An Timire - Fómhar 2011

Page 43

Timire

43

Cuallacht Léannta Michelle O Riordan

An tAthair Ó Duinnín Is é Pádraig Stiabhna Ó Duinnín (1860 – 1934) (nó Ua Duinnín mar a scríobhadh sé féin an sloinne) an té ba shine den triúr Íosánach (agus iar-Íosánach, ina chás-san) atá faoi chaibidil anseo. Triúr ba ea iad a d’fhág rian láidir ar léann na Gaeilge, ar shaol agus ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge, i leith na staire agus i leith ceisteanna sóisialta agus spioradálta a linne. Saolaíodh an bheirt eile san aon bhliain, 1870 – an tAthair Eoin Mac Fhir Léinn, a d’éag i 1950, agus an tAthair Láimhbheartach Mac Cionnaith, a d’éag i 1956. Bhí saol an triúir comhthreomhar lena chéile ar bhealaí áirithe, agus fite isteach ina chéile, uaireanta. Chloígh an triúr le raon saoil rialta toilsmachtaithe. Agus d’fhág an triúr lear mór oibre ina ndiaidh, agus chuireadar mór-chomaoin ar chách. Is mar charachtar finscéalaíoch is mó a fhéachtar anois ar an Duinníneach, agus is mar shaothar íocónach a fhéachtar ar a éacht scolártha, Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Ach fear meánaosta a bhí ann nuair a foilsíodh an chéad eagrán den fhoclóir sin i 1904, agus fear a bhí ag druidim le scothaostacht a bhí ann nuair a cuireadh an dara heagrán amach i 1927. Ceannaí caorach agus beithíoch ba ea an t-athair agus gabháltas talún fíorshuarach aige cóngarach don Ráth Mhór i gCo. Chiarraí (ceantar Shliabh Luachra). Teaghlach arbh í an Ghaeilge an ghnáth-theanga labhartha acu ab ea

2011_TIMIRE Special Edition.indd 43

é , a bhí – mar a bhí go leor de mhuintir na háite máguaird – ag druidim de réir a chéile le Béarla. Ba go háitiúil ar fad a fuair sé a chuid oideachais go dtí gur chríochnaigh sé ina mhonatóir i scoil sna Mínteoga (1874). Léirigh sé cumas ar leith chun na matamaitice. D’éirigh sé as an monatóireacht agus d’fhan sa bhaile idir 1874 – 1877, ag foghlaim Laidine agus Gréigise, deirtear, ón Athair Conchubhar Ó Súilleabháin a bhí ina shéiplíneach sa pharóiste. Deirtear gurbh é an tAth. Donncha Ó Murchú SJ (1833 – 1896), staraí agus seandálaí a rugadh in Áth Trasna, Co. Chorcaí, a chéadspreag Pádraig Ó Duinnín i dtreo na sagartóireachta nuair a bhí sé i mbun misin áitiúil. Chuaigh Pádraig Ó Duinnín ina nóibhíseach i 1880 go Páirc Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath. Chláraigh sé ar ball ina mhac léinn de chuid chóras na hOllscoile Ríoga (a bunaíodh i 1880). Bronnadh BA air 1885 sa Litríocht Nua-Aimseartha agus san Eolaíocht Mhatamaiticiúil. Cé go raibh daoine de na staraithe agus den lucht teanga ba bhisiúla agus ba mhó le rá timpeall an choláiste sa tréimhse úd (an tAth. Éamon Ó hÓgáin SJ [1831 – 1917]; an tAth. Donncha Ó Murchú SJ [1833 – 1896]; agus an tAth. Eoin S. Ó Cearbhaill SJ [1837 – 1889]), níl le tuiscint, ón méid a bhí le rá ag an Duinníneach lánfhásta ar ball, gur bhain sé aon leas as a gcuid léachtaí ag an am. Ba leis an Ollamh Ó Cathasaigh (Corcaíoch a bhí ina bhall de

25/08/2011 12:27


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.