1 minute read

Dán Liam Prút

Next Article
Mise Eoghan

Mise Eoghan

Timire 17

Dán

Liam Prút

Ní chreideann sibh i nDia!

Ní bheadh sibh chomh saonta is go gcreidfeadh sibh i nDia; tá sibh ann roimhe sin: pé saghas é ní rómhaith a dhein sé a chúram. Ní chreideann sibh ann ach creideann sibh sa duine? Tá an duine ann ó aois na gcat, is a rian ar an saol. Sin a bhfuil de Dhia ann — an duine! Agus tar éis an tsaoil, séard is duine ann tú féin.

This article is from: