An Timire - Samhradh 2013

Page 1

Timire

Foilseachán Íosánach

Samhradh 2013

an Chroí Ró-naofa E

3.75/Stg£3.25

Fógraíonn na spéartha glóir Dé – Salm 18


2

Timire

Eagarfhocal

Timire Cén Scéal againn?

Cé sinn, léitheoirí an Timire? Tá a fhios agam nach bhfuil aithne phearsanta agam oraibh ná agaibhse ormsa cé go raibh cuid mhaith againn in aon seomra le chéile i mBÁC nuair a bhí Aifreann cheiliúradh an Chéid ann, fómhair 2011. D’fhan mise ar gcúl an lá sin mar gur shin an t-ionad is coitianta dom minic go leor. Ach céard faoi seo mar fhreagra ar an gceist thuas: Is daoine muid gur tuistí, sean-tuistí nó fiú sin-sean-tuistí cuid mhór againn. Sin nó is daoine muid a bhfuil clann nó fiú clannclainne ag deartháireacha, deirfiúracha nó col-ceathracha linn. Is daoine sinn a bhfuil gaol gairid againn le daoine óga nó lena dtuistí. Agus cén scéal againn? Tá scéal Íosa le hinsint againn, agus tá gá len é a insint do na daoine óga. Na scéalta faoi Íosa, tá cumhacht chun maitheasa iontu, scéalta iad a thug inspioráid dár muintir thar míle cúig céad bliain. Scéalta atá fós in ann ardú meanman is dóchas a thabhairt do na glúnta atá ag fás aníos. Agus cé is fearr leis na scéalta sin a insint ná sinne a bhfuil gaol againn leis na daoine níos óige agus a bhfuil na scéalta faoi Íosa cloiste againn ó bhí muid in ár ngasúir? Tá an t-am caite gur féidir linn bheith ag brath ar na sagairt chuige sin. Níl siad sách líonmhar níos mó. Ach tá rud sa bhreis i gceist freisin. Os rud é go bhfuil na scéalta faoi Íosa sean-cloiste againn tá siad dulta go smior ionainn is tuigimid a mbrí in ár saol féin. Sin rud a thugann bealach inste dúinn a chuireann ar ár gcúmas beatha a chur iontu don aos óg. Mar sin is timirí muid féin. Ach is timirí na daoine níos óige chomh maith, daoine go mb’fhéidir nach bhfuil mórán cur amach acu ar iris an Timire go fóill. Tá scéal Dé le hinsint ag gach aon duine. Agus tá uainn in iris an Timire comhrá a thosú idir sinne, léitheoirí an Timire is cuid acusan nach bhfuil cur amach acu ar an iris seo againne. Leis sin a thosú tá plean againn a iarraidh orthu scríobh dúinn le rá linne conas mar a fheiceann siadsan an saol seo atá bronnta ag Dia orainn agus céard a chothaíonn an spiorad iontu, i bhfocail eile a insint dúinn cé na bealaí a gcothaíonn Spiorad Dé an spiorad iontu. Tá fúinn, mar sin, breis a chur leis an iris ó eagrán an fhómhair ar aghaidh, breis ina mbeidh ábhar machnaimh do gach duine againn. Bímis in ár dtimirí ar scéal Íosa, ‘chuile dhuine ina bhealach féin. Frainc Mac Brádaigh SJ

An Ofráil Laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach leathanach cúil)... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Sprioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

3

Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4

Síocháin i measc na Náisiún

Maolruan

6

Scaipeadh is Scaidhpeadh an Dea-Scéil

8

Lúcháir an tSoiscéil

Tadhg Ó Dúshláine Sarah Murphy

10 Doras an Chreidimh, Doras an Dóchais 12 Cuairt ar Subiaco

Seán Ó Cearbhalláin SJ Fionnghuala de Barra

14 Cumhacht an Athmhuintearais

Peter Carroll SJ

16 Cailliúint Laoich

Maureen O’Sullivan TD

18 An Spioradáltacht Iognáideach

Brian Ó Laoire SJ

20 Leathanach na Léitheoirí 22 Leigheas don Anam

Leon Ó Giolláin SJ

24 Gael Linn 1953-2013 26 Dánta

Máiréad Ní Chinnéide Ralph de Prendergast / Bríd Dáibhís

27 Haiku, más é do thoil é! 26 Im Leabharlann Dom

Gabriel Rosenstock Seán de Fréine / Séamas Ó Murchú

31 Cúinne na Cócaireachta

Síle Ní Chearbhaill

Ar dheis Dé:

Diarmaid Ó Donnchadha, Éamonn Ó Donaile, An Canónach T. Ó Móráin, Máirín Bean Uí Chonceanainn

Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí síad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 Guthán: 01 7758502 r-phost: antimire@gmail.com Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Nic an Príora Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir

Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 452 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Bealtaine 2013 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13 Seiceanna iníoctha leis An Timire

Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: An Timire f/c Dónall Ó Conaill 92 Bóthar Seannaigh Ráth Eanaigh Baile Átha Cliath 5 Guthán: 087 2359198 r-phost: donall.oconaill@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624


4

Timire

Timire

5

Síocháin i measc na Náisiún Maolruan Fíorbheagán daoine sa lá inniu a bhfuil cuimhne acu ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda, tréimhse cruatain in Éirinn féin, tréimhse imeagla agus sléacht agus léirscrios i lár na hEorpa. Maraíodh na milliúin daoine, díbríodh na milliúin eile as a n-áit dúchais, fágadh páistí gan athair, teaghlaigh gan dídean, talamh gan saothrú. Fiú tar éis deireadh an chomhraic i 1945, bhí an t-ocras agus an gorta go forleathan ins na réigiúin sin ina raibh láithreacha an chatha. Is iomaí croí crua a bhí ann chomh maith; bhí daoine a d’fhulaing a ndóthain agus nár suim leo ‘comhphlé, comhéisteacht agus comhurraim’. Na daoine a tháinig slán ón uafás sin, mar sin féin, bhíodar suite de nach bhféadfaí a leithéid a cheadú in athuair. Chuir ceannairí na gComhghuaillithe (Allied Powers) cúirt idirnáisiúnta ar bun chun na daoine a bhí ciontach i gcoireanna in aghaidh na daonnachta agus in aghaidh cearta an duine a chur ar a dtriail. Bhunaigh siad Eagraíocht na Náisiún Aontaithe chun an idirbheartaíocht a chur in áit an chogaidh i gcás conspóide idir na náisiúin. Bhí an Coimisiún um Chearta Daonna le cearta bunúsacha gach duine a chosaint. Bhí lá nua ag gealadh i stair an domhain agus na sibhialtachta. Le himeacht aimsire, ar ndóigh, tuigeadh nach raibh na forais nua seo gan locht. Ba iad na tíortha a fuair an lámh in uachtar sa chogadh a chum agus a cheap iad agus ba furasta dóibh neamhshuim a dhéanamh de na náisiúin a cloíodh agus a bhí lag agus in ísle brí sna blianta ina dhiaidh sin. Níor cuireadh san áireamh ar chor ar bith an tráth sin na téamaí ab ansa leis na

náisiúin nua a bhí le teacht chun cinn ins na seascaidí agus ina dhiaidh sin, ní nach ionadh. D’fhág sé sin go raibh easnamh nach beag ar struchtúr agus ar chlár oibre na Náisiún Aontaithe agus go raibh an-chuid tíortha míshásta leis an easpa urraime a tugadh dóibh féin agus dá gcúiseanna. Bhí gluaiseachtaí eile san Eoraip, áfach, a dhírigh ar na céilí comhraic a thabhairt le chéile tar éis an chogaidh agus cairdeas pearsanta a chothú eatarthu. A leithéid sin ba mhian leis na daoine a bhunaigh Mainistir Taizé i mBurgúin na Fraince. An Bráthair Roger Schutz, Protastúnach ón Eilbhéis, a bhunaigh í i rith an chogaidh agus thug dídean do dhaoine a bhí ag teitheadh ón ár. Tar éis an chogaidh, ghlac an mhainistir le bráithre ón bhFrainc agus ón nGearmáin araon. Bhi daoine ina measc a raibh seirbhís mhíleata déanta acu sa chogadh, agus gur mhaith leo a léiriú go mba láidre mar nasc eatarthu an creideamh Críostaí ná an pholaitíocht nó an náisiúnachas a dhéanadh iad a dheighilt. Tháinig bláth ar an mhainistir agus ar a chomhluadar, agus cuireadh tús le mórthionóil don aos óg, tionscnamh a thug ar na mílte daoine óga páirt a ghlacadh san urnaí, go fiú nuair a bhí an ghlúin óg ag diúltú do nósmhaireacht agus searmanais na hEaglaise i gcoitinne. D’aithin na cuairteoirí go raibh cáilíocht ar leith ag baint le Taizé, áit ar cuireadh fáilte roimh gach duine. Meastar anois go dtugann suas le 100,000 duine in aghaidh na bliana cuairt ar an mhainistir. Gluaiseacht eile a d’eascair as an tréimhse iarchogaidh sin Pax Christi, tionscnamh Caitliceach FrancaGhearmánach a thosaigh sa bhliain 1945 chun caradas idirnáisiúnta a chothú.

D’eagraigh Pax Christi campaí oibre sa samhradh a chabhraigh le daoine óga as tíortha na hEorpa aithne a chur ar a chéile agus iad i mbun oibre ar thionscnamh ar mhaithe leis an bpobal. Leath an ghluaiseacht ar fud na cruinne ina dhiaidh sin. Tá comhaltaí anois aici i 50 tír agus iad ag saothrú ar son cearta an duine agus ar son na síochána. Tá siad ag obair, mar shampla, ar mhaithe le iar-throdaithe a ath-neadú sa phobal i dtíortha Lár na hAfraice ar nós an Chongó, mar a bhfuil cogadh á chur le fada. Tá siad ag tacú le comhar agus comhoibriú idir muintir Iosrael agus na Palaistínigh. Bíonn siad ag scaipeadh eolais agus ag agóidíocht ar son na dí-armála. San áit a mbíonn coimhlint, féachann siad le tuiscint a chothú idir an

dá thaobh agus an té atá lag a chosaint. Inspioráid Chríostaí a spreagann muintir Taizé agus muintir Pax Christi araon. Aithníonn siad gur clann Dé muid ar fad, beag beann ar an gcine nó ar an gcreideamh lena mbainimid. Sárshamplaí iad den méid is féidir a chur i gcrích nuair a thugtar an urraim chuí don duine thall, nuair a éistear lena ghlór, lena chás, le mianta a chroí. Bíonn an comhphlé ag brath ar an gcomhéisteacht agus an comhurraim. Ní miste cuimhneamh go bhfuil obair fós le déanamh againn in Éirinn maidir le comhéisteacht agus comhurraim. Ar éigin is féidir linn dul i gcion ar náisiúin an domhain muna ndéanaimid an obair sin. Ábhar machnaimh dúinn uile?

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí an Mheithimh 2013 Go mbuanaítear cultúr i measc na náisiún den chomhphlé, den chomhéisteacht agus den chomhurraim.


6

Timire

Timire

7

Scaipeadh is Scaidhpeadh an Dea-Scéil Tadhg Ó Dúshláine ‘Cogar, a Dhaid,’ ar sise, ‘a’ bhfuil a fhios agat cén Ghaeilge atá ar virtual reality’, agus a fhios aici go maith nach raibh tuairim faoin spéir agam. ‘Réaltacht fhíorúil’, ar sise, lánsásta léi féin. ‘Ait liom sin’, arsa mise, ‘ba chruinne “réaltacht bhréagúil” a thabhairt air, mar nach bhfuil ann ach faoi mar a bheadh sop in áit na scuaibe, bábóg in áit linbh, bréagán chun go ligimis orainn féin go bhfuilimid i láthair agus i dteagmháil lena chéile nuair nach bhfuil ann i ndáiríre ach íomhá. Tá an gréasán sóisialta chomh bréagach céanna le scannán. Ní féidir teagmháil shóisialta a thabhairt air agus tú dúnta suas i do sheomra i d’aonar. Níl smior ná smúsach na beatha ann; ná aon teagmháil chéadfaíoch i gceist leis. Níl ann ach aisling mheabhal, faoi mar a bheifeá istigh i bpluais Phlató, ag féachaint ar na scáileanna a chaitheann an tine ar an mballa os do chomhair.’ ‘Dheara, éist a Dhaid, nach tú féin a dúirt gurb é an meán an teachtaireacht, agus gurb é bua an duine é a bheith ag forbairt leis agus ag cur feabhais ar ghléas iompair agus caomhnaithe na teachtaireachta i gcaitheamh an ama. Nach tusa a dúirt gur giorra cabhair Dé ná an doras. “Buail is osclófar” – nach é sin a dúirt Críost féin? Agus nárbh é straitéis na hEaglaise riamh anall gach deis dar chruthaigh Dia a thapú mar thimire agus mar instrimint d’fhonn an soiscéal a scaipeadh. Dá mba Chríost féin é, bhí sé i dtús cadhnaíochta i bhforbairt na bparabal, nó ba mhaith a thuig sé gurb é meán na scéalaíochta an teachtaireacht.’ ‘Nár chuir réabhlóid na clódóireachta

casadh nua i dtraidisiún an taifeadta agus an chraolta, go háirithe i gcás na hÉireann, nuair nach ligfí dóibh, faoi mar a dúirt Aodh Mac Aingil, “trí bhoirbe an pheirsicution forceadal a dhéanamh ó bhéal”. Bhí sé de leithscéal ag do ghlúin-se, a Dhaid, go bhféadfadh sibh a shéanadh go raibh sibh ar an eolas faoi scúirseáil agus fulaingt ar fud an domhain, ach ní féidir leis an nglúin seo againne neamhaird a dhéanamh den éagóir a chímid lenár súile féin a bhuíochas don trealamh teicneolaíochta seo is déanaí.’ ‘Féach mar a leathanaigh soiscéal na saoirse polaitiúla ar fud mórán den domhan arabach le déanaí. Nach é mar a bhi agaibhse, a Dhaid, faoi mar atá sa seanfhocal: an rud nach gcloiseann an chluas ní chuireann sé buairt ar an gcroí. Agus an cuimhin leat an dán sin le Máirtín Ó Direáin, ar ghnách leat a aithris, ‘Berkeley’, agus an teachtaireacht sin aige: nach fiú faic an réaltacht oibiachtúil sin amuigh, fiú baile dúchais an fhile sa chás seo, mura bhfuil sé beo ina aigne agus é i bhfad uaidh. Esse est percipi.’ ‘Tá an ceart agat, a iníon ó, agus ba cheart go gcuimhneoinn air sin agus ar an ngliondar a bhí orainn le foilsiú na foraithne Inter Mirifica, leathchéad bliain ó shin: de instrumentis communicationis socialis, is é sin, “i dtaobh uirlisí na cumarsáide sóisialta”. Mura mbeadh ann ach an teideal “I measc na nIontas” bhí gliondar orainn faoi mar a bhíonn ar leanaí aimsir na Nollag leis na féidearthachtaí iontacha seo: an miraculum televisionis ag craoladh iontas agus uafás an domhain thar táirseach isteach chugainn.’ Cad é mar fháilte a chuir an Eaglais

féin roimh na huirlisí nua cumarsáide seo: “Toisc go bhfuil sé ar chumas na meáin seo teagmháil a dhéanamh agus tionchar a imirt ar dhaoine ar fud an domhain is ceart uirlisí na cumarsáide sóisialta a thabhairt orthu.” Áitíonn an Eaglais orainn úsáid éifeachtach a bhaint gan mhoill as meáin seo na cumarsáide sóisialta chun an soiscéal a chraobhscaoileadh. Agus aithníonn an Eaglais, ach an úsáid cheart a bhaint astu, go rachaidh siad chun leasa na ndaoine i gcoitinne, ag feidhmiú chun na maitheasa poiblí, ár spreagadh chun gníomhaíochta in aghaidh an aineolais

agus na héagóra. Faillí amach is amach a bheadh ann dá gcuirfimis-ne, an pobal Críostaí, suas do na deiseanna nua seo chun soiscéalaíochta trí mheáin na linne. Tabharfaidh siad blas don talamh agus solas don saol faoi mar a theastaíonn san am i láthair, ár gcoimeád i dtiúin leo sin atá imithe romhainn, agus ag caomhnú na teachtaireachta dóibh sin a thiocfaidh inár ndiaidh: ‘Críost inné, inniu agus i gcónaí.’ Bímis ag giolcaireacht is ag giobgeabáil, ag blagáil is ag gúgláil, ag scaipeadh is ag scaidhpeadh an deascéil, in ainm Dé!

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí an Mheithimh 2013 Sna ceantair sin is géire atá faoi ionsaí na saoltachta agus na saeclárachta go dtaga an pobal Críostaí ar an eolas chun soiscéalaíocht ar bhealaí nua a chur chun cinn le héifeacht.


8

Timire

Timire

9

Lúcháir an tSoiscéil Sarah Murphy I mí Iúil na bliana seo beidh rud iontach ar siúl in Rio de Janeiro na Breasaíle. Is é sin Lá Domhanda na nÓg (LDÓ)! Dar liomsa is ceiliúradh ar leith é LDÓ – daoine óga as chuile chearn den domhan ag teacht le chéile chun áilleacht ár gcreidimh Chaitlicigh a cheilúradh le lúcháir is le díograis. Is i samhradh na bliana 2011 a d’aimsigh mé LDÓ nuair a thaistil mé go dtí an Spáinn le Magis (gluaiseacht na nÍosánach do dhaoine óga lánfhásta) chuig imeacht dá gcuid roimh Lá Domhanda na nÓg. Is ceart a rá gur tharla cuid mhaith dom ó ghlac mé na chéad choiscéimeanna trialacha úd sa Spáinn. Is mó a d’fhoghlaim mé ón eispéaras sin, ó na tráthnónta a chaitheas ag bualadh le daoine ó gach áit ar domhan – an Chambóid, Singapore, Tír na mBascach sa Spáinn – agus iad uile aontaithe ag an aon chreideamh s’againne agus ag an dúil a bhí orainn rud éigin níos mó inár saol a chuardach. Sula ndeachaigh mé ann, ba mhinic a bhraith mé mé féin i mo chadhan aonair san eaglais de bhrí gur annamh a fheictear mórán daoine óga agus

baint acu leis an eaglais sa bhaile. Ach ar theacht dom ar LDÓ, chonaic mé go bhfuil an creideamh beo go dearfa agus go bhfuil san eaglais go leor daoine óga sona atá gafa lena gcreideamh agus iad tiomanta dó. Cén fáth mar sin go mba chóir d’éinne dul an tslí sin go léir go dtí Meiriceá Theas don ócáid seo? Is fiú é de bhrí gur eispéaras é nach dtarlaíonn ach uair amháin sa saol. Agus go minic is é an rud a tharlaíonn i ndiaidh LDÓ atá chomh tábhachtach leis an eispéaras féin. Domsa, tá sé dochreidte nuair a smaoiním ar gach rud a tharla i mo shaol mar thoradh ar mo thuras. D’athraigh mé ó bheith i mo dhuine a bhí gan tuairim dá laghad ar cérbh é Naomh Iognáid le bheith i mo dhuine a bhfuil meas nach beag aici ar ‘Bhealach Iognáid’! Treoraíodh mé ar aistear dochreidte agus mé ar thóir an ‘magis’ (focal a chiallaíonn ‘an bhreis’). Agus chuir sé sin Taize in aithne dom, thug sé go Berlin mé, áit ar chas mé ar dhaoine óga ó shainaicmí éagsúla Críostaí agus d’fhoghlaim mé níos mó faoin aontacht Chríostaí. Ag eascairt as m’eispéaras, chuaigh mé i muinín an chreidimh agus chaitheas tamall iontach faoin tuath sa

tSaimbia, mé i mo chónaí le siúracha cráifeacha agus ag tabhairt aire do dhílleachtaí a chuir go mór le mo shaol ar iliomad bealaí. Bhuail mé le daoine iontacha in Lyon na Fraince, i Sasana agus le déanaí sa Róimh le haghaidh cruinniú 40,000 de Chríostaithe óga as gach cearn den domhan. Táim tar éis bualadh leis an oiread sin daoine spéisiúla agus d’eascair sé go léir as eispéaras álainn amháin sa Spáinn, áit ar fhoghlaim mé an oiread sin faoi mo chreideamh, faoi cad is ciall le maireachtaíl ann agus faoi conas is féidir leis cur le do shaol laethúil. Léirigh sé dom cé chomh beo agus chomh lán d’fhuinneamh is atá an eaglais agus an áilleacht go léir atá le fáil san eaglais. Léirigh sé dom a thábhachtaí atá sé a bheith lúcháireach; threoraigh sé mé go dtí a liachtaí áiteanna difriúla agus chuir sé in aithne mé don oiread sin grúpaí éagsúla

daoine. Fiú go dtí an lá inniu, tá leas mór á bhaint agam as m’eispéaras le LDÓ, as na cairdis nua a rinne mé agus as na slite nua atá forbartha agam chun féachaint ar rudaí. I mbeagán focal, mholfainn do dhuine ar bith dul ar Lá Domhanda na nÓg má tá an fonn is lú air/uirthi nó atá fiosrach maidir le dul ann. Déanfaidh tú an oiread sin a fhoghlaim nach bhféadfá a shamhlú, buailfidh tú le roinnt daoine den scoth agus cuirfear eaglais in aithne duit atá lán dóchais agus beogachta – rud nach bhfeictear ach go hannamh inár dtír féin sa lá inniu. Spreagfaidh sé agus misneoidh sé thú. Mar sin déanaim thú a ghríosadh le dul i muinín an chreidimh agus tabhairt faoi. Mar ní bheadh a fhios agat cá dtabharfadh sé thú! Is as Corcaigh do Sarah agus tá sí i mbun staidéir ar an leigheas in Albain.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Iúil 2013 Go dtuga Lá Domhanda na nÓg, atá á cheiliúradh sa Bhrasaíl, spreagadh don uile Chríostaí óg bheith mar dheisceabal agus mar mhisinéir ar son an tSoiscéil.


10

Timire

Timire

11

Doras an Chreidimh, Doras an Dóchais Seán Ó Cearbhalláin SJ Is ó Naomh Pól a thagann an friotal ‘doras an chreidimh’, friotal ar bhain an Pápa Beinidict úsáid as ina thréadlitir ar Bhliain an Chreidimh. Ag tabhairt tuairisce ar a thuras soiscéalaíochta dó don eaglais in Aintioch, mhol Naomh Pól Dia gur oscail sé doras an chreidimh do na págánaigh. [Gníomh 14:27]. San Aifreann in onóir Naomh Proinsias Xavier, cuimhnímid san Ortha gur oscail Dia doras an chreidimh do mhuintir na hÁise trí bheatha agus obair an Naoimh. Guímis go n-osclóidh Dia doirse roimh theachtairí an tSoiscéil ar fud mhórroinn na hÁise, doras an chreidimh ar dtús agus na doirse eile is gá le gurb éifeachtúil ‘cumhacht agus áilleacht’ an tSoiscéil i mbeatha dhaonna mhuintir na hÁise: doras an dóchais agus doras na gcearta daonna ina measc. Is minic le déanaí go mbítear ag trácht ar chúrsaí creidimh go gcuireann scríbhneorí béim ar an difríocht atá ann idir spioradáltacht agus religiún nó creideamh. Labhraíonn an Pápa faoi ghéarchéim an chreidimh agus amannaí léiríonn sé nach géarchéim an chreidimh Chríostaí amháin atá i gceist aige ach géarchéim chreidimh i gcoitinne. Dá thairbhe sin ní mór dúinn caint freisin faoi ghéarchéim na móráltachta i ndomhan mar a mbíonn cultúr an bháis níos treise ná cultúr na beatha. Taobh leis sin cuirimís an cheist: an bhfuil géarchéim na spioradáltachta ann? Is dóigh lena lán nach bhfuil agus go bhfuil cuid mhór de mhuintir na haoise seo, go háirithe san Iarthar, ag tnúth go díograiseach le spioradáltacht de chinéal éigin, spioradáltacht a oireas

dóibh féin agus don dearcadh atá acu ar an saol agus ar an bheatha dhaonna. Rud eile dhe, is iondúil go mbíonn na daoine seo ag cuardú spioradáltachta gan chreideamh, agus is géarchéim eile an radharc sin. Sa dara leath den chéad so caite, tháinig a lán ón Iarthar chun na hÁise ar lorg a leithéid de spioradáltacht agus iad ag ceapadh gurb ionann caoimhe na hÁise agus saoirse ó chreideamh. Ó thaobh na cainte agus go háirithe ó thaobh an léinn de, is áisiúil an spioradáltacht a mheas mar ghné ar leith den bheatha chrábhaidh. Ach ó thaobh na beatha crábhaidh daonna féin, ní mór dúinn go beacht a dhearbhú go gcaithfimid creideamh, moráltacht agus spioradáltacht a mheas mar aonad doscartha amháin. Muna mbíonn spioradáltacht agus móráltacht fite fuaite lena chéile, ní fada uainn dochar an drochiompair. Mar is gnách amharcann an Pápa ar an chreideamh ón leas ilghnéitheach a bheireas sé don chine daonna agus don chruinne go léir. Dearbhaíonn sé gur leas an chine dhaonna é deá-scéal Íosa le cumhacht a áille. Mar a dúirt Naomh Pól: sé an rud is tábhachtaí an creideamh a oibríonn tríd an ghrá. Má leanann teachtairí an tSoiscéil den fhírinne le teann grá, mar a mholann Naomh Pól [Eif 4:15], beidh an Soiscéal ina thuar dóchais don mhuintir a ghlacann leis. Ar na mallaibh, agus mé ag smaoineamh ar na tubaistí agus na hanachana a bhuail mór-roinn agus oileáin na hÁise le roinnt blianta anuas, cuir mé spéis sa cheist an féidir linn ‘teoiric an iomláin’ nó ‘teoric na n-uile’ a aimsiú, ceist a mheabhraíonn a lán

Eaglais Naomh Prionsias Xavier, Goa na hIndia

saineolaithe. An bhfuil tionchar ag an peaca daonna ar an dúlra? Más é atá i gceist peaca na sainte nó an drochíde a bheirimid don dúlra, is léir go bhfuil an tionchar sin ann ach tá mé ag smaoineamh ar pheacaí eile freisin, éigniú na leanaí agus meirdreachas éigeantach na mban ina measc. Más aonad amháin í an chruinne ina bhfuil gach ball fite fuaite lena chéile sa tslí chéanna leis an chorp daonna – ar nós íomhá an choirp ar bhain Pól úsáid as le rúndiamhair chorp Chríost a ríomhadh dúinn (Rómh 12 agus 1Cor 12) - ní mór dúinn smaoineamh ar a ráiteas: má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis. De réir radharc dá leithéid ar an chruinne seo againn agus ar an chine daonna in éineacht léi, ní mór dúinn

smaoineamh go bhfuil an creideamh, creideamh i gCríost, ina bhall riachtanach den iomlán. Má bhíonn galar an pheaca go forleathan i mball éigin den chorp seo is cruinne ann, beidh tionchar aige ar an iomlán. Éistimís arís le Naomh Pól agus é ag machnamh ar thnúth an dúlra agus chneadach na cruthaíochta: ‘Tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé. Cuireadh an dúlra freisin ó rath, ní dá dheoin féin ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas; mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé. Is eol dúinn go raibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil’. [Rómh 8:19-22]

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Iúil 2013 Ar fud mhór-roinn na hÁise, go n-osclaítear na doirse roimh theachtairí an tSoiscéil.


12

Timire

Cuairt ar Subiaco Fionnghuala de Barra Le linn dom bheith fós an-ghníomhach i gcúrsaí meánoideachais, bhí sé de phribhléid agam déagóirí, idir bhuachaillí agus chailíní, a thionlacan ar thurasanna acadúla thar lear. Daltaí ag déanamh staidéir ar an Laidin agus ar na Clasaicí a bhí i gceist, agus dá bharr sin, ba ar an Róimh a thugaimis aghaidh go minic. Cinnte bhí an chathair seo, agus gach a mbaineann léi, thar a bheith suimiúil ó thaobh cúrsaí creidimh agus cúrsaí staire de. Tar éis cúpla lá a chaitheamh sa Róimh ar cheann de na turais seo, bhogamar linn go Pompeii. Ba ar an mbealach go Pompeii a tharla, i mo thuairimse, an chuimhne ba dhoimhne a mhairfidh in aigne an-chuid daoine go deo. Uair a’ chloig nó mar sin ón Róimh, d’fhágamar an príomhbhóthar agus thugamar aghaidh ar na sléibhte chun cuairt a thabhairt ar Subiaco – mainistir Bheinidicteach. Eaglais eile, séipéal eile, clochar eile – sin a bhfuil ann – a bhí in aigne an chuid is mó againn. Ní raibh tuairim againn ar cad i bhí i ndán dúinn. Stop an bus, thuirlingíomar, agus go tobann, gan aon réamhrabhadh, bhíomar i ndomhan eile ar fad; saol eile – gan le feiceáil ar bharr an tsléibhe seo ach an mhainistir. Bhreathnaigh gach duine thart timpeall – iad beagáinín trína chéile agus ciúnas na háite ag dul i bhfeidhm orthu. Tar éis na sluaite, an trácht, an fothrom, an ruaille buaille atá mar chuid den Róimh, bhí ciúnas agus síocháin na háite seo dochreidte. Cé nach raibh fógra ar bith faoi thost nó ciúnas, cé nach ndúradh aon rud leis na daltaí a bheith ciúin ómósach, is ar éigean a

Timire

Nóta ón Eagarthóir

13

Saolaíodh Naomh Beinidict sa bhliain 480 AD i Norcia (in aice le Spoleto) agus chaith sé tamall ag staidéar sa Róimh. Is i Subiaco a chaith sé trí bliana ina chónaí in uaimh (Sacro Speco) agus gan aige mar chothú ach blúirí a seoladh síos chuige i gciseán. Ina dhiaidh sin bhunaigh sé mainistir sa cheantar a bhí tiomnaithe do Naomh Cléimint na Róimhe agus a bhí lonnaithe i gcuid d’áras impiriúil Nero. Chónaigh Beinidict sa mhainistir ar feadh fiche bliain agus bhunaigh sé dhá mhainistir déag eile. Suite in áit álainn ar thaobh sléibhe foraoisithe, tá eaglais na mainistreach agus an uaimh ar oscailt do chuairteoirí. I measc na bhfreascónna meánaoiseacha tá portráid de Naomh Prionsias a dearadh agus é fós beo. Sa bhliain 529 thug Beinidict aghaidh ar Montecassino áit inar bhunaigh sé mainistir chailiúil agus inar scríobh sé an leagan deireanach den Riail Bheinidicteach atá mar bhunús do mhanachas an Iarthair. Fuair sé bás sa bhliain 547.

labhair duine ar bith. An t-aon rud a bhí le cloisteáil ná ceol na n-éan. Isteach linn ansin go séipéal na mainistreach agus seo leis na manaigh ag guí agus ag canadh. Síos linn ar ár nglúine, ag smaoineamh agus ag machnamh. Ní raibh focal as éinne – muid ar fad faoi dhraíocht na háite seo. Ní raibh deifir ar éinne imeacht. ‘Ba mhaith liom fanacht anseo go deo,’ arsa dalta amháin! ‘Mothaím níos gaire do Neamh ná mar a mhothaíos riamh,’ arsa duine eile agus ‘d’fhéadfaí maireachtáil anseo go deo’ arsa duine eile fós! Thuigeas-sa cad a bhí i gceist acu – bhí mé féin amhlaidh. Ach nach iontach mar a théann áit dá leithéid i bhfeidhm ar dhéagóirí na haoise seo – buachaillí agus cailíní in éineacht. Leis na smaointe agus na mothúcháin sin ar ár gcroíthe, b’éigean dúinn imeacht linn ar ár dturas go Pompeii. Ó shin i leith, is minic a chastar iarscoláire éigin ón ngrúpa sin orm, agus anmhinic, tagann Subiaco i gceist sa chomhrá againn, agus an tionchar mór a bhí aige orainn go léir.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Lúnasa 2013 Go gcuidí tuismitheoirí agus múinteoirí le glúine úra fás in inmhe le consias ionraic agus lena saol a chaitheamh dá réir.


14

Timire

Timire

15

Cumhacht an Athmhuintearais

Peter Carroll SJ Bhí sé mar aidhm ag an dara cruinniú den Sionad don Afraic i mí Dheireadh Fómhair 2009, Afraic faoi athmhuintearas a thógáil trí bheith ag siúl ar bhóthar na fírinne agus na córa, an ghrá agus na síochána. Mar a chuir Beinidict XVI é, is í gairm na hEaglaise san Afraic ná a bheith ag maireachtáil san athmhuintearas idir daoine aonair agus pobail, agus i bhfírinne, síocháin agus ceart do chách a chur chun cinn. Chuir idirghabháil amháin de chuid an tSionaid béim ar an athmhuintearas. Thug an tSiúr Genevieve Uwamariya an fhianaise seo a leanas: Ba mhaith liom mo thaithí ar an athmhuintearas a roinnt libh. Tharla an eachtra seo i bpríosún ina raibh daoine a bhí faoi amhras chinedhíothaithe ag fanacht. Is Tutsi Ruandach mé a tháinig slán ón gcinedhíothú sa bhliain 1994. Rinneadh sléacht ar bhaill de mo chlann i séipéal an pharóiste. Líon radharc an fhoirgnimh sin mé le gráin agus le míthaitneamh. Ar an gcaoi chéanna, chuir an cruinniú leis na cimí fearg agus déistean orm. Is mo staid intinne mar seo, mhair mé tríd eachtra a d’athraigh mo shaol agus mo chaidreamh

le cairde a bhí ina naimhde agam tráth. Ar an 27 Lúnasa 1997, trí bliana i ndiaidh an chinedhíothaithe, thug baill de Chumann Mhuire Trócaire Dé cuireadh dom dul ar cuairt leo go dhá phríosún cóngarach do Kibuye, mo bhaile dúchais. Ba í aidhm na cuairte ná na príosúnaithe a ullmhú do bhliain an Iubhaile 2000. Seo hé an teachtaireacht a roinn siad: ‘Mas rud é gur mharaigh tú duine eile, iarr maithiúnas ó na híospartaigh a mhaireann, sa bhealach sin cabhróidh tú leo iad féin a shaoradh ó mheáchan an díoltais, na gránach agus na feirge. Más íospartach tú, bí ag tairiscint maithiúnais don té a rinne feall ort, cabhróidh tú leis an duine sin a bheith saor ó mheáchan a gcoireanna agus ón olc inmheánach”. Bhí tionchar gan choinne ag an teachtaireacht seo ionam. I ndiaidh dúinn é a chloisteáil, thit duine de na cimí ar a ghlúine agus d’impigh sé orm i nguth ard: ‘Trócaire.’ Tháinig righneas ar mo chorp nuair a d’aithin mé cara de mo chlann os mo chomhair, duine a d’fhás aníos linn agus a roinn ár gcuid earraí go léir linn. D’admhaigh sé gur mharaigh sé m’athair agus thug sé sonraí de bhásanna na mball eile de mo chlann dom. Tháinig mothú na hatrua orm. Thóg mé suas é, thug mé barróg dó agus trí mo chuid deora, dúirt mé leis ‘Is

tú mo dheartháir agus beidh go deo’. Baineadh ualach ollmhór díom agus mo chuid síochána inmheánaigh ag teacht ar ais chugam, dúirt mé, ‘Go raibh maith agat.’ leis an duine a bhí i ndiaidh an fhírinne a insint dom agus a bhí fós i mo bhaclainn. Cuireadh ionadh orm nuair a dúirt sé: ‘Déanfaidh an ceart a ghnó agus daorfar chun báis mé, ach anois is saorfhear mé!’ Ar an gcaoi chéanna, bhí fonn orm glaoch ar an duine a bhí ag iarraidh cloisteáil uaimse: ‘Tar, féach ar an méid a lig saor mé, is féidir leatsa teacht ar aththuiscint ar an tsíocháin inmheánach’. Ón nóiméad sin ar aghaidh, bhí an tSiúr Genevieve ina hambasadóir don athmhuintearas (cf. 2 Cor. 5.20). Maireann a lán tíortha san Afraic faoi shíocháin, ach ní mar sin dóibh go léir. Tá Oirthear an Chongó, atá cóngarach don Ruanda, á stróiceadh as a chéile ag an bhforéigean le blianta. Is í is cúis leis sin don chuid is mó ná saint don talamh agus d’acmhainní mianracha. Tá Mailí i lár coimhlinte míleata, tá an

t-antoisceachas reiligiúnda freagrach as cuid den choimhlint sin. Tá tuaisceart na Nígéire ag maireachtáil i bhfaitíos ionsaithe ó sceimhlitheoirí. I ndiaidh na dtoghchán le déanaí, buíochas le Dia, is cosúil gur sheachain an Chéinia an foréigean eitneach a mhill na toghcháin i 2007. Ar an drochuair, is minic a bhíonn daoine gan tabhartas na síochána. Ligeann a lán dóibh féin titim i ngleic an tSátanachais agus maireann siad faoi eagla. Ní bhíonn síocháin gan cheart. Ní thagann síocháin nó ceart gan chroíthe atá in athmhuintearas le Dia agus lenár deartháireacha agus deirfiúracha. Is é Dia a chruthaíonn athmhuintearas leis féin trí fhuil Íosa, A Mhac. Eascraíonn athmhuintearas as an ngrá. Le do thoil, bí ag guí le Críostaithe na hAfraice, go raibh an grásta acu a bheith ag fógairt an Bhriathair a leigheasann agus a shaorann sinn, a dhéanann athmhuintearas agus a bhunaíonn muid i ngrá agus i síocháin.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Lúnasa 2013 Na hEaglaisí sainiúla ar mhór-roinn na hAfraice, go gcuire siad tógáil na síochána agus na córa chun cinn, faoi réir dhílseacht don Soiscéal a fhógairt.


16

Timire

Timire

17

Maureen O’Sullivan TD Chas mé le Tony Gregory den chéad uair sna seachtóidí nuair a bhí obair dheonach á dhéanamh ag an mbeirt againn. Bhí Tony i mbun oibre i lár na cathrach ar son cúiseanna áirithe, ina measc: cúrsaí tithíochta, cúrsaí fostaíochta agus seirbhisí don phobal. Bhí mé féin ag plé le déagóirí agus ag iarraidh clubanna do dhéagóirí a chur ar bun. Bhíomar cairdiúil lena chéile ón am sin agus thug mé tacaíocht dó i ngach toghchán idir 1979 agus 2007 agus go dtí go bhfuair sé bás i mí Eanáir 2009. I rith na seachtóidí, agus cuid mhaith de na hochtóidí, ní raibh polaiteoir eile ann a labhair amach ar son na ndaoine a bhí ar an imeall. Bhí sé mar aidhm ag Tony guth agus comhionannas a bhaint amach do na daoine seo agus lean sé leis seo go dtí aimsir a bháis. Nuair a bhí sé ina bhuachaill óg, bhí sé ina fhreastalaí altóra ina

shéipéal áitiúil, séipéal Naomh Agatha, an séipéal ina mbeadh a shocraid roinnt blianta níos déanaí, a bheadh fúmsa a eagrú. D’fhreastalódh sé ar Aifreann lena mháthair agus ba bhall é den Léigiún Mhuire. Bhí grá mór aige dá mháthair agus ina dhiaidh di dul ar shlí na fírinne, mhothaigh sé a spiorad ag tabhairt aire dó. Ghuíodh sé di go minic. De réir a chéile, áfach, agus é ag éirí níos sine, chaill sé cuid den chreideamh a bhí aige. Bhí meas aige i gcónaí orthu siúd a lean leis an gcreideamh, áfach, rud a tháinig chun solais nuair a d’éirigh sé tinn. Thuig sé nach raibh gach freagra aige ag an am sin agus bhí sé anbhuíoch de na cártaí Aifrinn a fuair sé agus de na daoine a dúirt paidreacha dó. Thug siad misneach dó agus é in am an ghátair. Fear cróga ab ea Tony nach raibh eagla air labhairt amach ar son nó i gcoinne daoine áitiúla. Bhí guth láidir aige. D’fhéadfaí a rá gurbh aspal de shaghas éigin é, ach n’fheadar an aontódh Tony é féin leis an méid sin. Bhí cónaí air i lár na cathrach agus bhí tuiscint deimhin aige, mar sin, ar shaol na ndrugaí agus ar na fadhbanna a chruthaíonn siad. Bhí a fhios aige go raibh mangairí ina measc, cuid acu ag tabhairt drugaí saor in aisce do dhaoine óga chun go mbeadh siad spleách orthu sula i bhfad. Thuig sé an damáiste a dhéanann drugaí agus bhí aithne aige ar go

Photo: Steve Humphreys

Cailliúint Laoich: Críostúlacht Tony Gregory

leor teaghlaigh briste agus daoine a fuair bás mar thoradh air seo. Ba phléadálaí (advocate) é do thrádálaithe sráide Bhaile Átha Cliath agus mar thoradh air sin, chaith sé tréimhse ghearr sa phríosún. Rinne an stiúrthóir Joe Lee clár faisnéise ar an ábhar dar teideal ‘Bananas on the Breadboard’, ina bhfuil an agallamh beo deireanach a rinne Tony le feiceáil. Bhí meas mór ag na mná a raibh baint acu le saol na dtrádálaithe ar Tony toisc gur oibrigh sé chomh díograiseach sin ar son a gcearta, in ainneoin dó a bheith tinn ag an am. Cad chuige an pholaitíocht do Tony? Cén fáth ar thug sé faoi in ainneoinn na ndeacrachtaí a tháinig leis? Bhí tuiscint agus trua aige do na daoine a bhí ar imeall na sochaí, iad siúd nach bhfuair cluas éisteachta ó iad siúd leis an gcumhacht. Ba léir do Tony nach raibh

muintir lár na cathrach san áireamh i smaointe pholaiteoirí Bhardas Bhaile Átha Cliath agus cinntí a dhéanamh acu agus theastaigh uaidh é sin a athrú. Bhí sé comhfhiosach faoin méid a bhí ag tarlú thar timpeall air; ní hamháin na daoine, ach an dúlra agus ainmhithe chomh maith. Bhí nádúr mothálach aige agus b’in a scair ón chuid eile é. Ba laoch agus curadh é Tony Gregory agus níl dabht ach go bhfuilimid níos boichte gan é. Go raibh suaimhneas síoraí aige, ár gcomhghleacaí, ár gcara. Is as an bPort Thiar, Baile Átha Cliath do Mháirín. Chaith sí roinnt blianta mar mheánmhúinteoir i mBaile Dúill sula dtoghadh í mar Theachta neamhspléach do Dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Lár. Tá baint mhór ag Máirín le grúpaí atá ag obair ar son an phobail, go háirithe ar son na hÓige.


18

Timire

Timire

19

An Spioradáltacht Iognáideach

Cibé Rud Í, Ní Éalú Í An dara halt i sraith de cheithre cinn

Brian Ó Laoire SJ Thosaigh Naomh Bearnard homaile ar Amhrán Sholaimh leis na focail, ‘Inniu is é an téacs a scrúdóimid ná leabhar ár n-eispéiris féin’. Is é seo an traidisiún a fuair Iognáid le hoidhreacht, cé gur trí phaidreoireacht níos mó ná trí staidéar foirmiúil a d’fhoghlaim sé é. Ba é an domhan inmheánach, a ndeachaigh sé ann nuair a d’iompaigh sé chun na spioradáltachta, a bheadh mar fhoinse aige dá fhéiniúlacht agus mar láthair do dhráma a bheatha. Bhraithfeadh sé an-áthas agus sólás i dtosach, rud a bhraitheann iompaithigh (converts) beagnach i gcónaí. Ba chineál mí na meala é ina chaidreamh le Dia. Ach, tar éis tamaill, tharla athruithe a chuir isteach air. Scríobh sé sa Dírbheathaisnéis (ag cur síos ar a thréimhse i Manresa na Spáinne): Bhí sé chomh dumhach uaireanta, nach bhfaigheadh sé taitneamh ar bith sna paidreacha a deireadh sé, ná fiú sa fhreastal ar Aifreann, ná in aon chineál eile urnaí. Uaireanta, tharlaíodh a mhalairt chruinn dó, agus tharlaíodh sé chomh tobann sin gur chosúil gur chaith sé de gach brón agus ainnise, díreach mar a thógfadh duine clóca ó ghualainn duine eile. Bhí ionadh air faoi na hathruithe seo agus dúirt sé leis féin: ‘Cén cineál saoil nua é seo a bhfuil muid á thosú anois?’ [21] Is dócha go léiríonn a cheist eagla áirithe chomh maith leis an

iontas a dtagraíonn sé dó. Ní rud compordach é a aithint go mbeidh ár saol inmheánach ina aistear suas síos, de thaghdanna (moods) agus de mhothúcháin contrártha nach bhfuil smacht againn orthu. Tá claonadh ionainn ar fad a fhiafraí, ‘Cén fáth nach féidir liom mo chaidreamh le Dia a mhothú mar chaidreamh síochánta, suaimhneach, go leanúnach? Nach amhlaidh a thabharfaidh Dia a bheith i láthair ionam síocháin i gcónaí?’ Ach bhí Iognáid ag foghlaim nach féidir linn, inár gcruth daonna, brath ar aon rud mar bhuanseasmhacht inmheánach. Go deimhin, ag dul i ngleic lenár saol inmheánach, tarraingítear cath nach mbuaitear riamh go críochnúil. Sin é an fáth ar chuala sé guth ní ba luaithe istigh ann féin ag fiafraí, ‘Agus conas is féidir leat cur suas leis seo sna seachtó bliain atá romhat?’ [20]. Conas go deimhin! Nocht Gerard Manley Hopkins, an file Íosánach Sasanach, go beo é nuair a scríobh sé in onóir do Naomh Alfonsas Rodriguez, bráthair Íosánach Spáinneach: But be the war within, the brand we wield Unseen, the heroic breast not outward-steeled, Earth hears no hurtle then from fiercest fray. Ach más istigh don chogadh, an lóchrann a bheartaímid Faoi cheilt, an brollach gaiscigh gan armúr, Ní airíonn an talamh fothram ón gcomhrac fraochmhar.

Nó, sna focail a thaitníonn le roinnt de dhiagairí an lae inniu, ní ann don ‘ghrásta ar bheagán costais’. Tá an grásta ‘costasach’ mar a bhí sé d’Íosa Críost a ghnóthaigh dúinn é trína bhás ar an gcroch sular aiséirigh sé. Tagraíonn daoine go minic do réalachas (realism) na spiordáltachta Iognáidí. Ní gheallann sí saol suaimhneach ná slí bheatha saor ó ualach ár gcolainne ná ár mothúchán corraitheach. Cibé rud í, ní éalú í! A mhalairt ar fad, cuireann sí ár ndaonnacht chun tosaigh inár saol agus cuireann sí ar ár gcumas a thuiscint gurb é seo díreach ár mbealach chun Dé. An uair amháin a ghlacaimid an léargas seo chugainn féin, saortar sinn ó sheachrán ar bith agus, le Spiorad Dé ár dtreorú, féadaimid ár mbealach a stiúradh trí ghuagacht an tsaoil. Uirlis luachmhar a thairgeann an traidisiún Iognáideach dúinn is ea an phaidir a nglaoití ‘Scrúdú Coinsiasa’ air, ach a dtagraítear anois níos coitianta dó mar an ‘Breithniú Comhfheasa’ (examen of consciousness). Díríonn an t-athrú ó ‘scrúdú coinsiasa’ go ‘breithniú comhfheasa ar fhócas

na paidreach a aistriú ón bpeaca agus ón bhféinchúiseamh (an coinsias) go feasacht an domhain inmheánaigh, sé sin aird a thabhairt ar a bhfuil ag tárlu dúinn istigh. Séard atá i gceist leis sin a bheith eolach ar na ‘gluaiseachtaí’ nó an bogadach croí a tharlaíonn beagnach i ngan fhios dúinn. Glactar leis maidir leis na nithe a roghnaímid a dhéanamh (nó gan a dhéanamh) go neamhshrianta is go saor go bhfanfaidh siad inár gcuimhne. Ach teastóidh aird a thabhairt ar ár ‘ngluaiseachtaí neamhshaora’, ar ár mbogadach croí is intinne a tharlaíonn dúinn gan smaoineamh chun go sroisfidh siad an comhfhios iomlán is go dtabharfaidh muid aird orthu. Ansin, iarrtar orainn a bhfaighimid amach a ghrinnaithint nó a ghrinnshonrú (le héargna/discernment), treonna na ‘ngluaiseachtaí’ seo a thabhairt faoi deara, sé sin an bhfuil siad ár dtreoiriú chun Dé nó ag tabhairt orainn iompú uaidh ar bhealach. Agus tugann an phaidir seo cuireadh dúinn machnamh go hurnaitheach (prayerfully) cén chéad chéim eile ar ár dturas is mó a bheadh i gcomhréir le toil Dé.


20

Timire

Leathanach na Léitheoirí Clochar na Toirbhirte Cionn tSáile, Co. Chorcaí 14ú Eanáir, 2013 A Chara, Guím rath Dé agus coimirce a Mháthar Bheannaithe ar chuile duine a bhfuil baint acu le hobair ‘An Timire’ agus Foilseacháin Ábhair Spioradalta. Bhí mé ag obair in Florida ón mbliain 1972 go 2004. Cuireadh ‘An Timire’ chugham go rialta; ní amháin gur bhain mé tairbhe spioradálta agus taitneamh as, ach chabhraigh sé go mór liom mo theanga dhúchais a choimeád beo. Molaim go mór an caighdeán Gaeilge atá léirithe ann. San alt i gcuimhne Mhíne Bean Uí Chribín in eagrán an Gheimhridh 2012 tá tagairt ar an Athair Séamus Mac Amhlaoibh; agus san eagrán an Chéid (Fómhar 2011) léigh mé faoin pháirt a ghlac sé sa Chuallacht Mhuire. Cara an-dílis agamsa ab ea an tAthair Séamus, ar dheis Dé go raibh a anam uasal. Bhí meas mór agam air, agus chuaigh a naofacht i bhfeidhm orm. B’aoibhinn liom bualadh leis agus dul ar picnic san iarthar agus rl. Tá cúpla paidreacha deasa Gaeilge a thug sé dom á rá agam gach lá. Maith dom na smaointe fánacha! Agus mé in aois ceithre scór agus sé go leith bliain, ní hionadh mé ag dul siar ar bhóithrín na smaointe! Le gach dea-ghuí An tSiúr Fionnbarra le Muire Bhí áthas orainn cloisint ón tSiúr Fionnbarra. Bíonn fáilte i gcónaí roimh litreacha ón ár léitheoirí dílse. An tEagarthóir

A léitheoir chóir, tá do chúnamh uainn Tá gá againn le do thacaíocht leis an Timire a scaipeadh. An bhfuil daoine ar d’aithne a cheannódh an Timire dá mbeadh a fhios acu faoi? An dtógfá cóip nó dhó sa bhreis is iad a dhíol dúinn le cairde, nó ag an Aifreann Gaeilge sa pharóiste? An gcuideofá linn le síntús beag airgid le deá-scéal Íosa a scaipeadh i measc phobal Dé na Gaeilge. Bheadh fáilte roimh an tsuim is lú: €5; €10; €20; €50 de réir do mhéine is do chumais.

Litreacha buíochais do Chroí Ro-naofa Íosa Nuair a bhíonn fonn ort gníomh buíochais a ofráil do Dhia, an gcuirfeá nóta beag gairid chugainn le cur sa Timire. Chabhródh sin le léitheoirí eile.

Timire

21


22

Timire

Timire

Leigheas don Anam

Aragorn

Leon Ó Giolláin SJ Tá caibidil i Tiarna na bhFáinní le J. R. R. Tolkien dár teidil Na Tithe Leighis. Tá na tithe seo suite in aice le machairí Pelennor ina bhfuil cath fíochmhar á réabadh. Chuaigh Merry, an ‘hobbit’ bocht, i gcabhair ar Eowyn, bean chúnta an rí Theoden, agus shaor í ón gcailleach Angmar a mharaigh sé. Ach gortaíodh an bheirt acu go dona sa chaismirt. Tá Faramir, mac an rí, sna tithe leighis freisin, é faoi dhraíocht chodladh básmhar agus ag dul in olcas. Tá nimh de shaghas éigin, nimh an oilc, ag bagairt ar na heasláin uilig, iad mar a bheadh i gcóma gan bheith in ann, dá ndeoin féin, dúiseacht as. Tagann Gandalf, an draíodóir, i gcabhair orthu. Tá sé ar nós aingeal cuideachta nó ceann des na haingil a thainig i gcabhair ar Íosa tar éis dachad lá ag troid le Sátan san fhásach. Ach is é Aragorn, an fíor-Rí, a bhfuil cumhacht an leighis aige, a leigheasann iad ar deireadh.

Ó dhuilleoga athelas deineann sé túis álainn bhlasta a líonann an t-aer agus a thugann ar ais dos na heasláin lúth na gcos, sláinte choirp agus anama. Tá Aragorn ar nós Chríost a nochtann a ríogacht osnadúrtha trí chumhacht an leighis, faoi mar a dheineann Íosa sna heachtraí leighis sa Soiscéal. Cuireann míorúilt Aragorn sna tithe leighis i gcuimhne dúinn Rí na nUile sa Soiscéal a shaorann iníon Iárus ón mbás leis na briathra ‘draíochtúla’Talithá cúm! Éirigh! Níl aon amhras ná go ndeachaigh teagasc agus traidisiún na hEaglaise Caitlicí i gcionn go mór ar Tolkien, údar Tiarna na bhFáinní agus gur léir rian na Críostaíochta ina chuid scríbhinní. Nuair a fuair a thuismitheoirí bás agus é fós an-óg, ghlac sagart sa pharóiste agus cara lena mháthair cúram dó. Ba léir don sagart céanna an bua neamhghnách liteartha a bhí ag Tolkien agus chuir ar aghaidh san oideachas é. D’fhan Tolkien dílis dá chreideamh go dtí deireadh a shaoil. N’fheadair an é seo a bhí i gceist ag

23

chruthú, ár laige, ár bpeaca, ár bpianta pearsanta féinig, cneácha oscailte an anama, gach a bhfuil ag cur as dúinn, a thabhairt os comhair an Chneasaí dhiaga. Ansin, lig do Chríost a lámh leochaileach mín a leagan ar ár gcneácha chun iad a leigheas, túis na luibhe leighis a analú, ár gcéadfaí a líonadh lena dhea-bholadh agus faoiseamh agus sólás Dé a bhlaiseadh. Bíodh misneach againn agus bímis buíoch i gcónaí go bhfuil in Eaglais Chríost, leigheas le fáil ar gach fadhb agus gach ainnis dhaonna, ach amhain teacht i láthair an Chneasaí Dhiaga, ár dTiarna Íosa Críost, san urnaí agus sna sacraimintí. Eisean a dúirt: ‘Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa’ (Apacailipsis Eoin 3:20). Isteach linn ina theach! Ligimis dó a dhraíocht a oibriú ionainn, leigheas a thabhairt dúinn, talithá cúm a rá linn, beatha nua a bhronnadh orainn. Amen.

Tolkien, ach meafar, im’ thuairim féin, na tithe leighis san fhinscéal eipiciúil seo do thrí rud: (i) an Eaglais: – áit ina aimsítear fothain ó fhórsaí uafásacha an oilc, tearmann ón chath spioradálta fíochmhar. Taobh istigh, tá cumhachtaí neimhe ar fáil a mhaolaíonn ár bpianta, a leigheasann ár gcneácha, a thugann ar ais dúinn ár sláinte. (ii) sacraimint na haithrí ina bhfuil an nimhíoc (antidote) athelas tugtha mar ghrásta osnádúrtha dúinn a shlánaíonn ón olc sinn agus a thugann ar ais dúínn sláinte mhórálta, spioradálta. (iii) an Phurgadóir – áit ina mbaintear dínn nó asainn gach rian de nimh an oilc agus an pheaca chun sinn a réiteach don aiséirí agus don chomaoin iomlán buan le Dia i Ríocht na Glóire. Mholfainn cleachtadh beag spioradálta a rinne mé féin agus mé ag léamh na caibidle áille seo: dul isteach sna tithe leighis, trí mheán na samhlaíochta, tearmann urnaithe a

Tomhas an Timire: 172

1

2

3

4

5

6

7

8

Tá ard-eaglais Lios Mór, Co Phort Láirge tiomnaithe don naomh seo. Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil: Sceach, féar, torr, cruithneacht, arbhar, biatas, craobh, bláth

Scriobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 20 Meitheamh, 2013. Tomhas 171: Freagra: Proinsias Buaiteoir: Pádraig Ó Cuinneagáin, Garraí Mór, Béal Átha na hEach, Co an Chabháin


24

Timire

Gael Linn 1953-2013 Máiréad Ní Chinnéide Trí scór bliain ó shin a bunaíodh an eagraíocht Gael Linn. Cé go raibh stát neamhspleách ann le breis agus tríocha bliain chonacthas dona lán, a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge, gur beag a bhí á dhéanamh chun an Ghaeltacht a tharrtháil agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Agus é ag obair i gClólann Fleet i mBaile Átha Cliath chuir Ciarraíoch óg, Dónall Ó Móráin, aithne ar Shéamus Mac Crosáin, arbh as Inis Eoghain dó, agus a raibh saineolas aige ar reáchtáil linnte peile. Chuir siad plean le chéile chun linnte a bhunú le hairgead a dhéanamh a bheadh chun leasa na Gaeilge. Ba bhall Ó Móráin den eagraíocht ollscoile, an Comhchaidreamh, agus é ina stiúrthóir ar iris an Chomhchaidrimh, Comhar, a raibh Roibeard Mac Góráin ina eagarthóir air. Is faoi choimirce an Chomhchaidrimh a cuireadh tús le linnte Gael Linn. Ceapadh cúigear iontaobhaithe chun féachaint chuige go gcaithfí an t-airgead go stuama ar chur chun cinn na Gaeilge - Máire Bhreatnach, Máirtín Ó Cadhain, Aodhagán Brioscú, Seán Ó Síocháin agus Dónall Ó Móráin. Ceapadh Mac Góráin ina bhainisteoir ar Gael Linn, Mac Crosain ina leasbhainisteoir agus Clár Ní Dhuigneáin a bhí fostaithe cheana féin ag Comhar ina rúnaí. Go luath ina dhiaidh sin fostaíodh Pádraig Ó Baoighill ó Ghaeltacht Thír Chonaill, a rinne cion fir chun linnte Gael Linn a leathnú ó thuaidh. Bunaithe ar chluichí sacair Shasana a bhí na linnte a bhí in Éirinn go dtí sin

Timire Oifig Gael Linn ar Shráid Grafton sna 1960í

ach cinneadh linnte Gael Linn a bhunú ar na cluichí Gaelacha, rud a chuidigh go mór chun suim sna cluichí Gaelacha a leathnú. Léirigh an pobal an-bhá leis an smaoineamh agus bhí baill Chonradh na Gaeilge agus Chumann Lúthchleas Gael, ach go háirithe, gníomhach ag clárú ball agus ag earcú timirí le dul ó dhoras go doras ag bailiú scillingí don Ghaeilge. Cuireadh tús le linnte Gael Linn Dé Domhnaigh 3 Bealtaine 1953. Is beag airgead a rinneadh an chéad dá bhliain ach de réir a chéile leathnaigh an bhallraíocht ar fud na tíre, a bhuí cuid mhór leis an chlár raidió maidin Luain ar a léití amach torthaí an chomórtais agus ar a seinntí ceol Gaelach agus amhráin Ghaeilge. Faoi dheireadh 1954 bhí £3000 sa bhanc agus an bhliain dár gceann bunaíodh Amharclann an Damer1, agus cuireadh tús le scéim na scoláireachtaí trí mhí, scéim a lean ar aghaidh go 2002 agus a thug deis do na mílte daltaí scoile bunús maith Gaeilge a fháil sa Ghaeltacht. Éacht do-chreidte an dul chun cinn a rinne Gael Linn sa dara leath de na caogaidí. I 1956 cuireadh tús leis na gearrscannaín nuachta, Amharc Éireann a thug an Ghaeilge isteach i bpictiúrlanna Rank ar fud na tíre agus a lean go dtí gur chuir an teilifís deireadh lena leithéid. Cuireadh bonn faoi ghnó ceirníní Gael Linn a thuill clú idirnáisiúnta ina dhiaidh sin agus tugadh faoi scéimeanna móra sa Ghaeltacht, i gCarna i gConamara agus i dTeileann i dTír Chonaill. Cuireadh tús le comórtais dhíospóireachtaí sna scoileanna atá ar siúl go fóill agus bunaíodh meánscoil i nGaeltacht Mhuigheo. Faoi thús na

1. Tá stair na hamharclainne le fáil in An Damer: Stair Amharclainne le Mairéad Ní Chinnéide (Gael Linn 2008)

Dónall Ó Móráin, bunaitheoir Gael Linn

Uachtarán na hÉireann Mícheál D Ó hUiginn agus Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeanach Gael Linn le ceoltóirí óga roimh Siansa Gael Linn 2013 sa Cheoláras Náisiúnta

seascaidí bhí an chuma air nach raibh rud ar bith nach bhféadfadh Gael Linn tabhairt faoi agus chuir na scannáin Mise Éire (1961) agus Saoirse? (1963) agus ceol Sheáin Uí Riada lena chlú. Bhí an-iomrá freisin ar na scannáin teagaisc, Christy Ring agus Peil agus ghnóthaigh gearrscannáin eile a rinne Louis Marcus gradaim idirnáisiúnta. I 1962 rinneadh comhlacht teoranta de Gael Linn agus d’éirigh Ó Móráin as a phost i gClólann Fleet chun bheith ina bhainisteoir air. Sna blianta ina dhiaidh sin thug Gael Linn faoi roinnt fiontar gnó chun cur lena ioncam, ina measc hallaí Bingo a lean go 2000. Freisin sna seascaidí thosaigh an Stát ar deontas bliantúil a sholáthar do Gael Linn, deontas atá á chur ar fáil go fóill. Sna seachtóidí d’oscail Gael Linn dhá

25

choláiste samhraidh a bhfuil an-tóir orthu fós. I 1978 beartaíodh deireadh a chur le linnte Gael Linn agus crannchur nua míosúil, Cairde, a mbeadh costais riaracháin níos ísle air, a chur ina n-áit. Ag an am céanna aistríodh ceannáras Gael Linn ó Shráid Grafton, mar a raibh sé ó 1959, go dhá theach Seoirseacha i gCearnóg Mhuirfean. Faoin am sin bhí an fhéile do dhaoine óga, Slógadh a thosaigh i 1969, ag dul ó neart go neart agus bhain barr buaice amach le linn na n-ochtóidí le hurraíocht fhial ó Aer Lingus agus ó Bhanc na hÉireann. Thug Slógadh ardán dona lán ceoltóirí cáiliúla, leithéidí Clannad agus Hothouse Flowers. I 1984 fuair fochomhlacht de chuid Gael Linn conradh ó Roinn na Gaeltachta chun nuachtán nua Gaeilge, Anois, a fhoilsiú. Nuair a bunaíodh an Crannchur Náisiúnta i 1988 ba bhuille é do theacht isteach Gael Linn ón chrannchur Cairde agus tugadh faoi sheifteanna eile chun cur lena ioncam. An bhliain chéanna, agus Ó Móráin in aois phinsin, ceapadh Brian Mac Aonghusa ina phríomhfheidhmeannach. Herman Ó Briain a ceapadh ina dhiaidh i 1996 agus i 2002 ceapadh Antoine Ó Coileáin. I 2002 cuireadh deireadh le Slógadh ach leanann Gael Linn ag cothú suim an aosa óig sna healaíona Gaeilge leis an chomórtas Siansa do ghrúpaí traidisiúnta agus féilte Coirm do bhunscoileanna. Éiríonn leis an fhoireann bheag atá lonnaithe sa Cheannáras i Sráid an Dáma agus san oifig in Ard Mhacha mórchuid scéimeanna oideachasúla a reáchtáil thuaidh agus theas. Faoi láthair tá a bhfuil i ndán do na scéimeanna sin ag brath go pointe ar na socruithe maoinithe a dhéanfaidh Foras na Gaeilge ach is maith ann do Gael Linn an t-ioncam neamhspleách atá aige as a fhoinsí féin. Go maire sé an céad.


26

Timire

Timire

Machnamh Máthar

Dánta

Ralph de Prendergast

An Paidrín Bríd Dáibhís

Lúcháir go h-éag an feic tú, Mo mhac mhuirneach Ag déanamh suas ar an altóir, Do cheann crom agat Dála lus an chromchinn, Agus do chuisleanna fillte trasna do bhrollach agat Amhail mhainchín, Ar tí glacadh do chéad Chomaoineach Naofa. Aoibh áthasach ar d’aghaidh lán-álainn ainglí, Solas díograiseach id’ shúile is ar gheanmnaíocht An sneachta séidthe. Ach im’shuí anseo ar mo bhinse, (Agus is ar mo chroí bog féin atá an locht,) Is searbh-mhilis iad mo smaointe, Agus tá linn ar mo shúile le tocht, Gur i ngan fhios dom d’imigh na blianta, Ó chothaigh mé thú ar m’ucht. Ach ainneoin sin is uilig, a Íosa, Mo bhuíochas Leatsa, ní bocht, De bharr Do grá-sa as cuimse dom’ lao-se, ‘S gur lena thaoibhse a luífidh Tú anocht.

Agus saothar an lae thart Chuir na fir caoi orthu féin, Bhain an chré dá mbuataisí Agus an tuí dá nglúine Nigh na mná a lámha; Fuair naprúin úra. Tógadh le cúram Na paidríní cré as poll a’ bhaic Agus tugadh aghaidh ar an gcluanóg. Thíos ar bhruach na coille a bhí sé; Cúinne beag faoi bhun fáibhile, A géaga láidre ina mbrat foscaidh dóibh. Tá An Paidrín mar ainm air ó shin. Chuaigh an bhuíon bheag ar a nglúine; Cead suí ag na gasúir; beirt nó triúr Ag maíomh a dtréine gan suí. Hataí agus caipíní á mbaint. Seal Cháit leis an urnaí a stiúradh. Iarrann cabhair Dé le Fíor na Croise. Leanann an ghuí i bhfriotal bog íseal; An monuar mín mar thúis ag éirí anairde. B’in é an cleachtadh i ré dhearóil ár muintire Anseo sa Mhí agus Éilís ag leathnú a himpireachta: An tAifreann crosta, na sagairt ina dteifigh Is an máisitir scoile ina ropaire.

Don Spiorad Naomh An Spiorad Naomh umainn, Ionainn agus againn; An Spiorad Naomh chugainn Go dtaga, a Chríost, go tobann.

Maol íosa ó Brolcháin, 1110AD

27

Haiku: más é do thoil é! Ar lean ó eagrán an earraigh, 2013 Gabriel Rosenstock Lá amháin cad a chonaic Issa, máistir haiku, ach gé fhiáin. Chum sé an haiku seo ar an toirt:

a ghé fhiáin cén tús a bhí le d’aistear? Ní thosaíonn an haiku le ceannlitir, le A mór. Cén fath? Mar níl tús ná deireadh le haiku dáiríre. Caithfidh tusa an rud a bhí ann roimhe sin agus an rud a tharla ina dhiaidh sin a shamhlú. Cad as ar tháinig tú? Sin í an cheist a chuireann Issa ar an ngé. Simplí go leor, nach bhfuil? Creid é nó ná creid ní fheiceann mórán daoine na rudaí atá díreach os a gcomhair in aon chor; ní fheiceann siad i gceart na rudaí atá os a gcionn in airde, ná na rudaí atá díreach thíos fúthu. Múinfidh haiku duit conas iad a thabhairt faoi deara agus beidh tú buíoch den haiku gur thug sé an bua iontach sin duit – níos mó agus níos mó den saol seo a fheiceáil, is a chloisteáil, is a bholú, is a mhothú!

Lá eile chonaic Issa féileacán: croí éadrom ag eitilt tríd an saol seo… féileacán bánghorm Nach deas é sin? Bhí gé againn, gé fhiáin, agus anois tá féileacán againn, féileacán bánghorm. Sa leabhar seo, buailfidh tú le hainmhithe agus le héin – agus le feithidí beaga! Tar éis duit na haiku atá sa leabhar seo a léamh agus a athléamh, beidh meas agat ar fheithidí beaga, ar phéisteanna, ar sheilidí! Ní shiúlfaidh tú orthu go deo arís. Beidh tú cúramach agus tú amuigh ag spaisteoireacht nó ag spraoi. Beidh meas agat ar an domhan agus ar gach rud beo, mar tá rudaí eile ag spraoi chomh maith. Feicfidh tú go bhfuil a áit féin ag gach aon rud i slabhra iontach na beatha. Cuid den slabhra sin is ea tusa chomh maith!

Sliocht as an leabhar ‘Haiku: más é do thoil é!’ le foilsiú amach anseo. Le caoinchead An Gúm.


28

Timire

29

Im Leabharlann dom Seán de Fréine

Ó Bhile go Bile Máire Wren

Coiscéim 42 lch €8

Guth eile ón tuaisceart, ó Ghaoth Dobhair an iarraidh seo. Céad fáilte roimpi. An-chumas ag Máire chun cur síos ar eachtrái atá glé ina cuimhne óna hóige. Is maith mar a chuireann an saol sin in athbheo d’éinne a raibh de ádh orthu a macasamhail a bhlaiseadh. Dán ar fheabhas is ea Cromadh na hAoise, ina gcuireann sí síos ar shaol agus ar shíorshaothar a hathar agus é i mbláth a fhoirfeachta: ‘ba dhealbhóir thú ar chaorán mónadh…Ba dhamhsóir thú i gciubhreann órga coirce, / tú ag válsáil leis an speal…[nó] ag treabhadh fríd iomairí an chruatain / ar bhreacladh bheag de thalamh screabhach scrathach.’ Mar an gcéanna, sa dán grámhar mothaitheach dá Máithrín. Ansin, tógann sí de láimh muid lenár dtreorú trí Shráideanna Londan, chun rudaí a thaispeáint dúinn a chuirfidh

athrú corraitheach poirt orainn. Léiríonn sí a chontrárthacht ar fad de shaol dúinn anois: ‘Ar stáitse na sráide ag Waterloo Bridge / tá Champagne Charlie agus a chairde / ag diúrnadh ar bhuidéal Buckfast…/ áilleog cheoil acu agus chorr choiscéim damhsa.’ Focal amháin a mholfainn don fhile breá seo, agus do gach file óg, na clíséithe a sheachaint. Is gnó don fhile seanrudaí a rá ar bhealach úr (ionas go bhfeicfidh muid iad as an úire), agus na hiontaisí atá ceilte ar ár bhformhór a léiriú dúinn den chéad uair trí na fachailí a bhaint dár súile. Ní féidir é seo a dhéanamh má théann an file i muinín seanfhocail sheanda nó i mbun cora cainte nach gcorraíonn muid feasta. Ní ceart tabhairt faoi fhíon úr na filíochta a chur i seithí seanráití. Téigí i mbun bhur n-iomas gréine féin: ligigí do ‘chapaill rása do samhlaíochta’ (Ar an Trá Fholamh) sibh a scaoileadh ó na seanlaincisí, idir théarmaí agus téama. Feiceann tú Clann Lir i Londain áit nach bhfeiceann an chuid eile againn ach ealaí ag snámh ar an Serpentine. Ar aghaidh leat. Éalaigh leo.

Dánta agus Dánta Eile Colm Breathnach

Coiscéim 45 lch €8

File cruthanta é Colm. Tá sé leabhar foilsithe aige cheana, óna chéad cheann, ‘Cantaic an Bhalbháin’, in 1991. Tá sé faoi réir ag éilimh thiarnasacha na cruthaitheachta, agus is maith dúinn go bhfuil, ós iad a dtoradh an saothar seo, an seachtú leabhar sa tsraith uaidh. Dánta atá spárálach focal tríd síos atá anseo, agus rud suntasach – go bhfuil

an-chuid spraoi á nochtadh aige iontu. Níl postúlacht ina chuid dánta, mar is léir ó Crann, dán ina léiríonn sé a bhreith (mar dhea) ar chúpla file eile dár linn, agus ina dtugann sé an chraobh don tríú duine, nuair a deireann sé, ‘Davitt Havitt’. Rud a thagann leis an meas atá aige ar Michael Davitt, dála an scéil, mar atá nochta aige cheana in Pócaí Folmha sa chnuasach níos túisce leis, ‘Chiaroscuro’, dán ina dtugtar chun cuimhne dúinn an líne dhiablaíochta áiféise sin le Davitt, ‘Mhissáil a chroí bít’. Ní baol go ndéanfar den údar seo ‘cancrán a ligeann béic cois canálach / ar ógánaigh ar lá múitseála’ (An Lacha) nuair ba ceart dóibh bheith ar scoil. Roinneann sé a chuid grinn agus galamaisíochta orainn le peann fial fáilteach. Cinnte. Gan amhras ar bith.

Duanaire an Chéid

Gearóid Denvir, eagarthóir agus roghnaitheoir

Cló Iar-Chonnachta 250 lch €15

Chun tús na mílaoise a chomóradh sa bhliain 2000, d’fhoilsigh Cló Iar-

Chonnachta tacar de thrí leabhar, Gearrdhrámaí an Chéid, Duanaire an Chéid, agus Gearrscéalta an Chéid. Ó shin, tá trí athchló ar a laghad curtha ar an Duanaire. Ní nach ionadh go bhfuil tóir leanúnach air. Is léiriú an díolaim seo, nach eol dom a shárú, maidir le saothrú na filíochta Gaeilge ó thús deireadh an fichiú haois. Tá sé gonta, agus cuimsitheach san am céanna. Tá céad dán ann, le cuid de na filí is mo le rá a mhair (agus a mhaireann) thar an tréimhse sin. Tá réamhrá eolach ann leis ag an eagarthóir, ina rianaíonn an fear eagair scéal athbheochan na filíochta i rith na haoise seo caite. Pointe spéisiúil aige ná gur thábhachtaí i bhfad an tréimhse sa dara leath den chéad, nó fiú ó na seascaidí ar aghaidh, ná san chéad chuid den tréimhse. Éinne a bhfuil suim acu san fhilíocht, nó a chleachtann í, b’fhiú dóibh an leabhar seo a fháil, mura bhfuil sé acu cheana. Dhéanfadh sé bronntanas iontach freisin, go háirithe do dhuine thar lear nach mbeadh in ann teacht go héasca ar imeachtaí agus ar churadhghaiscí an ghné seo de nualitríocht na Gaeilge.


30

Timire

Síle Ní Chearbhaill

Léirmheas: Séamas Ó Murchú

Cístí banana le reoán ime líomóide

Dúlra Oileáin Árann Con Ó Ruairc

Cois Lifé Teo, 2011, 192 lch €20

Tá cáil ar Árainn ar fud an domhain ar a lán cúiseanna. Na dúnta móra réamhstairiúla. Na hiarsmaí ó Ré na Manach. An litríocht a bhaineann leis an áit; Synge, Ó Flaithearta, Ó Direáin. Ach tá cáil ar Árainn chomh maith mar gheall ar an dúlra de shaghas faoi leith atá ann. Tagann eolaithe ó chian is ó chóngar chun staidéar a dhéanamh air. Ina measc siúd tá an bitheolaí, Con Ó Ruairc, atá ag déanamh taighde in Árainn le 30 bliain anuas. Sa leabhar breá seo cuireann sé torthaí a shaothair ar fáil don phobal. Is féidir a rá go bhfuil dhá chuid sa leabhar: an téacs, agus na fótagrafanna. Tá an téacs an-teicniúil. Dáirire is mó de thráchtas don eolaí é ná cuntas don ghnáthléitheoir. Mar bharr ar an deacracht aistriúchán ón mBéarla atá sa chuid is mó de, agus é lán de théarmaí nuachumtha. Ní bheadh taithí ag mórán daoine orthu sin. Cuid de na téarmaí a bhíodh ann roimhe seo, tá siad caite amach, is cosúil. Is ait liom go háirithe ‘fionnuisce’ in áit ‘fíoruisce’ (‘fresh water’). Ar an láimh eile de tá na fótagrafanna ar áilleacht ar fad, agus is féidir le gach éinne taitneamh a bhaint astu. Is dócha gur sa chaibidil ar an luibheolas is mó a chuirfidh daoine spéis. D’ainneoin chomh sceirdiúil is atá na hoileáin seo tá an-saibhreas plandaí

agus bláthanna le fáil iontu. Fásann siad go háirithe sna scailpeanna idir na carraigeacha, áit a mbíonn foscadh acu ón ngaoth agus ón sáile. Is é an Dúchosach (‘Maidenhair Fern’) an ceann is mó go mbíonn cuairteoirí ar a thóir. Fásann sé go flúirseach in Árainn agus sa Bhoirinn i gContae an Chláir, ach planda Meánmhara is ea ó cheart. Ar na hábhair eile go bhfuil trácht orthu sa leabhar tá na héin, na héisc, na hainmhithe agus na féileacáin. Ba mhaith an smaoineamh ag an údar é caibidil bheag a chur isteach ar an bhfeirmeoireacht. Tríd is tríd is í an fheirmeoireacht thraidisiúnta atá ar siúl fós ar na hoileáin seo, rud atá go maith don dúlra agus don duine araon. Tá súil agam go spreagfaidh an leabhar seo breis daoine chun spéis a chur sa dúlra agus sa timpeallacht, ní amháin in Árainn ach i ngach áit in Éirinn.

**COMÓRTAS**

Cuirfear cóip den leabhar seo go dtí an chéad duine a fhreagróidh an cheist seo:

Cén naomh a bhunaigh mainistir in Árainn sa 6ú haois? Freagra ar chárta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain, Baile Átha Cliath 2

Taitníonn an t-oideas seo go mór liom, go háirithe ag an am seo den bhliain. Tá sé éadrom agus cuireann sé an ghrian i gcuimhne dom i gcónaí, fiú mura bhfuil sí ag taitneamh. Is fuath liom bia a chur amú, go háirithe torthaí agus glasraí, ach ní thaitníonn bananaí dubha liom. Is bealach iontach é seo chun úsáid a bhaint as na bananaí sin atá ag éirí dubh. Ní hamháin go gcoimeádann na bananaí na cístí seo deas tais ach tá siad go maith duit freisin. Tá bananaí lán de photaisiam a chabhraíonn le feidhmiú na matán sa chorp, go háirithe an croí. Is féidir na cístí seo a ithe gan an reoán má tú ag iarradh gearradh siar ar an méid calra a itheann tú, ach cuireann sé go mór leo. Is féidir sú líomóide a chuir isteach sna cístí in áit an úscra fanaile más fearr leat blas líomóide níos láidre.

Comhábhair

100g margairín 100g siúcra mionaithe 2 ubh bhuailte Cúpla braon d’úscra fanaile (vanilla essence) 2 bhanana 150g plúr éiritheach Reoán: 100g ime 200g siúcra reoáin Forchraiceann (zest) liomóide amháin 2 bsp sú liomóide Modh: 1. Réamh-théigh an t-oigheann go 190c/ gasmharc 5 2. Cuir na cásanna páipéir sa stán pióige. 3. Measc an siúcra agus an t-im le chéile

go dtí go mbíonn siad éadrom agus clúmhach (fluffy). 4. Cuir isteach na huibheacha de réir a chéile agus buail an meascán go maith . Cuir isteach an úscra fanaile. 5. Bain an craiceann de na bananaí agus brúigh le forc iad. Cuir leis an meascán iad. 6. Cuir isteach an plúr agus measc go maith. 7. Líon na cásanna ag baint úsáide as dhá spúnóg. 8. Chuir san oigheann iad ar feadh 15-20 nóiméad. 9. Fad is atá na cístí ag fuarú déan an reoán. Measc na comhábhair ar fad le chéile i mbabhla agus cuir an meascán isteach i mála reoáin . Nuair atá na cístí fuar maisigh iad leis an reoán.


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin – féach leathanach a dó An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí

Intinní an Phápa Meitheamh 2013 Go mbuanaítear cultúr i measc na náisiún den chomhphlé, den chomhéisteacht agus den chomhurraim. Iúil 2013 Go dtuga Lá Domhanda na nÓg, atá á cheiliúradh sa Bhrasaíl, spreagadh don uile Chríostaí óg bheith mar dheisceabal agus mar mhisinéir ar son an tSoiscéil. Lúnasa 2013 Go gcuidí tuismitheoirí agus múinteoirí le glúine úra fás in inmhe le consias ionraic agus lena saol a chaitheamh dá réir. Meán Fómhair 2013 Go n-athaimseoidh daoine ár linne, atá go minic báite i dtorann, luach an tosta agus foghlaim conas éisteacht le guth Dé agus lena siúracha agus bráithre.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.