
2 minute read
Ainmniúcháin do na Toghcháin 2008
from 2008 Ard-Fheis
Sa chomhthéacs seo, áfach, is fíordhroch-chleachtas cur chuige Thithe an Oireachtais bille a chur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid as Béarla amháin formhór mór an ama agus iad a aistriú go Gaeilge agus iad achtaithe. Cuireann billí as Béarla amháin cosc de facto ar úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais toisc nach féidir leasú Gaeilge a mholadh ar bhille Béarla. Tá impleachtaí troma bunreachtúla agus baint leis an gcleachtas seo agus níl aon chiall leis. Más féidir an tiontú a chur ar fáil ag deireadh na Dála is féidir é a chur ar fáil ag tús na Dála. Seo gníomh simplí ar bheagán coastais a chuirfeadh go mór le stádasagus le húsáid na Gaeilge ag an leibhéal is airde: Déantar é. Is eagraíocht uile-Éireann sinn agus táimid rannpháirteach san fheachtas chun Acht Gaeilge a bhaint amach don Tuaisceart. Is é tuaisceart na hÉireann an t-aon dúiche sna hOileáin seo nach bhfuil cosaint reachtúil ag an teanga dhúchais inti. Ní ceist í seo do thaobh amháin de phobal an Tuaiscirt seachas a chéile. Murach traidisiún láidir Gaeilge an chreidimh leasaithe ní chuirfí Conradh na Gaeilge ar bun an chéad lá riamh. Fáiltímid roimh an mbeartas i gComhaontú idirnáisiúnta Chill Rímhinn Acht na Gaeilge a reachtú don Tuaisceart agus leanaimid orainn rannpháirteach san fheachtas go dtí go mbaintearamach é. Ní hionann Airí áirithe ó thuaidh a bheith ag tacú le hAcht na Gaeilge agus iad a bheith saor ó dhualgas polasaí láidir Gaeilge a bheith ag an Roinn a bhfuil siad i gceannas orthu idir an dá linn. Ag éirí as sin, tá srath cruinnithe ar bun ag Conradh na Gaeilge leis na hAirí agus leis na ranna ó thuaidh atá sásta bualadh linn chun na polasaithe seo a fhorbairt. Is sampla iontach é seo de scothchleachtas a bheith á roinnt ag an Ardoifig, ag an Conradh go háitiúil (Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge), agus ag POBAL agus ACHT. Tá leabharlann aighneachtaí curtha againn faoi bhráid comhlachtaí poiblí ó dheas maidir le scéimeanna teanga agus le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith le haighneacht maidir le pleananna forbartha contae faoi ainmneacha Gaeilge ar eastáit nua agus pleanáil sa Ghaeltacht.
Tá oidhreacht theanga go leor ceantar Gaeltachta i mbaol ag forbairt mhíchuí agus in éagmais polasaí náisiúnta ceart chun gnás labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a láidriú. Mar shampla idir 1996 agus 2002 tógadh 39 teach eastáit sa Spidéal, Co. na Gaillimhe agus thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ann ó 74% go 68%. Sa Rinn, Co. Phortláirge thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ó 60% go 43% sa tréimhse céanna, tráth a tógadh 34 teach eastáit ann. Ag éirí as an bhfíric seo phléigh an Conradh an ghéarchéim seo ag seiminéar an Oireachtais i 2004 agus chuamar i bpáirt leis na pobail Ghaeltachta i gcomhair le AIRDEALL faoi scáth Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun an scéal a leigheas. Ghlacamar páirt in éisteacht mhuintir an Spidéil, na bhForbacha agus Bhaile an
An Ard-Fheis Speisialta, Aibreán 2008