4 minute read

Mise Eoghan

30

Timire

Lís Ní Chulainn

MISE EOGHAN

Dia daoibh, a chairde óga, agus tá an samhradh linn arís - ach, mo bhrón, na scrúduithe chomh maith. Tagann an teas chugainn le Páipéar a hAon agus Páipéar a Dó, agus gach cruacheist níos measa ná a chéile, agus tú múchta laistigh de bhallaí seomra nó halla agus an ghrian ag taitneamh lasmuigh ag magadh fút. Tá an bhéim faoi láthair ar an eolaíocht agus ar an teicneolaíocht. Mar a deir an sean-sagart anseo, shílfeá orthu nár thuig na seandaoine an saol seo ar chor ar bith. Bhí sé féin ag gáire an lá cheana nuair ab éigean dó teicneolaí sároilte a thabhairt isteach ag deisiú an dorais ghalánta atá i seomra an innealra. Bheadh eagla ort lámh a leagan air, tá sé chomh húdarásach sin ag oscailt ar chód amháin agus ag dúnadh ar chód eile. Nuair a tháinig an teicneolaí, cad a bhí aige, meas sibh? Buidéal íle, ambaiste, mar a bheadh agat do do rothar.

Timire 31

An Tionscnamh

Pé scéal é dúirt an t-oide eolaíochta linn cuimhneamh ar fheachtas éigin eolaíochta nár chuimhnigh éinne air cheana. Níl sé éasca, a deirim libh. Ach tá an-suim agam i mbláthanna an bháin - na bláthanna sin a fhásann as a stuaim féin gach bliain agus a chruthaíonn áilleacht inár dtimpeall, dár súile, dár srón agus dár n-intinn. Is ionadh liom i gcónaí go leanann siad neamhspleách ar a chéile, gach bláth díobh ag feidhmiú de réir rialacha a threibhe féin. Chuir mé chuige chun bláth nua a chur ag fás a bheadh ina mheascán de bhláthanna. Ní raibh sé éasca na síolta d’fháil mar nuair a imíonn an bláth ní bhíonn an síol sofheicthe go minic i measc an fhéir. Ach d’éirigh liom síol sabhaircín agus síol bainne bó bleachtáin agus síol cloigín gorm d’fháil. Bhí fonn orm lus an chromchinn a chur san iarracht freisin ach níor éirigh liom mar is bleibín atá ann agus ní síol. Bosca Bláthanna

Chuir mé na síolta go léir go dlúth lena chéile i bpíosa cré i mbosca agus d’fhan mé ag faire orthu gach lá agus ag tabhairt uisce dóibh. Chuir mé an bosca isteach i dteach gloine. Tar éis míosa ní raibh borradh ar bith as agus bhí mé in éadóchas faoi mo thionscnamh. Ní bheadh tada agam le tabhairt isteach agus bhí mé cinnte go raibh na síolta ag teacht aniaraduaidh orm. Cé thógfadh orthu é? Tharla go bhfaca an sagart mé ag faire ar mo bhosca agus cuma bhuartha orm.

‘Cad tá agat ansin, a Eoghain’, ar sé liom agus d’inis mé dó, ach mé ag iarraidh air é a choimeád ina rún. Bhí uaim rud a chruthú nach raibh a leithéid ag éinne eile riamh. Bhí miongháire ar a bhéal nuair a dúirt sé:

‘’Eoghain, a stóir, céard a thugann ort a cheapadh go bhfásfaidh na bláthanna fiáine agus iad go compordach laistigh de theach gloine. Tá siad cleachtach ar ghaoth na mara ag séideadh tharstu agus péist nó dhó ag beannú dóibh. Cuir amach ar an bhfeirm iad agus geallaim duit go dtosóidh fás éigin laistigh de sheachtain.’

Ba mhór an faoiseamh dom é sin a chlos uaidh. Ta sé chomh gar sin don dúlra go labhraíonn sé le héan agus crann agus bláth agus féach go raibh sé ag cabhrú liom chun cur isteach ar an sabhaircín agus ar an mbainne bó bleachtáin agus iad a phósadh ar a chéile, mar a déarfá. Agus bhí an ceart aige. Seachtain ina dhiaidh sin, chonaic me spota beag glas agus coicís ina dhiaidh sin bhí bláth nua agam - bláth nach mbeadh a leithéid ag éinne eile. Agus nach mé a bhí bródúil. Bhí na tionscnaimh eile, mar a déarfá, ar leathlámh, agus fuair mé lánmharc sa scrúdú. Bhí an-suim ag an oide sa triail a rinne mé. Ach ní fheadar uaireanta an fiú an taighde uile go léir a dhéanann na heolaithe. Féach go bhfuil bláth úrnua agam. Cen faid a sheasfaidh sé? Mí, ar a mhéad, a déarfainn. Agus ina dhiaidh sin ní féidir úsáid a bhaint as síol an úrbhlátha seo. Pointí i scrúdú i gcoiteann a bhíonn sna tionscnaimh agus ní eolaíocht i ndáiríre. Ach tá an Samhradh romhainn leis na laethanta fada agus leis an tsaoirse ó ranganna agus an lá ar fad againn chun dul ag caint le seilmide nó le frog nó le hiora rua. Ach níl siadsan rua a thuilleadh mar bhuaigh an t-iora liath orthu.

Go raibh saoire iontach agaibh go léir agus go dtuga Dia an soineann dúinn.

Aspalacht na hUrnaí

Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin – féach leathanach a dó An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Inti nní an Phápa don mhí

Intinní an Phápa

Mí an Mheithimh 2012

Go n-aithní creidmhigh go bhfuil an Té a d’aiséirigh ina láthair go beo san Eocairist, agus go mbíonn sé ina gcuideachta ina mbeatha laethúil. Mí Iúil 2012

Go raibh obair le fáil ag gach duine faoi thoscaí slán-sábháilte Mí Lúnasa 2012

Go riarfaí ar phríosúnaigh go cothrom agus le meas ar a ndínit dhaonna Mí Mheán Fómhair

Go ngníomhaí polaiteoirí i gcónaí le macántacht, le hionracas agus le grá don fh írinne

This article is from: