2009 Ard-Fheis

Page 1



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

TREOIR DO LEABHAR A hARD-FHEISE 1. Na Rialacha Seasta ................................................................................................ 2. Tuairisc an Uachtaráin .......................................................................................... 3. An Eagraíocht: 3.1. Na Coistí agus Ionadaíocht ........................................................................ 3.2. An Fhoireann .............................................................................................. 3.3. An Tinreamh ar Chruinnithe de na Coistí Ceannais .................................. 3.4. Tuairisc na hEagraíochta ............................................................................ 3.5. Tuairisc Timireachta ................................................................................... 3.6. Na Cuntais Airgid 2008 .............................................................................. 3.7. Bailiúchán Náisiúnta 2008.......................................................................... 3.8. Síntiús na nGael ......................................................................................... 3.9. Comhbhrón ................................................................................................. 4. Tuairiscí na dTograí 4.1. Tuairisc An Clár As Gaeilge ...................................................................... 4.2. Tuairisc Gael-Fhorbairt na Gaillimhe ....................................................... 4.3. Tuairisc Gaeilge Locha Riach .................................................................... 4.4. Tuairisc Togra Luimnigh ............................................................................ 4.5. Tuairisc Togra Mhaigh Eo ......................................................................... 5. Tuairisc Clódhanna Teoranta ................................................................................ 6. Tuairiscí na nEagraíochtaí faoi Scáth an Chonartha: 6.1. Tuairisc Seachtain na Gaeilge Teo ............................................................. 6.2. Tuairisc Oireachtas na Gaeilge ................................................................. 6.3. TuairiscAn Coimisiún le Rincí Gaelacha ................................................... 6.4. Tuairisc Ógras ........................................................................................... 7. Ainmniúcháin do na Toghcháin 2009 ................................................................... 8. Rúin na hArd-Fheise 2009 .................................................................................... 9. Torthaí ar Ghlór na nGael 2008 ............................................................................ 10. Miontuairiscí Ard-Fheis 2008, Trá Lí, Co. Chiarraí ........................................... 11. Sonraí Teagmhála ............................................................................................... 12. Uachtaráin Chonradh na Geailge ........................................................................

LTH. 5 6 11 12 13 14 22 24 28 32 32 35 37 39 41 42 44 46 49 50 52 56 58 63 64 73 74

Le cabhair ó:

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

3


CAOL DÍREACH go ceann scríbe!

Ní gá dul amú a thuilleadh Tá bealach glan romhat Pé eolas atá uait faoin nGaeilge agus a mbaineann léi éascóidh www gaeilge ie do thuras

No roundabouts here Let the information superhighway take you where you want to go with the Irish language Just log on to www gaeilge ie for the quickest route to the information you need

Féach go speisialta inneall fógraíochta NASC áit gur féidir leat: • cúrsa/ imeacht a fhógairt nó a iarraidh • do shainspéis a chlárú (chun nod a fháil nuair a bhíonn eolas nua faoi ar an suíomh) nó • a bhfuil ar fáil i do cheantar féin a chuartú

Check out the NASC classified ads where you can: • post an ad to request or advertise a course/ event • register your area of interest to get alerts when new info is posted or • search for what’s available in your neighbourhood And much more It’s never been easier to connect with the Cyber gaeltacht!

Tabhair cuairt agus glac páirt sa Chíbear ghaeltacht inniu!

do nasc leis an teanga your link to the language T: / (T É ) R: eolas@forasnagaeilge ie


Conradh na Gaeilge

1. A RIALACHA SEASTA 1. Cúig nóiméad don té a mholann rún. Trí nóiméad don té a chuidíonn leis an rún. 2. Níl cead ag aon duine eile labhairt níos faide ná trí nóiméad. 3. Níl cead ag aon duine labhairt faoi dhó i dtaobh na ceiste céanna ach amháin an té a mholann rún. 4. Níl cead ag teachta athrá a dhéanamh ar chaint a thug teachtaí eile cheana féin. 5. Is é 35 teachta a bheidh mar líon gnó le linn na hArd-Fheise. 6. Ní cheadaítear rún ar bith nach bhfuil luaite ar an gclár a phlé muna gcuirtear na Rialacha Seasta ar leataobh. 7. Chun na Rialacha Seasta a chur ar leataobh ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vóta a chaitheamh ar a thaobh sin.

Ard-Fheis 2009, An tAonach

8. Ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vótáil ar son rúin phráinní, a phléifear faoi riail 6, le go nglacfar leis mar rún. 9. Beidh aon rún a bhainfidh le hairgeadas, rún práinneach a phléifear agus a ghlacfar leis faoi rialacha 6 agus 7 ina measc, mar mholadh seachas mar threoir don Choiste Gnó nua le cur i bhfeidhm laistigh d'acmhainní na heagraíochta. 10. Beidh cead labhartha ag iar-Uachtaráin an Chonartha. 11. Muna bhfuil ar chumas teachta a bheith i láthair chun rún dá c(h)uid a mholadh ní foláir dó nó di é sin a chur in iúl don ArdOifig roimh ré agus ní foláir dó nó di teachta eile a fháil chun an rún sin a mholadh agus é sin a cheadú i scríbhinn. Muna ndéantar amhlaidh titfidh gach rún nach molfar dá réir seo. 12. Ní ceadmhach leasú a mholadh ar rún má athraíonn sé spiorad an rúin.

COISTE G Ó CHO RADH A GAEILGE 2008-09

Ar chúl agus ó chlé: Peadar Mac Fhlannchadha (Timre Náisiúnta), Seósamh Mac Mac Ionnrachtaigh, Cóilín Ó Cearbhaill, Seán Mac Anna, Aoife Ní Scolaí, Pádraig Mac Donncha, Donnacha Ó Súilleabháin, Daithí de Faoite, Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí) Chun tosaigh agus ó chlé: Proinsias Ó Maolchalain, Celine Ní Chóchlaigh, Tomás Mac Ruairí, Pádraig Mac Fhearghusa (Uachtarán), Donnchadh Ó hAodha (Tánaiste), Seán Ó hAdhmaill Eile nach bhfuil sa ghrianghraf: Tadhg Ó Rodaigh, Seán Ó Ceallaigh, Máire Ní Laoire, Breandán Ó Cathasaigh, Seamus Ó Coisdealbha, Domhnaill Ó Loingsigh, Seán Ó Drisceoil, Jacqueline Uí Mhuirí, Lisa Ní Choisdealbha, Eoghan Mac Cormaic, Lorcán Mac Gabhann, Ben Ó Floinn, Pádraig Nugent, Fionn Mac Giolla Choda, Máire Uí Ghairbhí, Stiofán Ó Móráin, Seán Ó hAllmhuráin

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

5


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

2. TUAIRISC A UACHTARÁI 2008-09 A theachtaí an Chonartha agus a chairde phobal na Gaeilge, fáiltím romhaibh uile go dtí Aonach Urmhumhan le haghaidh ArdFheis Chonradh na Gaeilge 2009. Nuair a thángas os bhur gcomhair ocht mí ó shin mar iarrthóir uachtaránachta, gheallas go ndéanfainn mo dhícheall an eagraíocht a neartú, agus go mbeinn sásta an tír a thaisteal de réir mo chumais chun bualadh le craobhacha den Chonradh agus lucht tacaíochta na Gaeilge i gcoitinne. Gheallas go saothróinn amhlaidh ar son na teanga seo againne - an teanga phobail agus an teanga liteartha is sinsearaí in iarthuaisceart na hEorpa - a bhuanú agus a chur chun cinn. Tá an gheallúint sin á chomhlíonadh agam, agus leanfad orm de bheith á chomhlíonadh. Bhíos i bpáirt sna míosa ghabh tharainn lenár ngníomhaithe agus lenár gcomhghleacaithe ó Chiarraí go Maigh Eo agus Tír Chonaill, agus i dTiobraid Árann, Gaillimh agus i gContae an Chláir. I ngach áit dá rabhas, tá oibrithe díograiseacha ag saothrú ar son na teanga, agus tá sé i gceist agamsa leanúint orm agus an eagraíocht náisiúnta phobalbhunaithe atá againn a neartú a thuilleadh. Tá sé mar aidhm agam féachaint chuige sa bhliain romhainn go bhfuil bonn nua á chur faoin eagraíocht i mbailte tábhachtacha contae mar Chill Chainnigh, Cheatharlach agus Phort Laoise, mar shampla. Is bailte iad seo ina raibh, agus ina bhfuil, traidisiún fada Gaeilge. Le mo linn féin san eagraíocht, chonac ardfheiseanna de chuid an Chonartha á n-eagrú ag craobhacha láidre i gCill Chainnigh agus i bPort Laoise, cuir i gcás. Níor mhiste go mbeadh a leithéid sna bailte sin arís.

6

Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

——◊—— TTá guth láidir pobail ag teastáil thar mar a bhí riamh ar son na Gaeilge. Tá gá níos mó inniu leis ná mar a bhí céad bhliain ó shin, fiú amháin, tráth a raibh cath á chur agus á bhuachaint ar son aitheantais don Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, agus sin á dhéanamh agus Sasana fós i réim sa chuid seo den oileán. Cén fáth a luaim seo? Mar ainneoin toil agus bá an phobail a bheith leis an teanga; mar ainneoin an dul chun cinn atá déanta le 30 bliain anuas - áirím arís eile bunú TG4; Acht na dTeangacha Oifigiúla; Stádas Oifigiúil Oibre a bheith bainte againn ar son na Gaeilge san Aontas Eorpach, agus le linn na bliana seo fiú, tá sé admhaithe gur gá billí Dála a fhoilsiú as Gaeilge, beart a chinnteoidh gur féidir leasaithe a mholadh ar bhillí Oireachtais as Gaeilge i nDáil Éireann - ach in ainneoin na teicneolaíochta nua leictreonaí a bheith ag fónamh ar son na Gaeilge, agus in ainneoin fadhbanna praiticiúla a bhaineann le foinsí logainmneacha agus foclóireachta a bheith i mbéal a leigheasta, agus á leigheas go

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

laethúil, bígí sibhse, eagraíocht bhuanaithe na Gaeilge, réidh don bhfrithbhuille, don bhfrithghníomhaíocht, toisc go bhfuil an dul chun cinn seo déanta. ——◊—— Ní éiríonn an frithbhuille seo as easpa acmhainní; ní tharlaíonn sé toisc costais ná easpa airgid, in ainneoin go bhfuilid sin ann, agus go mbíonn acmhainní gann i gcónaí. Baineann sé le dearg-naimhdeas don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge, i gcásanna áirithe. I gcásanna eile, baineann sé le heaspa samhlaíochta agus le dúire intinne, agus admhaímis é, baineann sé le haineolas sa Roinn Oideachais féin, agus leis an dúil ródhaonna sin, an saol a bheith níos simplí, níos so-ionramhála, níos boige. Pé cúis atá leis, admhaímis go bhfuil frithghníomhaíocht ar siúl, agus cuirimis aithne ar ár naimhde; agus tugaimis aghaidh orthu, agus ar an éagóir oideachais atá á dhéanamh acu ar phobal na Gaeilge, agus ar mhórphobal na tíre: fiafraímis an nglacfadh aon stát neamhspleách eile leis go bhféadfadh leanaí scoile 1,500 uair a’ chloig de mhúinteoireacht a fháil thar 13 bliain, agus fós go mbeidís gan chumas gnáthchomhrá simplí a dhéanamh sa teanga náisiúnta shinseartha? Dá réir seo, iarraimis ar an rialtas dúshlán na státseirbhíseach a thabhairt atá ciontach as fadhbanna a chruthú don Ghaeilge, faoi mar is gá don rialtas dúshlán na mbaincéirí míéifeachtacha a thabhairt faoi dheoidh ar son leas an phobail i gcoitinne. Sea, tagraím go sonrach do chúrsaí oideachais sa chás seo, d’oideachas an tsaoránaigh Éireannaigh, agus tagraím ach go háirithe dó seo: go bhfuil an córas bunoideachais i gcoitinne fágtha gan cúrsa comhtháite Gaeilge le haghaidh páistí scoileanna náisiúnta an stáit le 20 bliain anuas. Ní de thimpiste a tharla sé seo. Tá duine agus daoine istigh sa Roinn Oideachais féin ciontach as an bhfaillí seo.

Ard-Fheis 2009, An tAonach

. ——◊—— A thuismitheoirí na tíre, abraigí le bhur bpolaiteoirí arís agus arís eile, gur ábhar scannail é gur féidir le daltaí a saol iomlán scoile a chur isteach ar Ghaeilge a fhoghlaim, agus gan a bheith in ann dhá abairt a chur le chéile sa teanga ag deireadh na tréimhse ina lán cásanna. Tá eisceachtaí ann gan dabht de thoradh na dea-mhúinteoireachta, ach an mbeadh níos mó ná trian de scoileanna na tíre i measc na n-eisceachtaí sin?

Cruinniú leis an Taoiseach & leis an Aire Uí Chuív

Is scannal é seo a d’fhéadfadh a bheith in ábhar do chás bunreachtúil. Is diomailt ar acmhainní luachmhara oideachais agus meanman atá ar bun ag státseirbhísigh áirithe frith-Ghaeilge, fad atá tuismitheoirí na tíre ag súil go múinfear ár dteanga shinseartha dá bpáistí i scoileanna an stáit. Agus nuair nach bhfuil státseirbhísigh áirithe admhaím gur státseirbhísigh áirithe iad - ag cur cúl ar dhea-mhúineadh na Gaeilge i gcoitinne trína gcuid faillí agus diúltachais, cad eile a dheineann siad? Ionsaíonn siad na scoileanna is fearr Gaeilge agus Béarla sa stát. Deineann siad iarracht ceann de bhunphrionsabail na Gaelscolaíochta, an luath-thumoideachas iomlán sa Ghaeilge, a mhaolú agus a lagú. In ionad a bheith ag tacú le agus ag comhairliú múinteoirí óga díograiseacha, deineann siad iarracht iad a chur in aghaidh dea-chleachtas oideachais atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar an bealach is fearr leis an dara teanga a mhúineadh. Is dea-chleachtas é atá aitheanta, fiú amháin,

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

7


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

faoin dlínse eile ar an oileán seo. Ar a laghad, níl ar ár gcomrádaithe taobh thuaidh den teorainn cur suas le droim láimhe den saghas seo ó oideachasóirí frith-oideachasúla, agus ó státseirbhísigh atá frith-Ghaeilge. Ach is cinnte, má theipeann orainne ó dheas sa bhfeachtas ar son dhea-mhúineadh na Gaeilge, má theipeann orainn cúrsa comhtháite Gaeilge do bhunscoileanna na tíre a bhaint as an Roinn

Eibhlín Uí Mhorónaigh (CnaG) & Lorraine Tracey (CCTÁT)

Oideachais agus Eolaíochta, má theipeann orainne cleachtas aitheanta idirnáisiúnta an luaththumoideachais iomláin a shlánú chun tairbhe na gaelscolaíochta agus chun tairbhe scoileanna Gaeltachta, beidh gluaiseacht na Gaeilge sa tuaisceart thíos leis chomh maith. Ach ná bímis gan dóchas. Seo cath go gcaithfimid, agus gur féidir linn é a bhuachaint. Seo feachtas ar son dhea-mhúineadh na Gaeilge, a chuimsíonn gnáthscoileanna, Gaelscoileanna, scoileanna Gaeltachta, agus scoileanna thuaidh agus theas. Spriocanna iad seo a n-aontaímid ar fad orthu. Tá go leor rún le plé ag an Ard-Fheis. Tá rún amháin, má sea, atá thar a bheith tábhachtach. Rún é a iarrann go mbunófaí coiste neamhspleách chun iniúchadh iomlán a dhéanamh ar na himeachtaí laistigh den Roinn Oideachais agus Eolaíochta atá ina gcúis leis an staid ina bhfuil cúrsaí múinte na Gaeilge anois, ag an mbun, ag an dara agus ag an tríú leibhéal. Seo obair na Gaeilge chugainn. Féachfaidh

8

Conradh na Gaeilge chuige go mbunaítear a leithéid de choiste, agus féachfaimid chuige go bpoiblítear na torthaí. Idir an dá linn, tá toghcháin le bheith ann, agus tá obair ar fónamh ar siúl ag Ard-Oifig an Chonartha lenár n-éilimh a áiteamh ar aos polaitiúil agus cumhachta an stáit ——◊—— Ach tá rud amháin is féidir le gach mac agus iníon máthar a dhéanamh ar son na teanga ag an tráth toghchánaíochta seo: is féidir ceist a ardú! Mar a déarfadh, D. P. Moran fadó: “Even if you don’t know the language, you can stand up for it.” Is féidir le gach duine ceist nó dhó a chur ar an té a thagann go dtí an doras ag lorg a vóta: 1. Cén fáth nach bhfuil an Ghaeilge á múineadh i gceart? Cén fáth nach bhfuil cúrsa comhtháite Gaeilge ann – an integrated Irish language course – don Ghaeilge le 20 bliain anuas sna bunscoileanna i gcoitinne? 2. Cén fáth go bhfuil an Roinn Oideachais ag ionsaí na Gaelscolaíochta, na scoileanna is fearr Gaeilge agus Béarla? Tarraingítear ciorclán 44/2007 siar. Éirítear as a bheith ag diomailt acmhainní stáit, agus am oideachais in iarracht aineolach bac a chur ar an luath-thumadh iomlán nó early total immersion sa Ghaeilge. 3. Agus seo ceist d’iarrthóirí atá sa tóir ar shuíochán acmhainneach Eorpach: agus an teanga mar theanga oifigiúil agus oibre anois de chuid an Aontais Eorpaigh, an labhróidh tú Gaeilge i bParlaimint na hEorpa, agus mo cheartsa mar shaoránach Eorpach a cosaint go leanúnach dá réir? Tacaígí le polaiteoirí agus le páirtithe atá ar son na Gaeilge, ar son bhunluach pobail, a nascann lenár sinsear agus lenár ndúchas sinn, agus a neartaíonn sinn chun aghaidh a thabhairt ar ghátair an tsaoil mar phobal. Agus is ionann ceist mhacánta neamhbhalbh amháin agus a léiriú míle duine a bheith linn. á cluintear cloíteacht orainn! Beirimis bua, Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán.

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


©2009 Samsung Electronics Co. Ltd. Screen images are simulated.

Introducing the world’s first Irish mobile, the Samsung

See something you like? Well just reach out and touch it. That’s how creative the Samsung Tocco mobile phone is to use. You can customise the large 2.8” touch-screen graphics exactly as you want and to help you see everything perfectly, there’s a 5 megapixel camera with an image stabiliser. Go on, give in to your artistic side. samsung.com/ie/tocco



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

3. A EAGRAÍOCHT

Fóram na Gaeilge An tUachtarán, Pádraig Mac Fhearghusa

3.1. COISTÍ AGUS IO ADAÍOCHT

Coiste Oideachais Fhorais na Gaeilge Julian de Spáinn, Ard-Runaí

An Coiste Gnó Tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Gnó nua ar 01 Samhain 2008 agus toghadh Donnchadh Ó hAodha mar Thánaiste ar an gConradh ag an gcruinniú sin. Reáchtáladh 5 chruinniú de Choiste Gnó an Chonartha ó Ard-Fheis 2008 go 08/05/09. An Buanchoiste Tionóladh an chéad chruinniú den Bhuanchoiste nua ar 01 Nollaig 2008. Bhí 7 gcruinniú ar fad den Bhuanchoiste ann ó Ard-Fheis 2008. Seo a leanas baill an Bhuanchoiste: An tUachtarán: Pádraig Mac Fhearghusa An Tánaiste:Donnchadh Ó hAodha Baill eile tofa ag an gCoiste Gnó: Aoife Ní Scolaí, Máire Ní Laoire, Celine Ní Chóchlaigh, P.T. Mac Ruairí, Seán Ó Ceallaigh. Cathaoirligh na fochoistí • Oideachas: Máire Ní Laoire • Gaeltacht: Jacqueline Uí Mhuirí • Ardchathair & Lár-Ionad: Tomás Mac Ruairí • Maoiniú na hEagraíochta: Celine Ní Chóchlaigh • Athchóiriú & Slándáil an Cheannárais: Donnchadha Ó hAodha (Tánaiste) Is iad seo a leanas na hionadaithe thar ceann an Choiste Gnó a ainmníodh ar eagraíochtaí agus ar choistí éagsúla i rith na bliana: Comhdháil áisiúnta na Gaeilge An tUachtarán, Pádraig Mac Fhearghusa An tArd-Rúnaí, Julian de Spáinn (Ionadaí)

Coiste Stiúrtha Ógras Jacqueline Uí Mhuirí (go dtí Feabhra 09, Cóilín Ó Cearbhaill, Donnacha Ó Súilleabháin Seachtain na Gaeilge Teo. Cathaoirleach: Pádraig Mac Fhearghusa Leas-Chathaoirleach: Donnchadh Ó hAodha Stiúrthóirí: P.T. Mac Ruairí, Jacqueline Uí Mhuirí Comhaltaí: Breandán Mac Fhionnghaile, Seán Ó hAdhmaill, Tadhg Ó Rodaigh, Peadar Mac Fhlannchadha (Timre Náisiúnta), Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí) Coiste áisiúnta an Oireachtais Beirt bhall 3 bliana: Pádraig Mac Fhearghusa Seisear ball 1 bhliana: Máire Ní Laoire, Jacqueline Uí Mhuirí, Lorcán Mac Gabhann, P.T. Mac Ruairí, Daithí de Faoite, Aoife Ní Scolaí Beirt Ionadaithe thar ceann an Choiste Gnó: Úna Uí Lochláin, Seán Ó Luanaigh Coiste áisiúnta an OireachtaisProinsias Mac a’ Bhaird; Stiofán Ó Móráin; Úna Uí Lachtnáin; Mairéad Mhic Dhonncha; Aodán Ó Deá a aíonraí Gaelacha Ben Ó Floinn

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

11


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

Clubanna Chonradh na Gaeilge Baile Átha Cliath: Pádraig Nugent Gaillimh: Jacqueline Uí Mhuirí Corcaigh: Máire Ní Laoire Foras Éireann Caoimhín Ó Cadhla An Fhéile Phan-Cheilteach P.T. Mac Ruairí Coiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha eamhfhorleathana P.T. Mac Ruairí An Fhéile Phan-Cheilteach Eoghan Mac Cormaic 3.2. A FHOIREA Ceann-Áras an Chonartha Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí agus Timire áisiúnta Síne Nic an Ailí Feidhmeannach Forbartha agus Oifige Brenda Ní Ghairbhí Feidhmeannach Forbartha agus Ard-Oifige Máiread Seoighe, Oifigeach Cléireachais Sinsearach Máire Ní Dhuiginn, Oifigeach Cléireachais/Fáilteoir An Siopa Leabhar Máire Ní Laoi, Oifigeach na bhFoilseachán Síle Hodgins, Cúntóir

12

An tOireachtas Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Máirín Nic Dhonnchadha, Riarthóir Emer de Barra, Oifigeach Forbartha Loretta Ní Churraighín, Feidhmeannach Ógras Maedhbh Ní Dhónaill, Riarthóir Ríonach Ní Scolaí, Oifigeach Forbartha Chúige Uladh Breanda Ní Chonaire-Droighneáin, Oifigeach Forbartha Chúige Chonnacht Risteard Ó Fuaráin, Oifigeach Forbartha Chúige Mumhan Aisling de Barra - Taaffe Oifigeach Forbartha Chúige Laighean / Comhordaitheoir Tionscnamh Seachtain na Gaeilge Teo. Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir Caitríona Bairéad Riarthóir An Coimisiún le Rincí Gaelacha Máire Ní Threasaigh - Mhic Riocard, Bainisteoir Lisa Gatti, Feidhmeannach Sinéad Ní Fhátharta, Feidhmeannach Lily McGovern, Cuntais/Scrúduithe

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

3.3. A TI REAMH AR CHRUI ITHE DE A COISTÍ CEA AIS TINREAMH AN CHOISTE GHNÓ 2008/09 Ainm an Bhaill Pádraig Mac Fhearghusa Donnchadh Ó hAodha Áine Ní Iarnáin Aoife Ní Scolaí Ben Ó Floinn Breandán Ó Cathasaigh Celine Ní Chóchlaigh Cóilín Ó Cearbhaill Daithí de Faoite Donncha Ó Súilleabháin Eoghan Mac Cormaic Fionn Mac Giolla Chuda Jacqueline Uí Mhuirí Lisa Ní Choisdealbha Lorcán Mac Gabhann Máire Ní Laoire Máire Uí Ghairbhí / Seán Ó hAllmhuráin Pádraig Nugent Pádraic Mac Donncha Proinsias Ó Maolchalain Séamus Ó Coisdealbha Seán Ó Ceallaigh Seán Ó Labhra Seán Ó hAdhmaill Seán Ó Drisceoil Seán Mac Anna Seósamh Mac Ionnrachtaigh Stiofán Ó Móráin Tadhg Ó Rodaigh Tomás Mac Ruairí Ultan Ó hAodha

01/11/08 06/12/08 17/01/09 28/02/09 04/04/09 Iomlán x x x x x 5 x x x x 4 x 1 x x x x 4 X 1 x x x x 4 x x x x x 5 x x 2 x x x 3 x x x 3 x x 2 x 1 x x x 3 x 1 x 1 x x x x x 5 x x x 3 x x x 3 x x 2 x 1 x 1 x x x x 4 0 x x x x 4 x x x x 4 x x 2 x x x 3 x x 2 0 x x x x x 5 x 1

TINREAMH AN BHUANCHOISTE 2008/09 Ainm an Bhaill Pádraig Mac Fhearghusa Donnchadh Ó hAodha Aoife Ní Scolaí Celine Ní Chóchlaigh Máire Ní Laoire Seán Ó Ceallaigh Tomás Mac Ruairí

06/12 17/01 31/01 28/02 21/03 04/04 24/04 Iomlán x x x x x x x 7 x x x x x x 6 x x x 3 x x x x x x 6 x x x x x x x 7 x x x x 4 x x x x x x x 7

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

13


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

3.4. TUAIRISC A hEAGRAÍOCHTA Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann. Is eagraíocht uile-Éireann an Conradh a ghníomhaíonn ar bhun 32 chontae agus ar fud na cruinne ar son na teanga, agus creideann an Conradh gur le pobal uile na hÉireann í an Ghaeilge. Tá 200 craobh ag an gConradh, 5 thogra forbartha agus líon mór ball aonair atá ag fás go leanúnach. Bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, agus níorbh aon eisceacht í obair na bliana seo. Seo a leanas príomhbheartais a dhírigh an eagraíocht orthu ó bhí an Ard-Fheis dheireanach ann i Meán Fómhair 2008: An Tumoideachas Sna sála ar Léacht Chonradh na Gaeilge 2008 a thug an tUasal Dónal Ó hAiniféin ar ábhar an tumoideachais in Éirinn i mí Aibreáin 2008, sheolamar leabhrán dátheangach den léacht ag Oireachtas na Samhna 2008. Scaipeamar cóip ar gach polaiteoir, gach ceantar leabharlainne agus ar Ghaelscoileanna ar fud na tíre agus muid ag tacú ar feadh an ama le ceart na nGaelscoileanna an luath-thumoideachas iomlán a roghnú. Rinneamar stocaireacht leanúnach ag brú ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta Batt O’Keeffe Imlitir 0044/2007 de chuid na Roinne a tharraingt siar láithreach agus chuige seo, chuireamar ceisteanna rialta ar an Aire sa Dáil ar an ábhar, mar aon le feachtas ar-líne a reáchtáil ar shuíomh an Chonartha ag www.cnag.ie. Beartas Oideachais Leanamar leis an stocaireacht le leasuithe sa chóras oideachais a chinntiú chun múineadh na Gaeilge a fheabhsú ag gach

14

Léacht an Chonartha le Dónal Ó hAiniféin

leibhéal scoile. Chuireamar ceisteanna rialta ar an Aire Oideachais maidir le moltaí an Chonartha sa Dáil agus labhair ionadaithe na heagraíochta leis na meáin agus le grúpaí áitiúla go minic ar an ábhar. Léirigh an Taoiseach Brian Cowen an-spéis i moladh an Chonartha go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna nuair a bhuail sé le toscaireacht ón eagraíocht i mí Dheireadh Fómhair 2008. Ranganna Gaeilge Thugamar faoi struchtúr níos aontaithe a leagadh síos do ranganna Gaeilge an Chonartha go náisiúnta i mbliana. Chun na ranganna éagsúla a chomhordú - go háirithe iad siúd i mBaile Locha Riach, i nGaillimh, in Inis, i Maigh Eo, agus i mBaile Átha Cliath – thugamar faoi phacáiste eolais amháin do mhúinteoirí na ranganna uile a ullmhú bunaithe ar shiollabas agus ábhar múinteoireachta Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Reáchtáladh oícheanta eolais TEG do mhúinteoirí na ranganna, agus oícheanta eile do dhaltaí na ranganna. Tá tuilleadh forbartha i ndán do na ranganna go náisiúnta, go háirithe leis an bhféidearthacht clárú lárnach a eagrú ar-líne ón suíomh ag

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

www.cnag.ie anois. Tá féidearthachtaí ann cúrsaí nua a chruthú le freastal ar riachtanais na hearnála poiblí freisin agus táimid cheana féin ag plé leis na Gardaí Síochána le teagasc na Gaeilge a fheabhsú laistigh den bhfórsa. Cúrsaí Traenála D’eagraíomar traenáil do na cumainn Ghaelacha agus do chraobhacha ollscoile an Chonartha ón 17 -18 Deireadh Fómhair 2008 i bpáirt le Glór na nGael, áit gur tháinig mic léinn ó 12 chumann Gaelach éagsúil ó cheithre airde na hÉireann le chéile chun aithne a chur ar a gcomhghleacaithe ar fud na tíre agus cabhrú lena chéile an teanga a chur chun cinn sna coláistí éagsúla. D’ullmhaíomar ceardlanna traenála do na craobhacha ar fad ag freastal ar an Ard-Fheis i mbliana freisin agus béim á leagadh againn ar chúrsaí teicneolaíochta. Shocraíomar ceardlanna eolais a chur ar siúl ag plé le grúpaí Google, cuntais ríomhphoist agus poiblíocht trí mheán an idirlín. Theastaigh uainn deis a thabhairt d’ionadaithe na craoibhe ceisteanna a chur mar gheall ar fheidhmiú an tsuímh ag www.cnag.ie freisin agus conas is fearr don chraobh leas a bhaint as. Glac Leis Chuireamar tús le camchuairt Glac Leis sna coláistí samhraidh agus sna Gaelcholáistí dara leibhéil in 2008 le daoine óga a chumasú agus a spreagadh le leas a bhaint as seirbhísí Gaeilge. Ó mhí Mheán Fómhair 2008 ar aghaidh, is iomaí eagraíocht, scoil agus coláiste tríú leibhéil atá i ndiaidh leas a bhaint as ceardlanna spreagúla an Chonartha i dtaca le cearta teanga, ina measc: • Aontas na Mac Léinn in Éirinn • Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath • Coláiste Mhuire, Baile Átha Cliath • Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí • Coláiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí • Coláiste na Feirste, Béal Feirste

Ard-Fheis 2009, An tAonach

• Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór • Gaelcholáiste Reachrainn • Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn • Coláiste Oideachais Froebel, BÁC • Coláiste Mhuire Marino, Baile Átha Cliath • Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Ag seoladh Raidió Rí-Rá

• Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath • Coláiste Phádraig, Baile Átha Cliath • Gael-Linn • Glór na nGael • Na Gaeil Óga • Institiúid Teicneolaíochta BÁC • Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn • Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath • Ollscoil Luimnigh • Ollscoil na Banríona, Béal Feirste • Ollscoil na hÉireann, Corcaigh • Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad • Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Tá tuilleadh ceardlanna beartaithe don chuid eile den bhliain agus beidh camchuairt eile ar na coláistí samhraidh á déanamh arís i mbliana sna míonna amach romhainn. Raidió Rí-Rá D’éirigh linn ceadúnas sealadach ilcathrach a fháil le Raidió Rí-Rá a chur beo ar an aer i mBaile Átha Cliath (100.3FM), i gCorcaigh (106.7FM), i nGaillimh (99.1FM) agus i Luimneach (105.5FM) ón 1 – 22 Márta 2009 le tacaíocht ónár bpríomhurraitheoir cor-

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

15


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

paráideach, Samsung. Sheolamar an tseirbhís FM i dteannta pearsan mór le rá ó shaol na Gaeilge ag ceithre phreasócáid éagsúil ar an 3 Márta 2009 agus bhí teacht ar níos mó na milliúin go leith duine ar Raidió Rí-Rá le linn an chraolacháin. Tháinig na mílte teachtaireachtaí isteach ón lucht éisteacht fud fad na tíre le linn an ama, ag déanamh iarratais cheoil agus ag cur isteach ar an gcomórtas Ceist an Lae le GaelFón Samsung úr nua a bhuachaint gach lá. Ba é stáisiún oifigiúil Sheachtain na Gaeilge é agus thugamar an scéal is déanaí faoi imeachtaí na féile ar siúl ar fud na tíre ar an uair, gach uair le linn an chraolacháin. Leanamar linn ag soláthar an chláir PopNuacht mar áis mhúinteoireachta ón suíomh ag www.RaidioRiRa.ie agus d’fhorbraíomar tráth na gceist laethúil bunaithe ar chúrsaí popchultúir go bhféadfadh múinteoirí a úsáid sa seomra ranga freisin. Rinneamar clár speisialta a chraoladh Lá Fhéile Phádraig agus é curtha i láthair ag réaltaí ó dhomhan na teilifíse agus an spóirt Clíona Ní Chiosáin, Linda Bhreathnach agus Donnacha Ryan. Ní raibh ach ard-mholadh don stáisiún as caighdeán na craoltóireachta agus gairmiúlacht na láithreoirí, ainneoin go raibh chuile duine ag obair go deonach don stáisiún, agus tá dhá ainmniúchán faighte ag Raidió Rí-Rá do Ghradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge i mbliana fiú. Cumarsáid Thugamar faoi phreasráiteas amháin a eisiúint in aghaidh na seachtaine le tamall anuas agus tá seo ag cabhrú go mór le próifíl na heagraíochta a ardú i measc an phobail chomh maith le hagallaimh rialta lena leithéid de TG4, RTÉ, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte, Raidió Uladh, Near FM, i102104fm, Clare FM, Spin South West, Raidió na Life agus stáisiúin áitiúla eile a chothú. Tá colúin rialta againn i nuachtáin áirithe, colún seachtainiúil popnuachta le Raidió Rí-Rá i

16

Suíomh an Chonartha

bhFoinse agus comhbheartaíocht leis an iris óige nós* san áireamh. Bhí giota ar an gConradh agus ár bpríomhfheachtais san iris Sult a foilsíodh mar fhorlíonadh den Irish Daily Star le linn Sheachtain na Gaeilge 2009, agus chuir an Conradh ceisteanna i leith na Gaeilge san áireamh i suirbhé taighde margaidh Urban Life de chuid an nuachtáin laethúil Metro i mí na Nollag. Táimid ag iarraidh an eagraíocht agus branda an Chonartha a leathnú agus a neartú leis an idirlíon agus go háirithe trí mheáin na gréasánaíochta sóisialta i mbliana. Tá leathanaigh cruthaithe againn don Chonradh ar Facebook, Bebo, Twitter, An Líonra agus tá forbairt leanúnach á déanamh againn i gcónaí ar shuíomh lárnach na heagraíochta ag www.cnag.ie. Is féidir clárú ar-líne do ranganna agus do bhallraíocht ar www.cnag,ie, earraí a ordú ón siopa, breathnú ar fhéilire imeachtaí, chomh maith le cóip de gach nuachtlitir agus de gach preasráiteas a íoschóipeáil ón gcartlann ar-líne. Tá gné idirghníomhach ag baint le gach feachtas arlíne agus tá naisc chuig eagraíochtaí Gaeilge eile ar an suíomh chomh maith. Ár mbuíochas leis na craobhacha ar fad agus na heagraíochtaí céanna a chabhraigh le fás agus forbairt na nuachtlitreach míosúil i mbliana freisin agus na scéalta breise a cuireadh ar aghaidh chugainn le cur isteach ann, ó na tograí forbartha go háirithe.

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

Comhoibriú Tá Conradh na Gaeilge ag dul ó neart go neart agus muid ag comhoibriú le heagraíochtaí Gaeilge eile le hacmhainní a roinnt agus an tionchar is mó a imirt ar an bpobal i gcomhar lena chéile. Bheartaigh an comhlacht teicneolaíochta Samsung teacht ar bhord le hurraíocht chorparáideach a dhéanamh ar Raidió Rí-Rá, Seachtain na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge ag tús na bliana. Táimid ag comhoibriú le Glór na nGael maidir le hearcú ballraíochta agus áiseanna a roinnt ag comhdhálacha agus eile chomh maith. Tá cruinnithe rialta eagraithe idir oifigigh fhorbartha Ógras sna cúigí éagsúla le baill d’fhoireann nó de thograí an Chonartha ó mhí na Nollag 2008 le féachaint chuig áiseanna agus eolas a roinnt freisin. Bíonn muid ariamh ag obair go mór i gcomhar leis na tograí, leis na craobhacha uile agus le heagraíochtaí eile faoi scáth an Chonartha – bíodh sé sin ag cabhrú le hÓgras bunreacht nua a chur le chéile, ag tacú le gradaim an Oireachtais, ag cabhrú le lámhleabhar Sheachtain na Gaeilge a dhearadh nó ag scaipeadh eolais faoin gCoimisiún le Rincí Gaelacha ag seastán an Chonartha - chomh maith le heagraíochtaí eile dá leithéid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, na Gaeil Óga, Pobal agus Fondúireacht na Gaeilge. Tuigeann muid go bhfuil sé ríthábhachtach obair as lámha a chéile, agus anois níos mó ná riamh le cabhrú lena chéile teacht slán as an gcúlú eacnamaíochta seo. Bailiúchán áisiúnta 2009 Áit amháin go raibh an-bhuntáiste ag baint leis an gcomhoibriú idireagraíochta ná i mBailiúchán Náisiúnta na bliana seo. Sa bhreis ar obair iontach na gcraobhacha agus na gcoistí contae áitiúla, chabhraigh mic léinn ar thaithí oibre linn agus Celine Ní Chóchlaigh go mór le comhordú an Bhailiúcháin agus d’éirigh leo Gaelscoileanna, clubanna CLG agus craob-

Ard-Fheis 2009, An tAonach

hacha Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) áitiúla a mhealladh le dul ag bailiú i mbliana. Tá airgead fós ag sileadh isteach ó na ceantair éagsúla go fóill ach tá an chuma ar an scéal gur éirigh fiú níos fearr le Bailiúchán 2009 ná Bailiúchán na bliana seo caite, ainneoin na deacrachtaí eacnamaíochta a thit amach i mbliana.

Ag comhoibriú leis na Gardaí

Cúrsaí Airgeadais & Árais An dea-scéal ná gur oscail Áras an Chonartha i Luimneach, Halla Íde, i ndiaidh na hoibre athchóirithe ar fad. Tá an Timire Náisiúnta fós ag plé leis na húdaráis faoin ionad i nGaillimh fad ‘s atáimse ag plé leis na fadhbanna slándála san Ard-Oifig in Uimhir a Sé a chur ina cheart go fóill agus ag fiosrú féidearthachta lárionad cultúrtha Gaeilge do Bhaile Átha Cliath. Táimid fós ag fulaingt ghanntanas mór airgid agus tá géarghá teacht ar ioncam agus foinsí maoinithe úra don eagraíocht. Ghearramar siar ar chostais chomh mór agus ab fhéidir linn i mbliana agus tá beartas oifige níos éifeachtaí idir láimhe anois. Cúrsaí Timireachta Tá obair leanúnach ar siúl againn chun craobhacha agus baill aonair as an nua a earcú le páirt a ghlacadh san eagraíocht agus is mór an dul chun cinn atá déanta againn ó mhí Mheán Fómhair seo caite. Dlúthchuid den obair go ndéanann muid ná ionadaíocht a dhéanamh ar an gConradh le

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

17


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

branda na heagraíochtaí a chur i mbéal an phobail agus le heolas a scaipeadh faoinár gcuid oibre. Seo a leanas cuid de na himeachtaí gur fhreastail ionadaí ón gConradh orthu le cúpla mí anuas: • Aonach Pobail de Choláiste an Gharda Síochána um Chearta an Duine • Aonach Oibre Fhorbairt Feirste • Buntáistí Breise le Gaeilge, BÁC • Coiste Comhairleach Oideachas Fhoras na Gaeilge, Baile Átha Cliath • Coláiste Phádraig, BÁC • Comhdháil Bliantúil Spleodar, Gaillimh • Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta • Comhdháil Gaelscoileanna • Cruinnithe agu scomhdhálacha de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge • Culture & The City, Comhdháil chultúir Bharra Temple, Baile Átha Cliath • Fóram na nÓg, Loch Riach • Fuinneamh, Nás na Ríogh • Lón Fhoras Gnó na hÉireann • Léacht Jim Cummins, Coláiste Phádraig • Oireachtas na Gaeilge, Corcaigh • Siolla, Fóram Óige an Chláir, Inis Táimid fós ag obair i dtreo timirí teanga a fhostú sna cúigí ar fad agus airgead á lorg againn ón Eoraip don phleanáil de réir contae freisin. Rinneamar stocaireacht go dtí seo le go mbeadh seo mar chuid de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge thíosluaite. Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge Chomh maith le cruinniú oscailte comhairliúcháin don Straitéis a reáchtáil mar chuid d’Ard-Fheis an Chonartha anuraidh, rinneamar moltaí agus aighneacht oifigiúil maidir le Plean 2028 an Rialtais a chur isteach agus táimse fós gníomhach ar Fhóram na Gaeilge i dtaca le forbairt an Phlean, go háirithe ag brú go mbeidh an dréacht den straitéis curtha chuig an bhFóram sula dtéann sé os comhair an Rialtais. Tá obair leanúnach fós idir láimhe maidir le moltaí na heagraíochta a chur chun cinn i

18

gcúrsaí pleanála fud fad na tíre lena chinntiú go mbíonn áit lárnach ag an teanga inár sochaí, laistigh agus lasmuigh de réimse na Straitéise araon, agus chuige sin ghlacamar páirt i bpróisis chomhairliúcháin éagsúla le comhairle cathrach agus contae chomh maith le go leor aighneachtaí a chur faoina mbráid ón Ard-Fheis seo caite (féach thíos).

Craic go leor ag an gCampa Samhraidh

Aighneachtaí Seo a leanas na haighneachtaí a d’ullmhaíomar idir Meán Fómhair 2008 agus Bealtaine 2009: • Comhairle Contae Loch Garman – An Chéad Scéim • Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann – Deontais Bheaga agus Damhsa • Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – Dara Scéim • Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – Plean Forbartha BÁC 2011-17 • Comhairle Bhuirg Léim an Mhadaidh – Beartas úsáid lógó dátheangach na Comhairle • Institiúid Teicneolaíochta BÁC – Dara scéim • An Post – An Chéad Scéim • An Roinn Oideachais ó Thuaidh – an Ghaelscolaíocht • An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia – Dara scéim

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

Bhí cruinnithe againn lena leithéid de Chaitríona Ruane, Aire Oideachais Thuaisceart na hÉireann maidir leis an bhféidearthacht scéimeanna teanga a thosú sna ranna báúil don Ghaeilge ó Thuaidh ar bhonn píolótach. Acht Gaeilge ó Thuaidh Ní hamháin sin ach bhí cruinniú againn le Mark Durkan, ceannasaí an SDLP, maidir le hAcht Gaeilge don Tuaisceart i mí an Mhárta 2009 agus tá obair leanúnach ar siúl i gcónaí i gcomhar le polaiteoirí agus grúpaí pobail amhlaidh Pobal agus Acht le hacht cuimsitheach, ceartbhunaithe a bhaint amach do Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt. Is é an tuaisceart an t-aon áit ar na hoileáin seo nach bhfuil reachtaíocht intíre ann don phríomhtheanga dúchais, agus d’eagraíomar bus (i gcomhar leis na Gaeil Óga agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge) le dul ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste chun tacaíocht a thabhairt don mhórshiúl ag éileamh go gcuirfí an reachtaíocht Ghaeilge atá geallta i gComhaontú Chill Rímhinn 2006 i bhfeidhm trí Westminister. Ceisteanna Dála Tá ceisteanna rialta á gcur againn ar Airí an Rialtais maidir le cúrsaí teanga sa Dáil – ó chúrsaí oideachais agus teorainneacha Gaeltachta, go húsáid na Gaeilge sna bainc, san Eoraip agus i saol an spóirt fiú. Is buíochas leis an stocaireacht seo gur cuireadh brú leanúnach ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív Rialacháin 2008 faoi Alt 9 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla a shíniú ar deireadh an bhliain seo caite, iad ag teacht i bhfeidhm ar an 1 Márta 2009. Tá tuilleadh feachtasaíochta de dhíth áfach leis na leasuithe cuí agus an plépháipéar ar chúrsaí fógraíochta a bhrú ar aghaidh agus leanfaimid ag cur ceisteanna ar na hAirí uile

Ard-Fheis 2009, An tAonach

maidir lena ndualgais i leith na teanga. Toghcháin Áitiúla Táimid ag déanamh stocaireachta sna toghcháin áitiúla le ceisteanna teanga a ardú ag leibhéal na hEorpa agus go háitiúil araon agus chuige seo, táimid ag iarraidh ar gach ball aonair agus ar gach ball craoibhe páirt ghníomhach a ghlacadh sna toghcháin ar son na teanga sna míonna amach romhainn. Beidh vóta le caitheamh ar an 5 Meitheamh 2009 agus idir an dá linn, is cinnte go mbeidh iarrthóirí polaitíochta ag iarraidh labhairt leat faoi do vóta. D’ullmhaíomar cáipéisí sothuigthe agus liosta na bpríomhcheisteanna le dáileadh ar na baill ar fad chun gur féidir linn uile freagraí na bpolaiteoirí a iarraidh agus tábhacht na Gaeilge a chur os a gcomhair, ag díriú ar cheist an tumoideachais, ar an nGaeilge mar ábhar Ardteiste agus ar chomharthaí bóithre dátheangacha. Cúrsaí Dlí Tá an seirbhís saor-chomhairle dlí fós á sholáthar againn gach mí i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath agus súil againn é seo a leathnú ar chathracha eile amach anseo. Tá poiblíocht na seirbhíse á forbairt go leanúnach againn de réir a chéile agus rinneamar fiosrú faoi chlár dlí a chraoladh go rialta ar Raidió na Life. Thacaíomar le bunú Gaeltachtaí nua i rith na bliana agus bhíomar ag déanamh stocaireachta faoi cheist na dteorainneacha Gaeltachta athrianaithe le go mbeadh na Gaeltachtaí roinnte ina gceantair riaracháin féin agus dá réir, go bhféadfaí seirbhís Gaeilge cinnte a chur ar fáil i gcúirteanna cuarda sna Gaeltachtaí. Bhí cruinnithe againn sa Bhruiséil ag iarraidh brú a chur ar an gCoimisinéir Orban le deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach freisin.

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

Feachtas na Feiceálachta Chuireamar tús le feachtas chun an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí sa sochaí mórthimpeall le Seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2008, faoin teideal Feachtas na Feiceálachta: Seachnaíonn Súil í ach bhFeiceann. Rinneamar plé ann ar chóid phoist a bhunú ar uimhreacha amháin nó ar an logainm Gaeilge; ar cheartleagan Gaeilge de logainmneacha na tíre a bheith chomh sofheicthe céanna leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair na tíre; agus ar an nGaeilge a chur taobh leis an mBéarla ar phacáistí bia agus earraí eile amhlaidh pacáistiú dátheangach i gCeanada, sa Bheilg agus sa bhFionlainn. Phléamar staidéar le Garrett Reil a choimisiúnaigh an Conradh ó Choláiste Náisiúnta Ealaíne ‘s Deartha (NCAD) ar leagan amach dátheangach comharthaí freisin ag an seimineár agus chuireamar cóip den tuairisc chuig an Aire Iompair Noel Dempsey i mí na Nollag 2008. Táimid ag lorg cruinnithe leis an Aire féin agus muid ag obair i dtreo tacaíochta a fháil ó Chomhchoistí an Oireachtais a phléann le hiompar agus leis an nGaeilge freisin chun moltaí an Chonartha agus na tuairisce a phlé. D’eagraíomar cruinniú oscailte don bhfeachtas ar an 22 Eanáir 2009 agus ó shin, táimid ag caint le GPS Ireland faoi chóras códphost PONC a fheidhmíonn beag beann ar theanga, agus leis an mBord Bia faoin bhféidearthacht Gaeilge a chur ar earraí bia déanta in Éirinn. Imeachtaí Sóisialta agus Eile Is iomaí campa samhraidh agus imeacht shóisialta a d’eagraigh craobhacha, tograí agus foireann an Chonartha i rith na bliana seo imithe, ina measc Oíche Chultúrtha 2008, Oíche Shamhna na mac léinn ag an Oireachtas, oícheanta scéalaíochta, turais lae, ceardlann raidió, seimineáir eolais,

20

An Chuallacht ag Spraoi Cois Laoi!

fóraim óige, léamha filíochta, drámaí agus seisiún ceoil go leor, go háirithe le linn Sheachtain na Gaeilge 2009. Chomh maith leis sin, tá an Tionól Gaeltachta bliantúil beartaithe don 2 – 5 Iúil 2009 agus beidh Léacht Nollaig Uí Ghadhra 2009 á tabhairt ag Nollaig Mac Congail níos moille i mbliana. Buíochas Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na heagraíochtaí Gaeilge agus eile a bhíonn plé leanúnach againn leo agus atáimid ag obair i gcomhpháirt lena chéile ar chúiseanna éagsúla. Tá buíochas ollmhór ag dul chuig an Uachtarán, gach ball den Choiste Gnó, gach Craobh agus chuig gach ball eile den eagraíocht a thugann tacaíocht leanúnach don eagraíocht agus a chuireann a n-am pearsanta féin ar fáil le hobair an Chonartha ag gach leibhéal a chur i gcrích. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach fostaí den eagraíocht féin agus de na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha. Tugann siad níos mó ná gur féidir a bheith ag súil leis i gcónaí. Julian de Spáinn Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

3.5. TUAIRISC TIMIREACHTA Tograí Timireachta Tá obair leanúnach ar siúl agam leis na Tograí Timireachta, atá maoinithe faoi Scéim Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge, ins an Clár, i mBaile Locha Riach, i nGaillimh, i Luimneach agus i Maigh Eo. Bhí cruinnithe pleanála rialta eagraithe i gcomhar lena feidhmeannaigh teanga agus foireann na hArdOifige i rith na bliana. Is mian liom buíochas a ghabháil freisin leis na coistí bainistíochta deonach atá ag obair lena Tograí. Árais an Chonartha Cuireadh críoch leis an obair thógála ar Áras an Chonartha i Luimneach ó bhí an Ard-Fheis dheireanach ann agus tá Togra ag feidhmiú ansin le breis agus bliain anuas, rud atá ag cur go mór leis an gcóras bainistíochta. Tá obair déanta agam maidir lena moltaí chun lárionad nua a thógáil i gcathair na Gaillimhe freisin. Bhí plé agam le moltaí an Cheann-Árais chomh maith, leis na hiarrachtaí chun lárionad nua Ghaeilge a thógáil i mBaile Átha Cliath, agus leis an obair dheisiúcháin atá le déanamh ar ár gCeann-Áras. Polasaí Oideachais Chaith mé am ag déanamh stocaireachta i dtaca le polasaí oideachais an Chonartha. Acht na dTeangacha Oifigiúla Bhí mé ag plé le feidhmiú an Achta Teanga agus ullmhú aighneachtaí do Chomhlachtaí Poiblí, chomh maith le craobhacha a spreagadh chun seirbhísí i nGaeilge a lorg. Tá plé leanúnach agam leis an Roinn Dlí agus Cirt faoin nGaeilge sa chóras cúirte leis. Tionól Gaeltachta Bhí Tionól Gaeltachta 2008 ar siúl in Inis

22

Oírr agus bhí mé ag plé le heagrú an Tionóil i gcomhar le grúpaí éagsúla ar an oileán agus ár bhfoireann féin sula raibh Ard-Fheis 2008 ach is mian liom an deis a thapú arís le buíochas a ghabháil le pobal an oileáin agus le gach duine a chabhraigh linn. I mbliana, beidh Tionól 2009 ar siúl i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Tá clár breá curtha le chéile againn le tacaíocht ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus Ionad an Bhlascaoid. Is é Aoine an 5 Meitheamh 2009 spriocdháta clárúcháin don Tionól agus tá súil agam go mbeidh sibh linn agus muid ag tabhairt cuairte ar oileán an Bhlascaoid an mhí Iúil bheag seo. Campaí Samhraidh Bím ag plé le socruithe do Champaí Samhraidh i gcomhar le craobhacha an Chonartha i gcontaetha éagsúla, agus le grúpscéim árachais na gcampaí freisin. Mar chuid d’eagrú na gcampaí, bím ag plé le scéimeanna na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge, agus sa bhreis ar theagmháil rialta a bheith agam leis na craobhacha srl., tugaim cuairt ar na campaí éagsúla leis. Is fiú go mór do chraobhacha Campaí mar seo a eagrú ina gceantar féin. Tá córas tacaíochta maith ar fáil len’iad a reáchtáil agus is obair í atá indéanta i nach mór gach ceantar. Tugann sé bunús maith freisin chun dul chun cinn eile a dhéanamh go háitiúil. Seachtain na Gaeilge Bhí plé leanúnach agam le heagrú Sheachtain na Gaeilge 2009 agus bhí mé ag feidhmiú chomh maith mar chomhalta den chomhlacht Seachtain na Gaeilge Teo. Rinne mé obair faoi leith ar chlár na Gaillimhe agus cuireadh clár an-leathan le chéile arís i mbliana.

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

Bailiúchán áisiúnta Bhí mé ag plé le heagrú an Bhailiúcháin ó mhí Eanáir go dtí Lá Fhéile Phádraig, le craobhacha agus le ceantair nach bhfuil craobhacha ag feidhmiú iontu araon. Rinneadh obair bhreise i mbliana chun cur leis an mBailiúchán agus is mian liom buíochas a ghabháil leis na mic léinn tríú leibhéil a bhí ag obair linn ar scéim thaithí oibre agus

Peadar Mac Fhlannchadha & Íte Ní Chionnaith

a chabhraigh go mór leis an iarracht seo. Tá buíochas faoi leith ag dul do Cheline Ní Chóchlaigh as an obair thimireachta a rinne sí don Bhailiúchán i mbliana freisin. Gaelscoileanna Bhí mé ag obair le Coiste Dúiche na Gaillimhe chun cóiríocht a chur ar fáil do Ghaelscoil de hÍde in Órán Mór agus do Ghaelscoil Riabhach i mBaile Locha Riach, agus bhí mé ag plé freisin le Gaelscoil Áth an Rí.

Ard-Fheis 2009, An tAonach

ranganna Áras na nGael, le foireann na hArdOifige agus Oifig na Gaillimhe le hábhar poiblíochta nua do na ranganna a ullmhú agus le hullmhú chóras comónta do ranganna an Chonartha go náisiúnta. Bíonn cúnamh á thabhairt agam do chraobhacha maidir le heagrú ranganna Gaeilge leis. Timireacht Ghinearálta Bíonn plé rialta agam le craobhacha agus grúpaí eile thar ceann an Chonartha mar aon le hoifigí Gaeilge na Comhairle Contae, le Roinn na Gaeltachta maidir leis an scéim Phleanála Gaeltachta agus freisin le hÚdarás na Gaeltachta maidir le tacaíocht do chraobhacha Gaeltachta. Ginearálta Bhí plé leanúnach agam le grúpaí agus eagraíochtaí thar ceann an Chonartha. Bhí plé rialta agam freisin le cúrsaí poiblíochta agus rinne mé ionadaíocht don Chonradh ag ócáidí éagsúla. Táim ag leanúint le soláthar colúin sheachtainiúil don nuachtán an Irish World i Sasana.

Áras na nGael Bím ag plé le riarachán ginearálta an Árais, le Club Áras na nGael, le riaradh Thogra na Gaillimhe chomh maith le pleananna forbartha an Árais agus lena deiseanna lárionad Gaeilge nua a thógáil i gCathair na Gaillimhe. Bhí plé leanúnach agam leis an gClár Fostaíochta Pobail atá lonnaithe in Áras na nGael agus a chuireann seirbhísí ar fáil don Áras freisin.

Buíochas Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le Pádraig Mac Fhearghusa, an Uachtarán nua, leis an gCoiste Gnó, le Julian de Spáinn agus le foireann oibre Uimhir a 6 Sráid Fhearchair. Tá buíochas faoi leith ag dul d’fhoireann oibre an Árais i nGaillimh agus táim go mór faoi chomaoin Áine Ní Iarnáin atá i gceannas ar Thogra na Gaillimhe agus do Ghráinne Ní Chonghaile a thosaigh ag obair linn i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil le baill an Chonartha ar fud na tíre a thug cúnamh flaithiúil dom ó cheann ceann na bliana.

Ranganna Gaeilge Bím ag plé le forbairt leanúnach ar chóras

Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí agus Timire áisiúnta

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

23


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

3.6. A CU TAIS AIRGID 2007

TUARASCÁIL AN CHUNTASÓRA

CHUIG COMHALTAÍ CHONRADH NA GAEILGE

D’ullmhaíomar na Cuntais agus Clár Comhardaithe Chonradh na Gaeilge atá anseo seo as na leabhair, na doiciméid agus na dearbháin ar cuireadh faoinár mbráid. Dá réir sin, deimhnimid go bhfuil siad déanta mar is ceart.

Iárionad Fhearchair, Bloc 3 Bothar Fhearchair Báile Atha Cliath 2

DATE

24

Ó Conchobhair agus a Chuid Cuntasóirí Cairte Iniúchóirí Cláraithe

12 Feabhra 2009

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

CONRADH NA GAEILGE CUNTAIS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS NA BLIANA DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2008

Sceideal

2008 €

2007 €

394,729 24,993 50,270 73,056 1,226 5,598 6,000 3,175 26,711 _______ 585,758 _______

376,181 30,333 49,820 60,690 2,628 7,711 2,900 3,175 18,035 _______ 551,473 _______

40,999 378,629 98,367 66,233 _______ 584,229 _______

57,678 353,255 93,107 52,782 _______ 556,822 _______

1,529

(5,348)

IONCAM Deontais ó Fhoras na Gaeilge Bailiú agus Clarú Cíosanna Ranganna Gaeilge Abhar Díolachan Sintiuin Fograí Cumann Lúthchleas Gael Ilnithe / Scéim eile

CAITEÁCHAS Costais an Eagrais Costais Phearsanra Costais Riaracháin Costais Teaghlachais

1 2 3 4

Brabús/(Easnamh) na Bliana

Ar son an Choiste Gnó ____________________ ____________________

12 Feabhra 2009 2

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

25


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

CONRADH NA GAEILGE CLÁR COMHARDAITHE MAR A BHÍ 31 NOLLAIG 2008

SÓCMHAINNÍ REATHA Fiachóirí agus Réamhíochtaí Infheistíochtaí Airgead sa Bhanc DLITEANAIS REATHA Ilchreidiúnaithe Rótharraingt sa bhanc Airgead dlite don Bhanc

Dliteanais Reatha Ghlan

2008 €

2007 €

1,000 635 _______ 1,635 _______

1,000 635 _______ 1,635 _______

10,586 5,098 17,580 _____ _ 33,264 _______

9,996 3,643 17,580 _______ 31,219 _______

(31,629)

SÓCMHAINNÍ DOCHTA Ceannach agus Maisiú Tí Troscán agus Trealamh Oifige

(29,584)

12,780 13,758 _______

12,780 20,405 _______

(5,091) _______

3,601 _______

(95,966) _______

(106,187) _______

(101,057)

(102,586)

(Easnamh) ag tús na bliana Brabús/(Easnamh) na bliana

(102,851) 1,529 _______

(97,503) (5,348) _______

Cúlchiste

(101,322) 265 _______

(102,851) 265 _______

(Easnamh) ag deireadh na bliana

(101,057)

(102,586)

IASACHT BAINC (Nóta) ARBH IAD SEO LEANAS AS A BHFOINSÍ:

Ar son an Choiste Gnó ____________________

____________________

12 Feabhra 2009 Nóta - Bhí iasacht airgid de €140,000 faighte i 2006 le drochfhiacha an Chonartha bailithe le roinnt blianta anuas a ghlanadh. Tá aisíocaíochtaí míosúla ar an iasacht seo' 3

26

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

CONRADH NA GAEILGE SCEIDIL DO CHUNTAIS NA BLIANA DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2008 2008 €

2007 €

12,196 3,661 25,142 _______ 40,999 _______

13,659 11,970 32,050 _______ 57,678 _______

360,662 17,967 _______ 378,629 _______

329,850 23,405 _______ 353,255 ______

9,087 4,830 19,088 1,751 124 7,359 5,914 49,339 876 _______ 98,367 _______

6,106 19,603 6,040 19,154 1,237 4,932 5,472 5,082 20,325 5,156 _______ 93,107 _______

22,397 37,190 6,646 ______________

23,645 3,999 18,540 6,598

66,233

52,782

SCEIDEAL 1 COSTAIS EAGRAS Comhdhálacha Coiste Gnó Bolscaireacht

SCEIDEAL 2 COSTAIS PHEARSANRA Tuarastail & Scéim Phinsin Taisteal agus Iostas

SCEIDEAL 3 COSTAIS RIARACHÁIN Trealamh Oifig Postas Teileafón Clódóireacht agus Páipéarachas Stóras Táille agus Ús Bainc Iasacht Bainc Táille Chuntasaíochta Costaís Oifige Ilnithe

SCEIDEAL 4 COSTAIS TEAGHLACHAIS Rátaí / Árachas Leictreachas Cothabhail Dimheas

4

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

27


28

Co. Mhaigh Eo. Cr. Chlár Chlainne Mhuiris Cr. Chaisleán an Bharraigh Cr. Bhéal an Átha Cr. Chathair na Mart Cr. Chrónáin, Ball Álainn Cnoc Mhuire Baile an Daighin

Cr. Thír Oileán Cr. Orán Mór Cr. Fhórsa Cosanta Cumann Éigse agus Seanchais, Gaillimh Cumann Drámaíochta na hOllscoile, Gaillimh Cumann Craic Ollscoile na Gaillimhe Gleann an Madach Uachtar Ard CLG Lothra agus Doire

Cr. Bhaile Átha an Rí Cr. Inis Meáin Cr. Thuama

CÚIGE CHONNACHT Co. na Gaillimhe Cr. Bhaile Locha Riach Cr. na Gaillimhe Cr. Anach Cuain Cr. Mhaigh Cuilinn Cr. Dhúiche Raifteirí Cr. Ghort Inse Guaire Cr. an Ath Uí Ghríofa, Cois Fharraige Cr. Bhéal Átha na Sluaighe Cr. Bhearna Cumann na hAchréidhe

200.00 300.00 155.00 60.00 180.00 65.00

60.00 200.00 65.00

200.00

2008 € 185.00 800.00 135.00 177.00 74.00 466.00 20.00

250.00 550.00 150.00

814.00 266.00

2007 € 250.00 660.00 207.00 347.00 152.00 420.00

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’ 999.00

21.48

20.00 50.00

THAR LEAR Cr. Learphoill Cr. Mhanchuain Cr. Ghlascú Stáit Aontaithe Mheiriceá Cr. San Francisco Cr. Shasana Nua, New Hampshire Cr. Bhaile Phitt Cr. Curtin, Wisconsin Cr. Boston Cairde N. Ó Gadhra sna Stáit Aontaithe

235.00

300.00 213.00 700.00 264.00

556.00

400.00

75.00 90.00 70.00 40.00 35.00 50.00

Co. Shligigh Cr. Fheis Shligigh Inis Ciabhann, Sligeach

Co. Ros Comáin Cr. Ros Comáin Caisleán Riabhach Aill Finn Áth Liag CCÉ Béal na mBuaillí Bealach an Doirín

Co. Liatroma * Cr. Thomáis Uí Dhuibhir, Liatroim CLG Béal an Átha Mhóir

Baile Gaelach Crois Bhaoithín Mainistir Mhaigh Eo Bricíní Bearna Chearúil Log Buí

AN BAILIÚCHÁN NÁISIÚNTA Scaireanna an Choiste Gnó (is ionann scair an Choiste Gnó agus 1/3 den iomlán a bailíodh) (NB. Ciallaíonn * roimh ainm craoibhe gur craobh nua í a bunaíodh i ndiaidh dáta an bhailiúcháin)

32.87

22.00

275.00

343.00 350.00 168.00 400.00

90.00 70.00 65.00 40.00 40.00

Conradh na Gaeilge Ard-Fheis 2009, An tAonach

3.7. A BÁILIÚCHÁ ÁISIÚ TA


‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

Co. Chill Mantáin Glór na nGael, Inbhear Mór 100.00

213.00

Co. Chill Chainnigh Cr. Chill Chainnigh

Co. Chill Dara Cr. Ghlór na Ríogh Cr. Chrom Abú, Maigh Nuad

175.00

160.00 150.00 110.00 585.00 133.00 20.00 150.00 30.00 100.00 270.00

CÚIGE LAIGHEAN Baile Átha Cliath Cr. Liam Bulfin, BÁC 6. An Ard-Chraobh, BÁC 2 Cr. Bhréanainn, BÁC 5 Cr. Spreagadh, BÁC 7 Cr. Moibhí, BÁC 2. Cr. Aimhirgin, BÁC. 2 Cr. na gCeithre Cúireanna Cr. an Ath. Ó hIceadha Cr. Inse Chór, BÁC 8 Cr. Choláiste na Tríonóide CLG Bhaile Phamar BAC Cumann Gaelach Co. BhÁC Cr. Bharr an Teampaill Cr. na nAisteoirí Cr i Measc Cr. Choláiste Phádraig Droim Conrach Cr. na nGael Óga Cr Institiúid Teicneolaíochta BÁC Cumann Gaelach, DCU Cumann Gaelach Institiúid Teicneolaíochta BÁC Cumann Gaelach Coláiste Froebel Cr. Raidió Gaelscoil Boramhe, Sórd

50.00

275.00

1000.00

40.00 200.00 40.00 500.00 145.00 30.00 100.00 50.00

Co. Uíbh Fhailí Cr. an Tulach Mhór

Co. na Mí Cr. Ráth Cairn Cr. na hUaimhe Cr. Cheanannas Cr. Bhaile Átha Buí Cr. Bhaile Átha Troim Cr. Bhaile Ghib Rath Mór An Obair Cill Dhéagláin/Ógras Chill Dhéagláin Dun Doire Maigh Nealta Baile Cor Carn na Ros Domhnach Seachnaill Maigh Locha Cill Mheasáin

450.00

118.00 66.00 105.00 108.00 50.00 40.00 105.00 45.00 135.00

72.00 300.00 142.00 127.00 107.00 44.00

680.00

33.00 190.00 262.00 80.00

31.00 50.00 230.00 24.00

820.00

450.00 140.00

Co. Loch Garman Cr. Inis Córthaidh & C.D Loch Garman 1303.00 Cr. Loch Garman 450.00 CLG Geraltaigh Uí Annrachán Ros Mhic Throin Co. Longfoirt Gaelscoil Longfoirt

100.00

150.00

Co. Laoise Cr. Phort Laoise

300.00 400.00

342.00 400.00

Co. na hIarmhí C.C.É, Baile Átha Luain An Móta

Conradh na Gaeilge Ard-Fheis 2009, An tAonach

29


30

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

Toradh Bailiúchán 2007:

Co. Chorcaí Cr. Bheanntraí Cr. an Sciobairín Cr. Bhaile Bhuirne Cr. Mhala Cr. Chúil Aodha Cr. an Chraoibhín Aoibhinn Cr. Th. Mhic Suibhne Cr. Eochaill Cr. Mhainistir na Corann Cr. Dhroichead na Bandan

€25,142.00

108.00 400.00 135.00 200.00 50.00

Co. an Chláir Cr. Chill Chaoi Cr. na hInse Cr. na Sionna Cr. Chill Rois Cr. Chill Mhichíl

320.00 150.00 250.00 200.00 140.00 550.00 50.00 50.00 300.00 450.00

94.00 450.00 145.00

350.00 550.00 100.00 100.00 150.00 30.00 100.00 30.00

300.00 210.00 370.00 100.00

3000

310.00 80.00

100.00 248.00

100.00 80.00

100.00 320.00 470.00 216.00 390.00

200.00 80.00

Cr. Lios Tuathail Liam Ó Súilleabháin Lios Tuathail Cr. Uíbh Ráthaigh Cr. Chill Áirne Cr. Oileán Ciarraí Cr. Dhún Chaoin/Baile an Fheirtéaraigh Cr. Oirthear Dhuibhneach Cr. Lios Póil * Cr. Chill Organ Ógras Chiarraí ÓgrasChullan Uí Chaoimh

CÚIGE MUMHAN Co. Chiarraí Cr. Thrá Lí Cr. Chilín Tiarna, Cill Airne

Toradh Bailiúchán 2008:

€17,965.00

Co. Thiobraid Árann Cr. Charraig na Siúire Cr. Chaiseal Mumhan Cumann Gaelach Chluain Meala Cr. Ros Cré Cr. an Aonaigh Cr. Dhurlas Éile Cr. Thiobraid Árann /Gaelscoil Thiobraid Árann

70.00

Co. Phort Láirge Cr. Dhún Garbhán

700.00 280.00 334.00 350.00 250.00 540.00 300.00

97.00 127.00 140.00 134.00 56.00 40.00 156.00 191.00 91.00 39.00 95.00 54.00

400.00 600.00

Co. Luimnigh Cr. Luimnigh Cr Chaisleán Nua Thiar Cumann Gaelach Choláiste Mhuire gan Smál Cumann Gaelach Ollscoil Luimnigh Cr. Bhrú Rí Cr. Ráth Caola Eas Géitinn/Baile Stiobhne Maigh Rua Áth Dara Cathair Chinn Lis Bóthar An Gleann ` Cill Míde/Fiodnach Feothanach/Áth Leathan Ceapach Mór Béal an Átha Cathair Laighin Raithineach/Átha na Fuinseoige Teampall an Ghleanntáin

333.00 281.00 270.00 400.00 250.00

60.00 120.00 42.00 42.00 53.00 175.00 50.00 90.00 138.00

850.00 266.00

Conradh na Gaeilge Ard-Fheis 2009, An tAonach


‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

£9,276.00 €6,018.00

1833.00 145.00 637.00 200.00 308.00 104.00 150.00

Co. an Dúin Feis an Dúin Cr. Ard Mhic Nasca Cr. an Iúir Cr. Bheannchair Cr. Leath Chathail Cr. Bhoirche Íocht Cr. Ros Treabhair

Toradh Bailiúchán 2007: Toradh Bailiúchán 2007:

10.00 100.00

380.00 100.00 610.00 171.00 130.00 60.00 70.00 336.00 100.00

320.00 200.00 216.00

2008 £ 147.00 230.00 62.00 100.00 190.00 110.00 140.00 27.00

Co. Dhoire Cr. Ghleann Iolair Cr. Ghrianlocha

Béal Feirste Cr. Sheáin Mhic Eachaidh Cr. Ard Eoghain Cr. na bhFiann Co. Ard Mhacha Cr. Rua Ard Mhacha Cr. Uí Fhiaich Cr. na Lorgan Cr. an Chreagáin Íocht. Cr. Phort an Dúnáin CLG R. Uí Anluain CLG Uí Rathaile Port Mór An Chill Mhór Cr. Chill Mhór Uí Nialláin

CÚIGE ULADH Co. Aontroma Cr. Bhaile an Chaistil Cr. Bhun Abhann Dalla Cr. Reachlainn Cr. Phort Chluain Eoghain Cr. Bhaile Raghnaill Cr. Ros Earcáin Cr. Dhún Lathaí Cr. Bhaile an Chláir

£8,846.00 €6,523.00

240.00 85.00

Co. Mhuineachán Cr Mhuineachán Cr. Charraig Mhachaire Rois Toradh Bailiúchán 2008: Toradh Bailiúchán 2008:

173.00 113.00

520.00 Co. an Chabhán Cr. Chill na Seanrátha Cr. an Chabháin

Co. Lú Cr. Dhún Dealgan

€ 508.00 182.00 100.00 189.00 368.00 226.00 336.00 151.00 839.00 380.00 240.00 1355.00 319.00 200.00

136.00

Co. Fhear Manach Cr. Lios na Scéithe Co. Dhún na nGall Cr. Leitir Ceannain & C.L.G. i gCo. Dhún na nGall CLG Malainn Cr. an Donaigh CLG na Dúnaibh CLG Ard a Ratha CLG Gaeil Fhanada CLG an Clochán Liath CLG N. Pádraig, Malainn CLG Carn Domhnaigh CLG Bun an Phobail CLG Sheáin Mhic Cumhaill CLG Gaoth Dobhair CLG N. Micheál CLG na Rosa

250.00 239.00 142.00 250.00 130.00 386.00 125.00

Co. Thír Eoghain Cr. Chluain Eo Cr. Chabhán an Chaorthainn Cr. Dhomhnach Mór Cr. an tSraith Bán Cr. Chaisleán na Deirge Cr. Ruairí Mhic Easmainn CLG an Mhaigh

Conradh na Gaeilge Ard-Fheis 2009, An tAonach

31


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

3.8. SÍ TIÚS A nGAEL

3.9. COMHBHRÓ

Gabhtar buíochas mór leis na daoine seo a leanas as an síntiús leanúnach seo a ghlacadh leis an gConradh faoi scéim Shíntiús na nGael. Cabhraíonn an t-airgead seo go mór gach gné d'obair an Chonartha a chur chun cinn:

Cuimhnímid go speisialta ar na Conraitheoirí agus ar na Gaeil uaisle a fuair a bá i rith na bliana, ach go háirithe:

• Dáithí Mac Cárthaigh

• An tOllamh Pádraig Ó Céide

• Elaine Bairéad

• Breda McGlacken-Byrne

• Jamie Ó Tuama

• Séamus Ó Saothraí • Julian de Spáinn • Pádraic Ó Durcáin • Peadar Mac Fhlannchadha

• Dónal Ó Liatháin

• Breandán Ó Cathasaigh

• Máthair Phádraic Uí Chonghaile

• Íte í Chionnaith

• Seosamh Mac Gabhann

• P.T. Mac Ruairí

• Eoin Ó Súilleabháin

• Seán Ó hAdhmaill

• Seán Ó Móráin

• Seán agus óirín Uí Cheallaigh

• Tony Gregory

• Celine í Chochlaigh

• Séamas Ó Coileáin • Flann Ó Riain

• Seán Ó Drisceoill • Criostóir Ó Gríofa • Tony Pratschke

• Pádraig agus Cormac Lankford

• Aoife í Scolaí

• Peig Uí Bhrosnacháin

• Anita ic Amhlaoidh

• Ciara Bn. Uí Dhuinnín

• Dáithí de Faoite

• Roibeard Ó Cuinn

• Brenda í Ghairbhí

• Máthair Phádraig ugent

• Síne ic an Ailí

• Ciarán Ó Concheannain

• Seán Ó Cionfhaola

• Eddie Keegan • Seán de Bhulbh

* Theastaigh ó dhuine amháin nach luafaí a (h)ainm.

32

• Máirtín Ó Conaire

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’



oladh a r h c d Po ar líne Foinse anois… se.ie in www.fo

Príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

4. TUAIRISC A dTOGRAÍ

4.1. TUAIRISC A CLÁR AS GAEILGE Is é príomhaidhm An Clár As Gaeilge ná labhairt na Gaeilge a neartú sa chontae agus seirbhísí cuí teanga a fhorbairt chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge. Is togra páirtnéireachta pobail é An Clár as Gaeilge Teoranta atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Inis agus maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá an togra bunaithe le 8 mbliana anuas agus feidhmíonn sé as oifig bhuan in Inis le hOifigeach Forbartha agus Cúntóir Oifige fostaithe le Clár Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm. Spriocanna Stráitéiseacha 1. Stádas na Gaeilge sa chontae a neartú 2. Pobal na Gaeilge a spreagadh 3. Infheictheacht na Gaeilge a láidriú 4. Comhpháirtnéireacht le heagrais eile sa cheantar 5. Tacú le turasóireacht chultúrtha Chun na spriocanna seo a bhaint amach, seo cuid de na himeachtaí a cuireadh i gcrích i gContae an Chláir ó bhí Ard-Fheis 2008 ann agus ar bhonn bliantúil:

Imeachtaí Cultúrtha • Féile Scoildrámaíochta a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna an chontae • Ba í Féile na hInse an fhéile teanga is mó sa réigiún i mbliana agus 26 bhliain a bunaithe á gceiliúradh againn in 2009. Ghlac breis agus 2,000 daoine óga páirt i mbreis agus 100 imeachtaí trí mheán na Gaeilge • Eagraíodh a lán imeachtaí i dteannta le Comhairle Contae an Chláir, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus eagrais phobail eile mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2009 ar fud an chontae • Chuir An Clár As Gaeilge ranganna Gaeilge ar 3 leibhéal ar fáil mar chuid de Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Willie Clancy i mbliana freisin • Deineadh ceiliúradh ar fhilí an Chláir le Céiliúradh ar Oidhreacht Filíochta Gaeilge Contae an Chláir: Comóradh Thomáis Uí Mhíocháin i nDubhshrath agus in Inis ar an 8 Márta 2009 • Measann An Clár as Gaeilge go bhfuil easnamh le feiceáil sa chaoi go léirítear saol litríochta an Chláir sa cheantar, gan aon treoir don chuairteoir ar sheanshaibhreas litríochta an chontae. Le pleacanna eolais curtha in áiteanna

Fóram Óige an Chláir 2008

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

35


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

dúchais na bhfilí, beidh an saibhreas filíochta scríofa atá againn soiléir don saol. Leanfar le himeachtaí breise mar chuid den phlean gníomhaíochta comhtháite • Cúl-Chaint: An Clár seanchais is Nuachta ar Clare FM le Domhnall Ó Loingsigh gach Satharn ar 9.00r.n. gaeilge@clarefm.ie Oideachas Sa bhreis ar na ranganna Gaeilge ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, eagraíodh ranganna Gaeilge ag dhá leibhéal (bunleibhéal agus meánleibhéal) i gCois na hAbhna i Lárionad Réigiúnda Chomhaltas Ceoltóirí Éireann tríd an mbliain. D’fhreastail suas le 100 duine orthu agus mar thoradh ar an móréileamh a bhí ar na ranganna i mbliana, tá 3 leibhéal á mbeartú don bhliain amach romhainn. Imeachtaí Óige • Is campa samhraidh do pháistí bunscoile ó rang 3 – 6 bunaithe ar ghníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge é Scléip an tSamhraidh agus freastalaíonn suas le 125 páiste air gach bliain • Reáchtáladh Comórtas Díospóireachta Iarbhunscoile do scoileanna an Chontae i mbliana, eagraithe i dteannta le Comhairle Baile na hInse le duaiseanna de pháirtscoláireachtaí Gaeltachta • Mar aonad de Siolla (Tionscnamh Forbairt Pearsanta Trí Ghaeilge) d’eagraíomar Fóram Óige An Chláir, seimineár lae do dhaoine óga ar a fhreastal breis ‘s 80 daltaí ó mheánscoileanna ar fud an chontae. Le linn 3

36

sheisiún i gCois na hAbhna, d’éirigh linn saol na Gaeilge don scoláire iarbhunscoile a bhíogadh, a fheabhsú agus a dhaonú le ceardlann drámaíochta, aíonna speisialta agus deiseanna páirtíochta. Táimid ag súil go mór leis an chéad imeacht eile! Comhoibriú leis an bPobal • D’eagraigh an Togra tionscnamh Tidy Towns le Gaeilge mar chuid d’iontráil na hInse sa Chomórtas Náisiúnta de Chomórtas na mBailte Slachtmhara • Eagraítear Aonach na Leabhar agus na gCártaí gach bliain mar chuid d’fheachtas díolacháin leabhar Gaeilge agus cártaí tráth na Nollag • Rinne An Clár As Gaeilge ionadaíocht ar Choiste Logainmneacha an Chláir, coiste comhairliúcháin do Chomhairle Contae an Chláir leis an nGaeilge a chur chun cinn in ainmniú eastáit tithíochta, bóithre agus ceantair sa chontae • Bhuaigh CLARE FM Gradam Gaeilge an Chláir de chuid An Clár As Gaeilge, gradam bliantúil atá dírithe ar an earnáil tráchtála agus a bhronntar ar an gcomhlacht a dhéanann an obair is mó an Ghaeilge a chur chun cinn ina réimse oibre. Mar thoradh air seo, bhuaigh Clare FM duais don stáisiún tráchtála is fearr i gComórtas Glór na nGael • Bhuaigh An Clár as Gaeilge an tríú duais Náisiúnta ag an mBronnadh in Óstán Ghaoth Dobhair i Mí Mhárta Breandán Mac Fhionnghaile Oifigeach Forbartha An Clár As Gaeilge

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

4.2. TUAIRISC GAEL-FHORBAIRT A GAILLIMHE Is áis phobail í oifig Chonradh na Gaeilge in Áras na nGael, Gaillimh ina gcuirtear seirb-

Seoladh Rí-Rá (Linda Breathnach le Gaelscoil Mhic Amhlaigh)

hísí agus eolas faoin nGaeilge ar fáil don phobal go forleathan. Bíonn ranganna Gaeilge, ranganna ceoil traidisiúnta, damhsa, drámaíocht, ceardlanna agus go leor imeachtaí eile ar bun againn i rith na bliana. An príomhaidhm atá againn ná an cultúr agus an teanga a chur chun cinn i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe. Comhdháil Phleanála Reáchtáil muid Comhdháil Pleanála do phobail Ghaeilge an chontae i rith mí na Samhna 2008 agus i mí Aibreáin 2009. Cuireadh béim faoi leith ar chúrsaí óige agus dhírigh an comhdháil ar chur chun cinn na Gaeilge i measc na hóige i mbealach praiticiúil éifeachtach. An aidhm a bhí leis an gComhdháil i mí Aibreáin ná na grúpaí oibre agus pleananna ón gcomhdháil roimhe sin a athmhúscailt chun cur chun cinn na Gaeilge a spreagadh as an nua. Bhí deis roinnt ghrúpaí oibre a chruthú agus anailís a dhéanamh ar riachtanais cheantair éagsúla.

Ard-Fheis 2009, An tAonach

Comhordú Sheachtain na Gaeilge Is í Síle Ní Bhraonáin a rinne Clár na Gaillimhe do Sheachtain na Gaeilge a sheoladh i gClub Áras na nGael i mbliana. Bhí Clár Sheachtain na Gaeilge 2009 ar cheann de na cláracha ba chuimsithí agus b’éagsúla a chur muid le chéile fós. Bhí cúrsaí drámaíochta chun tosaigh go láidir i bhféile na bliana seo agus bhí neart ceoil de gach saghas le cloisteáil ar fud an chontae agus siamsaíocht leanúnach ar fáil i gClub Áras na nGael le linn an cheiliúrtha Comhordú ar Eagrú Ranganna Gaeilge Eagraíodh idir ranganna agus dianchúrsaí Gaeilge in Áras na nGael i gcaitheamh na bliana. Tá éileamh mhór ar na ranganna go dtí seo agus is féidir le daoine clárú do na ranganna trí chóras nua atá socraithe againn ar shuíomh idirlín lárnach Chonradh na Gaeilge. Bíonn na cúrsaí eile seo a leanas á reáchtáil tríd an bhliain: • Cúrsa Gaeilge do Dhaltaí an Teastais Shóisearaigh • Dianchúrsa Scrúdú Cainte na hArdteistiméireachta • Dianchúrsa Gramadaí • Dianchúrsa an tSamhraidh • Dianchúrsa Gaeilge: ullmhú d'agallaimh na gcúrsaí Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht • Ranganna Damhsa agus Amhránaíocht ar an Sean Nós (Daoine Fásta agus Páistí) Forbairt Réimse Imeachtaí Óige Bheartaigh muid ar bhonn poiblíochta tacaíocht a thabhairt do 4 sprioc-ghrúpa ó thaobh imeachtaí óige de. Roghnaigh muid Ard Scoil Mhuire i mBéal Átha na Slua; An

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

37


Foclóir na Nua-Ghaeilge Bunachar Bibleagrafaíochta 1882-2000 ar líne anois:

www.ria.ie/projects/fng/bibleag Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dásain, Baile Átha Cliath 2. Fón: 01-6090639. Rphost: u.uibheirn@ria.ie


Conradh na Gaeilge

Cumann Craic in Ollscoil na Gaillimhe; agus Áras na nGael i nGaillimh. Bhí muid ag iarraidh nasc a chruthú leis na grúpaí éagsúla, agus eolas agus cabhair a thabhairt dóibh chun an Ghaeilge a láidriú i measc an phobail agus an áitribh ina raibh siad lonnaithe. Tá muid freisin ag tabhairt tacaíochta do chailíní Choláiste na Toirbhirte i dTuaim. Canann Tuaim is teideal don dlúthdhiosca a sheol cailíní na hidirbhliana i rith Sheachtain na Gaeilge 2009. Rinne na cailíní a chóiriú féin as Gaeilge ar 5 cinn d’amhráin na Sawdoctors. Is fiú go mór éisteacht leis an dlúthdhiosca iontach seo agus is dea-shampla é den cineál oibre fiúntach gur féidir a dhéanamh ar an talamh. Eagrú na gCampaí Samhraidh sa Chontae Tá súil againn go mbeidh rogha mór de Champaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge ar siúl i gcontae na Gaillimhe i mbliana. Tá rún againn campaí a bheith lonnaithe in Anach Cuain, Leacagh, Cora Finne agus Maigh Cuilinn, Ard Rathain, Inis Meáin agus i mBéal Átha na Sluaighe . Bíonn antóir i gcónaí ar na Campaí Samhraidh agus is fiú go mór dul chun cinn leis na Campaí seo agus a stór a mhéadú más féidir. Tá súil againn tógáil ar na méid oibre atá déanta ón Ard-Fheis seo agus tuilleadh forbairt a dhéanamh i rith na bliana amach romhainn. Áine í Iarnáin Stiúrthóir Thogra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe

Ard-Fheis 2009, An tAonach

4.3. TUAIRISC GAEILGE LOCHA RIACH Tuigtear dúinn go bhfuil fás agus forbairt suntasach le sonrú i saol na Gaeilge le bliain anuas i gcomharsanacht Bhaile Locha Riach in Oirthear na Gaillimhe. Táimid gnóthach le réimse leathan imeachtaí pobail, i gcúrsaí oideachais, le grúpaí liteartha, stairiúla agus cultúrtha agus tá stádas nach beag bainte amach ag gluaiseacht na Gaeilge sa bhaile. Pobal Feictear go bhfuil aird an phobail i gcomharsanacht Locha Riach tuisceanach anois go bhfuil áit lárnach ag an nGaeilge i saol an cheantair. Le dhá bhliain anuas, is iad na Gaeil atá taobh thiar de reáchtáil Mhórshiúil Fhéile Phádraig sa bhaile agus deis iontach ceiliúradh mór gaelach a dhéanamh den ócáid. Feictear go bhfuil suas le 30 eagraíocht phobail nasctha le Coiste Ghlór na nGael sa chomharsanacht agus go bhfuil féilte na háite tuisceanach in úsáid na Gaeilge in imeachtaí - Féile Raifteirí, Scoil Cheoil, Féile Touhey, Féile Baffle agus eile ina measc. Tugtar aitheantas do na grúpaí seo in searmanas bliantúil Gradam Locha Riach. Oideachas Tá nasc nach beag againn leis na Gaelscoileanna ‘s Naíonraí in Oirthear na Gaillimhe agus muid ag comhoibriú leo de réir mar atá siad féin ag fás. Tá siad ag cur le líon na ndaltaí iontu go fóill agus éileamh i gcónaí do sheirbhís Ghaelscolaíochta. Is sampla éifeachtach den bhforbairt seo é méadú i líon na ndaltaí sa mheánscoil lánGhaelach i gColáiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí. Ar ndóigh, níl obair s’againne teoranta do lucht na Gaelscolaíochta amháin ach

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

39


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

teagmháil rialta againn le scoileanna náisiúnta agus meánscoileanna uile an cheantair trí imeachtaí, chomórtais agus chuairteanna eagraithe go speisialta leo. Tá ranganna eagraithe ar gach leibhéal ag Gaeilge Locha Riach don phobal freisin: do dhaoine fásta, idir fhoghlaimeoirí agus fheabhasóirí; scoláirí ó scoileanna náisiúnta; lucht na meánscoileanna ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus Ardteiste araon

Mórshiúl Fhéile Phádraig - Réaltaí Riabhacha

Imeachtaí na n-Óg Tá béim mhór curtha ar imeachtaí óige againn. Tá clubanna óige neartaithe sa cheantar agus iad ag díriú ar riachtanais éagsúla. Tá dhá chumann óige Gaelach i mBaile Locha Riach amháin: Club Riabhach a fheidhmíonn mar chumann iarscoile do scoláirí óga ó scoileanna náisiúnta; agus Cumann Óige Locha Riach atá faoi scáth Ógras. Tá tograí iontacha curtha i gcrích ag Cumann Óige Locha Riach i mbliana i dtaca le cúrsaí drámaíochta, cláracha raidió agus DVD mar shampla. D’éirigh go hiontach leis an gCampa Samhraidh arís i mbliana agus neart daoine ag taisteal le freastal ar an gcúrsa a mhair ar feadh coicíse.

40

Eagraítear imeachtaí teaghlaigh Comhluadar ar bhonn rialta ina mbíonn ceolchoirmeacha, imeachtaí súgradh ‘s spraoi, seónna, picnicí, turais agus dioscónna Ghaelacha fiú. Mar aon leis an méid thuasluaite, bhí Fóram na n-Óg eagraithe don chéad uair i mbliana ina raibh tuairimíocht dhéagóirí na háite á meas i ndiaidh cuairteanna ó lucht Branar, Ré Ó Laighléis, aíonna ó TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Rí-Rá agus Chonradh na Gaeilge. Comhoibriú Tá comhoibriú leanúnach neartaithe leis na húdaráis áitiúla i mBaile Locha Riach, leis na grúpaí pobail trí Fhóram Pobail, agus leis na comhlachtaí gnó sa cheantar chomh maith le tamall anuas. Caithfidh a admháil gur mhór an tacaíocht a fhaigheann na Gaeil uathu uile. Bíonn teagmháil leanúnach le Páid Ó Neachtain, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus le Tomás Breathnach Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Buíochas leis an gcomhoibriú seo seoladh Do Sheans le Gaeilge, bileog a léiríonn réimse deiseanna do chách Gaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol sa cheantar, ag deireadh na bliana seo caite. Is mór an onóir dúinn go bhfuil féilire na bliana lán le himeachtaí agus le féilte éagsúla agus gnáthphobail na tíre rannpháirteach iontu uile. Cé go bhfuil méid áirithe bainte amach thar roinnt blianta, tuigtear go bhfuil gá le feabhas i gcónaí agus chuige sin, tá pleananna nua idir lámha a bheartú i dtreo neartú. Pádraig Rua Ó Baoill Oifigeach Forbartha Ghaeilge Locha Riach

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

4.4. TUAIRISC TOGRA LUIM IGH Tá an tOifigeach Forbartha Gaeilge ag feidhmiú faoi threoir fochoiste Chraobh Chathair Luimnigh agus tríd an Scéim Phobail Gaeilge 2008-2010 tá comhordú á dhéanamh ar úsáid Halla Íde mar áis Ghaeilge do phobal Luimnigh. Úsáid an Árais Déanadh cóiriú breise ar an oifig fáilte le déanaí le háiseanna breise a chur ar fáil do phobal na cathrach. Tá ionad eolais, siopa leabhar & cupán caife ar fáil d’éinne a bhuaileann isteach ar an Áras ag am ar bith i rith an lae. Tá comhriaradh á dhéanamh ar an Naíonra thíos staighre i gcomhar le stiúrthóir an Naíonra agus bíonn sé ar oscailt gach lá i rith na seachtaine. Cé go mbeidh sé ag dúnadh don samhradh, osclóidh sé arís i mí Mheán Fómhair agus tá tuismitheoirí ag clárú na bpáistí don téarma seo chugainn cheana féin. Bíonn seomraí san Áras ar cíos gach seachtain freisin agus ciallaíonn sé seo go mbíonn réimse leathan de ghrúpaí éagsúla ag baint leasa as an ionad. Bíonn ranganna ealaíona, cruinnithe de chuid pháirtithe polaitíochta, ranganna drámaíochta agus eile ar siúl go rialta. Tá forbairt bhreise beartaithe don siopa leabhar le linn an trí mhí amach romhainn. An Chistin Chultúrtha Déanadh cóiriú ar leith ar sheomra amháin in Halla Íde mar An Chistin Chultúrtha le pictiúir de cheoltóirí, amhránaithe, aisteoirí agus pearsan phoiblí eile iomráiteacha ó Luimneach ar na ballaí. Bhí An Chistin lán go doras ar an 26 Feabhra 2009 nuair a cuireadh tús leis na seisiúin cheoil ann. Ní hamháin go bhfuil amhránaíocht agus ceol ar siúl sna seisiúin seo ach bíonn scoth na filíochta agus na scéalaíochta ar an gclár chomh maith. Tá coiste nua bunaithe chun na seisiúin seo a riaradh.

Ard-Fheis 2009, An tAonach

Oideachas Tá ag éirí go hiontach leis na ranganna Gaeilge istoíche a eagraítear do na leibhéil fhoghlama éagsúla i rith na seachtaine, agus beidh cúrsaí an tsamhraidh ag tosú go luath. Cuireadh an seirbhís iarscoile ar siúl thar tréimhse 2 mhí i mbliana agus tá súil é a thosú arís i mí Mheán Fómhair. Tá an seirbhís oscailte do chuile scoláire meánscoile, idir chailíní agus bhuachaillí - is cuma an bhfreastalaíonn siad ar Ghaelcholáiste, ar scoil Bhéarla nó má mhúintear sa bhaile iad – agus bíonn múinteoir Gaeilge ann ag cabhrú leo lena gcuid obair bhaile. Bíonn imeachtaí

Seisiún Ceoil sa Chistin

spraíúla ar siúl mar chuid den seirbhís freisin, ealaín agus drámaíocht san áireamh. Tá comhordú á dhéanamh i rith an ama ar fhorbairtí Gaeilge sna coláistí 3ú leibhéil sa cheantair chomh maith. Bunaíodh club Gaeilge nua in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh in 2009 le cabhair ón gConradh tar éis don Oifigeach Forbartha dul ag labhairt leis na mic léinn ar an gcampas go luath sa bhliain. Thug lucht an Chonartha cuairt ar na coláistí éagsúla eile le déanaí freisin agus cuireann tacaíocht ar fáil dóibh aon slí gur féidir. Bíonn Gaeilgeoirí Choláiste Mhuire Gan Smál ag craoladh cláracha raidió ar Wired Luimnigh agus tá teagmháil láidir ag an Oifigeach Forbartha le hAonad na Gaeilge agus leis an gCumann Gaelach araon in Ollscoil Luimnigh

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

41


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

Imeachtaí Cultúrtha Bhí breis ar 200 duine in Halla Íde don Oíche Chultúrtha i mí Mheán Fómhair 2008 a bhí á eagraithe i gcomhar leis an rialtas áitiúil agus chuaigh an ócáid i bhfeidhm go mór ar eagrais eile. Sna sála ar rath na himeachta sin, eagraíodh oícheanta sóisialta eile sa Chistin chun an pobal a mhealladh isteach san Áras ó shin. Ní hamháin go raibh ceol agus amhráin á gcasadh ach cuireadh béim ar an bhfilíocht, ar an scéalaíocht agus ar an drámaíocht trí Ghaeilge freisin. Bunaíodh grúpa drámaíochta Gaeilge nua ag tús na bliana seo freisin agus buaileann siad le chéile san Áras gach Máirt. Beidh ranganna drámaíochta á n-eagrú i rith an tsamhraidh agus tá chuile duine gnóthach faoi láthair ag ullmhú don bhFéile Drámaíochta a bheas ar siúl arís i Luimneach níos déanaí an mhí seo. Is fiú a luaigh go raibh seastán ag Conradh na Gaeilge ag an taispeántas cultúrtha idirnáisiúnta in Halla na Cathrach i mbliana freisin. Seachtain na Gaeilge Chabhraigh Conradh na Gaeilge i Luimneach go mór le seoladh seirbhís ilchathrach FM an ógstáisiúin Raidió Rí-Rá ag tús Sheachtain na Gaeilge agus bhí preasócáid mhór eagraithe i gcomhar le Gaelcholáiste Luimnigh ar an 3 Márta 2009. Thapaigh an Conradh an deis próifíl na heagraíochta sna meáin a ardú le linn na Seachtaine le hagallamh ar an stáisiún áitiúil Limerick’s Live 95FM, agus bhí Halla Íde mar lárionad do na himeachtaí éagsúla le linn na féile. Bhí réimse leathan rudaí eagraithe do mhic léinn agus don phobal go ginearálta agus d’éirigh go han-mhaith le hócaidí cosúil leis an gcéilí sa Chistin Breandán Ó hÉamhaigh Oifigeach Forbartha Thogra Luimnigh

42

4.5. TUAIRISC TOGRA MHAIGH EO Bhunaigh Cóiste Dúiche Mhaigh Eo Togra Mhaigh Eo Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2002. ‘Sé príomhaidhm Thogra Mhaigh Eo ná an Ghaeilge a spreagadh agus a scaipeadh ar fud an chontae, agus chun lucht gnó Mhaigh Eo a mhealladh leis an teanga a úsáid chomh maith. Tá oifig againn i Sráid Ellison i gCaisleán an Bharraigh agus is í Brídín Ní Cheallaigh an Stiúrthóir ann. Tá fochoistí againn i gCaisleán an Bharraigh, i gCathair na Mart, i gClár Clainne Mhuiris, i mBéal an Átha agus in áiteanna eile ar fud an chontae. Oideachas Bíonn Togra Mhaigh Eo an-ghníomhach ó thaobh an oideachais de agus i mbliana, is iad seo a leanas na ranganna agus na cúrsaí Gaeilge a chuireamar ar fáil don phobal: • Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta • Ranganna Gaeilge do Ranna Rialtais • Ranganna Gaeilge do Chomhlachtaí Gnó • Ranganna Gaeilge do Mhúinteoirí • Ranganna Gaeilge do Dhaltaí Ardteiste • Dioplóma sa Ghaeilge i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh Bíonn an-rath ag baint leis an Dioplóma sa Ghaeilge ach go háirithe agus déanann idir óg agus aosta freastal ar an gcúrsa gach bliain. Cuireann Togra Mhaigh Eo cúrsaí oideachais ar fáil trí mheán na Gaeilge san Ionad Oideachais freisin. Bíonn an Togra ag comhoibriú le muintir na nGaelscoileanna áitiúla ar bhonn leanúnach agus cuireann muid seirbhís tacaíochta agus cuideachta ar fáil do mhúinteoirí scoile chomh maith. Cabhraíonn an Togra le Naíonraí Gaelacha a bhunú sa cheantar leis

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

Imeachtaí Sóisialta agus Cultúrtha Reáchtálamar Oíche Ghaelach in Óstán an Welcome Inn i mí na Nollag na bliana seo caite agus tháinig grúpa daoine ó Mhaigh Eo agus ó Chorr na Móna chun sult a bhaint as an gcomhluadar. Bhí flúirse cheoil, damhsa, rince, agallamh beirte, lúibíní agus go leor eile ar an oíche. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le chuile duine a tháinig ar an oíche, go háirithe muintir Chorr na Móna. Rinneamar 25 Bliain Gaelscoil Raifteirí a cheiliúradh san óstán céanna i mí an Mhárta agus arís, bhí an-oíche go deo againn. Is í Áine Ní Chiaráin, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus iriseoir leis an bpáipéar nuachtáin Foinse, a rinne Seachtain na Gaeilge Mhaigh Eo a sheoladh go hoifigiúil dúinn i Leabharlann Chaisleán an Bharraigh i mbliana. Bhí slua mór i láthair ar an oíche agus rinne Áine cur síos ar chúrsaí Gaeilge agus eile fud fad an chontae. Bhí os cionn 120 imeacht Ghaeilge ar siúl i Maigh Eo le linn na coicíse agus bhain chuile duine ansult as an bhféile. Cuireadh imeachtaí ar nós oícheanta ceoil, rince, comórtais agus tráth na gceisteanna le bunscoileanna agus meánscoileanna Mhaigh Eo ar siúl, agus bhí an tádh orm i mbliana go raibh deis agam dul amach ar cuairt ag na scoileanna éagsúla le bualadh leo. Chuir sin go mór leis an nasc idir muid féin agus scoileanna an chontae. Bhí Féile Scoildrámaíochta Chaisleán an Bharraigh againn chomh maith níos túisce i mbliana in ómós do Sheosamh Mac Gabhann ó Chill Mobhí, ar dheis Dé a raibh a anam, a rinne an oiread sin ar mhaithe le cur chun cinn na drámaíochta i measc ógánach agus aosach araon sa chontae. Ghlac 10 scoil ó áiteanna éagsúla i Maigh Eo páirt sa bhféile agus d’éirigh le 6 scoil ó Fhéile Scoildrámaíochta Chaisleán an Bharraigh ainmniúchán a fháil le dul ar aghaidh go dtí Féile Chúige Chonnacht a bhí ar siúl againn

Ard-Fheis 2009, An tAonach

sa Linenhall i gCaisleán an Bharraigh ón 10 13 Márta. Ghlac 34 scoil ón gcúige páirt sa bhféile seo agus chuaigh 10 scoil ó Chúige Chonnacht ar aghaidh go Craobh na hÉireann a bhí ar siúl sa Mhuileann gCearr i mí Aibreáin. Tá áthas orm a rá go raibh dhá scoil ó Fhéile Scoildrámaíochta Chaisleán an Bharraigh i measc na scoileanna a d’imigh ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann agus tá súil againn an Féile Scoildrámaíochta seo a chur ar siúl arís an bhliain seo chugainn chomh maith.

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2009 i Maigh Eo

Tá Ciorcal Léitheoireachta Gaeilge tosaithe againn anseo i gCaisleán an Bharraigh ó mhí Feabhra agus tá ag éirí go maith leis. Tá tuairim is cúigear déag ag glacadh páirt sa Chiorcal Léitheoireachta go dtí seo agus tagann muid le chéile uair sa mhí le cur síos agus plé a dhéanamh ar leabhar ar leith. Bíonn Ciorcal Comhrá ar siúl i dteach tábhairne Mc Carthy's, Caisleán an Bharraigh gach oíche Chéadaoin chomh maith leis sin. Bíonn slua deas ag freastal air seo gach seachtain. ‘Séard ata i gceist leis seo ná grúpa daoine ón gceantar a thagann le chéile chun a gcuid Ghaeilge a labhairt agus bíonn seisiún ceoil traidisiúnta ar siúl san ionad ag an am céanna. Tá go leor imeachtaí Gaeilge beartaithe againn don bhliain atá amach romhainn leis Brídín í Cheallaigh Stiúrthóir Thogra Mhaigh Eo

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

43



Conradh na Gaeilge

5. TUAIRISC CLÓDHA A TEORA TA ‘Siad na príomhghníomhaíochtaí atá ag Clódhanna Teoranta: • Feasta a fhoilsiú • An Siopa Leabhar a reáchtáil • Leabhair a fhoilsiú Maidir le foilsiú leabhar, is cuid bheag de ghnó an chomhlachta é seo le tamall. Tá go leor cúiseanna leis seo. Easpa cabhrach deontais, go leor comhlachtaí eile a bheith dírithe ar an gcúram seo agus Clódhanna féin a bheith ag déanamh sainchúram de ghnó an tSiopa Leabhar - rud nach bhfuil idir lámha ach ag fíor-bheagán dreamanna eile. Feasta Foilsítear Feasta go míosúil agus taobh amuigh den ghnáthdhíolaíocht trí shiopaí agus shíntiúsóirí, cuirtear cóip chuig gach rúnaí craoibhe den Chonradh. Tá deontas ó Fhoras na Gaeilge á fháil chun cabhrú le costais ghinearálta na hirise. Íslíodh an deontas san don bhliain 2009. Foilsítear mór-eagrán i mí Bhealtaine le cabhair airgid speisialta ón gComhairle Ealaín. Is é Pádraig Mac Fhearghusa an tEagarthóir. Le cúpla bliain anuas, tá méadú mór curtha aige ar líon na bpictiúr agus tá breis datha in úsáid tríd an iris chomh maith. Tá an dá ní san tar éis cur leis an éileamh atá ar an iris. An Siopa Leabhar Is gnó tábhachtach é seo atá ag freastal ar an bpobal agus ar fhoilsitheoirí araon. Tá sé á rith go héifeachtach ar acmhainní foirne atá teoranta go leor - de bhreis ar bheith ag plé leis an Siopa féin 6 lá sa tseachtain, gnó tríd an bpost a riaradh, seastáin leabhar a eagrú ag mór-imeachtaí lucht na Gaeilge timpeall na tíre, agus bheith eolach don phobal a thagann ag triail ar an Siopa ar imeachtaí na n-

Ard-Fheis 2009, An tAonach

eagraíochtaí Gaeilge. Tá an Siopa Leabhar á lua ag an nGúm mar dháileoir dá gcuid leabhar agus is cabhair mhór é sin don ghnó. Tá méadú ag teacht i gcónaí ar an gcéatadán den

ghnó a dhéantar tríd an bpost agus go leictreonach. Ina ainneoin sin, is léir go bhfuil áit ag teastáil i gcónaí ó dhaoine chun féachaint ar leabhair nua agus chun rogha a dhéanamh trí bhreis eolais a fháil dóibh féin ar an ábhar clóite. Tá tábhacht leis an dá chur chuige. Reáchtáiltear an Siopa Leabhar ar na gnáthchaighdeáin thráchtála ach gan an chabhair a fhaightear ó Fhoras na Gaeilge i leith roinnt den chostas tuarastail, ní bheadh an tseirbhís seo ar fáil. Táimid buíoch den chabhair sin. Ar aon dul le titim ghnó go ginearálta in Éirinn le bliain anuas, thit gnó sa Siopa timpeall 15% in 2008. Tá titim de bheagán níos mó ná sin ann go dtí seo in 200. Buíochas Tá Bord Chlódhanna buíoch arís i mbliana den bhfoireann, Máire Ní Laoi agus Síle Hodgins, as an obair a dhéanann siad go héifeachtach i gcónaí. Tá moladh ag dul go speisialta don Bhainisteoir (Máire Ní Laoi) as an saothar leanúnach atá ar siúl aici thar na blianta agus go leor de sin mar obair bhreise ar bhonn deonach Donnchadh Ó hAodha Rúnaí Chlódhanna Teoranta

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

45


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

6. TUAIRISC A nEAGRAÍOCHTAÍ FAOI SCÁTH A CHO ARTHA

6.1. TUAIRISC SHEACHTAI A GAEILGE Is í príomhsprioc Sheachtain na Gaeilge ná an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a neartú agus a chothú, agus a spreagadh i measc daoine atá líofa agus daoine le cúpla focal araon. Croí na Teanga – It’s You! is ea mana na Seachtaine a thugann fios agus misneach do chách gur féidir le gach duine leas a bhaint as an teanga agus as an gcultúr Gaelach agus go bhfuil páirt ag gach éinne i bhfeachtas dul chun cinn na Gaeilge. Tá áthas orainn a rá gurb í Seachtain na Gaeilge fós an fhéile Ghaeilge agus

chultúrtha is mó a reáchtáiltear in Éirinn agus i gcéin go bliantúil. Glacann na mílte daoine páirt in imeachtaí spraíúla atá eagraithe ag os cionn 200 grúpa éagsúil ar fud na cruinne. Bíonn gach saghas imeacht ar siúl le oícheanta ceoil, scóráil sciobtha, tráth na gceisteanna, tóraíochtaí taisce, pop-íol agus neart eile. Cuireadh na himeachtaí ar siúl ó bhun go barr na tíre arís i mbliana agus in áiteanna san Astráil, sa Ríocht Aontaithe, i gCeanada, i Meiriceá agus san Ísiltír.

46

Fás agus Forbairt Bhí an fhéile choicíse ar siúl ón 2 – 17 Márta an bhliain seo. Bhain níos mó ná 250,000 duine sult agus spraoi as na himeachtaí a d’eagraigh níos mó ná 4,000 duine, idir eagrais agus scoileanna in Éirinn agus thar sáile. Bhí na céadta scoil páirteach sa bhféile le himeachtaí a chuir siad ar bun dá ndaltaí féin, agus bhí an-tóir ar na comórtais náisiúnta arís i mbliana le níos mó ná 7,000 dalta ag cur isteach orthu. Tá Samsung Mobile, Seachtain na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá ag obair i gcomhpháirt le chéile ó lár na bliana seo caite agus tá ag éirí thar cionn leis an gcomhoibriú seo. Táimid dóchasach go mbeidh muid ag obair le chéile arís an bhliain seo chugainn. Thugamar faoi athrú dearadh ar an bhforlíonadh Sult a eisítear go bliantúil leis an Irish Daily Star ina mbíonn clár náisiúnta na nimeachtaí san áireamh. Bhí cuma níos spraíúla, dathúla agus beoga air i mbliana, le giotaí suimiúla dírithe ar dhaoine óga go háirithe. Tá rún againn lógó agus mana nua a chumadh do Sheachtain na Gaeilge sula mbíonn an fhéile linn arís an bhliain seo chugainn. Idir an dá linn, tá sé i gceist againn níos mó urraíocht chomhlachta a fháil ionas go mbeidh muid in ann níos mó rúin a chur i gcrích don chéad fhéile eile. Cúrsaí Poiblíochta Tarraingíodh neart suime agus airde ar an bhféile i mbliana de bharr líon na ndaoine a bhí páirteach sna himeachtaí i mbliana. Chuir na meáin chumarsáide náisiúnta agus áitiúla araon an-suim go deo sa bhféile in 2009 idir tuairisciú teilifíse, ar an raidió agus sna nuachtáin. Ba mhór an onóir í bheith ag obair le Bláthnaid Ní Chofaigh agus Ian Dempsey

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

agus iad mar phearsan na Seachtaine i mbliana. Tá nasc níos láidre cruthaithe idir muid féin, RTÉ agus Today FM go speisialta dá bharr. Don chéad uair riamh bhí seoladh oifigiúil Sheachtain na Gaeilge ar siúl sa Button Factory i mBarra Temple ar an 25 Feabhra 2009. Ba oíche den chéad scoth a bhí ann inar chruinnigh na céadta daoine le chéile, na meáin chumarsáide san áireamh, le han-sult a bhaint as an gceolchoirm. Braitheann Seachtain na Gaeilge go mór ar an bpoiblíocht leathan a fhaigheann muid toisc nach bhfuil na hacmhainní cearta againn íocaíocht a thabhairt ar fhógraíocht agus ar mhargaíocht na heagraíochta, mar sin bhí tábhachtach ar leith ag baint leis an seoladh speisialta seo. Ceol ‘09 Seo é an t-albam Gaeilge is mó tóir air ó cuireadh tús leis in 2005. Is cur chuige nuálaíoch, samhlaíoch é Ceol ‘09 chun ár dteanga dhúchais a fhoghlaim trí mheán an cheoil. Ní leor a bheith ar bharr na gcairteacha lena gcnaga móra Béarla, ach tá ceoltóirí na hÉireann tar éis glacadh le cuireadh Sheachtain na Gaeilge a gcuid amhrán a chasadh i nGaeilge. I measc na gceoltóirí a d’aistrigh a n-amhrán go Gaeilge don dlúthdhiosca Ceol ‘09, tá The Swell Season lena n-amhrán Falling Slowly a bhuaigh gradam Oscar anuraidh; Mick Flannery, ainmní Choice Music Awards, ag seinm Tomorrow’s Papers; amhránaícumadóir Albanach Eddi Reader lena cnag Perfect chomh maith le Cathy Davey, Camille O’Sullivan, John Spillane, Duke Special agus go leor eile. Ghlac Ceol ‘09 áit ard ar bharr na gcairteacha an chéad sheachtain dá dhíol. Dá mbeadh tuilleadh spreagtha de dhíth le cóip a

Ard-Fheis 2009, An tAonach

Ian Dempsey & Bláthnaid Ní Chofaigh

cheannach sa bhreis ar scoth an cheoil féin, téann an brabús ar fad go dtí an charthanacht fhiúntach Barnardos. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.snag.ie, agus tá Ceol ‘09 ar díol sna príomhshiopaí ceoil timpeall na tíre agus arlíne ag www.cnag.ie. Buíochas Tá neart oibre i gceist le féile ollmhór a reáchtáil gach bliain, obair a chuireann go leor brú ar an bhfoireann go rialta, ach tá an tádh linn cabhair agus tacaíocht a fháil ón iliomad duine roimh ré agus i rith na féile. Tá fíor-bhuíochas ag dul go Caitríona Bairéad, Ian Kearney, Laura Ní Cheallaigh, Clíona Ní Mhuirí, Julian De Spáinn, Fen Flynn, Denise Maher, Foireann an Chonartha, Foireann an Irish Daily Star, Today Fm, RTÉ, CCÉ, Raidió na Life, Ian Dempsey, Bláthnaid Ní Chofaigh, Raidió Rí-Rá, RMG, Barnardos, agus do gach duine a thugann tacaíocht leanúnach dúinn san oifig agus le linn Sheachtain na Gaeilge. Buíochas mór do stiúrthóirí Sheachtain na Gaeilge freisin. Orla ic Shuibhne Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

47


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

GRADAM SHEACHTAI A GAEILGE 1977 1978 1979 1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009

48

Séamus Mac Conglinne (RIP) Éamonn Ó hÉalaithe (Feis Átha Cliath) (RIP) Lil Nic Dhonnchadha (RIP) Máirtín Ó Direáin (RIP) Donncha Ó Súilleabháin (RIP) Deasún Breatnach (RIP) Gearóid Ó Maoilmhichíl (RIP) Amhlaoibh Ó hEidrisceoil (RIP) Sighle Uí Dhonnchadha (RIP) Fiachra Ó Dubhthaigh (RIP) Liam Ó Luanaigh (RIP) Seán Ó Dálaigh Pádraig Ó Riain Eibhlín Ní Chathailriabhaigh (RIP) Tomás Ó Cuilinn (RIP) Séamus Ó Muirí (RIP) Pádraig Ó Snodaigh Róisín Ní Sheaghdha Pádraig Nugent Proinsias Ó Braonáin (RIP) Cathal Ó Feinneadha Máire Ní Laoi Séamus Ó Cathasaigh (RIP) Cáit Uí Chadhain Ciarán Ó Feinneadha Colm Ó Tórna Anraí Ó Braonáin Pádraig Breandán Ó Leidhin Seán Mac Mathúna Antoine Ó Faracháin Cliodna Cussen Éamonn Ó Dónaill Dónal Mac Ionnraic

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

6.2. TUAIRISC OIREACHTAS A GAEILGE Ráiteas Misean Na healaíona dúchasacha, trí mheán na Gaeilge, a cheiliúradh agus a fhorbairt trí dheiseanna a sholáthar dá lucht praitice le hardchaighdeán a shroichint agus chun rannpháirtíocht leathan phobail a chothú.

Ard-Fheis 2009, An tAonach

shníomh le chéile d’imeachtaí éagsúla, cuireadh as don suíomh nádúrtha cumarsáide a chothaítear ag féilte Oireachtais ina mbíonn an Ghaeilge i réim de bharr gur ó na tíortha Ceilteacha eile a tháinig formhór na gcuairteoirí. Is ar na cúiseanna sin a bheartaigh Coiste Náisiúnta an Oireachtais gan Oireachtas na Cásca a reáchtáil mar fhéile níos mó ach na heilimintí éagsúla a raibh ag éirí go han-mhaith leo a reáchtáil ag tráthanna

Chuir an tOireachtas clár oibre 2008 i gcrích go críochnúil agus go héifeachtach. Ba é Donnchadh Ó hAodha a insealbhaíodh mar Uachtarán an Oireachtais 2009 agus ba phléisiúr é a bheith ag obair leis. Chríochnaigh Pádraig Mac Fhearghusa, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta an Oireachtais, a thréimhse sa chathaoir in 2008 freisin agus aireoidh muid uainn a dhíograis agus a chineáltacht. Ba chrann taca den scoth é. Guímid gach rath air ina oifig nua mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Uachtarán an Oireachtais & Seán Óg Ó Maoilchiaráin

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2008 Bhí bliain thorthúil ag Comórtais Liteartha an Oireachtais in 2008. Is liosta le háireamh de phátrúin a thacaíonn le Comórtais Liteartha an Oireachtais, Conradh na Gaeilge ina measc, agus táimid faoi chomaoin acu uile. Údar sásaimh é a bheith ag tacú le nuascríbhneoireacht na Gaeilge agus a bheith ag cuidiú leis na húdair nua atá ag teacht chun cinn. Ba i mBaile Dhún na nGall a bhí Oireachtas na Cásca 2008 agus chuamar i bpáirt arís leis an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach d’imeachtaí áirithe, Club na Féile agus na comórtais ardáin ina measc. Bhí gnéithe éagsúla ar éirigh go maith leo ach bhí freastal lag ar imeachtaí áirithe agus bhí an líon iarratas sna comórtais íseal. Cé go raibh buntáiste ann don bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach agus don Oireachtas an dá fhéile a

eile den bhliain, Fáiltiú an Oireachtais agus Bronnadh na nGradam Cumarsáide, agus Léacht an Oireachtais go háirithe. Oireachtas na Samhna 2008 Ba mhór an onóir dúinn gurbh í Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Ghiolla Íosa a sheol Oireachtas na Samhna go hoifigiúil. Tá pobal ildánach, ilghnéitheach ag teacht chun na féile agus déanann an tOireachtas gach iarracht freastal orthu trí éagsúlacht imeachtaí a eagrú. Is iad na comórtais ardáin croílár na féile ach tá na himeachtaí eile an-tábhachtach freisin na seimineáir, na seisiúin, club na féile, an club amhránaíochta, an halla taispeántais, na seoltaí éagsúla agus na heagrais eile a thagann chun na féile le bheith páirteach linn trí imeachtaí a eagrú, nó díreach le deiseanna a thapú le heolas a scaipeadh faoina gcuid tion-

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

49


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

scadal féin. Bhí Scléip na hÓige ar siúl le linn na féile agus os cionn 600 ógánach páirteach ann - baill d’Ógras, Cumann na bhFiann, Spleodar, Feachtas agus Óige na Gaeltachta. Bhí clár an-leathan imeachtaí ann idir seónna, díospóireachtaí, ceardlanna, ócáidí sóisialta agus ceoil, spórt agus a lán eile. D’éirigh thar barr leis na comórtais ardáin ag féile 2008. Bronnadh Corn Uí Riada ar an mbuaiteoir ab óige ariamh, Ciarán Ó Con Cheanainn, as Saile Thúna, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, agus ba mhór an t-ábhar bróin dúinn i mí Feabhra na bliana seo scéala a bháis a fháil. Ar dheis Dé go raibh a anam. Buíochas Gabhaimid buíochas le gach dream a chuidigh linn in 2008: Foras na Gaeilge a chuireann an bundeontas ar fáil dúinn; Foinse, a rinne urraíocht ar chomórtas Chorn Uí Riada don chéad uair in 2008; TG4 a dhéanann urraíocht ar na comórtais damhsa ar an sean-nós; RTÉ Raidió na Gaeltachta; BBC Raidió Uladh; Raidió na Life; Raidió Fáilte; Tuarascáil san Irish Times; Saol; Feasta; An tUltach; agus Gaelport.com. Rinne an Evening Echo éacht freisin don bhféile. Táim buíoch do Stillwater Communications, Peadar Ó Riada, Seán Ó Liatháin agus an Coiste Áitiúil, Gael-Taca, agus d’fhoireann Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh. Gabhaim buíochas ar leith le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, agus le gach éinne i gCeannáras an Chonartha i mBaile Átha Cliath.Bunaíodh An Coimisiún le Rincí Gaelacha mar choimisiún ag deireadh na 1920idí agus tá sé ag feidhmiú mar údarás riaracháin ar ghnóthaí na rincí Gaelacha ar feadh beagnach 80 bliain. Rinneadh comhlacht dliteanas teoranta de in 2007 agus tá sé cláraithe in Éirinn le stádas carthanachta faoi láthair. Liam Ó Maolaodha Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge

50

6.3. TUAIRISC A COIMISIÚ LE RI CÍ GAELACHA Fás agus Forbairt Is é cuspóir an Coimisiún ná na rincí Gaelacha - idir rincí aonair, rincí céilí agus rincí foirne - a chothú agus a chur chun chinn, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain uile. Tháinig fás agus forbairt mhór ar an gCoimisiún le blianta beaga anuas agus tá beagnach 2,000 múinteoir rince, moltóir agus scrúdaitheoir cláraithe leis an gCoimisiún ó thíortha éagsúla thart timpeall na cruinne faoi láthair. I measc na dtíortha sin, tá iad seo a leanas san áireamh: • Éire • Sasana • An Bhreatain Bhig • Albain • An Nua Shéalainn • An Astráil • Ceanada • Stáit Aontaithe Meiriceá • An Bhrasaíl • An Airgintín • An Afraic Theas • An Chéinia • An Ollainn

• An Bheilg • An Fhrainc • An Eilvéis • An Ghearmáin • An Ostair • An Iodáil • An Ungáir • An Pholainn • An Rúis • An Iorua • Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Tháinig méadú as cuimse ar an suim sa rince Gaelach lasmuigh d’Éirinn i ndiaidh dá leithéid Riverdance The Show, Lord of the Dance, Celtic Tiger agus seónna eile bunaithe ar rincí Gaelacha clú agus cáil a bhaint amach ar fud an domhain. Meastar go bhfuil níos mó ná 250,000 duine ann ag freastal ar ranganna damhsa go rialta faoi láthair, go haonarach nó mar chuid d’fhoireann dhamhsa. Nuair a chuirtear muintir agus cairde iad siúd san áireamh, méadaíonn líon na ndaoine go bhfuil baint

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Guíonn

Oireachtas na Gaeilge gach rath ar

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2009 OIFIG AN OIREACHTAIS, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire Fón: + 353 1 475 38 57 Facs: + 353 1 475 87 67 Ríomhphost: eolas@antoireachtas.ie Idirlíon: www.antoireachtas.ie Faigheann Oireachtas na Gaeilge deontas ó


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

acu leis an damhsa go mór. Bíonn daoine bailithe le chéile ag feiseanna chuile deireadh seachtaine, áit éigin ar domhan, áit go bhfuil siad in iomaíocht lena chéile agus ag baint sult as comhluadar a chéile. ‘Sé Oireachtas Rince na Cruinne buaic na n-ócáidí seo, eagraithe ag an gCoimsiún um Cháisc gach bliain le cabhair dheonach. Oireachtas Rince na hÉireann 2009 Is san INEC i gCill Airne a reáchtáladh Oireachtas Rince na hÉireann arís i mbliana. Is léir ó líon na ndaoine a d’fhreastail ar an ócáid gur éirigh go geal leis, go háirithe leis an oiread iomaitheoir a thaisteal achar fada agus go mór mór iad siúd a dtáinig ó na Stáit Aontaithe. Oireachtas Rince na Cruinne 2009 Is i Philadelphia sna Stáit Aontaithe a reáchtáladh Oireachtas Rince na Cruinne um Cháisc i mbliana. B’é seo an chéad bhliain ó bunaíodh an tOireachtas in 1970 gur tharla an ócáid lasmuigh d’Éirinn nó Albain, agus bhí Oireachtas Rince na Cruinne den scoth againn ann. Nuair a rinneadh an cinneadh in 2006 an tOireachtas a reáchtáil i Meiriceá, b’é an Kimmel Center for the Performing Arts an t-ionad a bhí i gceist againn a úsáid. Mhéadaigh líon na n-iomaitheoirí chomh mór sin san idirlinn áfach, go raibh orainn ionad breise a úsáid ar feadh 4 den 8 lá den Oireachtas. Reáchtáladh na comórtais foirne uile faoi 16 sa Grand Ballroom in Óstán an Marriott. Máire í Threasaigh – Mhic Riocaird Bainisteoir, An Coimisiúin le Rincí Gaelacha

52

6.4. TUAIRISC ÓGRAS Fís Ógras An Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáththeanga chumarsáide i measc an óige agus sa chomhthéacs seo, deis a thabhairt do dhaoine óga iad féin a fhorbairt mar phearsa agus treoraithe i measc an phobaill Obair Bhliana Tá bliain eile beagnach críochnaithe ó thaobh an chlub-bhliana de agus is bliain fíorghnóthach a bhí ann mar is gnáth. D’fhreastail breis agus 100 duine as Ógras ar Scléip na hÓige i gCorcaigh le linn Fhéile an

Club Chineál Eoghain

Oireachtais. Lean laethanta Óg-Ógras ar fud na tíre ina dhiaidh sin agus d’fhreastail os cionn 400 ball ar na himeachtaí éagsúla sin. Eagraíodh roinnt cúrsaí ceannaireachta roimh na Nollag agus mhothaigh na ceannairí a ghlac páirt iontu gurb fhiú go mór iad. Bhí Comórtas Ealaíona bliantúil de chuid Ógras ar siúl ó Mheán Fómhair go Nollaig agus bronnadh na duaiseanna ar na buaiteoirí sna réigiún éagsúla le linn mhí Eanáir agus Feabhra.

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

Cuireadh tús le tionscnamh ealaíona (maoinithe faoi Scéim Ealaíona na Gaeltachta) i Rann na Feirste go luath i ndiaidh na Nollag agus mhair sé sin ar feadh roinnt míonna. D’éirigh thar barr leis agus bhain na daoine óga an-sult agus tairbhe as an taithí a fuair siad le linn dóibh a bheith páirteach sa tionscnamh. D’eagraigh formhór de chlubanna Ógras agus Óg-Ógras imeacht éigin le linn Sheachtain na Gaeilge arís i mbliana. Thóg roinnt de na baill agus na ceannairí páirt sna himeachtaí a bhí eagraithe ag Gaelspraoi i mBaile Átha Cliath le linn deireadh seachtaine na Féile Pádraig. Thug slua mór a n-aghaidh ar Ghaillimh an mhí seo caite le haghaidh Chruinniú Chinn Bhliana Ógras – An tÓgrastal. Bhí neart plé agus díospóireachta ar siúl ag an ócáid seo. Bhí na Cluichí Tailteann ina dhiaidh sin arís agus mar is gnáth, bhí neart coimhlinte idir na clubanna sna comórtais difriúla. Faoi láthair tá gach réigiún ag díriú isteach ar eagrú na gcampaí samhraidh ach mar gheall ar easpa mhaoinithe, beidh laghdú ar líonadh na gcampaí i mbliana. Tá Ógras ag neartú nascanna le tíortha Ceilteacha eile amhlaidh Albain agus an Bhreatain Bheag le roinnt blianta anuas chun deis a thabhairt dár mbaill casadh lenár

gcairde Ceilteacha ag ócáidí anseo in Éirinn agus thar lear. Chomh maith leis sin, tá nascanna á gcothú againn le tíortha níos faide i gcéin, cosúil leis an bPolainn agus an Ghearmáin, agus tá súil againn páirt a ghlacadh i dtionscnamh óige leis an mBulgáir ag deireadh an tsamhraidh. Sa bhreis ar na himeachtaí, ar na cúrsaí agus ar na comórtais ar fad a bhí ar siúl i mbliana, bhí go leor oibre ar siúl chun Ógras a láidriú agus a neartú ar an talamh. Tá clubanna nua oscailte sna ceantair seo a leanas: Léim an Bhradáin, Nás na Ríogh (Cill Dara); Cúlóg, Baile na Manach, Tamhlachta agus Cluain Dolcáin (Baile Átha Cliath); Baile na Sceilge, An Gleann agus Oileán Chiarraí (Co. Chiarraí); Leath Chathail (Co. An Dún); Gasra an Spéirín (Tír Eoghain); agus Cill Chainnigh Buíochas Dár ndóigh ní bheadh muid ábalta leanúint ar aghaidh leis an obair seo gan an cúnamh agus an tacaíocht ar fad a fhaigheann muid ó na céadta daoine deonacha ar fud na tíre. Táimid fíor-bhuíoch dóibh go léir. Maedhbh í Dhónaill Stiúrthóir Ógrais

Club na Dromoda

54

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

7. AI M IÚCHÁI DO A TOGHCHÁI ’09 IARRTHÓIRÍ DO UACHTARÁ ACHT 1. Mac Fhearghusa, Pádraig Uachtarán reatha ar Chonradh na Gaeilge. Cathaoirleach Chraobh Thrá Lí. Ball de Bhuanchoiste agus de Choiste Gnó an Chonartha. Iarchathaoirleach agus bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, scoil atá ag seasamh in aghaidh iarracht na Roinne Oideachais deireadh a chur le luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge. Eagarthóir ar Feasta. Cathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, ar eagraigh sé a bhunú. Bhuaigh príomhchomórtas filíochta an Oireachtais faoi dhó, agus Comórtas oscailte filíochta Sheachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail. Iareagarthóir ar CNAG agus Samhlaíocht Chiarraí. Stair Chonradh na Gaeilge i gCiarraí, agus leabhar i nGaeilge ar shíceolaíocht Freud & Jung foilsithe aige. Lámh aige i mbunú 3 ghaelscoil eile.

IARRTHÓIRÍ DO CHOISTE G Ó Ó A CRAOBHACHA (Dáréag le toghadh) 1. Mac Fhionnghaile, Breandán Tá Breandán Mac Fhionnghaile, ina bhall de Chraobh na hInse agus mar stiúrthóir ar An Clár as Gaeilge. 2. Mac Ruairí, Tomás Gníomhach i gConradh na Gaeilge ó 1956: Uachtarán 1998-2003; Tánaiste 2004-2005; Coiste Gnó agus Buanchoiste ag tréimhsí éagsúla ó 1962; Uachtarán reatha ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó 2004;

56

ball de Chraobh Bhréanainn; stiúrthóir de Chomhlacht Cumarsáide Chreagáin, urraitheoir ar Léacht Nollaig Uí Ghadhra. Iriseoir. 3. í Chóchlaigh, Celine Tá blianta fada caite ag Celine ar Choiste Gnó an Chonartha agus tá sí an-ghníomhach i gcúrsaí an Chonartha i dTiobraid Árann Theas. Is iar-mhúinteoir scoile í agus tá ansuim aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais. 4. í Laoire, Máire Tá Máire ina ball de Choiste Gnó an Chonartha le ceithre bliana anuas. Is múinteoir í agus tá an-spéis aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais, spéis a spreag í chun máistreacht a dhéanamh ar dhearcadh daltaí i leith na Gaeilge. Tá sí ina LeasUachtarán de Chomhar na Múinteoirí chomh maith. Tá sí lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge i gcathair Chorcaí. 5. í Scolaí, Aoife Is ball reatha den Choiste Gnó í Aoife Ní Scolaí agus tá sí ina rúnaí craoibhe ar Chraobh Dhún Laoghaire i gCo. Bhaile Átha Cliath. Is ball den bhrúghrúpa Stádas í ón am a chaith sí mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach ar Chonradh na Gaeilge (2002-2005). Is ball í de Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is múinteoir bunscoile í. 6. Ó Catháin, Leachlain Ball de chraobh Thraolaigh Mhic Suibhne,Gleann Maghair, Corcaigh & iarbhall den Bhuanchoiste agus den Choiste Gnó. Ag saothrú ar son na Gaeilge i gconaí. Aturnae a bhunaigh cumann do dhlíodóirí a bhí sásta cleachtadh trí Ghaeilge. Tá ailt

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

agus léachtaí tugtha aige a bhaineann le hábhar thar na blianta. Údar ar an gcéad athbhreithniú ar chúrsaí dlí agus Gaeilge. Ball de Fhoras na Gaeilge 1999 go 2008. Tiomsaitheoir bhailiuchán focal agus teilgean chainte an dlí. Gníomhach i gcúrsaí drámaíochta ar feadh a shaoil.

11. Ó Loingsigh, Domhnall Tá Domhnall ina chathaoirleach de Chraobh Bhaile Bhuirne le blianta fada anuas agus bhí sé ina bhall den Choiste Gnó le fada chomh maith. Tá an-obair déanta aige ar son an Chonartha i nGaeltacht Bhaile Bhuirne agus, dár ndóigh, i gcontae Chorcaí, freisin.

7. Ó Coileáin, Cormac Is ball de Craobh Bhreannáin é Cormac. Tá dochtúireacht ar siúl aige faoi láthair i bhFisic, Nain-eolaíocht.

12. Uí Mhuirí, Jacqueline Tá Jacqueline ina ball de Chraobh na Gaillimhe. Múineann sí ranganna Gaeilge in Áras na nGael, Gaillimh, agus tá sí ag obair ar thráchtas in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair. Tá sí lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge i nGaillimh

8. Ó Drisceoil, Seán Tá Seán Ó Drisceoil, Cathaoirleach ar Chraobh Innse Gall, ag obair arís i nGaeltacht na hAlban áit a raibh sé mar phríomhoide de Sabhal Mór Ostaig tráth. Chaith sé deich mbliana ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus bhí ina Úrlabhraí Gaeltachta agus Tánaiste den Chonradh. Chaith sé seal mar Chomhalta de Choiste Comhairleach an Aire - Coimisiún na Gaeltachta. 9. Ó Floinn, Benedict Tá Ben ina bhall de Chraobh na gCeithre Chúirt, Baile Átha Cliath. Bhí sé anghníomhach sna feachtais maidir leis an mBille Teanga agus stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Tá sé mar Chathaoirleach ar Forbairt Naíonraí Teo. Is ball reatha é den Choiste Gnó. 10. Ó hAdhmaill, Seán Tá Seán ag obair le GAELSCOILEANNA agus tá sé ina Chathaoirleach ar Na Gaeil Óga agus ar Choiste Chontae Átha Cliath. Tá sé ina bhall reatha den Choiste Gnó agus den Bhuanchoiste. Tá sé gníomhach le Raidió RíRá, agus le feachtas GLAC LEIS an Chonartha chun daoine óga a mhealladh seirbhísí Gaeilge a lorg.

IARRTHÓIRÍ DO CHOISTE G Ó Ó A BAILL AO AIR (Beirt le toghadh) 1. de Faoite, Daithí Is as BÁC do Dhaithí de Faoite. Tá cónaí air sna Solláin i gCo. Chill Dara le deich mbliana anuas. Tá sé pósta le beirt pháiste óg agus Gaeilge mar theanga chlainne acu. Chaith sé tréimhse mhaith dá óige ag obair le hóg-eagrais Ghaeilge agus chaith sé bliain amháin dá shaol i dTír na mBascach. Is comhairleoir teicneolaíochta é le HP. 2. Ó Baoill, Brian D’oibrigh sé go deonach ar son na Gaeilge i Londain, agus i gCeanada. Ghlac sé páirt i mBunú Scoil Neasáin, i Ráth hÉanna, agus i gcuid mhór feachtais ar son na Gaeilge, ‘Let the Language Live’, mar shampla, agus bunú TG4. Tá duaiseanna liteartha de chuid an Oireachtais bainte aige agus cuid mhaith leabhar i nGaeilge foilsithe aige.'Chaith sé tréimhsí ina Rúnaí nó in a Chathaoirleach ar Chumann Forbartha Chois Fharraige idir 1978 agus 2006 agus ina Chathaoirleach ar Fho-choiste Ghlór na nGael do Pharóiste an Chnoic

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

57


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

8. RÚI A hARD-FHEISE 2009 A GHAELTACHT 1. MÚI EADH A gCA ÚI TÍ: Go gcuirfear cúrsa ar siúl do chúigear as gach Gaeltacht lag chun go mbeidh siad ar ardchumas sa chanúint sin. Craobh Bhaile Bhuirne 2. MÚI EADH A gCA ÚI TÍ: Go múinfí an chanúint áitiúil sna scoileanna Gaeltachta chomh maith leis an gCaighdeán. Craobh Bhaile Bhuirne 3. MÚI TEOIRÍ GAELTACHTA: Go gcuirfear cúrsa ar súil do mhúinteoirí Gaeltachta chun feabhas a chur ar a gcumas teanga. Craobh Bhaile Bhuirne 4. STÁDAS GAELTACHTA: Go ndéanfar iarracht mhór stádas Gaeltachta a bhaint amach do Chontae an Chláir, nó cuid de, sna blianta atá le teacht i bhfianaise líon na nGaeilgeoirí sa chontae úd ón daonáireamh deireanach amach. Craobh Chill Mhíchíl 5. GRÉASÁ G ÍOMHACH: Go dtabharfar tacaíocht phraiticiúil do Choiste Forbartha Teanga Contae an Chlár chun aitheantas oifigiúil a bhaint amach do ghréasán Gaeilgeoirí taobh istigh de Chontae an Chláir ón lá inniu ar aghaidh. Craobh Chill Mhíchíl 6. PLEA A GAEILGE 2009-2016: Go dtabharfar cabhair do Choiste na Gaeltachta i gContae an Chláir aird a thar-

58

raingt ar ‘Straitéis le Gaeltacht a bhunú i gContae an Chláir 2008–2016’ agus ‘Plean na Gaeilge 2009–2016’ dá gcontae féin. Craobh Chill Mhíchíl 7. MEATH A bhFÍOR-GHAELTACHTAÍ: Gurb é meath leanúnach na bhFíorGaeltachtaí an chomhartha is soiléire agus is láidre nach bhfuil an Rialtas ag dul i ngleic leis an dara haidhm náisiúnta a bhaint amach. Craobh Innse Gall OIDEACHAS 8. LUATH-THUMOIDEACHAS IOMLÁ : Dearbhaímid arís eile gur prionsabal luachmhar oideachasúil de chuid na gaelscolaíochta an tumoideachas lánGhaeilge i ranganna naíonán; go gcosnóidh Conradh na Gaeilge é i gcomhar le gaelscoileanna, tuismitheoirí agus pobal na tíre i gcoitinne an ceart seo a bhaineann le spiorad sainiúil teangeolaíoch na scoile lánGhaeilge; agus go gcuirfimid in aghaidh aon iarracht de chuid na Roinne Oideachais & Eolaíochta an prionsabal oideachais seo, a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta aige, a chealú nó a athrú nó a mhaolú. Craobh Thrá Lí 9. LUATH-THUMOIDEACHAS IOMLÁ : Iarraimid ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ciorclán 44/2007 a tharraingt siar. Dáil na Mumhan 10. LUATH-THUMOIDEACHAS IOMLÁ : Éilímid go bhféachfadh na húdaráis chuí chuige go ndéanfar taighde ar bhonn uileoileánda ar an luath-thumoideachas iomlán,

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

cleachtas tábhachtach oideachasúil, a bhfuil dlúthbhaint aige le buanú phobal na Gaeilge lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht. (Donnchadh Ó hAodha, Dáil na Mumhan) 11. Oideachas. Ionad Náisiúnta Oideachais: Éilímid arís eile go go mbrúfaí chun cinn leis an Ionad Náisiúnta Oideachais i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, a gheall Airí Oideachais agus Eolaíochta i Mí na Nollag 1999 agus arís i Meitheamh 2000: ar mhaithe le múinteoirí a chumasú chun an leas is fearr a bhaint as a dtalann féin agus as buanna a ndaltaí scoile; chun taighde leanúnach a dhéanamh ar mhúineadh na teanga; áiseanna teagaisc a fhorbairt, agus oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do lucht comhairle agus pleanála san oideachas. Craobh Thrá Lí 12. CÚRSA COMHTHÁITE GAEILGE: Iarrann an Ardfheis ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta cúrsa comhtháite Gaeilge a chur ar fáil do na bunscoileanna sin nach bunscoileanna lánGhaeilge iad; agus go ndéanfaí amhlaidh ag an dara leibhéal. Pádraig Mac Fhearghusa, Ball den Choiste Gnó 13. COISTE FIOSRAITHE EAMHSPLEÁCH: Bunaítear coiste neamhspleách de dhaoine aitheanta cáilithe chun iniúchadh iomlán a dhéanamh ar na himeachtaí laistigh den Roinn Oideachais agus Eolaíochta le breis agus 30 bliain anuas atá ina gcúis leis an staid ina bhfuil cúrsaí múinte na Gaeilge anois, ag an mbun, ag an dara agus ag an tríú leibhéal. Pádraig Mac Fhearghusa, Ball den Choiste Gnó

Ard-Fheis 2009, An tAonach

14. FAOISEAMH CÁ ACH: Éilíonn an Ardfheis seo go gcuirfear faoiseamh cánach ar fáil do ranganna Gaeilge. Daithí de Faoite, Ball den Choiste Gnó 15. SCILEA A FOCLÓRA: Go gcuirfear béim ar scileanna foclóra agus ar ghramadach na Gaeilge ar scoil, tríd an gcóras oideachais ar fad, chun go bpiocfaí an teanga suas níos tapúla. Seósamh Mac Ionnrachtaigh, Ball den Choiste Gnó 16. LUCHT FREASTAIL SCOILE: Go gcuirfear béim ar bhéaloideas feasta ó cheann ceann na scolaíochta in áit a bheith ag díriú ar litríocht eile na Gaeilge an iomarca. Seósamh Mac Ionnrachtaigh, Ball den Choiste Gnó 17. AO LEABHAR GAEILGE AMHÁI , 2000 LEATHACH Ó EILE: Go gcuirfear béim ar aon leabhar Gaeilge amháin ó thús ag an dara leibhéal le costais a laghdú ar thuismitheoirí, le réimse sách fairsing Gaeilge a mhúineadh agus le dóchas a thabhairt do ghasúir ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge de. Seósamh Mac Ionnrachtaigh, Ball den Choiste Gnó CEARTA 18. CO RADH LIOSPÓI : Ba chóir go mbeadh Conradh Liospóin féin, agus eolas simplí mar gheall air agus an obair atá á dhéanamh air faoi láthair, ar fáil go héasca ag an ngnáthdhuine as Gaeilge. Tá an-chuid oibre ar siúl air sa Dáil, agus é seo ar fad i bhfolach faoi láthair. Ba chóir dúinn a bheith in ann an próiseas a fheiceáil go simplí trí Gaeilge. Oilibhéar Ó Scanláin, Ball Aonair

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

59


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

19. ACHT A dTEA GACHA OIFIGIÚLA: Éilíonn an Ardfheis ar na húdaráis phoiblí ag gach leibhéal ar fud na tíre sna cásanna nach bhfuil sé i bhfeidhm cheana féin acu, brí agus treoir Acht na dTeangacha Oifigiúla a fheidhmiú maidir le comharthaíocht phoiblí - buan agus sealadach - lena chinntiú go mbeidh sin dátheangach, leis an nGaeilge chun tosaigh ó thaobh gradaim de, agus ar chómhéid leis an mBéarla, agus éilímid freisin go leasaítear an chomharthaíocht reatha uilig nach bhfuil amhlaidh roimh 1 Márta 2013. Coiste Contae Átha Cliath 20. MEAISI Í BAI C: Éilíonn an Ardfheis go gcinnteoidh na bainc rogha Gaeilge ar gach ATM in Éirinn, agus moltar dá gcustaiméirí tacú leis an éileamh seo a bhaint amach, agus ansin an tseirbhís a úsáid mar nós. (Coiste Co. Átha Cliath) 21. Cearta. Comharthaí Bóithre: Tugann Conradh na Gaeilge moladh do Chomhairle Bhaile Nás na Ríogh as ucht a gcomharthaí a thugann an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla agus éilítear go leanfaidh gach údarás áitiúil eile an dea-shampla. Craobh Ghlór na Ríogh 22. COIMISI ÉIR TEA GA: Athdhearbhaíonn Ardfheis Chonradh na Gaeilge ár dtacaíocht don Choimisinéir Teanga agus a fhoireann, agus molaimid do phobal na Gaeilge feidhm iomlán a bhaint as an oifig sin. Craobh Bhréanainn 23. COMHARTHAÍOCHT DHÁTHEA GACH: Molann an Ardfheis don phobal a bheith san airdeall faoin ngalldú atá ar siúl ar fud réim-

60

sí éagsúla den chóras poiblí: mar shampla, comharthaí aonteangacha Béarla á gcur in ionaid phoiblí, agus iarrtar ar an gCoiste Gnó na céimeanna cuí a thionscnamh chun stop a chur leis seo agus lena chinntiú gur comharthaíocht dhátheangach, nó ilteangach, a bhéas ann leis an nGaeilge chun tosaigh ó thaobh ghradaim de. Craobh Bhréanainn

EAGRAÍOCHT 24. COISTE GRÍOSAITHE: Go mbunófaí coiste le breathnú ar na modhanna is fearr chun siopaí idir mhór agus bheag, garáistí, proinntithe, pictiúrlanna ilscáileán srl. a ghríosadh chun comharthaí Gaeilge, nó ar a laghad comharthaí dátheangacha, a chur in airde. Ben Mac Lochlainn, Ball Aonair 25. OLLRITH ÁISIÚ TA: Éilíonn an Ard Fheis seo ócáid ollrith náisiúnta bunaithe ar an Korrika i dTír na mBascach, le bród as an nGaeilge a mhúscailt, a léiriú agus a neartú i measc phobal uile na hÉireann. Daithí de Faoite, Ball Aonair 26. FEACHTAS ATH UACHA A AGUS LÁIDRIÚ CRAOBHACHA: Molann Craobh na hInse don Ardfheis seo go mbunófaí láithreach feachtas foirmeálta chun craobhacha na heagraíochta a athnuachan agus a láidriú ,agus go mbeidh baill an Choiste Ghnó ar fáil chun an obair seo a chomhordú ar bhonn réigiúnda. Craobh na hInse

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

27. TEAGMHÁIL LE BAILL A hEAGRAÍOCHTA: Go mbaileodh an Ard-Oifig sonraí teagmhála gach baill den eagraíocht idir ainm, shloinne, sheoladh, ríomhphost, agus/ nó uimhir ghutháin, agus go gcuirfeadh an Ard-Oifig eolas go tráth-rialta le ríomhphost agus / nó le téacs chuig na baill maidir le himeachtaí agus feachtais náisiúnta agus áitiúla de chuid Chonradh na Gaeilge. Craobh na gCeithre Chúirt 28. SCÉIM LE CLRG: Go n-iarrfadh an Coiste Gnó ar an gCoimisiún um Rincí Gaelacha scéim a aontú leis an gCoiste Gnó, agus a chur i bhfeidhm, a mbeadh sé mar chuspóir aici go mbeifear in ann plé leis an gCoimisiún um Rincí Gaelacha gan stró as Gaeilge taobh istigh de 3 bliana. Craobh na gCeithre Chúirt 29. FIO TRAÍOCHT A GAEILGE: Go gcothódh agus go dtacódh an Conradh le spiorad na fiontraíochta Gaeilge trí cheardlann bhliantúil a rith, le heolas praiticiúil a sholáthar d’fhiontraithe poitéinsiúla i dtaobh fiontair nua a bhunú (gnó, cuntasaíocht, teicneolaíocht, maoiniú, dlíthe gnó agus cúraimí stáit i leith chomhlacht a bhunú, srl. san áireamh), agus go ndéanfaí seo i bpáirt leis na ranna Stáit cuí. Coiste Contae Átha Cliath 30. FEALSÚ ACHT: Molann an Ardfheis go dtionscnódh an Coiste Gnó córas leanúnach bolscaireachta agus eolais chun fealsúnacht na Gaeilge a leathnú i measc an phobail, agus go gcinnteofaí i gcomhar leis na heagrais eile Ghaeilge go gcruthófaí córas foirfe, éifeachtach agus gairmiúil. Craobh Bhréanainn

Ard-Fheis 2009, An tAonach

31. ARD-FHEIS 2011: Tugann Craobh Ghlór na Ríogh cuireadh do Chonradh na Gaeilge an Ardfheis a reáchtáil i Nás na Ríogh in 2011. Craobh Ghlór na Ríogh 32. ARD-FHEIS 2011: Go reáchtáilfear Ardfheis Chonradh na Gaeilge 2011 i gCeanannas Mór, Co. na Mí. Coiste Contae na Mí 33. ARD-FHEIS 2011: Go dtugann Craobh na hInse cuireadh don Choiste Gnó Ardfheis 2011 a reáchtáil in Inis, Co. an Chláir ar an 6ú, 7ú & 8ú Bealtaine. Craobh na hInse EILE 34. EARRAÍ ÉIREA ACHA: I bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta atá sa tír, go gcuirfeadh Conradh na Gaeilge feachtas náisiúnta ar bun le daoine a spreagadh chun earraí áitiúla agus Éireannacha a cheannach agus le seirbhísí áitiúla agus Éireannacha a úsáid, agus chuige sin go niarrfadh an Conradh ar dheantúsóirí earraí agus ar sholáthróirí seirbhísí ón tír seo leas forleathan a bhaint as lipéadú agus fógraíocht as Gaeilge agus / nó dátheangach (Gaeilge / Béarla). Craobh na gCeithre Chúirt 35. I IÚCHÓIRÍ Molann an Coiste Gnó don Ard-Fheis Mazars a athcheapadh mar iniúchóirí Chonradh na Gaeilge go ceann bliana eile ach amháin más féidir iniúchóirí níos saoire a aimsiú faoi mhí Dheireadh Fómhair 2009 a bheidh sásúil don Choiste Gnó. An Coiste Gnó

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

61



Conradh na Gaeilge

9. TORTHAÍ AR GHLÓR A nGAEL 2008 Leibhéal 1 (Iar-Ghaeltacht) 1ú Duais €2000 Glór Leamhcáin, Co. Átha Cliath 2ú Duais €1000 Cromghlinn, Béal Feirste Leibhéal 2 (Iar-Ghaeltacht) 1ú Duais €3000 Glór na Ríogh, Co. Chill Dara 2ú Duais €1500 Glór Bhréifne, Co. an Chabháin Leibhéal 3 (Iar-Ghaeltacht) 1ú Duais €5000 Carn Tóchair, Co. Doire 2ú Duais €3000 Cumann Gaelach Leath Chathail Leibhéal 1 (Gaeltacht) 1ú Duais €2000 Tuar Mhic Éadaigh, Co. Maigh Eo 2ú Duais €1000 Corr na Móna, Co. na Gaillimhe Leibhéal 2 (Gaeltacht) 1ú Duais €3000 Pobal Ghort a’ Choirce 2ú Duais €1500 Coiste Forbartha Chill na Martra Leibhéal 3 Gaeltacht 1ú Duais €5000 Coiste Forbartha Dhobhair 2ú Duais €3000 Clochán Bréanainn, Co. Ciarraí A DUAISEA A SPEISIALTA *An Iontráil Nua is fearr Pobal Mhuileann an tSiáin - €1,000 *Duais an Fháinne Cumann Gaelach Chnoc na Rós, Doire - €1,500 *Duais Chomhluadar Glór na Ríogh, Co. Cill Dara - €1,500 *Duais Eagras na Scoileanna Gaeltachta Coiste Forbartha Dhobhair - €1,000 *Duais Chló Iar-Chonnachta Baile Locha Riach - luach €1,000 de leabhair *Duais ón Iontaobhas Ultach X 2 Comharchumann na nOileán Beag - €1,400 Carn Tóchair, Co. Doire - €1,400 *Duais Choimisiún Craolacháin na hÉireann Raidió Pobail - West Limerick 102 Raidió Tráchtála - Clare FM - €1,500

Ard-Fheis 2009, An tAonach

*Duais an Leinster Leader Glór Chluainín, Co. Liatroim - €700 *Duais Ghaeleagras na Seirbhíse Poiblí Glór na Ríogh, Co. Cill Dara - €1,000 *Duais Chonradh na Gaeilge An Droichead, Béal Feirste, - €2,000 *Gradam Ghlór na nGael An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta *Duais COGG Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe - €2,000 *Duais Comhairle na Gaelscolaíochta Carn Tóchair, Co. Doire - £1,500 *Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille - €1,500 * Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe Inis Mór, Co. na Gaillimhe - €1,500 *Duais na Comhairle Oidhreachta X 2 Sionainn, Co. an Chláir - €1,500 Comharchumann na nOileán Beag - €1,500 *Duaiseanna Aitheantais Comhar Chuigéal Teo. Co. na Gaillimhe - €1,000 Cill Chárthaigh, Co. Dún na nGalll - €1,000 Trófaí na gComhlachtaí SAMSUNG - Trófaí GLOBAL GAEILGE 1ú Duais Cumann na Gaeltachta, Ceanada 2ú Duais MILG, Manchester Irish Language Group 3ú Duais Cumann Gaeilge na hAstráile a Mór-Ghradaim áisiúnta Leibhéal 4 3ú hÁit: An Clár as Gaeilge, Inis - €7,500 2ú hÁit: Comharchumann Ráth Chairn - €12,500 BUAITEOIR ÁISIÚ TA 2008 - €50,000 Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo (Urraithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta)

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

63


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

10. MIO TUAIRISCÍ ARD-FHEIS 2008, TRÁ LÍ, CO. CHIARRAÍ Teachtaí ag Ard-Fheis 2008 - Óstán Meadowlands, Trá Lí An Coiste Gnó Dáithí Mac Carthaigh, Aoife Ní Scolaí, Donnchadh Ó hAodha, Pádraig Mac Fhearghusa, Breandán Ó Cathasaigh, Ben Ó Floinn, Jacqueline Uí Mhuirí, Seán Ó hAdhmaill, Félim Borland, Lisa Ní Choisdealbha, Tomás Mac Ruairí, Eoghan Mac Cormaic, Fionn Mac Giolla Choda, Tadhg Ó Rodaigh, Celine Ní Chóchlaigh, Séamus Ó Coisdealbha, Pádraic Mac Donncha, Máire Ní Laoire, Caoimhín Ó Cadhla, Seán Ó Ceallaigh, Seán Ó Drisceoil, Seán Ó hAllmhúráin, Domhnall Ó Loingsigh Cúige Chonnacht Séamus Ó Coileáin, Áine Uí Choileáin, Craobh Dúiche Raiftaire; Bríd Ní Loideáin, Craobh Bhearna; Máiread Ní Dhireáin, Peter Rabbitt, Craobh na Gaillimhe; Áine Ní Iarnáin, Craobh Thuama; Bríd Uí Dhabhoráin, Áine Ní Fhatharta, Craobh Mhaigh Cuilinn, Séagh óg Mac Siúrdáin, Cumann Drámaíochta na Gaillimhe; Alice Daly, Cumann Craic na Gaillimhe; Patrick Ó Flatharta, Cumann Éigse na Gaillimhe; Brídín Ní Cheallaigh, Craobh Chaisleán an Bharraigh; Brid Nic Dhomhnaill, Coiste Dúiche na Gaillimhe. Cúige Laighean Áine Uí Ghabhainn, Blathnaid Ó Murchú, Donnchadh Ó Mathúna, An Ard-Chraobh; Helen Ó Murchú, Úna Uí Bheirn, Craobh an Áthair Ó hIceadha, BÁC; Breandán Ó Canáin, Colleen Dollard, Pádraig Ó

64

Snodaigh, Craobh Aimhirgín; Pádraig Nugent, Dónal Mac Ionnraic, Craobh Moibhí; Íte Ní Chionnaith, Craobh Choláiste Teicneolaithe; Anite Nic Amhlaoidh, Craobh Ghlór na Ríogh; Tara Ní Dhuinn, Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide; Tiarnán de hÁl, Craobh Cheanannus Mór; Cormaic Ó Coileáin, Diarmaid Ó Coileáin, Craobh Bhreanainn; Martina Ní Chéide, Na Gael Óga; Tomás Ó Conchúir, Craobh Loch Garman; Eamonn Walsh, Craobh Dhún Laoghaire; Pádraig Ó Brádaigh, Coiste Dúiche na Mí. Cúige Mumhan Leachlain Ó Catháin, Áine Uí Chatháin, Craobh Thraolach Mhic Suibhne; Nóirín Uí Cheallaigh, Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse; Colm Ó hAodha, Craobh Chúil Aodha; Ultan Ó hAodha, Dáil na Mumhan; Ciara Nic Liam, Fergal Ó Grifín, Craobh Choláiste na hOllscoile, Corcaigh; Pádraig Ó Dálaigh, Seán Ó Dónaill, Caitlín Uí Dhónaill, Craobh Thrá Lí; Breandán Mac Gearailt, Paidí Mharthain Mac Gearailt, Craobh Dhún Chaoin; Brian Ó Dochartaigh, Seán Ó Luanaigh, Craobh Chill Áirne; Seán Mac Mathúna, Caitlín Ní Mhathúna, Máiread Uí Chlochasaigh, Máire Ní Mhaolmhuaidh, Craobh Chill Rois; Eilís Uí Chondúin, Craobh Chill Mhichíl; Seán Ó Nuanáin, Craobh Chlub na Sionna; Colm Ó Conchubhair, Coiste Dúiche Chiarraí; Liam Mac Cionnaith, Pádraig S. Mac Donnchadha, Craobh Luimnigh; Gráinne Ní Fhanáin, Craobh Dhúrlas Eile; Áine Nic Giolla Coda, Paddy Mac Giolla Coda, Dáithí Ó hÉigeartaigh, Seán Seosamh Ó Conchubhair, Dawn Uí Chonchubhair, Pádraig Ó Dálaigh, Nóirín Uí Dhálaigh, Máiréad Uí Shíocháin, Brian Caball, Micheál Ó Súilleabháin, Máire Mhic Giolla

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

Rua, Máire Mean Nic Annraí, Cearuil Mac Eonnín, Dónal Ó Murchú, Áine Ní Chaoinn, Fiona Ní Chonchubhair, Stephen Cotter, Craobh Thrá Lí; Seosamh Ó Conchúir, Máire Mhic Gearailt, Seán Ó Matsul !!!, Pádraig Ó Mathúna, Siobhán Ó Mathúna, Craobh Chorca Dhuibhne; Séamas Ruiséal, Craobh an Chraoibhín Aoibhinn; Matt Ó Maonaigh, Máire Uí Mhaonaigh, Máire Uí Chonchubhair, Regina Bn Uí Bhreathnaigh, Craobh Lios Tuathail; Sinéad Joy, Craobh Uibh Ráthaigh; Áine Mhic Fhearghusa, Domhnait Nic Fhearghusa, Coiste Dúiche Chiarraí; Damian Mac Aodha, Craobh Oirthear Dhuibhneach. Cúige Uladh Iognáid Ó Muircheartaigh; Tadhg Ó Maoláin, Ruairí de hÁl, Craobh Dhún Dealgan. Thar Lear Gearóid Mac an Mhaoir, Riobard Ó Ceocháin, Denise Ní Loingsigh, Craobh Birmingham. Baill Aonair Breanainn Mac Fhearghusa; Brian Ó Baoill; Bettí Uí Bhaoill; Lorcán Mac Gabhann; Áine Ní Mhaoldhomhnaigh - Ó Drisceoil; Seán Mac Aonghusa; Dáithí de Faoite; Pól Ó Floinn Cuairteoirí Seán Ó Curraoin, Bríd Uí Mhathúna, Máire Ní Mhurchú, Feargal Mac Thréinfhir, Coláiste na bhFiann; An tAire Jimmy Deenihan TD, Treasa Ní Mhurchú, Bord Soláthar an Leictreachas, Seán Mac Gearailt, Risteard Ó hEartáin, Comhairle Co. Chiarraí; Caitlín Uí Chatháin, Seán Micheál Ó Donnchadha, Cill Airne; Fiona

Ard-Fheis 2009, An tAonach

Ní Chonchubhair, Trá Lí; Senan Cotter, Trá Lí; Seosamh Mac Muirí, Pádraig Ó Ceatharnaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Tomás Ó Curráin, Comhairle Co. Chiarraí; Eleanor Uí Churráin, Rath Luairc; Máire Mhic Niallais, Peadar Ó Colmáin; Seosamh Ó Conchúir; Eibhlín Ní Chonghaile, Raidió na Gaeltachta; Deaglán Ó Briain, Eamon Kinch, Foras na Gaeilge; Máire Bn Nic Enrí, Conaill Mac Enrí, Lios Tuathail. An Fhoireann Conradh na Gaeilge: Julian de Spáinn, Peadar Mac Fhlannchadha, Máiread Seoighe, Máire Ní Dhuiginn, Brenda Ní Ghairbhí, Síne Nic an Ailí Ógras: Maedhbh Ní Dhónaill, Máirín Uí Ghríofa, Risteard Ó Fuaráin An tOireachtas: Liam Ó Maolaodha An Siopa Leabhar: Máire Ní Laoi Fáiltiú agus Cur i láthair ar sheirbhísí Gaeilge i gCo. Chiarraí Dhein Roibeárd Ó hEartáin cur i láthair ar na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ó Údaráis Áitiúla Chontae Chiarraí agus sheol sé seoladh ríomhphost nua gaeilge@ciarrai.ie do dhaoine ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge le hÚdaráis Áitiúla Chiarraí. Caint Fháiltithe an Uachtaráin Chuir an tUachtarán fáilte roimh chách chuig Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2008. Ghabh sé buíochas le Craobh Thrá Lí agus Coiste Contae Chiarraí as an obair ar fad chun an Ard-Fheis a eagrú. Chuir sé fáilte speisialta roimh Tom Curran, Bainisteoir Chontae Chiarraí; Cathal Ó Súilleabháin, innealtóir le Comhairle Contae Chiarraí; agus Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

65


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

Chontae Chiarraí, ball d’Údarás na Gaeltachta agus Seirbhís Oideachais Chiarraí. a Rialacha Seasta Glacadh leis na rialacha seasta, molta ag P.T. Mac Ruairí agus cuidithe ag Pádraig Mac Fhearghusa. Sos Cuimhneacháin Sheas gach duine a bhí i láthair ag an ArdFheis ar feadh nóiméid in ómós do na daoine seo a leanas a fuair bás le linn na bliana: Cáit Bn. Mhic Chaisin, Ard-Chraobh; Micheál Ua Duinín; Anraí Ó Baoighealláin; Cáit Nic Oisín; Michael O’Riordan, athair Mhichíl Uí Ríordáin, Foras na Gaeilge; Riobard Mac Góráin; Harry Holland; Ciarán Ó hAnracháin; Róisín Doran, aintín Eoghain Mhic Cormaic; Mary McNally, máthair Fherdie Mhic an Fhailigh; Ciarán Ó hÉigeartaigh; Máire Ní Chéilleachair; Lucy agus Deasún Breatnach; Máirtín Ó Siadhail; Reiltín Ní Bhroin, Ard-Chraobh; Proinséis Seoighe, Craobh Bhrú Rí, bean chéile Mhainchín Seoighe nach maireann; Dónal Ó Ceallaigh; Pól Laighléis; Stiofán & Seosamh Ó Méalóid, Ráth Chairn; Eoin Ó Caollaí; Martin Kirrane, nia Phádraic Mhic Donncha; Máirín Boles, deirfiúr Phádraic Mhic Donncha; Éamon Ó Brudair; Muireann Nic Cárthaigh; Coirnéal Eoghan Ó Néill; Bríd Heussaff; Gerald Ó Floinn, uncail Ben Uí Fhloinn; Eileen McNally, seanmháthair Shíne Nic an Ailí; Hugh Ó Gráinne; Pádraig Ó Cuanacháin, Gael-Taca; Roibeard Ó Ceallaigh; Gearóid Mac Giolla Domhnaigh, Comhaltas Uladh; Dónal Mac Mathúna; Bernie Ní Chasaide; Nollaig Ó Gadhra, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge; Cormac Ó Ceallaigh; Bríd Uí

66

Chuinneagáin, máthair Liam Uí Chuinneagáin, Údarás na Gaeltachta; Máiread Dunlevy; Proinnsias Ó Mórdha, iarbhall de Chraobh Moibhí. Toghadh Áiritheoirí na dToghchán Toghadh Íte Ní Chionnaith, molta ag Peadar Mac Fhlannchadha agus cuidithe ag Pádraig Mac Donncha, Coiste Contae na Mí; agus Anita Nic Amhlaoidh, molta ag Jacqueline Uí Mhuirí agus cuidithe ag Pádraig Mac Fhearghusa. Glacadh le Peadar Mac Fhlannchadha mar cheann comhairimh. Oscailt Oifigiúil Tar éis óráid a thabhairt ar straitéis 20 bliain don Ghaeilge, téama na hArd-Fheise, ghuígh Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, gach rath ar an Ard-Fheis agus d’oscail sé go hoifigiúil í. Ghabh sé buíochas leis an Uachtarán, leis an Ard-Rúnaí agus leis an gCoiste Gnó as an gcuireadh chun an Ard-Fheis a oscailt. Fóram ar Straitéis 20 bliain don Ghaeilge Thug Seán Ó Leidhinn ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cuntas ar Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, na príomhmholtaí agus ceisteanna straitéiseacha don phlean. Thagair sé don phlépháipéar foilsithe ag an Roinn agus scaipthe ar an Ard-Fheis chun an pobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa dara céim den phróiseas comhairliúcháin don phlean Bhí Helen Ó Murchú mar Chathaoirleach ar an bhfóram agus ghlac sí le beartais ón lucht éisteachta don straitéis don Ghaeilge. Ghabh sí buíochas leis an Taoiseach Brian Cowen agus leis an Aire Éamon Ó Cuív as an straitéis a chur chun cinn.

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

Dé Sathairn, 27/09/2008 ag 10:15r.n. Toghchánaíocht idir iarrthóirí na hUachtaránachta Labhair iarrthóirí na hUachtaránachta, Pádraig Mac Fhearghusa agus P.T. Mac Ruairí ar feadh cúig nóiméid an duine. Cuireadh ceisteanna ar an mbeirt acu agus thugadar suimiú suas ag an deireadh. Bhí vóta rúnda agus toghadh Pádraig Mac Fhearghusa mar Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge. Ghabh Dáithí Mac Cárthaigh agus P.T. Mac Ruairí comhghairdeachas leis. Ghabh sé buíochas leis an Ard-Fheis as an gceapachán agus léirigh sé go raibh sé bródúil as a bheith tofa mar Uachtarán ar an eagraíocht stairiúil tábhachtach. Cur i láthair leis an gCeann-Áras & Lárionaid Ghaeilge Dhein an tArd-Rúnaí cur i láthair maidir leis an gCeann-Áras agus Lárionaid Ghaeilge. Mhínigh sé go raibh eagraíocht Chonradh na Gaeilge i gcruachás agus go raibh moltaí le cur os comhair na hArd-Fheise maidir leis an treo gur chóir don eagraíocht dul sa bhóthar amach roimpi. Labhair sé faoi bhunriachtanais an Chonartha, cúlra ceist an Cheann-Árais agus impleachtaí leis an gCeann-Áras a dheisiú. Chuir sé 3 mholadh éagsúla os comhair na hArd-Fheise: 1. An Ceann-Áras a dheisiú 2. An Ceann-Áras a dhíol agus foireann a fhostú 3. Lárionad Gaeilge a fhorbairt i mBaile Átha Cliath. Thug an tUachtarán deis chainte don Timire Náisiúnta. Thug sé le fios gur chreid sé gurb í an rogha is fearr ná an plean chun lárionad Gaeilge a fhorbairt. Ghlac an tArd-Rúnaí le ceisteanna ón urlár agus tosaíodh plé ar na rúin le baint acu leis an gCeann-Áras.

Ard-Fheis 2009, An tAonach

Miontuairiscí na hArd-Fheise 2007 Glacadh le miontuairiscí na hArd-Fheise 2007, molta ag Pádraig Mac Donncha, Craobh Chathair Luimní, agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh. Miontuairiscí Ard-Fheis Speisialta 12/04/08 Glacadh le miontuairiscí na hArd-Fheise Speisialta, molta ag P.T. Mac Ruairí agus cuidithe ag Pádraig Mac Fhearghusa. Aitheasc an Uachtaráin Labhair Dáithí Mac Cárthaigh leis an ArdFheis maidir leis na beartais lena raibh sé bainteach le linn a uachataránachta. Mhínigh sé go raibh géarghá le breis airgid don eagraíocht agus chuir sé fáilte roimh Chaoimhín Ó Cadhla, a dhein cur i láthair maidir le Síntiús na nGael. a Rúin Glacadh leis na rúin seo a leanas: OIDEACHAS 1. “Go seasann an Ard-Fheis seo leis an córas luath-thumadh iomláin mar scothchleachtas múinteoireachta, sealbhaithe agus sóisialaithe Gaeilge sna bunscoileanna agus éilíonn taighde ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoin tslí ab fhearr an nós a leathnú agus a chur chun cinn.” Molta ag Ben Ó Floinn agus cuidithe ag Seán Ó hAdhmaill. 2. “Is cás leis an Ard-Fheis seo an meath i gcaighdeán na Gaeilge i mbunscoileanna Béarla na tíre agus mar chuid den leigheas éilíonn an Ard-Fheis seo go dtacódh an Roinn Oideachais le scéimeanna píolótacha “tumadh iomlán meánach-déanach” i mbunscoileanna Béarla a léiríonn spéis ann .i. i gcás bunscoile a bhfuil cúpla sruth ann

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

67


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

cheana go múinfí Ranganna 3, 4 agus 5 i sruth amháin acu trí mheán na Gaeilge faoi réir rogha na dtuismitheoirí agus uasmhéid 20 dalta sa sruth sin.” Molta ag Ben Ó Floinn agus cuidithe ag Seán Ó hAdhmaill. 3. “Go mbunófaí Coláiste Oideachais sa Ghaeltacht chun cúrsaí oiliúna trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, a chuirfeadh san áireamh na riachtanais ghairmiúla ar leith a bhíonn ag múinteoirí a bhíonn ag múineadh i gcórais tumoideachais i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lánGhaeilge.” Molta ag Ben Ó Floinn agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh. 4. “Is prionsabal luachmhar oideachasúil de chuid na Gaelscolaíochta an luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge i ranganna naíonán. Is prionsabal oideachais é a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta aige, i dTuaisceart na hÉireann agus sa Bhreatain Bheag agus in Albain, i measc áiteanna eile. Is ceart é a bhaineann le spiorad sainiúil teangeolaíoch na scoile lán-Ghaeilge a neartú agus a chaomhnú. Is riachtanas é chun gur fearr a dhéanfar an Ghaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin. Déanfaidh Conradh na Gaeilge i gcomhar le Gaelscoileanna, tuismitheoirí, agus pobal na tíre i gcoitinne, an ceart seo a chosaint, agus cuirfimid in aghaidh aon iarrachta de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta an prionsabal seo a chealú, nó a athrú nó a mhaolú.” Molta ag Pádraig Mac Fhearghusa agus cuidithe ag Seán Ó Nuanáin. 5.“Is cás leis an Ard-Fheis seo an brú atá ar scoileanna na Gaeltachta de bharr easpa tacaíocht easpa áiseanna agus easpa polasaí de chuid na Roinne Oideachais agus tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an éileamh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go mbunó-

68

faí Údarás nó Bord Oideachais don Ghaeltacht a bheadh freagrach as na cúraimí feidhmiúla a bhaineann le riaradh an chórais oideachais sa Ghaeltacht.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh. 6.“Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar an Roinn Oideachas agus Eolaíochta gníomhú láithreach le cinntiú go mbeidh múinteoirí le Gaeilge ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh ag gach leibhéal sa chóras oideachais.” Molta ag Aoife Ní Scolaí agus cuidithe ag Fionn Mac Giolla Chuda. 7.“Molann an Ard-Fheis go ndéanfaidh an Rialtas freastal cuí ar riachtanais foghlama Gaeilge na n-imirceach sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Aithnítear saibhreas a gcultúr féin agus a dtoil leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a bheith páirteach i sochaí agus i gcultúr na hÉireann.” Molta ag Aoife Ní Scolaí agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 8.“Iarraimid ar an Aire nua Oideachais agus Eolaíochta brostú chun cinn le forbairt an Ionaid Oideachais i mBaile Bhuirne, ar mhaithe leis an nGaelscolaíocht, agus ar mhaithe le tacaíocht a sholáthar do múineadh na Gaeilge i gcoitinne ar fud an chórais.” Molta ag Celine Ní Chóchlaigh agus cuidithe ag Pádraig Mac Fhearghusa. EAGRAÍOCHT 9.“Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar Fhoras na Gaeilge deontas airgid de €80,000 a sholáthar do gach coiste contae de chuid Chonradh na Gaeilge chun oifigeach forbartha Gaeilge a fhostú iontu, rud a chosnódh €2.5 milliún in aghaidh na bliana agus go n-eagródh an t-oifigeach sin féile Gaeilge seachtaine per contae agus go mbeadh páirtíocht shuntasach ag an bpobal ann. D’fhéadfadh na buaiteoirí a bheith

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

páirteach i bhFéile Oireachtais na Bealtaine.” Molta ag Seán Ó Ceallaigh, leasaithe ag Dáithí Mac Cárthaigh agus Donnchadh Ó hAodha, agus cuidithe ag Helen Ó Murchú. 10.“Go mbeartóidh An Coiste Gnó ar shraith ghníomhaíochtaí tríd an tír a chothóidh poiblíocht don Ghaeilge agus a mhúsclóidh spéis ghníomhach an phobail inti.” Molta ag Brian Ó Baoill agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 11.“Aithnítear an ról tábhachtach atá ag craobhacha ar an talamh i gcur chun cinn na Gaeilge sa phobal agus mar uirlis feachtais chumhacht. Molann an Ard-Fheis seo go ndíreoidh an eagraíocht ar fhorbairt agus ar neartú na gcraobhacha uile trí thosaíocht a thabhairt do thimireacht agus plean timireachta a chur i bhfeidhm don oileán agus thar lear.” Molta ag Aoife Ní Scolaí agus cuidithe ag Áine Uí Fhatharta. 12.“Go bhfáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an chaint láidir faoi thábhacht na Gaeilge a thug an Taoiseach nua, Brian Cowen, ina chéad óráid mar cheannaire na tire. Molann an Ard-Fheis go dtabharfar cuireadh don Taoiseach Ard-Fheis 2009 a sheoladh.” Molta ag Aoife Ní Scolaí, leasaithe ag Breandán Ó Cathasaigh agus cuidithe ag Ciara Nic Liam. 13.“Is trí chinneadh Ard-Fheise amháin is ceadaithe Ceannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, a dhíol, agus ní mór aon rún dá shórt a bheith ar chlár gnó na hArd-Fheise.” Molta ag Pádraig Mac Fhearghusa agus cuidithe ag Áine Uí Ghabhann. 14.“Molann an Ard-Fheis seo don Choiste Gnó brú ar aghaidh le pleananna chun ionad nua cultúrtha a thógáil sa phríomhchathair agus cruinnithe a eagrú ní amháin leis an

Ard-Fheis 2009, An tAonach

Aire Pobail, Tuatha agus Gaeltachta ach leis an Taoiseach, i bhfianaise an tacaíocht láidir a léirigh an Taoiseach in chéad óráid mar cheannaire nua na tíre, chun sciar den Chiste Caipitil a chur ar fáil don togra tábhachtach seo.” Molta ag Aoife Ní Scolaí agus cuidithe ag Fionn Mac Giolla Chuda. 15.“Is cúis mór díomá don Ard Fheis seo díol Cheannáras na hEagraíochta (Conradh na Gaeilge) agus molann an Ard Fheis seo gan leanúint ar aghaidh leis an díolachán sin.” Molta ag Áine Ní Mhaoldomhnaigh – Ó Drisceoil agus cuidithe ag Íte Ní Chionnaith. 16.“Molaimid obair Phádraig Mhic Fhearghusa, eagarthóir Feasta agus iarrann an Ard-Fheis seo ar na craobhacha go léir 6 chóip den iris Feasta a cheannach ionas go gcuirfí le díolachán na hirise agus chun cuidiú le litríocht agus iriseoireacht na Gaeilge a chur os comhair an phobail.” Molta ag Seán Ó Ceallaigh agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 17.“Molann an Ard-Fheis go n-eagróidh an Coiste Gnó Léacht Nollaig Uí Ghadhra uair sa bhliain.” Molta ag Aoife Ní Scolaí agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. Mhol P.T. Mac Ruairí go gcuirfí Léacht Nollaig Uí Ghadhra ar Léacht an Chonartha agus glacadh leis seo. 18.“Is údar mórtais don Ard-Fheis go bhfuil a chéad 100 bliain slánaithe i mbliana ag Clódhanna Teoranta, comhlacht foilsitheoireachta Chonradh na Gaeilge, a bhfuil ‘Feasta’ agus ‘An Siopa Leabhar’ faoina chúram agus iarrtar ar bhaill an eagrais agus ar phobal na Gaeilge ar fud na cruinne treisiú ar a dtacaíocht dóibh.” Molta ag Cormac Ó Coileáin agus cuidithe ag Eoin Ó Baoghail. 19.“Aontaíonn an Ard-Fheis go bhfuil sé

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

69


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

riachtanach go mbunófar oifig móide foireann chuí lán-aimseartha chun plé le forbairt agus riaradh Chonradh na Gaeilge i gceantair Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh siad ag saothrú as an lárionad cultúrtha atá molta agus iarrtar ar an gCoiste Gnó meitheal ar leith a bhunú le cúram a dhéanamh den togra seo.” Molta ag Cormac Ó Coileáin agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh. 20.“Go gcuireann an Coiste Gnó grúpa nua oibre le chéile chun tuarascáil a ullmhú ar gach gné de mhaoiniú na heagraíochta, ag gach leibhéal, agus moltaí a ullmhú ar an ábhar céanna.” Molta ag Áine Ní Iarnáin agus cuidithe ag Pádraig Nugent. 21.“Go mbeadh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gcathair Luimnigh sa bhliain 2010 ó tá neart áiseanna sa chathair seo chun freastal ar ócáid mar sin mar aon le craobh an-ghníomhach, le foirgneamh athchóirithe, agus le hOifigeach Forbartha Gaeilge ag feidhmiú.” Molta ag Seán Ó hAllmhuráin agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh. 22.“Beidh an tAonach sásta Ard-Fheis 2009 (óstán agus lóistín oiriúnach againn) a eagrú muna bhfuil láthair eile socruithe cheana féin.” Molta ag Séamus Ó Coisdealbha agus cuidithe ag Celine Ní Chóchlaigh. CEARTA 23.“Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an scéala go mbeidh an cúrsa céime BL ar fáil trí mheán na Gaeilge in Óstaí an Rí ón mbliain acadúil 2009 - 2010 agus go bhfuil cúrsa do ábhair dhlítheangeolaithe le Gaeilge á reáchtáil sna hÓstaí chun riaradh do riachtanais Gaeilge agus dlí an Aontais Eorpaigh.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh. 24.“Tugann an Ard-Fheis seo faoi deara go bhfuil iallach ar chomhlachtaí poiblí, an

70

Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí san áireamh, an teanga oifigiúil (Gaeilge nó Béarla) a bheas roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid in imeachtaí sibhialta os comhair Cúirte agus éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh iallach reachtúil ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus ar gach údarás ionchúisimh eile cásanna coiriúla a ionchúiseamh sa teanga oifigiúil a bheas roghnaithe ag an gCúisí.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh agus cuidithe ag Ciara Nic Liam. 25.“Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta maidir le feidhmiú stádas oifigiúil na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontais Eorpaigh agus éilíonn go bhfaighfí réidh leis an maolú i Rialachán Comhairle 920/2005 nuair a thagann sé aníos lena athbhreithniú ar an 1 Eanáir 2011 agus go gcríochnófaí amach dlíthe reatha an Aontais an AE .i. an acquis communautaire a aistriú isteach sa Gaeilge chun go mbeidh sí ar aon dul le Máltais mar theanga oifigiúil Eorpach.” Molta ag Félim Borland agus cuidithe ag Caoimhín Ó Cadhla. 26.“Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfí gach bille de chuid an Oireachtais faoi bhráid an Oireachtais as Gaeilge agus as Béarla ionas gur féidir iad a phlé i nGaeilge chomh maith lena bplé as Béarla.” Molta ag Félim Borland agus cuidithe ag Seán Ó hAdhmaill. 27.“Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na Breataine seasamh lena dhualgas de bhun Chomhaontú Chill Rímhinn agus Acht na Gaeilge a achtú don Tuaisceart, Acht a bheas bunaithe ar mholtaí POBAL agus iarrann an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Gnó agus ar gach chuid den eagraíocht leanúint ag comhoibriú le POBAL agus le hACHT go mbainfear an aidhm seo amach.” Molta

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

ag Félim Borland agus cuidithe ag Seán Ó hAdhmaill. 28.“Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh pacáistiú dátheangach (Gaeilge/Béarla) ar gach earra a dhíoltar in Éirinn cosúil leis an riachtanas dlíthiúil chuige sin atá i gCeanada (Béarla/Fraincis), sa Bheilg (Fraincis/Ollainnis) agus san Fhionlainn (Fionlainnis/Sualainnis).” Molta ag P.T. Mac Ruairí agus cuidithe ag Seán Ó hAdhmaill. 29.“Molaimid an rialtas agus na húdaráis stáit i mBaile Átha Cliath as a bhfuil déanta acu trí Acht na dTeangacha Oifigiúla chun seirbhísí trí Ghaeilge a neartú, agus iarraimid anois orthu, mar chéad chéim eile, féachaint chuige go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta in ann freastal ar an bpobal trí mheán na Gaeilge mar a bhíodh, agus go bhfeidhmeofar polasaí sonrach earcaíochta chun an aidhm seo a thabhairt i gcrích.” Molta ag Pádraig Mac Fhearghusa agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 30.“Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis gur le pobal uile na hÉireann idir shean agus nua an Ghaeilge mar theanga náisiúnta na tíre.” Molta ag P.T. Mac Ruairí agus cuidithe ag Seán Ó Drisceoil. 31.“Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta na Rialacháin de bhun alt 9 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a shíniú tar éis iad a leasú mar seo a leanas: i. Iallach a chur ar chomhlachtaí poiblí gach fógrán dá gcuid a leagan amach go dátheangach agus tosaíocht shoiléir ag an leagan Gaeilge ach go bhféadfaí i gcás fógráin a fhoilsítear i bhfoilseacháin leagan Gaeilge a chur i bhfoilseachán Gaeilge agus leagan Béarla a chur i bhfoilseachán Béarla má tá a

Ard-Fheis 2009, An tAonach

leithéid de fhoilseacháin sa cheantar i gceist; ii. Lógónna agus suíomhanna idirlín gach comhlachta phoiblí a bheith as Gaeilge nó as Gaeilge agus as Béarla; iii. Fáil réidh leis an díolúine ón dátheangachas sna dréacht-rialacháin maidir le fógairtí taifeadta béil agus stáiseanóireacht atá le húsáid taobh amuigh den Stát; iv. Gan spriocdháta níos déanaí na 2011 a bheith iontu.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh, leasaithe ag Seán Mac Aonghusa agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh. A GHAELTACHT 32.“Go bhfáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh thacaíocht Údarás na Gaeltachta le héilimh an Chonartha maidir le feidhmiú na gcúirteanna sa Ghaeltacht agus iarrann ar an gCoiste Gnó agus ar gach chuid den eagraíocht leanúint ag cur brú ar an tSeirbhís Chúirteanna, ar an Aire Dlí agus Cirt Comhionnanais agus Athchóirithe Dlí, agus ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí go bhfeidhmeofar na héilimh sin .i. • Go n-eagrófaí na ceantracha Gaeltachta (nó mar thús na ceantracha A agus B) ina ndúichí den Chúirt Dúiche a mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre agus imeachtaí iontu; agus • Go n-eagrófaí na ceantracha Gaeltachta (nó mar thús na ceantracha A agus B) ina gcuaird den Chúirt Chuarda a mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre agus imeachtaí inti.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh agus cuidithe ag Seán Ó Drisceoil. 33.“Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht arna ullmhú ag Ollscoil na hÉireann Má Nuad agus ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus éilíonn

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

71


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

go gcuirfí na moltaí ann i bhfeidhm láithreach.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh, leasaithe ag Caoimhín Ó Cadhla agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 34.“Go molann an Ard-Fheis seo don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta dlús a chur leis an scéim faoina raibh an Roinn ag cur maoiniú ar fáil chun Feidhmeannaigh Teanga a fhostú sna pobail Ghaeltachta.” Molta ag Áine Uí Fhatharta agus cuidithe ag Fionn Mac Giolla Chuda. 35.“Go molann an Ard-Fheis seo don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta plean forbartha Gaeilge a ullmhú, i gcomhar leis an bpobal áitiúil, do gach paróiste Gaeltachta.” Molta ag Áine Uí Fhatharta agus cuidithe ag Fionn Mac Giolla Chuda. 36.“Éilíonn an Ard-Fheis seo go ndéanfaí éascaíocht do mhuintir na Gaeltachta agus do chainteoirí gníomhacha Gaeilge cead pleanála a fháil le cónaí sa Ghaeltacht agus nach bhfaigheadh forbairtí a dhéanfadh dochar do úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht tacaíocht ó na húdaráis phleanála.” Molta ag Fionn Mac Giolla Chuda agus cuidithe ag Íte Ní Chionnaith. 37.“Go mbeadh cabhair i bhfad níos suntasaí ar scéim phíolótach i bhfoirm deontais do cheannaitheoirí tithe don gcéad uair sa Ghaeltacht a chomhlíonann critéir ghéara agus agallamh/scrúdú cuimsitheach ag Roinn na Gaeltachta i gceantair a moladh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Príomhthátal agus Moltaí mar chatagóir A & B, le go mbeadh fás ag teacht ar chéatadán na gcainteoirí arís nó chun seasmhacht a thabhairt do chéatadáin arda, rud ar chóir a bheith mar phríomhaidhm straitéise teanga an rialtais. D'fhéadfaí ceantair as na ceantair a moladh mar chatagóir C a thabhairt

72

isteach sa scéim tar éis tamaill, dá mbeartófaí go mbeadh sé seo inoibrithe.” Molta ag Fionn Mac Giolla Chuda agus cuidithe ag Íte Ní Chionnaith. 38.“Os rud é go léiríonn meath suntasach daonra sna fíor Gaeltachtaí nach bhfuil na struchtúir atá ann faoi láithair len é a bhuanú in ann talamh slán a dhéanamh den chúram sin, iarann muid ar an Rialtas le húdarás pleanála faoi leith a bhunú don Ghaeltacht a bheadh ag feidhmiú trí Ghaeilge agus a bheadh lonnaithe san fhíor-Ghaeltacht.” Molta ag Seán Ó Drisceoil agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. MEÁI CHUMARSÁIDE 39.“Molaimid bunú agus feidhmiú an stáisiúin raidió nua Ghaeilge don aos óg, Raidió Rí-Rá, ach go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas maoiniú a chur ar fáil le gur féidir an stáisiún a fhorbairt agus a chur ar fáil, ní hamháin ar an idirlíon, ach ar aerthonnta FM agus ar an gcóras raidió digiteach amach anseo.” Molta ag Lisa Ní Choisdealbha agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh. 40.“Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh bheart Samsung córas oibriúcháin Gaeilge agus tuarthéacs Gaeilge a chur ar an bhfón nua Tocco dá chuid.” Molta ag P.T. Mac Ruairí agus cuidithe ag Félim Borland. EILE 41.“Go molann an Ard-Fheis seo don Eaglais Chaitliceach soláthar seirbhísí eaglasta i nGaeilge a chur san áireamh mar chuid d’athruithe chóras oibre na hEaglaise chun dul i ngleic leis an titim sa líon sagairt atá ag feidhmiú sa phobal.” Molta ag Áine Ní Iarnáin agus cuidithe ag Seán Ó Drisceoil.

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’


Conradh na Gaeilge

42.“Maidir le cur chun cinn na Gaeilge, go ndéanfaí gach iarracht nó go lorgófaí soiléiriú beacht a dhéanamh idir rólanna éagsúla ach comhlántacha an Stáit, forais stáit san áireamh, agus na hearnála deonaí.” Molta ag Helen Ó Murchú agus cuidithe ag an Dr. Úna Uí Bheirn. 43.“Go n-iarrfaí ar an Stát tacaíocht leanúnach agus comhordú éifeachtach a chinntiú do phleanáil corpais na Gaeilge, idir thaighde, úsáid agus craobhscaoileadh; intuigthe anseo tá FNG an Acadaimh Ríoga; Foclóir Fhoras na Gaeilge; An Coiste Téarmaíochta; Foclóirí éagsúla ar líne; Tionscadal shintéis na Gaeilge Choláiste na Tríonóide; Rannóg an Aistriúcháin; iarrachtaí aonair; cúrsaí oiliúna éagsúla sa bhfoclóireacht, san aistriúchán agus san ateangaireacht.” Molta ag Helen Ó Murchú agus cuidithe ag an Dr. Úna Uí Bheirn.

Ard-Fheis 2009, An tAonach

44.“Molann an Ard-Fheis saothar éifeachtach na sain-eagrais uilig atá ag plé le gnéithe ar leith d’athréimniú na Gaeilge.” Molta ag P.T. Mac Ruairí agus cuidithe ag Helen Ó Murchú. 45.“Molann an Ard-Fheis seo cleachtas dearfa an Taoisigh maidir leis an nGaeilge agus táthar ag súil leis go leanfaidh baill uilig eile an rialtais, teachtaí dála, seanadóirí agus ionadaithe poiblí, chomh maith le hurlabhraithe agus tráchtairí ar fud an oileáin, a dheá-shampla chun cinnireacht a thabhairt don phobal lena spreagadh i dtreo úsáid rialta na teanga.” Molta ag Cormac Ó Coileáin agus cuidithe ag Eoin Ó Baoghail. 46.“Molann an Coiste Gnó don Ard-Fheis Mazars a athcheapadh mar iniúchóirí Chonradh na Gaeilge go ceann bliana eile.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh agus cuidithe ag Donnchadh Ó hAodha.

11. SO RAÍ TEAGMHÁLA - www.cnag.ie Ceann-Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Fón:+353 (0)1 4757401 eolas@cnag.ie www.cnag.ie

Togra Mhaigh Eo, Sráid Ellison, Caisleán a' Bharraigh, Co Mhaigh Eo. Fón: +353 (0)94 9022444 eolas@conradhmhaigheo.ie

Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Fón: +353 (0)91 567824 conradh@bradan.iol.ie www.cnag.ie

Togra Luimnigh, Áras Íde, 18 Sráid Thomáis, Luimneach. Fón: +353 (0)61 417895 / +353 (0)85 1020374 conradhluimnigh@gmail.com

An Clár as Gaeilge, 5 Ardán Naomh Antaine, Inis, Co an Chláir. Fón: +353 (0)65 6864474 clarasgaeilge@eircom.net www.clarasgaeilge.net

Gaeilge Locha Riach, 3 Seanbhóthar na Gaillimhe, Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe. Fón: +353 (0)91 870718 prua@lochariach.com

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

73


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2009, An tAonach

12. UACHTARÁI CHO RADH A GAEILGE (1893 - 2008) 1893 - 1915 1915 - 1916 1916 - 1919 1919 - 1922 1922 - 1925 1925 - 1926 1926 - 1928 1928 - 1933 1933 - 1940 1940 - 1941 1941 - 1942 1942 - 1945 1945 - 1946 1946 - 1949 1949 - 1950 1950 - 1952 1952 - 1955 1955 - 1959 1959 - 1965 1965 - 1968 1968 - 1974 1974 - 1979 1979 - 1982 1982 - 1985 1985 - 1989 1989 - 1994 1994 - 1995 1995 - 1998 1998 - 2003 2003 - 2004 2004 - 2005 2005 - 2008 2008 -

74

Dúbhglas de h-Íde (An Chraoibhín Aoibhinn) Folúntas Eoin Mac Néill Seán Ua Ceallaigh (Sceilg) Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) An Dr. Seán P. Mac Énrí Cormac Breatnach Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne) Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) Liam Ó Buachalla Seán Óg Ó Tuama Diarmuid Mac Fhionnlaoich Seán Mac Gearailt Liam Ó Luanaigh Diarmuid Mac Fhionnlaoich Annraoi Ó Liatháin Seán Mac Gearailt Tomás Ó Muircheartaigh Micheál Mac Cárthaigh Cathal Ó Feinneadha Maolsheachlainn Ó Caollaí Pádraig Ó Snodaigh Albert Fry Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach) Íte Ní Chionnaith Proinsias Mac Aonghusa Áine de Baróid Gearóid Ó Cairealláin Tomás Mac Ruairí Séagh Mac Siúrdáin Nollaig Ó Gadhra Dáithí Mac Cárthaigh Pádraig Mac Fhearghusa

‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann’

(1860 - 1949) (1867 - 1945) (1872 - 1957) (1856 - 1942) (1862 - 1930) (1886 - 1956) (1868 - 1942) (1856 - 1942) (1899 - 1970) (1912 - 1980) (1903 - 1964) (1916 - 2004) (1914 - 1998) (1903 - 1964) (1917 - 1981) (1916 - 2004) (1907 - 1967) (1911 - 1983) (1928) (1939) (1935) (1940) (1918 - 1990) (1953) (1933 - 2002) (1950) (1957) (1939) (1958) (1943 - 2008) (1968) (1947)



Aidhm na hEagraíochta: Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

Cuspóir na hEagraíochta: Is é cuspóir na hEagraíochta, daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile: (a) cur le líon lucht labhartha na Gaeilge; (b) cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge; (c) cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear; (d) gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn; (e) cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge; (f) seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú; (g) stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge; (h) ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge; (i) aidhm agus cuspóirí na hEagraíochta a chraobhscaoileadh le briathar agus le gníomh.

Saintréithe na hEagraíochta: Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.