1 minute read

Dán Liam Prút

Timire 21

Críostaí a dhéanamh ar ár bpolaiteoirí is ea comaoin 12 mí a cheadú roimh iarratas, sos íocaíochtaí, cosc a chur ar ús pionóis a ghearradh ar íocaíochtaí neamhghlanta, déanacha nó riaráistí, faoi mar atá molta ag Coiste an Oireachtais um Ghnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Ní mór don phobal féachaint chuige nach ndéantar laghdú ar liúntais ná nach mbíonn moill leo, i gcás na ndaoine nach raibh ar a gcumas obair a dhéanamh riamh nó i gcás na ndaoine a bhfuil loicthe ag an stát orthu.

Ba chóir dúinn féachaint chuige go bhfreastlódh na polaiteoirí, agus na córais sóisialacha agus eacnamaíochta ar an dream atá thíos mar is ceart agus is cóir, ach ní leor sin ann féin. Iarrtar ar phobal Dé íobairtí pearsanta a dhéanamh agus a gcuid acmhainní, a gcuid ama agus a bhfuinneamh a chaitheamh ar son a gcomhdhaoine. Clann is ea pobal Dé; agus is ar scáth a chéile a mhaireann clann. Is ionann an cúram a dhéanann muid dár gcomhdhaoine agus croílár ár gcreidimh. Déanfar neart an chreidimh sin a phromhadh, agus an ghéarchéim náisiúnta ag drannadh inár dtimpeall.

Tá an tAth. Peter McVerry SJ ag obair leis na daoine óga gan dídean i mBaile Átha Cliath le breis agus 30 bliain.

An tAiséirí

Ní chreideann tú san Aiséirí, a deir tú. Ní mó a chreideann tú san éirí? a deirim. Cad tá ann? a deir tú. Tá tú ann, tú fhéin? a deirim. Tá, a deir tú.

Conas a tharlaíonn go bhfuil tú ann? a deirim. Is mó a ghlacfainn leis an té faoi deara le tú bheith ann tú a thabhairt ann arís, ná a ghlacfainn le do dhiúltúsa teacht ann arís:

An bhfuilim ann in aon chor? arsa tú. Ach oiread leis an gcloichín a bhain deoir bheag fola as Berkeley faoi log na cluaise nuair a tharraing tú d’ordóg súghaidh amach as do bhéal? a deirim.

Liam Prút

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Lúnasa 2010

Go n-osclófar an doras dóibh siúd atá gan obair nó gan dídean agus go bhfaighidís cabhair phraiticiúil le cruatan an tsaoil á shárú.

This article is from: