2011 Ard-Fheis

Page 1



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

LTH.

TREOIR DO LEABHAR NA hARD-FHEISE 1. Na Rialacha Seasta ............................................................................................................ 2. Tuairisc an Uachtaráin .....................................................................................................

3. An Eagraíocht:

3.1. Na Coistí agus Ionadaíocht .................................................................................

3.2. An Fhoireann .........................................................................................................

5 6 11 12

3.3. An Tinreamh ar Chruinnithe de na Coistí Ceannais ....................................... 13 3.4. Tuairisc na hEagraíochta ...................................................................................... 14

3.5. Tuairisc Timireachta .............................................................................................. 22 3.6. Na Cuntais Airgid 2010 ........................................................................................ 24 3.7. Bailiúchán Náisiúnta 2010 ...................................................................................

32

3.8. Síntiús na nGael ..................................................................................................... 34 3.9. Achainí an Cheann-Árais ..................................................................................... 34

3.10. Comhbhrón ..........................................................................................................

4. Tuairiscí na dTograí

34

4.1. Tuairisc An Clár As Gaeilge ................................................................................... 37

4.2. Tuairisc Gael-Fhorbairt na Gaillimhe ..................................................................... 38 4.3. Tuairisc Gaeilge Locha Riach .................................................................................. 41 4.4. Tuairisc Scéim an Aonaigh .................................................................................... 43 4.5. Tuairisc Togra Mhaigh Eo ....................................................................................... 44

5. Tuairisc Clódhanna Teoranta .............................................................................................. 47 6. Tuairiscí na nEagraíochtaí faoi Scáth an Chonartha:

6.1. Tuairisc Seachtain na Gaeilge Teo ..........................................................................

6.2. Tuairisc Oireachtas na Gaeilge ...............................................................................

48 49

6.3. TuairiscAn Coimisiún le Rincí Gaelacha ................................................................ 52 6.4. Tuairisc Ógras ........................................................................................................ 54

7. Ainmniúcháin do na Toghcháin 2011 ............................................................................ 56

8. Rúin na hArd-Fheise 2011 ...............................................................................................

9. Torthaí Ghlór na nGael 2010 ...........................................................................................

60 67

10. Miontuairiscí Ard-Fheis 2010, Luimneach .................................................................. 69

11. Sonraí Teagmhála ........................................................................................................... 81 12. Uachtaráin Chonradh na Gaeilge ................................................................................. 82 Le cabhair ó: Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

3


CAOL DÍREACH go ceann scríbe!

Ní gá dul amú a thuilleadh Tá bealach glan romhat Pé eolas atá uait faoin nGaeilge agus a mbaineann léi éascóidh www gaeilge ie do thuras

Féach go speisialta inneall fógraíochta NASC áit gur féidir leat: • cúrsa/ imeacht a fhógairt nó a iarraidh • do shainspéis a chlárú (chun nod a fháil nuair a bhíonn eolas nua faoi ar an suíomh) nó • a bhfuil ar fáil i do cheantar féin a chuartú Tabhair cuairt agus glac páirt sa Chíbear ghaeltacht inniu!

do nasc leis an teanga

No roundabouts here Let the information superhighway take you where you want to go with the Irish language Just log on to www gaeilge ie for the quickest route to the information you need

Check out the NASC classified ads where you can: • post an ad to request or advertise a course/ event • register your area of interest to get alerts when new info is posted or • search for what’s available in your neighbourhood And much more It’s never been easier to connect with the Cyber gaeltacht!

your link to the language

T: / (T É ) R: eolas@forasnagaeilge ie


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

1. NA RIALACHA SEASTA 1. Cúig nóiméad don té a mholann rún. Trí nóiméad don té a chuidíonn leis an rún. 2. Níl cead ag aon duine eile labhairt níos faide ná trí nóiméad. 3. Níl cead ag aon duine labhairt faoi dhó i dtaobh na ceiste céanna ach amháin an té a mholann rún. 4. Níl cead ag teachta athrá a dhéanamh ar chaint a thug teachtaí eile cheana féin. 5. Is é 35 teachta a bheidh mar líon gnó le linn na hArd-Fheise. 6. Ní cheadaítear rún ar bith nach bhfuil luaite ar an gclár a phlé muna gcuirtear na Rialacha Seasta ar leataobh. 7. Chun na Rialacha Seasta a chur ar leataobh ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vóta a chaitheamh ar a thaobh sin.

8. Ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vótáil ar son rúin phráinní, a phléifear faoi riail 6, le go nglacfar leis mar rún. 9. Beidh aon rún a bhainfidh le hairgeadas, rún práinneach a phléifear agus a ghlacfar leis faoi rialacha 6 agus 7 ina measc, mar mholadh seachas mar threoir don Choiste Gnó nua le cur i bhfeidhm laistigh d'acmhainní na heagraíochta. 10. Beidh cead labhartha ag iar-Uachtaráin an Chonartha. 11. Muna bhfuil ar chumas teachta a bheith i láthair chun rún dá c(h)uid a mholadh ní foláir dó nó di é sin a chur in iúl don ArdOifig roimh ré agus ní foláir dó nó di teachta eile a fháil chun an rún sin a mholadh agus é sin a cheadú i scríbhinn. Muna ndéantar amhlaidh titfidh gach rún nach molfar dá réir seo. 12. Ní ceadmhach leasú a mholadh ar rún má athraíonn sé spiorad an rúin.

COISTE GNÓ CHONRADH NA GAEILGE 2010-11

Chun tosaigh ó chlé: Seán Ó Drisceoil, Peadar de Blúit, Niall Comer, Celine Ní Chóchlaigh, Máire Ní Laoire, Jacqueline Uí Mhuirí. Dara sraith ó chlé: Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí; Aodhán Ó Deá, Seán Ó hAdhmaill, Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán; Donnchadh Ó hAodha, Tánaiste. Tríú sraith ó chlé: Breandán Ó Cathasaigh, Mícheál Ó Ruairc, P.T. Mac Ruairí, Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta; Breandán Mac Fhionnghaile. Ar chúl ó chlé: Cathnia Ó Muircheartaigh, Stiofán Ó Móráin, Eoghan Mac Cormaic, Mícheál Ó Raghallaigh, Cóilín Ó Cearbhaill.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

5


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

2. TUAIRISC AN UACHTARÁIN 2011 A chairde na Gaeilge, Fáiltím

romhaibh

ag

Ard-Fheis

Chonradh na Gaeilge anseo san Óstán

Killashee i Nás na Ríogh.

Tréimhse chinniúnach don Ghaeilge agus

don stát féin atá ann. In ainneoin tacaíocht traspháirtí a bheith ag an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, is léir

ónar tharla sa tréimhse roimh an olltoghchán nach aon bhóithrín réidh atá

romhainn. Is léir go bhfuil gá níos mó ná riamh le heagraíocht láidir Ghaeilge,

doimhin-bhunaithe ar fud an phobail. Is

léir go bhfuil gá níos mó ná riamh le Conradh na Gaeilge.

Tá cúiseanna againn le bheith dóchasach, ámh. D’éirigh linn dul i bhfeidhm ar an

bpobal le linn an olltoghcháin. D’éirigh

linn a léiriú don saol polaitiúil go bhfuil vótaí le fáil as tacú lenár dteanga uasal

shinseartha. Níl vótaí le gnóthú as í a

ionsaí. I gcomhar lenár gcairde i ngach páirtí

polaitíochta,

gcomhshaoránaigh

thiar

agus

agus

lenár

thoir,

d’éirigh linn a léiriú nach ndíbreofar an tseoid luachmhar seo go duibheagán na

díchuimhne.

Chruinníomar ár misneach, agus bhailío-

mar chugainn comhghuaillithe na tean-

ga. Bhíomar i dteagmháil lena chéile agus i gcomhchomhairle lena chéile.

6

Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

D’áitíomar ár gcás ar dhaoine ar theast-

aigh uathu a bheith ina rialtóirí ar an tír.

D’fhéachamar chuige go raibh cás na

teanga ina ghné bheo den agallamh

polaitiúil.

Mar a dúras an tráth seo anuraidh, táimid anseo, agus beimid anseo. Sinne

an pobal teanga is seanda agus is leanúnaí in iarthuaisceart na hEorpa. Ní ar ár

son féin amháin atáimid ag feidhmiú, ach ar son na daonnachta, ar son na staire, ar

son na litríochta, ar son an cheoil, ar son na sibhialtachta i gcoitinne.

Dhá ghlúin ó shin, tráth go raibh ár

bpobal in ísle brí toisc teip eacnamaíoch

na gcaogaidí, chuathas i mbun a áitiú

orainn nár chun leasa na hintinne Éirean-

naí é an Ghaeilge a chothú ná a fhogh-

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge




Conradh na Gaeilge

laim.

Úsáideadh

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

síceolaíocht

eas-

namhach lena chruthú go mba dhochar

oideachais a dhein múineadh an dara

teanga, an Ghaeilge, d’aos óg na tíre.

Ní hamhlaidh atá in aon chor, mar is eol

dúinn

ó

dhea-chaighdeáin

na

Gaelscolaíochta, agus níl beart níos

daonna ná cur le do chumas teanga.

Gabhann sé chun tairbhe anama agus

intleachta.

Is gá dár gceannairí é sin a choimeád in

Ní bheamna inár dtost. Tá ár scéal féin le

hinsint againn, tá ár bpobal le misniú

againn. Tá seoid luachmhar le slánú

againn ar son an phobail uile. Tá gá níos mó ná riamh, sa saol casta trasnáisiúnta

atá le caitheamh againn, le heagraíocht phobail a chuireann go láidir ar son na teanga. Déanfam an beart.

Mar fhocal scoir, tréaslaím a gceapacháin

le Jimmy Deenihan mar Aire, agus le Dinny McGinley mar Aire Stáit. Is ábhar

sásaimh dúinn go mbeidh Aire atá frea-

aigne agus iad i mbun sinn a threorú tríd

grach as an nGaeltacht ag Bord an

orainn. Ní beo do phobal gan a scéal féin,

mbun oibre ar son na Gaeilge leo araon.

feadh dhá mhíle bliain. Níl deireadh leis

bhféachfaí chuige, mar ábhar práinne, go

an ngéarchéim eacnamaíochta atá buailte

agus is i nGaeilge a insíodh ár scéalta ar an scéal sin go fóill, agus ní bheidh.

Dhá ghlúin ó shin a saolaíodh leabhar le

Seán de Fréine, inar deineadh cúram

intleachta den cheangal idir tréigean na

Rialtais, agus táimid ag tnúth le dul i Mar a thuigeann siad, níor mhiste go

ndéanfaí iniúchadh cuimsitheach ar thea-

gasc na Gaeilge ag an mbun agus ag an

iarbhunleibhéal, agus bunaithe ar an taighde,

go

dtabharfaí

treoir

don

Chomhairle Náisiúnta Measúnachta is

teanga agus ár n-easpa dul chun cinn

Curaclaim (CNCM) siollabais nua a

saoirse a bheith chomh mór gan só? Tá sé

neadh i gcás na matamaitice.

eacnamaíoch: cén fáth gur tharla ár gcuid

in am breathnú arís ar The Great Silence.

Níor tugadh an aird riamh air a bhí tuillte aige mar leabhar.

Ar an mórchóir fágadh scríobh ár scéal

phíolótú agus a dhearadh, mar a rin-

Ar mo shon féin, ag deireadh mo

thréimhse

mar

uachtarán

sibh orm.

riaracháin Shasana in Éirinn a bhrea-

Mairfidh ár nGaeilge slán!

sin

a

n-oireann

dóibh

stair

cadh. Bhíothas, agus táthar fós, i dtost faoin tubaiste shíceolaíoch a bhain le cúlú na teanga Gaeilge.

an

chas ó chroí libh as an onóir a bhronn

faoi staraithe scoil Peterhouse, agus fúthu

ar

eagraíocht stairiúil seo, gabhaim buío-

Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Conradh na Gaeilge

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

9



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

3. AN EAGRAÍOCHT 3.1. COISTÍ AGUS IONADAÍOCHT An Coiste Gnó Tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Gnó nua ar 29 Bealtaine 2010 agus toghadh Donnchadh Ó hAodha mar Thánaiste ar an gConradh ag an gcruinniú sin. Comhthoghadh Aodán Ó Sé, Brian Ó Baoill agus Seán Ó Daimhín ar an gCoiste Gnó. Reáchtáladh 7 gcruinniú de Choiste Gnó an Chonartha ó Ard-Fheis 2010 go 05/03/11.

An Buanchoiste Tionóladh an chéad chruinniú den Bhuanchoiste nua ar 18 Meán Fómhair 2010. Bhí 7 gcruinniú den Bhuanchoiste ó ArdFheis 2010 go dtí 05/03/11. Seo a leanas baill an Bhuanchoiste: An tUachtarán: Pádraig Mac Fhearghusa An Tánaiste: Donnchadh Ó hAodha Baill ceaptha ag an gCoiste Gnó: Cóilín Ó Cearbhaill, P.T. Mac Ruairí, Máire Ní Laoire, Celine Ní Chóchlaigh, Aodhán Ó Deá.

Fochoistí Is iad seo a leanas na fochoistí de réir mar a rangnaíodh iad ag an gCoiste Gnó i mbliana: • Oideachas: Leachlain Ó Catháin • Gaeltacht: Brian Ó Baoill • Bolscaireacht: P.T. Mac Ruairí. • Plean Straitéiseach trí bliana: Donnchadh Ó hAodha •Bailiú Airgid: Seán Ó hAdhmaill •Teicneolaíocht: Cóilín Ó Cearbhaill

Ionadaíocht Is iad seo a leanas na hionadaithe thar ceann an Choiste Ghnó a ainmníodh ar eagraíochtaí agus ar choistí éagsúla i rith na bliana:

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge An tUachtarán, Pádraig Mac Fhearghusa An tArd-Rúnaí, Julian de Spáinn (Ionadaí) Coiste Oideachais Fhorais na Gaeilge Julian de Spáinn, Ard-Runaí

Coiste Stiúrtha Ógras Cóilín Ó Cearbhaill, Aodhán Ó Deá

Seachtain na Gaeilge Teo. Stiúrthóirí: Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán agus Peadar de Blúit

Coiste Náisiúnta an Oireachtais Seisear ball 1 bhliana: Aodhán Ó Deá; Cóilín Ó Cearbhaill; Donnchadh Ó hAodha; Stiofán Ó Móráin; Máire Ní Laoire; Jacqui Uí Mhuirí. Beirt Ionadaithe thar ceann an Choiste Gnó: Mícheál de Mórdha; Seán Ó Luanaigh.

Cúigear ón bpainéal molta ag Buanchoiste an Oireachtais: Bríde de Róiste; Darren Ó Ceallaigh; Proinsias Mac a’ Bhaird; Mairéad Mhic Dhonncha; Máire Uí Shíthigh.

Na Naíonraí Gaelacha Máire Ní Laoire

Clubanna Chonradh na Gaeilge Baile Átha Cliath: Peadar de Blúit Gaillimh: Jacqueline Uí Mhuirí

Foras Éireann P.T. Mac Ruairí.

An Fhéile Phan-Cheilteach Mícheál Ó Raghallaigh.

Coiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana Seán Ó Drisceoil

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

11


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Ríonach Ní Scolaí,

3.2. AN FHOIREANN Ceann-Áras an Chonartha Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí agus Timire Náisiúnta Síne Nic an Ailí Feidhmeannach Forbartha agus Oifige Brenda Ní Ghairbhí Feidhmeannach Forbartha agus Ard-Oifige Máiread Seoighe, Oifigeach Cléireachais Sinsearach Máire Ní Dhuiginn, Oifigeach Cléireachais/Fáilteoir Aodhán Ó Deá, Comhordaitheoir na Mac Léinn An Siopa Leabhar Daragh Ó Tuama, Oifigeach na bhFoilseachán Cian Taaffe, Cúntóir Máire Ní Laoi, Cúntóir An tOireachtas Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Máirín Nic Dhonnchadha, Riarthóir Emer de Barra, Oifigeach Forbartha Loretta Ní Churraighín, Feidhmeannach Ógras Maedhbh Ní Dhónaill, Riarthóir 12

Oifigeach Forbartha Chúige Uladh

Breanda Ní Chonaire-Droighneáin,

Oifigeach Forbartha Chúige Chonnacht Risteard Ó Fuaráin,

Oifigeach Forbartha Chúige Mumhan Aisling de Barra - Taaffe Oifigeach Cléireachais

Seachtain na Gaeilge Teo. Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir

Caitríona Bairéad

Oifigeach Riarcháin

An Coimisiún le Rincí Gaelacha

Máire Ní Threasaigh - Mhic Riocard, Bainisteoir

Lisa Gatti,

Feidhmeannach

Lily McGovern, Scrúduithe

Colin Forbes, Cuntais

Tograí Forbartha

Áine Ní Iarnáin / Baba Ní Fhlatharta

Stiúrthóir, Togra Ghael-Fhorbairt na Gailllimhe

Ruth Ní Shiadhail

Oifigeach Forbartha, Togra Ghaeilge Locha Riach

Breandán Mac Fhionnghaile

Stiúrthóir, Togra An Clár As Gaeilge Brídín Ní Cheallaigh

Stiúrthóir, Togra Mhaigh Eo

Kim Ní Mhaolchatha

Stiúrthóir, Togra an Aonaigh Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

3.3. AN TINREAMH AR CHRUINNITHE DE NA COISTÍ CEANNAIS TINREAMH AN CHOISTE GHNÓ 2010/11 Ainm an Bhaill Pádraig Mac Fhearghusa Donnchadh Ó hAodha Annraí Mac Seoigh / Eibhlín Uí Mhorónaigh Aodán Ó Sé Aodhán Ó Deá Breandán Mac Fhionnghaile Breandán Ó Cathasaigh Brian Ó Baoill Cathnia Ó Muircheartaigh Celine Ní Chóchlaigh Clár Ní Shionóid Cóilín Ó Cearbhaill Eoghan Mac Cormaic Jacqueline Uí Mhuirí Leachlain Ó Catháin Máire Ní Laoire Máire Uí Ghairbhí Aedín Uí Mhaoildéidigh Micheál Ó Raghallaigh Micheál Ó Ruairc Niall Comer Peadar de Blúit Ruadhán Mac Aodháin Seán Ó hAdhmaill Seán Ó Daimhín Seán Ó Drisceoil Stiofán Ó Móráin Tomás Mac Ruairí

TINREAMH AN BHUANCHOISTE 2010/11 Ainm an Bhaill Pádraig Mac Fhearghusa Donnchadh Ó hAodha Aodhán Ó Deá Celine Ní Chóchlaigh Cóilín Ó Cearbhaill Máire Ní Laoire Tomás Mac Ruairí

29/05/10 03/07/10 18/09/10 30/10/10 08/01/11 05/02/11 05/03/11 x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x

x x x x

x

x x

x

x

x x x

x x

x x x x

x

x

x x x

x x x

x

x

x x x

x x x

x

x

x

x

x x x x

x x x x x x

x x x

x

x

x

x

x

x

x

18/09/10 09/10/10 29/10/10 13/11/10 08/01/11 05/02/11 05/03/11 x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

Iomlán 7 7 1 4 6 7 6 4 4 4 0 7 2 3 5 6 2 2 4 4 2 6 1 3 2 7 1 5

Iomlán 6 7 6 5 7 5 6

13


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

3.4. TUAIRISC NA hEAGRAÍOCHTA Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann. Is eagraíocht uile-Éireann an Conradh a ghníomhaíonn ar bhun 32 chontae agus ar fud na cruinne ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus líon mór ball aonair atá fós ag fás go leanúnach. Bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, agus níorbh aon eisceacht í obair na bliana seo. Seo a leanas príomhbheartais a dhírigh an eagraíocht orthu ó bhí an Ard-Fheis dheireanach ann i mí Aibreáin 2010:

AN SIOPA LEABHAR Tar éis do Mháire Ní Laoi dul ar scor um dtaca seo anuraidh, thosaigh Daragh Ó Tuama ag obair mar Bhainisteoir ar Shiopa Leabhar Chonradh na Gaeilge go luath i ndiaidh ArdFheis 2010 agus tháinig Cian Taaffe i gcabhair air mar Chúntóir i mí Lúnasa 2010. Ó shin i leith, táimid ag obair as lámha a chéile chun córas ordaithe ar-líne níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm don Siopa Leabhar agus chun poiblíocht níos fearr a dhéanamh ar earraí an tSiopa i nuachtlitir an Chonartha agus eile.

AITHEANTAS Tháinig Conradh na Gaeilge le chéile le Glór na nGael, Comhluadar agus An Foras Pátrúnachta chun tacú le Gaelscoil Ráth Tó, Gaelscoil nuabhunaithe i Ráth Tó, Co. na Mí, nach bhfuair aitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Mheán Fómhair 2010, agus chun díriú ar an éileamh náisiúnta atá ann don oideachas lánGhaeilge. D'éirigh leis an bhfeachtas Gaelscoil nua a fháil do mhuintir na Mí i gCill Dhéagláin. Tá ardmholadh ag dul do gach duine a thug tacaíocht agus cúnamh airgid don fheachtas. Tá Aitheantas 14

Seoladh Ghaelscoil Ráth Tó

fós ag obair lámh i lámh lena chinntiú go núsáideann An Roinn Oideachais agus Scileanna soláthar an Ghaeloideachas mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do gach scoil nua amach anseo. AIGHNEACHTAÍ Seo a leanas na haighneachtaí a d’ullmhaíomar idir Aibreán 2010 agus Márta 2011:

An Chéad Scéim: • Raidió Teilifís Éireann • Tithe an Oireachtais

An Dara Scéim: • An Bord Pleanála • An Bord um Chúnamh Dlíthiúil • An Foras Riaracháin • An Phríomhoifig Staidrimh • Coiste Gairmoideachais Chathair Átha Cliath • Comhairle Cathrach Chorcaí • Comhlacht Chrannchur Náisiúnta an Phoist • Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn • Oifig an Ard-Aighne & Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit • Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath • Oifig na nOibreacha Poiblí • Teagasc • Údaráis Áitiúla an Chláir • Údaráis Áitiúla Chorcaí

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Eile: • An Coimisiún Logainmneacha - Ordú Logainmneacha do Bhaile Átha Cliath • An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha - RTÉ • An Roinn Forbartha Réigiúnaí Thuaisceart Éireann - Comharthaí Bóthair Dátheangacha • An Roinn Oideachais agus Scileanna Athbhreithniú ar Luach Airgid um Bhunscoileanna Beaga • Comhairle Cathrach Doire - Beartas Gaeilge • Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine - Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann • Translink - Scáileáin Cheannscríbe Dhátheangacha • Údarás Craolacháin na hÉireann - Forbairt Ráitis Straitéise 2011 - 2013 • Údarás Náisiúnta Iompair, Bus Átha Cliath, Córas Iompair Éireann agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - An tSeirbhís Eolais um Am Teachta Bus

BAILIÚCHÁN NÁISIÚNTA 2011 Sa bhreis ar obair iontach na gcraobhacha agus na gcoistí contae áitiúla, chabhraigh Gaelscoileanna, clubanna CLG agus craobhacha Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) áitiúla le Bailiúchán Náisiúnta Chonradh na Gaeilge arís i mbliana. Tá airgead fós ag teacht isteach ó na ceantair éagsúla ach ár mbuíochas le chuile duine a ghlac páirt sa Bhailiúchán i mbliana.

CÚRSAÍ GAEILGE Tá fás ag teacht ar líon na gcúrsaí Gaeilge atá á thairiscint ag Conradh na Gaeilge timpeall na tíre i gcónaí. Sa bhreis ar chúrsaí ullmhúcháin don agallamh Gaeilge do chúrsa iarchéime na bunmhúinteoireachta agus cúrsaí lae do dhaltaí ag ullmhú don scrúdú cainte Ardteiste, tá tús curtha againn le cúrsa ullmhúcháin seachtaine do mhuintir na hArdteiste i mbliana. Tá deacrachtaí ann daoine a mhealladh chun airgead a chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus an geillea-

gar mar atá faoi láthair, ach tá na deacrachtaí sin á shárú againn le lascainí maithe d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine dífhostaithe agus do dhaoine scothaosta. Tá dianchúrsaí samhraidh agus ranganna oíche rialta a chloínn le siollabas Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) de chuid Ollscoil na hÉire-

Mairéad Uí Mhaonaigh & rinceoirí Gaelacha ag seoladh Tionscadal 16 ar Shráid Uí Chonaill

ann, Má Nuad, fós idir lámha againn in ionaid éagsúla ar fud na tíre, agus go deimhin tá spéis sna cúrsaí ag leathnú ar fud an domhain chomh fada siar le Nua Eabhrac mar shampla. Tá ag éirí thar cionn leis an gcóras clárúcháin ar-líne tríd an suíomh lárnach ag www.cnag.ie freisin, agus ní gá ach teagmháil a dhéanamh le brenda@cnag.ie más mian spéis le do Chraobh ranganna a chur ar siúl, nó más mian leat go mbeadh daoine in ann clárú do ranganna do Chraoibhe ar an suíomh freisin.

DAONÁIREAMH 2011 Sheolamar feachtas le déanaí chun pobal na Gaeilge a spreagadh leis an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a ghlacadh agus Daonáireamh 2011 á reáchtáil ar an 10 Aibreán 2011, áit go ndéanfar gach duine agus na teaghlaigh ar fad sa tír a áireamh ar an oíche sin. Comóradh céad bliain atá ann i mbliana ó bhí feachtas Áireamh na nDaoine, 1911 ar bun ag Conradh na Gaeilge agus tá súil againn go spreagfaidh feachtas na bliana seo líon i bhfad níos mó de phobal na Gaeilge chun leas a bhaint as an bhfoirm i nGaeilge i nDaonáireamh 2011.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

15


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

GLAC LEIS Tá Comhordaitheoir na Mac Léinn fostaithe ag Conradh na Gaeilge, Comhluadar, Glór na nGael, Seachtain na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) le bliain anuas chun an Ghaeilge a spreagadh i measc daoine óga, agus chun iad a chur ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip mar chuid den bhfeachtas feasachta Glac Leis. Thugamar faoi chamchuairt chuig coláistí samhraidh ar fud na tíre arís an samhradh seo caite chun ceardlanna spraíúla spreagúla Glac Leis a reáchtáil leis na cinnirí iontu, agus chun labhairt leis na scoláirí ar fad faoi na buntáistí a bhaineann le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa, agus faoi na seirbhísí atá siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí sa bhaile in Éirinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. D'éirigh linn cuairt a thabhairt ar tuilleadh meánscoileanna agus coláistí tríú leibhéil mar chuid den bhfeachtas i mbliana, agus tá súil againn go n-éireoidh linn freastal ar fiú níos mó arís sa bhliain amach romhainn.

IONAD SAOR-CHOMHAIRLE DLÍ Táimid ag obair i gcomhpháirt leis an eagraíocht chearta daonna chun seirbhís dlí in aisce a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus anois i gCorcaigh freisin ar an chéad Chéadaoin den mhí arís i mbliana. Bíonn an tIonad Saor Chomhairle Dlí ar siúl le habhcóidí ó Chraobh na gCeithre Chúirt de Chonradh na Gaeilge agus tá súil againn tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tseirbhís seo sa bhliain atá romhainn.

IS LEOR BEIRT Tá líon na gciorcal comhrá atá ag clárú le gréasán náisiúnta Is Leor Beirt de chuid Chonradh na Gaeilge ag fás de réir a chéile, agus tá súil againn an feachtas a athsheoladh arís go luath le tuilleadh poiblíochta a ghiniúint dó. Tá súil againn freisin ciorcal comhrá míosúil a bhunú as an nua i dTeach

16

Gaelchárta 2010

Laighean arís, anois go bhfuil rialtas nua tofa le déanaí. Cabhróidh sé seo le Teachtaí Dála agus le Seanadóirí araon feabhas a chur ar a gcuid Ghaeilge, ionas go mbeidh sé de mhuinín acu í a labhairt sna Tithe Oireachtais amach anseo.

MEÁIN CHUMARSÁIDE Tá Conradh na Gaeilge ag soláthar colún dar teideal Cúpla Focal dírithe ar fhoghlaimeoirí na teanga sa bhforlíonadh seachtainiúil Foinse leis an Irish Independent gach Céadaoin. Scríobhann An Timire Náisiúnta alt don Galway Advertiser gach seachtain freisin agus cuireann Raidió Rí-Rá colún PopNuachta ar fáil don nuachtán náisiúnta Gaelscéal gach Aoine.

Tá ag éirí go han-mhaith le feachtas na litreacha i mbliana chomh maith, áit go bhfuil sonraí teagmhála againn do liosta daoine atá sásta litir scríobh chuig eagarthóir aon nuachtán a fhoilsíonn alt frith-Ghaeilge. Ár mbuíochas do chuile daoine a chabhraigh leis an bhfeachtas go dtí seo agus más mian leat páirt a ghlacadh sa bhfeachtas amach anseo, ní gá ach do shonraí teagmhála a chur ar aghaidh go nuacht@cnag.ie.

Thugamar faoi phreasráiteas amháin a eisiúint in aghaidh na seachtaine, rud atá ag cabhrú le próifíl na heagraíochta a ardú i measc na meán agus an phobail araon, agus bhí giota ar an gConradh agus ár bpríomhfheachtais san iris Sult a foilsíodh

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

mar fhorlíonadh den Irish Daily Star arís i mbliana le linn Sheachtain na Gaeilge 2011. Is iomaí agallamh atá déanta le TG4, RTÉ, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte, Near FM, Raidió na Life agus eile i gcaitheamh na bliana agus forbairt leanúnach á déanamh againn ar bhranda an Chonartha ar-líne trí Facebook, Twitter, Bebo, An Líonra agus ar shuíomh lárnach na heagraíochta ag www.cnag.ie i gcónaí. Bíonn líon mór daoine ag clárú craoibhe, mar bhall aonair, don nuachtlitir mhíosúil, agus do na ranganna tríd an suíomh seo agus bíonn muid ag cur leis an ábhar air go leanúnach. D'éilíomar go mbeadh cluichí áirithe de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael, Coirn Rugbaí Heineken agus Féile Cheltenham saor le craoladh, agus céatadán ar leith den tráchtaireacht ar na himeachtaí saor-le-craoladh céanna i nGaeilge freisin.

OIDEACHAS Sa bhreis ar soláthar dóthanach Gaelscoileanna a lorg tríd an bhfeachtas Aitheantas, chinn Conradh na Gaeilge, roinnt eagraíochtaí Gaeloideachais, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Gael-Linn, Gaelscoileanna agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tabhairt faoi shuirbhé Ipsos MRBI a dhéanamh a léireodh meon an phobail i leith na Gaeilge mar ábhar scoile i mí Iúil 2010. D'eascair an suirbhé seo as imní na neagraíochtaí faoi mholtaí Fhine Gael chun ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta. Bhí léargas á lorg ar an tacaíocht atá ann don Ghaeilge i measc an phobail agus ar an tábhacht a bhraitheann daoine a bhaineann léi do dhaoine óga an lae inniu, agus torthaí dearfacha i leith na Gaeilge is mó a tháinig ón suirbhé sin. Sna sála ar fhoilsiú na dtorthaí seo, thug Conradh na Gaeilge faoi fheachtas stocaireachta i gcomhpháirt le Guth na Gaeltachta agus eagrais Ghaeilge eile roimh Olltoghchán 2011 ag éileamh deimhnithe ó

gach páirtí polaitíochta go gcoimeádfaidís an Ghaeilge mar chroí-ábhar Ardteiste go ndéanfadh gach mac léinn staidéar air dá dtoghfaí iad (féach thíos). Glacadh le moltaí an Chonartha maidir leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 maidir le hoiliúint múinteoirí; múineadh ábhar amháin eile sa

Lá Stocaireachta 2010: An tAire Stáit Dinny McGinley TD; An Taoiseach Enda Kenny, TD; Éamonn Mac Niallais; agus Peadar Mac Fhlannchadha

bhreis ar an nGaeilge trí Ghaeilge sa bhunscoil; agus go mbeadh príomhról ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil oideachais freisin.

OLLTOGHCHÁN 2011 Rinneamar stocaireacht ar na polaiteoirí uile maidir le cúrsaí Gaeilge roimh Olltoghcháin 2011 i Márta 2011, ag cinntiú go mbeadh gach páirtí polaitiúil ag tacú leis an éileamh go gcoinneofaí an Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a dhéanfadh gach mac léinn staidéar uirthi, agus go n-athrófaí an tslí a mhúintear agus a fhoghlaimítear an Ghaeilge go suntasach amach anseo. Chuige seo, thug Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta cuireadh do na páirtithe leasmhara teacht le chéile leis an gceist a phlé ag cruinnithe ar fud na tíre i mí Eanáir agus Feabhra 2010. Airíodh eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, agus eagraíochtaí Gaeltachta i measc na ngrúpaí ionadaíochta a d'fhreastail ar na cruin-

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

17


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

nithe éagsúla, agus léirigh na cruinnithe go raibh pobal na Gaeilge aontaithe le chéile go háirithe ar cheist na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste. D'imigh stiúrthóirí na ndáilcheantar éagsúla i dteagmháil leis na hiarrthóirí áitiúla agus d'iarr ar an bpobal tacú leis na polaiteoirí a bhí sásta seasamh leis an nGaeilge amháin. D'imigh an feachtas i gcionn go mór ar an bpobal agus ar na polaiteoirí araon, agus anois go bhfuil Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht le chéile, tá plé leanúnach ar siúl leo maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Cillian de Búrca agus Gina Ní Chathasaigh ag fógairt fheidhmchlár Raidió Rí-Rá ar an iPhone

RAIDIÓ RÍ-RÁ D’éirigh le Raidió Rí-Rá ainmniúchán a fháil i mBarr 50 Gnó le Gaeilge 2010 agus tá an cairtstáisiún Gaeilge do dhaoine óga ag dul ó neart go neart gach bliain. Le cabhair oibrithe deonacha agus beirt atá ar thaithí oibre 9 mí ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, tá scei18

deal de chláracha beo á gcraoladh ar-líne ag www.rrr.ie gach oíche den tseachtain agus gach tráthnóna Aoine. Is bealach í seo chun an lucht éisteachta a mhealladh chun páirt níos idirghníomhaí a ghlacadh sa stáisiún - trí theachtaireachtaí téacs, feidhmchlár iPhone an stáisiúin, Facebook, Twitter agus ar shuíomh an stáisiúin féin. Ní hamháin sin ach d'eisíomar Albam Rí-Rá i gcomhar leis an Irish Daily Star i mbliana le scoth an phopcheoil i nGaeilge le cloisteáil air, amhráin ó The Coronas, The Rubberbandits, Heathers agus Fox Avenue ina measc. Sa bhreis ar an albam seo agus podchraoltaí in aisce ar fáil le híoschóipeáil ón suíomh, is áis é Raidió Rí-Rá d'idir dhaltaí scoile agus mhúinteoirí, fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa na Gaeilge, chun sult agus tairbhe a bhaint as an teanga. Bhíomar ag craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh arís le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta le linn Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta 2011 freisin agus reáchtálamar comórtas Cath na mBannaí 2011. Bhí an stáisiún le feiceáil ar an gclár Winning Streak agus ghlac an fhoireann páirt i gclár speisialta don Skyfest le linn Fhéile Lá 'le Phádraig ar an 19 Márta 2011 chun tuilleadh poiblíochta a ghiniúint don stáisiún i measc an aosa óig.

STOCAIREACHT D’eagraíomar lá stocaireachta agus eolais i gcomhar le Guth na Gaeltachta don dara bliain as a chéile ar an 06 Deireadh Fómhair 2010. D’éirigh thar cionn leis an lá arís i mbliana, áit gur fhreastail idir Sheanadóirí agus Theachtaí Dála ó gach páirtí ar an ócáid agus go raibh deis acu cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe óna ndáilcheantar féin roimh Cháinaisnéis 2010. Tá stocaireacht leanúnach á déanamh againn i leith cheist reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh agus Acht Gaeilge ceartbhunaithe, cuimsitheach á lorg againn do Thuaisceart Éireann.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Tá stocaireacht leanúnach ar siúl againn le comhstádas a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha agus le comhionannas a chinntiú don Ghaeilge i gcóras códphoist na hÉireann, idir chruinnithe agus cheisteanna Dála leanúnacha tríd an bhliain. Molamar freisin gur chóir scéim earcaíochta a cheapadh don tseirbhís phoiblí, le béim ar earcaigh dhátheangacha inniúla a fhostú, sna sála ar thuairisc an Choimisinéara Teanga a dúirt go raibh titim 50% de dhaoine inniúil sa Ghaeilge atá in ann seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil don phobal sa Roinn Oideachais agus Scileanna ó bhí 2003 ann.

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE Sa bhreis ar an lá stocaireachta agus eolais thuasluaite, is mór an obair a bhí agus atá idir lámha againn maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais arís i mbliana. D'eagraíomar seimineár ar an ábhar Céard is Gaeltacht sa 21ú Aois? i bpáirt le Guth na Gaeltachta mar chuid den Tionól Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Iúil 2010, áit gur dhíríomar ar chuid d’fhadhbanna an cheantair Ghaeltachta agus inár scrúdaíomar staid na nGaeltachtaí trí chéile, ag caitheamh súil ar an tsamhail Ghaeltachta a bhí luaite i nDréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais ag an am.

Bhí dlúthbhaint ag Conradh na Gaeilge leis an bplé a bhí ann agus Fochoiste an Chomhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag ullmhú moltaí maidir leis an Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tuairisc chuimsitheach a foilsíodh i mí Iúil 2010 freisin.

D’eagraíomar Seimineár Chonradh na Gaeilge 2010 ag Oireachtas na Gaeilge ar an 30 Deireadh Fómhair 2010 inár fhiafraíomar arbh í Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Réiteach an Scéil? Labhair Pádraig Ó hAoláin,

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG); agus Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar, ag an seimineár Oireachtais agus rinne Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha, cathaoirleacht ar an ócáid. Tá plé leanúnach againn leis an Rialtas maidir le neartú agus cur i bhfeidhm na Straitéise ina hiomláine go fóill.

TIMIREACHT Tá obair leanúnach ar siúl againn chun craobhacha agus baill aonair as an nua a earcú le páirt a ghlacadh san eagraíocht agus tá ag éirí go maith linn arís i mbliana, le 34 ball aonair agus 10 gcraobh úr cláraithe linn ó mhí Aibreáin na bliana seo caite.

Táimid fós ag obair go dlúth le heagrais Ghaeilge eile ar phleanáil fadtéarmach don teanga de réir chontae, agus tá Comhordaitheoir na Mac Léinn fostaithe ag Conradh na Gaeilge, Comhluadar, Glór na nGael, Seachtain na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) chun an Ghaeilge a spreagadh i measc an aosa óig ar an mbunscoil, ar an meánscoil, agus ar an gcoláiste. Déanann an Comhordaitheoir ionadaíocht thar cheann na heagraíochtaí ar fad trí bhranda na n-eagraíochtaí a chur i mbéal an phobail agus le heolas a scaipeadh faoinár gcuid oibre tríd an bhliain, ag glacadh páirte in imeachtaí dá leithéid Buntáistí Breise na Gaeilge; Siolla mar chuid d’Fhóram Óige an Chláir; Seachtain na Gaeilge Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; comhdhálacha; laethanta oscailte; agus go leor eile.

TRAENÁIL D’eagraíomar deireadh seachtaine traenála agus muintearais do na cumainn Ghaelacha

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

agus do chraobhacha ollscoile an Chonartha i mí Dheireadh Fómhair 2010, i gcomhar le Comhluadar, Seachtain na Gaeilge, Glór na nGael mar chuid de Chomórtas na gCumann Gaelach sna Coláistí Tríú Leibhéal dá chuid, agus i bpáirt le hAontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), le tacaíocht an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus Foras na Gaeilge. Tá an deireadh seachtaine traenála ag fás bliain i ndiaidh bliana, agus is léir go bhfuil gréasánaíocht idir na mic léinn ó na cumainn Ghaelacha éagsúla fud fad na tíre ag cur le comhoibriú na gcoláistí ag eagrú imeachtaí le chéile.

Tá sé beartaithe againn ceardlann traenála a chur ar siúl arís i mbliana mar chuid den ArdFheis chomh maith. Díreoidh ceardlann na bliana seo ar chúrsaí teicneolaíochta agus cumarsáide, agus feartar fáilte roimh gach teachtaí de chuid na hArd-Fheise freastal ar an gceardlann eolais seo.

IMEACHTAÍ SÓISIALTA AGUS EILE Is iomaí imeacht shóisialta agus campa samhraidh a d’eagraigh craobhacha, tograí agus foireann an Chonartha i gcaitheamh an ama ón Ard-Fheis dheireanach, ina measc Oíche Chultúir 2010 i gcomhar leis An Siopa Leabhar, Club Chonradh na Gaeilge, Comhluadar, Glór na nGael, Ógras, Oireachtas na Gaeilge, agus Seachtain na Gaeilge; An Tionól Gaeltachta 2010; oícheanta airneáin, ceoil agus scéalaíochta; turais lae; ciorcail chomhrá; seimineáir eolais; fóraim óige; léamha filíochta; Léacht Nollaig Uí Ghadhra le Gearóid Ó Tuathaigh mar chuid den Seimineár Féiniúlachta i gcomhar le Comhar agus an Mheitheal Straitéise Taighde agus Tionscnamh; ceardlanna drámaíochta agus go leor eile, go háirithe le linn Sheachtain na Gaeilge 2011. Thacaigh an Conradh le pobal na Gaeilge sna ceithre hairde ar bhealaí éagsúla tríd an mbli-

20

Tionól Gaeltachta 2010 Gaoth Dobhair

ain ar fad agus is mór againn an t-am agus an fuinneamh a thugann daoine go fial, flaithiúil don eagraíocht i gcónaí. Is am cinniúnach don teanga é agus beidh ionchur bhaill an Chonartha agus go deimhin an phobail trí chéile de dhíth leis an gConradh a chothú agus a neartú sna míonna amach romhainn níos mó ná riamh. Go leanfaidh an dea-obair ar son na Gaeilge idir seo agus Ard-Fheis 2012!

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na heagraíochtaí Gaeilge agus eile a bhíonn plé leanúnach againn leo agus atáimid ag obair i gcomhpháirt lena chéile ar chúiseanna éagsúla. Tá buíochas ollmhór ag dul chuig an Uachtarán, gach ball den Choiste Gnó, gach Craobh agus chuig gach ball eile den eagraíocht a thugann tacaíocht leanúnach don eagraíocht agus a chuireann a n-am pearsanta féin ar fáil le hobair an Chonartha ag gach leibhéal a chur i gcrích. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach fostaí den eagraíocht féin agus de na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha. Tugann siad níos mó ná gur féidir a bheith ag súil leis i gcónaí. Julian de Spáinn Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

3.5. TUAIRISC TIMIREACHTA Olltoghchán 2011 & Stocaireacht Pholaitiúil Bhí plé agam leis an bhfeachtas stocaireachta don olltoghchán, ag earcú stiúrthóirí stocaireachta sna dáilcheantair éagsúla agus ag plé le feachtas an Chonartha agus Ghuth na Gaeltachta. Tá obair déanta agam freisin i gcomhar leis na heagraíochtaí ar fad a bhí páirteach sa bhfeachtas agus tá obair phoiblíochta déanta agam leis na meáin ar fad.

Tá obair déanta agam ar stocaireacht pholaitiúil maidir leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais agus céimeanna chun an plean sin a neartú agus ról ár gcraobhacha ann a shoiléiriú freisin i rith na bliana. Tá obair déanta agam i gcomhar leis an Ard-Oifig chomh maith ar eagrú an lá eolais agus stocaireachta in Óstán Buswells i mí Dheireadh Fómhair 2010.

Tograí Timireachta Tá obair leanúnach ar bun agam leis na Tograí Timireachta, atá maoinithe faoi Scéim Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge, i gCo. an Chláir, Gaillimh, Baile Locha Riach agus Maigh Eo. Bhí mé ag plé le hullmhú na niarratas don tréimhse 2011 – 2014 agus is ábhar sásaimh é gur éirigh leis na tograí thuasluaite ar fad maoiniú a fháil don tréimhse sin. Tá buíochas faoi leith ag dul do na coistí bainistíochta deonacha atá ag obair leis na Tograí. Bíonn cruinnithe pleanála rialta eagraithe i gcomhar leis na feidhmeannaigh teanga agus foireann na hArd-Oifige i rith na bliana freisin. Campaí Samhraidh Bím ag plé le heagrú Campaí Samhraidh i

22

gcomhar le craobhacha an Chonartha i gcontaetha éagsúla agus ag plé leis an ngrúpscéim árachais do na campaí. Bím ag plé le scéimeanna na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge i dtaca leis seo agus bíonn obair thimireachta le craobhacha, srl., i gceist leis seo chomh maith le cuairt ar na campaí éagsúla. Is fiú go mór do chraobhacha campaí mar seo a eagrú ina gceantair féin. Tá córas tacaíochta maith ar fáil agus is obair í atá indéanta i nach mór gach ceantar. Tugann sé bunús maith freisin chun dul chun cinn eile a dhéanamh go háitiúil.

Seachtain na Gaeilge 2011 Bhí plé leanúnach agam le heagrú Sheachtain na Gaeilge 2011 agus bhí mé ag feidhmiú chomh maith mar chomhalta den chomhlacht Seachtain na Gaeilge Teo. Rinne mé obair faoi leith ar chlár na Gaillimhe agus cuireadh clár an-leathan le chéile arís i mbliana.

An Bailiúchán Náisiúnta 2011 Bhí mé ag plé le heagrú an Bhailiúcháin Náisiúnta ó mhí Eanáir go dtí Lá Fhéile Phádraig 2011, go háirithe le craobhacha agus le ceantair nach bhfuil craobhacha ag feidhmiú iontu. Bhí mé ag plé leis an obair bhreise chun cur leis an mBailiúchán i mbliana chomh maith. Gaelscoileanna Táim ag obair le Coiste Dúiche na Gaillimhe lena chinntiú go bhfuil cóiríocht curtha ar fáil do Ghaelscoil de hÍde in Órán Mór agus do Ghaelscoil Riabhach i mBaile Locha Riach, agus bím ag plé freisin le Gaelscoil Áth an Rí.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Áras na nGael Bhí plé agam le riarachán ginearálta an Árais, le Club Áras na nGael, le riaradh Thogra na Gaillimhe, agus le hobair thógála a bhí le déanamh ar an Áras agus an Club ar mhaithe le rialacha sábháilteach-

Aodhán Ó Deá agus Peadar Mac Fhlannchadha

ta. Bhí plé leanúnach agam leis an gClár Fostaíochta Pobail atá lonnaithe in Áras na nGael freisin.

Ranganna Gaeilge Bíonn plé agam le forbairt leanúnach ar chóras ranganna Áras na nGael. Bím ag plé le foireann na hArd-Oifige agus Oifig na Gaillimhe i dtaca le hullmhú ábhar poiblíochta nua do na ranganna agus le hullmhú chóras comónta do ranganna an Chonartha. Tá cúnamh tugtha agam do chraobhacha maidir le heagrú ranganna Gaeilge freisin.

Tionól Gaeltachta Bhí Tionól Gaeltachta 2010 ar siúl i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, agus tá buíochas ag dul do Chóilín Ó Cearbhaill as an obair eagrúcháin a rinne sé, agus do phobal Ghaoth Dobhair a thug gach cúnamh dúinn. I mbliana, beidh Tionól Gaeltachta 2011 ar siúl ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Timireacht Ghinearálta Tá obair déanta agam sa cheantar lártíre chomh maith le bheith ag plé go rialta le craobhacha agus grúpaí eile thar ceann an Chonartha. Táim ag plé le Roinn na Gaeltachta maidir leis an Scéim Phleanála Gaeltachta agus freisin le hÚdarás na Gaeltachta maidir le tacaíocht do chraobhacha Gaeltachta.

Ginearálta Bhí plé leanúnach agam le grúpaí agus eagraíochtaí thar ceann an Chonartha. Bhí plé rialta agam freisin le cúrsaí poiblíochta agus rinne mé ionadaíocht don Chonradh ag ócáidí éagsúla. Táim ag leanúint le soláthar colúin sheachtainiúil don nuachtán The Irish World i Sasana.

Buíochas Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Uachtarán Pádraig Mac Fhearghusa agus leis an gCoiste Gnó, le Julian de Spáinn agus le foireann oibre Uimhir a Sé Sráid Fhearchair. Tá buíochas faoi leith ag dul d'fhoireann oibre an Árais i nGaillimh agus táim go mór faoi chomaoin Áine Ní Iarnáin atá i gceannas ar Thogra na Gaillimhe. Is breá liom comhghairdeas a dhéanamh le hÁine agus dá fear chéile John ar rugadh iníon leo le déanaí. Táim fíorbhuíoch do Bhairbre Ní Fhlatharta atá ag obair linn faoi láthair in áit Áine. Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil le baill an Chonartha ar fud na tíre a thug cúnamh flaithiúil dom ó cheann ceann na bliana.

Peadar Mac Fhlannchadha Leas-Ardrúnaí agus Timire Náisiúnta

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

23


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

3.6. NA CUNTAIS AIRGID 2010

CONRADH NA GAEILGE BLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2010 RÁITEAS AR FHREAGRACHTAÍ AN CHOISTE GNÓ

Tá an Coiste Gnó freagrach as an Tuarascáil Bhliantúil agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir dhlíthe oiriúnacha agus de réir Chleachtais Chuntasaíochta a bhfuil gnáth-ghlacadh leo in Éirinn, ar a n-áirítear na caighdeáin chuntasaíochta atá eisithe ag an mBord um Chaighdeáin Cuntasaíochta agus atá foilsithe ag Cuntasóirí Cairte na hÉireann. Tá iallach ar an gCoiste Gnó ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhair gach bliana airgeadais a thugann léargas fíor cothrom ar ghnóthaí an Chonartha agus ar fharasbarr nó ar easnamh an Chonartha don tréimhse sin. Agus na ráitis airgeadais sin á n-ullmhú acu ní foláir don Choiste Gnó: -

polasaithe cuntasaíochta oiriúnacha a roghnú agus ansin iad a chur i bhfeidhm go leanúnach, breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama, na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaigh ach amháin sa chás go bhfuil sé mí-oiriúnach a cheapadh go leanfaidh an Conradh i mbun gnó.

Tá an Coiste Gnó freagrach as taifid chuntasaíochta chuí a choimeád a léiríonn le cruinneas réasúnta stádas airgeadais an Chonartha ag am ar bith agus a chuireann ar a gcumas bheith deimhin de go bhfuil na ráitis airgeadais ullmhaithe de réir chaighdeáin inghlactha. Tá siad freagrach freisin as sócmhainní an Chonartha a chosaint agus dá réir sin as céimeanna réasúnta a ghlacadh chun calaois agus gnóthaí cama eile a chosc agus a aimsiú. Deimhníonn an Coiste Gnó go bhfuil na riachtanais thuas comhlíonta agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú acu.

Ar son an Choiste Gnó Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí 1 Aibreán 2011 CONRADH NA GAEILGE TUARASCÁIL AN CHUNTASÓRA NEAMHSPLEÁCH DO CHOMHALTAÍ CHONRADH NA GAEILGE AR NA RÁITIS AIRGEADAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2010 Tá mé tar éis na ráitis airgeadais i gcomhair na bliana dar chríoch 31 Nollaig 2010 ar leathanaigh 3 go 7 a ullmhú, gan iniúchadh a dhéanamh, ó na taifid chuntasaíochta agus ón eolas agus ó na mínithe a soláthraíodh dom. Tá an tuarascáil seo tugtha do Chonradh na Gaeilge amháin mar fhreagra ar iarratas ón gCoiste Gnó. Rinne mé mo obair ionas go bhféadfainn a thuairisciú do Chonradh na Gaeilge na hábhair úd a iarradh orm a lua san tuarascáil seo agus ní ar aon chúis eile. Chomh fada agus a cheadaíonn an dlí dom, ní ghlacaim orm féin, le freagracht do aon duine eile seachas do chomhaltaí Chonradh na Gaeilge, mar chomhlacht, as mo obair, as an tuarascáil seo, nó as na ráitis a rinne mé. Freagrachtaí an Choiste Gnó agus an chuntasóra neamhspleách faoi seach Tá freagracht ar an gCoiste Gnó na ráitis airgeadais iniata a ullmhú. ,V t DQ IKUHDJUDFKW V¶DJDPVD WXDLULP D QRFKWDGK DQ EKIXLO DQ FXQWDV VRFKDLU DJXV GRFKDLU DJXV DQ FOiU FRPKDrdaithe ullmhaithe i gceart ó na ráitis airgeadais agus ó thaifid Chonradh na Gaeilge. Tuairim Is é mo thuairim gur ullmhaíodh an cuntas sochair agus dochair agus an clár comhardaithe i gceart ó ráitis airgeadais Chonradh na Gaeilge don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2010. Dáithí Ó Maolchoille Cuntasóir Cairte 75 Páirc Weston Baile Átha Cliath 14 1 Aibreán 2011

24

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

CONRADH NA GAEILGE CUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2010 2010 ¼ 595,670

Ioncam Caiteachas (Easnamh)/farasbarr na bliana (Easnamh) ag tús na bliana (Easnamh) ag deireadh na bliana

2009

¼ 642,790

(614,876) ----------(19,206)

(625,321) -----------17,469

(83,588) ----------(102,794) =======

(101,057) ------------(83,588) ======

Ar son an Choiste Gnó Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí CONRADH NA GAEILGE CLÁR COMHARDAITHE 31 NOLLAIG 2010 Nóta

2010 ¼ 417,468 ----------

2009 ¼ 447,540 ----------

4,601 -------4,601

58,708 560 --------59,268

3

(17,714) ---------(13,113) ----------

(139,453) -----------(80,185) -----------

4

(296,376) ----------107,979

(224,666) -----------142,689

(210,773) ----------(102,794) =======

(226,277) ------------(83,588) ======

(102,794) =======

(83,588) ======

SÓCMHAINNÍ SEASTA

2

SÓCMHAINNÍ REATHA Deontas infhaighte Féichiúnaithe CREIDIÚNAITHE (suimeanna a bheidh dlite laistigh de bhliain amháin) GLANDLITEANAIS REATHA CREIDIÚNAITHE (suimeanna a bheidh dlite tar éis bliana amháin)

SÓCMHAINNÍ IOMLÁNA LÚIDE (DLITEANAIS) DEONTAS INFHAIGHTE

6

COMHDHÉANTA MAR A LEANAS Cuntas Ioncaim agus Caiteachais Ar son an Choiste Gnó Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí

2

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

25


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

CONRADH NA GAEILGE NÓTAÍ AR NA CUNTAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2010 1.

POLASAITHE CUNTASAÍOCHTA Gnás Cuntasaíochta Ullmhaítear na ráitis airgeadais de réir an ghnás chéadchostais agus de réir an Chaighdeáin um 7KXDLULVFL~ $LUJHDGDLV G¶$RQiLQ %KHDJD Dímheas Sócmhainní Inláimhsithe Seasta agus Amúchadh Deontas Dímheastar na sócmhainní seasta ina ngálaí cothroma bliantúla thar saol measta na sócmhainní. Seo iad na rátaí atá in úsáid faoi láthair: Trealamh 20% per annum Caiteachas ar an áitreabh 5% per annum Amúchadh deontas infhaighte 5% per annum Gnóthas Leantaigh Ullmhaítear na ráitis airgeadais seo ar bhonn gnóthais leantaigh. Tá an bonn seo oiriúnach, i dtuairim an Choiste Gnó, de bharr tacaíocht airgeadais ó Bhainc Aontais Éireann cpt.

2.

3.

SÓCMHAINNÍ INLÁIMHSITHE SEASTA Trealamh Caiteachas ar an Áitreabh ¼ ¼ Costas Ar 1 Eanáir agus ar 31 Nollaig 33,229 463,854 ===== ====== Dímheas Ar 1 Eanáir 26,350 23,193 Muirear na bliana reatha 6,879 23,193 ----------------Ar 31 Nollaig 33,229 46,386 ===== ===== Glanmhéid 31 Nollaig 2010 417,468 = ====== 31 Nollaig 2009 6,879 440,661 ==== ====== CREIDIÚNAITHE (dlite laistigh de bhliain amháin) Creidiúnaithe ginearálta Banc (nóta 5)

2010 ¼ 15,701 2,013 --------17,714 =====

3 26

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

Iomlán ¼ 497,083 ====== 49,543 30,072 --------79,615 ===== 417,468 ====== 447,540 ====== 2009 ¼ 59,854 79,599 --------139,453 ======


Acmhainní Gaeilge don Mhúinteoir & don Fhoghlaimeoir Irish Language Resources Postaeir Amhráin ar CD Cluichí ar CD-rom Cartúin ar DVD Leabhair do gach aois Cúrsaí Gaeilge www.siopagaeilge.ie eolas@siopagaeilge.ie

+353 (0)74

97 30500



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

CONRADH NA GAEILGE NÓTAÍ AR NA CUNTAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2010 (ar leanúint) 4. CREIDIÚNAITHE (dlite tar éis bliana amháin) Banc (nóta 5) 5.

BANC

2010 ¼ 296,376 ====== 2010 ¼ (24,087) 322,476 ----------298,389 ======

Cuntas reatha ± (airgead sa bhanc) Iasachtaí

2009 ¼ 224,666 ====== 2009 ¼ (170,901) 475,166 ---------304,265 ======

Dlite laistigh de bhliain amháin ± nóta 3 Dlite tar éis bliana amháin - nóta 4

2,013 79,599 296,376 224,666 ------------------298,389 304,265 ====== ====== Tá morgáiste ag Bainc Aontais Éireann cpt ar an áitreabh, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. 6.

7.

DEONTAS ± An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta 2010 ¼ Infaighte 238,186 Lúide soláthar ró-mhór roimhe seo 3,994 ---------Faighte 234,192 ====== Amúchadh Go 1 Eanáir 11,909 Aistrithe go hioncam i mbliana 11,510 --------Ar 31 Nollaig 23,419 ===== Glanmhéid 210,773 ======

2009 ¼

238,186

----------238,186 ====== 11,909 --------11,909 ===== 226,277 ======

-

GLACADH NA RÁITEAS AIRGEADAIS Glacadh na ráitis airgeadais seo ar 1 Aibreán 2011.

4

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

29


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

CONRADH NA GAEILGE RÁITEAS SREABHADH AIRGID DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2010 2010 ¼

2009 ¼

(19,206) (3,994) 30,072 (11,510) 54,667 (44,153) _____ 5,876 ====

17,469 (451,074) 238,186 30,072 (11,909) (57,633) 49,268 ________ (185,621) =======

5,876 ====

(185,621) =======

(304,265) 5,876 ________ (298,389) =======

(118,644) (185,621) ________ (304,265) =======

RÉITEACH IDIR (EASNAMH)/FARASBARR NA BLIANA AGUS IN/(EIS)SREABHADH GLANDLITEANAIS DON BHANC Ó GHNÍOMHACHTAÍ OIBRIÚCHÁIN (Easnamh)/farasbarr na bliana Caiteachas ar an áitreabh lúide síntiúis Deontas infhaighte Dímheas Deontas amúchta Laghdú/(méadú) ar dheontas infhaighte agus ar fhéichiúnaithe (Laghdú)/méadú ar chreidiúnaithe

IN/(EIS)SREABHADH GLAN GLANDLITEANAIS DON BHANC Ó GHNÍOMHACHTAÍ OIBRIÚCHÁIN LAGHDÚ/(MÉADÚ) AR GHLANDLITEANAS DON BHANC ANAILÍS AR GHLUAISEACHTAÍ GLANDLITEANAIS DON BHANC I RITH NA BLIANA Glandliteanas don bhanc: Glandliteanas don bhanc ag tús na bliana In/(eis)sreabhadh glandliteanais don bhanc Glandliteanas don bhanc ag deireadh na bliana

5

30

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

CONRADH NA GAEILGE CUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS MIONCHUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2010 2010 ¼ IONCAM Deontais: Foras na Gaeilge An Roinn Gnóthaí Eachtracha Bailiú agus Clárú Cíosanna Ranganna Gaeilge Ábhair Díolacháin Síntiúis Cumann Lúthchleas Gael Leagáid Samsung Irish Copyright Licensing

CAITEACHAS Rátaí, Árachas Cothabháil Tuarastail, Scéim Phinsin Taisteal, Iostas Postas Teileafón Páipéarachas Leictreachas Stóras Costais Bainc Ús Bainc Táille Cuntasaíochta Táillí Dlíthiúla Costais Oifige Comhdhálacha Coiste Gnó Bolscaireacht Ilnithe Dímheas: Caiteachas ar an Áitreabh Dímheas: Trealamh Lúide: Deontas amúchta

(Easnamh)/farasbarr na bliana

2009 ¼

413,070 12,000 35,804 77,751 40,718 3,103 8,224 5,000 --------595,670 ======

413,456 18,000 37,121 63,353 67,233 3,574 7,215 5,000 7,433 20,000 405 ---------642,790 ======

21,922 19,580 409,129 22,766 7,955 12,372 16,617 1,435 836 2,658 15,433 3,025 3,790 25,775 9,190 7,617 16,214 23,193 6,879 (11,510) ---------614,876 ======

25,385 13,588 410,726 18,055 14,050 8,315 18,184 2,921 735 3,297 6,460 3,025 43,309 3,214 12,348 14,922 8,624 23,193 6,879 (11,909) ----------625,321 ======

(19,206) ======

17,469 =====

6

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

31


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

3.7. AN BÁILIÚCHÁN NÁISIÚNTA CÚIGE NA MUMHAN Co. Chorcaí Craobh Chúil Aodha Craobh Mala Craobh Eochaill Craobh Thraolach Mhic Suibhne, Corcai Craobh an Chraoibhín Aoibhinn Craobh Bheanntraí Craobh an Sciobairín Craobh Bhaile Bhúirne Craobh Mhainistir na Corann Craobh Dhroichead na Bandan Scoil Mhuire gan Smál Blárna Craobh Cuallachta Scoileanna éagsúla i gCo. Chorcaí Co. Chiarraí Craobh Thrá Lí Craobh Chill Airne Craobh Chillín Tiarna Craobh Uibh Ráthaigh/ Craobh Chathair Craobh Oileán Chiarraí Craobh Chorca Dhuibhne Craobh Lios Tuathail CLG, Cill Garbháin Ógras Chullan Uí Chaoimh Ógras Chiarraí Craobh Chill Orglan Baile Dubh, Lios Tuathail Maigh Mheáin/Cnoc an Iúir

2010

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼ ¼

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼ ¼

¼

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼ ¼

¼

¼ ¼ ¼ ¼

Co. Luimnigh Craobh Luimnigh Craobh Chaisleán Nua Thiar Fiodnach/Cill Míde Ceapach Mhór Áth Dara An Gleann An Fheothanach Béal an Átha Bóthar Cathair Chinn Lis Maigh Rua Eas Geitinne/Baile Stiabhne Áth na bhFuinseoige Raithineach Cathair Fhloinn Craobh Choláiste Mhuire gan Smál, Luim

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

Co. Thiobraid Árann Craobh Chaiseal Mumhan Craobh Chluain Meala Craobh Dhúrlas Eile Craobh Charraig na Siúire Craobh an Aonaigh Craobh Ros Cré Scoileanna i dTiobraid Árann

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

Co. an Chláir Craobh Chill Rois Craobh Cill Chaoi Club na Sionna Craobh Chill Mhichíl Craobh na hInse Dún Beag

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼ ¼

¼

Co. Phort Láirge Craobh Dhún Garbháin Craobh na nDéise, Rinn Ó gCuanach I.T. Phort Láirge Meánscoil Dhún Garbháin

32

2009

2009

2010

Co. na Gaillimhe Craobh na Gaillimhe Craobh Bhaile Locha Riach Craobh Raifteirí Craobh Anach Cuain Craobh Ghort Inse Guaire Craobh Maigh Cuilinn Craobh an Ath. Uí Ghríofa, Na Forbacha Craobh Bhéal Átha na Slua Craobh Beithe Craobh Bhaile Átha an Rí Craobh Chairde de hÍde, Orán Mór Craobh Inis Meáin Craobh Thuaim Cumann Drám. Na Gaillimhe Cumann Craic Ollscoil na Gaillimhe Craobh Achréidh na Gaillimhe * Craobh GMIT Eile An Spidéal

CÚIGE CHONNACHTA

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼

Co. Mhaigh Eo Cr Chronáin, Ball Álainn Craobh Chaislean an Bharraigh Craobh Bhéal an Átha Craobh Chlár Chlainne Mhuiris Cnoc Mhuire Baile an Daighin Baile Gaelach Crois Bhaoithin Mainistir Mhaigh Eo Bricíní Bearna Chearúil Muintir Chathair na Mart

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼ ¼

Co. Liatroma Béal an Átha Mhóir

¼

Co. Ros Comáin Craobh Ros Comáin Béal na mBuillí Aill Fhionn Ros Comain Caisleán Riabhach CCÉ Áth Liag

¼ ¼ ¼ ¼ ¼

¼

Co. Shligigh Craobh Feis Shligigh Inis Ciabhann, Sligeach

¼

¼

¼ ¼ ¼

¼

¼ ¼

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

CÚIGE LAIGHEAN Co. Chill Chainnigh Craobh Chill Chainnigh

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

2009

2010

¼

Baile Átha Cliath Ard Chraobh

¼

¼

Craobh Bhréanainn

¼

¼

Craobh Moibhí

¼

¼

Craobh Spreagadh

¼

¼

Craobh Aimhirgin

¼

¼

Craobh na gCeithre Cúirt

¼

¼

Craobh Dhún Laoghaire

¼

¼

Craobh an Ath. Ó hIceadha

¼

¼

Craobh Liam Bulfin

¼

¼

Craobh Inse Chór

¼

CLG Baile Phamar

¼

¼

Cumann Coláiste Mhuire Marino

¼

¼

Craobh Chumann Gael. TCD

¼

¼

Craobh Chumann Gael. UCD

¼

¼

Craobh Chumann Gael. DCU

¼

¼

Coiste na Gaeilge IT BÁC

¼

¼

Craobh na nGael Óga

¼

¼

Craobh Aontas na Mac Léinn in Éirinn

¼

¼

Craobh na nAisteoirí

¼

¼

Craobh Raidió

¼

¼

Craobh Chumann Drámaíochta UCD

¼

Craobh Mháirtín Uí Chadhain Cumann Gaelach Choláiste Phádraig Craobh Borabú Cumann Gaelach Coláiste Froebel

¼

Co. Loch Garman Craobh Loch Garman

¼

CLG Obhaleart an Bealach

¼

Inis Córthaidh

¼

¼

Co. Laoise Craobh Phort Laoise

¼

¼

Craobh Glór na Ríogh

¼

¼

Craobh na Cuallachta, Maigh Nuad

¼

Co. Chill Dara

Craobh Rith

¼

Co. na hIarmhí CCÉ, An Móta

¼

Co. an Longfoirt Gaelscoil Longfoirt

¼

¼

Co. na Mí Craobh Rath Cairn

¼

¼

Craobh Cheannanus Mór

¼

¼

Craobh na hUaimhe

¼

¼

Craobh Ath Buí

¼

¼

Ógras Chill Dheagláin

¼

¼

Dún Doire

¼

¼

Baile Ghib

¼

An Muileann gCearr

¼

Craobh Bhaile Átha Troim

¼

Thar Lear Craobh Learpholl & Mhanchuin Craobh San Francisco

CÚIGE ULADH

2009

2010

Comhaltas Uladh

¼

¼

Ó CHÚIGE MUMHAN, LAIGHEAN & CONN ¼

¼

Ard Mhacha Cr Chill Mhóir Feis Bhéal Átha an Airgid Cr. Creagain Íochtaraigh Cr an Phoirt Mhóir

£ ΦϭϬϱ͘ϬϬ Φϭϯϵ͘Ϭϲ Φϭϴϴ͘ϬϬ ΦϯϲϬ͘ϲϭ

Aontroim Cr Naomh Pádraig Cr na bhFiann Cr Reachlainn Cr Dhún Lathaí Cr Phort Chluain Eoghain Cr Ard Eoghan Cr Bhaile Raghnaill Craobh Ruairí Mhic Asmaint (BF) Cr Bhaile an Chaistil Cr Ros Earcain Cr Bhun Abhann Dalla Craobh Sheáin Mhic Eachaidh

ΦϲϳϬ͘ϬϬ ΦϮϱϲ͘ϭϱ ΦϴϬ͘ϬϬ Φϳϱ͘ϬϬ ΦϭϱϬ͘ϬϬ ΦϭϰϬ͘ϬϬ ΦϮϮϬ͘ϬϬ ΦϳϬ͘ϬϬ ΦϱϬ͘ϬϬ ΦϭϭϬ͘ϬϬ ΦϮϳϬ͘ϬϬ Φϰϲϯ͘ϴϱ

Doire Cr Ghleann Iolair

ΦϳϬ͘ϬϬ

An Dún Cr Leath Chathail Cr Bheannchair Cr Ard Mhic Nasca Cr an Iúir GLG Rinn Mhic Giolla Rua Cr Bhoirche Íochtar

ΦϮϴϮ͘ϬϬ ΦϮϬϬ͘ϬϬ Φϭϱϱ͘ϬϬ ΦϱϮϬ͘ϬϬ ΦϯϬϬ͘ϬϬ ΦϭϰϬ͘ϬϬ

Fear Manach Cr Lios na Sceithe

ΦϭϰϬ͘ϬϬ

Tír Eoghain Cr Chaisleán na Deirge Cr. Rua Dún Geanainn Cr Chabhán an Chaorthainn Craobh Oileán an Ghuail Cr an tSrath Bán CLG Tír na nÓg Cr an Domhnaigh Mhóir Cr na hEaglaise Cr Rua Dún Geanainn

ΦϭϰϬ͘ϬϬ ΦϯϳϬ͘ϬϬ ΦϭϱϬ͘ϰϬ ΦϰϰϬ͘ϬϬ ΦϬ͘ϬϬ ΦϬ͘ϬϬ ΦϬ͘ϬϬ ΦϬ͘ϬϬ ΦϬ͘ϬϬ

An Cabhán Cairde Eois Glór Bhreifne

Φ Φϲϲϴ͘ϬϬ ΦϮ͕ϳϯϱ͘ϬϬ

Dún na nGall CLG Ghaoth Dobhair Feis Bhéal Átha an Airgid Naomh Bríd Dún na Lúb

Φϭ͕ϰϰϬ͘ϬϬ Φϴϱ͘ϮϬ Φϭϲϰ͘ϬϬ

Muineachan Cr Charraig Mhachaire Rois Cr Mhuineachain

ΦϮϮϬ͘ϬϬ ΦϬ͘ϬϬ

An Lú Craobh Dhún Dealgan

ΦϯϬϬ͘ϬϬ

,20/È1 Ï &+Ò,*( 8/$'+ ¼ IOMLÁN Ó CHÚIGE ULADH - £

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

£12,153

¼ £6,256

33


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

3.8. SÍNTIÚS NA nGAEL

Gabhtar buíochas mór leis na daoine seo a leanas as an síntiús leanúnach seo a ghlacadh leis an gConradh faoi scéim Shíntiús na nGael: • Dáithí Mac Cárthaigh • Julian de Spáinn • Peadar Mac Fhlannchadha • Breandán Ó Cathasaigh • Íte Ní Chionnaith • P.T. Mac Ruairí • Seán Ó hAdhmaill • Seán agus Nóirín Uí Cheallaigh • Seán Ó Drisceoill • Tony Pratschke • Aoife Ní Scolaí • Dáithí de Faoite • Brenda Ní Ghairbhí • Síne Nic an Ailí • Seán Ó Cionfhaola * Theastaigh ó dhuine amháin nach luafaí a (h)ainm.

3.10. COMHBHRÓN

Cuimhnímid go speisialta ar na Conraitheoirí agus ar na Gaeil uaisle a fuair bás i rith na bliana, go háirithe: • Seán Adhlairt; • Breandán Ó Buachalla ; • Áine Uí Dhrisceoil; • Olive Uí Mhaolchoille; • An tAthair Liam Mac an tSagairt; • Mick Lally; • Seán Dublin Bay Loftus; • Joe Neylon; • Séamus Ó Coigligh; • Nuala Nic an Iomaire; • Aongus Ó Laoire; • Tomás Comer; • Dr. Micheál Ó Fionnáin; • Bill Doyle; • Michael Bishop; • Séamus Páircéir; • Eilís Ní Aodha; • Máire Ní Bhriain de Stafort.

3.9. ACHAINNÍ AN CHEANN-ÁRAIS

Gabhtar buíochas mór leis na daoine seo a

• Bríd Nic Dhomhnaill

leis na deisiúcháin ar an gCeann-Áras:

• Aodán Ó Sé

leanas as síntiús a chur ar fáil chun cabhrú

• Coiste Contae na Gaillimhe

• Cumann Gaelach - Cluain Meala

• Craobh Moibhí

* Theastaigh ó dhuine amháin nach luafaí a (h)ainm.

• Celine Ní Chóchlaigh • Micheál Ó hAlloran

• Pobal Chluain Tarbh • Craobh Aimhirgin

• Craobh Loch Garman • Craobh Thrá Lí

34

• Coiste Pobal Chluain Tarbh • Craobh Dhún Dealgain

• Áras na nGael

• Craobh Chúil Aodha

• Craobh na hInse

• Áine Ní Mhaoldomhnaigh - Ó Drisceoil

• Julian de Spáinn

• Craobh Mhaigh Cuilinn • Craobh Raidió Rí-Rá

• Coiste Contae Luimnigh • Coiste Dúiche na Mí

• Craobh Chaisleán Nua Thiar, Luimneach • Craobh Dhúrlas Éile

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge



Ag stiúrú an lucht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

gCo. an Chláir ó bhí Ard-Fheis 2010 ann agus ar bhonn bliantúil:

4. TUAIRISC NA dTOGRAÍ 4.1. TUAIRISC AN CLÁR AS GAEILGE

Is í príomhaidhm An Clár As Gaeilge ná labhairt na Gaeilge a neartú i gCo. an Chláir agus seirbhísí cuí teanga a fhorbairt chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge ann.

Is togra páirtnéireachta pobail é An Clár as Gaeilge Teoranta atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Inis agus á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge. Tá an togra bunaithe le 8 mbliana anuas agus feidhmíonn sé as oifig bhuan in Inis le hOifigeach Forbartha agus Cúntóir Oifige fostaithe le Clár Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm.

Seoladh Cumasú agus Cothú leis an iarAire Carey agus muintir An Clár as Gaeilge

Spriocanna Straitéiseacha 1. Stádas na Gaeilge sa chontae a neartú 2. Pobal na Gaeilge a spreagadh 3. Infheictheacht na Gaeilge a láidriú 4. Comhpháirtnéireacht a chothú le heagrais eile sa cheantar 5. Tacú le turasóireacht chultúrtha

Chun na spriocanna seo a bhaint amach, seo cuid de na himeachtaí a cuireadh i gcrích i

Imeachtaí Cultúrtha • Féile Scoildrámaíochta ar a fhreastalaíonn bunscoileanna agus iarbhunscoileanna an chontae • Ba í Féile na hInse an fhéile teanga is mó sa réigiún i mbliana agus 28 bhliain a bunaithe á gceiliúradh againn in 2011. Ghlac breis agus 2,000 daoine óga páirt i mbreis agus 100 imeachtaí trí mheán na Gaeilge • Eagraíodh a lán imeachtaí i dteannta le Comhairle Contae an Chláir, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus eagrais phobail eile mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2011 ar fud an chontae • Chuir An Clár As Gaeilge ranganna Gaeilge ar 3 leibhéal ar fáil mar chuid de Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Willie Clancy i mbliana freisin • Rinneadh ceiliúradh ar fhilí an Chláir le Ceiliúradh ar Oidhreacht Filíochta Gaeilge Contae an Chláir: Comóradh Dhonnacha Rua MacConmara i gCreatlach i mí na Bealtaine 2010 • Measann An Clár as Gaeilge go bhfuil easnamh le feiceáil sa chaoi go léirítear saol litríochta an Chláir sa cheantar, gan aon treoir don chuairteoir ar sheanshaibhreas litríochta an chontae. Le pleacanna eolais curtha in áiteanna dúchais na bhfilí, beidh an saibhreas filíochta scríofa atá againn soiléir don saol. Leanfar le himeachtaí breise mar chuid den phlean gníomhaíochta comhtháite chuige seo • Cúl-Chaint atá mar theideal ar an gclár seanchais agus nuachta ar Clare FM le Domhnall Ó Loingsigh gach Satharn ar 9.00rn. Tuilleadh eolais: gaeilge@clarefm.ie Oideachas Sa bhreis ar na ranganna Gaeilge ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, eagraíodh ranganna Gaeilge ag 3 leibhéal (bunleibhéal, meánleibhéal agus cainteoirí líofa) i gCois na

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

37


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

hAbhna i Lárionad Réigiúnda Chomhaltas Ceoltóirí Éireann tríd an mbliain. D’fhreastail suas le 140 duine orthu agus mar thoradh ar an móréileamh a bhí ar na ranganna i mbliana, tá 4 leibhéal á mbeartú don bhliain amach romhainn.

Imeachtaí Óige • Is campa samhraidh do pháistí bunscoile ó Rang 3 – 6 bunaithe ar ghníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge é Scléip an tSamhraidh agus freastalaíonn suas le 125 páiste air gach bliain • Reáchtáladh Comórtas Díospóireachta Iarbhunscoile do scoileanna an chontae i mbliana agus é eagraithe i dteannta le Comhairle Baile na hInse le duaiseanna de pháirt-scoláireachtaí Gaeltachta • Mar aonad de Siolla (Tionscnamh Forbairt Pearsanta Trí Ghaeilge), d’eagraíomar Fóram Óige An Chláir, seimineár lae do dhaoine óga ó mheánscoileanna ar fud an chontae. Le linn 3 sheisiún i gCois na hAbhna, rinneadh iarracht saol na Gaeilge don scoláire iarbhunscoile a bhíogadh, a fheabhsú agus a dhaonú le ceardlann drámaíochta, aíonna speisialta agus deiseanna páirtíochta. Táimid ag súil go mór leis an Aoine seo chugainn!

4.2. TUAIRISC GAEL-FHORBAIRT NA GAILLIMHE

Is áis phobail í oifig Chonradh na Gaeilge in Áras na nGael, Gaillimh, áit ina gcuirtear seirbhísí agus eolas faoin nGaeilge ar fáil don phobal go forleathan. Bíonn ranganna Gaeilge, ranganna ceoil traidisiúnta, damhsa, drámaíocht, ceardlanna agus go leor imeachtaí eile ar bun againn i rith na bliana. An phríomhaidhm atá againn ná an cultúr agus an teanga a chur chun cinn i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe.

38

Comhoibriú leis an bPobal • Eagraítear Aonach na Leabhar agus na gCártaí gach bliain mar chuid d’fheachtas díolacháin leabhar Gaeilge agus cártaí tráth na Nollag • Rinne An Clár As Gaeilge ionadaíocht ar Choiste Logainmneacha an Chláir, coiste comhairliúcháin do Chomhairle Contae an Chláir, leis an nGaeilge a chur chun cinn in ainmniú eastáit tithíochta, bóithre agus ceantair sa chontae • Bhuaigh Tigh Bhrógáin Gradam Gaeilge an Chláir de chuid An Clár As Gaeilge, gradam bliantúil atá dírithe ar an earnáil tráchtála agus a bhronntar ar an gcomhlacht a dhéanann an obair is mó leis an nGaeilge a chur chun cinn ina réimse oibre. Mar thoradh air seo, beidh níos mó Gaeilge le feiceáil agus le cloisteáil i gcroí-lár na hInse agus ar fud an chontae • Bhuaigh An Clár as Gaeilge 3 dhuais i gcomórtas Ghlór na nGael 2010 Breandán Mac Fhionnghaile Oifigeach Forbartha

Comhordú ar Sheachtain na Gaeilge 2011

Bhí Clár Sheachtain na Gaeilge 2011 lán go

béal le himeachtaí éagsula i mbliana. Idir

cheardlann, shiulóid, scrabble agus a leithéid, bhí imeacht ar siúl do chách. Bhí neart

ceoil de gach saghas le cloisteáil ar fud an

chontae, agus siamsaíocht leanúnach ar fáil i gClub Áras na nGael le linn an cheiliúrtha.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Comhordú ar Ranganna Gaeilge Eagraíodh idir ranganna agus dhianchúrsaí Gaeilge in Áras na nGael i gcaitheamh na bliana. Tá éileamh iontach ar na ranganna go dtí seo le níos mó ná 50% do dhaoine ag clárú do na ranganna tríd an suíomh idirlín ag www.cnag.ie. Bíonn na cúrsaí eile seo a leanas á reáchtáil tríd an bhliain:

Catherine Ní Fhlatharta agus Ciara Ní Choiligh a thóg páirt i gComórtas Rós Chlub Áras na nGael

• Ranganna Gaeilge (Tosaitheoirí go Meánleibhéal) • Cúrsa Gaeilge do Dhaltaí an Teastais Shóisearaigh • Dianchúrsa Scrúdú Cainte na hArdteistiméireachta • Dianchúrsa an tSamhraidh • Dianchúrsa Ullmhúcháin Gaeilge d’Agallaimh na gCúrsaí Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht • Ranganna do Thuismitheoirí Dhaltaí Meánscoile • Ranganna Damhsa (Daoine Fásta agus Páistí)

Forbairt Réimse Imeachtaí Óige Thug muid tacaíocht do Chumann Drámaíochta Ollscoil Éireann, Gaillimh, le Féile na gColáistí 2011 a bhí ar siúl i nGaillimh don chéad uair le 5 bliain anuas. Bhí ócáid mhór againn do dhream na gCampaí Samhraidh le déanaí freisin. Bhí oíche iontach ag páistí na gCampaí Samhraidh ag an seó Clann Lir i Halla Mhaigh Cuilinn i rith mhí na Nollag. Is léir go bhfuil na Campaí Samhraidh ag cuidiú go mór le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an chontae. Campaí Samhraidh D’éirigh thar barr leis na Campaí Samhraidh Gaeilge arís an bhliain seo. Tá móréileamh ar na campaí i gcónaí mar cuireann siad siamsaíocht agus oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá siad dírithe ar pháistí idir 7 14 bliana d’aois agus úsáidtear ceol, drámaíocht agus ealaíon araon le ranganna Gaeilge chun cabhrú leis an nGaeilge atá ag na páistí a chur chun cinn. Bhí na campaí ar siúl in 11 ionad éagsúla timpeall chontae na Gaillimhe i 2010. Bhí slua mór ar na campaí uile agus tá súil againn campaí nua a fhorbairt sna blianta romhainn. Tá áthas an domhain orainn go bhfuil spéis ag an aos óg an Ghaeilge a fhoghlaim agus tá muid ag súil le gach duine a fheiceáil arís an samhradh seo chugainn. Is Leor Beirt Tá ionaid againn ar fud chathair na Gaillimhe inar féidir le daoine bualadh le chéile le haghaidh gnáthshos caifé trí

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

39


Ag obair ar son phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge Na Forbacha Co. na Gaillimhe Teil: (091) 503100 Facs: (091) 503101

Baile Mhic Íre, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí Teil: (026) 45366 Facs: (026) 45423

Áislann Bhéal an Mhuirthead, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo Teil: (097) 81418 Facs: (097) 82179

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair Doirí Beaga Co. Dhún na nGall Teil: (074) 9560100 Facs: (074) 9560101

Páirc Ghnó an Daingin An Daingean, Co. Chiarraí Teil: (066) 9150100 Facs: (066) 9150101


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Ghaeilge. Bíonn muid ag teacht le chéile ag An Hub ar champas na hOllscoile, i gCafé Mocha ar Shráid Doiminic, agus sa cheaintín ar champas GMIT. Tá láidriú déanta ar an imeacht seo le bliain anuas agus tá siúl againn go mbeidh sé níos láidre fós le linn na bliana atá romhainn, le níos mó ionad á gcur ar fáil thart timpeall an chontae.

Tá súil againn tógáil ar na méid oibre atá déanta ón Ard-Fheis seo agus tuilleadh forbartha a dhéanamh i rith na bliana amach romhainn. Baba Ní Fhlatharta Stiúrthóir Gníomhach Thogra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe

4.3. TUAIRISC GAEILGE LOCHA RIACH Tá fás, forbairt agus éileamh tagtha ar réimse leathan gníomhartha pobail de bharr spreagadh agus chothú na dea-oibre atá curtha i gcrích ag Gaeilge Locha Riach. Tá pleanáil déanta i gcomhar leis na grúpaí éagsúla atá gníomhach sa chomharsanacht, go mbeidh tacaíocht ghairmiúil curtha ar fáil ar bhonn lánaimseartha sa dóigh go dtiocfaidh fás, forbairt agus feabhas ar an mbunobair atá déanta. Mothaíonn Gaeilge Locha Riach gur gá tógáil ar na naisc atá cothaithe le grúpaí pobail, leis na húdaráis áitiúla, agus leis na hinstitiúidí oideachais sa cheantar. Creidtear gur féidir na naisc seo a neartú agus comhoibriú idir grúpaí a dhaingniú agus pleananna fadtéarmacha a dhéanamh i gcomhpháirt leo.

Oifigeach Forbartha Gaeilge Ceapadh Ruth Ní Shiadhail ina hOifigeach Forbartha Gaeilge ar Ghaeilge Locha Riach le déanaí agus tá sé i gceist aici tógáil ar dheathoil mhuintir na háite i leith na Gaeilge chun leathnú agus buanú a dhéanamh ar an Ghaeilge sa cheantar. Is as Baile Átha Troim i gCo. na Mí do Ruth ó dhúchas agus bhí Ruth fostaithe le Fiontar roimhe seo. Chaith sí seal ag obair mar shaoraistritheoir agus bhí sí fostaithe mar aistritheoir ag Europus fosta. Oideachas • Forbairtí i nGaelscoil Riabhach agus Naíonra Tigh na Sí agus naisc neartaithe

eatarthu • Gaelscoil Riabhach: Coirm Gael-Linn; buaiteoirí tionscadal ealaín; comórtais Sheachtain na Gaeilge, agus tionscadail éagsúla i rith na scoilbhliana; club obair bhaile; ceolchoirmeacha, seónna agus drámaí eagraithe; bronnadh an Fháinne ar scoláirí Ghaelscoile • Oícheanta shóisialta do thuismitheoirí Ghaelscoile agus bronnadh teastais ar fhoghlaimeoirí chomh maith le himeachtaí agus forbairt bhreise agus áit lárnach ag na tuismitheoirí iontu • An Ghaeilge a spreagadh sna scoileanna Béarla: aoi-chainteoirí, imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, agus eile • Spraoicheist Gael-Linn idir cúig scoil náisiúnta sa cheantar i gcomhar le Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin • Comórtas scríbhneoireachta ar leibhéil éagsúla eagraithe sna scoileanna uile sa chomharsanacht idir aistí, dánta agus comórtais ealaíona ar sheanfhocail • Ceardlanna liteartha eagraithe do mheánscoileanna • Dianchúrsaí do scoláirí meánscoile (Teastas Sóisearach agus Ardteist) • Ranganna ar leibhéil éagsúla do dhaoine fásta faoi shiollabas Theastas Eorpach na Gaeilge agus tacaíocht tugtha maidir le ranganna eile a reáchtáil sa cheantar máguaird • Ciorcal comhrá agus léitheoireachta, Is Leor Beirt, maidineacha tae agus caife do

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

41


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

dhaoine fásta • Oícheanta eolais do dhaoine fásta, ranganna Gaeilge, áiseanna teagaisc, treoir agus comhairle • Oiliúint éagsúla curtha ar fáil do mhúinteoirí, stiúrthóirí, agus eile

Mórshiúl trí Bhaile Locha Riach le linn mhí an Mhárta

Imeachtaí na n-Óg • Club Riabhach le tuismitheoirí agus múinteoirí mar stiúrthóirí iarscoile le ceol, drámaíocht, spórt, cluichí agus siamsaíocht eile • Cúrsaí Drámaíochta: Aisteoirí Riabhacha, Seó na Samhna agus Gael-Linn • Cumann Óige Locha Riach: fás agus forbairt ar an gclub arís i mbliana, naisc neartaithe le hÓgras agus treoir agus comhairle faighte uathu • Fóram na nÓg eagraithe do scoláirí meánscoile • Ceoltóirí Riabhacha • Scoil Cheoil an tSamhraidh: fás agus forbairt curtha ar imeachtaí na seachtaine • Campa Samhraidh i mBaile Locha Riach: forbairt agus feabhas curtha ar imeachtaí, spórt, ceol, drámaíocht, scéalaíocht agus turas speisialta • Slógadh Spleodar 2011 Féilte • Féile Raifteirí eagraithe don séú bliain • Seachtain na Gaeilge le clár leathan imeach-

42

taí curtha ar fáil • Mórshiúil Fhéile Phádraig • Féile bhia i lár an tsamhraidh • Scoil Cheoil agus Féile Tuohy i mí Iúil • Seachtain Oidhreachta i mí Lúnasa • Féile Baffle le cúrsaí liteartha agus comórtais mar chuid de Imeachtaí Sóisialta Cuireadh réimse imeachtaí ar siúl i rith na bliana, de thoradh chomhoibriú idir grúpaí éagsúla ar an gcoiste, ina measc: • Oícheanta sóisialta i rith na bliana agus Gradaim Locha Riach mar cheiliúradh ar bhuanna na bliana • Ceolchoirmeacha éagsúla • Sraith ceolchoirmeacha speisialta eagraithe ag Na Cultúr Vultures • Tráth na gCeist • An Leabharlann Ghaelach do dhaoine fásta: forbairt á déanamh ar an gClub Leabhar • Léachtaí le haoichainteoirí ar leith • An nasc á neartú leis na Gaeil in eagrais náisiúnta eile • Ciorcal Scéalaíochta: forbairt á déanamh air seo

An Ghaeilge sa Teaghlach • Teagmháil rialta le Comhluadar • Seó na Samhna eagraithe ar mhaithe le teaghlaigh Ghaelacha an cheantair • Grianstad an Geimhridh, cóisir na Nollag, agus imeachtaí eile • Laethanta spórt agus spraoi • Imeachtaí teaghlaigh

Tá súil ag an gcraobh gur féidir tógáil ar an obair atá déanta agus táimid iontach dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach le feiceáil againn roimh dheireadh na bliana. Ruth Ní Shiadhail Oifigeach Forbartha Ghaeilge Locha Riach

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

4.4. TUAIRISC SCÉIM AN AONAIGH Dún Muire Tá Dún Mhuire ina áras ar léas ag Conradh na Gaeilge san Aonach ó 1959. Ceannaíodh an foirgneamh sna nóchaidí agus rinneadh athchóiriú agus athnuachan air anuraidh, le cabhair ó dheontas ón Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Tá an-áthas ar an gcraobh a bheith lonnaithe ar ais sa bhfoirgneamh ó mhí Eanáir 2011.

Oifigeach Forbartha Gaeilge Kim Ní Mhaolchatha is ainm don Oifigeach Forbartha Gaeilge don Scéim Phobail Gaeilge 2011 – 2013 ag Foras na Gaeilge agus tá sí ag obair i lár an bhaile i nDún Mhuire ó mhí Eanáir 2011. Mar Oifigeach Forbartha Gaeilge, tá sé mar aidhm aici a bheith i dteagmháil le scoileanna, le lucht gnó agus leis an bpobal i gcoitinne chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa cheantar.

Ó thosaigh an Scéim i mbliana, tá áthas orainn a rá go raibh díospóireachtaí idir na meánscoileanna i dTiobraid Árann Thuaidh ar siúl i mí Eanáir, agus ardchaighdeán i ngach ceann acu, le scoileanna páirteach ó Dhurlas Éile, Buiríos Uí Chéin agus an tAonach. Micheál Ó Siochrú, Ciarraíoch, file agus úrscéalaí, a bhí mar mholtóir ar an ócáid. Tháinig John Spillane chugainn i mí Feabhra agus bhí Dún Mhuire ag cur thar maoil le slua breá - bhí John i ndeaghiúram le hamhráin, ceol agus greann, agus bhí an lucht féachana ag teacht isteach leis nuair a chan sé na hamhráin a d’fhoghlaimíomar ar scoil fadó.

Seachtain na Gaeilge 2011 Bhí Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 5 – 17 Márta 2011 agus bhí ullmhúchán mór le déanamh don bhféile Ghaeilge is mó in Éirinn. D’éirigh thar cinn leis na comórtais don óige idir Aithriseoireacht, Labhairt na Gaeilge, Slua Amhránaíocht, Ealaín do na Bunscoileanna agus Comórtais Scríofa – Aiste, Scéal, Óg Fhile agus Ealaín do na hIarbhunscoileanna. Bhain na daoine fásta an-sásamh as an gceol ó Shadhb Ní Fhatharta agus

Kim Ní Mhaolchatha, Sadhbh Ní Fhlatharta agus John Spillane, ceoltóir

Micheál Potterton ag an oíche sa tábhairne Úna Powell. Is i nDún Mhuire a chualamar Ciarán Ó Gealbháin (iar-bhall leis an ngrúpa ceoil Danú) leis an ócáid Amhráin na nDéise, agus bhí Micheál Potterton ann leis le ceol agus damhsa ar an sean-nós. Ag ól tae nó caife a bhí an comhluadar le Gaeilge i Rogha na Tuaithe agus Caifé Cinnamon ar an Luan agus ar an Máirt. Chun clabhsúr a chur leis na himeachtaí bhí an slua i dtábhairne Rohan le séisiún ceoil den scoth. Bhí an tAifreann as Gaeilge ar Lá Fhéile Phádraig agus An Bailiúchán Náisiúnta do Chonradh na Gaeilge ar siúl. Dar ndóigh bhí ceolchoirm an-taitneamhach

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

43


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

ag an nGaelscoil agus Tráth na gCeist Boird i dTeach an Léinn i rith na seachtaine. Bhí gearrscannáin ar nós Mise Éire á dtaispeáint sa leabharlann leis.

Bhí áthas orainn go raibh na duaiseanna do Chomórtas don Óige á mbronnadh ag Darragh Egan, imreoir Thiobraid Árann a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh, agus bhuaigh Darragh go leor duaiseanna sna comórtais nuair a bhí sé féin ina dhalta! Gan dabht spreag sé na páistí óga.

Cúrsaí Gaeilge Faoi láthair, tá ranganna éagsúla Gaeilge ar siúl i nDún Mhuire agus sa samhradh, beidh Emily Uí Chinnéide ina príomhoide ar an gcúrsa samhraidh. Foghlaimíonn na daltaí an Ghaeilge go foirmeálta agus go neamhfhoirmeálta trí cheol, chluichí, drámaíocht agus ealaín.

Bíonn Kim san oifig i nDún Mhuire gach lá agus tá sí sásta moltaí a phlé le daoine nó cabhrú leo le cúrsaí na Gaeilge. Dar ndóigh, scaip sí a lán bileog ar son na Gaeilge agus i gcoinne bheartas Enda Kenny roimh an olltoghchán! Kim Ní Mhaolchatha Oifigeach Forbartha Scéim an Aonaigh.

4.5. TUAIRISC TOGRA MHAIGH EO Stair Cuireadh Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge le chéile ag Cóiste Dúiche Mhaigh Eo sa bhliain 2002. ‘Sí an phríomhaidhm atá ag Togra Mhaigh Eo ná an Ghaeilge a scaipeadh ar fud Mhaigh Eo agus ar phobal gnó Mhaigh Eo chomh maith. Tá oifig againn i Sráid Ellison i gCaisleán an Bharraigh agus is í Brídín Ní Cheallaigh an Stiúrthóir. Tá fhochoistí againn i gCaisleán an Bharraigh, Cathair na Mart, Clár Clainne Mhuiris, Béal an Átha, agus áiteanna eile. Tá baint ag an Togra le go leor daoine sa cheantar agus téann anchuid daoine tríd an Oifig. Cuirtear seirbhís chuimsitheach ar fáil do phobal Gaeilge Mhaigh Eo. Oideachas Bíonn an Togra an-ghníomhach ó thaobh an oideachais de agus i mbliana, is iad seo a leanas na ranganna agus na cúrsaí Gaeilge a chuireamar ar fáil don phobal: • Ranganna Gaeilge Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) do Dhaoine Fásta • Ranganna Gaeilge do Ranna Rialtais

Buaiteoirí Chomortás Tráth na gCeist ó Choláiste Dhaibhéid, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo 44

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

• Ranganna Gaeilge do Chomhlachtaí Gnó • Ranganna Gaeilge do Mhúinteoirí • Ranganna Gaeilge do Dhaltaí Meánscoile • Ranganna Gaeilge do Dhaltaí Bunscoile • Dioplóma sa Ghaeilge i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh Imeachtaí Sóisialta agus Cultúrtha Bíonn go leor imeachtaí ar siúl againn i rith na bliana ach cuid de na himeachtaí is mó a bhíonn againn ná Seachtain na Gaeilge; Féile Scoil Drámaíochta; Comórtas Leabhar na bPáistí; Ciorcal Comhrá; Ranganna Gaeilge; Is Leor Beirt; Club Léitheoireachta Gaeilge; agus comórtais do na scoileanna, i measc rudaí eile. Reáchtálann muid Oíche Ghaelach in Óstán an Welcome Inn gach bliain freisin. Thug an tAthair Mícheál Mac Gréil caint in Óstán an Welcome Inn i gCaisleán an Bharraigh ar an 15 Márta 2011 i mbliana. Tá clú agus cáil bainte amach ag an Athair Mac Gréil mar shagart, mar Ghaeilgeoir, mar scríbhneoir, mar léachtóir agus mar ghníomhaí pobail. Chomh maith leis sin, tá ag éirí go hiontach leis an ciorcal comhrá faoin scéim Is Leor Beirt i Maigh Eo agus tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a fhreastalaíonn ar na ciorcail éagsúla sa chontae gach seachtain. Is deis iontach í do dhaoine a gcuid Ghaeilge a chleachtadh agus bualadh le daoine nua. Seachtain na Gaeilge 2011 Is é Seamus Mac Cormaic Uachtarán CCÉ a sheol Seachtain na Gaeilge dúinn i mbliana. Bhí an seoladh ar siúl againn ag Aerfort Iarthar Éireann. Bhí slua mór daoine ag an seoladh agus bhí oíche iontach cheoil agus damhsa againn ina dhiaidh. Chuir muid

leabhrán le liosta na n-imeachtaí a bhí ar siúl i Maigh Eo i rith Sheachtain na Gaeilge 2010 i gcló freisin. Bhí an t-ádh orm arís an bhliain seo go raibh deis agam dul amach ar cuairt ag na scoileanna éagsúla le bualadh leo. Cuireann sé sin go mór leis an nasc idir muid féin agus scoileanna an chontae. Leagadh clár leathan cuimsitheach d’imeachtaí amach don bhféile le ceol, amhránaíocht, damhsa, cluichí, spórt agus spraoi de gach shaghas. Socraíodh imeachtaí do chuile áit sa chontae: sna bailte móra, sna sráidbhailte, sna scoileanna, na leabharlanna, sa mhúsaem agus i bpáirceanna peile thart timpeall an chontae, ag ceiliúradh an chultúir agus na teanga. Eagraíonn Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge na himeachtaí i gCo. Mhaigh Eo i gcomhair le Coiste Dúiche Mhaigh Eo an Chonartha. Féile Scoil Drámaíochta Mhaigh Eo Bhí Féile Scoil Drámaíochta Mhaigh Eo ar siúl arís i mbliana. Glacann scoileanna ar fud Mhaigh Eo páirt sa chomórtas seo agus téann 5 scoil acu sin ar aghaidh go dtí Féile Chúige Chonnachta a bhíonn ar siúl ón 8 10 Márta gach bliain. Tá os cionn 35 scoil páirteach i bhFéile an Chúige i mbliana. Tá áthas orm go raibh an fhéile seo againn i gCaisleán an Bharraigh, agus méadú ag teacht air gach bliain. Tá suíomh idirlín á chur le chéile againn faoi láthair agus beidh an seoladh againn ar an 13 Aibreán 2011. Brídín Ní Cheallaigh

Oifigeach Forbartha Gaeilge

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

45



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

5. TUAIRISC CLÓDHANNA TEORANTA Is iad na príomhghníomhaíochtaí atá idir lámha ag Clódhanna Teo. ná:

chun a rogha féin a dhéanamh as raon d’ábhar clóite. Tá an éagsúlacht sin ar fad ag teastáil ó phobal ceannach leabhar. Cé go reáchtáiltear An Siopa Leabhar ar na gnáthchaighdeáin

• Feasta a fhoilsiú • An Siopa Leabhar sa Cheannáras a reáchtáil

Feasta Foilsítear Feasta go míosúil agus taobh amuigh den ghnáthdhíolaíocht trí shiopaí agus trí shíntiúsóirí, cuirtear cóip chuig gach rúnaí craoibhe den Chonradh.Tá deontas ó Fhoras na Gaeilge á fháil mar chuid de dheontas Fhoras na Gaeilge do Chonradh na Gaeilge, chun mórchuid na gcostas ar an iris a ghlanadh. Ardaíodh an deontas san bhliain 2010 thar 2009 agus ba chabhair mhór é sin. Ní fios fós áfach, cé mhéad a bheidh ar fáil don bhliain 2011. Foilsítear mór-eagrán i mí Bealtaine gach bliain le cabhair airgid ar leith ón gComhairle Ealaín. Íslíodh an deontas sin beagán i 2010 agus tá sé curtha in iúl go mbeidh ísliú breise ann i 2011. Is é Pádraig Mac Fhearghusa an tEagarthóir agus tá sé ag cur feabhais leanúnaigh ar leagan amach agus ar úsáid dathanna san iris.

An Siopa Leabhar Is gnó tábhachtach é seo atá ag freastal ar phobal na Gaeilge agus ar fhoilsitheoirí Gaeilge araon, chomh maith le gnáthphobal na hÉireann. Tá an tseirbhís á rith ar acmhainní foirne agus airgid atá teoranta go leor – oscailte sé lá sa tseachtain, gnó tríd an bpost á riaradh, taispeántais leabhar á n-eagrú do mhór-imeachtaí lucht na Gaeilge timpeall na tíre, agus a bheith sár-eolach don phobal a thagann ag triail ar An Siopa i dtaobh atá ar fáil, as cló, agus eile. Tá An Siopa Leabhar ina dháileoir do leabhair An Gúm agus is cabhair mhór é sin don ghnó. Tá méadú leanúnach ag teacht ar an gcéatadán den ghnó a dhéantar tríd an bpost agus go leictreonach. Ina ainneoin sin, is léir dúinn go bhfuil áit ag teastáil i gcónaí chun stoc a chur ar taispeáint, ligean do dhaoine féachaint ar leabhair nua agus

thráchtála, níl an gnó sách mór chun go ndíolfadh sé as na costais ar fad. Ní bheadh an tseirbhís ann gan an chabhair a fhaightear ó Fhoras na Gaeilge i leith roinnt den chostas tuarastail. Táimid buíoch as an gcabhair sin. Ar aon dhul leis an titim ghinearálta ghnó sa tír faoi láthair, thit láimhdeachas an tSiopa 12% i 2009 agus 6% breise i 2010. Tá an titim ag leanúint go dtí seo i 2011, is baolach.

Maidir le foilsiú leabhar, is cuid bheag de ghnó an chomhlachta é seo le tamall maith anois. Foilsítear leabhráin don Chonradh anois agus arís. Tá go leor cúiseanna maithe leis seo. Tá comhlachtaí eile foilsitheoireachta dírithe go príomha air seo agus tá Clódhanna féin ag déanamh sainchúram de ghnó díol leabhar – rud nach bhfuil ar siúl ach ag fíorbheagán dreamanna eile.

Buíochas Thosaigh Daragh Ó Tuama mar Bhainisteoir ar An Siopa Leabhar ar an 21 Meitheamh 2010 agus chríochnaigh Síle Hodgins mar Chúntóir sa Siopa an mhí chéanna. Thosaigh Cian Taaffe mar Chúntóir sa Siopa i mí Lúnasa 2010. Tá Máire Ní Laoi, iarBhainisteoir, ag cabhrú ins An Siopa Leabhar, ar bhonn teoranta, faoi láthair agus is mór againn an cúnamh sin. Tá Clódhanna buíoch do na daoine sin uile as a n-obair ar fad sa réimse gnó tábhachtach seo, atá lárnach do chothú phobal na Gaeilge. Donnchadh Ó hAodha Rúnaí Chlódhanna Teoranta

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

47


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

6. TUAIRISC NA nEAGRAÍOCHTAÍ FAOI SCÁTH AN CHONARTHA 6.1. TUAIRISC SHEACHTAIN NA GAEILGE Ráiteas Misin Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear, mar chuid d’fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bliain. Is deis í Seachtain na Gaeilge do gach duine a bheith ar a gcompord ag baint úsáide as a gcúpla focal Gaeilge. Tugann an fhéile deis don phobal imeachtaí a reáchtáil agus is seans é daoine a thabhairt le chéile chun spiorad na nimeachtaí a bhlaiseadh agus spraoi a bhaint astu trí mheán na Gaeilge.

Fás agus Forbairt Ritheadh féile na bliana seo idir an 5 – 17 Márta 2011. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá anois ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a ritear in Éirinn agus i dtíortha thar sáille gach bliain. Déanann neart eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, leabharlanna, agus eagrais ceoil, spóirt agus chultúrtha a nimeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú linn.

Bhí na céadta scoileanna páirteach arís i mbliana le himeachtaí a reáchtáil siad dá ndaltaí féin, agus bhí an-tóir ar na gcomórtais náisiúnta freisin.

Chuireamar níos mó forbairte leis an suíomh idirlín ionas go bhfeidhmeoidh sé ar bhonn níos éifeachtúla i rith na féile agus coinníomar i dteagmháil go rialta leis an sluaite atá dár leanúint ar Facebook agus Twitter. Cúrsaí Poiblíochta Cuireadh feachtas poiblíochta cuimsitheach i

48

bhfeidhm agus de bharr seo, bhí an fhéile i mbéal an phobail arís i mbliana. Fuaireamar an-tacaíocht ó na meáin áitiúla agus náisiúnta a rinne tuairisciú nuachta, agallaimh ar chláracha teilifíse agus raidió le pearsan na Seachtaine i mbliana, chomh maith le hailt agus grianghraif a fhoilsiú sna nuachtáin.

Craig Doyle agus Bernard Dunne a bhí mar phearsan Sheachtain na Gaeilge 2011

Tháinig beirt fhear as Baile Átha Cliath Bernard Dunne, iar-dhornálaí proifisiúnta, agus Craig Doyle, láithreoir teilifíse agus raidió - ar bhord mar phearsan phoiblí Sheachtain na Gaeilge 2011. Ba mhór an onóir í a bheith ag comhoibriú leo. Bhí an-aird tarraingthe ar Sheachtain na Gaeilge sna meáin agus i measc daoine óga de bharr a rannpháirtíochta. Ba mhór an chabhair a thug siad chun stádas agus aidhm Sheachtain na Gaeilge a neartú.

Ceol i Sráid an Bhiocaire, B.Á.C. 2 Thugamar faoi cheolchoirm a reáchtáil mar mhór-imeacht Sheachtain na Gaeilge a bhí ar siúl in ionad ceoil Sráid an Bhiocaire, Baile Átha Cliath 8, ag deireadh na féile ar an 16 Márta 2011. Ba cheiliúradh é an cheolchoirm Ceol ar an nGaeilge agus cuireadh í ar siúl i gcomhar le Aiken Promotions, St. Patrick’s Festival, Raidió Rí-Rá, SnaGÁCT, agus reáchtáladh í i gcabhar ar Barnardos Ireland.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Bhí scoth na gceoltóirí i láthair ar an oíche: Republic of Loose, Delorentos, Heathers, Dublin Gospel Choir agus neart eile a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an lucht éisteachta. D’fhreastail níos mó ná 700 duine ar an gceolchoirm.

Buíochas Tá buíochas ag dul do gach duine, grúpa, eagras agus scoil a ghlac páirt i Seachtain na Gaeilge 2011 – ó imeachtaí a eagrú ar bhonn deonach don chuid is mó, freastal ar na himeachtaí agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Táimid an-bhuíoch freisin as gach duine a thug cabhair agus tacaíocht dúinn go deonach san oifig agus ar an talamh i rith na féile agus na bliana ar fad. Ní mhairfeadh an fhéile gan sibh agus beimid buíoch asaibh go síoraí. Orla Nic Shuibhne Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge

6.2. TUAIRISC OIREACHTAS NA GAEILGE Ráiteas Misean Tá sí d'aidhm ag Oireachtas na Gaeilge na healaíona dúchasacha, trí mheán na Gaeilge, a cheiliúradh agus a fhorbairt; deiseanna a chur ar fáil do lucht a gcleachta le hardchaighdeán a shroicheadh; agus rannpháirtíocht leathan i dtaca leis na healaíona sin a chothú i measc an phobail. Súil siar ar 2010 Bhí os cionn 10,000 duine rannpháirteach san éagsúlacht ollmhór ócáidí ealaíne, cultúir, spóirt agus caidrimh a d'eagraigh Oireachtas na Gaeilge le bliain anuas, ina measc:

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala Thógamar céimeanna nua eile chun cinn i 2010 ó thaobh na nGradam Cumarsáide de mar gur aimsíomar urraitheoir nua, Gala, comhlacht náisiúnta miondíolacháin. Mar chuid den urraíocht seo, bunaíodh catagóir nua gradam, Gael-Réalta Gala na Bliana, agus tugadh deis

GRADAM SHEACHTAIN NA GAEILGE 1977

Séamus Mac Conglinne (RIP)

1995

Pádraig Nugent

1979

Lil Nic Dhonnchadha (RIP)

1997

Cathal Ó Feinneadha

Donncha Ó Súilleabháin (RIP)

1999

Séamus Ó Cathasaigh (RIP)

1978 1980 1981

Éamonn Ó hÉalaithe (RIP) Máirtín Ó Direáin (RIP)

1982

Deasún Breatnach (RIP)

1984

Amhlaoibh Ó hEidrisceoil (RIP)

1986

Fiachra Ó Dubhthaigh (RIP)

1983

1985 1987

Gearóid Ó Maoilmhichíl (RIP)

Sighle Uí Dhonnchadha (RIP)

2001

2002 2003

2004

Cáit Uí Chadhain

Ciarán Ó Feinneadha Colm Ó Tórna

Anraí Ó Braonáin

Pádraig Breandán Ó Leidhin

Seán Mac Mathúna

Pádraig Ó Riain

2007

Cliodna Cussen

1990

Eibhlín Ní Chathailriabhaigh (RIP)

1991

Tomás Ó Cuilinn (RIP)

1993

Pádraig Ó Snodaigh

1994

2000

Máire Ní Laoi

2005

Seán Ó Dálaigh

1992

1998

Proinsias Ó Braonáin (RIP)

Liam Ó Luanaigh (RIP)

1988 1989

1996

Séamus Ó Muirí (RIP) Róisín Ní Sheaghdha

2006 2008

2009 2010

2011

Antoine Ó Faracháin Éamonn Ó Dónaill

Dónal Mac Ionnraic Íte Ní Chionnaith

Tomás Mac Ruairí

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

49


',! ' !' !" /) "! ) +!' .$ ( -%# & %() %" ( $)%!' ) ( ! !'"-%$ *** $)%!' ) ( ! ! $$ !' ) ( $ !" %$) ( .


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

do chustaiméirí Gala vóta a chaitheamh ar son a rogha féin de na réalta a bhí ainmnithe sa chatagóir seo. Mar chuid den phacáiste a thairg Gala, bhí feachtas fógraíochta sna nuachtáin Foinse agus Irish Independent, feachtas ar éirigh go han-mhaith leis. Bhí ócáid bhronnta na nGradam ar siúl i dTeach Farmleigh, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 8, Dé hAoine, 21 Bealtaine 2010.

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2010 Bhí an-rath ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2010 agus bhí an líon iarratas, chomh maith le caighdeán na n-iontrálacha, thar a bheith sásúil. Reáchtáladh 47 gcomórtas ar fad, 31 do dhaoine fásta agus 16 cinn do dhaoine óga. Bhí mórchuid na gcomórtas faoi urraíocht ag pátrúin éagsúla agus tá feachtais urraíochta leanúnacha ar siúl againn d'fhonn gach aon chomórtas a bheith á urrú amach anseo. Bronnadh na duaiseanna ag searmanas bronnta in Ionad Comhdhála Pháirc an Chrócaigh i mhí Mheán Fómhair.

Scléip na hÓige 2010 D’fhreastail os cionn 500 scoláirí ar Scléip na hÓige agus bhí baill ó chlubanna Ógras, Spleodar, Feachtas, Cumann na bhFiann agus Óige na Gaeltachta rannpháirteach ann. Bhí sé ar siúl i gCill Airne le linn Oireachtas na Samhna ón 26 – 29 Deireadh Fómhair 2010. Reáchtáladh clár leathan imeachtaí, ina measc, céilithe agus cluichí craiceáilte, craobh díospóireachta, Tráth na gCeist, ceolchoirm leis an mbanna Mo Hat Mo Gheansaí, sraith chluichí agus cheardlanna agus nithe éagsúla eile.

Oireachtas na Samhna 2010 Bhí Oireachtas na Samhna 2010 fíorshuntasach ar a lán slite. D'fhill an fhéile ar Chill Airne, i gCo. Chiarraí, don chéad uair ó 1918. Ceann de na nithe is mó a chuaigh i bhfeidhm ar phobal an Oireachtais ná na háiseanna a bhí i gCill Airne, chomh maith leis an soláthar breá lóistín a bhí ar an mbaile. Bhí os coinn céad imeacht ar fad ar an gclár agus réimse leathan imeachtaí don uile dhuine. Is féasta spraíúil, spleodrach a bhí ann ag a raibh scoth na hamhránaíochta, an cheoil, an rince agus, thar aon ní eile, scoth an

chomhluadair. B'ábhar áthais dúinn an líon ard mac léinn ó na coláistí tríú leibhéil a d'fhreastail ar an bhféile agus a ghlac páirt sna himeachtaí. Déanaimid comhghairdeachas ó chroí le Nollaig Ní Laoire a bhuaigh Corn Uí Riada, agus go deimhin leis na hiomaitheoirí ar fad a bhí rannpháirteach sa bhféile.

Nollaig Ní Laoire, Buaiteoir Chorn Uí Riada 2010, i dteannta buaiteoirí eile ag Oireachtas na Samhna

An bhliain amach romhainn Tá Clár Imeachtaí 2011 faoi lánseol anois: i) Tá clár na gComórtas Liteartha 2011 ar fáil agus beifear ag glacadh le hiarratais suas go dtí 1 Iúil 2011; ii) Tá cuireadh tugtha d'fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge leabhair a iontráil le haghaidh Gradam Réics Carló agus Gradam Uí Shúilleabháin idir seo agus 1 Meán Fómhair 2011; iii) Tá an próiseas ainmniúcháin agus vótála do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais faoi lánseol agus beidh an bronnadh ar siúl dTeach Farmleigh, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 8, Dé Sathairn, 21 Bealtaine 2011; iv) Beidh féile Oireachtais ar siúl i gCeanada don chéad uair riamh i mbliana ón 1 - 3 Iúil 2011; v) Beidh Oireachtas na Samhna agus Scléip na hÓige 2011 ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí, ag tús mhí na Samhna agus tá na socruithe cuí idir lámha.

Gabhaim buíochas le gach éinne a chuidigh linn agus a thug tacaíocht dúinn i gcaitheamh na bliana, go háirithe Julian de Spáinn, ArdRúnaí an Chonartha, agus foireann uile an Cheannárais. Liam Ó Maolaodha Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

51


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

6.3. TUAIRISC AN COIMISIÚN LE RINCÍ GAELACHA Bhí bliain iontach ag an gCoimisiún le linn 2010 - 2011 ó thaobh fhorbairt an rince Ghaelaigh de. ‘Sé príomhchuspóir an Choimisiúin i gcónaí ná na rincí Gaelacha - idir rincí aonair, rincí céilí agus rincí foirne Gaelacha de gach saghas - a chaomhnú agus a chur chun cinn. Le blianta beaga anuas, leathnaigh réimse an Choimisiúin chun Mór-Roinn na hEorpa, idir thoir agus thiar, an Afraic Theas, agus Meiriceá Theas a chlúdach. Ag an am céanna mhéadaigh líon na múinteoirí agus na rinceoirí in Éirinn, sa Bhreatain Mhór, Meiriceá Thuaidh, san Astráil agus sa Nua Shéalainn. Tríd is tríd, d'fheadfá a rá go bhfuil an Coimisiún níos láidre anois ná mar a bhí sé riamh.

Ceangail na Gaeilge I dteannta na príomhaidhme thuasluaite, is mór le baill an Choimisiúin an ceangal idir an Coimisiún agus Conradh na Gaeilge, agus cé nach bhfuil ár gCeannáras suite in Uimhir a Sé Sráid Fhearchair le cúpla bliain anuas, agus nach féidir linn ár gcruinnithe a reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge de bharr na hionadaíochta idirnáisiúnta, tá an-chuid Gaeilge le chloisteáil i measc na mball i gcónaí. Ní hamháin sin ach le cúpla bliain anuas, tá sé de nós againn ceacht Gaeilge a rith ag gach cruinniú, rud a chuireann na hionadaithe idirnáisiúnta an-suim ann.

Oireachtas Rince na Cruinne 2010 Um Cháisc 2010, reáchtáladh Oireachtas Rince na Cruinne i nGlaschú na hAlban don tríú uair. Ócáid iontach a bhí inti leis na sluaite bailithe san Ceoláras Ríoga ag ceiliúradh an rince Ghaelaí ar feadh ocht lá. Le blianta beaga anuas, cuireann lucht an Chonartha in Albain ionadaí go dtí an Coimisiún, agus tá áthas orm a chur in iúl don Ard-Fheis gur éirigh thar barr leis na ranganna Gaeilge a reáchtáladh i dteannta an Oireachtais anuraidh. Oireachtas Rince na hÉireann 2011 Le linn na seachtaine deireanaí i mí Feabhra, reáchtáil An Coimisiún Oireachtas Rince na

52

hÉireann 2011 san INEC i gCill Áirne, Co. Chiarraí. Féile iontach rince Gaelaigh ab ea an tOireachtas i mbliana, agus rinneamar ár ndícheall Gaeilge a bheith le cloisteáil ón stáitse, fiú nuair a bhí maor eachtrannach i bhfeighil an stáitse. Níl na staraithe aontaithe ar bhliain thosaigh an Oireachtais, ach is féidir a rá go cinnte go bhfuil sé breis agus céad bliain d’aois. Thóg An Coimisiún an tOireachtas idir lámha i 1933, trí bhliain tar éis bhunú an Choimisiúin féin. Ag an tráth sin, ba é Oireachtas an Rince (mar a tugadh air ag an am sin) an fhéile náisiúnta rince ba mhó sa tír. Ó 1970 ar aghaidh, nuair a bunaíodh Oireachtas Rince na Cruinne, tháinig athrú ar an staid sin. Ina ainneoin sin, is mór an meas atá ag múinteoirí agus rinceoirí ar an imeacht stairiúil seo sa lá atá inniu ann go fóill.

OIREACHTAS RINCE NA CRUINNE 2011 Um Cháisc 2011 reáchtálfar Oireachtas Rince na Cruinne i mBaile Átha Cliath don chéad uair ó 1996, nuair a thiocfaidh an tOireachtas sin go dtí an ionad nua fairsing i Citywest i gCo. Áth Cliath Theas ón 17 - 23 Aibreán 2011. Chun déileáil leis an éileamh atá ann don Oireachtas, úsáidfear trí ionad ar feadh an cúig lá lárnach den Oireachtas. Osclóidh Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, an tOireachtas go hoifigiúil ar an Luan, 18 Aibreán 2011. Táimid ag súil le hócáid iontach Ghaelach ar feadh seacht lá an Oireachtais. Idir chomórtais aonair, chéilí, fhoirne, agus damhsa drámaíochta, is cosúil go nglacfaidh breis agus 4,500 rinceoirí páirt sa bhféile iontach seo. Lasmuigh de na comórtais féin, beidh coirmeacha ceoil, céilithe, agus a leithéid ar siúl istoíche leis an ngrúpa cáiliúil Beoga ina naíonna speisialta ar an gCéadaoin. Críochnóidh an tOireachtas le bál mór dar teideal An Ré Órga ar an Satharn, 23 Aibreán 2011. Tá gach eolas ar an Oireachtas agus ar an mbál le fáil ar www.clrg.ie. Séamus Ó Sé Oifigeach Caidreamh Poiblí

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

6.4. TUAIRISC ÓGRAS Fís Ógras Is í an fhís atá ag Ógras ná chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc an óige agus sa chomhthéacs seo, deis a thabhairt do dhaoine óga iad féin a fhorbairt mar phearsa agus iad treoraithe i measc an phobail.

Obair Bhliana Bhí samhradh gnóthach ag Ógras anuraidh le beagnach 20 campa ar siúl ar fud na tíre i mí Iúil agus Lúnasa. Bhí formhór na gcampaí i gCúige Laighean, áit ina bhfuil an-éileamh ar champaí do pháistí bunscoile. Tá sé i gceist againn cur le líon na gcampaí i 2011 agus beidh cúpla campa ar siúl do dhéagóirí óga chomh maith.

na daltaí a spreagadh le Gaeilge a labhairt i suíomh sóisialta taobh amuigh den seomra ranga. Chomh maith leis sin, tá Ógras gníomhach sa bhFóram Óige i dTuaisceart Éireann, fóram atá bunaithe chun tacú le clubanna óige Gaeilge ó Thuaidh chun cabhrú leo iad féin a fhorbairt agus a láidriú trí deiseanna a chur ar fáil dóibh teacht ar mhaoiniú agus oiliúint chuí.

Le linn Sheachtain na Gaeilge 2011 d’eagraigh roinnt mhaith chlubanna Ógras agus Óg-Ógras imeachtaí don phobal ina gceantair féin. Freisin bhí Ógras i mbun cluichí agus spraoi do pháistí a eagrú ins An Puball Gaeilge @ An Lá Mór i mBaile Átha Cliath.

Bhí neart imeachtaí ar siúl ag clubanna Ógras fud fad na tíre ón t-am seo anuraidh freisin. Thosaigh formhór na gclubanna i mí Mheán Fómhair agus Dheireadh Fómhair le ceardlanna agus cúrsaí traenála chun cabhrú leis na ceannairí dul i mbun na hoibre.

D’fhreastail clubanna Ógras ar Scléip na hÓige ag an Oireachtas i gCill Airne, Co. Chiarraí, agus d’éirigh go hiontach leis na himeachtaí ar fad thar an trí lá. Arís tá súil againn slua níos mó a mhealladh síos ann i mbliana.

Bhí imeachtaí réigiúnda ar siúl i ngach réigiún do chlubanna Ógras agus do chlubanna ÓgÓgras agus bhí idir 80 – 150 ball - chomh maith le ceannairí agus cúntóirí na gclubanna - i láthair ag gach ceann de na himeachtaí sin.

Arís i mbliana d’eagraigh Ógras cúrsa ceannaireachta do dhaltaí na hIdirbhliana i bPobalscoil Chorca Dhuibhne agus ag éirí as seo, tá Oifigeach Óige páirt-aimseartha á fhostú againn i gcomhar leis an bPobalscoil agus le cabhair airgid ó Chomhairle Contae Chiarraí chun tacú le plean Gaeilge na scoile. Tríd an scéim, beifear ag siúl le club óige a bhunú chun 54

Grúpa Óg-Ógras ar thuras lae go Cairlinn, Co. Lú

Buíochas Tá buíochas faoi leith ag dul do Chathaoirleach agus do Choiste Stiúrtha Ógras a chabhraíonn an t-eagras a stiúradh agus a fhorbairt san am deacair seo. Freisin tá buíochas ag dul do na ceannairí deonacha ar fad atá ag obair ar fud na tíre go dian dícheallach. Dar ndóigh táimid fíorbhuíoch as na dreamanna ar fad a chuireann maoiniú ar fáil d’obair na heagraíochta. Tá buíochas freisin ag dul d’fhoireann Ógras a oibríonn go díograiseach i rith na bliana, agus ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le foireann Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh as ucht a gcabhair agus a dtacaíocht i gcónaí. Maedhbh Ní Dhónaill Riarthóir Ógrais

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

7. AINMNIÚCHÁIN DO NA TOGHCHÁIN ’11 IARRTHÓIR DON UACHTARÁNACHT 1. Ó hAodha, Donnchadh Ó Chathair Chorcaí ó thús. Ina chónaí i gCúil Aodha le blianta fada. Ina bhall de Chonradh na Gaeilge ón am go raibh sé ina dhéagóir. Chaith 10 mbliain ag obair in Ard-Oifig an Chonartha, ag plé le stiúradh timireachta agus cúpla bliain mar Rúnaí ar an eagraíocht. Mar Thánaiste reatha ag an gConradh agus ina Chathaoirleach ar Dháil na Mumhan le tamall de bhlianta – agus ina thimire deonach don Chúige ó 2010. Ag obair le Coláiste na hOllscoile (foireann riaracháin i nGnóthaí na Mac Léinn) go dtí 2010 agus ina Chathaoirleach reatha ar Bhord na Gaeilge sa Choláiste. Bhronn an Ollscoil céim oinigh MA (honoris causa) air i 2009. IARRTHÓIRÍ DON CHOISTE GNÓ Ó NA CRAOBHACHA (Dáréag le toghadh) 1. de Blúit, Peadar As Cill Choinnigh dó. Is scoláire sa bhliain deiridh i gColáiste na Tríonóide é. Ball den Choiste Gnó, Coiste Chumann Gaelach na Tríonóide, lárchoiste Rith, coiste an Oireachtais, leaschathaoirleach Chlub Chonradh na Gaeilge, stiúrthóir Sheachtain na Gaeilge, láithreoir Raidió Rí-Rá. Ag obair in earnáil na Gaeilge ar bhonn páirt-aimseartha. Tá sean-ghaol aige le Gaeltacht na Rinne, áit ar chaith sé go leor dá óige.

56

2. Mac Cormaic, Eoghan Tá Eoghan ina Chathaoirleach ar Chraobh Bhaile Locha Riach, agus bhí sé ina Thánaiste ar an gConradh ar feadh dhá bhliana. Is iarstiúrthóir é ar Thogra Bhaile Locha Riach agus, i láthair na huaire, tá sé ag obair le Glór na nGael. Tá sé ina LeasChathaoirleach ar Fhoras na Gaeilge. Tá cuid mhór blianta caite aige ar an gCoiste Gnó agus ar an mBuanchoiste. 3. Mac Fhearghusa, Pádraig Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Cathaoirleach Chraobh Thrá Lí. Bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí. Eagarthóir ar Feasta. D’eagraigh bunú Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, ó 1981. Iarchathaoirleach náisiúnta ar Oireachtas na Gaeilge. Bhuaigh príomhchomórtas filíochta an Oireachtais faoi dhó, agus Comórtas Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí. Eagarthóir ar CNAG agus Samhlaíocht Chiarraí, irisí Gaeilge. D’fhoilsigh ‘Conradh na Gaeilge i gCiarraí’, agus ‘Tóraíocht an Mhíshonais’ ar shíceolaiocht Freud & Jung. Páirteach le coistí bunaithe gaelscoileanna in Oileán Ciarraí, Cill Airne agus Lios Tuathail. 4. Mac Fhionnghaile, Breandán Is oifigeach forbartha é Breandán Mac Fhionnghaile leis An Clár as Gaeilge ó 2003. Tá sé lonnaithe in Inis agus is ball reatha é den Choiste Gnó. 5. Mac Lochlainn, Conchubhair Is eagarthóir teilifíse mar aon le múinteoir scoile agus léachtóir é Conchubhair, gurbh as Muineachán ó dúchais dó. Páirteach i gcúrsaí Gaelach ar leibhéal áitiúil le tamall anuas, is é cathaoirleach Sheachtain na

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Gaeilge i mbliana mar aon le leasChathaoirleach an chraobh i dTuaisceart Mhuineacháin, áit a bhfuil dul chun cinn iontach á dhéanamh i saol na nGael le cúpla bliain anuas. 6. Mac Seoin, Séadna Gníomhach i gcúrsaí Gaeilge le breis is 30 bliain – le Scoil Neasáin (ball den Bhuanchoiste), an feachtas le Gaelscoil Cholmcille a bhunú, cur chun cinn na Gaeilge i mBeaumont (BÁC), in An Post/Eircom, sna Ranna Leasa Shóisialaigh agus Oideachais, le Craobh Bhréanainn. Máistreacht i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge ag COBAC, 2009. 7. Mac Ruairí, Tomás Ball den Chonradh ó 1956; Uachtarán 19982003; Tánaiste 1994-1995; Coiste Gnó agus Buanchoiste ag treimhsí éagsúla ó 1962; ball de Chraobh Bhréanainn; Cathaoirleach an Oireachtais 1995-1996; Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge 20042010; stiúrthóir de Chomhlacht Cumarsáide Chreagáin Teoranta, urraitheoir ar Léacht Nollaig Uí Ghadhra. Iriseoir. 8. Ní Chóchlaigh, Celine Ta blianta fada caite ag Celine ar Choiste Gnó an Chonartha agus tá sí an-gníomhach i gcúrsaí an Chonartha i dTiobraid Árann Theas. Is iar-mhúinteoir scoile í agus ta ansuim aici i gcúrsai Gaeilge sa chóras oideachais. 9. Ní Laoire, Máire Ta Máire ina ball de Choiste Gnó an Chonartha le sé bliana anuas. Is múinteoir í agus tá an-spéis aici i gcúrsaí Gaeilge sa

chóras oideachais, spéis a spreag í chun máistreacht a dhéanamh ar dhearcadh daltaí i leith na Gaeilge. Ta sí ina LeasUachtarán de Chomhar na Múinteoirí chomh maith. Tá sí lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge i gcathair Chorcaí. 10. Ó Catháin, Leachlain Ball de chraobh Thraolaigh Mhic Suibhne, Gleann Maghair, Corcaigh & iarbhall den Bhuanchoiste agus den Choiste Gnó. Ag saothru ar son na Gaeilge i gcónaí. Aturnae a bhunaigh cumann do dhlíodóirí a bhi sásta cleachtadh trí Ghaeilge. Ta ailt agus léachtaí tugtha aige a bhaineann le hábhar thar na blianta. Údar ar an gcéad athbhreithniú ar chúrsaí dlí agus Gaeilge. Ball de Fhoras na Gaeilge 1999 go 2008. Tiomsaitheoir bhailiuchán focal agus teilgean chainte an dlí. Gníomhach i gcursaí drámaíochta ar feadh a shaoil. 11. Ó Cearbhaill, Cóilín Tá sé mar Chathaoirleach ar Chraobh Borabú, lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Ball den Choiste Gnó, Buanchoiste, Coiste Stiúrtha Ógras agus Coiste Náisiúnta an Oireachtais. Cathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge & fochoiste teicneolaíochta an Chonartha. Leas-Chathaoirleach ar Choiste Contae Átha Cliath. Stiúrthóir ar Rith Teoranta agus Glór na nGael Teoranta. 12. Ó Coileáin, Cormac Is ball de Chraobh Bhréanainn é Cormac. Tá dochtúireacht ar siúl aige faoi láthair i bhFisic, sa Nain-eolaíocht. 13. Ó Crosáin, Séamus Ball gníomhach de Chraobh Dhún Dealgan.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

57


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Tá taithí suntasach mar fhiontraí aige, mar shampla bunú & feidhmiú Crosson Travel, Funtrek Holidays, Eurolink European Coach Tours & Dalys Pub, Cé Éidin sna 70, 80 & 90aidí. Bainteach le goEuropa, comhlacht bogearraí bunaithe in Éirinn & sa Phólainn. Bhain sé amach B.A. i Má Nuad & M.E.C.B. in Ollscoil Chathair Átha Cliath le blianta beaga anuas. Comhordaitheoir i dtuaisceart Lú do Rith 2010. Páirteach i mbunú Gaelcholáiste nua sa Lú faoi láthair. Chaith sé agus a chlann cúig bliana ina gcónaí i Ráth Cairn go dtí 2005. 14. Ó Deá, Aodhán Oifigeach na Gaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn don dara bliain i ndiaidh a chéile. As Baile Átha Cliath dó, tagann a shuim i gcúrsaí Gaeilge ó Choláiste na bhFiann agus ó Chumann Gaelach Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath a athbhunú. Bhí sé mar Oifigeach Gaeilge agus Uachtarán Aontas na Mac Léinn i gCOBÁC. D’eagraigh sé agóid chiúin faoin nGaeilge don Ardteist i mbliana & ghlac 1000 mac léinn dara & tríú leibhéal páirt inti. 15. Ó Drisceoil, Seán Tá Seán Ó Drisceoil, Cathaoirleach ar Chraobh Innse Gall, ag obair faoi láthair le Gnó Mhaigh Eo. Bhí sé mar phríomhoide de Sabhal Mór Ostaig tráth. Chaith sé deich mbliana ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus bhí ina Urlabhraí Gaeltachta agus Tánaiste den Chonradh. Chaith sé seal mar Chomhalta de Choiste Comhairleach an Aire - Coimisiún na Gaeltachta. 16. Ó hAdhmaill, Seán Tá Seán ina chónaí i mBaile Átha Cliath lena bhean chéile, Tara agus ag tógáil clainne le 58

Gaeilge. Céimí Fiontar atá ag críochnú taighde iarchéime ar an Tiomsú Airgid in Éirinn. Síntiúsóir na nGael. Cathaoirleach ar Fhochoiste Tiomsaithe Airgid Chonradh na Gaeilge, ar Choiste Contae Átha Cliath an Chonartha agus ar an óg-eagraíocht Feachtas. Ball de Chraobh Na Gaeil Óga. Toghadh ar an gCoiste Gnó go leanúnach é le blianta anuas. Lárnach san fheachtas Ainmneacha Gaeilge d'Eastáit Tithíochta i mBÁC, rogha Ghaeilge ar na huathmheaisíní bainc agus chuidigh le bunú Raidió Rí-Rá, le heagrú Rith 2010, bunú 4 ghaelcholáiste, 8 ngaelscoil agus 22 Naíonra Gaelach. 17. Ó Murchadha, Eoghan Mac léinn leighis sa Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, tógadh é le Gaeilge i mBaile Átha Cliath, iarscoláire de chuid Choláiste Eoin, iar-reachtaire ar an gCumann Gaelach & Cumann Liteartha COBÁC. Páirteach le Raidió na Life. Eagarthóir ar iris ollscoile, baint le feachtas i gcoinne pholasaí FG, agóid chiúin, & scríbhneoir litreacha feargacha. 18. Ó Murchadha, Seán As Muineachán do Sheán, a chaith roinnt blianta ina chónaí i gConnacht. Tá sé anois gníomhach mar chathaoirleach leis an gCumann Gaelach i Muineachán agus ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta timpeall an chontae uilig. 19. Uí Mhuirí, Jacqueline Tá Jacqueline ina ball de Chraobh na Gaillimhe. Múineann sí ranganna Gaeilge in Árus na nGael, Gaillimh, agus tá sí ag obair ar thráchtas in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair. Tá sí lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge i nGaillimh.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

IARRTHÓIRÍ DON CHOISTE GNÓ Ó NA BAILL AONAIR (Beirt le toghadh)

1. Feirtéir, Piaras Rugadh agus tógadh i nDún na nGall é. Iarphrìomhoide Scoil Cholmcille, Maoin, agus Scoil Adhamhnáin, Lathaigh. D'éirigh sé as an múinteoireacht i 1998. Tá sé pósta le hAngela agus tá ceathrar mac acu. Tá sé mar rúnaí ar an gcoiste áitiúil le haghaidh cúram na seandaoine. Tá sé ag déanamh an dioplóma sa Ghàidhlig ar an idirlíon agus ar an nguthàn anois le UHI i Sabhal Mòr Ostaig.

2. Ó Baoill, Brian Ball den Choiste Gnó & Cathaoirleach ar an bhfochoiste Gaeltachta le dhá bhliain anuas. D’oibrigh se go deonach ar son na Gaeilge i Londain, agus i gCeanada. Ghlac se pairt i mbunú Scoil Neasáin, i Rath Éanaigh, agus i gcuid mhór feachtas ar son na Gaeilge, ‘Let the Language Live’, mar shampla, agus bunú TG4. Tá duaiseanna liteartha de chuid an Oireachtais bainte amach aige agus leabhair i nGaeilge foilsithe aige. Chaith sé treimhsí ina Rúnaí nó ina Chathaoirleach ar Chumann Forbartha Chois Fharraige idir 1978 agus 2006 agus ina Chathaoirleach ar fhochoiste Ghlór na nGael do Pharóiste an Chnoic.

3. Ó Muircheartaigh, Cathnia Is as Dún Chaoin ó dhúchas Cathnia. Ina Phríomhoide ar Choláiste Pobail Osraí, Gaelcholáiste i gCathair Chill Chainnigh. Iarbhall den Bhuanchoiste agus den Choiste Gnó é. Comhthoghadh arís ar an gCoiste Gnó é in 2009. Ina leas-Uachtarán ar Ghaelscoileanna Teoranta, eagraíocht na ngaelscoileanna. Ina bhall d’fhochoiste Oideachais agus d’fhochoiste Phlean Straitéise an Chonartha.

4. Ó Sé, Aodán Comhthoghadh é ar an gCoiste Gnó i 2010. Tá Aodán i mbun raon gníomhartha Gaeilge i gcathair Chorcaí, mar atá; dhá chiorcal comhrá a stiúradh (ceann acu do thuismitheorí Gaelscoile), alt míosúil dar teideal Giota Gaeilge a scríobh d’iris phobail, agus míreanna raidío a chraoladh i gcomhar leis an eagraíocht Gael- Taca. Is cógaiseoir é, a bhí ina uachtarán ar Chomhar Cógaiseoirí Éireann agus ar Chomhar Cógaiseoirí an Chóphobail Eorpaigh. BORD STIÚRTHA SHEACHTAIN NA GAEILGE Craobhacha (beirt le toghadh) 1. de Blúit, Peadar fc. Iarrthóirí don Choiste Gnó

2. Mac Lochlainn, Conchubhair fc. Iarrthóirí don Choiste Gnó BORD STIÚRTHA SHEACHTAIN NA GAEILGE Baill Aonair (duine amháin le toghadh) 1. Newell , Chris Rugadh agus tógadh i dTuam, Co. na Gaillimhe é. D’fhreastail sé ar Choláiste agus ar Chumann na bhFiann. Bhí sé anghníomhach in obair na Gaeilge in Aontas na Mac Leinn in Éirinn agus tá sé anois mar Bhainisteoir Ginearálta ar Chomhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

59


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

8. RÚIN NA hARD-FHEISE 2011 REACHTAÍOCHT & STRAITÉISÍ 1. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nach mór 10 mbliana d’aois agus tá roinnt de na páirtithe polaitiúla tar éis a mholadh go mbeidh leasuithe déanta air. Molann an Ard-Fheis go mbeidh na rudaí seo a leanas curtha leis an Acht in aon athbhreithniú: a) Go mbeidh láidriú déanta ar na cearta atá ag an bpobal Gaeltachta le seirbhísí a fháil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Níor chóir go mbeadh orthu braith ar na scéimeanna 3 bliana amháin b) Go mbeidh leasú déanta ar an Acht chun go mbeidh ar aon ghníomhaire nó comhlacht a fhaigheann conradh le seirbhís a chur ar fáil don phobal ó aon roinn rialtais nó comhlacht stáit faoi na coinníollacha céanna den Acht atá an Roinn nó an comhlacht stáit faoi c) Go mbeidh aon chomhlacht stáit nua nó atheagraithe curtha leis an liosta de na comhlachtaí stáit a thagann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go huathoibríoch d) Go mbeidh béim ar shuíomhanna idirlín dátheangacha a bheith ar fáil mar chuid d’aon scéim 3 bliana Craobh Borabú 2. Aithníonn an Ard-Fheis an feachtas olltoghcháin a d’eagraigh an Conradh i bpáirt le Guth na Gaeltachta agus eagraíochtaí eile le déanaí sa Deisceart leis an nGaeilge a chosaint agus a fhorbairt. Molann an Ard-Fheis go n-eagróidh an Conradh le treoir ó Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge

60

agus Pobal feachtas don olltoghchán sa Tuaisceart don Tionól i mí Bhealtaine. Ba chóir go mbeadh straitéis leis an mbunús céanna leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Acht Gaeilge don Tuaisceart mar chroí-éilimh san fheachtas sin. Craobh Ghleann an Iolair

3. Athdhearbhaíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge tacaíocht iomlán don Choimisinéir Teanga agus molaimid saothar na hoifige sin. P.T. Mac Ruairí, Ball den Choiste Gnó

4. Éilíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go gcuirfear na céimeanna riachtanacha cuí i bhfeidhm a chuirfidh deireadh le Béarla éiginteach amháin a bheith mar cháilíocht cheapacháin ag oifigigh stáit agus oifigigh phoiblí eile. Craobh Bhréanainn 5. Maidir leis an Dréacht-Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, éilíonn an Ard-Fheis seo (a) (i) Go bhfeidhmeofaí an Dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge láithreach agus go bhfeidhmeofaí í mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta. (ii) Go gceapfaí duine i ngach Roinn Stáit, ag leibhéal Príomhoifigigh ar a laghad, le bheith freagrach as feidhmiú na Dréachtstraitéise agus seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeilge. (iii) Go gcoinneofaí Roinn Rialtais atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn agus as feidhmiú na Dréachtstraitéise. (b) Go ndéanfaí mar ábhar práinne iniúchadh cuimsitheach ar theagasc na

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Gaeilge ag an bhunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal leis na fadhbanna atá ann maidir le múineadh na Gaeilge a aithint. (c) Bunaithe ar an taighde ag 1 thuas go dtabharfaí treoir don CNCM siollabais nua a dhearadh agus a phíolótú le tabhairt faoi na fadhbanna seo, mar a rinneadh leis an mhata nuair a ullmhaíodh “Project Maths”. (d) Go dtabharfaí tús áite d’oiliúint múinteoirí leis an Ghaeilge a theagasc, go háirithe labhairt na Gaeilge ag an mbun agus ag an iar-bhunleibhéal. Cuimsíonn seo cúrsaí Gaeltachta agus dianchúrsaí do na hábhar múinteoirí nach bhfuil ag déanamh Gaeilge mar phríomhábhar. (e) Go gcuirfí cúrsaí inseirbhíse ar fáil chun cuidiú leis na múinteoirí atá sna scoileanna faoi láthair feabhas agus snas a chur ar a gcuid Gaeilge agus a gcuid modhanna múinte, chun go mbeidh siad in ann dul i ngleic le múineadh labhairt na Gaeilge. (f) Go n-ullmhófaí, mar ábhar práinne, cúrsa comhtháite Gaeilge do na scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc bunaithe ar an gcúrsa atá ann do na scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, Séideán Sí. (g) Go gcuirfí maoiniú leordhóthanach ar fáil leis an gcúrsa comhtháite bunaithe ar “Séideán Sí” a ullmhú agus a scaipeadh. (h) Go dtabharfaí gach tacaíocht don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann agus go bpléifí leis na húdaráis ansin maidir leis an straitéis ata geallta don Ghaeilge faoi chomhaontú Chill Rimhínn agus go núsáidfí an Dréachtstraitéis 20 mbliain mar mhúnla do straitéis i dTuaisceart Éireann. Craobh Thrá Lí

6. Cuireann an Ard-Fheis fáilte roimh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, ach go háirithe do mholtaí a rinne an eagraíocht agus ar glacadh leo. San áireamh glacadh le: • go mbeidh dhá ábhar á mhúineadh sa bhunscoil de réir a chéile; • go mbeidh tréimhse níos faide ag ábhair múinteoirí sa Ghaeltacht agus tréimhsí curtha ar fáil do mhúinteoirí reatha; • go bhfuil an fhéidearthacht ann go mbeidh an Fráma Coiteann Eorpach úsáidte sa dara leibhéal; • go mbeidh níos mó freagrachtaí ag COGG; • go mbeidh stáisiún raidió dírithe ar dhaoine óga ann; • go mbeidh pleananna contae curtha le cheile; srl.. Molann an Ard-Fheis go mbeidh dlúthbhaint ag an eagraíocht i gcur i bhfeidhm na Straitéise agus go leanfaidh an eagraíocht ag brú leis an Straitéis a leasú chun go nglacfar go bhfuil gá le soláthar dóthanach don Ghaeloideachas ag teastáil nuair atá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag roghnú suíomhanna do scoileanna nua agus go bhfuil gá le dhá ábhar Gaeilge don Ardteist. Cóilín Ó Cearbhaill, Ball den Choiste Gnó 7. Go gcuirfí dlús leis an bhfeachtas stádas na Gaeilge sa chóras oideachais a neartú agus mar thús go gceapfaidh an Rialtas COGG i mbun pleanála agus feidhmiú beartanna riachtanacha d’fhonn athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcaoi a múintear Gaeilge sna scoileanna len’ í a dhéanamh tarraingteach chun í a fhoghlaim agus a úsáid le fonn. Craobh Bhréanainn

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

61


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

EAGRAÍOCHT 8. Aithníonn an Ard-Fheis an obair atá ag dul aghaidh faoi láthair ag Conradh na Gaeilge i bpáirt le Comhaltas Uladh, Comhluadar, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge le gníomhú mar ionstraim aontaithe le forbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta. Déanfar seo trí chomhchlár oibre a aontú agus a chur i bhfeidhm ar leas na Gaeilge. Molann an Ard-Fheis leanúint leis an obair seo, ní amháin mar gheall ar na hathruithe atá le teacht i maoiniú na hearnála, ach le mianta phobal labhartha na Gaeilge a chur chun cinn i slí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla amach anseo. Cóilín Ó Cearbhaill, Ball den Choiste Gnó 9. Tugann Craobh Chill Airne cuireadh do Chonradh na Gaeilge Ard-Fheis 2013 a bheith ar an mbaile. Craobh stairiúil is ea Craobh Chill Airne. Eagraíodh an tOireachtas anseo i 1914 agus i 1918. D’éirigh ar fheabhas le hOireachtas 2010 agus táimid ag tnúth le hOireachtas na Samhna arís i mbliana. Tá seirbhís an-mhaith traenach gach 2 uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh. Tá seirbhísí maithe bus ó gach treo ar bhóithre maithe nua agus níl Aerfort Chiarraí ach 10 míle ón mbaile. Tá fuílleach lóistín agus óstáin mhaithe ar an mbaile. Craobh Chill Airne a bhunaigh an scoil lánGhaeilge áitiúil, Gaelscoil Faithleann. Ba mhaith linn teagmháil a chothú le conraitheoirí ar fud na tíre agus chabhródh an Ard-Fheis linn spreagadh úrnua a chur san eagraíocht ar an mbaile. Craobh Chill Airne 62

10. Go mbeidh Ard-Fheis 2013 ar an Iúr, Co. an Dúin Craobh Ghleann an Iolair, Craobh Garbhachadh, Craobh Ollscoil Uladh, Craobh Charn Tóchair 11. Go mbeidh cruinniú den Choiste Ghnó á reáchtáil i gCúige Uladh uair sa bhliain. Craobh Ghleann an Iolair

12. Go reachtáilfidh gach aon chraobh, nó roinnt craobh i gcomhar lena chéile, ócáid ar leith roimh dheireadh na Samhna go bliantúil agus sin mar aidhm go ndéanfar brabús de €100 ar a laghad le cuidiú le glanadh na mórfhiacha bainc atá ina chonstaic ar shaothar Chonradh na Gaeilge a fhorbairt. P.T. Mac Ruairí, Ball den Choiste Gnó

13. Tá Craobh Dhún Dealgán den tuairim nach bhfuil sé ceart ná cóir an tAifreann a bheith luaite mar chuid de chlár na hArdFheise. Tá seo ag déanamh dochair don Ghaeilge agus don eagraíocht araon. Craobh Dhún Dealgan TIMIREACHT 14. Go bhfeidhmeofar tionscadail réamhbheartaithe i ngach craobh chun chuidiú go praiticiúil leis na meáin chumarsáide Ghaeilge ar fad ag gach leibhéal. Craobh Bhréanainn 15. Go bhfeidhmeodh Conradh na Gaeilge feachtas feiliúnach a mheabhródh fealsúnacht na gluaiseachta don phobal i gcoitinne ar bhonn leanúnach, éifeachtach. P.T. Mac Ruairí, Ball den Choiste Gnó

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge




Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

16. Go mbunófaí láithreach feachtas oifigiúil

chun craobhacha na heagraíochta a athnu-

achan agus a láidriú agus go mbeadh baill

an Choiste Gnó ar fáil chun an obair seo a chomhordú ar bhonn réigiúnda.

Craobh na hInse

17. Go mbeidh lá na gCraobhacha ag gach Coiste Contae.

Craobh na hInse 18. Gur cheart cur leis an bhfeachtas “Is leor

Beirt”, ciorcal comhrá i measc an phobail a bhíonn ar siúl i rith an lae de ghnáth, le

himeacht mhíosúil trí Ghaeilge ar oíche áirithe faoi stiúir na Craoibhe chun go mbeidh deis ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid ag

ócáid sóisialta.

Breandán Mac Fhionnghaile,

Ball den Choiste Gnó

19. Go mbeidh Féile a fhreastalódh ar pháistí

scoile a gcuid ceoil, amhránaíocht, labhairt

na Gaeilge agus spraoi a úsáid, ar nós Féile

na hInse, i ngach Contae.

Craobh na hInse

20. Go dtabharfaidh Conradh na Gaeilge

tacaíocht do Sult na Sollán, Comhairle Phobail na Sollán agus pobail na Gaeilge i gContae Chill Dara, lena n-iarrachtaí cultúr-

lann nua a bhunú sna Solláin, a fhreast-

EILE 21. Go ndéanfaidh Conradh na Gaeilge gach iarracht an pobal a chur ar an eolas go bhfuil

Daonáireamh 2011 ó dheas ar siúl ar an 10

Aibreán, le súil go líonfadh Gaeilgeoirí an

leagan Gaeilge den bhfoirm teaghlaigh. Aodán Ó Sé, Ball Aonair

22. Ba chóir do Chonradh na Gaeilge clár

gníomhaíochtaí a chur le cheile i dtreo

chomóradh Éirí Amach 1916. Ba chóir an

deis a thapú féiniúlacht na tíre a chíoradh

agus

ról

na

Gaeilge

a

bheith

mar

dhlúthchuid de sin. Ba chóir don Chonradh

an ról láidir a d’imir an eagraíocht ag an am a cheiliúradh agus cinnte a dhéanamh go

mbeidh an eagraíocht páirteach i bpleanáil oifigiúil an stáit don chomóradh. Craobh Mhaigh Cuilinn

23. Moltar go mbunófar Comórtas Peile seachtar

an

taobh

trí

Ghaeilge

dhlúthchuid de chlár na hArd-Fheise.

mar

Craobh na nGael Óg

24. Moltar go ndéanfar stocaireacht ar na heagraíochtaí spóirt ionas go n-úsáidfear an

Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha

sna comórtais bhunscoile ar fud na tire. Craobh na nGael Óg

alóidh ar phobal uile an chontae a bhfuil

25. Moltar go ndéanfar coimisiúnú ar

Gaelach a cheiliúradh agus a chur chun

le cumainn spóirt trí Ghaeilge a bhunú thart

Daithí de Faoite, Ball Aonair

Craobh na nGael Óg

spéis acu an Ghaeilge agus an cultúr cinn.

thuairisc chun féidearthachtaí a mbainfidh faoi ghaelscoileanna a thástáil.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

65



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

9. TORTHAÍ AR GHLÓR NA nGAEL 2010 Gearrliosta na nDuaiseanna Náisiúnta 2010: Coistí Gan chúnamh fostaíochta - Gaeltacht Coiste Pobail na Tulaigh, Co. na Gaillimhe Glór na nGael – Gort a’ Choirce, Co. Dhún na nGall Craobh Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe

Duais COGG €2,000 Glór Bhréifne, Co. an Chabháin

Duais Comhairle na Gaelscolaíochta £1,500 Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste

Duais an Fháinne (Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge) €1,500 Glór Cheatharlach Duais Chomhluadar €1,500 Pobal An tSrátha Bháin, Co. Thír Eoghain

IarGhaeltacht Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair, Co an Dúin Glór na Ríogh, Co. Chill Dara Glór Bhréifne, Co. an Chabháin

Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall €1,500 Cill Chárthaigh

Coistí le Cúnamh fostaíochta Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo. Glór na nGael – Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe Glór Cheatharlach Cumann Forbartha Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe Coiste Forbartha Charn Tochair, Co Dhoire

Duais Gaeleagras na Seirbhísí Poiblí €1,000 An Clár as Gaeilge, Inis , Co an Chláir

Duaiseanna Speisialta Ghór na nGael 2010 Iontráil Nua is fearr €1,000 Glór na nGal Balána, Ceatharlach Duais Chumann na Sagart X 2 €500 Coiste Ceathrú Thaidhg – Dún Chaocháin €1,000 Glór na nGael – Baile Locha Riach Duais Cholmcille X 2 €1,500 (Éire) An Clár as Gaeilge , Inis, Co an Chláir €1,500 (Albain) Sgoil Shiaboist Duais Iontaobhas Ultach X 2 €1,400 Cumann Gaelach Chnoc na Rós, Doire €1,400 Coiste Forbartha Dhobhair Teo., Duais Údaras Craolacháin na hÉireann X 2 €1,500 Stáisiún Trachtála Clare FM €1,500 Stáisiún Pobail Raidio na Life Duais na Comhairle Oidhreachta X 2 €1,500 Duais Foilseachán – Comharchumann na nOileán Beag €1,500 Duais Togra – Comhlachta Forbartha an Spidéil Teo. Duais Chonradh na Gaeilge X 2 €1,000 Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo., €1,000 Conradh na Gaeilge An tAonach

Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe €1,500 Coiste Forbartha Chorr na Móna

Duais an Fhorais Patrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge €1,000 Gaeilgeoirí Fhionnuisce, Baile Átha Cliath Duais Chló IarChonnachta (Dearbhán €1,000 luach leabhar) Dearbhán leabhar €1,000 An Lurgan Duais Ógras €750 Baile an Chaistil

Duais Irish Independent €750 Comharchumann Ráth Chairn, Co. na Mí

Duaiseanna Aitheantais €1,000 Glór na nGael – Cill na Martra, Co. Chorcaí €1,000 Coiste Cultúr, Teanga agus Forbartha Thuar Mhic Éadaigh Trófaí na gComhlachtaí Níor roghnaíodh buaiteoir

Gradam Ghlór na nGael Seán Bán Breathnach, Raidió na Gaeltachta

Global Gaeilge €5,000 Daltaí na Gaeilge, Nua Eabhrach €3,500 Coláiste na nGael, Londain €2,500 Cumann na Gaeltachta, Ceanada €1,000 Conradh na Gaeilge, Glascú €1,000 MILG – Manchester Irish Language Group

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

67


F OCLÓIR

NA

N UA -G HAEILGE

B UN ACHAR B IBLEAGRAFAÍOCHTA

1600 2000 ar líne anois:

www.fng.ie Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dásain, Baile Átha Cliath 2 www.fng.ie • Rphost: fng@ria.ie

Tá AIB ar Shráid an Dáma brodúil as an tacaíocht a thugann siad do

Chonradh na Gaeilge Buail isteach chugainn nó cuir glaoch orainn ar 01-6793211

Tá Allied Irish Banks, c.t.p. á rialú ag Banc Lárnach na hÉireann.


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

10. MIONTUAIRISCÍ ARD-FHEIS 2010, LUIMNEACH

An Coiste Gnó Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán; Donnchadh Ó hAodha, Tánaiste; Máire Ní Laoire; Celine Ní Chóchlaigh; Cormac Ó Coileáin; Seán Ó hAdhmaill; Seán Ó Drisceoil; Jacqueline Uí Mhuirí; Breandán Mac Fhionnghaile; Domhnall Ó Loingsigh; Tomás Mac Ruairí. Eagraíochtaí faoi scáth an Chonartha Breandán Ó Cathasaigh, Ógras; Máirín Ní RuaircTuathaigh, An Coimisiún le Rincí Gaelacha;

Cúige Chonnacht Bridie Nic Dhonncha, Cumann Gaelach GMIT; Áine Ní Iarnáin, Craobh Thuama; Gráinne Ní Chonghaile, Craobh na Gaillimhe; Áine Ní Fhatharta, Bríd Uí Dhabhoráin, Craobh Mhaigh Cuilinn; Máiréad Ní Dhireáin, Peadar Ó Coinín, Coiste Contae na Gaillimhe; Niamh Ní Argáin, An Cumann Drámaíochta OÉ Gaillimh; Séagh (óg) Mac Siúrdáin, An Cumann Craic, OÉ Gaillimh; Eoghan Mac Cormaic, Craobh Bhaile Locha Riach; Gearóidín Ní Ghruinéil, Mícheál Ó Seachnasaigh, Craobh Chaisleán an Bharraigh; Seán Ó Cionfhaola, Coiste Contae Mhaigh Eo; Colmán Ó Raghallaigh, Pádraig Ó Raghallaigh, Iarlaith de Búrca, Craobh Chlár Chlainne Mhuiris; Cristóir Mac Giollarnáth, Craobh Chronáin.

Cúige Mumhan Pádraig Ó Dálaigh, Nóirín Uí Dhálaigh, Seán Seosamh Ó Conchubhair, Seán Ó Domhnaill, Brian Caball, Máire Mhic Giolla Rua, Dawn Uí Chonchubhair, Áine Mhic Fhearghusa, Pádraig Mac Amhlaoibh, Bearnard Ó Cróinín, Damhnait Nic Fhearghusa, Caitlín Uí Dhónaill, Tomás Breathnach, Domhnall Mac Síthigh, Risteard Ó Donnchú, Dáithí Ó hÉigeartaigh, Bréanainn Mac Fhearghusa, Áine Nic Giolla Choda, Paddy Mac Giolla Choda, Craobh Thrá Lí; Micheál de Mórdha, Angela Uí Mhórdha, Seosamh Ó Chonchúir, Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Jackie Ó Muircheartaigh, Dolores Kenny, Sláine Ní Chonchúir, Craobh Chorca Dhuibhne; Mícheál Ó hAileasa, Pádraig Ó Laoire, Craobh Uíbh Ráthaigh; Éamonn Ó Braoin, Craobh Chillín Tiarna; Ína Uí Chonaill, Majella Nic Éinrí, Eibhlín Ní Dhuinneagáin, Tadhg Ó Laoire, Matt Ó

Maonaigh, Máire Uí Mhaonaigh, Craobh Lios Tuathail; Tomás Ó Conchúir, Craobh Oileán Chiarraí; Seán Ó Loingsigh, Coiste Contae Chiarraí; Máire Uí Ghairbhí, Liam Mac Cionnaith, Dáil na Mumhan; Póilín de Barra, Eibhlín de Barra, Craobh Chill Chaoi; Seán Ó Ceallaigh, Domhnall Ó Loingsigh, Nóirín Uí Cheallaigh, Bernadette Uí Mhurchú, Craobh na hInse; Seosamh Mac Ionnrachtaigh, Craobh Chill Mhichíl; Seán Ó Nuanáin, Labhrás Ó Connghaile, Club na Sionna; Phyllis Uí Cheallaigh, Pádraig S. Mac Donnchadha, Seán Ó Morónaigh, Eilín de Grás, Seán Ormond, Eamonn Ó Nuanáin, Micheál Mac Oireachtaigh, Peadar Ó Conghaile, Micheál Ó Murchú, Dónal Ó Ceallaigh, Seán Ó Lochráin, Eoin Ó Briain, Máire de Paor, Pilip Culbert, Bernadette Nic Gabhann, Seán Ó Broin, Craobh Luimnigh; Seán Tadhg Ó Gairbhí, Craobh Ráth Caola; Seán Ó hAllmhuráin, Coiste Contae Luimnigh; Mathúin Ó Caoimh, Cumann Gaelach Chluain Meala; Rút Ní Mhaolfhabail, Anraí Mac Seoigh, Craobh Charraig na Siúire; Éamonn de Stafort, Peigí Uí Fhathaigh, Craobh an Aonaigh; Eibhlín Uí Mhorónaigh, Coiste Contae Thiobraid Árann; Seán Ó Duibhir, Máire Mhic Conmara, Craobh Chaiseal Mumhan; Eamon Mac Gheairr, Micheál Ó Coigligh, Craobh Dhúrlas Éile; Séamus Ó Coisdealbha, Craobh Ros Cré; Julanne Ní Mhurchú, Caoimhín Ó Muireasa, Ciara Nic Liam, An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile Corcaigh; Séamas Ruiséal, Craobh an Chraoibhín Aoibhinn; Neil Ó Briain, Lauren Nic Annraoi, Cumann Gaelach CIT; Donacha Ó Cearúill, Liam Ó Laochdha, Craobh Eochaill; Cormac Ó hAodha, Ultan Mac Aodha, Craobh Chúil Aodha; John O’ Brien, Leanne Ní Mhurchú, Cumann Gaelach WIT.

Cúige Laighean Bríd Uí Mhathúna, Donncha Ó Mathúna, An Ard Chraobh; Ursula Nic Shionnáin, Caoimhín Ó Cadhla, Craobh Mháirtín Uí Chadhain; Dáithí Mac Carthaigh, Ruadhán Mac Aodháin, Craobh na gCeithre Cúirt; Pádraig Ó Snodaigh, Craobh Aimhirgín; Pádraig Nugent, Micheál Mac Cárthaigh, Craobh Moibhí; Íte Ní Chionnaith, Craobh Coiste Gaelach DIT; Aodhán Ó Deá, Eoin Ó Murchú, Craobh Aontas na Mac Léinn in Éirinn; Áine de Baróid, Úna Uí Bheirn, Helen Ó Murchú, Máirtín Ó Murchú, Craobh an Athar Ó hIceadha; Diarmaid Ó Coileáin, Cormac Ó Coileáin, Ben Mac Lochlainn, Dev Nic Dhucháin,

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

69



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Craobh Bhéanainn; Anita Nic Amhlaoidh, Craobh Ghlór na Ríogh; Tara Uí Adhmaill, Brian Manners, Cathal Ó Murchú, Cormac Mac Síthigh, Dónal Ó Cearúill, Donnchadh Ó Mórdha, Craobh na nGael Óg; Siobhán Seoighe, Fionnuala Ní Fhlaithearta, Darren Ó Rodaigh, Coilín Ó Cearbhaill, Craobh Rith; Caitríona Bairéad, Eimear Ní Choinín, Lisa Ní Choisdealbha, Craobh Raidio; Aisling Walsh, Naoise Ó Cearúil, Joe Byrne, Cuallacht Ollscoil na hÉireann Má Nuad; Peadar de Blúit, Ellen Corrigan, Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide; David Butler, Maeve King, Fran Ní Mhaoilréanna, Helena King, Liam Redmond, Paul McGee, Cumann Gaelach Ollscoil Chathair BÁC; Cara Nig Fharraigh, Ciarán Quinn, Cumann Gaelach Coláiste na hOllscoile BÁC; Maolsheachlainn Ó Caollaí, Peig Uí Chaollaí, Bríd Ní Choincheanainn, Craobh Liam Bulfin; Gearóid Ó Mordha, Jamie Ó Tuama, Craobh na nAisteoirí

Cúige Uladh Iognáid Ó Muircheartaigh, Craobh Ghlór Bhreifne; Tadhg Ó Maoláin, Séamus Ó Crosáin, Ruairí de hÁl, Breandán Ó Cochlainn, Craobh Dhún Dealgan; Niall Comer, Pádraig Ó Tiarnaigh, Caoimhín Ó Daimhín, Stiofán Ó Maonaigh, Comhaltas Uladh; Niall Ó Catháin, Croabh Ghleann Iolair; Seán Ó Daimhín, Mícheál Ó Dufaigh, Craobh Mhic an Chrosán, An Srath Bán; Seán Ó Murchadha, Craobh Mhuineachán; Éamonn Ó hAdhmaill, Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona; Feargal Mac Ionnrachtaigh, Pádraig Mac Cabhail, Craobh Ghlór na Móna Thar Lear Maebh Nic Innreachtaigh, David Bracken, Craobh Parás

Baill Aonair Méabh Ní Mhuirthile, Aodán Ó Sé, Cathnia Ó Muircheartaigh, Féilim Ó hAdhmaill, Máiréad Uí Adhmaill, Lorcán Mac Gabhann, Seán Ó Donnchú, Áine Ní Mhaoldomhnaigh-Ó Drisceoil, Feargal Ó Cuilinn, Mícheál Ó Ruairc, Feargus Ó Snodaigh, Brian Ó Baoill, Daithí de Faoite, Laoise Nic Chárthaigh, Seosamh Ó Conchúir, Gillian Uí Shúilleabháin, Conchúr Ó Brolcháin, Liam Ó Briain, Pádraig Ó Mathúna, Bernadette Nic Gabhann. Cuairteoirí Antoine Ó Coileáin, Gael-Linn; Pádraig Mac

Criostail, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga; Éamonn Ó hArgáin, Foras na Gaeilge; Seán Ó Buachalla, Gaelscoil Ráth Tó; Gearóid Ó Cearbhaill; Beti Uí Bhaoill.

Dé hAoine, 16/04/2010 ag 9:00i.n.

Caint Fháiltithe an Uachtaráin Chuir an tUachtarán, Pádraig Mac Fheraghusa, fáilte roimh gach duine chuig Ard-Fheis 2010 san Óstán Strand, Cathair Luimní. Chuir sé fáilte speisialta roimh Pat Carey, TD, An tAire Gnóathaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael agus Ball Aonair, aoichainteoirí na hoíche. D’fhógair sé go mbeadh crannchur ag an ArdFheis do Ghaelscoil Ráth Tó, gaelscoil nua a bheadh ag oscailt i Meán Fómhair 2010 gan aitheantas ón Roinn Oideachais. Bhronn sé €500 ar an gcrannchur ar son Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí agus Coiste 1981.

Na Rialacha Seasta Glacadh leis na rialacha seasta, molta ag Seán Ó Ceallaigh agus cuidithe ag Seán Ó Drisceoil.

Toghadh Áiritheoirí do na toghcháin Ainmníodh na daoine seo a leanas mar áiritheoirí thar ceann na hArd-Fheise: Celine Ní Chóchlaigh, Áine de Baróid agus Íte Ní Chionnaith do thoghchán na hUachtaránachta; agus Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse agus Liam Mac Cionnaith do thoghchán an Choiste Ghnó.

Sos Cuimhneacháin Sheas gach duine a bhí i láthair ag an ArdFheis ar feadh nóiméid in ómós do na daoine seo a leanas a fuair bás le linn na bliana: Dónal Mac Ionnraic; Leslie Ó Laoi; Pádraic agus Máirtín Ó Conaire; Rita Keane; deirfiúr Pyllis Uí Cheallaigh; Muiris Búdhlaeir; Conchúr Ó Ceallaigh. Seán Ó Duinnín; Pádraig Ó Dálaigh; Máirtín Ó Gormáin; Cathal Mac Aodha; Cáit Uí Chadhain; Pádraig Ó Maolchoille; Mícheál Mac Aodha; Máire Uí

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

71


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Mhainnín; Johnny Sheáin Jeaic Mac Donncha; Micheál Ó hEidhin; Aodh Ó hÍr; Aindrias Ó Scolaí; Mícheál Ó Brolacháin; Páraic McKeown; Éilís Bean Uí Uid; Brian Ó Tuama; Sarah Beirne; Teresa Molloy; Marie Conneely; Sorcha Rose McLoughlin; Sadhbh Ní Bhrádaigh; Máire Ní Choncheanainn; Maud Uí Mhórdha; Fiona O’Connor; Seán Ó Cróinín; Tadhg Breathnach; Máthair Niall Farrell; Piaras Ó Conaire; Gerry Donnelly; Pádraig Tyers; Fachtna Ó hAnnracháin; Marcus de Búrca; Mary Howard. Ghabh an tUachtarán leithscéal as botún a bhí i Leabhar na hArd-Fheise agus mhínigh sé, cé go raibh máthair chéile Niall Comer an-tinn i rith na bliana, nach bhfuair sí bás.

Oscailt Oifigiúil & Cainteanna na hArd-Fheise Labhair Pat Carey, An tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, faoin dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus ghabh sé buíochas leis an Aire Ó Cuív as an obair a bhí déanta aige uirthi ó thús an phróiseis. Ghuígh sé gach rath ar an Ard-Fheis agus d’oscail sé go hoifigiúil í. Labhair Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael agus Ball Aonair go sonrach ar na deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, téama na hArd-Fheise.

Dé Sathairn, 17/05/10 ag 10:00r.n. Plé idir iarrthóirí don Uachtaránacht Tugadh deis cainte don bheirt iarrthóirí d’Uachtaránacht an Chonartha, Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán reatha, agus Seán Ó hAdhmaill agus glacadh le ceisteanna ón urlár dírithe ar an mbeirt iarrthóirí.

Gaelscoil Ráth Tó Labhair Seán Ó Buachalla ó Choiste Bunaithe Ghaelscoil Ráth Tó faoin gcinneadh a bhí déanta acu an scoil a oscailt i Meán Fómhair 2010 gan aitheantas ón Roinn Oideachais. Thug sé le fios go raibh tacaíocht faighte ó eagrais len é seo a dhéanamh, Conradh na 72

Gaeilge san áireamh. Dúirt sé nach raibh aon ghaelscoil aitheanta ó 2008 ar aghaidh agus go raibh gá le cur chun cinn na gaelscolaíochta.

Cur i láthair faoi Ard-Fheis 2011 Dhein Anita Nic Amhlaoidh cur i láthair ar chúlra Chraobh Ghlór na Ríogh, na himeachtaí agus feachtais a bhíonn ar bun acu, agus na pleananna atá acu d’Ard-Fheis 2011.

Miontuairiscí na hArd-Fheise 2009 Glacadh le miontuairiscí na hArd-Fheise 2009, molta ag Seán Ó Ceallaigh agus cuidithe ag Domhnall Ó Loingsigh, Craobh Bhaile Mhúirne. Toghchán don Uachtaránacht D’fhógair an Timire Náisiúnta go foirmeálta Pádraig Mac Fhearghusa mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge do 2010-11 agus ghabh sé comhghairdeas leis.

Ceardlanna Fhorbairt Chraobhacha Dhein Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse, agus Niall Ó Catháin, Coiste Forbartha Charn Tóchair, cur i láthair ar an dul chun cinn a bhí déanta ag na craobhacha. Socraíodh go gcuirfí na cainteanna ar fáil ar shuíomh idirlín an Chonartha agus go gcuirfí an scéal amach go rabhadar ar fáil air.

Tuairiscí ó na hEagraíochtaí Faoi Scáth an Chonartha Thug na daoine seo a leanas tuairiscí ar obair na n-eagraíochtaí faoi scáth an Chonartha: Maedhbh Ní Dhónaill, Ógras; Orla Nic Suibhne, Seachtain na Gaeilge; Máirín Ní Ruairc-Tuathaigh, Coimisiún le Rincí Gaelacha; Liam Ó Maolaodha, Oireachtas na Gaeilge. Thug Máirín Ní Ruairc-Tuathaigh le fios go bhfuil fadhb mhór le leibhéal na Gaeilge sa Choimisiún le Rincí Gaelacha agus socraíodh go bpléifí an cheist ag an gCoiste Gnó. Mhol Dáithí Mac Cárthaigh go gcuirfí i bhfeidhm Rún 24 ó Ard-Fheis 2009 agus scéim Ghaeilge a aontú leis an gCoimisiún.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Na Cuntais Airgid Glacadh le cuntais airgid 2009, molta ag P.T. Mac Ruairí agus cuidithe ag Cóilín Ó Cearbhaill. Na Rúin Glacadh leis na rúin seo a leanas:

RIACHTANAIS na GAEILGE sa GHAELTACHT ó FHOCHOISTE na GAELTACHTA. TOSAÍOCHTAÍ agus RÓL an CHONARTHA. Cathaoirleach: Brian Ó Baoill. Baill: Peadar Mac Fhlannchadha, Seán Ó Drisceoil, Caibríní de Barra, Máire Nic Niallais, Bríd Ní Chofaigh. Is é is cuspóir don cáipéis seo, na riachtanais a chur in ord práinne agus moladh a dhéanamh faoin ghníomh ar chóir don Chonradh tabhairt faoi i ngach cás.

1) BUNRIACHTANAIS IS É AN BUNCUSPÓIR, AN GHAEILGE A CHAOMHNÚ SA GHAELTACHT. (1.1) Chuige sin is gá a dheimhniú go mairfidh Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, TG4, Raidió na Gaeltachta, An Coimisinéir Teanga, na Comhlachtaí aistriúicháin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, na Coláistí Gaeilge, na Comharchumain Ghaeltachta, Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Scéimeanna Oiliúna Gaeltachta FÁS nó a chomhionann mar íosmhéid a dheimhneoidh go gcomhlíonfar na dualgais a bhíonn á gcomhlíonadh ag na heagrais sin.. Gníomh Molta don Chonradh: Teagmháil a dhéanamh leis an Taoiseach sa chás go bhfuil aon bhaol go gcuirfí aon cheann díobh ar cheal nó go n-athróifí aon cheann díobh i slí a bheadh díobháileach don chuspóir. Tá ceist faoi Chlár Ama na Dála a athrú mar atá molta ag Brian O’Shea. (Féach Nótaí Breise thíos)

(1.2)Pobal dlúth a labhróidh an teanga le chéile, sa teaghlach, san obair agus sa phobal. Leis sin a bhaint amach, is gá a léiriú do mhuintir na Gaeltachta gur fiú dóibh an teanga a chaomhnú. Déanfar sin tríd obair a chur

ar fáil dóibh a bheidh teanga-lárnaithe .i. postanna agus teacht isteach eile teanga-lárnaithe. Gníomh Molta don Chonradh: Teagmháil a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta chun an chuspóir a phlé leo go háirithe líon na gcainteoirí ó dhúchas a choinneáil seasta.

(1.3) Chomh maith leis sin, is den riachtanas é úsáid na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht a mhéadú. Muna mbíonn an Ghalltacht á Gaelú beidh an Ghaelteacht á Galldú. Chuige sin ní mór don Stát seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil don 83,000 duine a mheastar a labhrann Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Dá gcuirfí na seirbhísí seo ar fáil ón nGaeltacht, láidreodh sé sin an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Gníomh Molta don Chonradh: É seo a phlé ar bonn práinneach le Foras na Gaeilge mar chéad chéim.

(1.4) Seasamh Oifigiúil na Gaeilge sa mBunreacht a láidriú: Mír 8.3 a leasú le nach féidir gnóthaí ar fud an Stáit ar fad a dhéanamh i mBéarla amháin. Bíodh gach teachtaireacht ón Stát go dtí an Ghaeltacht i nGaeilge nó dhátheangach, Gaeilge agus Béarla. (Féach nótaí breise thíos) Gníomh Molta don Chonradh: Comhairle dlí a fháil chun an bealach is fearr chuige seo a aimsiú.

(1.5) Go gcuirfí an cúram ‘Féiniúlacht Náisíunta’ ar Aireacht na Gaeltachta le cois na gcúramaí Gaeltachta atá uirthi faoi láthair. Gníomh Molta don Chonradh: Cás chuige seo a leagadh amach agus é a phlé le hAire na Gaeltachta mar chéad chéim.

2) SEIRBHÍSÍ . (2.1) A dheimhniú go mbeidh Gardaí, Dlíodóirí agus Breithiúna, Dochtúirí, Banaltraí agus Fiaclóirí le Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht, na scoileanna san áireamh. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a fháil ó

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

73



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

na Gaeltachtaí éagsúla agus cásanna a chur ar aghaidh go dtí an Coimisinéar Teanga, nó moltaí structúrtha ar nós Contae don Ghaeltacht a bhunú.

(2.2) Deiseanna úsáide a chur ar fáil do chainteoirí dúchasacha i dtimpeallacht atá bagarthach dóibh (Comhairle Chontae, Feidhmeannas Sláinte &rl.) Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú faoi fhadhbanna agus plé a dhéanamh le cibé údarás atá i gceist. agus seirbhís sa teanga a chéad labhrann an cliant a éileamh, mar a bheadh i bhfeidhm i gContae don Ghaeltacht. (2.3) Scéim chun feidhmeannaigh teanga lánaimseartha a fhostú i ngach pobal Gaeltachta agus iad lonnaithe in oifig / foirgneamh a bheidh aitheanta mar ionad tacaíochta teanga. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas cruinn a fháil faoin staid faoi láthair agus, i gcóir leis na Gaeltachtaí atá i gceist, cás a chur le chéile le cur faoi bhráid Áire na Gaeltachta. (2.4) Seirbhísí eaglasta trí Ghaeilge a bheith ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú ó na Gaeltachtaí agus cásanna a chur ar aghaidh go dtí údarás cibé éaglaise atá i gceist.

(2.5) Cultúr, Béaloideas, Na Meáin, Cluichí, Obair Shóisialta, Obair Phobail a bheith ar siúl trí mheán na Gaeilge. Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú ó na ceantair Ghaeltachta agus easnaimh a phlé le cibé údarás atá i gceist. Tagairt a dhéanamh don cheist a bhíonn ag Bord an Údaráis faoi sheirbhísí eaglasta trí Ghaeilge. 3) MAOINIÚ (3.1) Cothram na Féinne a thabhairt do gach Gaeltacht ó thaobh tacaíochta teanga agus pobal. Aird ar leith ar na Gaeltachtaí beaga. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú ó na Gaeltachtaí beaga agus cás a chur go dtí

Aire na Gaeltachta.

(3.2) Leanúnachas agus sábáilteacht a bheith bainteach le haon mhaoiniú do Straitéis Forbartha Teanga sna Gaeltachtaí, seachas éiginnteacht mar atá ann anois. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú ó na Gaeltachtaí agus casanna a phlé le Roinn na Gaeltachta.

(3.3) Atheagar ar chóras maoinithe an stáit d’eagraíochtaí agus d’imeachtaí sa Ghaeltacht chun a chinntiú go bhfuil siad ar fad ag teacht leis na spriocanna sa phlean teanga. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas faoi fhadhbanna a fhail ó eagrais sna Gaeltachtaí agus na casanna a phlé le Roinn na Gaeltachta.

(3.4) Béim ó thaobh maoinithe, srl. a bheith dírithe go hiomlán ar imeachtaí / fostaíocht teanga-lárnaithe sna Gaeltachtaí seachas ar chursaí eacnamaíochta beagbeann ar an nGaeilge. Gníomh Molta don Chonradh: Plé le hÚdarás na Gaeltachta.

(3.5) Bonneagar tacaíochta teanga ceart a bheith i ngach Gaeltacht le gur féidir le daoine gníomhú trí Ghaeilge go rialta i ngach gné dá saol, agus le gur féidir le daoine ar gach leibhéal teanga, forbairt agus fás a chur leis an leibhéal sin. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú faoi fhadhbanna agus na fadhbanna a phlé le Roinn na Gaeltachta.

4) PLEANÁIL: (4.1) Plean forbartha teanga don Ghaeltacht ar fad, idir ceantair láidre agus laga, le córas pleanála comhtháite a chlúdaíonn gach gné de shaol an tsaoránaigh sa phobal. Gníomh Molta do Chonradh: Dianstaidéar agus ainilís ar an STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 an toradh a chur i gcomparáid le RIACHTANAIS na GAEILGE sa GHAELTACHT mar atá leagtha amach ag an bhFochoiste Gaeltachta, agus aon easnaimh

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

75


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

a phlé le Roinn na Gaeltachta.

(4.2) Riachtanais teanga an phobail áitiúil ar fad thomhas ar mhaithe le bunús réadúil a thabhairt don Phlean. Is mó seans go néireoidh le Plean má luíonn sé le héilimh an phobail.Gníomh Molta don Chonradh: Mar 4.1 thuas. (4.3)Gach cuid den phobal agus de na heagraíochtaí Gaeilge agus Pobail éagsúla a chur san áireamh ar mhaithe le h-úinéaracht agus comhoibriú a chothú. Gníomh Molta don Chonradh: Mar 4.1 thuas (4.4) Plean teanga agus straitéis don todhchaí ina bhfuil aidhmeanna agus spriocanna sothomhaiste agus maoiniú ar fáil ón Roinn GPT & G. a bheith leagtha síos ag gach Gaeltacht. Spriocanna cinnte bliantúla agus ról cinnte a thabhairt do gach eagraíocht áitiúil maidir le baint amach spriocanna ar mhaithe le comhoibriú a chothú idir na heagraíochtaí sin. Gníomh Molta don Chonradh: Plé le Roinn na Gaeltachta lena dheimhniú go dtarlóidh sé sin. 4.5 Plean Forbartha don Ghaeilge a bhrú ar gach Comhairle Contae le go mbeidh comhordú idir na hiarrachtaí atá ar siúl agus acmhainní caite sa tslí is fearr. Gníomh Molta don Chonradh: Teagmháil a dhéanamh le gach Comhairle Chontae a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina chúram agus an Plean Forbartha Gaeilge atá acu a lorg uathu. I bhfiainise 1.3 thuas, é seo a leathnú go dtí gach Comhairle Chontae sa tír.

5) EAGAR: 5.1 Roinn na Gaeltachta faoi cheannasaíocht an Aire a choinneáil. 5.2 Cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil. Gníomh Molta don Chonradh: 5.1 agus 5.2 : Cás a dhéanamh don Rialtas má bhíonn fadhb ann.

5.3 Cúram forbairt teanga sna Gaeltachtaí a bheith faoi aon eagras stáit amháin seachas a bheith ag caitheamh airgead ag riarú an Roinn

76

GPT agus G , Údarás na Gaeltachta, MFG Foras na Gaeilge. Dírigh an t-airgead ar an dtalamh. Gníomh Molta don Chonradh: 5.3 : Meastóireacht a dhéanamh ar impleachta an mholta seo mar chéid chéim.

6) AN TEAGHLACH: 6.1 Scéim tacaíochta do thuismitheoirí atá ag tógáil clanna trí Ghaeilge, go háirithe i gcás nach bhfuil Gaeilge ag an mbeirt tuismitheoir nó gur ceantar lag Gaeltachta atá i gceist. Gníomh Molta don Chonradh: Mar chéad chéim, eolas a bhailiú faoi na fadhbanna i gceantair éagsúla agus comhairle a lorg Acadamh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

7) LUCHT GNÓ: 7.1 Cumann do lucht ghnó a dhéanfadh iarracht seirbhís i nGaeilge a fheidhmiú i siopaí agus i ngnólachtaí na Gaeltachta agus a d’ullmhódh córas oiliúna foirne chun an sprioc seo a bhaint amach. Gníomh Molta don Chonradh: Comhairle a lorg ó Ghaillimh le Gaeilge agus Ghaeltaca i gCorcaigh.

8) DAOINE ÓGA: 81 Béim ar thacaíocht teanga do dhaoine óga 13-15. Áiteanna le bailiú le chéile. Nascanna le Gaeilgeoirí óga eile. Eagraíocht óige, a bheadh mar chuid d’eagraíocht náisiúnta, a chuirfeadh seirbhísí ar fáil do gach cuid den Ghaeltacht, le himeachtaí seachtainiúla trí Ghaeilge do dhaoine óga mar chroílár na seirbhíse. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a lorg ó Óige na Gaeltachta (Údarás na Gaeltachta) mar chéad chéim. 8.2 Leabhrán an Chumann Lúthchleas Gael faoi chleachtadh, scileanna srl. a bheith ar fáil i nGaeilge. Gníomh Molta don Chonradh: Litir go dtí CLG agus an cheist a phlé le CLG d’fhonn a dheimhniú go dtarlóidh sé.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

9) OIDEACHAS : 9.1 Coláistí Oiliúna a lonnú sna Gaeltachtaí d’fhonn múinteoirí le Gaeilge mhaith a chur ar fáil. Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint. Gníomh Molta don Chonradh: Plé leis an Aire/ Roinn Oideachais, le Roinn na Gaeltachta agus/nó heagras Gaelscolaíochta.

9.2 Ba cheart oiliúint a chur ar mhúinteoirí atá ag obair sa Ghaeltacht i gcúrsaí a bhaineann leis an dátheangachas, le sealbhú an dara teanga, le scríobh na canúna etc. Gníomh Molta don Chonradh: Plé leis an Roinn Oideachais agus le Roinn na Gaeltachta.

9.3 Oiliúint i ngníomhaíocht an phobail, eolas ar an phleanáil teanga, srl., a thabhairt do pháistí meánscoile sna Gaeltachtaí. Gníomh Molta don Chonradh: Plé leis an Roinn Oideachais mar chéad chéim.

9.4 Struchtúr tacaíochta de dhith go práinneach ar pháistí Gaeltachta atá ina gcainteoirí dúchais le cuidiú leo cur lena saibhreas cainte agus lena gcruinneas labhartha agus scríofa. Faoi láthair, is minic go mbíonn an bhéim, go háirithe sna luath ranganna, ar na páistí sin nach bhfuil Gaeilge acu. Gníomh Molta don Chonradh: Plé leis an Roinn Oideachais agus le hÚdarás na Gaeltachta.

9.5 Níos mó ábhar léitheoireachta de dhith ar pháistí d’achan aois ghrúpa ina gcanúint féin. B'fhéidir iris mhíosúil do dhéagóirí. Gníomh Molta don Chonradh:Plé leis an nGÚM mar chéad chéim.

10) DEISEANNA FOGHLAMA: (10.1) Córas ranganna /oiliúna/ tacaíochta, bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge, a bheith ar fáil do dhaoine ar mhian leo an Ghaeilge a fhoghlaim nó a bhfuil di atá acu a fheabhsú. Scoileanna Tumtha Teanga do Ghasúir Aisimircí, do Ghasúir óga thuismitheoirí gan

Ghaeilge sa Ghaeltacht. Cúrsaí Tumtha Teanga do thuismitheoirí a mbeadh an riachtanas sin acu. Deiseanna foghlama don té gan Ghaeilge nó ar bheagán Ghaeilge. Deiseanna cleachtadh agus ath-fhoghlama don duine a d'fhoghlaim Gaeilge san am a chuaigh thart agus nach bhfuil líofa anois. Deireadh seachtainí foghlama Gaeilge agus cultúir sa Ghaeltacht do thuismitheoirí agus dá gclann a bhunú. Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí. Cabhair do dhaoine a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge ach a stadann i ndiaidh tamall mar go dtagann beaguchtach orthu de thairbhe, go minic, nach bhfuil an rud atá siad ag foghlaim ag teacht leis an rud atá siad ag cloisteáil. Cúrsa speisialta b'fhéidir dírithe ar na canúintí labhartha. Deiseanna úsáide don fhoghlaimeoir líofa, i dtimpeallacht chainteoirí dúchasacha a labhrann ró-sciopaidh nó a aistríonn go Béarla. Gníomh Molta don Chonradh: Baineann na pointí seo ar fad le deiseanna foghlama. Mar céad chéim, d’fhéadfadh an Conradh teagmháil a dhéanamh leis na heagrais, ar nós Acadamh na Gaeilge in Oll. na hÉ. Gaillimh a mhúineann Gaeilge ar bhonn proifisiúnta, agus féachaint an féidir teacht ar chóras cuimsitheach. Más ceist airgid a bheidh ann, níor mhór aghaidh a thabhairt air sin. Níor mhiste, chomh maith, liosta de na cúrsaí ar dhioscaí srl a dhéanamh. Ní mór a fhiosrú an ceist easba deiseanna atá ann nó an feabhas a chur ar na deiseanna atá á lorg. Níor mhiste cúrsaí ar raidio agus teilifíse a fhiosrú.

11) POIBLÍOCHT: Ócáidí spreagtha le meanma na bpobal éagsúla a choinneáil in airde. 11.1 Feachtas feasachta teanga chun a chinntiú go ndéanann gach duine cinneadh cinnte faoina rogha theanga, seachas ligint don Ghaeilge sleamhnú as de réir a chéile mar theanga phobail. Chuige sin, Feachtas

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

77


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Leanúnach Oideachais faoin nGaeilge 11.2 Eolas a chur ar fáil i slí eagraithe faoina bhfuil bainte amach ag lucht na Gaeilge, faoin spéis atá ag eagrais in Éirinn agus thar lear sa Ghaeilge agus faoin bhfostaíocht atá ar fáil do dhaoine le Gaeilge, in Éirinn agus thar sáile, céimithe óga ina measc Stair na Gaeilge a chur ar fáil i slí tharraingteach i nGaeilge agus i mBéarla. 11.3 An duine ciúin a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid. An duine naimhdeach a mhealladh chun a bheith neodrach. 11.4 Nascanna a chothú idir an Ghaeltacht agus lucht foghlama na Gaeilge. 11.5 Meas ar na canúintí Gaeilge a chothú. Gníomh Molta don Chonradh: An mhír seo a chur faoi bhráid an Fhochoiste Poiblíochta.

12) INMHIANAITHE: 12.1 An Chéad Chath ar an Rinn Mhór i nGaillimh a chur arís ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge. Gníomh Molta don Chonradh: Tús a chur le teagmháil leis an Roinn Cosanta/Arm.

12.2 Ceangal a dhéanamh idir na Coláistí Gaeilge agus an Idirbhliain i scoileanna éagsúla taobh amuigh den Ghaeltacht le go dtiocfaidh gasúir ón idirbhliain sna scoileanna sin chun na Gaeltachta i rith na scoilbliana. Gníomh Molta don Chonradh: Plé le Comhchoiste na gColáistí Gaeilge mar chéad chéim.

12.3 Riachtanais Áitiúla. Ionad Tacaíochta Teaghlaigh i nGaoth Dobhair agus Corca Dhuibhne. Gníomh Molta don Chonradh: Comhairle a lorg ón Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ar an gCnoc, Cois Fharraige.

Nótaí Breise. 1) BUNRIACHTANAIS (1.1) Chuige sin is gá a dheimhniú go mairfidh Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, TG4, Raidió na Gaeltachta, An Coimisinéir

78

Teanga, na Comhlachtaí aistriúicháin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, na Coláistí Gaeilge, na Comharchumain Ghaeltachta, Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Scéimeanna Oiliúna Gaeltachta FÁS nó a chomhionann mar íosmhéid a dheimhneoidh go gcomhlíonfar na dualgais a bhíonn á gcomhlíonadh ag na heagrais sin.. Gníomh Molta don Chonradh: Teagmháil a dhéanamh leis an Taoiseach sa chás go bhfuil aon bhaol go gcuirfí aon cheann díobh ar cheal nó go n-athróifí aon cheann díobh i slí a bheadh díobháileach don chuspóir. Tá ceist faoi Chlár Ama na Dála a athrú mar atá molta ag Brian O’Shea. Le míniú ag an gcruinniú.

(1.4) Seasamh Oifigiúil na Gaeilge sa mBunreacht a láidriú: Mír 8.3 a leasú le nach féidir gnóthaí ar fud an Stáit ar fad a dhéanamh i mBéarla amháin. Bíodh gach teachtaireacht ón Stát go dtí an Ghaeltacht i nGaeilge nó dhátheangach, Gaeilge agus Béarla. ( Nó gurb í an Ghaeilge amháin teanga oifigiúil an Stáit sa Ghaeltacht agus ag plé le heagrais agus daoine sa Ghaeltacht– ní chiallaíonn sin nach mbeadh cead Béarla a úsáid sa Ghaeltacht ach go gcaithfeadh Gaeilge a bheith mar riachtanas poist san earnáil poiblí dóibh san atá ag deileáil leis an bpobal Gaeltachta) Le míniú ag an gcruinniú. Molta ag Brian Ó Baoill agus cuidithe ag Seán Ó Drisceoil.

EAGRAÍOCHT & TIMIREACHT: 1. “Go gcuirfidh Conradh na Gaeilge córas timireachta ar bun chun craobhacha a bhunú i gcontaetha nach bhfuil craobhacha ann.” Molta ag Seán Ó Ceallaigh agus cuidithe ag Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse. 2. “Is mian le Craobh na hInse cuireadh a thabhairt do Choiste Gnó an Chonartha, Ard-Fheis 2012 a reachtáil in Inis, Co. an Chláir. Tá na háiseanna comhdhála agus infrastructúir againn, chomh maith le timpeallacht Gaelach, chun Ard Fheis den scoth a eagrú.” Molta ag Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse, agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

3. “Go mbeadh dualgas ar na Coistí Contae cruinnithe a thionól go rialta le cuireadh chucu do theachtaí as gach craobh sa chontae i gceist agus gan a bheith beo in ainmamháin.” Molta ag Póilín de Barra agus cuidithe ag Cóilín Ó Cearbhaill. 4. “Molann an Ard-Fheis an Coiste Gnó as ucht an athchóirithe fíormhaith atá déanta ar an gCeannáras.” Molta ag Ruairí de hÁl agus cuidithe ag Caoimhín Ó Cadhla. 5. “Ba cheart do Chonradh na Gaeilge maoiniú a lorg ón stát-chiste nó ó chiste na Gaeilge le béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le bheith páirteach i saol na Gaeilge agus le Conradh na Gaeilge feasta.” Molta ag Seósamh Mac Ionnrachtaigh agus cuidithe ag Domhnall Ó Loingsigh, Craobh Bhaile Mhúirne. 6. “Éilíonn an Ardfheis seo ar an gCoiste Gnó fochoiste a bhunú chun díriú ar fhiacha an Chonartha a ghlanadh chomh luath agus is féidir.” Molta ag Seán Ó hAdhmaill agus cuidithe ag Cathnia Ó Muircheartaigh. 7. “Éilíonn an Ardfheis seo go bhforbróidh an Ardoifig an feachtas Is Leor Beirt le Skype (físchomhdháil saor in aisce).” Molta ag Seán Ó hAdhmaill agus cuidithe ag Cathnia Ó Muircheartaigh. 8. “Éilíonn an Ardfheis seo go mbunóidh an Conradh Coiste Teicneolaíochta comhdhéanta de shaineolaithe teicneolaíochta ó bhallraíocht an eagrais chun comhairle a thabhairt don Choiste Gnó ar chúrsaí teicneolaíochta agus féachaint i dtreo conas gur féidir linn leas a bhaint as an teicneolaíocht le cur chun cinn na Gaeilge agus na heagraíochta.” Molta ag Cóilín Ó Cearbhaill agus cuidithe ag Peadar de Blúit. OIDEACHAS: 9. “Iarrann an Ardfheis seo ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go n-ullmhófaí, mar ábhar práinne, cúrsa comhtháite Gaeilge do na scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mhéan teagaisc, bunaithe ar an gcúrsa atá ann do scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, Séideán Sí, agus go cuirfí leordhóthain

maoinithe ar fail chun an cúrsa comhtháite céimnithe seo a ullmhú agus a scaipeadh.” Molta ag Pádraig Mac Fhearghusa agus cuidithe ag Seán Ó hAdhmaill. 10. “Go gcuirfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna seirbhísí tacaíochta cuí ar fáil do mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc ar mhaithe le tacú leo maidir le múineadh na Gaeilge labhartha.” Molta ag Pádraig Ó Dálaigh agus cuidithe ag Domhnall Ó Loingsigh. 11. “Éilíonn an Ardfheis seo ar an Aire Oideachais agus Scileanna i gcomhthéacs an Phlean 20 Bliain, agus geallúint an Railtais go leanfaí leis an tacaíocht do scoileanna LánGhaeilge, go nglacfaí teanga na scoile molta san áireamh go dearfach mar chuid den phróiseas aitheantais do scoileanna nua.” Molta ag Seán Ó hAdhmaill agus cuidithe ag Cóilín Ó Cearbhaill.” 12. “Tacaíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le héileamh Ghaelscoil Ráth Tó ar aitheantas oifigiúil ón 1ú lá Meán Fómhair seo romhainn agus éilimid ar an Rialtas agus ar an Aire Oideachais an t-aitheantas sin a fhógairt gan mhoill.” Rún éigeandála, molta ag an Uachtarán agus cuidithe ag Pádraig Ó Dálaigh. 13. “Iarrann an Ardfheis seo ar an Rialtas an cinneadh a tógadh Ollscoil na hÉireann a scor a chur ar ceal. Iarraimid é seo mar gheall ar na himpleachtaí fíordhiúltacha a bheadh ag cinneadh dá leithéid do stádas na Gaeilge sa tír trí chéile agus do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge go háirithe.” Rún éigeandála, molta ag Íte Ní Chionnaith agus cuidithe ag Cathnia Ó Muircheartaigh. 14. “Ba chóir don Chonradh cur i gcoinne iarrachtaí atá ar bun stádas éigeantach na Gaeilge a bhaint ar an meánscoil.” Rún éigeandála, molta ag Eoin Ó Murchú agus cuidithe ag Aodhán Ó Deá.

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE: 15. “Iarrann an Ardfheis seo ar Rialtas na hÉireann an Dréachtstraitéis 20 bliain don

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

79


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

Ghaeilge a fheidhmiú gan mhoill, agus í a fheidhmiú mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP).” Molta ag Áine Uí Dhálaigh agus cuidithe ag an Uachtarán. 16. “Éilíonn Ardfheis Chonradh na Gaeilge ar Rialtas na hÉireann duine a cheapadh i ngach Roinn Stáit, ag leibhéal Príomhoifigigh ar a laghad, le bheith freagrach as feidhmiú na Dréachtstraitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeilge, agus duine le cáilíocht sa phleanáil teanga a chur ar fhoireann an Phríomhoifigigh sin.” Molta ag Áine Uí Dhálaigh agus cuidithe ag Íte Ní Chionnaith. 17. “Aontaímid le cur chuige an Rialtais go gcoinneofaí Roinn Rialtais atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn agus a feidhmiú an Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge, i dtreo go mbeidh aire atá freagrach as an nGaeilge i measc chomhaireacht an Rialtais go leanúnach.” Molta ag Áine Mhic Fhearghusa agus cuidithe ag Cathnia Ó Muircheartaigh. 18. “Éilíonn an Ardfheis seo ar an Rialtas a chinntiú mar chuid den phlean 20 bliain don Ghaeilge gurb í an Ghaeilge an teanga oibre ag gach eagras stáit sa Ghaeltacht agus gach eagras a fhaigheann tacaíocht airgid ón stat agus mbainfear é seo amach thar 3 bliana agus iallach a chur ar gach iarratasóir ar mhaoiniú poiblí feasta scéim teanga chuige sin a bheith in éineacht leis an iarratas.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí.

CEARTA & EILE 19. “Go dtabharfaidh Conradh na Gaeilge gach tacaíocht don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, go raghfar i mbun plé leis na húdaráis ansin agus go n-úsáidfear an dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar mhúnla do straitéís i dTuaisceart Éireann, agus mar chéim i dtreo Acht Gaeilge, mar atá geallta i gComhaontú Chill Rímhinn, laistigh de 3 bliana.”Molta ag Pádraig Mac Fhearghusa agus cuidithe ag Dáithí Mac Cárthiagh; leasaithe ag Dáithí Mac Cárthaigh. 20. “Go dtacaíonn Conradh na Gaeilge leis an

80

bhfeachtas ar bun ag Pobal agus eile le hAcht Teanga a bhaint amach sna Sé Chontae.” Molta ag Caoimhín Ó Cadhla agus cuidithe ag Naoise Ó Cearúil. 21. “Iarrann an Ardfheis seo ar na húdaráis áitiúla a chinntiú gur as Gaeilge amháin a bheidh an iontráil ar chlár na vótóirí i dtaobh gach duine a thugann an seoladh as Gaeilge agus iad á gclárú.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh agus cuidithe ag Peadar de Blúit. 22. “Tréaslaíonn an Ardfheis seo le Coiste Átha Cliath agus le comhairleoirí Bhaile Átha Cliath, Áth Cliath Theas agus Bhaile na hUaimhe as córas a chinntiú a dheimhneoidh gur ainmneacha as Gaeilge amháin a bheidh ar eastáit nua a thógfar sa dá cheantar sin feasta.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh agus cuidithe ag Cóilín Ó Cearbhaill; leasaithe ag Cóilín Ó Cearbhaill. 23. “Ba chóir do gach eagraíocht san earnáil phoiblí cinnte a dhéanamh de go bhfuil an téarmaíocht a bhaineann lena dualgais ar fáil ar focal.ie agus acmhainn.ie agus mura bhfuil faoi láthair go ndeanfaidís cinnte de go mbeidh go luath sa todhchaí chun an Ghaeilge a athbheochan, a chur chun cinn, a leathnú agus a fhorbairt tuilleadh i measc an phobail.” Molta ag Seósamh Mac Ionnrachtaigh agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. Socraíodh ar an rún seo a leanas: “Ba cheart don rialtas bille a achtú láithreach bonn chun tús a chur le hÚdarás na Gaeilge agus lena chuid téarmaí tagartha. Ba cheart don Udarás nua seo díriú ar athbheochan na Gaeilge sna hiar-Ghaeltachtaí ar fad, lena n-áirítear iarthar Chontae an Chláir,” molta ag Seósamh Mac Ionnrachtaigh agus cuidithe ag Seán Ó Drisceoil; a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Gnó, molta ag Íte Ní Chionnaith agus cuidithe ag Domhnall Ó Loingsigh.

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge


11. SONRAÍ TEAGMHÁLA Ceann-Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Fón:+353 (0)1 4757401 eolas@cnag.ie www.cnag.ie Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Fón: +353 (0)91 567824 conradh@bradan.iol.ie www.cnag.ie

An Clár as Gaeilge, 5 Ardán Naomh Antaine, Inis, Co an Chláir. Fón: +353 (0)65 6864474 clarasgaeilge@eircom.net www.cnag.ie

Togra Mhaigh Eo, Sráid Ellison, Caisleán a' Bharraigh, Co Mhaigh Eo. Fón: +353 (0)94 9022444 eolas@conradhmhaigheo.ie

Togra an Aonaigh Dún Mhuire 50 Sráid an Phiarsaigh An tAonach Co. Thiobraid Árann Fón: +353 (0)67 41570

Gaeilge Locha Riach, 3 Seanbhóthar na Gaillimhe, Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe. Fón: +353 (0)91 870718 oifig@lochriach.com

Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

81


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh

12. UACHTARÁIN CHONRADH NA GAEILGE (1893 - 2011) 1893 - 1915

Folúntas

1919 - 1922

Seán Ua Ceallaigh (Sceilg)

1916 - 1919

1922 - 1925

1925 - 1926

1926 - 1928

1928 - 1933

1933 - 1940

Eoin Mac Néill

Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh)

(1868 - 1942)

Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh)

Diarmuid Mac Fhionnlaoich

1946 - 1949

Liam Ó Luanaigh

1950 - 1952

Annraoi Ó Liatháin

1952 - 1955

1955 - 1959 1959 - 1965

1965 - 1968

1968 - 1974

1974 - 1979

(1856 - 1942)

Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne)

Cormac Breatnach

1942 - 1945 1949 - 1950

(1867 - 1945)

(1872 - 1957)

(1862 - 1930)

Liam Ó Buachalla

1945 - 1946

(1860 - 1949)

An Dr. Seán P. Mac Énrí

1940 - 1941 1941 - 1942

Seán Óg Ó Tuama

Seán Mac Gearailt

Diarmuid Mac Fhionnlaoich Seán Mac Gearailt

Tomás Ó Muircheartaigh Micheál Mac Cárthaigh

Cathal Ó Feinneadha

Maolsheachlainn Ó Caollaí

(1886 - 1956)

(1856 - 1942) (1899 - 1970)

(1912 - 1980)

(1903 - 1964)

(1916 - 2004) (1914 - 1998) (1903 - 1964)

(1917 - 1981)

(1916 - 2004)

(1907 - 1967) (1911 - 1983)

(1928)

(1939)

Pádraig Ó Snodaigh

(1935)

Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach)

(1918 - 1990)

1979 - 1982

Albert Fry

1985 - 1989

Íte Ní Chionnaith

1994 - 1995

Áine de Baróid

(1950)

1998 - 2003

Tomás Mac Ruairí

(1939)

1982 - 1985

1989 - 1994

1995 - 1998 2003 - 2004

2004 - 2005

2005 - 2008

2008 - 2011 82

Dúbhglas de h-Íde (An Chraoibhín Aoibhinn)

1915 - 1916

Proinsias Mac Aonghusa

Gearóid Ó Cairealláin Séagh Mac Siúrdáin

Nollaig Ó Gadhra

Dáithí Mac Cárthaigh

Pádraig Mac Fhearghusa Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge

(1940)

(1953)

(1933 - 2002)

(1957)

(1958)

(1943 - 2008)

(1968)

(1947)



Aidhm na hEagraíochta:

Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

Cuspóir na hEagraíochta:

Is é cuspóir na hEagraíochta, daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile: (a) cur le líon lucht labhartha na Gaeilge; (b) cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge; (c) cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear; (d) gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn; (e) cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge; (f) seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú; (g) stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge; (h) ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge; (i) aidhm agus cuspóirí na hEagraíochta a chraobhscaoileadh le briathar agus le gníomh.

Saintréithe na hEagraíochta:

Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.