
2 minute read
Miontuairiscí na hArd-Fheise Speisialta 2008
from 2008 Ard-Fheis
mar eagraíocht náisiúnta. Tá diúltaithe ag Foras na Gaeilge bliain i ndiaidh bliana do gach plean timireachta atá curtha faoina mbráid againn. Tá Uimhir 6 Sráid Fhearchair i ndrochstaid ar fad agus tá diúltaithe ag Foras na Gaeilge aon ranníocaíocht a dhéanamh ar é a dheisiú.
Ar ndóigh, oireann sé go breá do Fhoras na Gaeilge agus don Rialtas go bhfágtar sinn ag braith ar iarrachtaí agus ar iobairtí aonair den chuid is mó. Oireann sé dóibh sinn a bheith ann as agus laincís agus bac orainn agus constaic mhór romhainn dul ar aghaidh chuig an gcéad leibhéal eile. Ní oireann sé áfach don Chonradh ná gluaiseacht na Gaeilge. Teastaíonn Ceannáras i mBaile Átha Cliath ar ábhar bróid é dúinn go léir. Cultúrlann MacAdaim-Ó Fiaich i gceartlár na Príomhchathrach. Páirc an Chrócaigh againne féin. Tá na heagraíochtaí seo a leanas sásta teacht isteacht agus oifigí a thógail ina leithéid de Lárionad, sa bhreis ar na heagraíochtaí atá againn cheana féin: Gaelscoileanna Teo, Forbairt Naíonraí Teo., an Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo. agus táimid ag labhairt le heagraíochtaí eile faoi láthair. Cuimhnigh ar an bhfuinneamh, ar an gcomhoibriú agus ar an dóchas a ghinfeadh a leithéid sin. Tá an Stát sásta airgead a infheistiú ar áiseanna spóirt (€110 milliún do Pháirc an Chrócaigh agus €191 milliúin ar Bhóthar Lansdún) ar amharclanna (€3.8 milliúin do téatar an Smock Alley i mBarra Temple le déanaí) agus ar árais opera (€26 milliúin euro i Loch Garman) agus is ceart sin. Beidh cruinniú againn leis an Taoiseach ar 8 Deireadh Fómhair agus éilímid cothrom na hinfheistíochta don Ghaeilge. Is cuma cé acu an mbeartaíonn an Coiste Gnó nua 6 Sráid Fearchair a dheisiú agus/nó a fhorbairt nó dul i dtreo suímh nua beidh airgead agus neart airgid le bailiú. Le feidhmiú mar eagraíocht náisiúnta pobail agus feachtais ní folair dúinn timire a bheith againn i ngach cúige mar chéim i dtreo timire i ngach contae. Ní foláir airgead a bhailiú chuige sin agus is sinne a chaithfidh é a bhailiú: Tá síntiús na nGael ann mar áis bhailithe airgid a thugann faoiseamh cánach don deontóir. Níl ag éirí chomh maith leis agus a d’fhéadfadh agus caithfidh sé seo athrú. D’fhéadfaí an bailiúchán náisiúnta feabhsú. Ní foláir portfolio infheistíochta náisiúnta don Chonradh a chur faoi bhráid an phobail agus síntiúis a lorg lena aghaidh faoi mar a rinne Lá, faoi mar a dhéanann gach scoil agus gach séipéal sa tír. Ní foláir coirmeacha ceoil a eagrú, crannchuir a eagrú, díolacháin earraí agus cácaí a eagrú agus dul i mbun gach seift bhailithe airgid.
Níl aon duine againn ró-uasal nó ró-íseal don tasc seo. Is fúinn féin atá sé níl éinne chun teacht i gcabhair orainn ach má chuirimid chuige déanfaimid éacht. Gníomh dóchais agus misnigh ar son tíre agus teanga.
Ag vótáil ar son na bunreachta nua