4 minute read

Ról na hÓige in Eaglais an Lae Inniu Joe MacAodhagáin

Next Article
Mise Eoghan

Mise Eoghan

14 Timire

Ról na hÓige in Eaglais an Lae inniu

Seosamh Mac Aodhagáin

Ní thuigeann Críostaithe óga na hÉireann sa lá atá inniu ann cé chomh tábhachtach is atá a bpáirt i bhfógairt an tsoiscéil. Is rud príobháideach é a gcreideamh do dhaoine óga anois. I measc dreamanna áirithe rud míbhéasach a bheadh ann do chreideamh a lua. Ní dhéanann ár gcultúr aon chothú ar an reiligiún taobh amuigh den scoil nó den teaghlach. Má choimeádann daoine óga a gcreideamh is d’ainneoin an chultúir é, ní dá bharr. Tá sin i gcontrárthacht ar fad leis na glúine a chuaigh romhainn.

Is i dteaghlach Críostaí a thógtar suas a lán daoine óga agus téann siad ar scoil Chríostaí. Ach nuair a théann siad go coláiste nó ag obair bíonn siad i dtimpeallacht an-difriúil ar fad. Is timpeallacht é nach ndéanann aon chothú in aon chor ar chreideamh; is amhlaidh atá sé naimhdeach dó. Go minic ní leor na rudaí a d’fhoghlaim siad ar scoil le haghaidh maireachtáil mar dhaoine fásta i sochaí shaolta. Is minic a shamhlaíonn daoine óga atá dílis dá gcreideamh go bhfuil siad scoite amach ón gcuid eile.

Ina theannta sin bíonn daoine óga sceiptiúil ó nádur, go háirithe sa lá atá inniu ann. Is furasta é sin a thuiscint mar is léir dóibh go raibh lochtanna áirithe ar an Eaglais agus ar an tír go dtí seo. Tá siad níos amhrasaí ná a dtuismitheoirí i dtaobh gluaiseachtaí nó fealsúnachtaí. Creideann a lán daoine óga gur theip ar na sean-aidhmeanna agus nach bhfuil fágtha anois ach cultúr an duine aonair. Ní shéanann an chuid is mó acu Dia. Ach ina dtuairim féin tá a saol maith go leor gan aon teagmháil a bheith acu leis an Eaglais. ‘Táim spioradálta, ach nílim diaganta’ a deireann siad.

Cad atá le déanamh más ea? B’fhéidir go bhfuil freagraí le fáil i scríbhinní agus i saothar an Athar Joseph Cardijn, sagart ón mBeilg a bhunaigh an ghluaiseacht, Saothraithe Óga Críostaí (Young Christian Workers). Rugadh é i 1882, chuaigh sé isteach sa chliarscoil go luath sna déaga, san am a bhí a chairde ag tosú ag obair sna monarchana. Ar a fhilleadh abhaile dó ar sos fuair sé amach go raibh a chairde lán den chultúr frithreiligiúnach a bhí go láidir i measc na hóige agus na n-oibrithe sa Bheilg san am sin. Dhiúltaigh a lán dá sheanchairde dó; chreid siad nach raibh aon suim aige ina saol crua mar oibrithe ós rud é gur ábhar sagairt a bhí ann.

Bhí Cardijn an-bhuartha mar gheall ar an easpa creidimh a chonaic sé i measc a chairde. Gheall sé a shaol a chaitheamh ag fáil amach conas ab fhéidir na hoibrithe óga a thabhairt ar ais go dtí an creideamh. Rinne sé iarracht cumainn óige de chineálacha éagsúla a chur ar bun. Ar dtús thosaigh sé ag seanmóireacht agus seasamh anmhórálta aige, ach níor thaitin sé sin mórán le daoine. Lean sé ar aghaidh ag triail modhanna éagsúla, féachaint cad é an rud ba cheart a dhéanamh.

Thuig Cardijn conas a théann an cultúr agus an timpeallacht i bhfeidhm ar chreideamh agus ar iompar daoine. Bhí gá le cultúr Críostaí san áit oibre, bunaithe ar na soiscéil, chun daoine óga a iompú go dtí Críost. ‘Caithfimid an t-uisce a athrú sula n-athróimid an t-iasc’ a dúirt sé. Thuig sé go gcaithfeadh baint a bheith ag an gcreideamh le saol na h-óige, agus go gcaithfeadh sé a

Timire

15

bheith bunaithe ar chúrsaí an tsaoil, olc agus maith, áthasach agus brónach, ní ar thaithí diagairí nó daoine reiligiúnacha. Ba mhian leis cultúr Críostaí a bhunú a bheadh oiriúnach do shaol na n-oibrithe óga. Dhiúltaigh sé don seandearcadh, go mbeadh na heagraíochtaí á stiúrú ón mbarr anuas. Bheadh páirt ag an gcléir, ag tuismitheoirí agus ag múinteoirí san obair. Ach i ndeireadh na dála is iad an dream óg a mhúnlódh a gcúltúr féin agus a gcreideamh féin.

Ar na prionsabail seo bhunaigh Cardijn Na Saothraithe Óga Críostaí sa bhliain 1919. D’éirigh thar barr leis. Taobh istigh d’achar gearr leath an ghluaiseacht seo go dtí tíortha eile agus bhí cúpla milliún ball acu. Mhúin Cardijn go raibh áit lárnach ag na tuataí, go háirithe an dream óg, i misean na hEaglaise. Bhí tionchar mór ag an teagasc sin ar an tuiscint nua ar an Eaglais a tháinig chun cinn i gComhairle na Vatacáine II. Agus tá a rian le fáil ina lán de na heagraíochtaí óige atá ann innu. An chuid is mó de na heagraíochtaí seo is iad na daoine óga féin a stiúrann iad, le cabhair ó shagairt agus ó dhaoine rialta. Cuireann siad spás ar leith ar fáil do Chríostaithe óga chun fás ina gcreideamh le cabhair óna chéile.

Tá sárobair ar siúl ag na grúpaí seo, agus tá a ndíograis le moladh go mór. Ach ar ndóigh ní leor an méid sin. Caithfidh Críostaithe leanúint ar aghaidh ag cothú cultúr Críostaí, bunaithe ar na soiscéil, i ngach réimse den saol. Ar nós an Athar Cardijn caithfimid a bheith i gcónaí ag triail modhanna nua. Tá na torthaí le feiscint cheana féin. Leanfaidh siad orthu ag fás fad a fhanfaimid oscailte don Spiorad Naomh atá de shíor ag obair sa saol.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Lúnasa 2012

Go raibh daoine óga toilteanach a ngairm ó Chriost a leanúint, an soiscéal a fhógairt, agus fianaise a thabairt ina leith, go himeallchríocha an domhain.

This article is from: