobh aislingí le súil go gcasfadh ‘an Tagarach’, mo ghraidhin iad!

Is ea, tiocfaimid as; caithfear teacht as!

AN FHÉILE BHEAG FILÍOCHTA 2018 9-11 SAMHAIN Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí

Tuigeadh go traidisiúnta do na Cailvínigh gur comhartha ar Dhia a bheith leat, ba ea éirí an tsaoil a bheith leat. Tá an saghas sin cinnteachais ag baint leis an Marxachas chomh maith. De réir dealraimh, ba ó Hegel (1770­1831) a d’fhoghlaim Marx (1818­1883) an cinnteachas, agus ba ó Joannes Scotus Eriugena [Eoin Gaelach ar in Éirinn a saolaíodh] (815­877) a d’fhoghlaim Hegel an cinnteachas, go díreach nó go neamhdhíreach. Pádraig Ua Maoileoin (1913­2002), trócaire sa chré air, déarfadh sé gur eiriceach ‘le dealramh’ ba ea Eriugena. www.feasta.ie

Féile Filíochta dhátheangach Fáiltítear roimh fhilí / fhilíocht i nGaeilge agus i mBéarla. Ceardlanna /Workshops: 087 940 5919 Lóistín: 087 994 7848 Clár iomlán ag : www.feilebheagfiliochta.com 14

Feasta, Samhain 2018



B

Proinsias Ó Maolmhuaidh 1941 – 2018

Nuair a smaoiním ar Phroinsias sna hochtóidí, peann luaidhe a thagann i gcuimhne dom. Is iomaí úsáid a bhí ag fear dá leithéid le haghaidh peann luaidhe ach ní hé sin atá i gceist agam. Leis an bpeann luaidhe bhí an maitheas uilig taobh istigh. Bhí sé mar an gcéanna le Proinsias. Bhí croí mór láidir aige i gcónaí. Aon rud a bhí aige bhí sé sásta é a roinnt le daoine eile.

liain na Gaeilge atá ann. 2018. Táimid ag druidim go deireadh na bliana agus tá folús mór i gcontae Mhaigh Eo leis an oiread sin Gaeilgeoirí mór le rá atá imithe ar shlí na fírinne le bliain anuas. Go gairid roimh an Nollaig seo caite fuair Seán Ó hÉalaí bás. Bhí an bhliain nua úr fós nuair a d’fhágamar slán le Fiachra Mac Gabhann agus Micheál Ó Seachnasaigh. Ní raibh Oonagh Ní Chéilleachair ach díreach sleamhnaithe amach an doras tamall gairid rompu. Anois, i bhfómhar na bliana, tá an Rí ar lár. Thóg Proinsias Ó Maolmhuaidh an bóthar céanna le coicís anuas. An Gaeilgeoir ab aitheanta díobh go léir.

Moladh go mór agus go fairsing é. Bhí ard­mheas air. Ach fós níor chaith sé léine an fhir mhóir agus choinnigh sé a ardréim dó féin. Ach is é gnó an phinn luaidhe ná marc a fhágáil, agus níl amhras ar bith ann ach gur fhág Proinsias a mharc ar shaol na Gaeilge. D’fhág sé a mharc ar shaol na múinteoireachta chomh maith. Agus saol na cigireachta. Oide den chéad scoth a bhí ann nár spáráil é féin riamh. Ó thaobh shaol na Gaeilge de, feictear dom go mbeidh anailís á déanamh ar an marc sin sna blianta amach romhainn. B’fhéidir go bhfuil sé ar siúl cheana féin. Ní raibh Proinsias chomh gafa sin le saol na Gaeilge sna nóchaidí is a bhíodh sé roimhe sin. Ach dúinne a bhí, bhí sé mar sholas treorach againn i gcónaí. Cosúil leis an teach solais ar Chuan an Fhóid Duibh, bhí a sholas ar fáil dúinn i gcónaí. Bhí a sholas ag lonradh thart timpeall an chontae, agus níos faide i gcéin, agus tugadh le fios dúinn cá raibh na cúinní dubha, contúirteacha.

Chuaigh daoine áirithe, seachas mo mhuintir féin, i bhfeidhm go mór orm i m’óige agus sna blianta ina dhiaidh chomh maith. Duine acu sin ab ea Proinsias. Bhí sé go dona breoite le breis agus scór bliain anuas. Bhí an­áthas orm gur chaith mé cúpla nóiméad ina chuideachta sna laethanta deiridh. Tá sé beagnach dhá scór go leith bliain ó chuir mé aithne ar an bhfear seo don chéad uair, agus idir an dá linn is iomaí baint a bhí againn lena chéile. Chuaigh sé i bhfeidhm orm mar mhúinteoir meánscoile. Chuaigh sé i bhfeidhm orm mar chigire scoileanna. Ach thar rud ar bith eile, chuaigh sé i bhfeidhm orm mar Ghaeilgeoir, mar Chonraitheoir, mar fhear a bhí chun tosaigh i gcónaí i gcur chun cinn teanga agus cultúir.

Le cabhair na soilse sin, agus le cabhair na gcomharthaí ar rinne mé tagairt dóibh cheana, is iomaí uair a cuireadh ar bhóthar mo leasa mé. Fear léannta, foighneach, nua­ aimseartha ab ea é, lán le tírghrá agus grá teanga. Cé nach raibh mórán bainte aige le Gluaiseacht na Gaeilge sa Mhílaois nua, bhí tionchar láidir aige ar imeachtaí na Gluaiseachta. Fós chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar imeachtaí na Gaeilge agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ormsa.

Chuir sé le mo dhúil sa léann. Chuir sé le mo dhúil sa chultúr. Chuir sé le mo dhúil sa teanga. Chothaigh sé spiorad ionam. Chothaigh sé mórtas ionam. Chothaigh sé suim agus meas ionam ar shaibhreas teanga agus seanchais. Is dócha gur thuig sé gurbh fhurasta mé a mhealladh chun na Gaeilge agus go raibh an­ghrá agam don teanga agus an­mheas agam uirthi. Ach rinne sé cinnte de go raibh an meas agus an grá sin á chóthú.

Tháinig an Mhílaois nua agus fós bhí ulchabhán críonna ag coinneáil súil orainn. Agus is mar sin a lean sé chomh fada is a bhí ar a chumas. I mblianta tosaigh na Mílaoise nua ní raibh a shláinte chomh maith is a bhíodh, ach bhí a chríonnacht ag méadú. Cé gur chaith Proinsias hata na Gaeilge le bród agus le gradam, is iomaí hata eile a chaith sé chomh maith. Ba dheacair a chreidiúint go raibh ar a chumas an oiread sin hataí a chaitheamh. Agus ag an am céanna, peileadóir den scoth ab ea é a chaith geansaí Mhaigh Eo; fear reatha a bhí ag rith sna maratóin go raibh sé beagnach leathchéad bliain d’aois. É go maith ag an ngailf, gan trácht ar Scór.

Eisean a mheall isteach i nGluaiseacht na Gaeilge mé don chéad uair, agus a lán daoine eile mar mé. Bhí mórtas cine agus mórtas teanga cothaithe aige ionam sa seomra ranga agus nuair a tháinig an t­am chun mo pháirt a ghlacadh sa Ghluaiseacht bhíos lán toilteanach mo chuidse a dhéanamh agus táim fós.

Aisteoir a bhí ann. Bhí sé thar cionn mar Raifteirí i ndráma Chriostóir Uí Fhloinn. Is maith is cuimhin liom léiriú amháin i dtús na seachtóidí sa Damer i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ar fheabhas an oíche sin. Suas linn go Club an Chonartha ina dhiaidh. Bhíos im ábhar oide ag an am. Scríbhneoir ab ea é. Agus gabhann an liosta ar aghaidh is ar aghaidh. Rud ar bith a raibh sé páirteach ann thug sé céad faoin gcéad dó. B’shin Proinsias.

Bhí sé mar chomhartha bóthair againn sna seachtóidí. Thais­ peáin sé an bealach dúinn agus léirigh sé ceannródaíocht. Bhíomar óg ag an am, ach bhí seisean chun tosaigh i gcónaí agus chothaigh sé suáilcí teanga inár measc. Sheas sé an fód nuair ba ghá é a sheasamh. Bhí sé nua­aimseartha agus bhí nósanna nua­aimseartha aige. Ní duine é a lean an slua. Conraitheoir go smior ab ea é riamh ach ní hé sin le rá go raibh sé ar aon intinn le conraitheoirí i gcónaí. Ní raibh faitíos ná drogall ar bith air labhairt amach nuair nár aontaigh sé leo. B’é gnó an Chonartha, dar leis, ná cúrsaí teanga agus ar bhain léi. Chuir sé déistean air nuair nár chloígh siad leis an ngnó sin. Níor theastaigh uaidh go mbeadh an Conradh ag agóidíocht faoi ábhair eile. www.feasta.ie

Beidh saol na Gaeilge níos boichte gan é. Solas na bhFlaith­ eas dá anam síoraí agus go raibh leaba i measc na naomh aige. Faoi bhrat Mhuire a mhuintir i gcónaí.

— Máirtín G. Ó Maicín 16

Feasta, Samhain 2018


OÍCHE SHAMHNA le Seán Ó Farraigh Nuair a luaitear Oíche Shamhna san eang tíre seo, tagann an dúrud traidisiún isteach inár n­intinn ar an toirt. Tig linn cuimhneamh ar laethanta órga na hóige, puimcín scanrúil ar leac fuinneoige, muid ag tumadh ár n­aghaidh i mbabhlaí móra uisce ar son úill, agus ag spaisteoireacht linn ag cnagadh ar an iliomad doirse ar lorg rudaí deasa ónár gcomharsana. Ní bréag a rá gur bhain muid an­taitneamh as Oíche Shamhna nuair a bhí muid ní b’óige, ach cé go ndearna muid staidéar uirthi ag pointe inteacht ar an bhunscoil, ní foláir ceist a chur: an bhfuil fíorstair na féile iomráití seo ar eolas ag an aos óg, nó fiú ag daoine fásta, ar na saolta seo? Creid é nó ná creid, féile ársa Cheilteach is ea Oíche Shamhna, atá corradh agus 2,000 bliain d’aois. Anois, níl inti ach leithscéal chun gléasadh agus giota spraoi a bheith againn, ach lá den saol bhain feidhm thábhachtach léi. Ba ghnách leis na Ceiltigh ceiliúradh a dhéanamh ar an chéad lá de mhí na Samhna, in onóir na bliana nua, lá ar fágadh slán ag laethanta grianmhara brothallacha an tsamhraidh agus an fhómhair, sular tháinig an geimhreadh duairc conáilte isteach. Bhí ceiliúradh

na bliana nua ar cheann de phríomh­ fhéilte na gCeilteach, ach de réir an bhéaloidis agus an tseanchais, bhí an­tábhacht go deo leis an oíche roimhré fosta, Oíche Shamhna. B’oíche dhraíochtúil í Oíche Shamhna agus shíl na Ceiltigh gur briseadh na teorainneacha idir an saol seo agus an saol eile le linn na hoíche seo agus go raibh na mairbh in inmhe pilleadh ar an domhan arís fá choinne na hoíche seo amháin. Bíodh sin mar atá, daoine glice ab ea na mairbh, mar ghlac siad foirmeacha éagsúla chucu, cailleacha, taibhsí, cait dhubha, agus bhíodh drochimeacht fúthu, ag céasadh muintir an domhain seo i dtólamh. heapadh daoine go mbeadh siad slán ó na spioraid osnádúrtha seo dá dtiocfadh leo solas de chineál inteacht a dhéanamh. Is ón tuiscint seo a d’fhás an nós a bhaineann leis an tine chnámh, ceann de na traidisiúin is láidre atá againn go fóill. Chaití go leor rudaí i gcarn, ainmhithe san áireamh, agus chuirtí trí thine iad leis na spioraid a dhíbirt. Ar eagla na heagla, ghléas daoine suas fosta, sa dóigh is nach mbeadh an chuma chéanna orthu dá mbainfeadh na mairbh an saol seo amach. Uaidh seo a tháinig nós na bréigéide. Ceiliúrtar Oíche Shamhna i dtíortha éagsúla i gcéin agus i gcóngar. Cé go

C

gcuireann gach tír béim inteacht ar nósanna áirithe, tá cúpla nós ann atá láidir i ngach áit: ‘Bob nó Bia’, mar shampla, nuair a théann na páistí thart ag cnagadh ar dhoirse timpeall na comharsanachta ar lorg milseán agus seacláide. Cuireadh tús leis an nós seo nuair a d’fhág na Ceiltigh bia amuigh do na spioraid chun iad a shásamh. Inniu, deir go leor daoine gur nós ciantréimhseach é seo agus nach bhfuil mórán de bhaint aige le traidisiún Oíche Shamhna, ach spreag rud éigin é mar nós, fiú muna bhfuil an ceangal sin soiléir níos mó. Tá traidisiún saibhir ag baint le hOíche Shamhna, agus urraim againn di. B’fhéidir gur i ngan fhios dúinn é, ach tá sean­nósanna na gCeilteach bríomhar go fóill agus muid ag ceiliúradh ar an 31 Deireadh Fómhair. Tá rian den sean agus den nua le feiceáil i gcás Oíche Shamhna, rud a thugann muinín dúinn go mbeidh sí láidir go ceann i bhfad.◊

Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí

DUAIS DE HÍDE 2019

Urraithe ag Conradh na Gaeilge Príomhchomórtas Filíochta na Gaeilge 1ú Duais 600. • 2ú Duais 400. • 3ú Duais 300 Táillí léitheoireachta de 200 le haghaidh an triúir eile ar an ngearrliosta Foilseofar na 6 dhán ón ngearrliosta ar: Duanaire Bhéal na mBuillí 2019 / Strokestown Anthology 2019

Dáta deiridh iontrála: 7 Nollaig 2018 Moltóir: Ceaití Ní Bheildiúin

Fógrófar an buaiteoir i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, ar an 4 Bealtaine 2019

Comórtas le haghaidh dánta i nGaeilge na hÉireann amháin é seo. Táille iontrála: 6 an dán Dánta 70 líne nó níos lú, nár foilsíodh cheana, atá de dhíth. IONTRÁIL AR LÍNE NÓ SA PHOST : STROKESTOWN POETRY, Sráid an Bhábhúin / Bawn Street, Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin. T: 00 353 71 9633759 (10 a.m. ­ 1.00 p.m.) Rp: office@strokestownpoetry.org https://www.strokestownpoetry.org/duais­de­hide­2019/

www.feasta.ie

17

Feasta, Samhain 2018


DIALANN DÚLRA

leo gur i bpéirí dílse a fheictear go hiondúil iad.

le Séamus Ó Máille

Ba léir go raibh nead folaithe sa bhfál acu i lár Lúnasa. D’fhanadh éan acu ar an tsreang leictreach os cionn an fháil mar a raibh radharc aige, nó aici, ar gach duine agus ainmhí a thiocfadh an treo. Ligeas dóibh gan cur isteach orthu a bheag nó a mhór, agus suaimhneas an ghoir le brath uathu go dtí an mhaidin úd a bhfaca mé na cléití ar fud an bhaill.

Samhain 2018 ‘Seabhac ar chrann, cú i ngleann agus súil cailín i lár cruinnithe.’ Cé gur mó linn na hiontaisí i gcéin, tá na hiontaisí i mbéal an dorais inchurtha leo, is gan adharc fhada le maíomh ag neach acu. Seo thíos eachtra beag a tharla dom féin a léireoidh fírinne an ráitis:

T

amall gearr ó shin, agus mé ar sciurdadh go bothán na móna, d’eitil spioróg tharam chomh réidh neamhchúiseach is dá mba leis féin amháin an ball seo. Ainneoin gur fhógair londubh sna driseacha don éan­ laith máguaird go raibh namhaid ina measc, lean sí den eitilt gur thuirling ar chraobh tríocha troigh uaim nó mar sin.

Fianaise léir a bhí sna cleití seo gur tharla sléacht nó marú. An nós atá ag an spioróg ná a chuid éadála a thabhairt leis go ball éigin ciúin, áit a gcuireann sé chun oibre, go háirithe ar na cleití a bhaint, go dtí go mbíonn réimse glan den bh­ An Colúr Coille / feoil réidh le n­ithe Colm Coille aige.

D’fhan sí ar an gcraobh go neamheaglach romham agus stán go diongbháilte orm fad a bhíos féin á breathnú: an gob cuarach a stracfadh stialla feola d’éan eile, na cosa crúb­ingneacha a raghadh go smior i mbeo éinín. Stán an creachadóir orm go dána dásachtach ionann is a rá liom, ‘ní bhainim le daoine … fan uaim.’ Mhair an choimhlint súl idir duine agus éan ar feadh fiche soicind gur imigh sé leis ar thóir goblaigh i mball éigin eile. An Spioróg

An Fearán Baicdhubh

Más amhlaidh a tharla sa ghairdín againne, bhí breall orm féin ag ceapadh gur tearmann slán a bhí ann do lucht na gcleití.

Is é sainseift an tseabhaic seo ná go n­imíonn sé den eite, cois fáil nó i lár bóthair agus scata éan á thionlacan, gleo agus raic ar siúl acu, ag iar­ raidh an ruaig a chur air. Ligeann an spioróg leo, mar dhea, ach laistigh de leathshoicind, ionramhálann sé a chabhail is a ghéaga i malairt treo go n­imíonn sé uathu gan stró.

Na blianta ó shin crá croí a bhí sa spioróg do bhean a’ tí a mbíodh ál sicín ar fud clós na feirme aici, na sicíní ag dul i méid ó ló go ló go dtí go scinneadh an spioróg thar an bhfalla anuas orthu, agus i bpreab na súl, sicín eidreorach sciobtha aige. D’fhilleadh sé i gceann cúpla lá chun an beart céanna a chur i gcrích arís, mura mbeadh straitéis éigin ag bean an tí chun é a chur dá threoir.

Ala an mharaithe atá anseo mar is trí mhuinín na seifte seo a thagann sé ar éin a samhlaítear dóibh nach baol dóibh. Agus ar ala na huaire seo, músclaíodh cuimhne ionam féin, go mba ghearr roimhe sin go bhfacas féin cleití bainte faoin gcraobh seo díreach, craobh an mharaithe tráth a raibh dhá fhearán bhaicdhubha i mbun nide sa bhfál.

N’fheadar an ceart ‘iontaisí’ a thabhairt ar a leithéid? Neacha beaga ag caitheamh a saoil de réir a ndúchais, an bheatha á chaomhnú agus an bás á sheachaint acu, ach gan beatha ag neach, mura bhfuil neach eile á choscairt. GLUAIS • Spioróg: Sparrow hawk • Fearán baicdhubh: Collared dove • Colúr / Colm Coille : Columba Palumbus : Wood­Pigeon

Tá gaol gairid ag an bhfearán seo leis an gcolúr coille, é díreach chomh scáthmhar leis ach gan leath den toirt ann; dath bándonn ar a eití, agus an sainmharc, dhá bhaic dhubha ar dhá thaobh a mhuiníl. Éan iontach séimh é, agus gan de ghlór aige ach míog ghearr neamhcheolmhar ná scanródh luichín fiú. Thart ar an mbliain 1959 a lonnaigh an speiceas seo don chéad uair in iarthar na hEorpa. Ón Tuirc anoir a thángadar chugainn. I gceann na mblianta, chuaigh siad i líonmhaire i ngach ceann de chúigí na hÉireann. Tréith eile a bhaineann www.feasta.ie

18

Feasta, Samhain 2018


WWW.COISCEIM.IE

Orduithe ar líne: www.litriocht.com & www.cnag.ie/siopa

• An Café Liteartha, Sráid na Dadhgaide, Daingean Uí Chúis. Fón: 066 915 2204 • An Ceathrú Póilí, 216 Br. na bhFál, Béal Feirste, Co. Aontroma. Fón: 048 90322 811 www.anceathrupoili.com • An Siopa Leabhar, 6 Sr. Fhearchair, Báile Átha Cliath 2. Fón: 01 4783 814 www.feasta.ie 19 Feasta, Samhain 2018 www.cnagsiopa.com



Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.