16 minute read

Cuallacht Léannta Michelle O Riordan

Timire 43

Cuallacht Léannta

Michelle O Riordan

An tAthair Ó Duinnín

Is é Pádraig Stiabhna Ó Duinnín (1860 – 1934) (nó Ua Duinnín mar a scríobhadh sé féin an sloinne) an té ba shine den triúr Íosánach (agus iar-Íosánach, ina chás-san) atá faoi chaibidil anseo. Triúr ba ea iad a d’fhág rian láidir ar léann na Gaeilge, ar shaol agus ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge, i leith na staire agus i leith ceisteanna sóisialta agus spioradálta a linne. Saolaíodh an bheirt eile san aon bhliain, 1870 – an tAthair Eoin Mac Fhir Léinn, a d’éag i 1950, agus an tAthair Láimhbheartach Mac Cionnaith, a d’éag i 1956. Bhí saol an triúir comhthreomhar lena chéile ar bhealaí áirithe, agus fi te isteach ina chéile, uaireanta. Chloígh an triúr le raon saoil rialta toilsmachtaithe. Agus d’fhág an triúr lear mór oibre ina ndiaidh, agus chuireadar mór-chomaoin ar chách.

Is mar charachtar fi nscéalaíoch is mó a fhéachtar anois ar an Duinníneach, agus is mar shaothar íocónach a fhéachtar ar a éacht scolártha, Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Ach fear meánaosta a bhí ann nuair a foilsíodh an chéad eagrán den fhoclóir sin i 1904, agus fear a bhí ag druidim le scothaostacht a bhí ann nuair a cuireadh an dara heagrán amach i 1927.

Ceannaí caorach agus beithíoch ba ea an t-athair agus gabháltas talún fíorshuarach aige cóngarach don Ráth Mhór i gCo. Chiarraí (ceantar Shliabh Luachra). Teaghlach arbh í an Ghaeilge an ghnáth-theanga labhartha acu ab ea é , a bhí – mar a bhí go leor de mhuintir na háite máguaird – ag druidim de réir a chéile le Béarla. Ba go háitiúil ar fad a fuair sé a chuid oideachais go dtí gur chríochnaigh sé ina mhonatóir i scoil sna Mínteoga (1874). Léirigh sé cumas ar leith chun na matamaitice. D’éirigh sé as an monatóireacht agus d’fhan sa bhaile idir 1874 – 1877, ag foghlaim Laidine agus Gréigise, deirtear, ón Athair Conchubhar Ó Súilleabháin a bhí ina shéiplíneach sa pharóiste. Deirtear gurbh é an tAth. Donncha Ó Murchú SJ (1833 – 1896), staraí agus seandálaí a rugadh in Áth Trasna, Co. Chorcaí, a chéadspreag Pádraig Ó Duinnín i dtreo na sagartóireachta nuair a bhí sé i mbun misin áitiúil.

Chuaigh Pádraig Ó Duinnín ina nóibhíseach i 1880 go Páirc Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath. Chláraigh sé ar ball ina mhac léinn de chuid chóras na hOllscoile Ríoga (a bunaíodh i 1880). Bronnadh BA air 1885 sa Litríocht Nua-Aimseartha agus san Eolaíocht Mhatamaiticiúil. Cé go raibh daoine de na staraithe agus den lucht teanga ba bhisiúla agus ba mhó le rá timpeall an choláiste sa tréimhse úd (an tAth. Éamon Ó hÓgáin SJ [1831 – 1917]; an tAth. Donncha Ó Murchú SJ [1833 – 1896]; agus an tAth. Eoin S. Ó Cearbhaill SJ [1837 – 1889]), níl le tuiscint, ón méid a bhí le rá ag an Duinníneach lánfhásta ar ball, gur bhain sé aon leas as a gcuid léachtaí ag an am. Ba leis an Ollamh Ó Cathasaigh (Corcaíoch a bhí ina bhall de

44

Timire

Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge) ba mhó a bhí a theagmháil sna blianta sin. Bhí an tAth. Gerard Manley Hopkins SJ ina léachtóir le litríocht na Gréigise agus na Laidine aige. In aon iostas a bhí an bheirt acu in áras na nÍosánach ar Fhaiche Stiabhna.

Rinneadh sagart den Duinníneach i 1894, tar éis dó cúrsa diagachta a chríochnú i bPáirc Bhaile an Mhuilinn agus é in aois a 34 bliana. Cuireadh ag múineadh Béarla agus Gaeilge é i gColáiste Choill Chluana Gabhann (1898 – 1900). Bhí sé ina shaineolaí, deirtear, ar fhilí Bhéarla na hAthghairme, agus ba é seo, is cosúil, an chéad uair dó tabhairt faoin nGaeilge (nó an Cheiltis mar a tugadh ar an gcúrsa teanga agus litríochta ag an am) a mhúineadh.

Le linn don Duinníneach bheith ag múineadh sa Choláiste, bhí Eoin Mac Fhir Léinn ina ábhar sagairt ar an bhfoireann. Bhí sé i mbun saothair Sheathrúin Chéitinn a chur in eagar d’fhoilseacháin Chonradh na Gaeilge (Dánta, Amhráin is Caointe Sheathrúin Chéitinn, 1900). Go dtí 1900, ní léir gur chuir an tAth. Ó Duinnín suim ar bith i ngluaiseacht na teanga ná i léann na Gaeilge. Chaitheadh an bheirt acu – Mac Fhir Léinn agus Ó Duinnín – laethanta Domhnaigh ag siúl ón gColáiste i gCoill Chluana Gabhann go Coláiste Phádraig i Maigh Nuad ag triall ar lámhscríbhinní dá gcuid oibre eagarthóireachta. Bhí Eoin Mac Fhir Léinn ina Chathaoirleach ar Choiste Foilseachán Chonradh na Gaeilge, i measc freagrachtaí eile a bhí air i ngluaiseacht na hAthbheochana. Le linn dó bheith ina Chathaoirleach, ba é Pádraig Mac Piarais a bhí ina Rúnaí ar an gCoiste, agus i measc na mball eile ar an gCoiste bhí Tadhg Ó Donnchadha agus Eoin Mac Néill.

Ar an gcéad fhoilseachán Gaeilge a mhaireann de shaothar an Duinnínigh ón tréimhse sin (1899), tá meabhrán (mar fhreagra ar an Dr R. Atkinson [1839 – 1908]) a chuir sé ar fáil don Choimisiún um Meánoideachas. Cuireadh dánta leis i nGaeilge i gcló ar an New Ireland Review agus ar Fáinne an Lae/ An Claidheamh Soluis an bhliain sin leis. I rith an ama sin, chomh maith, bhí lámhscríbhínní á n-iniúchadh aige chun bailiúchán de shaothar Aogáin Uí Rathaille a chur in eagar do Chumann na dTéacsanna Gaeilge, Londain.

I dtosach na h-aoise nua, le ceadúnas imeachta ón bProibhinseal, d’éirigh sé as Cumann Íosa agus 40 bliain slánaithe aige, agus amach is isteach le fiche bliain díobh caite aige leis an gCumann. Níor fheidhmigh sé mar shagart lánfheidhmeach an chuid eile dá shaol, cé gur tagraíodh dó mar shagart agus cé gur chaith sé feisteas na cléire – agus tugadh sochraid lánphoiblí dó faoi shearmanas agus faoi shollúntacht in Eaglais na nÍosánach i Shráid Ghairdinéir, áit ar oirníodh é an chéad lá.

Agus é scaoilte saor ó dhualgais an oird, ach réim saoil rialta agus smachtaithe á cleachtadh aige, chaith sé a chuid ama ag scríobh agus ag saothrú na Gaeilge i bhfoirmeacha éagsúla léinn agus litríochta. Ba é Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge a chuir ceann d’fhoilseacháin tosaigh an Duinnínigh, Prós Gaelach, amach i 1902 – aiste a bhain comórtas a d’eagraigh an Cumann agus a ghnóthaigh £100. Toghadh Ó Duinnín ina bhall de Chomhairle an Chumainn, agus ina dhiaidh sin, ina chomh-Leas-Uachtarán (nuair a bhí an Cunta Pluincéad ina Uachtarán – i measc na Leas-Uachtarán eile bhí Staindis H. Ó Gráda). Is don Chumann sin, chomh maith, a chuir sé amach Me Guidhir Fhearmanach...

An tAthair Ó Duinnín

maille le Díonbhrollach, Gluais, Aistrithe, Flaithsheanchas, Dinnseanchas etc. i 1917. Tháinig ábhair agus saothair éagsúla eile uaidh ag an am seo: úrscéal (Cormac Ó Conaill, 1901 – a maítear gurb é an chéad úrscéal a scríobhadh sa Ghaeilge é), dráma (Creideamh agus Gorta, 1901), agus eagrán d’fhilíocht Eoghain Rua Uí Shúilleabháin. Agus ní raibh sa mhéid sin ach blaiseadh dá raibh le teacht uaidh – sruth ilghnéitheach d’eagráin (d’fhilí na Mumhan ón seachtú agus ón ochtú haois déag), de shaothair úrnua, de thuairimí, de dhíospóireachtaí, de dhrámaí, agus gan amhras, an dá shaothar is mó a luaitear leis, eagrán de Fhoras Feasa an Chéitinnigh, agus an Foclóir Gaedhilge agus Béarla.

Beartaíodh ar fhoclóir ‘nua’ a chur ar fáil faoi choimirce Chumann na dTéacsanna Gaeilge a luaithe is a bunaíodh é i 1889. Faoin am gur iarradh ar an Duinníneach an cúram seo a ghlacadh ar láimh i 1901, bhí bailiúchán de 12,000 focal ar shlipeanna i dtaisce cheana féin don tionscadal. Trí bliana a chaith sé ag cur na slipeanna sin i gcóir agus in eagar. Foclóir 800 leathanach a tháinig amach i 1904, ar ar tógadh an dara heagrán 23 bliain ina dhiaidh sin.

Bíodh is gur scar sé le Cumann Íosa, níor scar an Cumann riamh leis. Nuair a buaileadh tinn é le niúmóine agus nár mhór dó tréimhse a chaitheamh san Ospidéal (Ospidéal Naomh Uinseann), d’fhéach an Cumann i ndiaidh na dtáillí cúraim. Ba chun a chomh-mhatamaiticeoir agus a chomhÍosánach a d’iompaigh sé nuair a bhí an tsláinte ag teip air ar deireadh, agus ba é an tOllamh Mícheál Mac Aogáin a rogha athair faoistine ag leaba a bháis. Ba ar Lá Fhéile Michíl 1934 a fuair sé bás, agus cuireadh é faoi choimirce na nÍosánach i Reilig Ghlas Naíon.

Timire 45

An tAthair Mac Fhir Léinn

An tAthair Mac Fhir Léinn

Saolaíodh Eoin Cathmhaolach Mac Fhir Léinn sa bhliain 1870 i mBéal Feirste. Dlíodóir ba ea a athair Andrew agus ba bhall de Chonradh na Gaeilge é. Elizabeth Campbell ainm a mháthar, agus is uaithise a baisteadh John Campbell air. Ba é an té ba shine ar naonúr clainne. Cuireadh oideachas meánscoile air i gColáiste Mhaoilhead- hóg i mBéal Feirste. Roghnaigh sé ‘Iognáid’ mar ainm dá chóin artú, dea-thuar ar an raon saoil a lean sé ar ball. In aois a hocht mbliana déag dó, chuaigh sé i mbun nóibhíseachta sna hÍosánaigh i dTulach

46

Timire

Bheag i gCo. Uíbh Fhailí (1888). Mhaígh sé ag an am go raibh cur amach áirithe aige ar chúig theanga – an Ghréigis, an Laidin, an Ghaeilge, an Béarla agus an Iodáilis. Níos déanaí, d’fhoghlaim sé an tSanscrait agus an Eabhrais, an Ghearmáinis, an Fhraincis agus an Spáinnis. Ba mhó a chur amach ar léamh na dteangacha seo ná a líofacht chun iad a labhairt, ach bhí domhaineolas an scoláire aige ar aon ábhar ar chuir sé suim ann. Chuir sé cúrsa BA i gcrích leis an Ollscoil Ríoga i 1892. Fad a bhí sé fós sa nóibhíseacht, chaith sé seal ag múineadh i Mungairit agus, mar a chonaiceamar, chaith sé seal i gColáiste Choill Chluana Gabhann, tráth a raibh an tAth. Ó Duinnín ina mhúinteoir ann, chomh maith. Ceapadh ina léachtóir é i mbun Stair na hEaglaise i gColáiste na nÍosánach i bPáirc Bhaile an Mhuilinn, agus b’in an post buan a bhí aige an chuid eile dá shaol. Chuir sé suim i bhfoclóireacht na Gaeilge, agus ceapadh é ina chúntóir ag an Ath. Éamon Ó hÓgáin nuair a bhí sé siúd i mbun Onomasticon Goedelicum locorum et tribuum Hiberniae et Scotiae (BÁC 1910). I dteannta Sheosaimh Laoide (1865 – 1939) agus Phádraig Uí Dhuinnín ceapadh ina mholtóir é ar an gcéad Chomórtas do Scríobh Dráma faoi choimirce Chonradh na Gaeilge i 1901. Ó 1895 ar aghaidh d’fhoilsigh sé féin, Eoin Mac Néill agus Seosamh Laoide ailt ar Ghaeilge Aontroma ar Irisleabhar na Gaeilge (1882–1909). I 1900, d’fhoilsigh sé taighde i bpáirt leis an Ath. Éamon Ó hÓgáin Luibhleabhrán: Irish and Scottish Gaelic names of herbs, plants, trees, etc. (BÁC).

Nuair a oirníodh ina shagart é i 1904, chaith an tAth. Mac Fhir Léinn dhá bhliain sna leabharlanna i Sasana, sa Spáinn, san Iodáil, sa Phortaingéil, agus sa Bheilg ag déanamh cóipeanna soiléire inléite d’ábhar a bhain (olc nó maith, a bheag nó a mhór) le hÍosánaigh Éireannacha agus leis an gCumann in Éirinn. Clúdaíonn a shaothar sna cartlanna sin an tréimhse staire 1539–1774. Maireann an bailiúchán seo i gcartlann na nÍosánach in Éirinn. Dhein sé cóipeanna, leis, d’ábhar i nGaeilge, ábhar atá cláraithe ag an Ath. Pádraig Ó Fiannachta. Is é atá ráite ag an Ath. Ó Fiannachta faoi Éamon Ó hÓgáin SJ, Aubrey Gwynn SJ, agus Eoin Mac Fhir Léinn SJ: ‘. . . bhailigh an chuallacht léannta seo na lsí seo de réir a chéile agus . . . thugadar togha na haire dóibh’ (Clár Lámhscríbhinní na Cléire, ii [BÁC 1980, lch. 70]).

Is mar staraí is mó a chaith Eoin Mac Fhir Léinn a shaol scolártha agus tá

comaoin mhór curtha aige ar staraithe de bharr a shaothair mar chartlannaí. Ach is ina eagarthóir ar dhánta Dháibhí Uí Bhruadair is mó a thagraítear dó inniu. D’fhoilsigh Cumann na dTéac- sanna Gaeilge a shaothar ar dhánta Uí Bhruadair (chomh maith le cúlra staire agus nótaí) i dtrí imleabhar, Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair : The poems of David Ó Bruadair (1910, 1913, 1917, Londain). I 1912 d’fhoilsigh sé eagrán de dhánta a cumadh i lár na seachtú haoise déag in ómós d’Eoin Ó Cuileannáin, Easpag Ráth Bhotha, 1625–1661 (Archivium Hibernicum 1 [1912]: 77–121), chomh maith le cúlra agus nótaí staire, aguisíní léannta agus aistriúcháin.

Tar éis dó an mórshaothar ar Dháibhí Ó Bruadair a chur de, ceapadh é ina Staraí Proibhinse ar an Ord timpeall 1918. Chaith sé bliain ag bailiú agus ag cóipéail agus ag tras-scríobh ábhar a bhain leis an Ord in Exaeton san Ísiltír, sa Leabharlann Ríoga sa Bhruiséil, agus i dteach na nÍosánach i nDrongen sa Bheilg, ag leanúint ar shaothar Uí Ógáin, a chomh-Íosánach, a d’fhoilsigh Ibernia Ignatiana sa bhliain 1880 (BÁC). De réir litreacha a chuir sé féin chuig an bProibhinseal, an tAth. Thomas Nolan, bhí ceathrar Francach i mbun na hoibre céanna thar ceann an Oird, ach gan oiread agus cúntóir amháin aige féin. Ceapadh an tAth. John Ryan ina chúntóir aige i lár 1919 agus ghlac seisean grianghraif de lámhscríbhínní nár trasscríobhadh (mar aon le grianghraif d’ábhair a raibh dhá thaifead díobh ann).

Ceapadh Mac Fhir Léinn ina rúnaí ar Choiste na nÍosánach a chomhairligh an Taoiseach Éamon de Valera maidir le forálacha an Bhunreachta a bhain le creideamh agus le cúrsaí sóisialta de. Fuair sé bás sa bhliain 1950 agus cuireadh é i Reilig na nÍosánach i nGlas Naíon i mBaile Áth Cliath.

Timire 47

An tAthair Mac Cionnaith

An tAthair Mac Cionnaith

Comhaoisigh ba ea an tAthair Eoin Mac Fhir Léinn agus an tAthair Láimhbheartach Mac Cionnaith. Saolaíodh an bheirt acu sa bhliain 1870, Láimhbheartach Mac Cionnaith i gCluain Tarbh i gCo. Bhaile Átha Cliath. Agatha Lambert ainm a mháthar, agus is óna sloinne sin a baisteadh Láimhbheartach air.

Cuntasóir ba ea a athair. Chuir siad a mac ar scoil chuig Coláiste Belvedere – ba é sin an rogha coláiste ag aicme sheiftiúil Chaitliceach a thapaigh an deis nuair a cuireadh scoil mheánaicmeach (i dtéarmaí a linne) ar fáil d’ógánaigh i gColáiste na nÍosánach i 1832. In aois a sé bliana déag dó, thosaigh sé ina nóibhíseach i nDroim Mór i gCo. an Dúin agus i dTulach Bheag i gCo. Uíbh

48

Timire

Fhailí. Ghnóthaigh sé céim BA ón Ollscoil Ríoga in aois a 23 dó, i nGaeilge agus sna Clasaicí agus bronnadh MA air dhá bhliain ina dhiaidh sin (1895). Mar a dhein an tAth. Ó Duinnín roimhe, chaith Láimhbheartach Mac Cionnaith an tréimhse thrianach dá nóibhíseacht ar an Mór-Roinn, i nDrongen chomh maith (i 1909), agus tréimhse in Maison St Louis in St. Helier ar Oileán Gheirsí (faoi choimirce Íosánaigh na Fraince) ag gabháil don Diagacht agus don Fhealsúnacht, mar a bhí leagtha síos i sceideal na nÍosánach dá mbaill. Oirníodh ina shagart é i bPáirc Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath i 1905. Ní foláir nó chuaigh an tréimhse sin a chaith sé thar lear i bhfeidhm air, rud a nochtadh ar ball nuair a chruthaigh sé ábaltacht nár bheag ag dul i ngleic le ceisteanna móra sóisialta agus polaitíochta a linne agus ag plé le gluaiseachtaí a bhí go mór faoi chaibidil i dtíortha na Mór-Roinne fad a bhí sé ina mhac léinn ar an Mór-Roinn.

Mar a dhéantaí leis na sagairt óga, cuireadh ag múineadh i gcoláistí de chuid an Oird é, i gColáiste Belvedere, an áit a ndeachaigh sé féin ar scoil, agus i Mungairit i gCo. Luimnigh (1910–1913), agus chaith sé bliain ag múineadh i gCathair Luimnigh (i gColáiste an Chroí Ró-Naofa sa ‘Chorrán’). Chaith sé roinnt blianta ina dhiaidh sin ag múinadh i mBaile Átha Cliath, ina Ard- Mháistir ar Belvedere. Chomh maith le bheith ina mhúinteoir agus ina stiúrthóir scoile, ceapadh é ina eagarthóir ar an irisleabhar seo féin, Timthire Chroidhe Naomhtha Íosa. Ba san irisleabhar seo a thosaigh sé ar eagráin d’fhilíocht na mbard a fhoilsiú.

Chuir sé suim, chomh maith, san fhoclóireacht, agus d’fhoilsigh sé foclóir frásaí English-Irish Phrase Dictionary compiled from the works of the best writers of the living speech (1911), le cabhair Thaidhg Uí Dhonnchadha. Bhunaigh sé formhór na samplaí san fhoclóir sin ar fhriotal labhartha agus scríofa iarthar na Mumhan. Mar sin, faoi 1927, nuair a cuireadh atheagrán d’fhoclóir an Duinnínigh i gcló, bhí dhá bhailiúchán téagartha d’ábhar foclóireachta foilsithe a bhí ag tarraingt a bheag nó a mhór as Gaeilge na Mumhan, agus a shíolraigh ó bhaill de Chumann Íosa. Agus bhí ceann eile fós le teacht ón Ath. Mac Cionnaith – Foclóir Béarla agus Gaeilge (1935).

Dhírigh an tAth. Mac Cionnaith aird scolártha go háirithe ar an nGaeilge Chlasaiceach, agus d’fhoilsigh sé eagráin d’fhilíocht na scol, nó filíocht na mbard, ar feadh a shaoil. Lean sé ar aghaidh leis an tionscadal sin – ar chuir sé tús leis ar an Timthire – ar feadh na mblianta fada, sna hirisleabhair Irish Monthly (a bunaíodh i 1873) agus Studies (a bunaíodh i 1912). Bhí sé ina eagarthóir ar an Irish Monthly ar feadh seacht mbliana (1923–1930). Cuid d’fhoilseacháin na nÍosánach, nó foilseacháin a bhí faoi choimirce na nÍosánach, ba ea an dá irisleabhar mheasúla sin, an Irish Monthly agus Studies. Ba orthu is mó a d’fhoilsigh sé aistí nó dánta aonair den fhilíocht chlasaiceach. Bhí baint aige, leis, le Cumann na dTéacsanna Gaeilge, fearacht an Duinnínigh agus an Ath. Mac Fhir Léinn – d’fhoilsigh sé eagrán d’Iomarbhágh na bhFilí, in dá imleabhar (Londain, 1918), ag cur bailchríoch ar shaothar a thosaigh Tomás Ó Nualláin leis an gCumann sin. Is iomaí bailiúchán téagartha d’fhilíocht na mbard a d’fhoilsigh sé i gcaitheamh na mblianta ó 1919 go dtí 1951 – The Book of Magauran: Leabhar Méig Shamhradháin

Timire 49

(BÁC 1947), The Book of O’Hara: Leabhar Í Eadhra (BÁC 1951), Bardic syntactical tracts (BÁC 1944), Dioghluim Dána (BÁC 1938), Aithdioghluim Dána, dhá imleabhar (Cumann na dTéacsanna Gaeilge, BÁC 1939–40 ), Pilib Bocht Ó hUiginn (BÁC 1931), Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh (BÁC 1919). I gcaitheamh na mblianta, d’fhoilsigh sé níos mó ná céad eagrán de dhánta de chuid na bhfi lí, maille le haistriúcháin Bhéarla. Toghadh é ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann i 1932, agus bronnadh D. Litt. Celt. (honoris causa) air i 1947.

Chaith an tAth. Mac Cionnaith an oiread céanna dua ag saothrú ceisteanna sóisialta agus spioradálta a linne is a chaith sé leis an nGaeilge. Ba dhuine de chomhbhunaitheoirí Choláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh é. Ghlac sé páirt ghníomhach mar chathaoirleach ar choimisiún (1925) um bunú an churaclaim náisiúnta bunscolaíochta. Chuir sé spéis mhór i gcúrsaí spioradálta na dtuataí, go háirithe i spioradáltacht na bhfear óg. Chaith sé tréimhse ina stiúrthóir spioradálta ar Gild Leo, eagraíocht chléiriúil a dhein iniúchadh – faoi anáil theoiricí an Phápa Leo XIII – ar cheisteanna sóisialta agus polaitíochta agus eacnamaíochta a linne. Ba mhór a spéis i gceisteanna sóisialta a bhain le lucht oibre na gcathracha agus le polaitíocht na heite clé. Dhein sé grinnstaidéar ar shaol agus ar shaothar Shéamais Uí Chonghaile, agus tagraítear fós dá shaothar The Social Teachings of James Connolly (BÁC 1920). Chuir sé sé bailchríoch ar an saothar seo nuair a bhí sé ina Ard-Mháistir ar Choláiste Belvedere. Idir 1913 agus 1914, tréimhse Fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath, d’fhoilsigh sé sraith paimfl éad: The Church and Labour, The Church and Working Men, The Church and Working Women, The Church and the Working Child, The Church and Trade Unions, The Church and Social Work. Lean sé forbairt an Bhoilséiveachais ar an Mór-Roinn i rith fhichidí na haoise seo caite agus d’fhoilsigh sé an iliomad alt agus paimfl éad ag cur teoiricí an ábharachais dhialachtaice (Marxian materialism a thug sé féin air) faoi dhianscrúdú.

Íosánach ildánach bisiúil ba ea Láimhbheartach Mac Cionnaith a d’fhág toradh a dhíograise mar uacht ag pobal na tíre agus ag scoláirí na litríochta ar fud an domhain.

Go deimhin, ‘cuallacht léannta’ ba ea an triúr seo – Pádraig Ó Duinnín, Eoin Mac Fhir Léinn agus Láimhbheartach Mac Cionnaith. Triúr ba ea iad a shaibhrigh saol cultúrtha an phobail agus a d’fhág rian a suáilcí spioradálta pearsanta ar a gcuid saothair faoi seach agus ar troimide a gcomaoin orainn iad.

Tá Michelle O Riordan ina hOllamh Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

This article is from: