An Timire - Fómhar 2011

Page 1

an Chroí Ró-Naofa

Timire

NACH

SAMHRADH 2010

Timire

NACH

GEIMHREADH 2010 / 2011

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2

Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

28/07/2011 14:24

FÓMHAR 2010

TIMIRE Autumn 2010.indd 1

FÓMHAR 2011

an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2

Timire

28/07/2011 14:25

an Chroí Naofa

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

€ 2.50/Stg£2

Timire

28/07/2011 14:28

an Chroí Naofa FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

EARRACH 2011

3.75/Stg£3.25

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

€ 2.50/Stg£2

EARRACH 2010

an Chroí Naofa

GEIMHREADH 2009

TIMIRE template layout.indd 1

€ 2.50/Stg£2

28/07/2011 14:27

an Chroí Naofa

Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

€ 2.50/Stg£2

LAIG SEA H AN CH CH A T

AIN RG DÉ SAL LUA Í 1-4: HAIS Aint M T O IN agus . Cuire S A I G H hÉig adhr d’fhul adh ca l c h 4 sibh. iptigh, thú 00 aing aim ghló Uime agus co is é. sé ar ar Ch ár so ríost thar r agus clo sin m nas m ar á n. Té an Ti leith na ciní í le m ghéille a thóg anam arna IOM Beid ligh, ói ocha goo chon ann sib mé lio MA agus radh IDI h sib Aint A N N r is bh beid h do m N lio léir, ur h Seac eafain l c h 1 5 labhr náisiún agamsa msa an i mo sh hh sib mo htain , sailm 2 - 1 5 óidh in co dom eilbhs hse, I. agus 4 ullm tú le isricthe bhur ha e BR cain FRE I AT clann . Si ríoch n ar fa ar Seac haithe tic as n iad t sa HA AG d. da Io Ei R R an srael. se na br gart, in A nAth htain 2: oibh DÉ Ch on tSalt ó F. At an a sh G E A iathr air ai c E a x . Seac air tru Bígí bhunú huair aorfa R R aa 19: sib h ac tru V. an id 4-6 Agus h sin níl ao htain 3: h, deir ach m dom fé in TIMIRE 28/07/2011 14:20 F. hain nó ón dr a nd aSpring_2011.indd 1 ghais Se ac n mhe Deirim an Tiar ar atá . ochf ea rn as ar bhur na te na hoca a m gCaf ht ai n fháid libh go . sealg AIN 4: é le l. F. fír h in airí. a ch arnáum Bh í is na Glói a dh inne Se ac T E A FA ua r do N D Ghail la sé a raib oi fi ge ac úiche ach, m ’A ht ai n n At h go ON 1: hair. a lei íl, d’iar raibh a mha h ái rit féin. BH r í o th ar, Ta c ghea he Ío E ga cht gl ac r sé tin s. air teasa tagth n. Nu i ai gí ig í, a N E D I C atá air a go lu ch T U S se ilb PA I cht dt D agus h ar t be í M ol R E A an na a m an C an hac ith e Trín ad h le H A : D a é L hÍ tslán bhás réiti os a, ár u a i n 1 F. Tr aithe. Sl án & 3 Gu gh sé dúFinOILSEACHÁN chos eoraig ímis: ai FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH GEIMHREADH 2009 € 2.50/Stg£2 OSÁNACH n be th eoÍir. án na h do alach fíor-b phob an heath al, a Thia a. rna, ar

Comorádh 100 bliain an Timire 1911-2011

Timire

an Chroí Naofa

Timire GEIMHREADH 2009

Timire

TIMIRE february.indd 1

an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

GEIMHREADH 2009

28/07/2011 14:22

an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2

Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

GEIMHREADH 2009

TIMIRE May.indd 1

an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2

Comóradh 100 bliain an Timire 1911-2011

2011_TIMIRE Special Edition.indd 1

25/08/2011 12:26

SAMHRADH 2010

an


2

Timire

2011_TIMIRE Special Edition.indd 2

25/08/2011 12:26


Timire

3

Ón Vatacáin, 16 Meitheamh 2011 Alan Oirmhineach Mac Eochagáin SJ Eagarthóir An Timire Ba mhór ag a Naofacht, An Pápa Beinidict XVl, cloisteáil go bhfuil comóradh céad bliain Timire an Chroí Ró-Naofa ann i bliana agus guíonn sé gach uile bheannacht agus dea-mhéin orthu siúd uile atá á cheiliúradh. Geallann an tAthair Naofa daoibh uile go bhfuil sé gar daoibh sa Spiorad agus sibh ag gabháíl buíochais le Dia as an iomad grásta a fuair sibh thar na blianta san obair dhíograiseach ar son Aspalacht na hUrnaí, tionscnamh a bhfuil a chroí istigh ann. Guíonn sé go spreaga grá Chroí Íosa sibh agus sibh ag cuidiú le daoine eile guí ar son leas na hEaglaise agus na riachtanas ar leith a bhíonn aici, le go ndéanfar di comhartha agus gléas na naofachta, an ionracais agus an tslánaithe do na ciníocha uile. Cuireann an tAthair Naofa pobal uile An TImire, idir scríbhneoirí, foilsitheoirí agus léítheoirí faoi bhrí idirghuí ghrámhar Mhuire, Máthair na hEaglaise agus tugann sé a Bheannacht Aspalda dóibh uile. An Cairdinéal Tarcisio Bertone Rúnaí Stáit

2011_TIMIRE Special Edition.indd 3

25/08/2011 12:26


4

Timire

2011_TIMIRE Special Edition.indd 4

25/08/2011 12:26


Timire

5

Uachtarán na hÉireann A Chairde, Déanaim comhghairdeas ó chroí le muintir Timire an Chroí Naofa as céad bliain de sheirbhís fhlaithiúil fhiúntach a dhéanamh ar mhuintir na Gaeilge in Éirinn, san Eoraip, i Meiriceá, san Astráil, san Áis, agus ar fud an domhain. Tá An Timire ar an iris Ghaeilge is faide i gcló ar chlár na cruinne, agus tá an fad saoil sin gan bhriseadh. Tá éacht déanta ag Cumann Íosa leis an tréimhseachán ráithiúil seo. Iad féin a bhunaigh í sa bhliain 1911, agus i 1956 bhunaigh siad Foilseacháin Ábhair Spioradálta chun ábhar léitheoireachta spioradálta a chur ar fáil i nGaeilge. Tá bríonna éagsúla leis an fhocal timire, ach is í an bhrí atá leis i gcás na hirise seo ná teachtaire; agus is í an teachtaireacht atá á tabhairt inti ná gur féidir gluaiseacht na Gaeilge a nascadh le spioradáltacht thraidisiúnta na hÉireann de réir mheon Dhara Comhairle na Vatacáine. Ní beag sin mar chuspóir. Is maith liom go bhfuil réimse mhaith aoise ag scríbhneoirí An Timire, cuid acu óg agus cuid acu ag scríobh le breis agus leathchéad bliain. Pléann siad cúrsaí creidimh, cúrsaí sóisialta agus cúrsaí cultúrtha: trí chloch mhóra ar mo phaidrín féin, agus trí ghné den saol ar chóir do gach Gael spéis a chur iontu. Tréaslaím céad bliain de shaothar fiúntach libh, a mhuintir An Timire agus guím bláth agus raidhse ar bhur gcuid oibre sa todhchaí. Go rathaí Dia sibh, Máire Mhic Ghiolla Íosa Uachtarán na hÉireann

2011_TIMIRE Special Edition.indd 5

25/08/2011 12:26


6

Timire

Eagarfhocal Nuair a thagann irisleabhar ar bith ar an saol, is é an rud is coitianta gurb ionann an chéad eagrán agus an t-eagrán deireanach. Is rud mór é nuair a mhaireann sé cúpla bliain. Ach céad bliain! Éacht atá ansin - nó míorúilt is cirte a rá i gcás An Timire. Is cosúil go raibh neart agus buanachas i gceist nuair a bhí an urnaí agus an Ghaeilge nasctha le chéile in aon ghluaiseacht amháin. Bhí traidisiún Aspalacht na hUrnaí bunaithe go maith in Éirinn faoi 1911. Is é atá ann ná dúshlán do gach uile Chaitliceach páirt a ghlacadh i misean na hEaglaise uiledhomhanda tríd an ofráil laethúil. Is rud beag simplí é sin atá fréamhaithe i gcreideamh gur cuid dínn uile i gCorp mistiúil Chríost. Smaoineamh beag simplí umhal a bhfuil neart ann. San eagrán seo gheobhaimid blaiseadh beag, go mór mór san alt le Michelle O Riordan, den ghrá agus den díograis i leith na Gaeilge a spreag baicle bheag d’Íosánaigh ildánacha ag tús an chéid seo caite. Nuair a d’aontaigh siad sin an grá don Ghaeilge leis an chreideamh a bhí á ngríosú, cuireadh rud ar bun a raibh fréamhacha iontach domhain aige. Mar a fheicimid in alt Pheigí Ní Dhurcáin, ní raibh an bealach éasca an t-am ar fad. In 1949 bhí An Timire in isle brí agus is beag nár thit sé as a chéile. Ansin, tháinig dream eile a bhí lán de chreideamh agus de dhíograis chun a tharrthála, baill Chuallacht Mhuire. Le linn mo thréimhse eagarthóireachta féin fosta bhí daoine ar fáil, lán de chreideamh agus de dhíograis, a bhuíochas mór do Dhia: Peigí Ní Dhurcáin, Seán de Fréine, Caitríona Uí Chatháin, Bláthaid Ó Brádaigh, Martin Browne OSB, Fionnuala Mac Aodha, Milène Ní Fhaogáin, Ciarán agus Dora Ó Dúláine. Creidim go bhfuil teachtaireacht ar leith dúinne, mar bhaill Aspalacht na hUrnaí, agus do na Gaeil i gcoitinne, i Salm 127 agus muid ag amharc siar ar ár stair agus ag amharc ar aghaidh: ‘Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála.’ Alan Mac Eochagáin SJ

An Ofráil laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is níomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… [féach leathanach cúil]… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 6

25/08/2011 12:26


Timire

7

Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 3 Teachtaireacht ón Phápa 5 Teachtaireacht ón Uachtarán 8

Saibhreas i measc na mBocht

Aidan Donaldson

10 Misean Íosa sa Chambóid

Boy Peter Kann

12 Leigheas don Spiorad

An tUrramach Caroline McAfee

14 Caoga Bliain Viatores Christi

Sally Roddy

16 Aintíoc i mBéal Feirste

Milène Ní Fhaogáin

18 Beatha úr in aimsir chogaidh

David O’Hare

20 Súil Siar 1911 – 2011 34 An Timire faoi chúram na Cuallachta Peigí Ní Dhurcáin 38 Aoire ár n-anama

Míne Uí Chribín

42 Scoláire agus Ceannródaí

Alan Mac Eochagáin SJ

43 Cuallacht Léannta

Michelle O Riordan

50 Im Leabharlann dom

Seán de Fréine

54 Mise Eoghan

Ar dheis Dé:

Nóirín Mhic an Bhaird, An tAthair Micheál Ó Meachair MSC, Siobhán Lincoln, Monica Ní Chearbhaill, An Dr. Micheál Ó Fionnáin, Bríd Uí Ghruagáin (Ní Neachtain), Máire de Stafort, Breandán S Ó Foighil

Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 36 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost:timire@jesuit.ie Iris oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bord Eagarthóireachta Alan Mac Eochagáin SJ Milène Ní Fhaogáin Caitríona Uí Chatháin Seán de Fréine Bláthnaid Ó Brádaigh Martin Browne OSB

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó ar r-phost, más féidir. Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 443. ISSN 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Iúil 2011 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta.

Dearadh: Messenger Publications Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litDesign Department reacha agus altanna ag an seoladh thuas.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 7

Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: €3.75 / £3.25 stg Go ceann bliana: €15 / £13 stg Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138 Clóbhualadh: Future Print

25/08/2011 12:26


8

Timire

Saibhreas i measc na mBocht

le Aidan Donaldson

Is múinteoir scoile é Aidan Donaldson atá ina shéiplíneach i Scoil Ghramadach Mhuire i mBéal Feirste. Chomh maith leis sin, tá baint ag Aidan le Project Zambia, eagraíocht a chuireann daoine óga as Éirinn amach chun na Saimbia le hobair i dtionscnaimh fhorbartha ansin, i gcomhpháirt leis na daoine áitiúla. Creideann Aidan go mór sa ‘tumoideachas’ seo, daoine óga a thumadh i saol na mbocht.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 8

Ar maidin inniu féin (agus an t-alt seo fós le scríobh agam), chuaigh mé chuig an aerfort le baicle daoine óga a bhí ar a mbealach amach chun na Saimbia le Project Zambia. Sin an t-ainm atá ar Chlár Tumoideachais na mBráithe Críostaí sa Domhan atá i mBéal Forbartha. Is í aidhm an tionscnaimh seo, deis a thabhairt dár ndaoine óga dul thar lear agus dlúthpháirtíocht a dhéanamh le daoine atá sna comhluadair is boichte agus is imeallaí ar domhan. Tá na daoine

25/08/2011 12:26


Timire

óga ag fáil amach go bhfuil siad ina ndeisceabail; agus tá gairm úr bheatha á nochtadh anseo. Creidim go bhfuil sé seo ar cheann de na comharthaí go bhfuil Eaglais úr radacach ag teacht ar an saol cé go bhfuil an chuma ar chúrsaí go bhfuil an Eaglais ag dul i léig an t-am ar fad. Ní hé seo an chéad uair do chuid de na daoine óga seo am a chaitheamh san Afraic ag obair le daoine atá ar an imeall. Chuaigh cuid acu ar ais cúpla uair chun cónaí i ndílleachtlanna agus in ionaid mhisin. Tá siad tiomanta don tseirbhís agus do dhínit an duine, don cheart agus don ghrá do gach aon bhean is fear, ár gcomhbhráithre. Tá croí mór acu do dhaoine eile – go hairithe na boicht agus iad siúd atá faoi leatrom. Ní tionscal turasóireachta nó gnó tógáil tithe atá i gceist le Project Zambia. Is eagraíocht Chríostaí é a sheasann fód ar son na bpobal nach dtugtar aon aird orthu. Daoine iad seo a choinnítear i mbochtanas ar mhaithe leis an chóras domhanda eacnamaíochta agus polaitíochta, agus le daoine eile a choinneáil ar muin na muice. Is é an ‘tumoideachas’ seo an rud a raibh an tArd-Easpag Oscar Romero ag tagairt dó nuair a duirt sé go raibh dualgas do-sheachanta ar gach Críostaí bheith mar ‘guth dóibh siúd nach bhfuil guth acu’. Is mar seo a leanas a dhéanann

9

an tAthair Peter McVerry cur síos ar an tumoideachas, ‘Nuair a dhéanamid muid féin a thumadh i saol na mbocht, tugann sé dúshlán dár stíl bheatha féin; cuireann sé ceisteanna orainn maidir le brí ár mbeatha féin. Má ligeann muid dó, tarraingeoidh sé asainn barrshaibhreas an duine, spiorad na féiníobartha. Sin atá de dhíth orainn chun seasamh i ndlúthpháirtíocht le daoine bochta atá faoi chois. Is mar sin a dhéantar dínn lucht leanúna an Fhir sin atá ar crochadh ar an chrois’. Le deich mbliana anuas, tá méadú mór ar líon na ndaoine atá ag obair go deonach i dtíortha imeallaithe an domhain. Ní haon ionadh é go bhfuil sé seo ag tarlú in Éirinn. Cé gur tír an-bheag í Éire, is suntasach lion na misinéirí a sheol sí thar lear leis na blianta. An bhliain seo caite, bhí 1,976 misinéir Éireannacha ag obair in ochtó-is-a-sé thír sa Domhan atá i mBéal Forbartha. Ná déanaimís dearmad ar obair na heagraíochta, Trócaire, i mbreis agus seasca tír, agus níos mó ná 8,000 tionscnamh forbraíochta ar bun acu. Cé go bhfuil titim mór ar líon na sagart, na mban rialta agus na mbráithre, ní hionann sin is a rá go bhfuil ré na misean Éireannach thart. Tá ábhar deisceabail i ndaoine óga na hÉireann go fóill agus is é an dualgas atá orainne, múinteoirí agus tuismitheoirí le chéile, iad a spreagadh le fíortheagasc agus le luachanna an tSoiscéil.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Mheán Fómhair 2011: Do mhúinteoirí, go dtuga siad uile grá don fhírinne, agus go n-oile siad a ndaltaí le fíorluachanna morálta agus spioradálta.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 9

25/08/2011 12:26


10

Timire

Misean Íosa sa Chambóid le Boy Peter Kann Boy Peter is ainm dom agus is as an Chambóid mé, agus le seacht mbliana anuas tá ról lárnach ag an Eaglais Chaitliceach i mo shaol. Le linn m’óige tógadh mé mar Bhúdaí agus bhí saol sonasach agam le mo thuismitheoirí. Bhí m’athair iontach tiomanta go mbeadh oideachas maith agam agus thug sé a lán spreagtha agus tacaíochta dom. Mhothaigh me iontach buíoch as an deis a fuair mé freastal ar scoil. Agus mé i mo dhéagóir, fuair thuismitheoirí bás mar gheall fhadhbanna sláinte. Go tobann, bhí i mo dhílleachta, agus mhothaigh tréigthe agus uaigneach.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 10

mo ar mé mé

I ndiaidh dóibh bás a fháil, chaith mé trí bliana i ndílleachtlann. B’iad sin na blianta is uaigní i mo shaol; mhothaigh mé liom féin, nach raibh grá ag duine ar bith dom, agus ní raibh dóchas ar bith agam. Ní raibh mé ag iarraidh fiú aon aire a thabhairt dom féin. Agus ar dhóigh phraiticiúil, chaill mé blianta tábhachtacha mar ní raibh aon duine agam chun tacaíocht a thabhairt dom leanúint le mo chuid cúrsaí oideachais. Sa sráidbhaile s’againn, tá séipéal beag Caitliceach ann. Chuir siad cúrsaí maithe ar fáil don óige. Is ansin a thosaigh mé ag cur spéise sa chreideamh Críostaí. Chuaigh mé ar aghaidh chuig an Ollscoil in Phnom Penh, áit a bhfuair mé scoláireacht, agus bhí cónaí orm, ó 2005

25/08/2011 12:26


Timire go 2009 in Ionad Mac Léinn na hEaglaise Caitlicí. Bhí an tAthair Ashley Evans SJ, Éireannach as Baile Átha Cliath, i bhfeighil ar an Ionad. I ndiaidh tamaill, tháinig athrú orm agus thosaigh mé ag guí. Thuig mé go raibh Dia gach aon áit, agus go dtabharfadh Sé aire dom i gcónaí, agus chuir sé seo lúcháir ar mo chroí. Baisteadh mé in 2006 agus chuaigh mé faoi lámh an Easpaig in 2007. Bhí pobal bríomhar Críostaí thart timpeall orm; agus leis an tuiscint úr a bhí agam ar Dhia, níor mhothaigh mé uaigneach níos mó. Tuigim go bhuil mé i ndiaidh bronntanais iontacha a fháil ón Eaglais. Theagasc beatha an phobail dom an tábhacht atá le seirbhís; leis an saol a roinnt eadrainn le chéile; agus le hathmhuintearas. Tugadh an deis dom taisteal thar lear, go háirithe le trí mhí a chaitheamh in Taizé na Fraince. Anois tá mé ag obair mar rúnaí don Sagart Paróiste in Battambang, agus ba mhaith liom na buntáistí uile a fuair mise ón Eaglais a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Bím ag múineadh an Chaiticiosma do na daoine óga agus ag cuidiú leo ina bhforbairt phearsanta. Nuair a bhíonn an t-am agam, bím ag teagasc Béarla agus ag tabhairt cúrsaí ríomhaireachta. Tá súil agam gurb í seo an ghairm bheatha a bheidh agam ó Dhia, an bealach is fearr dom cabhrú le mo phobal féin. Is é misean Íosa gur tháinig sé ar

11

domhan leis an duine a ofráil do Dhia, agus mar níl bealach is fearr ar fáil dúinn ach Íosa a leanúint. Tuigim go mbeidh íobairt i gceist ach caithfimid ár gcrois a thógáil mar is é seo an tslí chun an tslánaithe nó iomláine na beatha. Nuair a bhí mé óg, is cuimhin liom go raibh mé féin diúltach don Chríostaíocht agus chonaic mé go raibh teannas idir Búdaigh agus Críostaithe. Tá fadhbanna

Boy Peter Kann

ann i gcónaí ach is é mo bharúil féin nach bhfuil coimhlint chomh mór sin ann anois. Bímidne, na Críostaithe, ag cur imeachtaí ar fáil don phobal ar fad chun cumarsáid agus dialóg thrasphobail a chothú. A fhad agus is féidir, déanaimid obair charthanachta le chéile leis na Búdaigh. Tá an Chríostaíocht iontach óg sa Chambóid. In 1972 ní raibh ach 20,000 Críostaí sa tír, an chuid is mó díobh ina gCaitlicigh. Aithním féin ó mo chuid oibre go bhfuil Dia i láthair go láidir i saol na ndaoine óga a chastar orm. Tá lúcháir orthu agus muinín acu as Íosa agus tá siad díograiseach agus réidh le dea-scéal Chríost a fhógairt.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Mheán Fómhair 2011 Go ndéana na comhluadair Chríostaí ar fud na hÁise an Soiscéal a fhógairt go díograiseach, agus iad ag tabhairt fianaise don áilleacht le lúcháir an Chreidimh.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 11

25/08/2011 12:26


12

Timire

Leigheas don Spiorad An tUrramach Caroline McAfee

Tá an t-údar ina séiplíneach don Ospís i mBéal Feirste. Sé a dúirt Fred* ar a céad lá san Ospís Lae, ‘Tá mé ag fáil bháis den ailse, tá fhios agat’. ‘Tá tú ag maireachtáil leis an ailse’, a dúirt an altra. Chuaigh sé seo go mór i bhfeidhm ar Fred, agus thug sé dóchas dó go raibh an bheatha aige fós agus dúil aige inti.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 12

Bhí uamhan air ag siúl isteach an dorais dó ach, nuair a bhí sé istigh, ní raibh eagla ar bith air. Sé an grá, an gáire agus an tsíocháin a mhothaigh sé timpeall air. Is minic nach gcuireann an focal Ospís i gceann do dhaoine ach an bás agus an easpa dóchais. Is iomaí duine eile a fuair amach nach áit an bháis amháin í an Ospís, ach áit don beatha agus don dóchas.

25/08/2011 12:26


Timire

Na hothair a tagann chuig an Ospís, bíonn galair orthu nach bhfuil leigheas i ndán dóibh, agus gheobhaidh siad bás sa deireadh thiar thall. Sé fealsúnacht na hOspíse fáilte a chur roimh dhaoine agus a dteaghlaigh, agus cuidiú leo maireachtáil go maith agus dea-bhás a fháil. Bíonn foireann mhór de dhith le cúram maith a thabhairt do na hothair, idir dhochtúirí, altraí, theiripeoirí d’achan sórt, agus muidinne na séiplínigh ina measc. Tá an fhoireann riaracháin agus na hoibrithe deonacha thar a bheith tábhachtach fosta. Is bréa liom mo cuid oibre san Ospís cé go mbíonn sé iontach brónach ó am go chéile. Mar shéiplínigh cuireann muid aithne ar dhaoine, ar dhóigheanna atá níos tábhachtaí ná na lipéid a bhíonn á gcaitheamh againne, an fhoireann. Tráthnóna amháin, bhuail mé le Peadar, a bhí ina bhall de Bhráithre Plymouth, agus tamall ina dhiadh sin le Liam a bhí ina Chaitliceach. Ta bearna mhór idir an dá chreideamh, agus ar ndóigh bhí an beirt acu amhrasach fúmsa. Ach ba iontach an t-eispéireas dom bualadh leo. D’admhaigh siad go raibh brón orthu bheith ag scaradh lena muintir ach bhí siad beirt lán múiníne go

13

raibh Dia ina gcuideachta, go raibh siad i lámha Dé agus go mbeadh ar feadh na síoraíochta. Sa dá chás ghuigh muid le chéile. Ní bhíonn an saol chomh simplí ag achan duine. Rinne gaol i bhfad amach dá cuid éigniú ar Josephine agus í óg. Nuair a fuarthas torrach í, chuir a teaghlach ó dhoras í, agus bhí uirthi a leanbh a thabhairt uaithi i ndiaidh na breithe. Bhí a thionchar sin ar a saol ar fad, agus bhí eagla uirthi faoi cad é a bhí i ndán di i ndiaidh a báis. B’fheidir go ndiúltódh Dia dí, faoi mar a rinne a hathair féin? Thuig sí, de réir a chéile, go raibh grá gan choinníoll ag Dia di, agus go gcuirfeadh sé fearadh na fáilte roimpi. Thosaigh sí ag labhairt faoin leanbh a thug sí uaithi. Cé go ndéanadh sí cuimhne air, ar laethanta breithe riamh anall, bhí sí ag iarraidh a cuid mothúcháin a chur i bhfocail. Shocraigh muid ar litir a scríobh, cé nach bhfeicfeadh a mac í choiche. Bhí Josephine ró-lag leis an litir a scríobh ach bhreac mise síos a cuid focal agus shínigh sí í. Ba iontach an leigheas agus an sásamh a thug sé sin di. B’fheidir nach ionad leighis don chorp atá san Ospís, ach tá mé cinnte de gurb áit í a mbíonn leigheas ar fáil don spiorad. *Ainmneacha bréige go léir, tríd síos

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Dheireadh Fómhar 2011 Ar son na ndaoine le tinneas gan leigheas i ndán dóibh, go dtuga creideamh i nDia agus grá daoine eile tacaíocht dóibh ina gcuid fulaingtí.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 13

25/08/2011 12:26


14

Timire

Caoga Bliain Viatores Christi

Le Sally Roddy

Bhí Marian Farrell, múinteoir bunscoile as Bré, Contae Chill Mhantáin, ag obair in Kiltale i gCéinia

Nuair a smaoinímíd ar mhisinéirí, go minic is sagairt agus mná ríalta a thagann chun cuimhne. Ach is iomaí gnáth-Chríostaí tuata a thugann a aghaidh ar na misin freisin, agus bíonn na daoine seo le fáil ar fud an domhain, áit ar bith a bhfuil gá leo. Go deimhin, faighimíd go léir, idir chléir agus tuata, an glaoch misinéireachta mar chuid dár mbaisteadh, cé nach dtéann gach aon mhisinéir thar lear.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 14

Sa lá atá inniú ann, is iomaí rogha atá ann do dhaoine ar mian leo a scileanna agus a gcuid ama a chaitheamh ag cabhrú le bochtáin i dtíortha neamhfhorbartha. Chuir Viatores Christi (VC) tús le hobair dheonach i dtíortha bochta thar sáile, siar sa bhliain 1960, agus tá ag éirí go breá leo caoga bliain ina dhiaidh sin. Mic léinn ó Choláiste na hOllscoile Bhaile Atha Cliath a bhunaigh an eagraíocht Chaitliceach seo do mhisinéiri tuata.

25/08/2011 12:26


Timire Bhí siad féin ag obair ar bhonn deonach ag an am, le linn a laethanta saoire, ach chonaic siad gur mhó an chabhair agus gurbh éifeachtaí an tseirbhís tréimhsí níos faide a chaitheamh thar sáile. D’fhás Viatores Christi go tapa mar thug sé deis do ghnáthdhaoine a gcreideamh agus a scileanna a úsáid go praiticiúil ag obair agus ag cabhrú le daoine bochta ar fud an domhain. Sna caoga bliain ó bunaíodh VC, chuaigh níos mó ná dhá mhíle misinéir tuata go 48 tír ar fud an domhain agus é mar aidhm acu tionchar dearfach fadsaolach a imirt ar shaol na ndaoine iontu, chomh maith le cúnamh deimhneach a thabhairt dá bpobail. Ní bhíonn tionscnaimh dá gcuid féin ag Viatores Christi. Ní thugann siad bia ná airgead, ach cuireann siad daoine le scileanna éagsúla ar fáil, de réir mar is gá – mar shampla, do mhisinéirí Éireannacha, do dheoisí, do pharóistí áitiúla agus d’eagraíochtaí forbartha eile. Sa bhliain 2011, tá gá fós ina lán áiteanna ar fud an domhain le daoine a bhfuil fonn orthu dul agus obair a dhéanamh ar bhonn deonach. Mar shampla, tá beirt fhear óg, Rónán Sharpley ó Chontae Liatroma agus Daniel Ferguson ó Dhoire ag obair in El Salvador. Is innealtóir é Rónán, agus tá Daniel cáilithe san Fhaisnéis Teicneolaíochta (IT). Tá Helen Flaherty ó Bhaile Átha Cliath ag traenáil ceannairí i gCúram Leanaí sa tSaimbia. Tá Brendan Beirne, Liatromach eile, i mbun Coláiste a thógáil in Uganda in éineacht le Stephen ó Gaillimh, atá ag déanamh obair cuntasóireachta san áit chéanna. Tá beirt bhall den eagraíocht ag obair faoi láthair in Háití, Gena Heraty ó Cho. Maigh Eo

15

agus Liz Lawne ó Thír Chonaill. Tá Gena mar cheannaire ar an obair le páistí le riachtanais speisialta, agus is múinteoir ealaíona í Liz. Bhí Gena agus ball eile de VC, Maeve Bracken, ó Chlóirtheach, Co Uíbh Fhailí, in Háití nuair a rinne an crith talún scrios uafásach ar an tír an bhliain seo caite. Is í Eithne Lynch, dlíodóir óg ó Bhaile Átha Cliath, an ball is déanaí den eagraíocht le dul ar misean. Beidh sí ag obair le hEagraíocht Dlíodóirí Baineanna sa Tansáin. Agus é ag labhairt ag aifreann speisialta don Iúbhaile Órga, mhol an tArd-Easpag Diarmaid Ó Máirtín an Eagraíocht go mór as ‘idéalachas na hóige’ a spreagadh le leathchéad bliain. San lá ata inniú ann, tá géarghá le misinéirí tuata, atá oilte, díograiseach, cróga. Tá Viatores Christi ag lorg lucht leighis, múinteoirí, ceardaithe, riarthóirí, rúnaithe, lucht IT nó duine ar bith eile atá oilte chun cur ar chumas daoine cabhrú leo féin — sin aidhm Viatores Christi. Tá cúrsa páirtaimsire traenála (sé dheireadh seachtaine) á chur ar fáil ag Viatores Christi do dhaoine a bhfuil suim acu glacadh leis an dúshlán seo. ‘Tá deathionchar ag obair dheónach ar an té a ghlacann leis’, arsa Pádraig Ó Mothlacáin (Longfort), ball de Viatores Christi a chaith na blianta ag tógáil ospidéal in Háití. ‘Feabhsófar agus daingneófar an t-óglach deonach mar dhuine fad a shaoil nó a saoil — ná lig an seans tharat’, arsa Pádraig. Le breis eolais a fháil, glaoigh ar Colette Ní Rúnaigh ag 01-868 9986 nó cuir ríomhphost chuig: colette@viatoreschristi.com

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Dheireadh Fómhair 2011 Agus Domhnach na Misean á cheiliúradh acu, go raibh croí mór ag Pobal Dé don Soiscéalú agus go dtuga siad tacaíocht d’obair na misean.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 15

25/08/2011 12:26


16

Timire

Aintíoc i mBéal Feirste Le Milène Ní Fhaogáin

Tá Eaglais Cheartchreidmheach bunaithe i mBéal Feirste le sé bliana anuas. Bhuail Milène Ní Fhaogáin leis an Athair Irenaeus atá i mbun na heaglaise. Bhí a fhios aici gur eaglais Cheartchreidmach de chuid Aintíoc (Antioch – nó Antuaigh i bhFoclóir Uí Dhuinnín!)) a bhí inti. Baineadh siar aisti nuair a fuair sí amach gur fear as an Afraic Theas atá san Athair Irenaeus. Ní hé sin amháin, ach tá scéal iontach suimiúil aige féin agus ag a bhean Genevieve.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 16

Ba dhlíodóirí cáilithe iad beirt, agus saol iontach compórdach acu, ina gcónaí cois farraige san Afraic Theas. Bhí rúdaí ag dul go fíor-mhaith dóibh go dtí gur tháinig iompú radacach spioradálta orthu agus iad ina lár-thríochaidí. D’fhág siad achan rud ina ndiaidh, agus d’fhreastail siad ar chliarscoil go ndearnadh ministrí Preispitéireacha Soiscéalacha díobh. Ar feadh na mblianta, d’obair siad le muintir na hEaglaise Preispitéirí, agus reachtáil ceardlanna spioradálta, agus thug léachtanna diagachta.

25/08/2011 12:26


Timire Ach d’éirigh siad míshocair iontu féin. Mhothaigh siad go raibh rud in easnamh ar an chreideamh a bhí acu. Nuair a chonaic siad na scoilteanna in eaglaisí an Reifirméisin Phrotastúnaigh, chreid siad go raibh orthu stair an Chreidimh Chríostaí a iniúchadh ó aimsir an Tiomna Nua ar aghaidh. I ndiaidh dóibh dianstaidéar a dhéanamh ar an cheist, mhothaigh an bheirt acu gur cheart dóibh dul isteach san Eaglais Cheartchreidmheach, agus roghnaigh siad traidisiún Aintíoc. Rinneadh sagart d’Irenaeus, agus tá a bhean go hiomlán tiomanta do mhisean na hEaglaise. Deir Irenaeus féin gur ghlaoigh Dia air teacht go Béal Feirste le heaglais a bhunú ansin. Nuair a tháinig siad an chéad lá, d’aimsigh siad comhthionól beag de dheichniúr, ar a raibh sagart aosta ón Rúis. Bhí an séipéal Rúiseach seo suite i halla thuas staighre idir dhá theach tábhairne de chuid na ndílseoirí i gceantar dainséarach Bhóthar Chaisleáin Riabhaigh. Bhí sé sin iontach crua orthu, mar níor aithin na comharsana aon difear idir mná rialta Ceartchreidmheacha agus Caitliceacha! Cad é a mheall an lanúin seo ón Afraic Theas, nó a mheall duine ar bith eile, i dtreo an cheartchreidmheachais? Tá an-bhéim ar thábhacht agus ar mhaorgacht an Liotúirge in Eaglaisí an Oirthir. Creideann na hOirthirigh gur rud é an Liotúirge Diaga a mhaireann taobh amuigh den am agus den domhan. Creideann siad go

17

bhfuil gach aon duine a ghlacann páirt sa liotúirge i Ríocht Dé cheana féin, i bpáirt leis na Naoimh agus le hAingil Dé. Mar sin de, bíonn tábhacht shiombalach ag gach aon rud sa tseirbhís, mar shampla na híocóin; na beannachtaí a dhéanann siad tríd na seibhísí uile; úsáid na túise, etc. Bíonn Dia agus mistéir an chreidimh i láthair ar an uile dhóigh. Maireann na seirbhísí ar a laghad uair go leith, agus go minic i bhfad níos mó ná sin, ach bíonn gach aon duine sásta bheith i láthair, mar tá siad i Ríocht Dé. Tá an-saibhreas ceoil acu. Bhí ar mhuintir Bhéal Feirste tosú agus ocht dton (tone) éagsúla a fhoghlaim, agus gach aon cheann acu níos casta ná a chéile. Baineann siad úsáid as na toin seo leis na sailm agus na paidreacha uile a chanadh. Ciallaíonn sé go bhfuil an-éagsúlacht sa liotúirge ó Dhomhach go Domhnach nuair nach mbíonn an ton céanna á úsáid ach uair amháin gach cúpla mí. Tá ceol na dton seo fréamhaithe i dtraidisiún iontach ársa a théann i bhfad siar. Ba é an leanúnachas creidimh a mheall an tAthair Irenaeus agus a bhean i dtús báire agus aithníonn siad macalla den leanúnachas sin sa cheol traidisiúnta. Inniu tá séipéal acu ar Bhóthar Aontroma ina bhfuil pobal beag acu atá ag fás go fóill. Cuirtear fáilte roimh chách freastal ar sheirbhís chun tuiscint níos fearr a fháil ar na hEaglaisí Oirthearacha agus ar an traidisiún ársa maorga atá acu.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí na Samhna 2011 Go gcuirtear eolas agus meas ar na hEaglaisí Oirthearacha mar thaisce spioradálta don Eaglais ar fad.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 17

25/08/2011 12:26


18

Timire

Beatha úr in aimsir chogaidh Le David O’Hare

I dtíortha bochta an domhain, nuair nach mbíonn síocháin ann, is iad na daoine is lú cumhacht a bhíonn thíos leis. Le fiche bliain anuas tá an tSomáil i ndiaidh a bheith stróicthe as a chéile ag an fhoiréigean, agus tá na milliúin duine sáite sa bhochtanas agus gan seirbhísí riachtanacha acu. Deirtear gur mó an

2011_TIMIRE Special Edition.indd 18

baol do mhná atá i mbreith linbh ná sa chogadh féin. Tá Trócaire i ndiaidh cúig ionad sláinte agus trí otharlann a mhaoiniú i gceantar Gedo sa tSomáil thiar-theas. Chomh maith leis sin, chuidigh airgead a fuair Trócaire ó mhuintir na hÉireann le traenáil

25/08/2011 12:26


Timire a thabhairt do dhá chéad oibrí sláinte Somálacha i scileanna tarrthála. San obair seo uile chonaic siad go raibh géarghá le scéim chun dul i gcabhair ar mhná a bhí ag breith. Is gnáth le mná na Somáile an leanbh a thabhairt ar an saol sa bhaile, gan cabhair ó dhochtúirí nó ó bhanaltraí. Faigheann leanbh nua-bheirthe as gach céad bás, agus faigheann 20% diobh siúd a thagann slán bás roimh a gcúigiú breithlá. Bíonn na máithreacha féin i mbaol mar faigheann duine as gach céad acu bás agus iad ag iompar clainne. Tá an tacaíocht seo ó Trócaire i ndiadh difríocht mhór a dhéanamh i saol Asha Barre Ahmed (33 bliain), a bhfuil cónaí uirthi i sráidbhaile beag in Gedo darb ainm Bellet Amin. An bhliain seo chuaigh thart, thug sí leanbh beag ar an saol agus í léi féin sa bhaile. Níor tháinig an ghirseach bheag slán. Chuaigh an tragóid seo go mór i bhfeidhm ar Asha, agus nuair a bhí sí ag súil i mbliana, bhí si leagtha amach ar na seirbhisí ab fhearr aici a fháil. Nuair a tháinig na pianta breithe uirthi i lár na hoíche, ghlaoigh sí ar na comharsana teacht i gcabhair uirthi. Bhí a fear féin as baile, ach d’imigh comharsa faoi dheifir le cairt asail a fháil le í a thabhairt chuig an ospidéal máithreachais. De dheasca an chogaidh, ní bhíonn feithiclí ar bith ar na bóithre san oíche agus ní bhíonn modh iompair ar bith eile ar fáil ach amháin an chairt asail. Nuair a bhain Asha an otharlann amach is altra ar thug Trócaire traenáil

19

di a bhí ag fanacht léi. Níorbh fhada gur thug Asha buachaill láidir folláin ar an tsaol. Toisc go raibh sí san otharlann, bhí cosaint aici ar na fadhbanna sláinte eile a bheadh ag bagairt uirthi sa bhaile. I ndiaidh na breithe tugadh breiseán cothaithe d’iarann is vitimín A di i gcoinne anaemachta, agus tugadh comhairle di maidir le tábhacht beathú cíche. Fuair an leanbh beag vacsaíniú i gcoinne na heitinne agus polaimiailítis. Tabharfaidh sé seo seans maith dó teacht slán, agus é ina chónaí sa tSomáil, tír a bhfuil na rátaí vacsaínithe is lú ar domhan inti. ‘Bhí an-imní orm go gcaillfinn an babaí seo faoi mar a chaill mé an ghirseach anuraidh’, arsa Asha. ‘A bhuíochas do Trócaire, ní amháin go bhfuil teacht agam ar sheirbhisí sláinte ach bhí an chairt agus an t-asal ar fáil dom. Ach a bé gur chuir Trócaire an t-asal ar fáil bheadh orm fanacht go maidin, ní thiocfadh carr ar bith dom ag 3.00 ar maidin’. ‘Tá an tSomáil ar cheann de na tíortha is deacra ar domhan; níl rialtas ceart inti le seirbhísí a chur ar fáil do na daoine’, arsa Rosemary Heenan, bainisteoir ceantair de chuid Trócaire. ’Tá leibhéal ard foréigin ann agus bíonn daoine i gconaí i mbaol. Tá Trócaire lonnaithe sa tSomáil ó na luath-nochaidí, nuair is beag grúpa eile a d’fhan sa tír. Ba cheart go mbeadh muintir na hÉireann iontach bródúil mar téann an t-airgead a thugann siad do Trócaire i bhfeidhm go mór ar an chaighdeán beatha atá ag muintir na Somáile”.

Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí na Samhna 2011 Go dtuga Críost neart do mhór-roinn na hAfraice, cosán an athmhuintearais agus an chirt a leanúint faoi mar a léirigh Dara Sionad na nEaspag don Afraic.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 19

25/08/2011 12:26


20

Timire

Súil Siar

Parthalan Ó Cochláin SJ 1873 – 1954

1911 –

Eag. 1911

Láimhbheartach Mac Cionnaith SJ 1870 – 1956

Eag. 1912 – 1919

Risteard Mac Ualghairg SJ 1867 – 1923

Eag. 1919 – 1922

Micheál de Sál SJ 1884 – 1932

Eag. 1922 – 1928

2011_TIMIRE Special Edition.indd 20

25/08/2011 12:27


Timire

21

– 2011 NA HEAGARTHÓIRÍ

Cathal Scantalbuirí SJ 1894 – 1973

Eag. 1928 –1929, 1936 – 1949 Eoin Ó Riain SJ 1894 – 1973

Eag. 1929 – 1930

Micheál Ó Murchadha SJ 1894 – 1971

Eag. 1930 – 1931

Diarmuid Ó hAodha SJ 1896 – 1976

Eag. 1931 – 1936

2011_TIMIRE Special Edition.indd 21

25/08/2011 12:27


22

Timire

Seosamh Ó Muirthile SJ 1905 – 1984

Eag. 1949 – 1971 Diarmuid Ó Laoghaire SJ 1915 – 2001

Eag. 1971 – 1997

Seán Ó Duibhir SJ 1921 – 2007

Eag. 1975 – 1990 Connla Ó Dúláine SJ

Eag. 1997 – 1999

Alan Mac Eochagáin SJ

Eag. 1999 – Faoi Lathair

2011_TIMIRE Special Edition.indd 22

25/08/2011 12:27


Timire

23

FOIREANN NA LINNE SEO Caitríona Uí Chatháin Fionnuala Mac Aodha

Peigí Ní Dhurcáin Seán de Fréine

Bláthnaid Ó Brádaigh Milène Ní Fhaogáin

2011_TIMIRE Special Edition.indd 23

25/08/2011 12:27


24

Timire

Súil Siar

1911 –

Ó Aircív An Timire Iml. XI. Uimh. 1, 1921

Gobnait Bhaile Bhuirne Mír as Croinic Eoin Baiste Rinuccini, Teachtaire ón bPápa go hÉirinn Do seoladh Lisle ó Shasana i mí Feabhra na bliana so (1647) le fórsaí is lucht cogaidh go leor, chun cogadh do chur ar Chaitlicigh na Mumhan. Do chrom sé ar a chuid oibre i dtosach mí Mhárta agus do shroich sé chomh fada leis an mbaile sin Ceapach Choinn, ach do cuireadh an ruaig air as an áit sin agus do b’éigean dó é thréigean go luath. Bhí súil ag an Ard-Chomhairle roimhe sin go ndéanfadh sé siúd ionsaí ar Chluain Meala agus ar Chill Mocheallóg agus bhí troitheacha (saighdiúirí coise) agus eachra (capaill) agus ordnás acu i ngach ionad díobhsan ina chomhair. I mí Aibreáin do ghluais roinnt gasraí d’eachra na Parlaiminte amach as a n-ionadaibh agus chuardaíodar ceantar Chluain Meala, ach do chuir na Caitlicigh an rith orthu, do chaill an namhaid roinnt dá mhuintir agus b’éigean dó imeacht chun siúil.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 24

Ins an mhí chéanna san an Aibreáin, seo rud do chuir an Nuinteas (Nuncio) ina chroinic: ‘Do chuir na Sasanaigh 1,500 troitheach ó Chorcaigh go hArd Tuilithe le hintinn scriosadh do dhéanamh ar an cheárta a bhí ansiúd ag an Caitlicigh chun iarann do dhéanamh agus do leagadh. Nuair bhíodar ag triall ar an mball san do mhilleadar eaglais Ghobnatan, do ghoideadar a raibh i mbosca na déirce, agus do bhuaileadar go haithiseach dealbh an Naoimh. Ach do thit plá ar na saighdiúirí sin an oíche chéanna. Fuair fiche duine acu bás láimh leis an teampall naofa agus do cailleadh daicead duine eile acu ins na coillte agus ins na díoga sular shroicheadar ceann a riain. Tháinig an oiread sin scanradh ar an gcuid eile acu gur chuireadar díobh abhaile gan an obair do dhéanamh.’

25/08/2011 12:27


1921 Timire

2011

1921

Sin é brí scéil an Nuintis Ba leis an Tiarna ró-uasal Mac Finghín na ceártaí is na mianaigh iarainn sin, agus bhí ard-riachtanas lena saothar chun an cogadh a choimeád ar siúl ag na Caitlicigh, i gcás gur mhóide an mhíorúilt a rinne Dia dóibh trí bhua Ghobnatan. Seo rud eile ar fiú é chur síos. Caitliceach áirithe nach raibh cosaint ar bith aige ar fhoireann eiriceach a bhí chuige, ná aon chaoi aige ar éaló uathu;

2011_TIMIRE Special Edition.indd 25

25

chuir sé impí dhian ar Ghobnait chun é a shaoradh; chuala saighdiúir eiriceach an achainí , agus is é a dúirt sé ná: ‘Dar Dia, ní shaorfaidh aon Ghobnait tú ón gclaíomh seo’. Tharraing an saighdiúir a chlaíomh agus é ag rith faoi dhéin an fhir mhaith sin. Ach tháinig ar an láthair Caitliceach eile nach raibh aon choinne leis, agus chuir sé piléar in ascaill an aithiseora nuair bhí an claíomh beartaithe in airde aige, agus cailleadh é ar an bhfód sin.

25/08/2011 12:27


26

Timire

Súil Siar

1911 –

Ó Aircív An Timire Mí an Mheithimh 1925

Lá Cholmcille Brighid Ní Dhioráin, Fearann a’ Choirce, Árainn, a scríobh

Is iomaí Naomh a chaith seal dá shaol in Árainn Mhór – ag Dia amháin atá a fhios cé mhéad – agus tá grá agus meas ag muintir an oileáin seo ar gach duine de na naoimh seo. Tá laethanta áirithe leagtha amach acu chun onóir speisialta a thabhhairt do naomh éicint a chaith tamall dá shaol ar thalamh bheannaithe an oileáin uaignigh seo. Mar sin, glaoitear ‘Lá Cholmcille’ ar an naoú lá de Mheitheamh, agus bheirtear onóir faoi leith don naomh caoin seo an lá seo. Nuair a tháinig Colmcille isteach go hÁrainn ar dtús, ba ar chuairt

2011_TIMIRE Special Edition.indd 26

chuig Naomh Éinne a tháinig sé. Insítear scéal faoin chaoi ar thainig sé as Conamara go hÁrainn. Deirtear go bhfuair sé cloch mhór a bhí i gcruth capaill agus gur shnámh an chloch seo ar dhroim na farraige go dtí go dtáinig an Naomh i dtír i gCill Éinne – san áit atá ar an taobh thoir d’Árainn. Nuair a theagmhaigh cos an fhir naofa seo leis an talamh, d’éirigh tobar beannaithe aníos as an gcarraig, agus is go dtí an tobar so a théann chuile dhuine in Árainn, óg agus aosta, beag agus mór, an naoú lá de Mheitheamh. Dá luaithe dá mbeifeá id shuí an

25/08/2011 12:27


1925 Timire

2011

1925

mhaidin seo, d’fheicfeá na daoine ag dul soir go Cill Éinne, cuid acu ag siúl agus cuid ag marcaíocht ar chapaill. Chloisfeá an Ghaeilge bhinn bhlasta as béal gach duine acu, mar is í sin an teanga a labhraíonn muintir Árann de ghnáth. Nuair a shroiseann duine an tobar beannaithe, baineann sé de a a chuid bróga agus deineann sé an turas timpeall an tobair seacht n-uaire. Bíonn an Paidrín Páirteach á rá aige fad is a bhíonn sé ag siúl timpeall, agus feictear duit agus tú ag éisteacht leo, go bhfeiceann tú na paidreacha Gaelacha seo ag eitilt suas go dtí Cathaoir Ríoga

2011_TIMIRE Special Edition.indd 27

27

Dé agus go mbíonn Colmcille Naofa ag impí ar son na ndaoine a bhíonn dá onórú chomh mór sin. Téann sinne – gasúir na scoile – soir chuig an tobar beannaithe nuair a bhíonn an scoil thart, mar is mór an cion atá againn do Cholmcille. Is dóigh go mbíonn áthas ar Cholmcille Naofa ins na flaithis nuair a thagann a lá féin timpeall, mar a bhíonn orainne san oileán seo. Agus is fíor go bhfaigheann sé gach a dteastaíonn ó mhuintir Árann lena eadarghuí dóibh. Go mba fada a fhanfas grá agus omós i gcroíthe na ndaoine do Cholmcille Naofa.

25/08/2011 12:27


28

Timire

Súil Siar

1911 –

Mám Seod – Meán Fómhair Cnuasach beag de sheoda na Gaeilge atá i gceist le Mám Seod. Ina measc tá seanfhocail, rainn, leath-rainn agus ráitis oiriúnacha do gach séasúr sa bhliain a sheolann Dia na Glóire inár dtreo. Cnuasach beag de sheoda na Gaeilge a bhailigh daoine, ar nós an triúir thíos, atá sa Mhám Seod seo leanas.

Séasúr an Fhómhair

Meán Fómhair

1. An phunann a cheanglaítear sa bhFómhar, scaoiltear san Earrach í. 2. Ní lú sméar sa bhFómhar ná é. 3. Ní miste liom sioc sa bhFómhar ná é. 4. Fiach dubh Fómhair agus feannóg Earraigh. 5. Is práinneach an fear an Fómhar. 6. Chan obair Fómhair ag cur tonna i bpitir. 7. Titim an charlomáin ar an tráthnóna Fómhair. 8. Déan an Fómhar nuair a gheobhair an ghrian ard. 9. Níor tháinig Fómhar riamh ná tiocfadh Earrach ina dhiaidh a d’ íosfadh é. 10. Ní hiad na fir mhóra a bhaineann an Fómhar. 11. Rith na con tríd an mhónaidh an oíche Fómhair ag titim. 12. Gealach na gcoinleach an ghealach is gile sa bhliain.

1. Meitheamh an Fhómhair 2. Mí na Féile Michíl

2011_TIMIRE Special Edition.indd 28

Laethanta Áirithe An 15ú lá: Seacht nDólás na Maighdine Muire ‘A Naomh Mhuire, rug barr ar mhná na cruinne go léir, Is d’fhulaing an bás trí pháis do linbh ghil féin, Seasaimh im’ pháirt an lá úd i mullach an tsléibhe, M’anam id’ láimh, is beir slán thar Lucifer mé.’ (An tAthair Séamus Ó Leathlobhair) An 29ú Lá: Lá Fhéile Michíl 1. Samhradh beag na Féile Michíl (Samhradh na ngéanna) 2. An Aoine roimh Nollaig is an Aoine roimh Cháisc is an oíche roimh Fhéile Mhichíl, is ea cuimhníonn fear a’ bháis.

25/08/2011 12:27


1932 Timire

2011

29

1932

Ó Aircív An Timire An Fómhar, 1932

Mí an Fhómhair

Laethanta Áirithe

1. Deireadh Fómhair: Mí na Corónach Muire 2. Fuíoll Fómhair, baintear fataí. 3. Breac-luirgneacht Earraigh a rinne formadach Fómhair. 4. Pósadh an Fhómhair, scaoileadh an Earraigh. 5. Mura gcuireann tú san Earrach, ní bhainfidh tú sa bhFómhar. 6. Ní le lámha maithe a bhainfear an Fómhar. 7. Ní hiad na meathlaithe maithe a bhaineas an Fómhar. 8. Nuair a thiocfaidh lá Fómhair, éiríonn an cuidiú gann. 9. Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin. 10. ‘Tá mórgacht id chumhacht, a Dhia na bhFeart, Is tá lóchrann na glóire i do ghné gan sail, Mar do thóg sibh Iób as a chreimeadh cneá; In October go seola sibh mé ar mo leas.’ (Éamonn de Bhál)

1.

An Tríú Lá: Lá Fhéile an Bhláithín, Treasa Naofa. A Bhláithín naofa chaomhnaigh chaoin, A Phlúir na mbé, ‘s a chéile Chríost, A Róisín ghlé gan chlaon gan teimheal Guígh ar do thréad, déan réidh a slí. (Donnchadh Ó Liatháin)

2.

An 24ú Lá: Lá ’le Naomh Raphael. A Naomh Raphael, a aingil an leighis, Thug a radharc don tseanóir suairc Mise an t-othar truthair tinn; Tar faoi m’dhéin le cabhair go luath.” (An tAthair Séamus Ó Leathlobhair)

2011_TIMIRE Special Edition.indd 29

3. An 31ú lá: Oíche Shamhna Aon oíche déag is oíche gan áireamh Ó Oíche Shamhna go hOíche ’le Mártain

25/08/2011 12:27


30

Timire

Súil Siar

1911 –

Ó Aircív An Timire

An tAthair Mícheál de Sál SJ Rugadh an tAthair Mícheál de Sál i nDroim Conrach i gContae na Mí in 1884 agus chuaigh sé isteach i gCumann Íosa in 1908. Ball gníomhach díograiseach de chuid Chonradh na Gaeilge a bhí ann agus chaith sé cúig bliana ina eagarthóir ar An Timire. Cé gur Gael go smior a bhí ann, tugadh mian a chroí dó sa bhliain 1930 nuair a cuireadh chun na Síne é mar bhall den mhisean Éireannach chun na tíre sin. Fuair sé bás go tobann den chalar (cholera) taobh istigh de dhá bhliain agus cuireadh é i gCanton na Síne.

“Thug an tAthair Mícheál de Sál a chúl ar Inis aoibhinn Ealga agus a aghaidh ar an mbóthar fada a shíneann soir gan sos go sroicheann sé tír sin na n-iontas – an tSín”

2011_TIMIRE Special Edition.indd 30

25/08/2011 12:27


1932 Timire

2011

31

1932

Comhleacaí leis an Athair Mícheál, a dtugann “S” air féin, a scríobh an t-aitheasc seo leanas ar a chara nuair a fuair sé bás.

Níl dhá bhliain caite fós ó thug an tAthair Mícheál de Sál a chúl ar Inis aoibhinn Ealga agus a aghaidh ar an mbóthar fada a shíneann soir gan sos go sroicheann sé tír sin na n-iontas – an tSín. Is é an rud a bhí ón Athair Mícheál ná na blianta fada a chaitheamh ann ag bailiú fómhair mhóir isteach in iothlainn Dé – ‘Rud mór a dhéanamh ar son Chríost’, a deireadh sé féin. An chéad lá de Mheitheamh na bliana seo 1932, scríobh sé chuig cara leis in Éirinn á rá go raibh an tsláinte go rímhaith aige, nach raibh sé riamh níos fearr, go raibh a dhóthain oibre le déanamh aige – ag múineadh an Bhéarla agus na Fraincise sa scoil i gCanton agus ag foghlaim na Sínise. Bhí sé in ainm an Teagasc Críostaí a mhúineadh trín tSínis agus faoistin a éisteacht san ArdEaglais, agus bhí súil aige nárbh fhada go mbeadh sé ag tabhairt seanmóirí do na Sínigh. Ní mar a shíltear bítear, áfach. Fuair an tAthair de Sál bás ar an 21ú Meitheamh. Tháinig an galar dubh an calar is d’fhuadaigh sé leis go grod ár sagart groí. Ní raibh sé ach 48 mbliana d’aois. Dúnaim mo shúile agus gabhaim ar ais ar bhóithrín na smaointe. Tá an

2011_TIMIRE Special Edition.indd 31

Ghaeltacht os mo chomhair arís – Cobha Rubhach, Dún Aonghusa, Com an Chiste; Baile na nGall. I ngach áit díobh agus ina lán áiteanna eile, chím é. É go ciúin, dáiríre, mar ba ghnách leis, ach ciúin gan a bheith gruama, dáiríre gan a bheith dúr, agus é lánsásta toisc é a bheith i measc Gaeilgeoirí. Ba gheal leis a bheith ag obair ar son na Gaeilge agus ní dhearna sé riamh aon dá chuid dá dhícheall. Fad is a bhí sé i mbun An Timire, bhí cúis an Chroí Ró-Naofa á cur chun cinn aige trí Ghaeilge agus thaitin sin go mór leis. Ní raibh a anam uasal sásta áfách. Bhí sárobair á déanamh aige, ar ndóigh, ach níor leor leis é. Theastaigh uaidh ‘rud mór a dhéanamh ar son Chríost’. Theastaigh uaidh íobairt a dhéanamh ar son an Chroí Ró-Naofa. Fuair sé a mhian. ‘Táim le dul go dtí an tSín faoi dheireadh’, a scríobh sé, mí Lúnasa 1930. ‘Faoi dheireadh!’ Sea, bhí sé ag feitheamh leis an ordú agus b’fhada leis go dtiocfadh sé. Ba mhór a ghrá dá thír – ba mhó ná é a ghrá do Chríost. Tá cara imithe uainn, cara cineálta, dílis, agus ní scarfaidh an dobrón go luath linn. Solas na bhFlaitheas dá anam! “S”

25/08/2011 12:27


32

Timire

Súil Siar

1911 –

Ó Aircív An Timire Mí an Mhárta 1945

Trá na Maighdine Brian Ó hUiginn

Insítear scéal i gContae Chorcaí i dtaobh na Maighdine Muire, ach níl fhios ag éinne cad é an bun atá leis. Sé rud a deirtear ná go raibh Máthair Dé ag siúl tráthnóna fada ó shin, ar an trá ag Inse Domhnaigh, atá in aice le Cloich na Coillte. Bhí bád agus mairnéalaigh ann amuigh ar an gcuan agus iad ag druidim le tír. Tráthnóna álainn samhraidh a bhí ann – ‘tráthnóna gréine buí’ – gan néal ar an spéir agus gan corraí ins an uisce. Chonaic na mairnéalaigh an bhean óg álainn ag siúl léi féin ar an trá. Fir gharbha a bhí iontu agus iad go drochmhúinte, agus b’fhéidir cuid mhaith uisce beatha ólta acu. Pé scéal é, thugadar tarcaisne agus masla don Mhaighdean mhaisiúil, agus chromadar ar bheith ag argóint lena chéile mar gheall uirthi, agus ag rá

2011_TIMIRE Special Edition.indd 32

rudaí nár mhaith le fear múinte a rá le bean ar bith, gan trácht ar Mhuire Mháthair Dé. Agus ansin, tharla rud iontach uafásach. Go tobann, tháinig néalta dubha thar an spéir, agus d’éirigh an fharraige go fíochmhar, fiáin, feargach. Tháinig sceon i gcroíthe na bhfear agus dheineadar a ndícheall iad féin a shábháil, ach d’éirigh na tonnta móra mar shléibhte uisce os a gcionn; briseadh an bád i smidiríní agus bádh gach duine díobh! Chomh tobann agus a tháinig, d’imigh an stoirm, agus bhí an tráthnóna chomh ciúin geal grianmhar is a bhí leathuair a chlog roimhe sin. Tásc ná tuairisc ar na fir ní raibh le fáil ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann. Trá na Maighdine a thugtar ar an áit sin riamh ó shin.

25/08/2011 12:27


1945 Timire

2011

33

1945

Shean-Phaidreacha Maighréad Ní Mhurchadha do bhailigh Go mbeannaí Dia dhuit, a Phaidir Gheal, Go mbeannaí Dia is Muire dhuit. Cár chodail tú aréir? Mar ar chodail Mac Dé. Cá gcodlóidh tú anocht? Mar ar chodail na boicht. Cá gcodlóidh tú amárach? Mar a gcodlóidh Pádraic. Cé sin romhat? Tá, na haingil. Cé atá i do dhiaidh? Tá, na haspail. Cé atá ar do ghualainn dheas? Corp Chríost.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 33

Naoi n-umar uisce an Domhnaigh a chuir Muire liomsa go dtí an teach úd thall Fleasc óir faoina ceann Bríd agus a brat Muire agus a Mac Mícheál agus a sciath Dhá lámh gheala ghlégheala ag cumdhach m’anama Nach mairg A chruth, nach mairg A chreat Dul ar an gcnoc úd thall Ag éisteacht leis an gclog binn á bhualadh faoi bhun an chrainn. Blaosc A chinn ag dul faoin gcré Brat óir cónra cláir.

25/08/2011 12:27


34

Timire

An Timire faoi chúram Chuallacht Mhuire gan Smál Le Peigí Ní Dhurcáin Tháinig Cuallacht Mhuire gan Smál le chéile den chéad uair ar an 14 Aibreán 1916 i Sráid Ghairdinéir i mBaile Átha Cliath. Ba thoradh í ar Chúrsa Spioradálta ceann seachtaine le haghaidh Gaeilgeoirí a tionóladh i bPáirc Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath, 29-31 Eanáir na bliana sin. Bá é an tAthair Micheál Mac Craith SJ a thug na léachtaí ar an gcúrsa sin, agus a bhí ina Athair Stiúrthóir ar an gCuallacht nua. Toghadh Micheál Ó Buachalla, Innealtóir na Cathrach, mar Uachtarán, Tomás Ó Muirgheasa mar Chisteoir agus Micheál Ó Colmáin mar Rúnaí. Is fir amháin a bhí sa Chuallacht i dtosach. Tháinig na mná isteach dhá bhlian ina dhiaidh sin. Tá liosta againn de dhá scór eile a bhí ag an gcruinniú thuasluaite i Mí Aibreáin. De bharr Éirí Amach na Cásca, ní raibh an dara cruinniú go dtí Mí Mheán Fómhair 1916. Bhí cuid maith de na fir pairteach san Éirí Amach. Bhí beirt nár thainig slán: Ó Rathaille a maraíodh seachtain na Cásca agus Piaras Mac Cana a fuair bás i bpríosún.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 34

I rith an ama seo bhí An Timire á fhoilsiú ag oifig an Messenger i Sráid na Danmhairge, ó 1911. Is iomaí iris agus páipéar de gach cinéal a bunaíodh sa tír seo ó 1911. Caitheadh airgead agus allas leo, ach sa deireadh b’éigean dá bhformhór géilleadh do neamhshuim an phobail. Ach d’éirigh leis An Timire maireacháil; agus lean sé dá chuid oibre, obair Dé. Sna tríochaidí rinneadh míosacháin den Timire, agus mhair sé mar sin ar feadh ceithre bliana. Ansin tháinig an Dara Cogadh Domhanda agus blianta an ghanntanais. Ba dheacair páipéar a fháil, agus an méid a bhí ann bhí sé gan mhaith. Ní raibh mórán trácht ar an nGaeilge ach gach éinne ag caint ar chúrsaí bia nó éadaigh, ar Hitler, agus Churchill agus Stalin. Ach lean An Timire beag go ciúin ag fógairt shíocháin Chríost. Ag deireadh an chogaidh bhí An Timire in ísle brí, is fíor, ach um an taca sin bhí neart irisí eile in éag ar fad, a bhíodh teann tráth. Tháinig na caogaidí agus casadh na taoide. Bhí sé de phribhléid ag Craobh

25/08/2011 12:27


Timire

Aspalacht na hUrnaí de Chuallacht Mhuire teacht i gcabhair ar an dream beag dilís a bhí i mbun An Timire in oifig an Messenger, nuair a cheap siadsan go mbeadh orthu deireadh a chur leis an bhfoilsiú. Faoin am seo bhí sagart óg, an tAthair Séamus Mac Amhlaoibh SJ tagtha mar Athair Stiúrthóir ar an gCuallacht. Bhí sé lán de dhíograis don Ghaeilge agus tuiscint aige do Aspalacht na hUrnaí agus d’oibreacha aspalda eile. Chuir sé eagar ar obair an mhisin, agus chuir é faoi chúram chraobh faoi leith den Chuallacht, Craobh Pádráig. Rinne sé an rud céanna leis an obair ar son na mbocht, sé sin Craobh Lughaidh, a bhí ag comhoibriú le Craobh Móibhí de Chumann Naomh Uinseann de Pól. Bhí Cáit Bean Mhic Chaisín i mbun na Craoibhe seo Lughaidh ar feadh i bhfad, agus Móna Bean Mhic Gearailt i mbun Chraobh Pádraig. Mí Dheireadh Fomhair 1947 a tháinig Craobh Aspalacht na hUr-

35

naí le chéile den chéad uair, chun an Aspalacht a chur ar aghaidh i measc phobal na Gaeilge. Ba é Ciarán Ó Sabhaois – an tAthair Ciarán OCSO anois – an chéad Uachtarán, agus Bríd Ní Uallacháin (Ó Súilleabáin), a bhí ina Rúnaí. Rinne Gilbert Mac an Bhaird obair an Chisteora. Ina óige bhí Gilbert ag obair sa Roinn Airgeadais le Proinsias Ó Duibh (Frank Duff ), bunaitheoir Léigiún Mhuire. Ní raibh ach cúig chóip fichead, nó mar sin, den Timire ar díol i mí Eanáir 1950 nuair a thóg an chraobh an obair orthu féin. Rinne siad, agus na Cuallaithe go léir, sárobair bolscaireachta. Bhí tóir ar 125 cóip in mí Feabhra; 250 i mí Bealtaine; 300 i mí Mheithimh; 660 de eagrán an Fhómhair; agus 1,000 cóip don Nollaig. Scilling an síntiús bliana a bhí air agus an postas san áireamh. I lár na seascaidí bhí An Timire ag dul isteach sna meanscoileanna i mbeartanna móra. Bhí an cháil ag an gclochar i gCarraig na Siúire go raibh siad ag fáil níos mó cóipeanna ná scoil ar bith eile

An Timire 1911 – 2011 Beidh fáilte romhat bheith linn agus céad bliain An Timire á cheiliúradh againn i dTeach na gCairmilíteach, Avila, Ascaill Bloomfield, Bóthar Morehampton, Baile Átha Cliath 4, Dé Sathairn an 24ú Meán Fómhair Beidh Aifreann ag a haon a chlog (1.00pm) agus lón ina dhiaidh. RSVP: An Timire, 37 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, nó glaoigh ar Bhláthnaid (01) 285 4225 nó ar Pheigí (01) 832 5138 roimh 17ú Meán Fómhair.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 35

25/08/2011 12:27


36

Timire

Ó chlé: Séamus Ó Súilleabháin, Uachtarán Chuallacht Mhuire gan Smál sna seascadaí. Peigí Ní Dhurcáin, Craobh Aspalacht na hUrnaí agus Cáit Mhic Caisín, Craobh Lughaidh - craobh na mbocht. Art Ó Riain agus a bhean Máiréad.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 36

25/08/2011 12:27


Timire

37

Stair Aspalacht na hUrnaí in Éirinn. Ní raibh ach áit amháin a raibh beart níos toirtiúla á sheoladh chuige – go Béal Feirste. Ba shampla dúinn go léir díograis lucht na hAspalachta sa chathair sin. Craobh eile a bhain leis an gCuallacht ná Craobh Adhamhnáin, a bunaíodh in 1951. D’fhreastail sé sin ar an gCuallacht trí mheán na foilseoireachta. Is as sin a d’fhás Foilseacháín Ábhair Spioradálta in 1957. Is iad Art Ó Riain, Michéal Ó Conchubhair, Breandán Mac Giolla Coille, Seán Mac Gearailt agus Fil Nic Liam (An tSiúr Seosamh Emmanuel) a bhíodh ag obair sa chraobh seo. Suaimhneas síoraí dóibh go léir. Bhí Craobh Phapain i mbun ceol eaglasta ag cruinnithe na Cuallachta. B’iad Míne Ní Leighléis (Uí Chribín), Tomás Ó Donnagáin agus Carmel Ní Uiteacháin cuid de bhaill na craoibhe seo. Is í Craobh Mhuire Cúis ár nÁthais a d’fhéach i ndiaidh gnáthriachtanais na Cuallachta – an tinreamh, cúrsaí spioradálta iata, agus an misean poiblí do Ghaeilgeoirí. Is iad a chuir na hócáidí ceiliúrtha ar siúl don chuallacht. Craobh Mhuire Mháthar an chraobh ab óige den Chuallacht. D’fhreastail siad ar na banchuallaithe a bhí pósta agus nach raibh in ann, de bharr cúraimí clainne agus teaghlaigh, teacht go tráthrialta chun gnathchruinnithe na Cuallachta.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 37

Mic léinn Íosánacha ba ea iad na baill tosaigh d’Aspalacht na hUrnaí. Bhí siad lán de dhíograis chun glóire Dé agus obair na hEaglaise, agus b’fhada leo go mbeidís ag obair ar mhisean i measc na bpágánach. Nuair a tháinig mífhoighne orthu le fad na mblianta staidéir a bhí le deánamh acu, threoraigh an tAthair Spioradálta a bhí orthu a ndíograis isteach i sruth na hUrnaí mar a mhol an Pápa Leon XIII. Thaispeáin sé dóibh nár ghá fanacht le hoirniú le bheith ina misinéirí, go bhféadfaidís cabhrú go cumasach leis na misin gan a dtír féin a fhágáil. Gach Pápa ó shin, bheannaigh siad an Aspalacht agus shaibhrigh í le loghanna luachmhara. Aspalacht na hUrnaí an chéad obair eaglasta a thogh an Pápa Pól VI chun a bheannacht aspalda a bhronnadh air. Dúirt an Pápa Pius XII nach mbeadh obair Aspalacht na hUrnaí críochnaithe go dtí go mbeadh gach Críostaí ina bhall di, ag ofráil briathra, gníomhartha agus smaointe an lae, in aontacht leis an Aifreann, do Chroí Ró-Naofa Íosa trí Chroí Ró-Gheanmnaí na Maighdine Muire. As Tuar Mhic Éadaigh i gCo. Mhaigh Eo do Pheigí Ní Dhurcáin. Bhí sí ina múinteoir scoile Náisiúnta. Thosaigh sí ag glacadh páirte i gCraobh Aspalacht na hUrnaí in 1956, agus tá sí i mbun oibre go fial díograiseach ó shin. I stair ‘An Timire’ níl duine ar bith is mó a bhfuil ár mbuíochas uile tuillte acu.

25/08/2011 12:27


38

Timire

Aoire ár n-anama An tAthair Séamus Mac Amhlaoibh SJ (1912 – 1995)

Le Míne Bean Uí Chribín

Chláraíomar mar bhaill de Chuallacht Mhuire in 1949, go leor againn ón Státseirbhís agus ó oifigí eile ins an ardchathair, agus chuir an tAthair Mac Amlaoibh fáilte romhainn. Mhínigh sé dúinn aidhmeanna na Cuallachta, agus go rabhamar ann chun ár n-anam féin a naomhú agus chun anamacha eile a thabhairt linn faoi ghrásta Dé agus faoina threoir. Aoire ár n-anama ba ea an tAthair Mac Amhlaoibh. Daoine inphósta i gcoitinne a bhí ionainn, agus roinnt eile a raibh glaoch ó Dhia acu don mhainistir nó don chlochar nó don tsagartóireacht. Oide faoistine den scoth a bhí ann. Ní raibh aon cheist choinsiasa rómhór ná róbheag dó, agus shílfeá air i gcónaí nach raibh aon ghlaoch ag éinne eile air, ach

2011_TIMIRE Special Edition.indd 38

tú féin. Níl fhios agam conas ar chuir sé an t-am i leataobh dúinne gach Satharn, ach bhíodh sé i Séipéal Iognáid óna trí go dtí a sé, agus treoir chruinn chúramach á dáileadh aige ar gach duine. Phós dosaen éigin lánúineacha ins na caogaidí agus bhí sé leo á nglacadh faoi chuing an phósta, nó ag léamh Aifreann an Phósta dá mb’amhlaidh nár lig an sagart paróiste dó na móideanna a ghlacadh uainn. Bhí comhairle ins an Leabhar Cuallachta faoi Aifreann laethúil a éisteacht, dá mb’fhéidir é, agus rialacha cráifeacha eile. Ach luigh an tAthair Mac Amhlaoibh go trom ar an Urnaí Mhacnaimh – cúig nóiméad déag sa lá a bhí ins na rialacha. Dar leis gurbh ansin a bhfaighimis freagra ar fhadhbanna uile ár slánaithe. Agus mhúin sé dúinn conas

25/08/2011 12:27


Timire

39

An tAthair Séamus Mac Amhlaoibh ag ceilliúradh phósadh an údair

cur chuige agus conas an t-am seo a chur i leataobh i lár ghnóthaí an lae. Bhíomar chomh hoilte sin aige nár thóg sé ach nóiméad orainn teacht i láthair Dé agus Muire agus Iósaef agus leanúint mar

2011_TIMIRE Special Edition.indd 39

bhall den teaghlach naofa agus sinn féin a thumadh in umar na ngrást. Nuair a thosaigh an brú mór don Bhéarla éigeantach ins an Aifreann, bhí sé brónach:‘ Ag maolú taoide na

25/08/2011 12:27


40

Timire

págántachta atá siad, níl ann ach sin. Leanaigí dílis do theanga bhur sinsir’. Ní thabharfaidh sé ‘fáidh’ air féin, ach féach gur tháinig taoide na págántachta aniar aduaidh ar Éirinn leis an teanga Ghallda. Ní raibh suim ag an tAthair Mac Amhlaoibh i ngeáitsí an tsaoil – anamacha a bhí ar a aire i gcónaí. San am céanna, bhí tuiscint mhaith aige dúinn ar gach leibhéal. Uair amháin, d’iarr sé orm Cór a ullmhú d’Aifreann i nGaeilge a bhí le ceiliúradh sé seachtainí ón dáta sin. ‘Dhá chleachtadh sa tseachtain’, a d’iarr sé, ‘agus beidh sé foirfe’. Thoiligh mise chuig an ghnó cé go raibh sé ag dul dian orm mar bhí Beannacht na Sacraiminte Naofa i Séipéal Naomh Papán i mBaile Munna beagnach gach oíche. Níor luaigh mé go mbímis i Séipéal Iognáid óna sé go dtí a seacht, agus go mbíodh orm dul ar mo rothar suas go Baile Munna le bheith ann ar a hocht. Ach an chéad oíche, bhí nóta dom ag rá liom dul isteach i mbosca faoistine a dó ar mo bhealach amach! Bhí ionadh orm cad chuige, ach rinne mé mar a dúradh liom agus ins an bhosca faoistine bhí ceapairí agus bainne réidh le slogadh faoi dheifir chun neart coirp a

2011_TIMIRE Special Edition.indd 40

chur ionam. Ina ndiadh sin, gheall mé go n-íosfainn bia éigin idir críoch mo chuid oibre agus an cleachtadh Cóir. D’eagraigh sé cúrsa spioradálta dúinn uair sa bhliain, agus thóg sé grúpa don Róimh chun cuairt a thabhairt ar an bPápa Pius XII; agus chun an logha iomlán a ghabh leis an Bhliain Naofa in 1950 a ghnóthú. Agus is cuimhin liom é ag tabhairt comhairle ón tseanfhilíocht: ‘Don Róimh má théir...’ agus go gcaithfimis Críost a thabhairt linn nó nach bhfaighimis ins an Roimh é romhainn. Bhí sé ar bís, ag tnúth leis an bPápa labhairt leis an ngrúpa de bhaill Chuallacht Mhuire, mar dar leis an Athair Mac Amlaoibh naomh a bhí ins an bPápa Pius XII. Thóg sé grúpa beag Cuallaithe ar saoire uair nó dhó go hInis Meáin chun go mblaisfidís an Ghaeilge ón tobar beo. Dúirt sé leo go gcaithfeadh siad fanacht ina ngrúpa ar an oileán agus nach mbeadh cead acu siúl amach – cailín agus buachaill le chéile - mar gur mhór an scannal do phobal an oileáin é sin. Spreag sé sinn chun both maith a chur le chéile don Aonach Saothair ar

25/08/2011 12:27


Timire

son Íosánaigh Shráid Ghairdinéir. Agus bhímís gnóthach ag cniotáil agus ag fúáil agus ag déanamh suibhe, agus na fir ag déanamh ornáidí adhmadóireachta agus a leithéid. ‘Is gá airgead a thabhairt dóibh ó Chuallacht Mhuire’, a deireadh sé, ‘chun ár n-ionad féin i Sráid Ghairdnéir a choimeád. An t-airgead – sin é fear na cainte’. Bhunaigh sé Craobh Adhamhnáin mar ghrúpa beag foilsitheoireachta, agus chruthaigh sé iris bheag ar a ghair sé An Geamhar. Bhí sé dóchasach go mbeadh fás air mar a bhíonn ar gheamhar cruithneachta. Mholadh sé dúinn i gcónaí gan na nuachtáin, gona n-altanna suaracha agus a gcuid pictiúirí, a cheannach, agus síol léitheoireachta a chur ar fáil inár measc féin. Ba é Naomh Adhamhnán a scríobh Beatha Cholmcille, agus b’in an fáth gur roghnaigh sé é mar éarlamh. N’fheadar an maireann cóip ar bith den iris sin; bhíodh aistí suimiúla idir ghreann agus dáiríre inti. Is cuimhin liom nuair a bhímis ag scríobh agus ag déanamh áibhéile faoi Shátan, go dtugaimis

2011_TIMIRE Special Edition.indd 41

41

‘Nioclás Ó Deamhain’ air. Bhíodh Art Ó Riain ag scríobh ins an Iris – é ina rúnaí ar Choimisiún na Státseirbhíse ag an am, agus bhí Breandán Mac Giolla Choille ina eagarthóir. Tá siad beirt ar shlí na fírinne le tamall. Véarsa beag áiféiseach a thagann chun mo cuimhne ná: An cuallaí bocht a chúlaigh lá I gcúlsráid chaol in am mí-thráth; Trua an bua bheith ag an charr Ar an chuallaí bocht a chúlaigh lá. Píosa eile a thagann chugam ná an síorphort a bhíodh ag an Athair Mac Amhlaoibh: ‘Is féidir libh guí ag am ar bith in ait ar bith’. Bhíodh fógra i ngach áit ag an am do sheacláid Urney, Any time is Urney time, agus deireadh Tomás Ó Donnagáin, ‘Any time is urnaí time’. Bhíodh galar scornaí go minic ar an Athair Mac Amhlaoibh, agus i ndeireadh a shaoil lagaigh an aicíd go bás é. B’éigean dó éirí as an obair cráifeachta agus dul isteach san ospidéal. Ní dhearna sé gearán riamh ach ‘Toil Dé go ndéantar’ á rá aige. Níl cáil naoimh air go bhfios dom, ach tugann sé treoir fós don bheagán Cuallaithe atá fágtha.

25/08/2011 12:27


42

Timire

Scoláire agus Ceannródaí An tAthair Alan Mac Eochagáin SJ

Nuair a bhunaigh na hÍosánaigh Timire an Chroí Ró- Naofa sa bhliain 1911, ní hé gur tharla sé go hiomlán gan choinne. Is ceart dúinn tagairt a dhéanamh don chomhthéacs inar tháinig An Timire ar an saol. Bhí leagan Béarla, The Irish Messenger, ar an bhfód ó bhí 1888 ann agus bhí an-tóir air. Ach, chomh maith leis sin, bhí líon maith Íosánach ag an am sin a raibh ról lárnach ceannródaíoch acu i saol agus i ngluaiseacht na Gaeilge. Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893, bhí an tAthair William Hayden SJ i láthair. Ag tús an fichiú haois, bhí Pádraig Ó Duinnín, Láimhbheartach Mac Cionnaith agus Eoin Mac Fhir Léinn ag déanamh gaisce mar a fheicfimid san alt seo a leanas. Ach faoin am ar bunaíodh An Timire, bhí seanfhear ag druidim le deireadh a shaoil, a bhí i ndiaidh éachtaí oibre a dhéanamh i scoláireacht na Gaeilge nár cheart a fhágáil ar lár.

Éamonn Ó hÓgáin SJ (1831 – 1917) Rugadh Edmund Hogan i gCluain Meala láimh leis an Chóbh (Queenstown) i gCo. Chorcaí agus chuaigh sé isteach i gCumann Íosa i gColáiste St. Acheul in Amiens na Fraince agus é 16 bliain d’aois. Mac léinn éirimiúil a bhi ann ar éirigh go geal leis ina chuid staidéir uile. Nuair a chaith sé bliana sa Róimh, chuaigh an t-ábhar Éireannach i gcartlanna na cathrach sin i bhfeidhm air chomh mór

2011_TIMIRE Special Edition.indd 42

sin gur chaith sé an chuid eile dá shaol ag obair ar theanga, ar stair agus ar sheandálaíocht na hÉireann. Chaith sé fiche bliain ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Claith agus tháinig lear mór leabhar óna pheann, Documenta de Sto. Patricio, Ibernia Ignatiana agus Distinguished Irishmen of the 16th Century ina measc. Beidh lucht léinn na hÉireann faoi chomaoin aige go deo de bharr Onomasticon Goedelicum: An Index to Irish Names of Places and Tribes (1910), a bhí bunaithe ar an taighde a rinne an scoláire mór Seán Ó Donnabháin (1806–1861). Éacht oibre a bhí ann a chríochnaigh sé agus é 77 bliain d’aois agus radharc na súl ag teip air.

25/08/2011 12:27


Timire

43

Cuallacht Léannta Michelle O Riordan

An tAthair Ó Duinnín Is é Pádraig Stiabhna Ó Duinnín (1860 – 1934) (nó Ua Duinnín mar a scríobhadh sé féin an sloinne) an té ba shine den triúr Íosánach (agus iar-Íosánach, ina chás-san) atá faoi chaibidil anseo. Triúr ba ea iad a d’fhág rian láidir ar léann na Gaeilge, ar shaol agus ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge, i leith na staire agus i leith ceisteanna sóisialta agus spioradálta a linne. Saolaíodh an bheirt eile san aon bhliain, 1870 – an tAthair Eoin Mac Fhir Léinn, a d’éag i 1950, agus an tAthair Láimhbheartach Mac Cionnaith, a d’éag i 1956. Bhí saol an triúir comhthreomhar lena chéile ar bhealaí áirithe, agus fite isteach ina chéile, uaireanta. Chloígh an triúr le raon saoil rialta toilsmachtaithe. Agus d’fhág an triúr lear mór oibre ina ndiaidh, agus chuireadar mór-chomaoin ar chách. Is mar charachtar finscéalaíoch is mó a fhéachtar anois ar an Duinníneach, agus is mar shaothar íocónach a fhéachtar ar a éacht scolártha, Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Ach fear meánaosta a bhí ann nuair a foilsíodh an chéad eagrán den fhoclóir sin i 1904, agus fear a bhí ag druidim le scothaostacht a bhí ann nuair a cuireadh an dara heagrán amach i 1927. Ceannaí caorach agus beithíoch ba ea an t-athair agus gabháltas talún fíorshuarach aige cóngarach don Ráth Mhór i gCo. Chiarraí (ceantar Shliabh Luachra). Teaghlach arbh í an Ghaeilge an ghnáth-theanga labhartha acu ab ea

2011_TIMIRE Special Edition.indd 43

é , a bhí – mar a bhí go leor de mhuintir na háite máguaird – ag druidim de réir a chéile le Béarla. Ba go háitiúil ar fad a fuair sé a chuid oideachais go dtí gur chríochnaigh sé ina mhonatóir i scoil sna Mínteoga (1874). Léirigh sé cumas ar leith chun na matamaitice. D’éirigh sé as an monatóireacht agus d’fhan sa bhaile idir 1874 – 1877, ag foghlaim Laidine agus Gréigise, deirtear, ón Athair Conchubhar Ó Súilleabháin a bhí ina shéiplíneach sa pharóiste. Deirtear gurbh é an tAth. Donncha Ó Murchú SJ (1833 – 1896), staraí agus seandálaí a rugadh in Áth Trasna, Co. Chorcaí, a chéadspreag Pádraig Ó Duinnín i dtreo na sagartóireachta nuair a bhí sé i mbun misin áitiúil. Chuaigh Pádraig Ó Duinnín ina nóibhíseach i 1880 go Páirc Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath. Chláraigh sé ar ball ina mhac léinn de chuid chóras na hOllscoile Ríoga (a bunaíodh i 1880). Bronnadh BA air 1885 sa Litríocht Nua-Aimseartha agus san Eolaíocht Mhatamaiticiúil. Cé go raibh daoine de na staraithe agus den lucht teanga ba bhisiúla agus ba mhó le rá timpeall an choláiste sa tréimhse úd (an tAth. Éamon Ó hÓgáin SJ [1831 – 1917]; an tAth. Donncha Ó Murchú SJ [1833 – 1896]; agus an tAth. Eoin S. Ó Cearbhaill SJ [1837 – 1889]), níl le tuiscint, ón méid a bhí le rá ag an Duinníneach lánfhásta ar ball, gur bhain sé aon leas as a gcuid léachtaí ag an am. Ba leis an Ollamh Ó Cathasaigh (Corcaíoch a bhí ina bhall de

25/08/2011 12:27


44

Timire

Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge) ba mhó a bhí a theagmháil sna blianta sin. Bhí an tAth. Gerard Manley Hopkins SJ ina léachtóir le litríocht na Gréigise agus na Laidine aige. In aon iostas a bhí an bheirt acu in áras na nÍosánach ar Fhaiche Stiabhna. Rinneadh sagart den Duinníneach i 1894, tar éis dó cúrsa diagachta a chríochnú i bPáirc Bhaile an Mhuilinn agus é in aois a 34 bliana. Cuireadh ag múineadh Béarla agus Gaeilge é i gColáiste Choill Chluana Gabhann (1898 – 1900). Bhí sé ina shaineolaí, deirtear, ar fhilí Bhéarla na hAthghairme, agus ba é seo, is cosúil, an chéad uair dó tabhairt faoin nGaeilge (nó an Cheiltis mar a tugadh ar an gcúrsa teanga agus litríochta ag an am) a mhúineadh. Le linn don Duinníneach bheith ag múineadh sa Choláiste, bhí Eoin Mac Fhir Léinn ina ábhar sagairt ar an bhfoireann. Bhí sé i mbun saothair Sheathrúin Chéitinn a chur in eagar d’fhoilseacháin Chonradh na Gaeilge (Dánta, Amhráin is Caointe Sheathrúin Chéitinn, 1900). Go dtí 1900, ní léir gur chuir an tAth. Ó Duinnín suim ar bith i ngluaiseacht na teanga ná i léann na Gaeilge. Chaitheadh an bheirt acu – Mac Fhir Léinn agus Ó Duinnín – laethanta Domhnaigh ag siúl ón gColáiste i gCoill Chluana Gabhann go Coláiste Phádraig i Maigh Nuad ag triall ar lámhscríbhinní dá gcuid oibre eagarthóireachta. Bhí Eoin Mac Fhir Léinn ina Chathaoirleach ar Choiste Foilseachán Chonradh na Gaeilge, i measc freagrachtaí eile a bhí air i ngluaiseacht na hAthbheochana. Le linn dó bheith ina Chathaoirleach, ba é Pádraig Mac Piarais a bhí ina Rúnaí ar an gCoiste, agus i measc na mball eile ar an gCoiste bhí Tadhg Ó Donnchadha agus Eoin Mac Néill. Ar an gcéad fhoilseachán Gaeilge a

2011_TIMIRE Special Edition.indd 44

mhaireann de shaothar an Duinnínigh ón tréimhse sin (1899), tá meabhrán (mar fhreagra ar an Dr R. Atkinson [1839 – 1908]) a chuir sé ar fáil don Choimisiún um Meánoideachas. Cuireadh dánta leis i nGaeilge i gcló ar an New Ireland Review agus ar Fáinne an Lae/ An Claidheamh Soluis an bhliain sin leis. I rith an ama sin, chomh maith, bhí lámhscríbhínní á n-iniúchadh aige chun bailiúchán de shaothar Aogáin Uí Rathaille a chur in eagar do Chumann na dTéacsanna Gaeilge, Londain. I dtosach na h-aoise nua, le ceadúnas imeachta ón bProibhinseal, d’éirigh sé as Cumann Íosa agus 40 bliain slánaithe aige, agus amach is isteach le fiche bliain díobh caite aige leis an gCumann. Níor fheidhmigh sé mar shagart lánfheidhmeach an chuid eile dá shaol, cé gur tagraíodh dó mar shagart agus cé gur chaith sé feisteas na cléire – agus tugadh sochraid lánphoiblí dó faoi shearmanas agus faoi shollúntacht in Eaglais na nÍosánach i Shráid Ghairdinéir, áit ar oirníodh é an chéad lá. Agus é scaoilte saor ó dhualgais an oird, ach réim saoil rialta agus smachtaithe á cleachtadh aige, chaith sé a chuid ama ag scríobh agus ag saothrú na Gaeilge i bhfoirmeacha éagsúla léinn agus litríochta. Ba é Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge a chuir ceann d’fhoilseacháin tosaigh an Duinnínigh, Prós Gaelach, amach i 1902 – aiste a bhain comórtas a d’eagraigh an Cumann agus a ghnóthaigh £100. Toghadh Ó Duinnín ina bhall de Chomhairle an Chumainn, agus ina dhiaidh sin, ina chomh-Leas-Uachtarán (nuair a bhí an Cunta Pluincéad ina Uachtarán – i measc na Leas-Uachtarán eile bhí Staindis H. Ó Gráda). Is don Chumann sin, chomh maith, a chuir sé amach Me Guidhir Fhearmanach...

25/08/2011 12:27


Timire

An tAthair Ó Duinnín

maille le Díonbhrollach, Gluais, Aistrithe, Flaithsheanchas, Dinnseanchas etc. i 1917. Tháinig ábhair agus saothair éagsúla eile uaidh ag an am seo: úrscéal (Cormac Ó Conaill, 1901 – a maítear gurb é an chéad úrscéal a scríobhadh sa Ghaeilge é), dráma (Creideamh agus Gorta, 1901), agus eagrán d’fhilíocht Eoghain Rua Uí Shúilleabháin. Agus ní raibh sa mhéid sin ach blaiseadh dá raibh le teacht uaidh – sruth ilghnéitheach d’eagráin (d’fhilí na Mumhan ón seachtú agus ón ochtú haois déag), de shaothair úrnua, de thuairimí, de dhíospóireachtaí, de dhrámaí, agus gan amhras, an dá shaothar is mó a luaitear leis, eagrán de Fhoras Feasa an Chéitinnigh, agus an Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Beartaíodh ar fhoclóir ‘nua’ a chur ar fáil faoi choimirce Chumann na dTéacsanna Gaeilge a luaithe is a bunaíodh é i 1889. Faoin am gur iarradh ar an Duinníneach an cúram seo a ghlacadh ar láimh i 1901, bhí bailiúchán de 12,000 focal ar shlipeanna i dtaisce cheana féin don tionscadal. Trí bliana a chaith sé ag cur na slipeanna sin i gcóir agus in eagar. Foclóir 800 leathanach a tháinig amach i 1904, ar ar tógadh an dara heagrán 23 bliain ina dhiaidh sin. Bíodh is gur scar sé le Cumann Íosa, níor scar an Cumann riamh leis. Nuair a buaileadh tinn é le niúmóine agus nár mhór dó tréimhse a chaitheamh

2011_TIMIRE Special Edition.indd 45

45

san Ospidéal (Ospidéal Naomh Uinseann), d’fhéach an Cumann i ndiaidh na dtáillí cúraim. Ba chun a chomh-mhatamaiticeoir agus a chomhÍosánach a d’iompaigh sé nuair a bhí an tsláinte ag teip air ar deireadh, agus ba é an tOllamh Mícheál Mac Aogáin a rogha athair faoistine ag leaba a bháis. Ba ar Lá Fhéile Michíl 1934 a fuair sé bás, agus cuireadh é faoi choimirce na nÍosánach i Reilig Ghlas Naíon.

An tAthair Mac Fhir Léinn

An tAthair Mac Fhir Léinn Saolaíodh Eoin Cathmhaolach Mac Fhir Léinn sa bhliain 1870 i mBéal Feirste. Dlíodóir ba ea a athair Andrew agus ba bhall de Chonradh na Gaeilge é. Elizabeth Campbell ainm a mháthar, agus is uaithise a baisteadh John Campbell air. Ba é an té ba shine ar naonúr clainne. Cuireadh oideachas meánscoile air i gColáiste Mhaoilheadhóg i mBéal Feirste. Roghnaigh sé ‘Iognáid’ mar ainm dá chóin artú, dea-thuar ar an raon saoil a lean sé ar ball. In aois a hocht mbliana déag dó, chuaigh sé i mbun nóibhíseachta sna hÍosánaigh i dTulach

25/08/2011 12:27


46

Timire

Bheag i gCo. Uíbh Fhailí (1888). Mhaígh sé ag an am go raibh cur amach áirithe aige ar chúig theanga – an Ghréigis, an Laidin, an Ghaeilge, an Béarla agus an Iodáilis. Níos déanaí, d’fhoghlaim sé an tSanscrait agus an Eabhrais, an Ghearmáinis, an Fhraincis agus an Spáinnis. Ba mhó a chur amach ar léamh na dteangacha seo ná a líofacht chun iad a labhairt, ach bhí domhaineolas an scoláire aige ar aon ábhar ar chuir sé suim ann. Chuir sé cúrsa BA i gcrích leis an Ollscoil Ríoga i 1892. Fad a bhí sé fós sa nóibhíseacht, chaith sé seal ag múineadh i Mungairit agus, mar a chonaiceamar, chaith sé seal i gColáiste Choill Chluana Gabhann, tráth a raibh an tAth. Ó Duinnín ina mhúinteoir ann, chomh maith. Ceapadh ina léachtóir é i mbun Stair na hEaglaise i gColáiste na nÍosánach i bPáirc Bhaile an Mhuilinn, agus b’in an

2011_TIMIRE Special Edition.indd 46

post buan a bhí aige an chuid eile dá shaol. Chuir sé suim i bhfoclóireacht na Gaeilge, agus ceapadh é ina chúntóir ag an Ath. Éamon Ó hÓgáin nuair a bhí sé siúd i mbun Onomasticon Goedelicum locorum et tribuum Hiberniae et Scotiae (BÁC 1910). I dteannta Sheosaimh Laoide (1865 – 1939) agus Phádraig Uí Dhuinnín ceapadh ina mholtóir é ar an gcéad Chomórtas do Scríobh Dráma faoi choimirce Chonradh na Gaeilge i 1901. Ó 1895 ar aghaidh d’fhoilsigh sé féin, Eoin Mac Néill agus Seosamh Laoide ailt ar Ghaeilge Aontroma ar Irisleabhar na Gaeilge (1882–1909). I 1900, d’fhoilsigh sé taighde i bpáirt leis an Ath. Éamon Ó hÓgáin Luibhleabhrán: Irish and Scottish Gaelic names of herbs, plants, trees, etc. (BÁC). Nuair a oirníodh ina shagart é i 1904, chaith an tAth. Mac Fhir Léinn dhá bhliain sna leabharlanna i Sasana, sa Spáinn, san Iodáil, sa Phortaingéil, agus sa Bheilg ag déanamh cóipeanna soiléire inléite d’ábhar a bhain (olc nó maith, a bheag nó a mhór) le hÍosánaigh Éireannacha agus leis an gCumann in Éirinn. Clúdaíonn a shaothar sna cartlanna sin an tréimhse staire 1539–1774. Maireann an bailiúchán seo i gcartlann na nÍosánach in Éirinn. Dhein sé cóipeanna, leis, d’ábhar i nGaeilge, ábhar atá cláraithe ag an Ath. Pádraig Ó Fiannachta. Is é atá ráite ag an Ath. Ó Fiannachta faoi Éamon Ó hÓgáin SJ, Aubrey Gwynn SJ, agus Eoin Mac Fhir Léinn SJ: ‘. . . bhailigh an chuallacht léannta seo na lsí seo de réir a chéile agus . . . thugadar togha na haire dóibh’ (Clár Lámhscríbhinní na Cléire, ii [BÁC 1980, lch. 70]). Is mar staraí is mó a chaith Eoin Mac Fhir Léinn a shaol scolártha agus tá

25/08/2011 12:27


Timire

comaoin mhór curtha aige ar staraithe de bharr a shaothair mar chartlannaí. Ach is ina eagarthóir ar dhánta Dháibhí Uí Bhruadair is mó a thagraítear dó inniu. D’fhoilsigh Cumann na dTéacsanna Gaeilge a shaothar ar dhánta Uí Bhruadair (chomh maith le cúlra staire agus nótaí) i dtrí imleabhar, Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair : The poems of David Ó Bruadair (1910, 1913, 1917, Londain). I 1912 d’fhoilsigh sé eagrán de dhánta a cumadh i lár na seachtú haoise déag in ómós d’Eoin Ó Cuileannáin, Easpag Ráth Bhotha, 1625–1661 (Archivium Hibernicum 1 [1912]: 77–121), chomh maith le cúlra agus nótaí staire, aguisíní léannta agus aistriúcháin. Tar éis dó an mórshaothar ar Dháibhí Ó Bruadair a chur de, ceapadh é ina Staraí Proibhinse ar an Ord timpeall 1918. Chaith sé bliain ag bailiú agus ag cóipéail agus ag tras-scríobh ábhar a bhain leis an Ord in Exaeton san Ísiltír, sa Leabharlann Ríoga sa Bhruiséil, agus i dteach na nÍosánach i nDrongen sa Bheilg, ag leanúint ar shaothar Uí Ógáin, a chomh-Íosánach, a d’fhoilsigh Ibernia Ignatiana sa bhliain 1880 (BÁC). De réir litreacha a chuir sé féin chuig an bProibhinseal, an tAth. Thomas Nolan, bhí ceathrar Francach i mbun na hoibre céanna thar ceann an Oird, ach gan oiread agus cúntóir amháin aige féin. Ceapadh an tAth. John Ryan ina chúntóir aige i lár 1919 agus ghlac seisean grianghraif de lámhscríbhínní nár trasscríobhadh (mar aon le grianghraif d’ábhair a raibh dhá thaifead díobh ann). Ceapadh Mac Fhir Léinn ina rúnaí ar Choiste na nÍosánach a chomhairligh an Taoiseach Éamon de Valera maidir le forálacha an Bhunreachta a bhain le creideamh agus le cúrsaí sóisialta

2011_TIMIRE Special Edition.indd 47

47

de. Fuair sé bás sa bhliain 1950 agus cuireadh é i Reilig na nÍosánach i nGlas Naíon i mBaile Áth Cliath.

An tAthair Mac Cionnaith

An tAthair Mac Cionnaith Comhaoisigh ba ea an tAthair Eoin Mac Fhir Léinn agus an tAthair Láimhbheartach Mac Cionnaith. Saolaíodh an bheirt acu sa bhliain 1870, Láimhbheartach Mac Cionnaith i gCluain Tarbh i gCo. Bhaile Átha Cliath. Agatha Lambert ainm a mháthar, agus is óna sloinne sin a baisteadh Láimhbheartach air. Cuntasóir ba ea a athair. Chuir siad a mac ar scoil chuig Coláiste Belvedere – ba é sin an rogha coláiste ag aicme sheiftiúil Chaitliceach a thapaigh an deis nuair a cuireadh scoil mheánaicmeach (i dtéarmaí a linne) ar fáil d’ógánaigh i gColáiste na nÍosánach i 1832. In aois a sé bliana déag dó, thosaigh sé ina nóibhíseach i nDroim Mór i gCo. an Dúin agus i dTulach Bheag i gCo. Uíbh

25/08/2011 12:27


48

Timire

Fhailí. Ghnóthaigh sé céim BA ón Ollscoil Ríoga in aois a 23 dó, i nGaeilge agus sna Clasaicí agus bronnadh MA air dhá bhliain ina dhiaidh sin (1895). Mar a dhein an tAth. Ó Duinnín roimhe, chaith Láimhbheartach Mac Cionnaith an tréimhse thrianach dá nóibhíseacht ar an Mór-Roinn, i nDrongen chomh maith (i 1909), agus tréimhse in Maison St Louis in St. Helier ar Oileán Gheirsí (faoi choimirce Íosánaigh na Fraince) ag gabháil don Diagacht agus don Fhealsúnacht, mar a bhí leagtha síos i sceideal na nÍosánach dá mbaill. Oirníodh ina shagart é i bPáirc Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath i 1905. Ní foláir nó chuaigh an tréimhse sin a chaith sé thar lear i bhfeidhm air, rud a nochtadh ar ball nuair a chruthaigh sé ábaltacht nár bheag ag dul i ngleic le ceisteanna móra sóisialta agus polaitíochta a linne agus ag plé le gluaiseachtaí a bhí go mór faoi chaibidil i dtíortha na Mór-Roinne fad a bhí sé ina mhac léinn ar an Mór-Roinn. Mar a dhéantaí leis na sagairt óga, cuireadh ag múineadh i gcoláistí de chuid an Oird é, i gColáiste Belvedere, an áit a ndeachaigh sé féin ar scoil, agus i Mungairit i gCo. Luimnigh (1910–1913), agus chaith sé bliain ag múineadh i gCathair Luimnigh (i gColáiste an Chroí Ró-Naofa sa ‘Chorrán’). Chaith sé roinnt blianta ina dhiaidh sin ag múinadh i mBaile Átha Cliath, ina Ard- Mháistir ar Belvedere. Chomh maith le bheith ina mhúinteoir agus ina stiúrthóir scoile, ceapadh é ina eagarthóir ar an irisleabhar seo féin, Timthire Chroidhe Naomhtha Íosa. Ba san irisleabhar seo a thosaigh sé ar eagráin d’fhilíocht na mbard a fhoilsiú. Chuir sé suim, chomh maith, san fhoclóireacht, agus d’fhoilsigh sé

2011_TIMIRE Special Edition.indd 48

foclóir frásaí English-Irish Phrase Dictionary compiled from the works of the best writers of the living speech (1911), le cabhair Thaidhg Uí Dhonnchadha. Bhunaigh sé formhór na samplaí san fhoclóir sin ar fhriotal labhartha agus scríofa iarthar na Mumhan. Mar sin, faoi 1927, nuair a cuireadh atheagrán d’fhoclóir an Duinnínigh i gcló, bhí dhá bhailiúchán téagartha d’ábhar foclóireachta foilsithe a bhí ag tarraingt a bheag nó a mhór as Gaeilge na Mumhan, agus a shíolraigh ó bhaill de Chumann Íosa. Agus bhí ceann eile fós le teacht ón Ath. Mac Cionnaith – Foclóir Béarla agus Gaeilge (1935). Dhírigh an tAth. Mac Cionnaith aird scolártha go háirithe ar an nGaeilge Chlasaiceach, agus d’fhoilsigh sé eagráin d’fhilíocht na scol, nó filíocht na mbard, ar feadh a shaoil. Lean sé ar aghaidh leis an tionscadal sin – ar chuir sé tús leis ar an Timthire – ar feadh na mblianta fada, sna hirisleabhair Irish Monthly (a bunaíodh i 1873) agus Studies (a bunaíodh i 1912). Bhí sé ina eagarthóir ar an Irish Monthly ar feadh seacht mbliana (1923–1930). Cuid d’fhoilseacháin na nÍosánach, nó foilseacháin a bhí faoi choimirce na nÍosánach, ba ea an dá irisleabhar mheasúla sin, an Irish Monthly agus Studies. Ba orthu is mó a d’fhoilsigh sé aistí nó dánta aonair den fhilíocht chlasaiceach. Bhí baint aige, leis, le Cumann na dTéacsanna Gaeilge, fearacht an Duinnínigh agus an Ath. Mac Fhir Léinn – d’fhoilsigh sé eagrán d’Iomarbhágh na bhFilí, in dá imleabhar (Londain, 1918), ag cur bailchríoch ar shaothar a thosaigh Tomás Ó Nualláin leis an gCumann sin. Is iomaí bailiúchán téagartha d’fhilíocht na mbard a d’fhoilsigh sé i gcaitheamh na mblianta ó 1919 go dtí 1951 – The Book of Magauran: Leabhar Méig Shamhradháin

25/08/2011 12:27


Timire

(BÁC 1947), The Book of O’Hara: Leabhar Í Eadhra (BÁC 1951), Bardic syntactical tracts (BÁC 1944), Dioghluim Dána (BÁC 1938), Aithdioghluim Dána, dhá imleabhar (Cumann na dTéacsanna Gaeilge, BÁC 1939–40 ), Pilib Bocht Ó hUiginn (BÁC 1931), Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh (BÁC 1919). I gcaitheamh na mblianta, d’fhoilsigh sé níos mó ná céad eagrán de dhánta de chuid na bhfilí, maille le haistriúcháin Bhéarla. Toghadh é ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann i 1932, agus bronnadh D. Litt. Celt. (honoris causa) air i 1947. Chaith an tAth. Mac Cionnaith an oiread céanna dua ag saothrú ceisteanna sóisialta agus spioradálta a linne is a chaith sé leis an nGaeilge. Ba dhuine de chomhbhunaitheoirí Choláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh é. Ghlac sé páirt ghníomhach mar chathaoirleach ar choimisiún (1925) um bunú an churaclaim náisiúnta bunscolaíochta. Chuir sé spéis mhór i gcúrsaí spioradálta na dtuataí, go háirithe i spioradáltacht na bhfear óg. Chaith sé tréimhse ina stiúrthóir spioradálta ar Gild Leo, eagraíocht chléiriúil a dhein iniúchadh – faoi anáil theoiricí an Phápa Leo XIII – ar cheisteanna sóisialta agus polaitíochta agus eacnamaíochta a linne. Ba mhór a spéis i gceisteanna sóisialta a bhain le lucht oibre na gcathracha agus le polaitíocht na heite clé. Dhein sé grinnstaidéar ar shaol agus ar shaothar Shéamais Uí Chonghaile, agus tagraítear

2011_TIMIRE Special Edition.indd 49

49

fós dá shaothar The Social Teachings of James Connolly (BÁC 1920). Chuir sé sé bailchríoch ar an saothar seo nuair a bhí sé ina Ard-Mháistir ar Choláiste Belvedere. Idir 1913 agus 1914, tréimhse Fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath, d’fhoilsigh sé sraith paimfléad: The Church and Labour, The Church and Working Men, The Church and Working Women, The Church and the Working Child, The Church and Trade Unions, The Church and Social Work. Lean sé forbairt an Bhoilséiveachais ar an Mór-Roinn i rith fhichidí na haoise seo caite agus d’fhoilsigh sé an iliomad alt agus paimfléad ag cur teoiricí an ábharachais dhialachtaice (Marxian materialism a thug sé féin air) faoi dhianscrúdú. Íosánach ildánach bisiúil ba ea Láimhbheartach Mac Cionnaith a d’fhág toradh a dhíograise mar uacht ag pobal na tíre agus ag scoláirí na litríochta ar fud an domhain. Go deimhin, ‘cuallacht léannta’ ba ea an triúr seo – Pádraig Ó Duinnín, Eoin Mac Fhir Léinn agus Láimhbheartach Mac Cionnaith. Triúr ba ea iad a shaibhrigh saol cultúrtha an phobail agus a d’fhág rian a suáilcí spioradálta pearsanta ar a gcuid saothair faoi seach agus ar troimide a gcomaoin orainn iad. Tá Michelle O Riordan ina hOllamh Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

25/08/2011 12:27


50

Timire

Ór ar Chrann

Bernadette Nic an tSaoir Coiscéim 52 lch, €7.50

Geasa agus dánta eile Pádraig Mac Fhearghusa Coiscéim 46 lch, €7.50

Résheoid

Doireann Ní Ghríofa Coiscéim 76 lch, €7.50

Ceangailte Rody Gorman Coiscéim 83 lch, €7.50

21 Dán / poemes / poemas

Tomás Mac Síomóin Coiscéim 110 lch, maisithe le léaráidí agus le leabharliosta Gaeilge faoin saol Spáinneach/ Laidneach , €19.95

I Mo Leabharlann 2011_TIMIRE Special Edition.indd 50

25/08/2011 12:27


Timire

Le Seán de Fréine Nár dheas an rud é dá bhféadfaimis fáil réidh leis an tseanchonspóid faoin choimhlint, mar dhea, atá idir caighdeán agus canúint. Is achrann gan substaint í, mar níl aon ‘chearta’ dlite ag canúint i leith caighdeáin, ná a mhalairt ach oiread. Feidhmíonn an dá ghné seo de theanga i réimsí éagsúla agus freastalaíonn ar riachtanais difriúla. I gcás caighdeáin, bíonn rialacha áirithe ann, an norme, agus bíonn de dhualgas ag lucht cleachtaithe an caighdeáin cloí leis na rialacha nuair a bhíonn siad ag plé le cúrsaí oifigiúla, nó ag caint go liteartha leis an phobal náisiúnta i gcoitinne. I gcás canúna, bíonn nósmhaireachtaí eile (nach mbíonn chomh docht sin) i bhfeidhm, agus ní foláir do lucht saothraithe na canúna a ndualgais i leith na nósmhaireachtaí sin a aimsiú agus bheith dílis dóibh, seachas am am a chur amú le caint faoi chearta samhalta. Ní hionann canúint agus ceadúnas do rogha reachta a chur ar do mheán cumarsáide. Rith na smaointe seo liom agus mé ag breathnú an bheart breá seo de leabhair ó Choiscéim. Saibhríonn canúint liteartha teanga, faoi mar a dhéanann i gcás na hIodáilise go sonrach. Tá de buntáiste againn go bhfuil canúint liteartha seanbhunaithe amháin, ar a laghad againn, a thagann ó aimsir Chéitinn agus Uí Rathaille. Baineann an chéad trí leabhar ins an chnuasach seo leis an traidisiún oirirc sin. Léiríonn siad bua bunúsach atá ag an Ghaeilge agus a canúintí: is é sin, go bhfuil a leaganacha uile intuigthe go héasca dá chéile, tríd síos. Sampla an-mhaith den bhua seo is ea

2011_TIMIRE Special Edition.indd 51

51

Ór ar Chrann, le Bernadette Nic an tSaoir. Is leathan réim an leabhair seo: Baineann an file taitneamh as cúrsaí ceoil mar shampla (ó Acker Bilk go Blues New Orleans, go Seán Ó Riada), ar thaobh amháin; agus tá spéis dhomhain aici in in imeachtaí reatha sóisialta na tíre ar an taobh eile. An eachtra leis an Riadach, is vignette gleoite é. Tá rudaí eile a chuireann as di, dístruchtúrú an teaghlaigh, agus fadhbanna eile a chorraíonn ár mothúcháin, gan trácht ar na Poncánaigh lena ngeáitsí ceamara ag Ceann Sléibhe. Cnuasach taitneamhach daonna, agus seoidíní cainte, gan choinne agat leo, le baint as (cathain fada ó shin ó chuala mé trácht ar ‘aois De Bhailís?). Dánta a théann go smior is ea ‘Ar Chnoc an tSamhraidh’ agus ‘Leanaí na Nollag’. Leabhar difriúil, ach le Muimhneach eile, Pádraig Mac Fhearghusa, is ea Geasa agus dánta eile. Is saothróir cúramach ealaíonta é Pádraig a ghearrann diamaint a smaointe go cúramach snoite lena ngnéithe éagsúla a lonrú dúinn. Is fiú an radharc sin a fháil ar thoradh a shaothair. Mar a deireann sé: ‘Is deimhin nach cúram file/ pabhaisín a chur ag fás/ i bhfuinneoig sheomra gáis./ Is é is dúthracht dó/ an sceach a bhláthaíonn t’réis gach dúlaíochta’ (‘Auschwitz’). Ardaíonn sé ceisteanna suimiúla: ‘Canathaobh tú i gcónaí l leith an éaga?’ (‘Alter Ego’), agus ‘An féidir aingeal a dhíbirt mar is féidir deamhan?’ (ibid.). Cuireann sé casadh úr ar sheanfhrásaí filíochta, ‘Duibhe na duibhe’ (‘Neamhní 3’). Nuair a bhíonn ceisteanna doimhne á bplé aige, léiríonn sé meon íogair géarchúiseach, ach tá mothú agus mothálacht ann chomh maith. Is féidir leis macallaí iontaofa an pháiste a athmhúscailt,

25/08/2011 12:27


52

Timire

mar a léiríonn sé le ceist eile a cuireadh air nuair a fuair a sheanmháthair bás: ‘Ná fuileann le slán a fhágaint led sheanmháthair?’ (‘Slán’). Ach an téama is buaine agus is dílse, b’fhéidir, atá le fáil ins an díolaim seo ná an dochloíteacht atá fite tríd na dánta. Mar a deirtear in ‘Goltraí Dhiarmada agus Ghráinne’, ‘Mairfimid go deo, a rún…má mhaireann aon ní beo’. Agus, d’ainneoin shalachar an tsaoil, mar a deireann sé féin, lonraíonn an solas áit éigin i gcónaí, agus ‘ní thagann meirg ar sholas’ (‘Solas’). Is maith an teachtaireacht sin. Cuir fios air. Filíocht ‘choséadrom´ a thugann Alan Titley ar Résheoid le Doireann Ní Gríofa as Contae an Chláir. Is fíor sin. Tá tallann annamh iontach aici chun ceol a bhaint as comhfhuaim na bhfocal agus iad a chur ag rince go triopallach ar scláta ár n-aigne. Éist léi, mar shampla, in Cistin mo Sheanmháthar: ‘Clingeann an clog / Croineolaí críonna/ Na clainne’. Agus arís, ‘In aerfor geal gloiniúil/ Sleamhnaím síos le fána/ Ar staighre beo,/ Saoire ag sméideadh orm (‘Sinistère’). Dá éascaí is a ritheann an bua seo léi, ní mór bheith san airdeall nach rachaidh sé chun iomarcachta, amhail an seanrá a deir go mbíonn na fataí nite, bruite, ite ag an gConnachtach. Thairis sin ar fad, tá mianach le fáil ins an bhailiúchán seo de dhánta gonta rithimiúla. Ceann fada, ‘Foclachas’ (sé sin, téann sé ar aghaidh go dtí an dara leathanach), is cur síos éifeachtach é ar chúlú na Gaeilge i gceantar áirithe i gContae Mhaigh Eo, agus na hiarmhairtí a bhain leis. Chuir sé i gceann dom an dán iontach, The Severed Head le John Montague, an cur síos is fearr ag éinne

2011_TIMIRE Special Edition.indd 52

fós ar ar tharla de dheasca an chúlaithe chéanna. Is maith liom an dá dhán seo a bheith agam. Gabhann siad le chéile. Is deas liom freisin an dán ‘Súile Lucia’ in omós do iníon uaigneach James Joyce. Tá go leor eile, idir throm agus éadrom, i measc an trí scór de dhánta ins an leabhar seo le taitneamh a thabhairt don chluas agus ábhar machnaimh a thbhairt do intinn. Ceangailte le Rody Gorman an ceathrú leabhar againn anseo. Caithfidh mé a admháil go bhfuil an fhoirm seo filíochta (a thagann ón tSeapáin) ag dul i gcion orm: tá cuid dá bhfuil anseo go gleoite, agus gan iontu riamh ach trí líne ghairide. Ach iad a léamh, tuigfidh tú cén fáth gur airigh an scoláire Ceilteach Kuno Meyer céad bliain ó shin go díreach (in Selections from Ancient Irish Poetry, a foilsíodh in 1911) an chosúlacht atá idir in spioráid fhileata an dá chine seo: Like the Japanese, the Celts were always quick to take an artistic hint; they avoid the obvious and the commonplace; the halfsaid thing to them is dearest. Mar is gnách le Rody, tugann sé leagan Gaeilge agus Gàidhlig dúinn ar gach mír dá bhfuil ina chnuasach. Cuireann an cleachtadh seo go mór leis an sásamh agus leis an phléisiúr is féidir a bhaint as an dá leagan a léamh i dteannta a chéile. Is bealach an-simplí chun aithne a chur ar chuid de na cosúlachtaí agus de na difríochtaí atá idir an dá theanga. Ag deireadh an leabhair, tugann sé aistriúchán de hadhcú ins an Mhanainnis chomh maith. Dáileann se saothar de scór haikeadóirí orainn. Measaim go gcuirfeadh sé lenár dtuiscint dá ndéarfadh se cathain a mhair na filí seo, agus cá háit. Ó mo

25/08/2011 12:27


Timire

53

bheith á shaothrú ag file de sheasamh an údair seo, is tréine a nochtann se a racht ins an dán, ‘Caochadh súl’, a bhaineann le cúrsaí ag baile, agus go háirithe leis an easpa freagrachta pearsanta as misneach morálta atá chomh coitianta sin inár measc. Tagann sruth de fhrásaí sonracha chugainn ins an dán seo – ‘chomh síoraí leis an oghamchloch’; ‘bréagmheasúlacht na héireann’ (’é’ beag); ‘chomh hiltaobhach le cearcal’; ‘chomh doshroichte le quasar’; ‘iomarbháigh bhithbhuan na bhfilí’. Le chois téagar na filíochta, maisítear an leabhar le sraith fhíorálainn de léaráidí daite (arbh fhiú iad a chur ar taispeántas poiblí i ngailearaí éigin) leis an ealaíontóir Karen Dietrich agus tugtar liosta suimiúil de leabhair i nGaeilge a bhaineann leis an chultúr Spáinneach/Ibéireach.

fhiosrú beag féin, chuir sé ionadh orm go bhfuil daoine ann ó aoiseanna éagsúla orthu, síos go dtí an fichiú haois agus ón Choiré Theas chomh maith leis an tSeapáin. An leabhar deiridh an iarraidh seo is ea 21 dán/poemes/poemas. Tá na dánta anseo, le Tomás Mac Síomóin, difriúil ar fad ó na saothair thuas. Táimid suite anois in airéana Eorpach, ins an Chatalóin, agus maraon leis an mhórscór de dhánta Gaeilge, tugann Tomás leaganacha Spáinnise agus Catalóinise de na dánta dúinn chomh maith. Meon Eorpach comhaimseartha a nochtann sé. Ina réamhfhocal suimiúil dúshlánach, tugann sé fainic neamhbhalbh don léitheoir: ‘Ná bí ag súil le cnuasach d’amhráin tíre ar an tseannós ón leabhar seo’. Cé gur fíor sin, agus gur fiú dúinn a leithéid de ghort a

Tomhas an Timire: 165

1

2

3

4

5

6

7

8

9

Cén naomh Éireannach a bhunaigh an mhainistir ar Oileán Í agus a thug an creideamh go hAlbain? Tá liosta de bhailte na hÉireann thíos. Tóg litir as gach ceann acu chun an freagra a fháíl. Ceatharlach, An Longfort, Liatroim, Maigh Nuad, Cúil Raithin, Baile Chláir, Mala, Latharna, Dún Dealgan Scríobh ‘Tomhas’ ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm is do sheoladh, chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., BÁC 2, roimh 1 Deireadh Fómhair, 2011.

Tomhas 164: Freagra: Seolta

Buaiteoir: Seán Óg Ó Fátharta, Inis Meáin, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 53

25/08/2011 12:27


54

Timire

Mise

hulainn

Lís Ní C

Dia daoibh, a chairde óga,

Agus an fómhar álainn gona chaora is a chnónna ar ais againn. Bíonn na cuairteoirí don tír seo ag gearán faoin aimsir, agus cé thógfadh orthu é? Bíonn an ghrian agus an bháisteach le chéile go minic agus bíonn síorghá le cóta báistí. Tuigimid, na Gaeil, an scéal go maith ach is deacair do na daoine ón iasacht é a thuiscint. Ach pé ar bith faoin aimsir, cad deir sibh faoin tsíorchaint sa tír seo faoin Matamaitic. Tá sé ródheacair, de réir roinnt de na heolaithe, agus ró-éasca dar le roinnt eile. Níl ábhar innealtóra in éinne againn, deir siad. Bíonn an seansagart anseo sa Choláiste ag gearán nach bhfuil an chaint féin matamaiticiúil acu. ‘Cé a mhéad is fiú “ródheacair” nó “ró-éasca” nó “ró-aon rud?”’, a deir sé. ‘Cuirigí chuige agus déanaigí siollabas ceart’.

An Chomhdháil Mhór

Bhí tionól idirnáisiúnta Matamaitice sa Choláiste ina mbíonn mo dheirfiúr Bríd, i Mí Iúil, agus d’iarr an Mháthair Benedict cabhair orainn chun déileáil leis an slua mór. Bhí teangacha éagsúla á labhairt sa halla tionóil ach ansin bhí tost urramach matamaiticiúíl nuair a thosaigh an tOllamh ar an léacht. Dairíre, ní Mata a bhí faoi chaidreamh ag an Ollamh léannta ach an teicneolaíocht. Mhaígh sé ó thús go raibh an ríomhaire seo ar an mbord go huilechumhachtach, nach mór, i gcás an áirimh, na difreála, agus fadhbanna a bheadh doréitithe ar aon ríomhaire eile. Bhí cailín óg ina suí ag an mbord os comhair na míorúilte seo d’inneall nó de ghléas.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 54

25/08/2011 12:27


Timire

55

Eoghan Fréamhacha

Fear meánaosta féasógach ba ea an tOllamh agus thug seisean na treoracha don chailín óg faoi na cnaipí ba cheart a bhrú. Gheobhadh an ríomhaire fréamh ar bith, a dúirt sé. Léirigh sé dúinn cé chomh gasta is a d’fhéadfadh sé achar nó imlíne a ríomh agus cén spás a bheadh idir spóca amháin agus an spóca eile dá mba rothar a bheadh i gceist. Ríomhaigh sé dúinn cé mhéad braon a bheadh i ngloine fuisce 50 millilítear. Ní raibh mé féin in ann é seo go léir a thabhairt liom, ach thug mé faoi deara go raibh Bríd, lena peann agus páipéar ag obair céim ar chéim leis an gcailín.

An Deatach

‘Anois’, arsa an tOllamh tar éis tamaill, ‘Taispeánfaidh mé daoibh conas tiús deataigh a ríomh trí dhifreáil a dhéanamh idir an deatach agus an t-aer timpeall air.’ Agus thosaigh sé ar a ríomhaireacht agus an cailín go gasta leis na méara. Ar chuma éigin, tháinig sé go dtí an seascadú fréamh de 55 agus comhartha eile aige ina raibh fréamh X. Bhí Bríd ag obair léi, ach thug mé faoi deara go raibh sí ag faire go géar ar thaobh an ríomhaire. Go tobann, i lár abairte, d’éirigh sí agus rith sí i dtreo an stáitse agus í díreach in am don sruth deataigh a bhí ag teacht amach as an ríomhaire. Baineadh geit as an gcailín bocht. Léim an tOllamh agus é mífhoighdeach as an mbriseadh seo sa Mhatamaitic agus é ag cosaint a ríomhaire. Ach bhí buidéal uisce ag Brid agus chaith sí an t-iomlán ar an ríomhaire ar eagla tine a theacht as. Bhí na daoine sa halla ina seasamh réidh le rith chun an doras éigeandála. Ach chiúnaigh Bríd iad á rá go raibh an tine múchta. Bhí boladh láidir ón deatach agus ní raibh focal as an Ollamh. ‘Cuireann an obair le tiús an deataigh istigh ins an ríomhaire’, arsa Bríd, ‘agus bhrúígh sé amach é. Ach is é freagra na ceiste sin agat ná gurbh é an caogadú fréamh agus ní hé an seascadú ceann.’ ‘Ráiméis’, arsa an tOllamh. Ach faoin am seo, bhí fonn ar gach duine imeacht ón deatach – tiubh nó tanaí – agus bhí aird gach duine ar na doirse. D’fhéachamar ar an mhíorúilt de ríomhaire ina chnapán mór briste gan rath, agus más amhlaidh a bhí an tOllamh léannta ag iarraidh a leithéid a dhíol, bhí a chúrsa rite aige. Bhí Bríd cinnte go raibh an freagra ceart aici féin, ach is cosúil gur tháinig tiús an deataigh aniar aduaidh ar an Ollamh. Bhí fearg ar an Mháthair Benedict toisc go mbeadh uirthi an áit a ghlanadh agus, mar adúirt sí, dul i mbun pinn ag éileamh cúitimh ar an Chuideachta Árachais. Chabhraigh mé féin agus Bríd léi, agus ba é dúirt Bríd faoin ríomhaire míorúilteach sin ná go bhfuil níos mó teicneolaíochta sa mbarra rotha amuigh sa chlós ná ins an mór-is-fiú seo go léir. Deir an Mháthair Benedict go bhfuil ábhar múinteora Matamaitice i mBríd agus gan aici ach cailc agus clár dubh, peann agus páipéar.

Caithfidh go raibh eachtraí agaibh féin i rith an tSamhraidh. Scríobhaigí chugam iad.

2011_TIMIRE Special Edition.indd 55

25/08/2011 12:27


Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

SAMHRADH 2010

Timire

an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

FÓMHAR 2010

an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2

An Ofráil Laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… (féach thíos) …agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

TIMIRE May.indd 1

28/07/2011 14:24

TIMIRE Autumn 2010.indd 1

28/07/2011 14:25

Intinní an Phápa Mí Mheán Fómhair 2011 Do mhúinteoirí, go dtuga siad uile grá don fhírinne, agus go n-oile siad a ndaltaí le fíorluachanna morálta agus spioradálta.

an Chroí Naofa FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

EARRACH 2011

an Chroí Naofa

€ 2.50/Stg£2

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

EARRACH 2010

€ 2.50/ 2.50/Stg£2 2.50/Stg Stg£2 £2

Mí Dheireadh Fómhair 2011 DÁ

LAIG SEA H AN CH CH A T

Ar son na ndaoine le tinneas gan leigheas i ndán dóibh, go dtuga creideamh i nDia agus grá daoine eile tacaíocht dóibh ina gcuid fulaingtí.

AIN RG DÉ SAL LUA Í 1-4: HAIS Ain M T O IN agus t. Cuire S A I G H hÉig adhr d’fhul adh ca l c h 4 sibh iptigh, th 0 ai aim ghló . Uime agus co is é. ng sé ú ar C 0 ar ár hr thar r agus cl sin m nas m son. íost an ar á Téan Tiar leith na ciní oí le m ghéille a thóg na am IOM Bei ligh, ói ocha goo chon ann si mé lio M agus AID ra dh si bh Ain A N N r bhur IN do m bh ag is lio léir, i dh beid te Seac afain, l c h 1 5 msa ná hh si mo mo am labh is 2 sa htai bh sh an róid iún co sa in n I. ilm ag - 1 5 4 dom eilbhs se, is bh h tú ullm us ca BR le cl ricthe. ur río han ar e ar FRE I AT intic ch Si ann Seac haithe HA as an da Iosr n iad na t saga fad. Eise A G R A R nAth htain 2: oibh D ael. C ho tSal bria rt, in ó F. A an a sh G E A na ic E a x É tair thra Seac air tru Bígí bhunú RR aorf thua si bh . 1 9 : ac a tru V. ai an ir dh si 4-6 Agu níl ao htain 3: h, deir ach m dom fé in TIMIRE 28/07/2011 14:20 nn ó s ón F. hain a nd aSpring_2011.indd 1 ghai Se ac n mhe Deirim an Tiar ar atá droc . ea rn as ar ste na bhur na. hfho a m gCaf ht ai n fh libh cal. seal AIN é le arná 4: B áidh in go fírin ga F. T a is na irí. hí Gló um chua a dh Se ac E A FA ne ir do N D Gha la sé a raib oi fi ge ac úiche ach, m ’A ht ai n nA h go ilí O h a thai N B l, 1: ra m a le ái féin r í o th ar, r. ighe d’iarr sé ibh Íosa hac tin ri th e . cht gl ac Ta ga ig H E N E as. í, a air te tagtha n. Nua i ai gí DIC atá TU acht ir lu se ilb PA I go D agus dtí an h ar ch t be S M ol R E A an na am C an hac ith e Trín ad h le H A : D a bh é tslá ás ré hÍ os a, L u a i na n 1 itigh ár F. Tr ithe. Sl án & Í3OSÁNACH G sé dú FOILSEACHÁN chos eoraig uímis: ai th inn án na h do beal eo ir. ach fíor- phob an bhea al, a tha. Thia rna, ar

Mi na Samhna 2011

Go gcuirtear eolas agus meas ar na hEaglaisí Oirthearacha mar thaisce spioradálta don Eaglais ar fad.

Comorádh 100 bliain an Timire 1911-2011

TIMIRE february.indd 1

28/07/2011 14:22

Mí na Nollag 2011

an Chroí Naofa

Go bhfása na náisiúin go léir i gcómhuintearas agus sa tsíocháin trí thuiscint agus meas a thabhairt dá chéile.

TIMIRE template layout.indd 1

2011_TIMIRE Special Edition.indd 56

GEIMHREADH 2009

€ 2.50/Stg£2

28/07/2011 14:27

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

TIMIRE dec_2010.indd 1

an Chroí Naofa GEIMHREADH 2010 / 2011

€ 2.50/Stg£2

28/07/2011 14:28

25/08/2011 12:28


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.