![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093700-beac3ea3fef04276996de4fd22a13364/v1/5e64511ad0ad4488e84ab7000fc92f52.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
6 minute read
Im Leabharlann Dom Séan de Fréine
Timire
27
Im Leabharlann Dom
Turasanna
Cliodhna Cussen
Coiscéim 64 lch, le líníochtaí. €7.50
Faigh Greim ar an Ghrian
Proinsias Mac a’a Bhaird
Coiscéim 81 lch, le léaráidí. €7.50
Bleachtaire na Seirce
Dairena Ní Chinnéide
Coiscéim 32 lch. €7.50
Clapsholas
Mícheál Ó Fionnáin
Coiscéim 31 lch. €7.50
Le Seán de Fréine
San ochtú haois déag, d’fhiosraigh an feisire Boyle Roche i mbaoth-Pharlaimint na hÉireann, ‘Cén fáth gur fiú dúinn rud a dhéanamh ar son ár sleachta? Cad a dhein ár sliocht dúinne riamh?’ Duine de dhream é nach raibh tradisiún nó sinsearacht stairiúil cheart acu níos sia siar ná glac bheag de ghlúnta, drong nár ghá dóibh saothrú go hionraic chun a raibh de mhaoin na hÉireann acu a thuilleamh, ach a fuair é de bharr taismí coigistithe agus cogaíochta. Ní raibh sinsir acu a shaothraigh dua ar a son, sinsir a bheadh mar eiseamláir acu chun an rud céanna a dhéanamh don sliocht úd. Ní raibh de stair acu ach an aimsir ghairid láithreach, agus cheal aimsir chaite a thabharfadh meon na híobairte agus na freagrachta dóibh, níor dhein siad faic (seachas corrdhuine díobh) ar son na tíre, nó ar son a sleachta féin ach oiread. Dá thoradh sin, níor mhair siad ach seal, agus d’imigh a bparlaimint leithleasach, go tobann, mar an cheo faoi dheireadh an chéid chéanna. Níor thuig siad nárbh ionann saol buan pobail agus sraith de eipeasóidí gearra díomuana láithreacha atá neamhspleách ar a chéile.
Rith na smaointe seo liom agus na leabhair seo á léamh agam, go háirithe an chéad dá cheann díobh. Ar na turasanna atá i gceist ag Cliodhna Cussen, tá an turas cinniúnach a thóg Colm Cille ar fán fada go hOileán Í. Sraith de chúig litir o am a dhíbeartha in AD 546 go dtí aimsir ghairid roimh bhás dó timpeall AD 596. Mar aonad, tá an tsraith seo go hálainn, agus an naomh ag caint agus é ag dul in aois ar cé chomh ‘Gasta a shleamhnaigh na blianta fada tharainn, / Seanmóireacht is síorthaisteal.’ Smaoinigh anois ar an oidhreacht eiseamláireach a d’fhág Colm ag na glúnta ina dhiaidh, gur ábhar spreagtha é do fhile tallannach beagnach míle cúig bliain i ndiaidh a bháis.
Baineann an dán Guth Sairdíneach go speisialta le hábhar na hoidhreachta: ‘Chailleamar ár ndearg-rún, / An moirtéal / a tháthaíonn na glúnta le chéile…/ A deireann na nithe / Gur chóir a sheoladh ar aghaidh / go dtí an chéad ghlúin eile.’ Tá téamaí eile le cíoradh ag an fhile, ar ndóigh: an tsraith de thurasanna tríd an fhéilire ó mhí go mí, mar shampla. Is taitneamhach na dánta seo; is iontach mar atá gach ceann acu ina sheoid dhifriúil ar leith: ní bhíonn a fhios agat cén úire a bhuailfidh leat ó mhí go mí. Tour de force beag atá déanta aici anseo, cuid de um eachtraí pearsanta a bhain léir féin, cuid eile ina léiríonn sí súil ghéar
28
Timire
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093700-beac3ea3fef04276996de4fd22a13364/v1/2ea095743b8549c2e74b2a97b04bdfe7.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
chun mionphointe a thug sí faoi deara a chur ar lasadh.
Tagann turasanna níos gnáiche faoina cúram chomh maith. Má bhí tú sáinnithe oiche fhliuch ag triall thar Thimpeallán na Bó Deirge (Mire), dúiseoidh Deisiú Bhóthar Nás na Rí an t eispéaras duit arís. Tá go leor línte eile aici a bhíogann an tsamhlaíocht, agus í ar thurasanna eile, ag ‘siúl ar thrá na síoraíochta’ …‘fadó nuair a bhí gach ní indéanta.’
An dara leabhar a spreag mo smaointe ná Faigh Greim ar an Ghrian le fi le óg úr. Is go feilmeanta a fhreastalaíonn Mac a’ Bhaird an dá thrá, Éire na linne seo (nó gnéithe di) agus sean-Éire an dúchais. Is fi le bríomhar cliste é. Ta an chlisteacht le sonrú in Cuirtíní, agus in Dán gan File mar a bhfuil beatha agus pearsantacht dá chuid féin ag an dán, a thugann air triall ‘trí chosmas na samhlaíochta’ chun taitneamh a bhaint as áilleacht agus iontais an domhain sula dtiocfaidh síos chun talaimh agus faoiseamh a bhronnadh (b’fhéidir) ar ‘an fhile bocht, mo pháiste beag aineoil /atá de shíor ar mo pháiste beag aineoil /atá de shíor ar mo chuartú.
Ní chuireann sé fi acail ann nuair a rianaíonn sé gnúis rocach Éire na linne seo, sna dánta fórsúla Andante, Allegro, Presto (prósdán, cineál atá annamh sa Ghaeilge), Divertimento agus Bréagadóir. Bearrann sé féasóg an chur i gcéill den ghnúis le scian ghéar na feirge.
Ach tá trí dhán eile san chnuasach seo a bhfuil tábhacht agus tráthúlacht faoi leith ag baint leo. Is iadsan a athinsint chumasach dhílis i nGaeilge na linne seo ar na dánta cliúiteacha A Bhean Fuair Faill ar an bhFeart, Anocht is Uaigneach Éire agus Is Trua liom Máire agus Mairghréad. Ní miste om a rá gur mhó a chuaigh na leaganacha seo i gcion ormsa na na bunleaganacha. Is mór is fi ú na saothair seo a léamh agus a mheabhrú, agus muid i láthair na huaire ag fulaingt Cionn tSáile a Do, an chéad longbhriseadh i stair ocht gcéad mbliain nach féidir linn a mhilleán a leagan ar Shasana, ach gur dár ndéantús féin é. Ach ní cóir go mbeadh
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093700-beac3ea3fef04276996de4fd22a13364/v1/25767b6c2cee859c74d0115b7b612d37.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093700-beac3ea3fef04276996de4fd22a13364/v1/3b4e3fdbd797f0bf025a0673693a3f5a.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093700-beac3ea3fef04276996de4fd22a13364/v1/48efd62093093ca59fad4027688bc4c9.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093700-beac3ea3fef04276996de4fd22a13364/v1/2ea095743b8549c2e74b2a97b04bdfe7.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
ró-ionadh orainn faoi sin. Níl mórán difríochta idir aineolas Boyle Roche san ochtú céad déag, agus an t-aineolas ar cad is stair cheart, agus an spreagadh agus an spiorad a thagann dá bharr, atá ar fhorbróirí, thógálaithe, bhaincéirí agus go leor eile na linne seo. Séard atá ann ná sampla reatha de easnamh an mhoirtéil a tháthaíonn na glúnta le chéile.
Mar mhalairt, in Bleachtaire na Seirce, pléann Dairena Ní Chinnéide le morán nithe agus mothúchán a bhaineann go sainiúil le cúrsaí an lá inniu, ó ‘googleáil’ go ‘wikipedia’ agus ‘ceol casta rac-ghinte na seachtóidí’, agus íoslódáil Harry Potter. Feicimid an seansaol in Maurice agus imní an nuashaoil in Paidir. Bainfi dh réimse leathan daoine taitneamh as an éagsúlacht is an ilghnéitheacht dán atá ins an mheascra san leabhar seo. Baineann aan fi le féin leis an bhaicle bhíoga éigse atá chomh líonmhar, de réir cosúlachta, le corrmhíola, i gCorca Dhuibhne na laetha seo. A bhuíochas, cuid mhaith, mar a deireann sí féin, don
Timire 29
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093700-beac3ea3fef04276996de4fd22a13364/v1/35a8465c52d313c94b2a6700814a5a8c.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
an laoch Pádraig Ó Snodaigh (Coiscéim). an laoch Pádraig Ó Snodaigh (Coiscéim). Amen leis sin!
File eile ón taobh sin tíre is ea Micheál Ó Fionnáin, a thugann Clapsholas dúinn. Dánta machnamhacha den chuid is mó, ar fi ú iad a mheabhrú go mall. Coincheap úrnua aige ná an tsraith de dhánta ar chuid de na léaráidí maisithe is mó cáil atá i Leabhar Cheanannais. Is mil é na dánta seo a léamh i dteannta leis na léaráidí, má tá de ádh ort cóipeanna díobh a bheith agat. Faoi mar a tharlaíonn, tá leabhair agus leabhráin ann le cuid acu ar fáil iontu. Dán de chineál eile is ea an píosa álainn truamhéalach ceann in omós do Manuela Riedo, an cailín óg ón Eilvéis a dúnmharaíodh in iarthar na hÉireann roinnt bliain ó shin: uafás a thug ‘masla dár / 5,000 bliain de shibhialtacht Cheilteach’. Duine gnóthach is ea an t-údar seo, a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla, a láimhseálann idir fhilíocht agus fhealsúnacht le héifeacht, agus atá le cois sin uile, ina dhochtúir teaghlaigh. Fear annamh gan amhras. Gura fada buan é.