4 minute read

Mise Eoghan

Next Article
Dán Liam Prút

Dán Liam Prút

30

Timire

Lís Ní Chulainn

MISE EOGHAN

Dia dhaoibh, a chairde óga,

agus an tEarrach ag filleadh go leisciúil drogallach orainn. Bhí an Geimhreadh reoite go leor le moill ar an trácht agus an t-uisce gann in a lán áiteanna. Nuair a d’fhilleamar ar an choláiste anseo chaitheamar trí lá gan uisce reatha. B’éigean dúinn gach soitheach a líonadh as taiscumar a bhí lán d’uisce báistí agus iad d’iompar timpeall chun freastal ar gach rang. Nuair a thosaigh uisce ag teacht ó na buacairí arís d’ardaíomar liú áthais! Arsa an seansagart linn:

‘Cuimhnigí go raibh Maois bocht ag iarraidh uisce d’fháil trí bhualadh ar charraig, ar ordú an Tiarna agus gur theip air. Is dócha go ndearna na hIosraeilítigh bualadh bos mall á cháineadh. Féach go gceapann daoine go bhfuil an cine daonna uilechumhachtach – go dtí an lá ina bhfágtar iad gan braoinín uisce!”

Timire 31

BRÍD AG PLEANÁIL

Bhí litir agam an lá cheana ó mo dheirfiúr, Bríd. Bíonn an Mháthair Benedict ina coláiste siúd de shíor ag iarraidh síocháin a choimeád le húdaráis na hEorpa agus an síorphort acu:

“Níl cead agat barr uimhir 50B a chur i ngort a ceathair ná uimhir 52A i ngort a cúig”.

Ag an am céanna bíonn Bríd faoi mar a bhí Dónall Ó Conaill fadó ag iarraidh capall agus cóiste a thiomáint trí na dlíthe.

“Cá bhfios don phleice sin sa Bhruiséil cad a chuir ár sinsir ins na gortanna sin ná conas a d’fhan siad beo aimsir an ghorta,” deir Bríd.

“Ní thiocfaidh siad ag fiosrú, geallaim duit. Níl ann ach an píosa páipéir a bheith acu ar an dath ceart agus beidh linn. Úsáidfimid an focal “meacain” do gach barr. Is focal iontach é – meacain ráibe do na turnaipí agus meacain dhearga do na cairéid agus meacain bhána don phléascán – nó an ‘parsnip’ mar a thugann siadsan air, meacain dhubha don chompráidhe. Dheamhan ‘fhios a bheidh acu cén barr atá in aon ghort agus beidh siad iontach sásta leis na dathanna.”

GOIRTÍN BEAG BHRÍDE

Tá paiste beag talaimh ag Bríd féin mar de ghort a ceathair – gort Bhríde a thugann sí féin air agus cuireann sí an iliomad saghas planda ann – idir ghlasraí agus luibheanna agus bhláthanna. Tá sé de nós insan Choláiste le tamall anuas Bríd agus an Mháthair Benedict do dhul le cúpla fear oibre ar Lá ‘le Bríde agus píosa beag den ghoirtín sin – dhá mhéadar cearnach – a romhar, nó a thochailt féachaint conas mar atá an chré agus conas mar atá an tsláinte ag na péisteanna thíos fúithi, agus chun ligint do na héin dul síos ina measc agus síol nó dhó a chur más maith leo. Ach i mbliana ní thiocfaidh fear oibre ar bith ar an ngnó sin. “Nach raibh sioc agus sneachta go flúirseach againn” ar siad “agus nach bhfuil an talamh chomh crua le cloch?” “Ach ar Lá ‘le Bríde gar dúinn Earrach Éireann” arsa Bríd leo. Freagra ní bhfuair sí ach an chluas bhodhar. Bhí an lá saor ó na ceachtanna acu mar is gnách ar Fhéile Bhríde.

BRÍD AGUS BIC

Go luath ar maidin siúd Bríd ag triall ar stábla an asailín, Bic, gur chuir sí cairt faoi chun na huirlisí d’iompar – spáid agus tua agus gabhal. Bhí fir oibre na feirme ag magadh fúithi á rá go mbeadh an sioc reoite isteach insan chré agus go mbeadh sí féin agus Bic reoite chomh maith laistigh de leathuair a’ chloig. Ghluais Bríd léi go mall agus bhí áthas ar Bhic a bheith amuigh ag siúl fiú ar thalamh reoite. Ní raibh sneachta ná báisteach ag titim agus bhí Bríd ag caint le Bic an t-am ar fad agus í cinnte go raibh Bic ag éisteacht le gach focal. Faoi dheireadh shroich siad goirtín Bhríde agus caidé mar iontas a bhí os a gcomhair. Gan spleáchas don EC bhí na sabhaircíní ag bláthú. Bhris siad tríd an sioc nuair a tháinig Lá ‘le Bríde agus bhí siad ansin ag tabhairt dúshlán an tsneachta agus an tseaca agus an chúlaithe eacnamaíochta agus ag fógairt an Earraigh le boladh cumhra aoibhinn. Ní dhearna Bríd aon tochailt ná aon romhar ach d’fhill sí don Choláiste agus thóg sí an Mháthair Benedict amach léi chun an t-iontas seo d’fheiscint. “A bhuí le Dia” arsa an Mháthair Benedict. “Nach iontach an lá é Lá Fhéile Bríde – is dócha go gcuirfeadh mo dhuine ón mBruiséil cosc leo dá mb’fhéidir leis”.

Aspalacht na hUrnaí

Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin. An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna. Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an

Phápa don mhí.

Intinní an Phápa

Mí an Mhárta 2011

Go dtuga an Spiorad Naomh neart agus solas don fhíréin agus don phobal Críostaí a fhulaingíonn leatrom nó géarleanúint ar son an tSoiscéil.

Mí Aibreáin 2011

Go ndéana misinéirí a bhfuil forógra an tSoiscéil agus fi nnéacht ar an mbeatha acu Críost a chur i láthair gach duine nach bhfuil aithne fós acu Air.

Mí Bealtaine 2011

Go ndeonaí an Tiarna ar an eaglais sa tSín an cumas chun coinneáil lena dílseacht don Soiscéal agus chun fás san aontacht.

Mí an Mheithimh 2011

Go mbaine an spiorad naomh fl úirse gairmeacha misinéireachta as measc ár bpobal, a bheidh toilteanach iad féin a choiscreacan go huile do Ríocht Dé a scaipeadh.

This article is from: