Nollaig 2013
• Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh • Mac na hEabhraí le Breandán Ó Doibhlin faoi chaibidil ag Alan Titley • Deireadh mhaolú na Gaeilge san AE? le Pádraig B. Ó Laighin • An gearrscannán ‘Oíche Nollag’ le Muiris Ó Meara • Íomhá chlúdaigh: ‘Glasóga’ le Derry Shannon
€5
Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 12 ISSN 0014-8946
— Clár —
N
Eagarfhocal Nollaig 2013
ach mó bliain anois ó bhí aon dea-scéala againn agus an Nollaig ag druidim linn. Táimid fós ag strácáil leis an gcúlú eacnamaíoch, agus in ainneoin mhaíomh an rialtais go bhfuil ár gcúrsaí feabhsaithe agus sinn ag teacht slán ó chrúcaí na Triúrachta, ní léir don gháthdhuine go bhfuil aon fheabhas mór ar a shaol féin, agus a fhianaise san ann ar shála cruabhuiséid eile. Mair a chapaill agus gheobhair féar. I gcás na Gaelainne bhíomair anseo bliain ó shin go díreach ag tagairt dó ráitis an Choimisinéara Teanga agus é ag léiriú a imní faoi staid na teanga sa tseirbhís phoiblí. Bliain dar gcionn tá sé ar an bport céanna ach, más aon ní, go bhfuil a ghuth ag dul i ngéire. Tá sé le brath le déanaí go bhfuil sé in amhras go bhfuil sé ag dul i bhfeidhm ar na húdaráis nó go bhfuiltear ag tabhairt aon tor air. Anois, léiríonn sé dúinn nach leor ar aon bhealach cur chuige an rialtais chun dul i ngleic le míchumas na státseirbhíse gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge. Gan amhras is ábhar imní dúinn dearcadh seo an Choimisinéara. Is ar éigean go bhféadfaí a rá faoi gur fear scaoill nó scéine é. Níor chuir an cineál ionramhála nó go deimhin an fealladh a tharla i 1974, ag rialtas agus ag státseirbhísigh, lena dhóchas maidir le deaintinn an dá dhream. Is léir nach bhfuil sé ar a shuaimhneas go bhfuiltear dáiríre faoina bhfuil beartaithe chun dul i ngleic le heaspa Gaeilge na státseirbhíseach. Go deimhin tuarann sé gur ‘teip thubaisteach’ a bheidh sa chóras nua. Níor mhiste, b’fhéidir, a choinneáil in aigne maidir leis an dallamullóg a bhí i gceist i 1974 nárbh iad na polaiteoirí ba mheasa. Luaigh siadsan a n-imní faoina raibh beartaithe. Níorbh amhlaidh do na státseirbhísigh. Bíodh gurbh eol dóibh an dochar a bhí i gceist don teanga, ba bheag ba chás leo é. Tá an cheist seo tábhachtach agus an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge curtha faoi chúram na státseirbhíse. An féidir brath orthu, nó ar a ndea-intinn? Dódh cheana sinn. Bhí uachtarán Chonradh na Gaeilge leis ag léiriú a mhí-shástachta lena raibh beartaithe ag an rialtas. B’aisteach mura mbeadh. Nach mbeimid i ngiorracht bliana do chomóradh céid an Éiri Amach i 1916. Cad a spreag é sin, nó cén fáth nár chloíomar le Home Rule? Ba é dearcadh an Chonartha nár leor athrú rialtais amháin, nó ár mbratach féin a bheith ar crochadh os cionn Chaisleán Átha Cliath. Is ceist thábhachtach thráthúil í seo agus sinn ag druidim leis an gcomóradh céid. Níl claontacht d’aon chineál i gceist nó bagairt nó fábhar d’aon aicme nó aon dream. Is ceist í a bhaineann lenár saíocht agus ár gcultúr, agus an luach a bhaineann le teanga ársa i saol aon náisiúin. Ba mhór an ní é sin a chur ina luí arís ar ár bpolaiteoirí.◊
www.feasta.ie
3
• Eagarfhocal: An státseirbhís agus an teanga .............. 3 • Smaointe Polaitíochta: Sásta go maith? le Seán Ó Loingsigh .................................................................... 4 •Fear Charracháin, i ndilchuimhne ar Mhicí Dainín Ó Sé, le Mícheál de Mórdha; Tír na nÓg agus Renoir, dánta le Seán Ó Leocháin ..................................................... 6 • An Bóthar cois na hAbhann, gearrscéal le Pádraig G. Ó Laighin ........................................................................ 7 • Anois an t-am chun deireadh mhaolú na Gaeilge san AE a lorg, le Pádraig B. Ó Laighin .................................... 9 • Lámh Dhearg Abú? Aindrias Ó Cathasaigh ................ 12 • Anseo agus Ansiúd ............................................ 13 & 16 • Mac na hEabhraí le Breandán Ó Doibhlin faoi chaibidil ag Alan Titley ............................................................. 14 • Arbh Fhiú an Braon Allais? An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus an Próiseas Pleanála Teanga faoi anailís ag Donncha Ó hÉallaithe ........................................... 17 • Sleachta as na Síscéalta Saofa de réir an Toitlaoigh: Rabhadh Dánta le Alan Titley á sheoladh ag Tadhg Ó Dúshláine ................................................................... 21 • Ekphrasis? Léargas ar an ngearrscannán ‘Oíche Nollag’ le Muiris Ó Meara ..................................................... 23 • Eiléan Ní Chuilleanáin a sheol Ó Choill go Barr Ghéaráin le Somhairle MacGill-Eain, leagan Gaeilge le Paddy Bushe ........................................................................25 • Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa ........................... 26 © Feasta agus na Scríbhneoirí • Clúdach: ‘Glasóga / Wagtails’ le Derry Shannon ón Taispeántas, 3 – 24 Nollaig, ag Gailearaí Frank Lewis, Lána na Smachtlainne, Cill Airne, Co. Chiarraí. F: 353 (0)64 6631108 Rp: flewispr@guidekillarney.com
Reiviú den Smaointeachas Éireannach litríocht, eolaíocht, polaitíocht • Feasta tríd an bpost! 12 eagrán tríd an bpost ar €75 (€100 lasmuigh den eoraip) Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí. 353-(0)87-2421267 Suíomh idirlín: www.feasta.ie
• eagarthóir Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire. Fón: 353-(0)66-7124169. Ríomhphost: feasta@eircom.net
• Foilsitheoirí CoNRADh NA GAeiLGe Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áit san iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.
Feasta, Nollaig 2013
Tá mórathrú ag tarlú sa tuairimíocht i measc saineolaithe sa gheilleagar le tamall.
B
hí sé suimiúil go raibh an eacnamaí clúiteach Meiriceánach Joseph Stiglitz ar cuairt chugainn le déanaí agus é ag caint le maithe léannta ollscoile i mBaile Átha Cliath. Bhain an tsuim le tráthúlacht na hócáide agus sinn díreach ar ti ár gcosa a thabhairt linn ón Triúracht úd a bhí ag coinneáil géarshúil ar ár gcúrsaí eacnamaíocha na blianta déanacha seo. Ní tráthúil, ach míthráthúil, a shíl an tAire Airgeadais a bhí an chuairt, de réir mar a bhí le rá aige nuair a cuireadh agallamh teilifíse air. Gan amhras is beag a aontaíonn Stiglitz le cur chuige an Aontais Eorpaigh, agus na Triúrachta go háirithe, agus iad ag dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíoch. Ina shúile siúd tubaist go huile ba ea an polasaí déineachta úd a bhí i bhfeidhm anseo ó tháinig an rialtas seo i gcumhacht, agus go deimhin ag an rialtas a bhí i gceannas rompu. Ach i súile an Aire, ba ghaisce a bhí déanta aige ag fágáil slán leis an Triúracht chéanna. Cad a bhí leithéid Stiglitz ag déanamh ag baint óna ghlóir! Ach san am céanna, níl aon amhras ná go bhfuil mórathrú ag tarlú sa tuairimíocht i measc saineolaithe sa gheilleagar le tamall anuas. Is cinnte go bhfuil níos mó díobh in amhras faoi éifeacht an pholasaí déineachta chun dul i bhfeidhm ar an gcúlú san eacnamaíocht. Conas is féidir don eacnamaíocht téarnamh in éagmais aon bhorradh? Níl áit is mó a bhfuil an argóint seo ar siúl faoi láthair ná san Aontas Eorpach. Fiú go bhfuil uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh, Mario Draghi, gafa ann, rud atá aisteach go leor agus sinn ag meabhrú ar chomh docht is a bhí an fear a bhí sa phost roimis, Jean-Claude Trichet, faoin gceist chéanna. Tá, gan amhras, an t-athrú seo, más sin atá ann nó a bheidh ann, tagtha ródhéanach dúinne anseo in Éirinn. Fiú anois má athraíonn an port, agus má ghlacann an Banc Ceannais Eorpach freagracht éigin as fiacha bainc na mballtíortha éagsúla ar ball, mar a táthar ag tuar, ní cosúil go mbeidh aon éifeacht aige sin anseo, ná go ndéanfar aon chúiteamh linn maidir leis na suimeanna ollmhóra atá caite leis na bainc cheana féin. Ach, ar ndóigh, nach Eorpaigh mhaithe sinn, agus nach leor www.feasta.ie
Smaointe Polaitíochta
cainníochtúil úd, ná aon gheáitsíocht dá leithéid a thagann i gcabhair ar fhadhbanna airgid i dtíortha eile an Aontais. Go dtí seo bhíothas ag feitheamh go mbeadh an t-olltoghchán thart sula dtarlódh aon bhogadh; anois deirtear go nglacann na Gearmánaigh féin leis go bhfuil an bogadh ag tarlú, ach go gcaithfear feitheamh go mbíonn an rialtas nua bunaithe. Ní hé nach dtuigtear go coitianta don dearcadh seo ag rialtas agus pobal na Gearmáine agus na cúiseanna stairiúla atá mar bhonn leis, ach i gcomhthéacs an Aontais ní féidir neamhaird iomlán a dhéanamh d’fhadhbanna na mballstát eile. Is fíor go bhfuil an saol athraithe ó cheangail an tír seo leis an gComphobal Eorpach i 1973. Ní hionann an tAontas Eorpach inniu agus an Comhphobal ar chuamar i bpáirt chomh fonnmhar ann an bhliain sin.
Seán Ó Loingsigh Ní hionadh go mbeifí ag baint oiread buntáiste polaitíochta agus a b’fhéidir as an ócáid. de chúiteamh é sin dúinn! Nach fearr é sin ná aon airgead sa bhanc? Is minic tagairt déanta do fhorlámhas na Gearmáine i gcúrsaí an Aontais, ach ba dhóigh leat go raibh sé thar fóir ar fad faoi láthair. Níl aon rialtas acu sa tír sin ó bhí olltoghchán acu agus ní bheidh, is cosúil, ar feadh roinnt míosa eile, ach is cuma é sin, mar oibríonn an córas go breá. Go deimhin ba dhóigh leat gur mó sinne ag brath ar pé ní a bheartaíonn a rialtas siúd ná iad féin. An aontóidh siad leis seo siúd nó eile? Tá forlámhas seo na Gearmáine ina ábhar buartha lasmuigh agus laistigh den Aontas. I gcúrsaí eacnamaíocha caithfear gach ní a chur in oiriúint don gheilleagar Gearmánach, agus i ndáiríre tá oiread tairbhe bainte ag an tír sin cheana féin as a mballraíocht agus atá ag tír ar bith eile. Ach ní lú leo an sioc samhraidh ná an boilsciú ná an t-éascú 4
Bhí sé de nós againn anseo a bheith gearánach faoin gclaonadh i dtreo stát feidearálach Eorpach. Is dócha go bhfuil an baol sin ann i gcónaí, ach is féidir go bhfuil forlámhas seo na Gearmáine faoi láthair chomh baolach céanna. Tá amhras ann anois an bhfuil pobal na tíre seo chomh mór i bhfábhar an Aontais agus a bhíodh. Conas mar a tharlódh dá mbeadh ceann de na reifrinn againn a bhíodh chomh coitianta sin gach uair a thagadh conradh éigin i gceist. Is féidir a bheith cinnte gur fada an lá sula dtarlóidh a leithéid de reifreann arís!
C
hun filleadh ar Bhaile Átha Cliath agus lúcháir an Rialtais ag fágáil slán ag an Triúracht dóibh, ní hionadh go mbeifí ag baint oiread buntáiste polaitíochta agus a b’fhéidir as an ócáid. Níor mhiste dúinn a choinneáil ar aigne, cosúil le Gerry Adams agus an IRA tráth, nach bhfuil siad bailithe leo ar fad. In áit a bheith ag filleadh orainn ceithre huaire in aghaidh na bliana, ní bheidh siad ag teacht chugainn, chun a súile a choinneáil orainn, ach dhá uair sa bhliain, go dtí go mbíonn ár bhfiacha glanta againn faoi cheann fiche bliain nó pé fad a thógann sé sin. Is cosúil gur scéal thairis a bhí sa mhionchonspóid faoi líne creidmheasa a bheith curtha in áirithe agus sinn ag tabhairt na gcosa linn ó ghrinnscrúdú na Triúrachta. Nílimid chun bacadh leis. Feasta, Nollaig 2013
is beag fiosrú a deineadh fúthu ná níor deineadh aon ghearán fúthu anseo ó dheas… Ní heol go bhfuiltear róbhuartha faoi, pé san Eoraip nó sa bhaile, agus arís ní hionadh go mbeadh an Rialtas ag déanamh oiread laochais agus is féidir leo ina thaobh. Ach féach go bhfuil an éiginnteacht ann i gcónaí, an t-amhras faoin eacnamaíocht, ní i nÉirinn amháin ach lasmuigh sa domhan mór. Níltear cinnte faoi na bainc féin, tar éis an rírá ar fad, go bhfuil siad tagtha slán nó fiú nach bhfuil rud éigin faoi cheilt acu go fóill maidir lena gcuid fiacha. Beidh tástálacha struis á ndéanamh arís ag an mBanc Ceannais Eorpach an bhliain seo chugainn chun dea-stádas bhainc uile an Aontais a mheas. Féach conas mar a tharla le comhar creidmheasa sa Droichead Nua le cúpla seachtain anuas. Pé ní faoi bhainc, níor síleadh go raibh an drochghalar imithe chomh fada leosan. Ach ag tagairt níos luaithe don saol a bheith athraithe maidir leis an Aontas Eorpach, féach go bhfuil go leor nach bhfuil athraithe ar aon chor. D’ainneoin na géarchéime eacnamaíche, agus an geilleagar in go leor tíortha a bheith curtha droim ar ais, fós níl aon chur isteach ar an gcóras féin. Tá na margaí airgeadais fós in uachtar, baincéiri agus corparáidí airgeadais agus comhlachtaí rátála creidmheasa fós faoi ghradam, dá mhéid a gciontacht sa tubaist a tharla. Gan amhras tá breis bheag maoirseachta i gceist, ach gan dul thar
fóir leis ar eagla go gcuirfí as don dream sin a luadh. Lena gceart a thabhairt do na Gearmánaigh, a rabhamar chomh gearánach fúthu, is iad is lú a ghéill do thiorántacht seo lucht an mhargaidh.
A
nseo sa bhaile, táimid anois sa dara leath de théarma oifige an rialtais seo, agua níor mhiste sracfhéachaint a thabhairt ar conas mar atá sa saol polaitíochta, ach go háirithe conas a sheasann na páirtithe éagsúla i nDáil Éireann. Roimhe sin, ar ndóigh, caithfear aghaidh a thabhairt ar thoghcháin áitiúla agus ar thoghcháin an Aontais, bíodh nach i gcónaí a thugann siadsan aon treoir maidir le conas mar bheidh le holltoghchán. Tá páirtithe an rialtais sásta go maith, iad ag déanamh gairdis le chéile go bhfuil an tír tugtha slán acu ó dhianriail na Triúrachta. Bainfear oiread tairbhe pholaitiúil agus is féidir as san, ach is mó go mór an tairbhe a bhainfidh Fine Gael as. Síleann go leor sa Lucht Oibre gurb iad is mó atá thíos leis an bpolasaí déineachta atá i bhfeidhm ó bunaíodh an comhrialtas. Tá breis is dhá bhliain fágtha, agus dhá bhuiséad, chun dul i ngleic leis an tuairim sin. An bhfuil a bpeacaí maite d’Fhianna Fáil? Ní fios, ach tá siad in iomaíocht le Fine Gael arís chun ceannas a bhaint amach sna pobalbhreitheanna. Ach is aidhm dhaingean ag an gcomhrialtas nach ndéanfar dearmad ar 2008.
Vaimpír san Áiléar le Orna Ní Choileáin
Le déanaí, chomh maith, foilsíodh leabhar le Anne Cadwallader, a bhí tráth ina hiriseoir le RTÉ, a léiríonn an claonpháirteachas a tharla idir forsaí Stáit an Tuaiscirt ‘ag an leibhéal is airde’ agus iadsan a bhí gafa i ndúnmharú daoine neamhurchóideacha. Is beag fiosrú a deineadh fúthu ná níor deineadh aon ghearán fúthu anseo ó dheas. Ba bheag poiblíocht a fuair an leabhar ar an taobh seo den teorainn. Níltear in amhras faoin bhfírinne ina bhfuil le rá ag an údar. Níl amhras ach oiread ach gur ceadaithe páirtíocht Gerry Adams i gcogaíocht an Tuaiscirt a lua agus a cheistiú, ach tá taifeadadh neamhchlaonta na staire agus an chothromaíocht tábhachtach freisin, pé dream atá i gceist. Ba dheacair a rá nach bhfuil na prionsabail sin i mbaol faoi láthair. ◊
radharc, rudaí dána á ndéanamh ag Marius, mianta Mharius. Ach tá scéalta eile, a bhfuil a dtábhacht féin leo, sníomhtha go héifeachtach tríd an bpríomhscéal, scéal Gretchwein, scéal Dhainéil agus a mhianta páistiúla, agus scéal Mhargó Milanova agus a rúin. Déantar forbairt ar na príomhcharachtair de réir mar a bhíonn an scéal ag dul ar aghaidh i gcaoi is go gcuireann an léitheoir spéis iontu agus go bhfásann fonn air leanacht leis an léitheoireacht le fáil amach céard a tharlaíonn ag an deireadh. Tá an Ghaeilge sa leabhar soiléir, agus tá gluais bheag ceangailte sa leabhar mar a bheadh leabharmharc ann. Mheas mé go bhféadfadh an ghluais a bheith beagán níos cuimsithí, ó tharla go bhfuil líon áirithe focal nach bhfuil chomh coitianta sin anseo agus ansiúd tríd an téacs. Tá an cló breá mór, agus tá na caibidlí gairid, leagan amach a chabhraíonn leis an léitheoir óg. Buntáiste eile, go bhfuil go leor comhrá so-thuigthe síos tríd an leabhar. Tá greann ann, míthuiscintí, praiseach... agus uafás! ◊
168 leathanach, €8.00. Cois Life, 2013.
Léirmheas le Brian McNéill
Leabhar é seo, de réir an eolais ar an gclúdach, ‘Do dhaoine óga fásta (10-13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois!’ Tá an clúdach féin – obair de chuid Alan Keogh, é gorm, dubh agus bán, ar a bhfuil ialtóg a bhfuil cuma mhistéireach uirthi, ceamara gan phictiúr, agus réalta beaga bídeacha – tarraingteach. Scríbhneoir óg as iarthar Chorcaí í Orna. Tá duaiseanna Oireachtais agus eile bainte aici cheana féin, foilsíodh dhá leabhar léi roimhe seo, Ailfí agus an Vaimpír, úrscéal do dhaoine óga agus Canary Wharf, cnuasach deich ngearrscéal i nGaeilge do dhaoine fásta, leabhar a raibh an-ráchairt air. Baineann scéal an leabhair seo le buachaill darb ainm Ailfí agus le Vaimpír darb ainm Marius. Tá carachtair eile ann, Gretchwein, cailín a bhfuil fadhbanna aici agus a bhfuil mistéir ag baint léi, Margó Milanova, láithreoir teilifíse a bhfuil mistéir ag baint léi chomh maith, Dainéil, athair Ailfí, agus Tina, máthair Ailfí agus roinnt carachar eile. Tá an scéal bunaithe go príomha ar an gcaidreamh idir Ailfí agus Marius, deacrachtaí Ailfí le Marius, argóintí, Marius ag dul as
www.feasta.ie
Tá sé mar aidhm dhaingean ag gach páirtí eile nach ndéanfar dearmad ar pháirt Shinn Féin sa chogaíocht i dTuaisceart Éireann idir 1969 agus sos cogaidh na bparaimíleatach i 1994, agus déantar tagairt dó go rialta sa Dáil. Is aidhm leis ag na meáin chumarsáide ó dheas cuid de na heachtraí ba bhrúidiúla a chasadh le ceannaire Shinn Féin go pearsanta. Arís agus arís, deir sé féin nach raibh sé ina bhall den IRA. Is fánach an té a chreideann é. Bhí clár eile teilifíse ar RTÉ le déanaí ag díriú ar Adams agus cuid de na heachtraí ba mheasa.
5
Feasta, Nollaig 2013
Fear CharraCháin
TÍr na nÓG
i ndil chuimhne ar Mhicí Dainín Ó Sé, fear suilt Fonn: ‘Beauty Deas an Oileáin’ (an leagan mall)
le Seán Ó Leocháin
A Fhir Charracháin, is cás linn gur éalaigh tú uainn, Go Cathair na nGrást, mar a bhfuil agat Oireachtas buan, Is táimidne fágtha, tinn cráite, is lán go barra de bhuairt, Is tú luite i gCill Chuáin thuas, a fhir mhánla, is díth linn do shuan. Curfá A Mhicí Dainín, d’imís leat uainn-ne go brách, Chomh fada leis na Flaithis, taoí suite ansin ar stól ard, Is tá agat ann c’leachta, Up Kerry is Up Carrachán, Is timpeall ort tá an mathshlua, gan cíos oraibh, cathú ná cás. Is a fhir na n-amhrán is trua go bhfuil tost ort sa Chill, Mar is mó san scol breá a chuiris go rábach ded’ chroí Ag mórán comhthalán is ag ócáidí breá’ lán de spraoi, Is a raibh ann i láthair faoi gheasa agat is faoi dhraíocht. — Curfá Is a fhir an bhosca ceoil ba mhaith mar a sheinnfeá an ríl, An port seite is an cor, le do mhéara do chuiris-se díot Le binneas, le rithim, le preab, le neart is le spraoi, Is le crú an chnaipe bháin is tú ag tál orainn Waltz Tenessee. — Curfá Is a fhir na leabhar mbreá ba mhaith tú chun na scéalta a scríobh, Ón chéad lá riamh do chuiris do pheann i mbun gnímh, Do bhís gach aon tráth ag cardáil na línte, is á sníomh, Rud a dheinis gan cháim, mar gur thugais dúinn sár-litríocht. — Curfá Is a fhir na filíochta do thugais dúinn véarsaí agus dáin, Ag cur síos ar d’aistir, ón chéad lá a d’fhágais Carrachán, Do thráchtais ar uaigneas, ar bhuaireamh is ar a’ gcruachás, Is fós ar an áthas, ar a’ mbreáthacht is gan dabht a’ rangás. — Curfá Is a rí na c’leachtan do bhí trácht ort ins gach ball den dtír Is aithne fhairsing ón nDaingean ort go Donncha Dí Ó Thoraí i lár mara go dtí na Déisibh geal’ úd thíos Is as sin abhaile go dtí goirt ghlasa Bhaile Ghainín. — Curfá Is a fhir sin na n-aistear, do chuais ar bord an bháid bháin, Sall leat go Sasana, chun go mbeadh agat saol níos fearr, As sin go hUncle Sam leat, mar ar casadh ort do mhór-ghrá, Gur thugais Cáit leat abhaile, is go thógabhair anseo bhúr n-ál. — Curfá Is a fhir leoraí an bhainne, ba bhuíoch duit iad lucht na gcaipín’, A tharraing chugat an bainne, is a thugais leat uathu arís, Ar bhóithre, is trí bhailte, is ar na céadta cúrsaí, Ó bhfada é d’aistear, ag gabháil duit ó thuaidh trí Thrá Lí. — Curfá Is a fhir an Oireachtais, is ortsa a bhí cliú agus cáil, I measc an lucht freastail, a thagann ann ós gach aon aird, Is tú sáite ’na measc ann, is an chraic agat á thiomáint, Fear i measc na bhfear ann, is ná fágaimis uainn iad na mná! — Curfá Is dá mbeinn anseo go maidin, ní bheadh deireadh agam le rá, Mar ba tú cara na gcarad, is gan do leithéid ann le fáil, Seo slán leat a ghaiscígh, is tarraing anseo chugam an cháirt, Is beannacht Dé le d’anam, go mbeimid arís leat i bpáirt. Curfá A Mhicí Dainín, d’imís leat uainn-ne go brách, …. Mícheál de Mórdha, Deireadh Fómhair 2013 www.feasta.ie
6
Ní ghlaoim isteach níos mó orthu ní mó a chuirim an ruaig orthu ná a sméidim orthu ón doras ná a bhagraím orthu ón bhfuinneog. Ní chuireann siad isteach níos mó orm ná na cluichí callánacha a bhí acu, mo chlann féin ná clann na gcomharsan ná an chuid a tháinig níos faide ag tabhairt dhúshlán a chéile. Ní choinníonn siad ó chodladh na hoíche mé, ag sioscadh le chéile faoin lampa ná ag sáraíocht ar a chéile ar an tsráid. Mholamar an óige agus thugamar a gceart dóibh níor chuireamar riamh ó dhoras iad ach rinneamar rud níos measa: ligeamar uainn ar fad iad, gan comhairle ní b'fhearr againn dóibh ná an chomhairle a bhí acu dá chéile, comhairle a fhilleann ina casaoid agus a chloisim acu trí mo chodladh, mo chlann féin is clann mo chlainne, iad chugam ar uair an mheán oíche: seo í tír na sean, nó tír na n-óg a d'éirigh sean roimh aois.
renOir Ach feictear dom ina dhiaidh sin gur chuir mé mo lá amú, nach raibh ann ach cur i gcéill, gan sa ghnó ar fad ach maisiú ar an saol beag leamh laethúil. Agus an rud a bhí beag, bhí sé beag i gcónaí, iad ag rá gur mór an trua gan ábhar níos substaintiúla a bheith agam, ceann de na téamaí móra – ábhar ab oiriúnaí i bhfad le scóip a thabhairt dom féin is pé mianach atá ionam a thástáil. Ach an áilleacht nach raibh ann gur lig mé di bheith ann, níl déanamh dá huireasa acu, feiceáil nach feiceáil ach aontú leis an radharc laethúil comónta, an lámh ag coinneáil leis an tsúil is ag iarraidh dul níos faide ach nach féidir liom ligean di gan na ceangail atá orm a shárú gan de fhreagra ach breith ar an scuab is dlús a chur leis an obair ach an lá amú ar fad orm mura bhfeicim ach a bhfeiceann an tsúil.
— Seán Ó Leocháin Feasta, Nollaig 2013
An Bóthar cois na hAbhann Scéal le Pádraig G. Ó Laighin
S
eo chugam arís é: garbhcheol an mhileoidin agus guth láidir an amhránaí sráide. Meallann an ceol mé. Ar dtús níl ach nótaí maise á seoladh chugam i leith trasna na sráide cathrach. Deacair a dhéanamh amach cá háit as a bhfuil ag teacht, ach tá a fhios agam go maith gur chuala mé an fonn sin áit éigin cheana mar a bheadh cuimhne fann ann as an anallód, snáth roiste éigin smaointe. De réir a chéile is féidir liom na nótaí creathánacha a shuíomh níos fearr, nótaí ag agairt orm ó na blianta i gcéin. Ach tá sé níos deacra fós ainm a chur ar an bhfonn sin, a shileann ar an aer agus a dhruideann chugam trí lánaí casta cathrach. Ba chóir go n-aithneoinn é mar amhrán. Go tobann, tá sé ar fáil agam, an uile nóta gutha de snaidhmthe ag piachán an mhileoidin: tá fócas faighte agam ar an bhfear siúil cois cúinne na sráide, ‘… the road by the river/ that flows through Raheen.’ Tá doicheall air blas an nóiméid choscraigh a scaoileadh uaidh. Ní fhéadaim gan éisteacht leis…. Cuimhním ar neomat tochtmhar, i measc chuimhní na mblianta, mar a raibh an fonn áirithe sin lonnaithe. Nach deacair dom an neomat agus an port a tharraingt le chéile… ——◊—— Ní mórán airde a bhí tugtha agam ar an bhfear úd fadó. Aon uair a chuaigh mé isteach i dTábhairne Uí Dhroighneáin, chonac é ag léamh na sean-nuachtán ann agus é ag ithe na gceapairí a tugadh dó le teann carthannachta. Tharla nár bhraitheas tréith ar bith neamhchoitianta ann. Tar éis an tsaoil, ní raibh ann ach seanfhear ag scuabadh trína smaointí fánacha. Níor léir dom ach gur ghlac na custaiméirí eile leis gur thaistealaí é a d’fheictí ann ó am go ham. Tuigeann sibh go mbíonn blas faoi leith ag baint leis an bpionta, nuair a bhíonn atmaisféar áirithe ag gabháil leis an mbeár, agus ba thráthnóna atmaisféarach an tráthnóna faoi leith a ghabh mé isteach i mbeár Uí Dhroighneáin. Súlach óir ab ea an solas a bhí ag titim isteach sna cúil dhorcha, na gathanna www.feasta.ie
triaclacha ag gearradh fíochán solais ar an urlár deannaigh úd, ag srónaíl thart sna hascaillí iargúlta agus i gcatacómaí na gcailleach inar léir fíoracha leathaithinte a bheith ina suí. Tostanna fonnmhara i réim os cionn na gnáthghlagaireachta, agus spadántacht ar an deisbhéalaí. Gan tada ag cur isteach ar iomlán na marbhántachta ná ar an suaimhneas san áit. Tharraing an Dálach súil ghéar bhaisileascach Uí Dhroighneáin i dtreo na gloine foilmhe ina láimh, agus tosaíodh ar an bpionta a líonadh gan oiread is focal as éinne. ‘Leanfaidh sé…, leanfaidh an aimsir, a deirim,’ arsa an Dálach, amhail is gur ag gabháil leithscéil a bhí sé as briseadh isteach ar an suaimhneas. ‘Mar sin fhéin, d’oirfeadh an braoinín báistí don talamh,’ lean sé air, ag iarraidh a bheith cothrom géarchúiseach, bíodh is nach raibh tnúth aige le freagra ar bith. ‘Siúráilte’, agus d’imigh an comhluadar le tost athuair, a thúisce is a bhí an babhta cainte sin curtha de. Buillí an chloig ar an bhfalla laistiar de na buidéil fuiscí, tomhas á dhéanamh ar fhrithchuisle na hArcáide suaimhní… Bhí mé tosnaithe ar iniúchadh a dhéanamh ar na leabhair orduithe a bhí tógtha isteach agam, ag iarraidh teacht ar chinneadh faoi na cuairteanna a b’fhearr a dhéanamh roimh dheireadh an lae, agus ar na siopaí a d’fhéadfainn a chur ar athló go dtí an lá dar gcionn. Ní fhéadfainn na siopaí éadaigh i Sráid an Mhuilinn a ligint i bhfaillí; bhíodar go maith chun na cornáin cadáis a ordú, agus bhí sé d’iachall orm glaoch ar Shiopa Uí Raghallaigh sa tSráid Uachtarach ar eagla go gcuirfeadh siad gearán isteach, bíodh is gur beag ar fad a cheannaídís san lá ar bith. Bhí ar mo chumas cúléisteacht ar Mhac Oireachtaigh sa chúlráid, tráth ar chuir sé a ladhar isteach sa suaimhneas: ‘B’fhéidir go dtiocfaidh feabhas ar phraghasanna na n-uascán an tseachtain seo, anois go bhfuil díluacháil ar an bpunt glas, measann sibh?’ 7
Agus chuala freagra gonta Uí Bhroin air: ‘Tá gá leis an bhfeabhas ceart go leor.’ B’shin an uair a tháinig línte ciúine an amhráin ón seanfhear sa chúinne, é ag canadh dó féin, agus chaithfeá a rá go bhfanfá ag éisteacht leis: bhí guth chun bailéid an-mhaith aige. Níor casadh cloigeann ina threo, ach mar sin fhéin, ba léir an aon-tuiscint a bheith ag gach éinne dó, iad uilig faoi chiúnas a smaointí féin: cuimhní inmheánacha na bhfear cruinnithe aige, iad snaidhmthe aige in aon aisling amháin. Níor tugadh aird dá laghad air go dtí seo, fad a bhí sé ag gabháil do na páipéir nuachta. B’fhada na ceapairí ite aige, agus an páipéar orthu curtha i leataobh go néata, nod go raibh sé de nós aige a bheith dea-riartha béasach ann féin, pé áit as a dtáinig sé. Mar a dúrt, ní raibh ceann ar bith casta ina threo as caidéis nó mífhoighne fad a rinne sé crónán leis féin. Ag canadh os íseal a bhí sé, amhail is go raibh athshondas speisialta i ngach aon nóta a tháinig chuige, pléisiúr áirithe ag teacht chun cinn san oiread logainm ar dhein sé portaireacht orthu, é ag gabháil go héasca ó ‘all alone, all alone, on the wave washed strand’ de Shliabh na mBan go dtí na seanvéarsaí: ‘that road by the river/ that flows through Raheen.’ ——◊—— Ar chúis nó ar chúis eile, níor tharla dom a bheith sa taobh sin tíre ag baint sásaimh as pionta i dTábhairne Uí Dhroighneáin go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Ní bhfuair aon radharc ar an seanfhear mar ba chuimhin liom é. An aimsir a bheith imithe chun donais… gan atmaisféar ar bith san áit a mheallfadh nótaí órdha ceoil go cúil an tsuaimhnis. Tá’s ag Dia nach mar an gcéanna a bhíonn rudaí riamh, cuma chomh mór is a theastaíonn uainn an neomat faoi leith a reo. Bíonn comhábhar éigin in easnamh an dara huair, agus ar an ócáid seo ní raibh gath gréine ar bith ag gearradh gréas ar an urlár deannaigh, ná ag rince sna catacómaí iargúlta úd ina Feasta, Nollaig 2013
raibh na pinsinéirí ag diúgadh neomataí tuirseacha an lae. Chuir mé tuairisc an tseanfhondúra ar an Droighneach féin. Ba léir dom fíor shlítheánta Uí Dhálaigh ag teacht chun an bheáir ar thóir athlán a ghloine. Chonacthas dom gur ag éirí níos triailí a bhí sé ina ladhar isteach in aon chomhrá is go mb’amhlaidh go raibh Mac Oireachtaigh freisin gan focal. ‘Abair liom,’ a d’fhiafraigh mé den Droighneach, ‘an bhfuil scéal ar bith ag gabháil leis an seanfhondúir sin a bhí ag canadh amhrán nuair a bhíos anseo cheana.’ Rinne sé a shúil a dhíriú orm agus fál mór a mhalaí a chreathadh amhail is go mb’aisteach an cheist, ach ó go mba chustaiméir rialta mé, ar bhealach, is é a rinne sé a scíth a ligint ar an gcuntar agus a raibh ar eolas aige a insint dom. ‘Táid ann a déarfadh gurb amhlaidh a chaith sé barraíocht dá shaol ar an bhfarraige, agus dála an scéil, luífeadh sin lena bheith feistithe go slachtmhar. Tá daoine eile ann a déarfadh gurb é an drochrath a bhuail é i gcúrsaí gnó nó clainne, agus gurbh shin a thug air a dhul ar na bóithribh. Duine gnaíúil é, de réir na dtuairiscí, a shanntaigh an comhluadar ó am go chéile, bíodh is go mb’fhearr leis fanacht socair.’ D’fhanas ciúin fad is a d’imigh Ó Droighneáin le pionta a líonadh. An gcloisfinn go deo arís na nótaí sin lán de sholas na gréine. Aisteach go leor,’ arsa Ó Droighneáin, ag filleadh chugam, ‘níor leag mé súil air a bheag ná a mhór ón uair cheana a bhí tú anseo linn.’ ——◊—— D’fhan cuimhne an tseanfhondúra agus an neomat suaite gréine agam go dtí an mhóimint láithreach seo, amhránaí sráide os mo chomhair amach ag múscailt na mblianta arís ionam, fonn á dhoirteadh thar shráideanna na cathrach aige, snáthanna na smaointe á scaoileadh aige. Agus mé ag caitheamh isteach sa chaipín ar an gcosán an t-airgead sin a íocann as scéal amhráin agus as fiúntas an cheoil araon, fiafraím de ar tháinig sé trasna riamh ar sheanfhondúir áirithe, amhránaí eile a raibh véarsaí mar iad aige. Sos beag a ghlacann sé lena rá liom: ‘Mhuise, chuireamar é, m’athair, geimhreadh nó dhó ó shin. Fuarthas le taobh na habhann é, ‘on the road by the river’.◊ www.feasta.ie
Anois an t-am chun deireadh mhaolú na Gaeilge san AE a lorg
T
Pádraig B. Ó Laighin
á maolú i bhfeidhm i leith na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. De réir an mhaolaithe sin, níl dualgas ar na hinstitiúidí Eorpacha na gníomhartha dlíthiúla ar fad a chur ar fáil i nGaeilge mar a dhéantar sna 23 theanga oifigiúla eile ar fad. Is gá leagan Gaeilge a bheith ann i gcás na Rialachán a thagann ón ngnáthnós imeachta reachtach, sé sin ón gComhairle agus ón bParlaimint ag feidhmiú as lámh a chéile. Ba é Rialtas na hÉireann a d’iarr sa chéad áit, sa bhliain 2004, ‘ar chúiseanna praiticiúla agus ar bhonn idirthréimhseach’ go mbeadh an maolú ann. Ba é Rialtas na hÉireann (an Rialtas deireanach) a d’iarr sa bhliain 2010 go ndéanfaí an maolú a fhadú ar feadh thréimhse cúig bliana eile, de bhrí go raibh, ina thuairim, ‘deacrachtaí ann fós maidir le leorlíon aistritheoirí, saineolaithe dlí/teanga, ateangairí agus cúntóirí Gaeilge a earcú’. Beidh feidhm ag an maolú reatha go dtí an 31 Nollaig 2016, ach braitheann cad a tharlóidh ina dhiaidh sin go príomha ar na cinntí a dhéanfaidh Rialtas na hÉireann anois. Tá rogha lom le déanamh aige, deireadh an mhaolaithe a lorg agus líon ard postanna a chruthú d’Éireannaigh le Gaeilge ar chostas an AE, nó fadú eile maolaithe a iarraidh agus neamhaird a thabhairt ar na himpleachtaí diúltacha a bhainfeadh leis sin don tír, do chéimithe oilte, agus do chúrsaí oiliúna atá á maoiniú ag an Stát.
chun deireadh an mhaolaithe a lorg, déanfar an maolú a athnuachan arís sa bhliain 2015, toisc go mbeidh deacrachtaí praiticiúla earcaíochta ann. Má chuireann siad in iúl go bhfuil sé i bhfách le fadú eile a iarraidh, beidh an toradh céanna air. Sa dá chás dhéanfaí dochar suntasach d’iarrachtaí an Stáit riachtanais earcaíochta institiúidí an AE a shásamh go fadtéarmach. Níl aon seasamh glactha ag institiúidí an AE, foirmiúil nó neamhfhoirmiúil, fabhrach nó neamhfhabhrach, maidir le fadú an mhaolaithe nó deireadh a chur leis. Tá siad ag feitheamh le fógra faoi intinn an Rialtais. D’infheistigh an Rialtas breis is €8 milliún chun cúrsaí a chur ar fáil a bhí dírithe ar riachtanais institiúidí an AE do chúntóirí, aistritheoirí, ateangairí, agus dlítheangeolaithe. Faoi dheireadh 2012, bhí 243 duine ann ar éirigh leo na cúrsaí seo a chríochnú go sásúil. Leanadh le cuid mhór de na cúrsaí seo sa bhliain 2013, agus maoiníodh cúrsaí nua atá ar siúl faoi láthair. I mo thuairim, d’éirigh agus tá ag éirí leis an infheistíocht seo linn earcaíochta de ghairmithe cáilithe a chur ar fáil atá dóthanach do thógáil an mhaolaithe ag deireadh 2016. Tá an méid seo á mhaíomh agam, cé go bhfuil eolas cruinn agam ar thorthaí an chomórtais d’aistritheoirí a reáchtáladh le déanaí. Tá éirithe thar barr le tionscadal GA IATE, maoinithe ag Rialtas na hÉireann tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus faoi stiúir Fiontar (OCBÁC) i gcomhar le hinstitiúidí an AE. As an 12 theanga a tugadh isteach mar theangacha oifigiúla de chuid an AE sna blianta 2004 agus 2007, faoin mbliain 2012 bhí an Ghaeilge (le breis is 50,000 téarma) sa dara háit i ndiaidh na Polainnise maidir le líon na dtéarmaí sa bhunachar IATE. Níl sé réasúnta a thuilleadh a áiteamh nach bhfuil soláthar dóthanach téarmaíochta i nGaeilge ann chun freastal ar riachtanais iarmhaolaithe.
Roimh dheireadh na bliana 2015, tar éis athbhreithniú foirmiúil, déanfaidh Comhairle an AE cinneadh maidir leis an maolú. Breis is bliain ó shin, thug an Chomhairle le fios don Rialtas gur mhian léi a fháil amach roimh dheireadh na bliana 2013 an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas deireadh an mhaolaithe a iarraidh ag an athbhreithniú foirmiúil. Tá an t-eolas seo ag teastáil ag an bpointe seo chun go mbeadh institiúidí an AE in ann na nósanna imeachta earcaíochta riachtanacha a chur ar siúl sa tslí is go mbeadh comórtais de chuid na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO) á seoladh faoi 2015. Tar éis pleanála, tógann próiseas na gcomórtas seo breis is bliain ó thús go deireadh, agus má tá an maolú le tógáil, is gá do na hinstitiúidí a bheith ullamh go hiomlán roimh Lá Caille 2017 ar a dhéanaí.
T
á mórchodanna den acquis communautaire ann nár aistríodh go Gaeilge. Ní constaic é seo. I mo thuairim, tuairim a n-aontaíonn Seirbhís Dlí na Comhairle léi, níl aon riachtanas dlíthiúil ann go ndéanfaí na codanna neamhaistrithe den acquis a aistriú go Gaeilge mar réamhchoinníoll do dheireadh a chur leis an maolú, ná mar réamhchoinníoll do bhunú seirbhís iomlán don Ghaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha ar an mbonn céanna leis na teangacha oifigiúla eile. D’fhéadfadh Rialtas na hÉireann, dá dtogródh sé, a thairiscint go n-aistreodh sé réimse caol de dhoiciméid thábhachtacha neamhaistrithe an acquis. Tá léirithe ag staidéar a rinne Fiontar, áfach, go bhfuil an mhórchuid den téarmaíocht a cruthaíodh i dtíortha a tháinig in aontachas leis an AE sna blianta 2004 agus 2007, i gcomhair ullmhúchán an acquis, bainte amach as bunachar IATE ó shin ar bhonn a neamhiontaofachta.
Cé gur gnó é seo a bhaineann go príomha le Roinn an Taoisigh, is eol dom go bhfuil an cheist á hiniúchadh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus go mbeidh tuairimí áirithe á gcur ag oifigigh na Roinne sin faoi bhráid an Rialtais. Ní léir dom go bhfuil seasamh phobal na Gaeilge á chur san áireamh san iniúchadh sin, ná fiú tuairimí na n-eagras Gaeilge, agus ní gá go mbeadh pé moladh a thabharfadh oifigigh na Roinne don Rialtas ag teacht le moltaí in aon tuarascálacha inmheánacha a réiteofaí ar an gceist. Dá bhrí sin, sílim gur cóir an t-ábhar seo a chur os comhair an phobail, agus é sin a dhéanamh go tráthúil sa tslí is nach mbeidh dallamullóg á chur ar éinne. Mura gcuireann an Rialtas in iúl do na hinstitiúidí Eorpacha anois go bhfuil sé www.feasta.ie
Is féidir, le pleanáil agus le bearta réamhghníomhacha, aon deacrachtaí praiticiúla atá fós ann a shárú laistigh de pharaiméadair reatha mhaoinithe. Cuimsíonn na trialacha iontrála do phostanna lánaimseartha an AE scileanna 9
Feasta, Nollaig 2013
mhaolaithe toil Rialtas na hÉireann, arna sonrú i Rialachán (CE) 920/2005 ón gComhairle, ‘go dtabharfaí an stádas céanna don Ghaeilge is a thugtar do theangacha náisiúnta oifigiúla na mBallstát eile’. Is cóir a mheabhrú freisin go mbíonn maoluithe sealadach, agus go bhféadfadh aon iarracht an ceann Gaeilge a fhadú thar dheich mbliana an leibhéal lamháltais do shealadacht a thugtar le tuiscint sa dlí-eolaíocht a shárú.
briathartha agus uimhriúla, réasúnaíocht theibí, agus eolas ar an dara agus ar an tríú teanga. Is gá féachaint chuige go gcuirfí oiliúint fhoirmiúil ar fáil a fhreagraíonn do na trialacha seo, go háirithe iad sin atá bunaithe ar na heolaíochtaí sóisialta agus ar mhodhanna cainníochtúla seachas ar chumas teanga. Ní gá go mbeadh ar chumas na múinteoirí aistriúcháin, dá fheabhas iad, an oiliúint shainiúil sin a chur ar fáil. Sa chomórtas deireanach d’aistritheoirí Gaeilge a reáchtáladh, theip ar mhóramh na n-iarrthóirí (83.5%) sna trialacha iontrála, agus dá dheasca sin dícháilíodh as an gcomórtas iad.
Ina theannta sin, d’fhéadfadh aon iarracht a dhéanfadh an Stát fad a chur leis an maolú a thabhairt le fios nach raibh ar chumas an Stáit a thiomantais pholaitiúla a chomhlíonadh, nuair is é fírinne an scéil go bhfuil dul chun cinn suntasach agus leordhóthanach déanta. De bhreis air sin, is fiú a lua nuair a d’iarr Málta go gcuirfí deireadh le maolú den chineál céanna ar an gcéad deis a fuair siad, gan aon fhadú a mholadh, gur ar bhoinn pholaitiúla, eacnamaíocha, agus leasa náisiúnta a rinne sé é, seachas ar bhonn linn earcaíochta dóthanach a bheith ar fáil.
I
na measc siúd ar theip orthu bhí iarrthóirí a raibh céimeanna MA san aistriúchán Gaeilge bainte amach acu ar chúrsaí a bhí maoinithe ag an Rialtas. Bhí na rátaí teipe sna trialacha iontrála seo i bhfad níos airde i measc iarrthóirí sa chomórtas Gaeilge seachas mar a bhí sna comórtais don Eastóinis agus don Laitvis a tionóladh ag an am céanna. Is cóir a aibhsiú nach scrúdaíonn na trialacha iontrála seo cumas aistrithe. Is gá freisin aird ar leith a dhíriú ar scileanna tríú teanga na ndaoine ar spéis leo a bheith ina n-iarrthóirí a mheasúnú go réalaíoch, agus deiseanna a chur ar fáil, más gá, chun go bhféadfaí na scileanna seo a fhorbairt go dtí caighdeán dóthanach – teastaíonn sáreolas ar an tríú teanga.
Cé gur ábhar é seo a bhaineann leis an Rialtas ina iomláine, is ar Roinn an Taoisigh go príomha a thiteann ualach an chinnidh, agus is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha a bheidh i mbun a fheidhmithe. Is é Stádas na Gaeilge san AE an t-aon ghné de phlean forfheidhmithe Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a bhfuil freagracht shonrach ar Roinn an Taoisigh ina leith. Sonraíonn Plean Forfheidhmithe na Roinne an ghníomhaíocht seo a leanas:
Is cóir dom a rá, freisin, nach bhfuil sé riachtanach aon chúrsa iarchéime san aistriúchán a bheith déanta ag iarrthóir cumasach: ach i gcás na Gaeilge, nuair a dhiúltaíonn na hOllscoileanna céimeanna in ábhair éagsúla a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, baineann tábhacht leis na cúrsaí san aistriúchán do chuid mhór daoine. I gcás na hateangaireachta, bíonn cúrsa iarchéime san ateangaireacht chomhdhála, a gcuirtear a leithéid ar fáil in Acadamh na hOllscolaíochta, ina riachtanas incháilithe chun dul san iomaíocht do phost lánaimseartha.
‘Leanfar leis an obair leis na hinstitiúidí ábhartha san AE chun tacú go gníomhach le stádas na Gaeilge san AE, lena n-áirítear an cheist a chur chun cinn maidir le deireadh a chur leis an maolú, i gcomhairle leis an Rannán Gnóthaí AE i Roinn an Taoisigh.’ Glacaim leis go gcuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a bhfuil freagracht fhoriomlán uirthi as cur i bhfeidhm na Straitéise, tuairimí ábhartha faoi bhráid an Rialtais, bunaithe ar a sainleasanna agus ar a réimsí freagrachta féin.
Tá 157 n-aistritheoir creidiúnaithe don earnáil phoiblí ar phainéal Fhoras na Gaeilge, agus beidh scrúdú eile i gcomhair creidiúnaithe ar siúl i mí na Nollag 2013. Tá córas creidiúnaithe d’eagarthóirí bunaithe freisin ag an bhForas. Cé go gcreidim go mbeidh linn earcaíochta dóthanach ann faoin mbliain 2015, tá nósanna imeachta i bhfeidhm sna hinstitiúidí Eorpacha chun easnamh féideartha aistritheoirí d’aon cheann de na teangacha oifigiúla a láimhseáil. I gcás na Máltaise, mar shampla, cuireann an Coimisiún mórchuid dá shaothar aistriúcháin faoi bhráid conraitheoirí, de bhrí nár éirigh leo líon dóthanach aistritheoirí a earcú trí chomórtais EPSO. Dá mbeadh easnamh i gcás na Gaeilge de dheasca laigí sa tríú teanga nó ar chúiseanna eile, bheadh rochtain ag na hinstitiúidí ar phainéal conraitheoirí aistriúcháin neamhspleácha Gaeilge ar cuireadh 8 n-iarrthóir nua leis ar bhonn comórtais sa bhliain 2011. Tugann an córas conartha seo, nach n-iarrann an tríú teanga mar choinníoll incháilithe, deis do chonraitheoirí a scileanna sa tríú teanga a fhorbairt i gcomhair an chéad chomórtais eile. De bhreis air sin, is céim shuntasach é i dtaca le cur chun cinn comórtas a chuirfí ar siúl amach anseo go bhfuil oifigeach allamuigh Gaeilge curtha ag feidhmiú anois i mBaile Átha Cliath ar son an Choimisiúin.
C
reidim go bhfuil sé riachtanach go bhfógródh an Rialtas d’institiúidí an AE agus don phobal i gcoitinne anois go bhfuil sé ar intinn aige a iarraidh go gcuirfí deireadh leis an maolú an 31 Nollaig 2016. Dá mbeadh géarghá leis, d’fhéadfadh sé a mholadh go gcuirfí bliain amháin bhreise leis an maolú, ach ar an gcoinníoll go leagfaí síos go sonrach mar fhoráil nua sa rialachán go dtógfaí an maolú ag deireadh na bliana sin. Bheadh torthaí tromchúiseacha diúltacha ann don tionscnamh ar fad mura ndéanfaí amhlaidh. Chomh luath agus a scaipfeadh scéal go raibh sé i gceist ag an Rialtas fadú eile a lorg, thiocfadh laghdú tobann ar líon na ndaoine aghlacfadh na cúrsaí, agus bheadh tógáil an mhaolaithe níos doshroichte dá bharr: chruthódh sé fáinne fí den chineál céanna is atá tarlaithe i gcás na hateangaireachta de dheasca dhiúltú na Parlaiminte Eorpaí ateangairí Gaeilge a fhostú ar bhonn lánaimseartha go dtí go mbeadh cuóta iomlán ar fáil. Tá an seasamh atá léirithe agam san alt seo curtha faoi bhráid an Taoisigh agus faoi bhráid Choiste Gaeilge an Rialtais agam. Creidim go dtabharfaidh an Taoiseach aird ar mo litir. Tá súil agam go bhfeidhmeoidh sé dá réir. Tá an leas náisiúnta agus an dul chun cinn suntasach atá bainte amach ag an Stát san ullmhúchán d’úsáid iomlán institiúideach na Gaeilge le cosaint agus le cothabháil.◊ ◊
Is cóir a mheabhrú, i dtosach báire, in am seo an ghátair eacnamaíoch, go bhfuilimid ag trácht anseo ar chruthú timpeall 183 phost ardleibhéil d’Éireannaigh roimh dheireadh 2016, iad maoinithe go hiomlán ag an Aontas Eorpach, agus sa dara háit, go gcomhlíonfadh tógáil an www.feasta.ie
10
Feasta, Nollaig 2013
Lámh DhearG abú? Aindrias Ó Cathasaigh Ní leagan Gaeilge de thaighde an Bhéarla atá ag teastáil, ach buntaighde a scrúdaíonn agus a mheánn na foinsí Gaeilge i gceart.
T
á frithdhúnadh Bhaile Átha Cliath dá chomóradh le bliain anuas: ócáidí eagraithe, cainteanna tugtha, eachtraí athchruthaithe, leachtanna nochtaithe, leabhra foilsithe. Is maith an aird atá tarraingthe ar chuid chinniúnach dár stair, agus is léir gur chuir a lán daoine spéis ann, an scéal curtha i gcuimhne dóibh nó cloiste acu den chéad uair. Ar chualadar i nGaeilge é, áfach? Bhí clár amháin ar TG4, ach is beag thairis sin a craoladh ar na meáin Ghaeilge. Ní taise do na hirisí é, is cosúil (agus rinneadh frithdhúnadh ar an nuachtán Gaeilge i dtús na bliana). Níor chuir 1913 isteach ar na léachtanna, na scoileanna, na féilte is eile a tionóladh i nGaeilge. Níor rith sé leis an Oireachtas aiste nó scéal faoin bhfrithdhúnadh a chur ar liosta a gcomórtas, ná urraíocht ceardchumainn ar a leithéid a lorg. Tuige an ciúnas seo, an neamhshuim in eachtra chomh tábhachtach le frithdhúnadh Bhaile Átha Cliath? Ní hé nach bhfuil spéis ag lucht na Gaeilge san ábhar. An beagán iarrachtaí neamhoifigiúla atá déanta 1913 a chomóradh i nGaeilge, níor éirigh ródhona leo. Is é saol institiúideach na Gaeilge a lig thar a shúil é. Ní hé an sórt ruda atá uathu, an cineál íomhá is áil leo a chothú. Tá an Ghaeilge spraíúil, ag breathnú chun tosaigh, ’dtuigeann tú, agus ní mian leo bacadh le scéal faoi dhaoine bochta, gan trácht ar dhaoine bochta a sheas an fód in aghaidh a gcuid bochtanais. Fiú tar éis céad bliain, ní thuigeann sách seang. Tá a leithéid sin chomh seanfhaiseanta… Is olc an chéalmhaine é do na blianta beaga atá romhainn. Beidh cuid mhaith den phobal ag cur suime i nithe eile a tharla céad bliain ó shin: éirí amach na Cásca, cogadh na saoirse, an cogadh cathartha agus eile. An mbeidh an Ghaeilge ina tost sna díospóireachtaí seo? Ar faoi na cadhain aonair a fhágfar aríst é an teanga seo againne a tharraingt isteach iontu? Ní hé seasamh na teangan san am i láthair amháin atá i gceist, ach a tábhacht sna himeachtaí stairiúla sin féin freisin. Ní i mBéarla amháin a
www.feasta.ie
tharla corraíl na mblianta sin, ach i nGaeilge freisin. Mara gcuirtear sin san áireamh mar chuid dhílis den scéal, ní bhfaighfear pictiúr iomlán. Ní leagan Gaeilge de thaighde an Bhéarla atá ag teastáil, ach buntaighde a scrúdaíonn agus a mheánn na foinsí Gaeilge i gceart. Glacfaidh go leor daoine leis an méid sin nuair a smaoiníonn siad air, ach is gá a chur ar a súile dóibh. Má chuirtear, aontóidh a lán nach féidir an Piarsach a thuiscint i gceart d’uireasa an méid a scríobh is a dúirt sé i nGaeilge, cuir i gcás, nó nach féidir an chéad Dáil a thuiscint agus tú ag diúltú don teanga a labhradh inti an chéad lá. Scríobhfar leabhra orthu fós a thabharfas neamhaird ar an bprionsabal seo, ar ndóigh, ach is deacair cur ina aghaidh mar phrionsabal.
A
ch frithdhúnadh Bhaile Átha Cliath, scéal 1913: níor bhain an Ghaeilge leis sin, ar bhain? Bhain, muis, agus aríst is cuid riachtanach den taighde úr is gá lena thuiscint ina iomláine na foinsí Gaeilge a phlé. Bhí caidreamh i gcónaí idir gluaiseacht na Gaeilge agus gluaiseacht na n-oibrithe. D’fhás an dá ghluaiseacht taobh le taobh, iad araon ag iarraidh freagraí a thabhairt ar na ceisteanna a bhí dá ndúiseacht i ré sin an chlaochlaithe in Éirinn. Níor dheachaidreamh i gcónaí é — go deimhin, ba dhroch-chaidreamh é scaití — ach bhí an teagmháil ann. Bhí báidh Shéamais Uí Lorcáin leis an nGaeilge ariamh. Chuir sé a chlann chuig Scoil Éanna an Phiarsaigh, agus labhair sé ag mórshiúl de chuid an Chonartha i 1911. Níorbh annamh corrnath Gaeilge trína chuid cainteanna is scríbhinní. B’amhlaidh do Shéamas Ó Conghaile, agus nuair a cuireadh eisean i bpríosún i dtús an fhrithdhúnta, chuir sé fios ar ghraiméar le go bhféadfadh sé snas a chur ar a chuid Gaeilge. Tá aithne sách maith ar Mhícheál Ó Maoláin as Árainn, duine de cheannairí an Chonartha sna 1930idí, a bhunaigh Coiste na bPáistí. Níl an aithne chéanna air mar cheardchumannaí, áfach. Bhí sé 12
ar na daoine ba shinsearaí ar fhoireann an ITGWU sa tréimhse sin, agus gearradh trí mhí i Muinseó air i 1913 as a chuid oibre mar thimire. Scríobh sé sraith altanna ar an bhfrithdhúnadh agus a chúlra, ceann de na cuntais is iomláine atá againn ó lámh duine a bhí páirteach sna himeachtaí é féin. Bhí tuairiscí is tuairimí ar an aighneas, agus fiú grianghrafanna, le fáil ar An Claidheamh Soluis, nuachtán Gaeilge na linne. Bhí cuid de na haltanna báidhiúil leis na hoibrithe, cuid eile ag fáil lochta ar an Lorcánach, agus bhí léitheoirí a cháin an lochtú seo. Bhí roinnt craobhacha den Chonradh i mBaile Átha Cliath, is cosúil, nár chuir fáilte rompu siúd nár thacaigh leis na stailceoirí. Sheas Liam P Ó Riain ceart do na hoibrithe ar An Claidheamh, agus ar an Daily Herald, páipéar eite chlé na Breataine, a chuir póstaer Gaeilge amach i 1913. Bhí Conraitheoirí eile i Londain a ghlac páirt na n-oibrithe agus a bhailigh airgead dóibh siúd a bhí thíos leis an bhfrithdhúnadh. Is dual gurb é a mhalairt ghlan de léamh ar an scéal a chuir colúnaí Gaeilge an Irish Independent os comhair a chuid léitheoirí. Ní hamháin gur cuid spéise ar leith do chainteoirí Gaeilge an méid a bhí ár leithéid ag rá is ag déanamh faoin aighneas, ach tugann an ghné dhearmadta seo den scéal léargas breise ar an bhfrithdhúnadh féin. Léiríonn sí chomh forleitheadach is a bhí an cath seo, an chaoi ar thug sé ar dhaoine aghaidh a thabhairt ar fhírinní searbha an tsaoil agus a ghabháil le taobh. Seans gurb é sin is bun leis an gcol atá ag Gaeil oifigiúla leis. Tá fírinní searbha go leor ag baint le saol ár linne féin, agus ár bhformhór ag streachailt de bharr iarsmaí thóir an bhrabaigh. Ba phurgadóir do na boicht é Baile Átha Cliath i 1913, ach throid siad lena athrú agus faoi dheireadh d’éirigh leo feabhas a chur air. Ní féidir é sin a phlé gan cuimilt le ceisteanna den chineál céanna in 2013, agus ainneoin cúig bliana den tubaist reatha, is ar éigean má chuaigh an Ghaeilge i ngleic leo sin i gceart fós.
Tá An Diabhal in Uachtar in Áth Cliath: Frithdhúnadh 1913 trí shúile na nGael le Aindrias Ó Cathasaigh, agus 1913 le Mícheál Ó Maoláin, foilsithe ag Coiscéim (€10 agus €5 faoi seach). Feasta, Nollaig 2013
Buaiteoirí Bhréagchúirt Uí Dhálaigh
BUAITEOIRí OIREACHTAIS
Cúirt Uí Dhálaigh 2013
Buaiteoirí Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2013 ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (sa lár ó chlé): Simon Mac Giolla Easpaig, Aoibhinn Nic Cionnaith agus Peadar Ó Lamhna, in éineacht le (ó chlé) Séamus Ó Tuathail, A.S., An tOnórach Mary Laffoy, Breitheamh den Chúirt Uachtarach, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin agus An tOnórach Colm Mac Eochaidh, Breitheamh den Ardchúirt. Bhí craobh-bhabhta Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2013 ar siúl sna Ceithre Cúirteanna ar an 8 Samhain. Ghnóthaigh foireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an chéad áit. Is in onóir Iar-Uachtarán agus IarPhríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh, atá an comórtas á eagrú le sé bliana déag anuas. Deis is ea é do mhic léinn dlí a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna abhcóideachta os comhair breithiúna cúirte. Reáchtáladh réamhbhabhtaí ar ardchaighdeán in Óstaí an Rí maidin Dé hAoine ina raibh foirne páirteach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, An Coláiste Ollscoile, BÁC, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus don chéad uair, foireann ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Achomharc in aghaidh breithe cúirte a bhí i gceist, agus bhí ar gach foireann, ar a raibh suas le ceathrar ball, dhá thaobh an cháis a réiteach agus a phléadáil. Aighneachtaí béil a mhair tuairim is fiche cúig nóiméad a bhí ceadaithe, mar aon le frisnéis de thrí nóiméad. Abhcóidí nua-cháilithe, cuid acu a bhí mar iomaitheoirí sa chomórtas cheana, a bhí ag moltóireacht ag na réamhbhabhtaí, agus thugadar comhairle do na foirne uilig chomh maith. Tar éis neart cur agus cúitimh eatarthu, roghnaíodh foirne ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, don chraobh. www.feasta.ie
Bhí an chraobh-bhabhta ar siúl sna Ceithre Cúirteanna an tráthnóna céanna. Breitheamh den Chúirt Uachtarach, An tOnórach Mary Laffoy, Ardchúirt, mar aon le breitheamh den Ardchúirt, Colm Mac Eochaidh, a bhí mar mholtóirí, le tacaíocht ó Shéamus Ó Tuathail, A.S. Tugadh ábhar, struchtúr, cumas argóna agus úsáid gutha san áireamh. Mhol na breithiúna sárchaighdeán an dá fhoireann, ach thugadar an bua ar deireadh d’fhoireann An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a ghlac taobh an achomharcóra. Bronnadh buantrófaí Gael Linn agus duais €600 ar Aoibhinn Nic Cionnaith, Simon Mac Giolla Easpaig agus Peadar Ó Lamhna. Bhí ríméad ar leith ar Simon agus ar Pheadar an phríomhdhuais a thabhairt leo i mbliana, tar éis dóibh a bheith sa dara háit i gcraobh 2012! Foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Sadhbh Ní Chéilleachair agus Órla Ní Fhiannachta, a throid an cás don freagróir, a tháinig sa dara háit i mbliana, agus fuaireadar duais €300. Arsa Antoine Ó Coileáin, Gael Linn: ‘Cúis sásaimh do Gael Linn an tóir leanúnach atá ag mic léinn dlí ar Bhréagchúirt Uí Dhálaigh. Toisc stádas dlíthiúil na Gaeilge in Éirinn agus san AE, tá níos mó deiseanna fostaíochta anois ann i gcomhair dlíodóirí a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge. Is léiriú é ar stádas na Gaeilge sna cúirteanna go bhfuil breithiúna sinsearacha mar mholtóirí ar an mBréagchúirt arís i mbliana’. ◊
Mícheál Ó Confhaola
Proinsias Ó hIarnáin
Ó bharr, Mícheál Ó Confhaola ó Chasla i gConamara a chroch Corn Uí Riada leis ag Oireachtas 2013 i gCill Airne; Caitríona Ní Cheannabháin ó Charna a tháinig sa dara háit agus Máire Ní Choilm ó Ghaoth Dobhair sa tríú háit. • Proinsias Ó hIarnáin ó Róisín na Mainiach, Carna, a bhuaigh an comórtas ‘Steip’ (Rug a dheartháir Breandán an bua anuraidh). Tháinig Mícheál Seoighe ó Leitir Móir sa dara háit sa chatagóir sinsearach. • Gearóid Ó Droighneáin a bhuaigh Steip Faoi 12, an tríú bliain as a chéile a bhfuil an comórtas sin buaite aige. • Eoghan Ó Curraighín a bhuaigh an comórtas Dreas Cainte agus Scéalaíochta, an 6ú uair a bhfuil an comórtas scéalaíochta buaite aige, níos mó ná aon duine 13 riamh.◊ Feasta,
Gearóid Ó Droighneáin
Eoghan Ó Curraighín
MAC NA hEABHRAÍ le Breandán Ó Doibhlin Coiscéim. 225 lch. €8
Alan Titley
C
é go bhfuil taoide an chreidimh oigifiúil ag trá go mear in Éirinn le breis agus scór bliain anuas, níl aon amhras fós ná gurb é íosa mac Sheosaimh an té is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an tír inár dtréimhse stairiúil riamh anonn. Ar an gcéad ásc, ba dhóigh leat gurb ait an rud é seo, mac siúinéara gan oiread sin le cur ar a shon i gcúinne de chuid Impireacht lofa na Róimhe, is nach raibh de thalann saolta aige ach caint agus scéalta.
Shanta féin. Mar is dual do scoláire ardchumais, déanann an Doibhlineach scagadh caolchúiseach cuimsitheach ar thóraíocht íosa na staire. Ach an oiread le halt ar bith sa leabhar seo, ní bhraithimid go bhfuil a chuid bó féin á gcur thar abhainn aige, nó go bhfuil pléideáil á déanamh aige ar son a chuid tuisceana féin. Is caol í an fhianaise, ach is áititheach. Dhá chuid is ea atá sa leabhar sainiúil seo: an chéad chuid a dhéanann scagadh ar na foinsí staire sin atá ann, agus nach bhfuil ann, agus éachtaint ina dhiaidh sin ar bhrí an tsoiscéil agus ar a bunteachtaireacht dúinn; is tráchtaireacht ar bheatha íosa féin atá sa dara cuid agus is geall le húrscéal é in áiteanna gona mionsonraí ar áiteanna is ar chleachtaí na linne – ‘Ach bheadh ainmhithe á ndíol fá choinne na n-íobairtí, colúir do dhaoine ar bheagán acmhainne, uain ar ndóigh, ach mairt agus reithí freisin, iad loctha i measc easair chosáin agus tuar bó, margadh eallaigh ábhalmhór ag truailliú an chompail bheannaithe. San áit ar dhual urnaí agus marana agus ciúnas, ní raibh le cloisint ach méileach uan, búirfeach mart, glóraíl lucht díolta agus ceannaithe’.
Tharla rud éigin i gcúrsa na staire a d’iompaigh an scéalaí milis seo, agus an nathadóir briathra, óna bheith ina fhánaí siúil ar chúlbhóithre na cúlráide san iargúltacht go réabhlóid tuisceana agus iompair agus béascna a chur ar bun ar fud na coda is mó den domhan ar son leasa agus aimhleasa i gcaitheamh dhá mhíle bliain. Is é atá sa leabhar seo Bhreandáin Uí Dhoibhlin ná iarracht dul i ngleic go macánta agus go scoláiriúil leis an duine féin, leis an eolas stairiúil atá againn ina thaobh, agus le cuid den oidhreacht a d’fhág sé ina dhiaidh atá againn. Sagart dílis agus moinsíneoir léannta agus scoláire cruthanta é Breandán Ó Doibhlin, agus dá réir sin, ní bheimis ag súil go rachadh sé rómhór ar seachrán ón tslí. Ina choinne sin thall, ní foláir nó go ndúisíonn an léann agus an scoláireacht ceisteanna móra iomaí gabhlánacha in intinn an mhachnóra choinsiasaigh i ndoimhneacht an cheartchreidimh istigh.
Níor ghá aon ghiob den mhion-chur síos sin ar feadh dhá mhíle bliain. Is gá anois. Is cuma nó scannán go leor de dhreachadh an Doibhlinigh, agus is é an scannán pictiúr samhlaíochta an lae inniu. Ach slogtar isteach i lár na páise tú, agus mínítear fan na slí cérbh iad na Sadúcaigh, na Filistínigh, na hEiséanaigh (na Sádaistigh, na Pilibínigh, na hÁiféisigh) nach féidir na soiscéalta a thuiscint á gceal.
A
r an gcuma chéanna tugtar tír eolas agus polaitíocht an talaimh naofa dúinn go soiléir, agus mínítear an gaol idir traidisiún agus áit agus mionsonraí sóisialta a mbeimis dall orthu dá mbeimis i dtaobh le trácht na soiscéalaithe amháin. Is é an bua is mó atá ag na soiscéalta céanna sin, gan amhras, ná gur béaloideas iad, ach tá Breandán Ó Doibhlin róbhéasach leis an méid sin a chur siar orainn. Admhaíonn go bhfuil sé taobh leis an soiscéal de réir Eoin ar son fhormhór a thráchtaireachta, agus is léir gean faoi leith aige air; is fearr le cuid eile againn Marcas, mar is garbhaí é, agus níl aon phioc den mhisteachas Gréagach sin ag baint leis a dhein siar aniar ar aigne na hEorpa. Ach is saibhir doshéanta iad na sonraí. Tá cur síos iontach ar an mbéile deiridh de réir fhíorais na staire, fíorais nach bhfuil aon chuimilt acu, de dhealramh, leis na pictiúir mhóra ealaíonta a tháinig chugainn le tubaist an Renaissance.
Ba bheag a bhí ar eolas mar gheall ar an ‘íosa stairiúil’ go dtí tuairim is 200 bliain ó shin. Bhí claonadh ann glacadh le focail na soiscéalta go litriúil mar earra a bhí dílis go hiomlán don stair, claonadh a chuir an reifirméisean ar bun go deimhin, agus claonadh a dhein alt creidimh de dhílseacht don fhocal scríofa i mórán de na heaglaisí protastúnacha. Ba mhó an géilleadh a bhí riamh ag an gCaitliceachas don tsiombail, don bhéaloideas, don ealaín, go deimhin do na piseoga féin, rud a d’fhág níos gaire do mheon an duine é ina lánsamhlaíocht, ina ngabháil ar instinní fairsinge an duine.
Don té a bhfuil spéis aige ann, léirítear thar amhras gur céasadh íosa de réir dhlí na Rómhánach, agus gurbh é an céasadh ar chrois an pianós a coimeádadh do lucht ceannairce agus lucht comhcheilge in aghaidh an stáit. Is beag rud in eachtra Iarthar domhain is mistéirí ná an frithsheimíteachas, agus b’ait riamh liom gur leagadh an milleán ar na Giúdaigh nuair gurbh iad na Rómhánaigh a
Fós féin, tá bunaithe go daingean san stair, ar leibhéal éigin. Muna raibh íosa stairiúil ann, tá chomh maith againn géilleadh do Lugh nó do Umbó nó do Ghúglaí Gog nó do www.feasta.ie
Breandán Ó Doibhlin
14
Feasta, Nollaig 2013
dhein an mhísc. Thar aon áit eile, tá íogaireacht mhoiglí timpeall ar Pháis íosa ina nochtar ‘iomlán a leochaileacht mar dhuine daonna’, rud atá le tuiscint, ach nach gcuirtear os ard sa chuntas lom.
A
r shlí amháin, b’fhearr dar liom, an dara cuid den leabhar faoi leith seo a léamh i dtosach. Tar éis an tsaoil, is túisce scéal ná míniú, bíodh ina choinne sin gur túisce cúlra ná scéal. Cúlra agus iarmhíniú in éineacht atá sa chéad leath den leabhar ina dtumtar sinn i bhfianaise na Críostaíochta agus san bhrí a baineadh aisti nuair a ghabh sí réim. Tá an léiriú stairiúil agus intleachtúil ríofa isteach go conláisteach leis an dteagasc morálta agus spioradálta sa chuid seo. Is cruinn agus is éifeachtach mar a dhéantar pobal na linne a chur os ard, agus ar geall le Gaeltacht an lae inniu é maidir le teanga agus le béascna de. Aramais an teanga a bhí ag íosa, bíodh gurb í an Eabhrais teanga uasal an chreidimh, Gréigis teanga lofa na tráchtála, agus Laidin teanga bharbartha na hImpireachta. Ní fios go cruinn cén t-eolas a bhí ag mac na hEabhraí ar aon cheann díobh. Is dóigh le Breandán Ó Doibhlin go raibh eolas éigin aige ar an Eabhrais agus ar an nGréigis, cé go bhfuil údair eile ann a shéanfadh sin. Ar éigean go raibh aon scil sa Laidin aige, rud a d’fhág go raibh a intinn shaolta saor ó chuid den litríocht ba stóinsithe a ceapadh riamh as clocha. Má tá an Chríostaíocht préamhaithe sa stair, tá ár gcuid eolais uirthi ceangailte léi chomh daingean céanna. Ceapadh ar feadh i bhfad gurbh iad na soiscéil an focal deireanach, ach léiríonn Breandán gur thug Vie de Jésus Renan léargas eile dúinn. Mo thuairim féin, sa chás is nár thuig Ernest Renan litríochtaí na gCeilteach gurbh ar éigean go mbeadh rud ar bith fódúil le rá aige faoi chultúr eile a bhí ar imeall na tuisceana leimhe. Leabhar níos scanrúla ba ea ceann David
Friedrich Strauss a léigh mé féin in aistriúchán a dhein George Eliot ón mbliain 1846. B’í seo scoláireacht na Gearmáine in airde láin; b’í seo an scoláireacht a bhainfeadh an mhóráil díot ar fad. Ba neamhdhathannaí é The Quest of the Historical Jesus le hAlbert Schweitzer, fear a raibh ceithre cinn de dhochtúireachtaí aige, a dhein maitheas ollmhór ar son na ndaor san Afraic, ach a cheap fós gurbh ísle iad ar dhréimire na beatha ná na hEorpaigh dheasa a dhein sclábhaithe díobh. Bhí sé de chéill ag Breandán Ó Doibhlin gan dul san abar seo, mar a dhéanfainnse le tua, ach a léiriú go doshéanta dhúinn gur mhó ár n-eolas ar íosa ná ar Shocraitéas (agus scata eile siar síos amach).
I
s iad na ceisteanna creidimh na ceisteanna is mó a fhágtar ag sonadh os ár gcionn. Deirim i gcónaí gur Pápaire mé féin, pé brí is mian le daoine a bhaint as sin. Ach tá fadhb agam leis an slánú. Mura raibh aon titim ann, conas go dtiocfadh ann do shlánú ar bith? Agus mura gcreideann tú i bpeaca na sinsear, ach i ngrásta na sinsear, cá bhfágann sin tú agus tú ag siúl na slí idir Cafarnám agus An Damaisc? Má chreidim san aiséirí, arbh ionann a bheatha shaolta tar éis teacht amach as an dtuama agus an bheatha a bhí aige roimhe sin? Cár chodail sé? Cad a dhein sé i gcaitheamh an lae? Cad a d’ith sé? Cén fáth go bhfuil cuma an taibhse air tar éis an aiséirí, agus an mise Tomás? Cad a bhí á rá aige sna bearnaí sin idir eachtraí na soiscéalta? An í an choimhlint idir an aigne litriúil agus aigne na samhlaíochta an choimhlint dáiríre? Ina choinne sin, más é íosa a chum an parabal mar fhoirm litríochta, agus má thuig sé do dhaoine arbh éin chuideáin iad, agus má shiúil sé an tslí ag bladar le haoibhneas faoi nithe nach bhfuil aon tuiscint againn orthu, is é Mac na hEabhraí é gan aon agó. ◊
Stair Ghael-Linn: 60 bliain na heagraíochta Chun clabhsúr a chur le himeachtaí comórtha seasca bliain ó bunaíodh Gael-Linn seoladh an leabhar Scéal Ghael-Linn (CIC) le Mairéad Ní Chinnéide ar an 21 Samhain i Seomra John Field sa Cheoláras Náisiúnta agus an t-amhránaí iomráiteach Seán Ó Sé i láthair agus á thionlacan ag Peadar Ó Riada. An t-oideachasóir (UCD) agus údar, an Dr Fionnbarra Ó Brolcháin a sheol. Déantar cur síos cuimsitheach ar eagraíocht Ghaeilge anseo a raibh ceannródaíocht, nuálaíocht agus fiontraíocht ar leith ag baint léi ón lá a bunaíodh í. Cuimsíonn an saothar an chaoi ar leathnaigh gníomhaíochtaí na heagraíochta go raibh sí páirteach i dtionsclaíocht, siamsa, oideachas, foilThuas, Scríbhneoirí Gaeilge, a bhí i mbun na ceirde ag an gceardlann sitheoireacht, scannánaíocht agus go leor eile. • Ó chlé, an Dr. Ó Brolcháin, Mairéad Ní Chinnéide, in Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, ar an 9 Samhain, ó chlé: Brian Ó Dochartaí, Liam Mac Peaircín, Máirín Uí Chonghaile, Liam Ó Bharáin, údar, agus Antoine Ó Coileáin, GaeL Linn. ◊ Cliodna Cussen, Mícheál Ó Ruairc, Colette Nic Aodha, Pádraig Ó Snodaigh, Brian Ó Baoill agus Bréanainn Mac Fhearghusa. Eagraítear na tionóil rialta seo in áiteanna eagsúla le fiche bliain anuas: tharla an chéad tionól acu a bheith ar siúl i dTrá Lí le linn na féile ealaíon, Samhlaíocht Chiarraí (nach maireann, faraor) i 1992. Tugadh faoi rithimí binne na Mumhan a leathnú soir agus ó thuaidh ó shin! Tá teacht le chéile beartaithe do Thrá Lí, Luan Cásca 2014, le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge. Mar a fhógraítear i gcónaí: is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus iad a bheith léite roimhré ag gach duine. ◊ 15
Feasta, Nollaig 2013
Gradam Leabhar na Bliana buaite ag Leabhar Mór na nAmhrán Bhronn an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn Gradam Leabhar na Bliana ar Chló Iar-Chonnacht ar an 13 Samhain ag ócáid sa Ghailearaí Grianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Bhí Leabhar Mór na nAmhrán i measc cúig leabhar eile a bhí ar an ngearrliosta don ghradam atá urraithe ag Foras na Gaeilge agus Ó chlé: Micheál Ó Conghaile, á riaradh ag Oireachtas na Gaeilge. Leabhar é seo a bhí Cló Iar-Chonnacht, leis an idir lámha ag na heagarthóirí Micheál Ó Conghaile, Uachtarán, Mícheál D. Ó Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin le fada. hUiginn, agus Colmán Ó Arsa Lochlainn Ó Tuairisg, Eagarthóir Chló Iar- Raghallaigh, Cló Mhaigh Eo, i Chonnacht: Tá ríméad orainn an gradam seo a mBarra an Teampaill. bhuachan. Aitheantas don obair é agus is an-údar Na heagarthóirí: • Micheál Ó Conghaile: scríbhneoir agus misnigh é a leithéid seo de Ghradam. bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht in 1985, ball d’Aos Dána, eaSaothar is ea Leabhar Mór na nAmhrán don scoláire, don garthóir na gcnuasach amhrán Croch Suas É! (1986) agus Up amhránaí agus do dhuine ar bith ar mhaith leis teacht ar Seanamhach (1990). • Lochlainn Ó Tuairisg: As Cois Fharraige. thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge. Eagarthóir le Cló Iar-Chonnacht ó 2005. Comhúdar ar Tobar an Ceithre chéad amhrán traidisiúnta ar an sean-nós atá ann. Ó Dúchais: Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne (2007). cheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cuimsitheacha ag dul le • Peadar Ó Ceannabháin: amhránaí sean-nóis as Aill na Brón gach ceann díobh: cé dar díobh iad, cé a chum, an chaoi ar in Iorras Aithneach. Ina chónaí i mBaile Átha Cliath. Léachtóir scaipeadh iad agus an dream a chasann iad inniu. Tá amhráin ollscoile agus eagarthóir Éamon a Búrc: Scéalta (1983). Dlúthdsa leabhar a bhfuil eolas forleathan orthu agus amhráin nach hiosca, Mo Chuid den tSaol (CICD131) eisithe aige. bhfuil an cur amach céanna in aon chor orthu, amhráin bheaga ——◊—— agus mhóra, fada agus gearr, mall agus tapaidh. Maisitheoir Leabhar as Doire Tá John McCloskey ón gCreagán ag obair mar mhaisitheoir leabhar le breis agus fiche bliain. Bhí leabhar dár mhaisigh sé, An Béal Bocht, ar ghearrliosta na leabhar do dhaoine fásta (Gradam Uí Shúilleabháin). Oibríonn sé ag The Nerve Centre i nDoire agus bhí lúcháir air gur gearrliostáladh an t-úrscéal grafach a d’fhoilsigh Cló Mhaigh Eo. Ar seisean: Bhain mé an-sult go deo as bheith ag obair ar an
Ó chlé: Seán Mac Cionnaith, Príomhoide Bhunscoil Cholmcille; Máire Ní Fhríl; an Méara Martin Reilly; Oisín Ó Mianáin, Kay McIvor, Oifigeach Comhionannais agus Pól Ó Frighill, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach Dhoire. á pacáiste acmhainní nua i nGaeilge dar teideal ‘Fáilte isteach i mo shaol’ seolta ag an gComhairle Cathrach chun tacú le Gaelscoileanna sa cheantar feasacht ar éagsúlacht chultúrtha a mhúscailt i measc páistí. Tá an áis dírithe ar pháistí in Eochairchéim 1 agus 2, agus tá sé de chuspóir aige tacú le múinteoirí in earnáil an Ghaeloideachais an t-ábhar seo a mhúineadh. Cuireann an pacáiste acmhainní le réimsí foghlama: ‘An Domhan Thart Orainn’ agus ‘Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint’. Tá treoirleabhar do mhúinteoirí san
T
www.feasta.ie
áireamh, mar aon le scéalta faoi pháistí ó chúlraí eitneacha éagsúla; foghlaimíonn na páistí faoi chreideamh, theanga, bhia agus shaol laethúil na gcarachtar le cúnamh scéaltaí, cluichí agus idirghníomhaíocht. Tá seacht mbábóg gleoite ar fáil ar iasacht ón chomhairle a léiríonn na carachtair ar fad, chomh maith. Is féidir leis an mhúinteoir feidhm a bhaint as na bábóga le scéalaíocht a dhéanamh sa seomra ranga agus le spreagadh a thabhairt do na daltaí labhairt faoi théamaí ar nós mothúcháin agus le cuidiú leis na páistí saol na gcarachtar a shamhlú. Éinne gur suim leis pacáiste a ordú nó na bábógaí a fháil ar iasacht bí i dteagmháil leis an Oifigeach Comhionannnais ar T: 028 71 365151, folíne 6705 nó seol ríomhphost chuig kay.mcivor@derrycity.gov.uk. 16
leabhar seo; thug sé sásamh dom mar leabhar clóite. Nuair a léigh mé an bunúrscéal thuig mé gur mhaith liom an maisiúchán a choinneáil saor agus garbh. D’oibrigh mé díreach ó mo shamhlaíocht in áit tarraingt ón fhíorshaol. • Bronnadh Gradam Réics Carló (leabhair do dhaoine óga) ar Gráinne Mhaol, scríofa ag Gisela Pizzatto, maisithe ag Bruno Bull, foilsithe ag Cló Mhaigh Eo. Feasta, Nollaig 2013
arbh Fhiú an braOn aLLais? Donncha Ó hÉallaithe Tá an t-alt seo bunaithe ar léacht a thug an t-údar i nDún Chaoin ag Comóradh an Bhlascaoid ar an 28 Meán Fómhair 2013 faoin teideal ‘Arbh Fhiú an Braon Allais?’ San alt ceistítear dáiríreacht an státchórais maidir leis an‘Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge’ agus ceistítear chomh maith an cur chuige atá le húsáid sa Phróiseas Pleanála Teanga.
T
gCorca Dhuibhne theastódh 3 cheantar phleanála teanga a aithint: Iarthar Dhuibhneach (Catagóir A ar an gcuid is mó); An Daingean agus an ceantar timpeall air (baile seirbhíse); agus an Ghaeltacht taobh thoir den Daingean (catagóir B agus C).
á drogall orm aon mhuinín a chur i gceachtar den dá thionscnamh, atá mar bhunús le cur chuige an státchórais maidir leis an nGaeilge. Táimse amhrasach faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge: ní hamháin faoi dháiríreacht an státchórais maidir lena fheidhmiú, ach bheadh ceisteanna agam chomh maith faoi chomh réadúil is atá na spriocanna ar a bhfuil sé bunaithe. Anuas air sin, ní chreidim go n-oibreoidh an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, mar atá leagtha amach in Acht na Gaeltachta 2012.
Daoine Óga i gCatagóir A – An Píopa Pollta Ní hé leagan amach na gceantar pleanála teanga is mó a chuireann díomá orm, áfach, ach an dóigh nach bhfuil mórán ráite sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge faoin mbealach ar cheart dul i ngleic le tréigean na Gaeilge i measc déagóirí sna ceantair is láidre Gaeilge. (Sa chuid is mó de na ceantair eile Ghaeltachta, níl úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide in uachtar i measc aon aoisghrúpa.)
Tá sé ceithre bliana déag ó d’iarr Pléaráca1, ar Aire na Gaeltachta Éamonn Ó Cuív, coimisiún de shaineolaithe a bhunú féachaint cén chaoi ar cheart tabhairt faoi na pobail Ghaeltachta, a raibh an Ghaeilge fós in uachtar iontu, a shlánú ón gcreimeadh teanga a bhí ag tarlú iontu. Dhiúltaigh sé i dtosach, ach tar éis dó athmhacnamh a dhéanamh ar an scéal bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta faoi chathaoirleacht Pheadair Mhic an Iomaire sa bhliain 2000, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin foilsíodh tuarascáil ghonta le moltaí praiticiúla, faoi athshocrú teorainneacha na Gaeltachta i measc rudaí eile.
Domsa, ba é an gné ba shuntasaí den Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ná an méid a dúradh faoi dhéagóirí sna ceantair is láidre Gaeilge. Tuairiscíodh 94% de na daoine óga i gceantair Chatagóir A, a bheith go láidir i bhfábhar na Gaeilge nó fábhrach go leor.4 Tuairiscíodh go gceapann 91% de na daoine óga seo go bhfuil Donncha Ó hÉallaithe ‘Gaeilge líofa nó Gaeilge mhaith’ acu agus gur tógadh 53% acu trí Ghaeilge. Ach ní labhrann ach 24% acu an Ghaeilge lena gcomhaoisigh! ‘Tá sé suntasach’ a deirtear sa tuarascáil ‘go dtagann laghdú ar leibhéal úsáide na Gaeilge i measc na ndaoine óga lena gcomhaoisigh de réir mar a théann siad in aois, ó aois na bunscoile go blianta deiridh na hiar-bhunscoile.’5
In áit gníomhú ar na moltaí a tháinig ón gCoimisiún sa bhliain 2002, bunaíodh coiste comhairlitheach i dtosach agus ansin cuireadh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT) ar bun sa bhliain 2004. Sa tuarascáil, a d’eascair as an staidéar sin, dúradh go neamhbhalbh nach raibh mórán ama fágtha ag an nGaeilge mar phríomhtheanga chumarsáide i measc an phobail sna ceantair is láidre Gaeltachta: is iad san Iarthar Dhuibhneach, Conamara Theas / Árann agus Iarthuaisceart Dhún na nGall, na ceantair a bhí rangaithe ag an Staidéar i gCatagóir A, de réir critéir teangeolaíocha intomhaiste.2
Tá an fhianaise dhoshéanta aimsithe a insíonn cén aoisghrúpa sna ceantair is láidre Gaeltachta atá ag iompó ón nGaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide. Is sna déaga atá an píopa seachadta teanga pollta. Dá réir sin, bheifeá ag súil le gníomhaíochtaí práinneacha ó Údarás na Gaeltachta, ó Roinn na Gaeilge agus ó Fhoras na Gaeilge le dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Ach faraor, ní léir dom go bhfuil aon cheo fiúntach déanta ó shin le dul i bhfeidhm ar nósmhaireacht teanga na ndéagóirí sa Ghaeltacht, agus ní léir go bhfuil aon cheo beartaithe ach an oiread.
Na Catagóirí Gaeltachta Rinne na saineolaithe critéir theangeolaíochta a mholadh, a fhéadfaí a úsáid inter alia le catagóiriú a dhéanamh ar cheantair Ghaeltachta. Míníodh go dteastódh cur chuige agus spriocanna difriúla a úsáid i gcatagóirí difriúla, mar nach mbeadh an creimeadh teanga ag an staid chéanna i gCatagóir A is a bheadh i gCatagóir B ná C.3 Faoin bpróiseas pleanála teanga atá fógraithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, níl aon aitheantas tugtha do na critéir a úsáideadh leis na catagóirí éagsúla a shocrú, rud a fhágann go mbeidh sé fíordheacair straitéis dhifriúil a chur ag obair sna ceantair laga seachas mar dhéanfá sna ceantair is láidre Gaeilge. Tá meascán de chatagóirí sa chuid is mó de na limistéir phleanála teanga atá leagtha amach ag an Roinn: mar shampla is limistéar amháin pleanála teanga í leithinis Chorcha Dhuibhne,ceantair ina bhfuil ceantair C curtha isteach le ceantair A agus B. Dá mbeadh aon seans go noibreodh an phleanáil teanga i www.feasta.ie
Is ar dhaoine óga taobh amuigh den Ghaeltacht is mó a bhíonn na tionscnaimh teanga dírithe, na Coláistí Gaeilge mar shampla. Bhí sampla iontach den bhealach ar féidir le Coláiste Gaeilge dul i bhfeidhm ar dhaoine óga, le feiceáil ar an Late Late Show Meán Fómhair seo caite, nuair a ’spáineadh na scoláirí is teagascóirí ó Choláiste Lurgan, Indreabhán i mbun leagan Gaeilge den phop-amhrán ‘Wake Me Up’.6 Fad is atá scoláirí i gcoláistí Gaeilge ag plé le hamhráin nuaaimseartha i nGaeilge, céard a chuirtear ar fáil do dhéagóirí 17
Feasta, Nollaig 2013
na Gaeltachta len iad a mhealladh i dtreo na Gaeilge? Ag Oireachtas na Gaeilge chuile bhliain cuirtear roinnt bheag comórtas ar fáil dóibh: damhsa ar an sean nós, amhránaíocht ar an sean nós, lúibíní, aithriseoireacht, agallamh beirte, scéalaíocht i modh traidisiúnta agus dreas cainte. Is maith ann iad comórtais den chineál sin, ach nár cheart go mbeadh comórtas ann chomh maith d’amhránaíocht ar an nua nós, agus do ghrúpaí ceoil nua-aimseartha ag canadh as Gaeilge?
chomh maith sprioc de chainteoirí laethúla seachtainiúla9 a chur sa Straitéis ar an gcúis go bhfuil sé deacair don chainteoir Gaeilge, nach bhfuil ag maireachtáil nó ag obair i dtimpeallacht Ghaeilge, an deis a fháil go laethúil an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais.
Cuid den fhadhb atá againn leis an nGaeilge sa tír seo ná an íomhá atá ag an teanga, de bharr í a bheith ceangailte an iomarca leis an seansaol i súile déagóirí. Ní bheadh sé ródheacair an fhadhb sin a réiteach, ach níl aon cheo sonrach sa Straitéis Fiche Bliain a réiteos é. Rinne Slógadh faoi stiúir Gael Linn an nua-aimsearthacht a cheangal leis an nGaeilge, Cén fáth nach bhféadfadh an tOireachtas é sin a dhéanamh, é sin nó féile nua a bhunú a bheadh dírithe ar dhaoine óga.
An maide draíochta atá in armlón an státchórais maidir le slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht ná Pleanáil Teanga. Creidim go bhféadfadh Pleanáil Teanga stop a chur leis an gcreimeadh teanga sa Ghaeltacht, ach é a bheith eagraithe is acmhainnithe i gceart. Ach tá an chuma ar an scéal gur próiseas páipéarachais a bhéas ann: réiteoidh eagraíocht phobail a plean agus ticeálfaidh an Roinn na boscaí cuí. D’fhéadfadh coiste pobail go leor allais agus fuinnimh deonaigh a chur amú ar réiteach plean ar pháipéar chun sástachta na Roinne, agus ag an deireadh nach mbeadh de thoradh air ach cáipéis bhreá ildaite uaillmhianach, a fhágfaí ar sheilf, gan seans na ngrást ann go gcuirfí é i bhfeidhm, mar nach léir go dtuigeann an státchóras go mbeidh acmhainní de dhíth leis an bplean a chur i fheidhm.
B’fhearr i bhfad spriocanna réadúla a bheith ann ar féidir iad a shárú, ná spriocanna gan bunús nach mbainfear amach. Pleanáil Teanga
Na Coláistí Tríú Leibhéal Feictear domsa go bhfuil sé riachtanach óg-chultúr trí Ghaeilge a chothú. Ní bheadh sé chomh deacair sin a dhéanamh ach tabhairt faoi go straitéiseach ag úsáid TG4, RnaG, an Idirlíon, an tOireachtas agus na Coláistí Tríú Leibhéal. Tá ceacht le foghlaim ó chur chuige Chumann Lúthchleas Gael sna Coláistí Tríú Leibhéal. Thart ar scór bliain ó shin thosaigh CLG ag cur oifigigh forbartha sna coláistí le fóirne a eagrú is a thraenáil. Faoi láthair tá 20 Oifigeach Forbartha lánaimseartha ag CLG ag obair sna coláistí agus dá bharr sin, tá na Cluichí Gaelacha fíor-eagraithe anois ag an tríú leibhéal.
Ceann de na deacrachtaí a bhéas leis an bPleanáil Teanga sa Ghaeltacht ná ceist na dteorainneacha. Ní raibh sé de mhisneach ag aon rialtas ó 1956 tabhairt faoi theorainneacha na Gaeltachta a athshocrú. Gheall an rialtas seo reachtaíocht ina dtabharfaí ‘sainmhíniú nua don Ghaeltacht a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíochta seachas ar limistéir thíreolaíochta, mar atá faoi láthair’.10 Is a mhalairt a tharla nuair a achtaíodh Bille na Gaeltachta 2012, gan glacadh le hoiread is leasú amháin.
Deinim amach go bhfuil thart ar 10,000 scoláire ag fáil scolaíocht iarbhunoideachais trí Ghaeilge sa tír. Ar an gcaoi sin bíonn breis is 1,500 acu sin ag déanamh na hArdteiste gach bliain agus tá an líon ag fás. Seans maith go dtéann 1,000 ar a laghad ar aghaidh go coláistí tríú leibhéal. Seo an spriocghrúpa ar ar cheart a bheith ag díriú sa Straitéis Fiche Bliain. Dá mbeadh airgead7 curtha ar fáil le hoifigigh forbartha a chur isteach i gcuid de na coláistí tríú leibhéal le imeachtaí is clubanna sóisialta trí Ghaeilge a eagrú do na cainteoirí líofa Gaeilge seo, seans go bhféadfaí suas le 500 Gaeilgeoir líofa sa chéad bhliain den choláiste a mhealladh le Gaeilge a úsáid go sóisialta eatarthu féin ar an gcampas. Tar éis ceithre bliana bheadh suas le 2,000 macléinn eagraithe sna coláistí tríú leibhéal i gclubanna sóisialta Gaeilge. Indéanta? Cinnte, ach na daoine cearta a chur ina bhun.
Sampla maith den chur i gcéill is ea Gaeltacht Chathair na Gaillimhe. Tá cónaí ar 15,000 duine i gCathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht oifigiúil, dar le Roinn na Gaeltachta. Ní de bharr aon chritéir teangeolaíoch atá na daoine seo sa Ghaeltacht, ach de bharr gur tógadh eastáit mhóra tithíochta taobh laistigh de na teorainneacha a socraíodh i 1956, in áiteanna cosúil le Cnoc na Cathrach agus Tír Oileáin. In ionad an scéal a chur ina cheart, rinne Acht na Gaeltachta stádas Gaeltachta na n-eastát sin a dhaingniú ad infinitum!11 Ní hé nach bhfuil daoine anseo is ansiúd sna heastáit sin a bhfuil Gaeilge den scoth acu, agus sásta í a úsáid dá bhfaighidís an deis. Tá cinnte, ach tá sin amhlaidh faoi chuile eastát tithíochta i gCathair na Gaillimhe.
An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge:
Ansin, nuair a bhreathnaítear ar na critéir atá le húsáid agus pleananna teanga á gcur le chéile, is deacair a chreidiúint go bhfuil an státchóras dáiríre faoin bpróiseas. Ar an gcuid is mó, is iad na critéir chéanna a bhéas in úsáid ar fud na tíre. Mar shampla is é an critéar céanna oideachais a bhéas le húsáid ag Údarás na Gaeltachta ar an Tulach i gCois Fharraige12 is a bhéas á úsáid ag Foras na Gaeilge i gCeatharlach: dochreidte, ach tá sé mar a chéile focal ar fhocal don dá áit.13 Nuair atá seafóid mar sin ar bun ag an státchóras, is deacair aon mhuinín a chur sa phróiseas pleanála teanga mar is ag magadh fúinn atá siad.
Tá go leor i saol na Gaeilge ag cur muiníne sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge faoi láthair, in éagmais aon cheo eile. Níl aon mhuinín agamsa as, faraor. An bhunfhadhb leis an Straitéis ná seo: tá an phríomhsprioc faoi líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú go 250,000 faoi 2030 míréadúil agus as cuimse. B’é an tAire Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív, a roghnaigh an figiúr 250,000, gan aon bhunús eolaíoch leis. Theastódh ardú de 5.7% gach uile bhliain, ar feadh scór bliain, nó ardú 32% gach tréimhse cúig bliana leis an sprioc a bhaint amach. Bheadh sé níos réadúla a bheith ag súil le hardú de 5.7% chuile 5 bliana seachas chuile bhliain.8 Mholfainn féin ardú ó 80,000 go 120,000 i líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais, ach mholfainn www.feasta.ie
Focal scoir Mar a fheictear domsa é, tá spiorad na ndaoine ar chás leo an Ghaeilge briste ag an státchóras. Níl sa Straitéis ach bealach le muid a choinneáil ciúnaithe ar feadh píosa eile. 18
Feasta, Nollaig 2013
Brat deataigh atá ann le neamart an státchórais i leith na Gaeilge a chlúdach orainn. Tugadh dúinn an Straitéis Fiche Bliain ar an gcaoi a thabharfá milseáin do ghasúr len é a choinneáil ó chaoineadh. Nuair is féidir leis an státchóras a rá nach gá ach 6% de dhaoine le Gaeilge a earcú sa státseirbhís le leigheas a fháil ar an nganntan mór oifigeach stáit atá in ann déileáil le lucht na Gaeilge sa chéad teanga oifigiúil, is deacair a bheith muiníneach as an Straitéis. Ar an láimh eile, tá diúltaithe ag an státchóras teorainneacha na Gaeltachta a shocrú de réir critéir theangeolaíoch, agus ina áit sin, tá córas pleanála teanga á bhrú ar phobail Ghaeltachta nach noibreoidh agus nach mbeidh de thoradh air ach teip, cur amú fuinnimh agus briseadh misnigh. Leis an gceist a fhreagairt ‘Arbh Fhiú an Braon Allais?’ chaithfinn a rá go mb’fhiú go mór an braon allais a caitheadh le Raidió na Gaeltachta a bhunú; go mb’fhiú an braon allais a caitheadh leis an bhfeachtas chun TG4 a chur ar an aer; b’fhiú an braon allais a chaitheamh le comharchumainn Ghaeltachta a bhunú sna seascadaí is sna seachtóidí; b’fhiú an braon allais a caitheadh le Acht na dTeangacha Oifigiúla a fháil, faoinar bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. Ach é sin ráite, ní dóigh liom gur fiú braon allais amháin a chur amú le bheith ag iarraidh pleananna teanga a réiteach faoi théarmaí Acht na Gaeltachta 2012. TAGAIRTí 1. Eagraíocht phobail is ea Pléaráca, atá lonnaithe i Ros Muc ach a fheidhmíonn i nGaeltacht Chonamara. Ag an am bhíos im chathaoirleach ar an eagraíocht. 2. Níor chuir na saineolaithe fiacail ann agus dúradh sa tuarascáil go raibh na pobail Ghaeltachta I gCatagóir A ‘a bhfuil an Ghaeilge in uachtar iontu go fóill mar theanga pobail’ ag tíocht ‘faoi bhagairt an aistrithe teanga’. (lth. 24) 3. Dúradh sa tuarascáil gurb é an cuspóir ‘is cóir a bheith leis an bpleanáil teanga i limistéir Chatagóir A ná dlús na gcainteoirí Gaeilge a chosaint iontu agus tacaíocht a chur ar fáil a dhéanfaidh buanú ar úsáid na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus phobail iontu. Beidh cuspóir eile i gceist leis an bpleanáil teanga i limistéir Chatagóirí B agus C.’ (lth. 25) 4. Léas dóchais an figiúr sin agus is cosúil go ndúirt 80% acu go mbeidís ‘míshásta dá mba é an Béarla amháin a bheadh á úsáid sa Ghaeltacht amach anseo nó dá mbainfí an stádas Gaeltachta den cheantar a bhfuil cónaí orthu ann’. (lth. 26) 5. I gCatagóir A titeann leibhéal úsáide na Gaeilge lena gcomhaoisigh ó 41% don aoisghrúpa 5-8 mbliana go 24% don aoisghrúpa 15-18 mbliana. (lth.26) 6. Is féidir breathnú air an taispeántas a thug lucht Choláiste Lurgan ar: www.youtube.com/watch?v=gGT0CgHJOfE 7. Cosnaíonn sé thart ar €10,000 ar ChLG ar gach oifigeach forbartha lán aimseartha atá acu sna coláistí tríú leibhéal. Cuireann na coláistí roinnt airgid isteach sa scéim. Glacaim leis nach mbíonn siad fostaithe ach don bhliain acadúil, thart ar leath den bhliain. 8. Dá mbeadh ardú de 5.7% ann gach cúig bliana, mhéadódh sin an líon cainteoirí laethúla Gaeilge ó 80,000 go 100,000 faoi 2030. Le hardú 10% chuile 5 bhliain, figiúr a bheadh uaillmhianach ach inbhainte im thuairimse, bheadh an líon cainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais ardaithe go 117,000 faoi 2030. 9. Sa bhliain 2011 bhí beagán os cionn 110,000 duine a dúirt go labhrann siad Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais go seachtainiúil sa bhreis ar an 80,000 a labhrann www.feasta.ie
í go laethúil. Ar an gcaoi sin tá beagnach 200,000 ag úsáid Ghaeilge ar a laghad go seachtainiúil taobh amuigh den córas oideachais. Bheadh sé réadúil an figiúr sin a mhéadú go 250,000 nó 300,000 taobh istigh de scór bliain. 10. B’shin a gheall an tAire Stáit, Dinny Mc Ginley ar an 26 Aibreán 2012, agus é ag fógairt tús a bheith curtha leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, ag ócáid phoiblí ar an gCnoc i gCois Fharraige. 11. Deireann Mír 7 d’Acht na Gaeltachta 2012 go bhfuil stádas Gaeltachta ag ceantar ar bith le haitheantas oifigiúil Ghaeltachta roimhe sin, agus chuir Alt 5 deireadh leis an gcumhacht a bhí ann faoi Alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe 1956 na teorainneacha Gaeltachta a athrú, ach Ordú Rialtais a dhéanamh. 12. Tá an Tulach ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír le 67% de na daoine ag maíomh go labhrann siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas oideachais. 13. An critéar oideachais a bhéas le húsáid ag Údarás na Gaeltachta sna Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta agus ag Foras na Gaeilge do Líonraí Gaeilge taobh amuigh den Gaeltacht: ‘5. Oideachas bunscoile agus iarbhunscoile trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa phobal iomchuí, de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge I scoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla mar is cuí.’ [I.R. Uimh. 357 de 2013].
I
Amhrán na hÉireann le roghnú don Fhéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2014
gCeatharlach a bheidh an comórtas náisiúnta arís in 2014. Is gá na focail agus an ceol a bheith nuachumtha. Glacfar le hamhrán traidisiúnta, pop-amhrán, amhrán tíre, amhrán rac-cheilteach agus eile. Is gá iarratais a bheith ar dhlúthdhiosca agus a sheoladh chuig: An Comórtas Amhrán Pan-Cheilteach 2014, Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach, roimh 5.00p.m. Aoine, 31 Eanáir ’14. Canfar amhráin an ghearrliosta os comhair lucht éisteachta ag an gComórtas Náisiúnta ins an Óstán Seven Oaks, Ceatharlach, Satharn, 8 Márta, 2014. IMRO a bheidh mar phríomhurra ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn. €1,000 agus trófaí an duais don bhuaiteoir. Raghaidh an t-amhrán ar aghaidh chuig an comórtas idirnáisiúnta ag an bhFéile Pan-Cheilteach i nDoire, 22-27 Aibreán. Beidh comórtas speisialta i mbliana d’iomaitheoirí faoi 17. Fáiltítear roimh amhráin nuachumtha ó amhránaithe aonair agus ó ghrúpaí óga ceoil. €200 agus trófaí an duais. Glór Cheatharlach a eagróidh an comórtas náisiúnta agus beidh ceoltóirí aitheanta i mbun moltóireachta. Ollie Hennessy an stiúrthóir ceoil. Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an chur i láthair. Beidh amhrán na hÉireann in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile as Albain, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus An Bhriotáin don Chorn Pan-Cheilteach agus duais mhór airgid. Rialacha uile agus foirmeacha iarratais an chomórtais náisiúnta ar www.panceltic.ie. Seol ríomhphost chuig eolas@glorcheatharlach.ie nó glaoigh ar oifig Ghlór Cheatharlach ar 059 9158105, 085 1340047 nó 087 2857048.
20
Feasta, Nollaig 2013
Sleachta as na Síscéalta Saofa de réir an Toitlaoigh
Caint a dhein Tadhg Ó Dúshláine ag seoladh Rabhadh Dánta le Alan Titley oíche ómóis iMRAM do Alan Titley, McGrattans, Baile Átha Cliath, 19/10/2013 na cille dó; ná raibh ann ach an Fear Dána a tháinig, ní chun síochána ach Chun Doirne le cliar na critice. Agus an dream nár chreid gur Tháinig Godot chuireadar Eiriceachtaí agus scéalta eile ina leith. Ach mhínigh sé a mhisean i bparabail dóibh mar leanas:
AN CHÉAD LÉACHT: I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh. …Agus dúirt Dia: ‘Bíodh solas ann,’ agus bhí solas ann, agus ní raibh aon neach ann le rá nach raibh sé go maith. Agus ba é sin an chéad lá…
Beag an bheann a bhí agam féin ar aon cheann díobh sin go dtí gur thosnaigh na scéalta seo ag tuirlingt chugam ceann ar cheann. Áisiúil an fhoirm í chun mórán a rá i mbeagán focal. Aithneoidh lucht a gcloiste nach bhfuil ach dorn ábhar agam ar aon tslí – an pholaitíocht, an reiligiún, an litríocht, an ghaois, an t-oideachas, daoine, an saol thall agus abhus – nithe mar sin.
Ar an seachtú lá bhí an chuma air gur chríochnaigh Dia an obair a rinne sé… nuair a chuala sé an duine á rá: ‘Sé lá! Thóg sé sé lá ort an praiseach seo a chur le chéile?! Sé lá? Is mór é m’amhras gur cur amú ama é sin duit. Is fearr a dhéanfainn féin é dá mbeadh na téarmaí i gceart!’ Agus dúirt Dia go raibh go maith, ach dúirt an duine nach raibh maith go leor…
A
gus, a chairde reibiliúnaithe, bhíodh an Toitlaoch ag dul timpeall ag dó agus ag loscadh agus ag scrios agus ag cur nithe agus foirgneamh agus áitreabh trí thine. Agus nuair d’fhiafraíodh de cén fáth d’fhreagair sé: ‘mar ní bheadh a fhios ag aon duine go raibh struchtúir ann mura mbeadh an toit agus an tine agus na lasracha.’
‘Más é sin an fuadar atá fút’, arsa Dia, ‘bíodh agat.’ ‘Beidh,’ arsa an duine. AN DARA LÉACHT: ‘Díol a bhfuil agaibh agus tabhair do na boicht iad,’ a dúirt sé, gan ach ná agús.
Agus a chairde na cúise, is é an Toitlaoch na briathra sa tslí go gclaochlaítear gach a mbaineann leis, idir anam is chorp, chun friotal focal a fhágann an t-údar ar chomhshubstaint lena shaothar liteartha, agus sa tslí gurb é Titley fírinne na fáistine sin as ar fáisceadh é faoi scáth an Chorcaígh cháiliúil eile sin, Seán Ó Ríordáin, a dúirt:
‘An ceart agus an chóir i gcónaí fiú má thiteann an spéir’ Níorbh aon iontas é gur thosnaíodar á thréigean go gasta.
Is iad na scríbhneoirí a mhúsclóidh an teanga agus is í an teanga mhúscailte a mhúsclóidh na daoine chun labhartha na Gaeilge. (Eireaball Spideoige, Réamhrá, lch 25)
AN TRíÚ LÉACHT: Bhí an t-áilteoir ar leaba a bháis. Bhí a shaol caite aige ag gáire is ag magadh faoi dhaoine dúra an tsaoil… Bhí a chairde gaoil ina thimpeall… bhí cuid acu ag gol is ag sileadh na ndeor … Féach’, arsa an t-áilteoir, ‘is mar seo atá. Is gairid Dia uaim… Má fheiceann Sé… sibhse bailithe timpeall anseo chomh dúr le búir… tiocfaidh an tuairim shuite Chuige gur balaics gruama mé… agus dá réir sin, cuirfidh go hifreann síos mé. In ainm Dé – agus i m’ainmse, leis – múscail, cuirigí aoibh oraibh, bígí soilbhir, suairc, sonasach, agus déanaigí gairdeachas.
Ach ní raibh i ngramaisc na daonphoblachta san ach queer hawks, flea bags agus tarryboyos agus nuair nár aithníodar é ina dhúthaigh féin d’éalaigh sé uathu faoi choim na hoíche agus dhein a dheasghabháil chun na hardchathrach, mar a bhfuarthas i measc na saoithe i nDroim Conrach é i mbun idirmhínithe ar na scríbhinní diaga, agus réabadh reilige á dhéanamh aige ar an gcanóin go dásachtach dána mar leanas: Raghaidh mé síos i measc an tslua Is raghad síos ar bhus Is raghad síos i lár na hoíche San uaigneas. …… Is loirgeod an rún filíochta Na focail draíochta A bhíonn ag cat.
Sin iad briathra an Toitlaoigh.
Is mar sin siar go heireaball timpeall ag tabhairt an dá mhéar don tseanreacht.
A
gus a dheisceabail ionúine, léamar gach a scríobh sé lenár súile féin agus cuid againn den dtuairim gurbh é an tAth. Peadar ar a athbhreith é; ach shéan sé sin á rá gurbh fhada Méirscrí na Treibhe leis féin ná Séadna . ‘An tú an Cadhnach iar bhfilleadh?’ d’fhiafraigh cuid againn: ach thug a sheanléim aclaí iomána agus dúirt gur fada fós ó chré
www.feasta.ie
Rabhadh Dánta, lch 68
Agus chuaigh Máirtín Coilféir ina theachta réamhrá roimhe ag fógairt atheacht an Toitligh sub speciae aeternitatis na filíochta. Agus bhí ionadh agus alltacht orthu san a bhí cruinnithe i seomra uachtar McGrattans, faoi mar a bheidís tar éis lán a súl a bhaint de chúl bhosca toitíní nuair a thuirling 21
Feasta, Nollaig 2013
Rabhadh Titley ina spréacharnach filíochta orthu, á líonadh de ghaois is de thíodhlaicí an spioraid, ag craobhscaoileadh aisling dóchais an nua-reachta go dúshlánach liotúirgeach mar leanas:
An rud a thosnaíonn i gcloigeann an amadáin, faigheann sé nead i gceann an eacnamaí ….
An chéad uair eile nuair a thiocfaidh an Bhéist … lch 1 Tiocfaidh sí chomh húr le drúcht na maidine agus beidh solas mhí na meala ar crochadh óna cluasa…
Tá guth na braistinte fíorlag, agus guth na tuairimíochta mós mór …. lgh 23 – 26
Tá filíocht Tumbuktu i bhfad uainn, ach tá Leaga Shíoda ar lic an dorais ….
Agus ar an dtreas lá osclaíodh a gcluasa agus chualadar é i mbun na n-amhrán dóchais ó éirí go luí na gréine, agus chanadar d’aonghuth i gcuibhreann a chéile:
Fágann an scéala dóchais seo ceathrar marcach na hApacailipse gan lúth gan luadar: An chéad duine díobh ar sheanaghroga An dara in airde ar asal An tríú agus an ceathrú, ceann ar cheann, Ar mhiúil agus ar chamachamall.
Creidim san aon chineáltas amháin, Sa charthanacht uilechumhachtach, A ghluaiseann bodhar agus balbh, Agus san uile shuáilce nach bhfuil aon ainm againn orthu.
lch 3
Agus cuireann sé ar an lic do lucht na bréagchráifeachta nach bhfuilid ach ina niúdaithe neádaithe, ag humáil is ag hamáil timpeall ar an gcothrom féinne:
Agus creidim san aon chine daonna amháin, Mic agus iníonacha agus ginte Dé a tuismíodh san Afraic sula raibh aon scaipeadh daoine ann. lch 103
Bhí ocras orm agus Chuir tú coiste ina shuí.
Agus leathnaíonn an creideamh sin amach ina chomóradh ar an uile ní faoi spéir na samhlaíochta, chomh liriciúil, muinteartha, macánta le Cantic na gCaintic le Proinsias d’Assisi:
Bhí ocras orm agus Dúirt tú liom foighneamh. Bhí ocras orm Dúirt tú go dtógann réiteach faidhbe tamall.
A
Is sléachtaim roimh na nithe go léir nach dtuigim, Roimh an spiorad a ghluaiseann ar na huiscí, An salm a chanann an t-asal… An folús idir dhá chamóg… Coiscéimeanna an earraigh i gcorp an gheimhridh istigh. lch 106
lch 5
gus insíonn sé parabail chun go n-aithneodh na daoine simplí go raibh marbhfháisc curtha ag Fairisínigh an léinn ar a n-oidhreacht shaibhir agus leithéid Mossy Mhuiris Maurice, seanchaí, sniogtha ina phreas agus dóite ar dhiosca acu agus an fear bocht féin fágtha ina bhalbhán:
Agus é ar lasadh le spiorad na daonnachta cuireann a phaidir dhúthrachtach ina sraith phráinneach arraingeach achainíocha: PAIDIR Ar son an seacht mbilliúnú duine –
‘Fan go gcoisfidh tú,’ arsa an bailitheoir, d’aththochrois an téip agus chuir an scéal ar siúl.
Go dtaga tú slán ón mbroinn, mar is mó duine nach dtagann. Go dtaga tú slán ón gcliabhán más cailín tú san India, nó sa tSín, mar is mó girseach eile nach dtiocfaidh….
‘Cé hé sin ag caint?’ d’fhiafraigh Mossy, agus idir iontas agus phus air. ‘Ara, fan go gcloisfir an scéal ar fad,’ arsa an bailitheoir. Más féidir le meaisín scéal mar sin a aithris ní fiú domsa a bheith leis níos mó.
Go gcloise tú an ceol nár chuala aon duine fós, ach tú féin amháin. Go suífí tú ar stól beag ded dhéantús féín, seachas ar chathaoir mhór a dhein do shinsir duit….
Nílim chun scéal ar bith eile a insint go brách an fhaid a mhairfead.’
Go maire tú do shaol féin mar ní ficsean duine ar bith eile é….
Agus níor dhein.
Go maire spiorad an naíonáin ionat go fiú is má fhásann tú suas. lgh 108 - 110
‘Pé duine é, arsa Mossy, ‘tá sé ar fheabhas ar fad ….
lch 84
Agus insítear anseo faoi mar ar chuir sé scaipeadh na mion éan ar shaoithe an léinn, nuair a thástáil sé iad le mám bheag tomhaiseanna:
Agus críochnaíonn le hiomann ceiliúrtha mhíorúilt na giniúna agus na beatha:
Cé a shlogann na poill go léir I gcás na hEilvéise? Daidí na Nollag féin An raibh sé riamh óg?
Ní hé d’imeacht as an saol seo is mó is ionadh Ach do theacht isteach. Is í seo an mhíorúilt mhór! Gur tusa seachas an síol sin a thit le fána anuas A bhuail an sprioc, gur tusa an neacháinín óir….
Cad a thabharfaí ar an tríú mí dhéag Dá mbeadh sí ann?
Is tusa tusa agus mise mise sinne go léir ar fad Sifíní aeracha ábharacha a tháinig slán ón slad.
A
lgh 85 – 91
Agus tá mórán eile a deir sé linn, ach nach é seo an t-am ná an áit lena chraobhscaoileadh, ach áitíonn orainn a mheabhrú gur ‘ceol reoite is ea an fhilíocht’ agus a bheith ag leá agus ag díleá ar seo.
n oíche a tugadh suas é thóg sé Bíobla na nGaelgeoirí, ris a ráitear Leabhar na Seanfhocal, bhris agus thug dóibh é á rá (nó, seo éirim a ndeir sé, dar liom): tá na seanfhocail seo róshean; cleactaíg na nuafhocail seo agus cuimhníg orthu sna laethanta atá le teacht:
Sin é Rabhadh an Toitlaoigh
I lúib gach cruinnithe istigh tá ar a laghad aon bhalaics amháin … www.feasta.ie
lch 111
Tá an t-aitheasc thart, an Rabhadh fógartha, seolta, fanaigí don seó dán. — Críoch 22
Feasta, Nollaig 2013
Ekphrasis? an Gearrscannán ‘Oíche nollag’ le Muiris Ó Meara Bhain W. h Auden, file, earraíocht as Ekphrasis sa dán The Shield of Achilles d’fhonn an saol comhaimseartha a cháineadh agus a chur i gcomórtas le domhan Aicill. D’áiteoinnse go bhfuil a mhacasamhail de chodarsnacht chriticiúil i gceist go láidir sa ghearrscannán oíche Nollag, …
C
Aicill. D’áiteoinnse go bhfuil a mhacashamhail de chodarsnacht chriticiúil i gceist go láidir sa ghearrscannán Oíche Nollag, agus tá fúm gnéithe áirithe den gcritíc sin a aibhsiú san alt seo.
raoladh an tsraith ‘Nead an Dreoilín’ ar TG4 in 2008. Ba iad an Chomhairle Ealaíon agus TG4 a mhaoinigh an tsraith seo agus dhein Feenish Productions obair nótáltha ar léiriú na sraithe. Is é an aidhm a bhí leis an tsraith ná ardán físiúil a sholáthar don fhocal scríofa sa tslí is go bhféadfadh lucht féachana TG4 blaistíneacht ‘eile’ a dhéanamh ar shaothar na bhfilí a roghnaíodh. Roghnaíodh sé dhán trí chéile don tsraith1 seo agus tá na gearrscannáin úd ar fáil ar Youtube2 i gcónaí.
Ó thús ré na scannán i leith, nach mór, tá an dialachtaic idir an ghné fhíseach agus an ghné bhriathartha ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí agus inspéise d’ealaíontacht na scannánaíochta. San alt seo, tá fúm an tslí ina gcruthaítear déantúsán nó artafacht fhísiúil ón fhocal scríofa sa ghearrscannán seo a shainiú de réir analaí leis an bpróiseas Ekphrasis. Is í an tuiscint choinbhinsiúnach atá suas i dtaca le Ekphrasis ná gur ‘…verbal representation of [a] visual representation’ a bhíonn i gceist, de ghnáth (Al-Nakib 2005:253). Is féidir linn an tuiscint choinbhinsiúnach seo a inbheartú, áfach, mar ‘…by definition, [Ekphrasis]… is the expression of one form of representation in terms of another’ (ibid.). Tráchtaireacht fhísiúil ar an mbundán atá i gceist sa phróiseas seo agus san alt seo, déanfar cúram ar leith den ath–láithriú foirmiúil (formal re–presentation) seo.
Má shamhlaím tour de force físiúil leis an tsraith bhunúil seo ní dóigh liom go bhfuilim ag dul thar cailc na críonnachta, ná baol air, agus leasmháthair a thógfadh orm an chraobh a bhronnadh ar na gearrscannáin filíochta seo. Ar éirigh leis mar shraith? Má fhágtar áireamhán an chuntasóra i leataobh, agus má bhaintear feidhm as slat tomhais aeistéitiúil d’fhonn fiúntas na sraithe a mheas, níl aon cheist faoi ach gur éirigh go seoigh léi agus bíodh a fhianaise sin ar na gearrscannáin ar Youtube. D’áitigh Patrick Kavanagh, tráth, nár thit arm seasta na bhfilí in Éirinn faoi bhun cúig mhíle duine riamh (O’Donoghue 2005). ‘Mór an trua nár thit!’ a déarfadh an cinicí ar an gclaí á fhreagairt, b’fhéidir, mar is ‘trudaireacht’ à la Dáibhí Ó Bruadair3 seachas troid fhileata à la Walter Benjamin4 a bhíonn ar siúl ag tromlach an airm réamhluaite formhór an ama! Níl tuairim sin an cinicí iomlán fíor, ar ndóigh, agus tá scata curadh-fhilí Gaeilge i measc an airm réamhluaite i láthair na huaire. Nár mhaith an mhaise é ar TG4 dá bhféadfaí an t-ardán físiúil céanna a sholáthar do na filí úd d’fhonn curadhmhíreanna na filíochta comhaimseartha a roinnt ar phobal na Gaeilge arís?
Is é an chéad radharc a fhaightear sa ghearrscannán ná seat ceamara de dhealbh Jim Larkin ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Cuimsíonn an seat seo luachanna Sóisialacha láithreach, ar ndóigh, ach braithim go bhfuil débhrí ealaíonta nó imeartas físiúil i gceist anseo, leis, mar chuimseodh an seat seo dealbh croschruthach amhail an Cristo Redentor i Rio de Janeiro nó a mhacasamhail, b’fhéidir, más go caolchúiseach féin é.
Ach ‘cé a cheannódh dán?’ a déarfaidh an cuntasóir glic. Nó níos measa fós, b’fhéidir, cé a choimisiúnódh gearrscannán faoi dhán ar na saolta seo? Neosfaidh an aimsir. Idir an dá linn, ba dheas liom díriú ar ghearrscannán amháin ón tsraith seo, mar atá, Oíche Nollag.5
A
g deireadh an seat seo, áfach, ní féidir linn an dealbh a fheiscint a thuilleadh agus deintear tulsuíomh físiúil (foregrounding) ar an mbolgán leictreach. Insint fháthchiallach is ea í seo a chiallaíonn an próiseas nuaaoisithe don lucht féachana .i. cúlú ó luachanna an tsaoil thraidisiúnta go dtí solas nó ‘enlightenment’ (mar dhea) an tsaoil nua-aoisigh.
Tá an mionchur síos a dheineann Hóiméar ar sciath Aicill san Illiad (leabhar XVIII) ar cheann de na samplaí is luaithe dá bhfuil againn de Ekphrasis (Francis 2011:708). Cur síos fileata ar dhéantúsán físiúil samhalta (.i. an sciath) atá i gceist sa sliocht réamhluaite agus is féidir linn Ekphrasis a shainiú sa chás seo mar dhialachtaic chruthaitheach thrasfhoirmitheach idir dhá mheán ealaíne .i. an ghné fhísiúil agus an focal.
Cad a bhí i gceist agam nuair a luaigh mé luachanna traidisiúnta san alt réamhluaite, más ea? Athinsint fhileata is ea dán Mháire Mhac an tSaoi, go bunúsach, ina ndeintear logánú Gaeltachta ar an scéal bíobalta a fhaightear i Lúcás 2:1-7.7 Baintear earraíocht dhraíochtúil as na coinnle a luaitear ag tús an dáin d’fhonn creideamh comhchoitianta an phobail a chuimsiú agus a léiriú go físiúil.
Go deimhin, bhain W. H Auden, file, earraíocht as Ekphrasis sa dán The Shield of Achilles6 d’fhonn an saol comhaimseartha a cháineadh agus a chur i gcomórtas le domhan www.feasta.ie
Cuimsítear cumasc de luachanna Sóisialacha agus Críostaí i dteannta a chéile anseo, dar liom, agus is féidir linn ionannú a dhéanamh idir na luachanna a chuimsíonn an seat ceamara seo agus na luachanna a bhíodh mar dhúshraith ag pobal na Gaeltachta tráth .i. an Comhar, an Meitheal agus an Creideamh Caitliceach.
23
Feasta, Nollaig 2013
Is mar shamhlaoid a fheidhmíonn na soilse míobhánacha seo tríd síos sa ghearrscannán seo, d’fhonn critíc a dhéanamh ar luachanna lonracha an Tíogair Cheiltigh, … Bhí, agus tá sé fós de nós ag daoine coinnle a lasadh aimsir na Nollag d’fhonn fáilte a chur roimh an Maighdean Mhuire agus Naomh Iósaf. Is go fíortha a fheidhmíonn na coinnle san insint seo d’fhonn na luachanna traidisiúnta ba bhonn le haontacht an phobail orgánaigh a chuimsiú. Sa chéad seat eile sa scannán, léirítear an teannas dialachtaiciúil idir an ghné bhriathartha agus an ghné fhísiúil go greanta. Sa seat seo, baineann na soilse meisciúla radharc na súl dínn nach mór, ar shlí, agus cuimsíonn an seat seo meisce nó daille an tsaoil nua-aoisigh i gcomórtas le solas na gcoinnle traidisiúnta thuasluaite. Go deimhin, aibhsítear an trasfhoirmiú atá tagtha ar na luachanna traidisiúnta sa saol comhaimseartha trí mheán na soilse seo agus ar deireadh, is mar shamhlaoid a fheidhmíonn na soilse míobhánacha seo tríd síos sa ghearrscannán seo d’fhonn critíc a dhéanamh ar luachanna lonracha an Tíogair Cheiltigh, na luachanna a bhí ceannasach nuair a deineadh an gearrscannán seo in 2008 .i. luachanna an nualiobrálachais (laissez-faire eacnamaíoch) agus an t-indibhidiúlachas héadónach a sceitheann an nualiobrálachas réamhluaite. Sampla eile den dialachtaic idir an focal agus an fhís is ea an tráchtaireacht fhísiúil a dheintear ar an líne ‘adaigh an tine is téir chun na leapan’. Tá feidhm fhíortha ag an ‘tine’ agus an ‘leaba’ anseo mar ciallaíonn siad an saibhreas inmheánach— pearsanta agus poiblí araon —a bhí ag an líon tí sa saol traidisiúnta. Murab ionann is na luachanna inmheánacha seo, áfach, tá an saol nua-aoiseach ciaptha de shíor ag luacháil sheachtrach. Sampla iontach den luacháil sheachtrach seo is ea na tithe clúdaithe le soilse gáifeacha sa ghearrscannán. Cuireann an insint fhísiúil seo ceist dhúslánach ar an lucht féachana, ar ndóigh, agus is féidir linn an cheist seo a shainiú sna téarmaí seo a leanas faoi mar a dheineann Luc Ferry (2005): ‘Ciacu is tábhachtaí sa saol comhaimseartha?’ arsa Ferry: (i) ‘la vie bonne’ gona luachanna inmheánacha? nó (ii) ‘la vie réussie’ gona luacháil sheachtrach? Áitíonn fianaise fhísiúil an ghearrscannáin orainn nach fiú gal soip an ‘luacháil sheachtrach’ i gcomórtas le ‘luachanna inmheánacha’ comhchoitianta an phobail, dar liom.
T
har aon ní eile, áfach, braithim gur critíc láidir is ea an gearrscannán seo ar an réadú (reification) a deineadh in Éirinn le blianta beaga anuas ar luachanna bunaidh na Nollag. Ní hiad na luachanna traidisiúnta atá i dtreis a thuilleadh i mBaile Átha Cliath, ná baol air, dhealródh, agus ar chuma aisteach éigin deintear luacháil ar an Nollaig anois i dtéarmaí tagartha an mhargaidh. Léirítear an réadú seo trí allagar físiúil a chruthú idir na deilbhíní sa mháinséar agus na mainicíní i bhfuinneog an tsiopa, Clerys. Anuas air sin, cáintear luachanna agus daille na ‘gceannaithe olla agus síoda’ go héiritheach sa ghearrscannán agus léirítear nach daille go daille na ‘soilse … i dtigh sin na haíochta’, mar a bhfuil na caipitlithe rachmasacha (.i. na ceannaithe) ag fáil ‘cóiriú gan chaoile bia agus deoch’. Faid is atá boic na dtodóg mór á mbeathú féin, áfach, tá geamairecht shearbh na Nollag ag titim amach ar shráideanna na cathrach mar a bhfuil oidhrí comhaimseartha Mhuire agus Iósaf ar easpa dídine. Deintear nasc éifeachtach idir an scéal bíobalta agus an fhadhb dhídine i mBaile Átha
www.feasta.ie
Cliath agus is é an tátal atá le baint ón insint seo, dar liom, ná go ndallann na soilse gáifeacha agus luachanna an mhargaidh sinn ar fad, nach mór, ar luachanna bunaidh na Nollag. Níl sé seo iomlán fíor, áfach, agus tá fianaise áirithe sa ghearrscannán seo go bhfuil imir éigin den tuiscint thraidisiúnta i dtaca le luachanna na Nollag fós i dtreis sa chathair. An grúpa amhránaithe a fheictear ag canadh na gcarúl, mar shampla, nó an máinséar ar shráid Uí Chonaill. Tá léas dóchais ag deireadh an ghearrscannáin seo, leis, nuair a fheictear coinneal aonair i bhfuinneog an tí. Áitíonn an seat ceamara deireanach seo orainn go bhfuil teachtaireacht bhunaidh na Nollag fós beo in áiteanna ach tá athrú nó trasfhoirmiú tagtha ar mheán na teachtaireachta (.i. an coinneal leictreach) sa saol nua-aoiseach. Cuireann an t-athrú ceoil ón mionghléas go dtí an mórghléas go mór leis an insint fhísiúil dhearfach sa seat deireanach, mar críochnaíonn an gearrscannán ar ‘nóta dóchasach’. B’fhéidir nár mhiste a rá gur rogha thar a bheith éifeachtach is ea an cóiriú atá déanta ar an ‘Coventry Carol’8 don ghearrscannán seo, leis. Gearrscannán tábhachtach is ea Oíche Nollag a léiríonn an tslí inar féidir linn earraíocht éifeachtach a bhaint as an oidhreacht thraidisiúnta Ghaelach i saol poiblí na tíre d’fhonn critíc áititheach éifeachtach a dhéanamh ar luachanna ceannasacha an status quo. Is minic a shamhlaítear simplíocht chúlchéimnitheach leis an oidhreacht thraidisiúnta seo i saol poiblí na tíre, faraor, ach solaíd iontach is ea an gearrscannán seo a léiríonn an poitéinseal radacach treascrach atá ag an oidhreacht Ghaleach, agus a thaispeánann an tslí inar féidir le pobal na Gaeilge athmhúnlú agus trasfhoirmiú a dhéanamh uirthi d’fhonn allagar freasúrach ceistitheach a chothú i ndioscúrsa poiblí na tíre. TagairTí: TagairTí • Al-Nakib, M. (2005) Assia Djebar’s Musical Ekphrasis. In Comparative Literature Studies. 42(4), 253-276. • Ferry, L. (2005) Qu’est-ce qu’une vie réussie?. LGF, Paris. • Francis, V. (2011) Beyond Description: Ekphrasis and the Expanding Lens. I • Callaloo. 34(3), 708-710. • O’Donoghue, B. (2005) Poetry in Ireland. I The Cambridge Companion to • Modern Irish Culture (eag. Cleary & Connolly). Cambridge University Press, • Cambridge, 173-189. 1. Dánta le Máire Mhac an tSaoi, Biddy Jenkinson, Nuala Ní Dhomhnaill, Louis de Paor, Mícheál Ó Cuaig & Gearóid Mac Lochlainn faoi seach. 2. Ar fáil: www.youtube.com/playlist?list=PL59DAB80D98EB502B 3. ‘Mairg nach fuil ’na thrudaire/ eadraibhse a dhaoine maithe/ ós iad is fearr chugaibhse/ a dhream gan iúl gan aithne’ (Ó Bruadair, D. ‘Mairg nach fuil ‘na Dhubhthuata…’) 4. .i. Polaitiú an Chultúir 5. Ar fáil: www.youtube.com/watch?v=_GallVs75Qw 6. Ar fáil: www.poets.org/viewmedia.php/prmMID/15547 7. Ar fáil: www.anbioblanaofa.org/pdf/491Lucas.pdf 8. Cuimsíonn an ceol seo comhthéacs bíobalta don ghearrscannán .i. Matha 2:16-18. Ar fáil: www.anbioblanaofa.org/pdf/471Matha.pdf 24
Feasta, Nollaig 2013
eiléan Ní Chuilleanáin a sheol
Ó Choill go Barr Ghéaráin le Somhairle MacGill-eain in Amharclann helen Roe le linn iMRAM 2013 Leagan Gaeilge le Paddy Bushe Coiscéim. 2013. 240 lch. €20
C
aithfidh mé tosnú leis an ábhar brónach: cúis bhróin dúinn go léir nach bhfuil Seamus Heaney linn chun an leabhar iontach seo a sheoladh. Is maith is cuimhin liom uair a bhíos ag caint le Séamus faoin aistriúchán a bhí idir lámha aige ag an am san, Béarla a chur ar fhilíocht Shomhairle Mhic Gill-Eain. Labhramar faoi cheol neamhinaistrithe a chuid filíochta san, agus freisin faoin ngeas a chuireann ar an léitheoir iasachta an iarracht a dhéanamh chun í aistriú. Mar aisling an chailín ag teacht thar n-ais ón domhan eile, ag mealladh óigfhir chun í a leanúint, é á chur faoi gheasa. An dán a bhí i gceist againn ná ‘Hallaig’. D’aontaíomar gur rud do-dhéanta a bhí i gceist, rud nár éirigh leis an bhfile féin é a dhéanamh i gceart, ach gur cheart an iarracht a dhéanamh. Agus lean sé ar aghaidh agus scríobh sé an leagan breá a chloisfimid á léamh ar ball.
hIfreann de réir dhiagachta John Calvin, nó chun báis ag Impireacht na Róimhe: Parthas gan pharthas a chuideachta, mearbhall an ghasúir Shaor-Phreispitéirigh, a ghearán is an diúltú ciúin ina dhiamhasla i scornach na Ginéive; agus i scornach na Róimhe — cé go bhfuil an Phurgóid níos séimhe — an gadaí eile ar an gcrois is Spartacas lena arm céasta. Blaisimid anseo saoirse intinne an fhile, agus seo an rud gur féidir é a aistriú: an chaoi a léimeann sé ó Dante (sa véarsa roimhe sin) go dtí an buachaillín Preispitéireach, agus arís ó chéasadh Chríost go dtí Spartacas. Is fíor freisin a ndúirt Séamus Heaney, gur file ‘lonnaithe’ Somhairle Mac Gil-Eain. Mar a chonaiceamar i scannán Éanna, tá an nasc idir an file agus an áit dúchais an-láidir. Aithnímid é sin ónár gcultúr féin, fiú sa spéis atá aige siúd agus againne in áiteanna sochraide. Deir sé agus é ag caoineadh carad: Dá mbeadh tú ins an gClachan nó ar Chnoc an Rà, bheifeá i measc leath do mhuintire, … Agus é ina dheoraí óna oileán dúchais, deir sé ní shroichfinn riamh fíor aon áite óna bhfeicfinn tigh mo mháthar …
Sin dualgas an fhile, an rud do-dhéanta a bhaint amach. Agus sin freisin dualgas an aistritheora. An obair atá críochnaithe ag Paddy Bushe, obair mhór, dhílis, is é sin an rud beagnach do-dhéanta, filíocht Shomhairle Mhic Gill-Eain a thabhairt isteach i dteanga eile, inár nGaeilge féin. Taispéanann sé dúinn chomh leathan agus chomh cúng atá an bhearna idir an fhilíocht seo agus ár dteanga. Agus chomh leathan agus chomh cúng is atá saol idirnáisiúnta na Gaeilge – an ‘t-idirghaelachas’ Cineál speisialta den aistriúchán é seo, ag tarraingt i leith file iasachta i bhfocail atá i bhfad níos giorra dúinn ná mar atá siad nuair a léimid filíocht an domhain i lingua franca an Bhéarla. Formhór na n-aistriúchán a thagann chugainn sa Ghaeilge ó thíortha eile, baineann siad geit asainn toisc gur smaointe agus traidisiúin eachtrannacha atá i gceist agus gur ait linn bualadh leo i nGaeilge. Ach i gcás na leaganacha seo, tá na focail, agus cuid mhaith den traidisiún, agus cuid mhaith den stair – agus fiú den taobh tíre, mar a chonaiceamar i scannán Éanna de Buis – chomh gar san dúinn go dtagann ionadh orainn, ionadh ar chúis eile.
Ins an dán fada, ‘An Cuilithionn’, tá ainmneacha na n-áiteanna, na ndúichí, beagnach chomh tábhachtach leis na smaointe polaitiúla, agus creidim go n-aithnímíd an grá logainmne san agus go dtuigimid é.
T
á daoine i Meiriceá, gur dóigh leo gur scríobh an Rí Séamus, sin Séamus céad Rí Alban agus Shasana, an Bíobla. Tá dearmad déanta acu gur aistriúchán atá ann ar leabhar ársa. Tá daoine in Éirinn a bhíonn ag labhairt faoi Bhíobla Bedell, ach tá fhios acu nár dhein an t-easpag ach obair an aistriúcháin a chur ar bun. Níl aon bhaol ann go ndéanfaimidne dearmad gur file Albanach atá againn anseo. Ach tá súil agam go n-éireoidh leis an aistriúchán atá déanta ag Paddy Bushe, go ndruidfidh an bailiúchán filíochta linn, go gcuirfear fáilte chomh díograiseach roimhe isteach inár gcultúr go bhféadá dearmad a dhéanamh – beagnach.
Sin é go n-aithnímid na smaointe gur ceart iad a bheith againn, go gcloisimid an guth poiblí, údarásach, léannta, idirnáisiúnta, atá ag an bhfile seo, guth ná cloistear a leithéid i bhfilíocht Ghaeilge na hÉireann. Tá stór focal aige a bhaineann le lucht léitheoireachta sofaisticiúil, toisc nár thréig an Eaglais Phreispitéireach an teanga riamh b’fhéidir. Tagann ‘Gairm Éifeachtach’, ‘Staid an Nádúir’ díreach ón seachtú aois déag, ach faightear iad i stór focal file go bhfuil ‘glór poiblí’, le ‘blas ár linne féin aige, mar a deir Breandán Ó Doibhlinn ina réamhfhocal breá.
An uair dheiridh a chas mé le Somhairle MacGill-Eain, dúirt sé faoi m’fhear céile, Macdara Woods, ‘Oh, I owe him so much’ agus é ag tagairt do léirmheas a scríobh seisean ar Dàin do Eimhir. Bhí meas aige ar a lucht léitheoireachta in Éirinn. Agus mé ag léamh an leabhair seo, guth na Mumhan á chloisint agam, smaointe an fhile Albanaigh, chreid mé go raibh raon na bhfilí, ‘ó Chliar go Cataibh’ i bhfeidhm arís. ◊
Is breá liom an guth san a chloisint inár dteanga féin. Chuaigh mé ar ais go dtí na dánta a b’fhearr liom le fada, agus léigh mé aistriúchán Phaddy ar ‘An Sliabh ar Strae’, mar a bhfuil an file ag machnamh ar an tslí a daoradh daoine go www.feasta.ie
25
Feasta, Nollaig 2013
Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa • Oidhreacht Chorca Dhuibhne Beidh gearrchúrsa cruinnis sa Ghaeilge ar siúl i Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh, 14 -15 Feabhra 2014. Díreofar ar fhoghraíocht agus ar struchtúir na teanga, agus na botúin is comónta sa Ghaeilge scríofa. Breathnófar ar na háiseanna agus acmhainní atá ann do theagascóirí Gaeilge agus lucht aistriúcháin. Ní mór a bheith líofa go maith sa Ghaeilge. Fáilte roimh mholtaí i scríbhinn faoi ábhar an chúrsa go dtí Oidhreacht Chorca Dhuibhne roimhré. Beir leat foclóir. Costas an chúrsa €100. Tuilleadh eolais ag www.oidhreacht.ie nó ag 066 91 56 100 nó ríomhphost chuig eolas@cfcd.ie. • Cumann Gaelach na hEaglaise 15 Nollaig: Seirbhís Chathartha Carúl i dTeampall Naomh Seoirse, Béal Feirste ag 5.00pm. • Ardteampall Chríost, BÁC: An Chomaoineach Naofa, as Gaeilge ar an 29 Nollaig 2013 ag 3.30pm. http://ireland.anglican.org/news/4720 • Siompóisiam an tSeabhaic siar Eagrófar an siompóisiam ar an Seabhac san athbhliain. Cuireadh an ócáid a bhí le bheith i gColáiste íde, Baile an Ghóilín, siar mar chomhartha ómóis don scoláire béaloidis, Bo Almqvist, beannacht Dé leis. • Comórtas scríbhneoireachta nua Sheol craobh Ghrealláin, Béal Átha na Slua, de Chonradh na Gaeilge comórtas gearrscéalaíochta le deireanas. Duais €300 don bhuaiteoir. An scríbhneoir aitheanta Mícheál Ó Ruairc an moltóir. Comórtas do dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois é. Dé Sathairn, 1 Feabhra 2014 an spriocdháta iontrála. Ní mór cóip leictreonach den ghearrscéal a chur ag gearrsceal@eircom.net i bhfoirm .doc leis an bhfocal ‘Gearrscéal’ sa líne cheannteidil nó cóip chlóbhuailte a sheoladh go dtí ‘Gearrscéal’, 2 Radharc na Coille, Béal Átha na Slua, Co. na Gaillimhe. Tuilleadh eolais ar www.gearrsceal.com nó ar Facebook/gearrscéal nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Seosamh Ó Beirgin ag 086-3536085. www.feasta.ie
Thug Lára Ní Dhálaigh agus Deirdre Ní Dhonnchadha ó An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Corn Gael Linn / The Irish Times leo ag an gCraobhchomórtas Díospóireachta don Tríú Leibhéal ar an 2 Samhain ag an Oireachtas i gCill Airne. Bhí na céadta mac léinn ó choláistí tríú leibhéal ar fud na tíre i láthair don fhéile. Cháiligh na ceithre foirne i réamhbhabhtaí dúshlánacha tamall roimh ré: An Coláiste Ollscoile, BÁC (Niall Ó hUiginn agus Dónal Ó Catháin); Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (Lára Ní Dhálaigh agus Deirdre Ní Dhonnchadha); Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (Loinnir Ní Dhonnghaile agus Evelyn Fennelly), agus don chéad uair riamh, foireann ó Ollscoil Uladh Mhig Aoidh, Doire (Corey Hanna agus Erin Ní Lochlainn). íocaíochtaí leasa shóisialaigh leosan atá faoi 25 bliana an t-ábhar conspóideach a bhí le plé. Tharla gur rug Lára duais liteartha léi, chomh maith, ar dhán dar teideal, ‘Nóta Greamaithe don Chuisneoir’, agus ghlac Deirdre páirt i gcomórtas na lúibíní. • Thuas, an t-iar-aire Pat Carey, aoi-chainteoir ar an ócáid, le Deirdre Ní Dhonnchadha (ar chlé) agus Lára Ní Dhálaigh.◊
• Comhdháil Ghaelscoileanna ‘Ó fhianaise go barr feabhais’ a bhí mar mhana ag ceiliúradh dhá scór bliain Gaelscoileanna Teo. ag Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais 2013 na heagraíochta sin agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo san Óstán Johnstown Hotel ar an mBóthar Buí, Co. na Mí. Mar aitheantas tháinig Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, i láthair don oscailt chun an ócáid a cheiliúradh leis na scoileanna agus a bpobail ar an 22 Samhain. Nuair a bunaíodh Gaelscoileanna sa bhliain 1973 bhí 12 bhunscoil agus 5 iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa stát ó dheas; anois tá 144 agus 36 faoi seach. B’ábhar sásaimh do rannpháirtithe go n-aithnítear na buntáistí cognaíocha, sóisialta agus cultúrtha a bhaineann leis an gcóras tumoideachais do pháistí, agus is ábhar bróid ar leith é gur luaigh an tUachtarán gur léir in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, go ngnóthaíonn an páiste ‘ní hamháin sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, ach sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht chomh maith’ dá thoradh. • RITH 2014 Fógraíodh cúrsa Rith 2014 ar an 2 Samhain ag an Oireachtas i gCill Airne, cúrsa 1000 km, a deir Cormac Ó Feinneadha, bainisteoir. Tosnóidh Ollrith Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Bhuirne ar an 7 Márta. Beidh an baitín sealaíochta á mhalartú idir daoine agus grúpaí reatha gach ciliméadar ar feadh naoi lá. Críochnófar le féile mhór pobail i gcroilár Bhéal Feirste ar an 15 Márta. Cuirfear an t-airgead ar fad ó Rith 2014 i gciste nua Gaeilge as a dtabharfar maoiniú do ghrúpaí pobail Gaeilge ar 26
fud na tíre. Fáilte roimh scoileanna, chlubanna óige, ghrúpaí pobail agus chlubanna spóirt páirt a ghlacadh, mar aon le daoine aonair agus dream ar bith eile ar spéis leo an teanga. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cormac Ó Feinneadha, Bainisteoir Rith ag 01-475 7401, nó ofeinneadhac@gmail.com, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2. • Lá Oscailte ITBÁC Beidh Lá Oscailte Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) ar siúl Dé hAoine 6 agus Dé Sathairn 7 Nollaig in ITBÁC Shráid Aungier ón 9a.m. – 3p.m. Tá suíomh gréasáin beo anois ag www.dit.ie/openday. Deis do mhic léinn é Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a fheiscint agus eolas a fháil ar sheirbhísí, áiseanna agus chlubanna na hInstitiúide. Beidh foireann Spin 103.8 ag craoladh beo ó Shráid Aungier. • Croílár na Réabhlóide Réabhlóid Nua na Gaeilge: An Chéad Ghlúin Eile Á Spreagadh, bhíothas á phlé san ag Oireachtas 2013. Labhair Mícheál Ó Foighil, Máire Treasa Ní Dhubhghaill, Aodhán Ó Deá agus Traic Ó Braonáin ar chuid de na réabhlóidithe teanga is aitheanta i saol na Gaeilge ag Seimineár Chonradh na Gaeilge san Óstán Brehon, Cill Airne, ar an 2 Samhain. D’aontaigh Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán an Chonartha, cathaoirleach an tseimineáir, ‘nach mór dúinn díriú ar na daoine óga le Gaeilge a spreagadh leis an teanga a úsáid lasmuigh den seomra ranga, agus gníomhú chun bealaí sóisialta nuálacha a chruthú dóibh chun sult a bhaint as an nGaeilge, má táimid ag súil go leanfaidh an chéad ghlúin eile á labhairt.’ ◊ Feasta, Nollaig 2013
Conradh na Gaeilge arDFheis 2014 28 Feabhra – 2 márta heights hotel, Cill airne, Co. Chiarraí Réamheolas: Sceideal imeachtaí na hArdfheise Déardaoin 27/02/2014 Léacht ar dhúchas Gaelach an cheantair Dé hAoine 28/02/2014 • Cuairteanna réamh-Ardfheise sa chomharsanacht • Fáilte & oscailt • Seimineár le Painéal Cainteoirí •Ceol Dé Sathairn 01/03/2014 • Caint iarbhricfeasta • Maidin le Gnó na hArdfheise • Toghcháin: Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge srl. • Ceardlanna • Crannchur na hArd-fheise • Comórtas Peile • Siúlóid Urraithe do Ghaelscoil Faithleann • Dinnéar na hArdfheise & ceol Dé Domhnaigh 02/03/2014: Aifreann Bí linn! Glac páirt sa Siúlóid Urraithe do Ghaelscoil Faithleann (Cill Airne)
Lóistíní Ardfheis 2014 ag an heights hotel, Cill Airne Roghanna (praghasanna an duine) An Rogha atá molta A oíche Aoine & Satharn l/b + Dinnéar (Sath.) *
duine/seomra €129
beirt/seomra €99
Roghanna eile B1 oíche Aoine l/b B2 oíche Shathairn l/b + Dinnéar (Sath.) *
€54 €84
€39 €59
C1 oíche Déardaoin, Aoine & Satharn l/b + Dinnéar (Sath.) * C2 oíche Aoine, Satharn & Domhnach l/b + Dinnéar (Sath.) *
€174 €174
€129 €129
D oíche Déardaoin, Aoine, Satharn & Domhnach l/b + Dinnéar (Sath.)* €219 €149 * tabharfaidh an t-óstán an ticéad dinnéir (Sath.) duit agus tú ag clárú san óstán Beidh na praghasanna thuas ar fáil ón óstán go dtí Dé hAoine 14 Feabhra 2014. ina dhiaidh san is gnáth-phraghasanna an óstáin a bheidh i bhfeidhm. Déan áirithint díreach leis an óstán (agus luaigh “Conradh na Gaeilge”) heights hotel: Guthán: (064)663 1158 Faics: (064)663 5198 r-phost: info@killarneyheights.ie
Trí chéim le tógaint anois: • 1. Déan áirithint leis an óstán. • 2. Cláraigh mar Theachta • 3. Scaip an scéal
COnraDh na GaeiLGe arDFheis 2014 28 Feabhra – 2 márta heights hotel, Cill airne, Co. Chiarraí Fáilte romhaibh ó Chraobh na nairne
FoiRM ChLÁRAiThe TeAChTAÍ Ainm: _______________________________________________________________________ Seoladh: ____________________________________________________________________ ____________________________________________________________________________ ____________________________________________________________________________ Guthán: ______________________________ R-phost: _______________________________ Craobh/Coiste Contae/Dáil Chúige/Ball Aonair: ______________________________________ (Cuir √ sna boscaí cuí) Táille Chláraithe (€20)
€________
Táille Chláraithe – ball de chraobh Tríú Léibhéal (€10)
€________
Turasanna (Dé hAoine) saor 10.00 ~ 12.00 Gaelscoil Faithleann
(cuir √ i mbosca amháin) Siúlóid (ag brath ar aimsir)
Ticéad don Dinnéar Ardfheise (Dé Sathairn) €30 €________ Tá seo in áirithe agat cheana féin, má tá áirithint le dinnéar déanta agat leis an óstán d’oíche Shathairn agus gheobhaidh tú do thicéad ón óstán is tú ag clárú ann. ticéid bhreise @ €30 an ceann €________ Siúlóid iarnóin (Dé Domhnaigh) Áirithintí agus táille le socrú le info@killarneyguidedwalks.com
________
ioMLÁN € __________ Tá seic ar €________ leis seo Bheifí an-bhuíoch díot ach an fhoirm seo agus an íocaíocht a bheith arais ag Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, roimh 25 Feabhra