Timire
Foilseachán Íosánach
Geimhreadh 2013 / 2014
an Chroí Ró-naofa E3.75/Stg£3.25
Comórtas Grianghrafadóireachta n Alt nua le Peter McVerry Dearcadh pearsanta ar an Camino n Lá Domhanda na nÓg n Haiku!
Nollaig faoi Shéan agus faoi Mhaise dár Léitheoirí Uilig
2
Timire
Eagarfhocal Intinní an Phápa agus Aspalacht na hUrnaí – céard iad féin? Céard atá ag déanamh tinnis don Phápa? Nó an ‘ag déanamh tinnis’ na focail chuí ar chor ar bith? Céard iad mhianta a chroí nuair a bhíonn sé ag urnaí? Is cosúil gur máthair thrócaireach an tsamhail de Eaglais Chríost is ansa leis, agus go bhfuil uaidh go mbeimis somhaiteach, trócaireach lena chéile mar phobal. Má bhreathnaímid ar ‘Intinní an Phápa’ san eagrán seo feicimid na briathra ‘grá do leanaí a d’fhulaing tréigean is foréigean’, ‘urraim do na sinir is do gach cine’, ‘aontacht idir Chríostaithe’, ‘comhoibriú idir an tuathphobal, lucht oird rialta is an chléir’ agus ‘ullmhú do theacht Chríost’. Tá na hintinní seo dírithe ar shláinte an chine daonna is ar shláinte Phobal Dé sa chiall is leithne den bhfocal ‘sláinte’. An mhaith is an maithiúnas, téann siad lámh ar lámh lena chéile. Bhí sé de thuairim meáite ag Iognáid Loyola, bunaitheoir na nÍosánach nó Cumann Íosa gur ag an bPápa is fearr a bheadh fios céard é an rud is mó a raibh an Eaglais, Pobal Dé, ina ghá ag am ar bith. Thiar sa mbliain 1844, cuireadh tús le hAspalacht na hUrnaí le Pobal Dé a spreagadh le bheith ag guí, ní ar a shon féin amháin ach ar son maith na hEaglaise / Pobal Dé. Agus ní ar son maith Phobal Dé amháin, ach ar son a raibh de shuáilcí de dhíth ag an chine daonna le maireachtáil go slán sábhálta ar an gcruinne bheag seo againne. Paidreacha an phobail a nascadh le hobair aspalda gníomhaithe na hEaglaise, idir chléir is thuathphobal an aidhm a bhí leis an ngluaiseacht. Cinneadh gur ag an bPápa agus acu sin a bhí gar dó a bheadh cúram focail a chur ar na ‘hintinní’ a churifí os comhair Phobal Dé mar ábhar a n-urnaí go míosúil. Cinneadh chomh maith go n-iarrfaí orthu a raibh siad ag déanamh is a raibh ag tárlu dóibh a ofráil is deichniúr den phaidrín a rá go laethúil ar son intinní na míosa sin. Chomh maith leis sin, gheallfadh siad go nglacfadh siad Comaoin uair sa mí ar son na n-intinní céanna. Frainc Mac Brádaigh SJ
Grianghraf ar an gclúdach: ©Dermot Kelly
Timire
3
Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 6 8 10 12 14 15 16 18 20 22 24 26 28 30 32 34 35
Dearcadh Pearsanta ar an Camino Tomás Ó Ceallaigh Comórtas Grianghrafadóireacht Naomh Gobnait An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Bualadh le Dia trí ghasúir bhochta Peter McVerry SJ Dara Teacht an tSlánaitheora An tAthair Ciarán Ó Cróinín, OFM Haiku, más é do thoil é! Gabriel Rosenstock Dánta agus Tomhas An Eacnamaíocht agus Dínit gach duine Peadar Kirby Nach sna Mionsonraí atá an Diabhal? An tUrramach Gary Hastings Iontas na Nollag Éamon Mac Suibhne Ní Deireadh Ré ach Aiséirí Éamonn Ó Murchú title Gerard Gallagher Testament of Mary , léirmheas Siobhán McNamara Oilithreacht, léirmheas Seán de Fréine An Spioradáltacht Iognáideach Brian Ó Laoire SJ Tóg go bog é agus glac do scíth Pádraig Ó Fatharta Torthaí an tSuirbhé Cúinne na Cócaireachta Síle Ní Chearbhall
Ar dheis Dé: Micheál Ó Breartúin. An tAthair Micheál Ó Mainnín. Sr. Magdalena Frisbí.
Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí síad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2 Guthán: 01 7758502 r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Tomás Ó Ceallaigh Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Nic an Príora Tomás Ó Ceallaigh Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas
B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 454 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Samhain 2013 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13
Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: An Timire f/c Dónall Ó Conaill 92 Bóthar Seannaigh Ráth Eanaigh Baile Átha Cliath 5 Guthán: 087 2359198 r-phost: donall.oconaill@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624
4
Timire
Timire
5
Ábhair mhachnaimh ar an Camino de Santiago Tomás Ó Ceallaigh
Ní thagann na deora go héasca dom, ach tháinig siad ina thuilte ar an dara lá de mo shiúlóid ar an Camino de Santiago nuair a tháinig mé ar chrois bheag bhídeach ar an mbóthar amach as baile beag Roncevalles. Greanta ar an gcrois mhiotail bhí na focail seo: Rosanna di Verona, 2006, Fin de Camino. Is dócha gurbh í simplíocht na bhfocal a chuaigh i bhfeidhm orm. Go ndéana Dia grásta ar Rosanna di Verona. Díreach cosúil liom féin, táim ag ceapadh gur fhág sí a baile dúchais lán de dhíogras chun tabhairt faoin gCamino iomráiteach. Ar nós go leor siúlóirí eile ar an lá úd, bhí sí ag stracadh léi in aghaidh aird in aice le Roncevalles, nuair a tháinig deireadh tobann leis an gCamino do Rosanna. Ag an bpointe céanna tháinig deireadh lena turas ar an domhan seo. Tá ábhair mhachnaimh den tsórt seo an choitianta go deo ar an gCamino. Don té atá ag siúl, tá dhá rud fliúrseach ann – Spás agus Am. Cibé grásta agus spiorad atá fite fuaite leis an oilithreacht ársa seo, tá deis acu luí isteach ar do anam agus tú ag déanamh do bhealach le do mhála droma agus do bhataí siúil. Is cuimhin liom lá brothallach
eile agus mé ag dul suas le haill ar mo bhealach isteach go cathair mhór Burgos. Tháinig mé ar leacht cuimhneacháin do tríocha duine a maraíodh le linn an chogaidh chathartha. Tá an chuma ar an scéal go raibh obair fheabhsacháin ar siúl ar an gCamino cúpla bliain ó shin chun é a leathnú amach, nuair a fríothadh na coirp. Bhí go leor ábhair mhíniúcháin crochta suas sa láthair, ina measc páinéil sa Spáinnis ag soiléiriú cén fáth gur maraíodh daoine san áit seo sa mbliain 1936. Buíochas le Dia, tá Spáinnis agam agus bhí suim agam gach focal ar na painéil seo a léamh. Le linn dom tabhairt
An bhliain seo caite, rinne 1,270 Éireannach an Camino Francés, an bealach is mó a bhfuil tóir air faoi mo léamh agus mo staidéar, tháinig scata Meiriceánaigh óga agus fuadar futhu, ar an láthair. “Hey, there’s the monument – another 20k to Burgos”, a bhéic duine amháin agus ar aghaidh leo. Ní raibh suim ar bith acu sa leacht nó sa Stair nó sa gCogadh Cathartha. Is cuimhin liom smaoineamh gránna ag borradh ionam: “ Ar ndóigh, ní duine den tsórt sin mise ar chor ar bith – fear ilteangach le Spáinnis, a bhfuil suim aige sa stair agus i gcúrsaí cultúrtha”. Ag an bpointe seo tháinig grásta an
Caption
Camino anuas orm. Ar nós ga ag dul trí m’intinn. Ga an ghrásta, d’fheadfá a rá. Rith sé liom go raibh na leaid óga seo ag déanamh a n-oilithreacht ar a mbealach féin. Ba dhúshlán aclaíochta dóibh é agus nach raibh an ceart iomlán acu dul lena mianta féin? Ní cúrsaí staire nó teanga an sprioc a bhí acu ach an méid cileaméadar ab fhéidir a dhéanamh gach aon lá. Nach suarach agus nach sprionlaithe an té a mbeadh focal amháin diúltach le rá aige fúthu? Níl amhras ar bith orm ach gurb é spiorad diamhrach an Camino a mhúch an smaoineamh gránna a tháinig aníos ionam ar dtús nuair a chonaic mé na leaid óga agus a chruthaigh an léargas séimh a tháinig ina áit.
An bhliain seo caite, rinne 1,270 Éireannach an Camino Francés, an bealach is mó a bhfuil tóir air. Ar mo thuras féin le déanaí, d’éirigh liom 510 ciliméadar a dhéanamh agus tá thart fá 270 ciliméadar romham amach an chéad bhabhta eile, chun é a chríochnú. Is cuimhin liom go maith rud a dúirt bean ón nGearmáin ar bhuail mé léi ar an mbóthar. Don té a bhfuil a fhios aige go bhfuil an oilithreacht ársa seo ann, dar léi, tagann an pointe feiliúnach chun tabhairt faoi. “The Camino calls”, a dúirt sí liom. Cinnte, glaonn an Camino ar breis is míle Éireannach gach bliain agus tá súil agam féin go mbeidh mé arís ar an mbóthar le mo bhataí siúil sar i bhfad.
Foclóirín: Oilithreacht: pilgrimage; Greanta: inscribed; Ag soiléiriú: making clear; Sprioc: goal.
Timire
7
Grianghraf ar: ©Dermot Kelly
Timire
Grianghraf ar: ©Tom Kelly
6
Comórtas Grianghrafadóireachta
Na duaiseanna?
n Dhá rannóg – faoi, agus os cionn, ocht mbliana déag d’aois.
Tá dhá rannóg sa gcomórtas: (1) Dóibh siúd atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois. (2) Dóibh siúd atá os cionn ocht mbliana déag d’aois. Sa rannóg (1) thuas, beidh dearbhán leabhair ar fiú e60 é, mar chéad duais. Beidh dearbháin ar fiú e10 iad, mar fhodhuaiseanna do cheathrar iontrálaí eile. Sa rannóg (2) thuas, beidh dearbhán leabhair ar fiú e60 é, mar chéad duais. Beidh dearbháin ar fiú e10 iad, mar fhodhuaiseanna do cheathrar iontrálaí eile. Déanfaidh coiste eagarthóireachta An Timire an breithiúnas ar an gcomórtas. Ní ghlacfar le comhfhreagras maidir le cinntí an choiste.
n Glactar le cóipeanna crua nó leaganacha digiteacha jpeg.
An bhfoilseofar saothar na mbuaiteoirí?
Spriocdáta: Eanáir 17, 2014
Téama: An Geimhreadh n Duaiseanna breátha!
n Is féidir le gach iontrálaí trí phictiúr a chur isteach. n Eanáir 17, 2014 an spriocdáta le haghaidh iontrálacha. n Foilseofar na pictiúir is fearr in eagrán an Earraigh den Timire. An gceapann tú go bhfuil féith na grianghrafadóireachta agat? Nuair a fheiceann tú grianghraif in irisí nó i nuachtáin, an ritheann an nóisean leat go mbeifeá féin in ann pictiúir níos fearr a thógáil? Bhuel, seo é do sheans. Is é “An Geimhreadh” téama an chomórtais. Breathnaigh ar na grianghraif shamplacha anseo – is féidir cur chuige ar bith a bheith agat, fad is atá nasc ag d’obair ar bealach éigin leis an nGeimhreadh. Is féidir díriú isteach ar dhaoine, ar an aimsir, ar an tírdhreach, ar chathracha agus bailte, ar an nadúr nó pé ábhar ar bith eile a thaitníonn leat.
Feicfear obair na mbuaiteoirí in eagrán an Earraigh den Timire.
Cá seolfaidh mé mo phictiúir?
Is féidir na grianghraif a chur chuig an seoladh ríomhphost seo: antimire@gmail.com Íomhanna ardtaifigh atá i gceist – thart fá 300 ppi. Ba cheart do na comhaid a bheith níos mó ná 1 Mb. Má tharlaíonn sé nach bhfuil do chuntas ríomhphost in ann déileáil le comhaid den mhéid sin, cinnte glacfar le comhaid atá níos lú. Nó, is féidir cóipeanna crua a sheoladh chuig: An Timire, 37 Sráid Líosáin Íocht, Baile Átha Cliath 2. Ná déan dearmad gurb é trí phictiúr an méid is mó is féidir le duine amháin a chur isteach. Is é Eanáir 17, 2014, an spriocdáta le haghaidh an chomórtais. Is oth linn a rá nach féidir aon saothar a fhaightear tar éis an spriocdáta a chur san áireamh sa gcomórtas. Foclóirín: Íomhánna ardtaifigh: high resolution images; Spriocdáta: deadline
8
Timire
Timire
9
Gobnait Bhaile Mhúirne An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla
Sa seachtú aois tháinig bean darb ainm Gobnait ‘ó áit i bhfad i gcéin’ go hiarthar Chorcaí agus chuir sí fúithi i mBaile Mhúirne i ndúiche Mhúscraí. Thóg sí clochar i nGort na Tiobratan i ngar do abhainn an tSuláin agus ó shin i leith bíonn oilithrigh ag triall ar scrín Ghobnatan ó cheantar Mhúscraí agus ó áiteanna níos faide i gcéin. Tá tagairt do Ghobnait (tá leaganacha éagsúla ar a hainm) dá scrín agus dá féile i mBeathaí na Naomh agus i gcuntas ón 18ú aois ar Chontae Chorcaí. Tugann na foinsí scríofa sin le fios dúinn go raibh sí ina máthairab i gclochar i mBaile Mhúirne agus go raibh a lá féile ar an 11ú Feabhra. Is ón mbéaloideas a fhaighimid gach eolas eile ina taobh. De réir an tseanchais ní i ndúiche Mhúscraí a rugadh Gobnait. Tháinig sí ó ‘áit i bhfad i gcéin’. Is amhlaidh a dúradh léi i bhfís taisteal go dtí go bhfeicfeadh sí ‘naoi gcinn d’fhianaibh bána’ agus gur ansin a bheadh ‘port a heiséirí’. Tá dhá leagan ar a turas go Baile Mhúirne. Deir an leagan Ciarraíoch gur tháinig sí i dtír i bFionntrá . ‘Sí Gobnait pátrún Dhún Chaoin agus ceiliúrtar a lá féile ansin ar an 11ú Feabhra. Tá tobar Ghobnatan i gCathair Saibhín agus ‘Cill Ghobnet’ i gCill Orglan. Creideann muintir Inis Thiar gur chónaigh sí ina measc ar feadh tamaill
tar éis dí teitheadh ó dhuine ar an mórthír. Tá sean-eaglais ar a nglaotar ‘Cill Gradh an Domhain’ agus reilig taobh leis atá bainteach léi. Deirtear gur ansin a nochtadh an fhís di. D’fhill sí ar an mórthír, chas ‘ar deiseal’ agus lean uirthi gur shroich sí Baile a Ghrán in aice le Ráth Luirc mar a bhfuil tobar beannaithe anois. Sa sean-reilig i gCill Seannaigh in aice le Mala tá tobar toirbhithe do Naomh Abby nó Abigail (leaganacha eile dá hainm?) agus creidtear gur chuir sí an ruaig ar an bplá. Lean sí ar aghaidh gur shroich sí Cluain Droichid i gCo. Chorcaí áit ina bhfaca sí trí cinn d’fhianna bána. Thóg sí sos ansin agus lean sí ar aghaidh arís gur shroich sí Na Cillíní áit ina bhfaca
Thóg sí clochar i nGort na Tiobratan in ngar do abhainn an tSuláin agus ó shin i leith, bíonn oilithrigh ag trial ar scrín Gobnatan… sí sé cinn d’fhianna bána. Chaith sí an oíche ansin agus tá leac Ghobnatan ina seasamh ansin. An lá dár gcionn thrasnaigh sí abhainn an tSuláin agus le luí na gréine chonaic sí naoi gcinn d’fhianna bána ag iníor le chéile. Chuaigh sí ar a glúine agus chaith a céad oíche i nGort na Tiobratan. Thóg sí cillín dí féin agus rinne sí teagmháil le muintir na háite. De réir a chéile tháinig cailíní óga chun cónaithe léi. Thóg sí clochar agus bhunaigh sí cuallacht ban rialta.
Caption
Ionad Oilithreachta
Tógadh Teampall Ghobnatan i lár an séú aois déag agus ar an 12ú Iúil 1601, d’fhógair an Pápa Clement V111, go raibh loghadh speisialta ar choinníollacha áirithe le gnóthú ag an té a thabharfadh cuairt ar Theampall Ghobnatan ar a lá féile, 11ú Feabhra. Thug mórán oilithreach cuairt ar an áit ina dhiaidh sin. Ina measc bhí Dónall Cam Ó Súilleabhain, a tháinig ar Lá Caille, 1603, ar a bhealach go Caisleán Uí Ruairc i mBreifne agus Rinnuccini, Nuinteas an Phápa, i mí Dheireadh Fómhair 1645, ar a bhealach chuig Comhcheangal Chill Choinnigh. Lean nós na hoilithreachta, fiú i rith ré na
bpéindlithe, agus sa lá atá inniu ann is beag lá nach bhfeictear daoine ag déanamh Turas Ghobnatan nó ag guí ag a scrín. Léiríonn an phaidir seo, atá scríofa ar an dealbh a tógadh ina honóir, deabhóid na ndaoine. Go mbeannaí Dia dhuit, a Ghobnait Naofa, go mbeannaí Muire duit, is beannaím féin duit. Is chugatsa a thánagh ag gearán mo scéil leat is ag iarraidh mo leigheas ar son Mhic Dé ort. – Ár bPaidreacha Dúchais
Foclóirín: Máthairab: abbess; toirbhirthe do: dedicated to; cuallacht: fellowship/sodality; loghadh: the remission/forgiveness
10
Timire
Timire
11
Is féidir bualadh le Dia trí ghasúir bhochta an domhain Peter McVerry, SJ
An chuid is mó de na cartaí Nollag a fhaighim gach bliain, tá pictiúir de Íosa mar leanbh iontu agus Muire agus Seosamh ag breathnú go ceanúil air, nó b’fhéidir íomhánna cráifeacha eile a chuireann i gcuimhne dúinn an eachtra rí-thábhachtach atá dá ceiliúradh againn. Tugann na híomhánna seo sólás dúinn mar tugtar le fios dúinn go bhfuil grá gan críoch agus gan coinníoll ag Dia dúinn. Seo é an Dia a sheol a aonmhac chun maireachtáil inár measc. Ach an cárta Nollag ab fhearr a fuair mé i mbliana, bhain sé geit asam – pictiúr a bhí ann de ghasúr ón Áis, le cupán folamh ina lámh aige. Ba léir go raibh sé bocht agus go raibh ocras air agus seo é an ceannscríbhinn a bhí leis: “Seo é mo mhac, mo ghrá. Éist leis. (Matha 3 v 17). Bhí an ceannscríbhinn ag tagairt do na focail a tháinig anuas ó neamh, díreach tar éis do Íosa a bheith baiste in abhainn na hIordáine. I bhfad Éireann níos mó ná na cártaí “cráifeacha” eile a fuair mé, labhair an ceannscríbhinn liom faoi bhrí fhírinneach na Nollag: tá Dia, trí Íosa ,tar éis é féin a chur ar chomhchéim linne, daoine daonna. Is féidir bualadh le Dia tríd an ngasúr bocht seo. Ní sna tíortha i gcéin amháin a fheictear gasúir ar caitheadh go
foréigeanach leo agus ar deineadh tréigean orthu. In Éirinn tá taithí agam ar go leor scéalta uafáis maidir le gasúir: páiste naoi mbliana déag d’aois ag maireachtáil ar na sráideanna; buachaill aon bhliain déag d’aois a cuireadh amach ar na sráideanna gach oíche mar striapach chun airgead a thabairt abhaile dá thuistí alcólacha – mura ndéanfadh sé é, bheadh léasadh i ndán dó; buachaill ceithre bliana déag d’aois ar deineadh an doras a bhrú ina aghaidh gach uair a chuaigh sé abhaile – dúradh leis nach raibh fáilte roimhe sa teach. D’fhéadfadh aon cheann de na haghaidheanna seo dul in áit aghaidh
An cárta Nollag ab fhearr a fuair mé i mbliana, bhain sé geit asam… an ghasúir ón Áis sa gcárta Nollag úd. Léann muid scéalta fiú níos measa fós sna nuachtáin: gasúr ar an tsráid sa tSiria, a dhá chos bainte de tar éis pléascadh, gasúir eile agus iad millte agus gortaithe go deo agus gan tuistí acu, toisc gur maraíodh iadsan ag féinmharfóirí le buamaí, na milliúin gasúr ag dul a chodladh ocrach chuile oíche. Cén chaoi ar féidir linn labhairt le gasúir mar seo faoi Dhia uilechumhachtach agus síor-ghrámhar? Mar Chríostaithe, creideann muid go ndírítear an grá atá ag Dia dúinn trí dhaoine daonna eile. Ní féidir linn labhairt faoi ghrá Dé do na gasúir sin a d’fhulaing foréigean nó mí-úsáid nó
ar deineadh iad a thréigean. Níl sé ar a gcumas acu a thuiscint céard tá dá rá againn. Ní hea – caithfidh gurb é muidne féin inár ndaonnacht, grá Dé do na gasúir sin. Bealach amháin atá ann chun grá Dé a phearsanú trínár ndaonnacht féin is ea an t-uchtú nó an t-altramas. Iadsan a uchtaíonn gasúir nó a thógann ar altramas iad, is laochra ár linne na daoine siúd nach dtugtar a dóthain aitheantais dóibh. Go minic, cé go mbíonn brúannaí airgeadais nó pearsanta orthu féin, cuireann siad fáilte ina dteach féin roimh ghasúr anaithnid agus bronnann siad grá, coimirce agus meas ar an ngasúr, rudaí nach mbeadh ar fáil aige nó aici, murach na daoine thuasluaite. Is fiú a rá freisin go dtarlaíonn sé go minic go mbíonn
iompar an ghasúir úd an-dúshlánach. Ní fhéadfadh aon cheo misean Íosa Chríost a thaispeáint ar bealach níos soiléire ná an gníomh seo. “Tháinig mé ionas go mbeadh beatha acu agus go mbeadh sé acu ina iomláine. “ (Eoin 10 v 10). Ba cheart don Eaglais níos mó a dhéanamh chun spreagadh agus tacú le daoine chun gasúir a uchtú nó a thógáil ar altramas. Is é Atrua ár nDia. Chun a fhorbairt inár macashamhail de Dhia, tá orainn ár n-atrua féin a fhorbairt. Na gasúir sin a dteastaíonn ár gcabhair uathu, is iadsan a thairgeann dúinn an deis chun dul chun cinn a dhéanamh i ngrá agus in atrua. Sé sin an bronntanas is mó a d’fheadfadh éinne a thairiscint dúinn. Aistrithe ag Tomás Ó Ceallaigh
Foclóirín: Atrua: compassion; Dúshaothrú: exploitation; aindiúlaigh: t addict; Uchtaigh (briathar): adopt
Intinn Uilíoch an Phápa do mhí na Nollag 2013 Go bhfaighe páistí a d’fhulaing tréigean nó foréigean an grá agus an choimirce a theastaíonn uathu.
12
Timire
Timire
13
Dara Teacht an tSlánaitheora
Ba cheart do Chríostaithe a n-intinní a dhíriú ar dhara teacht an tSlánaitheora, nuair a fhillfidh Críost in iomlán a ghlóire Ciarán Ó Cróinín, OFM
Cuirtear i leith Críostaithe go minic, go bhfuil siad sáinnithe san am fadó, in aimsir an Bhíobla, nó in Aois Órga éigin san am atá caite ar bhreá leo filleadh air. Tá Críostaithe eile ann ar chuma leo an t- am atá caite, a bhfuil a n-aire go h-iomlán ar an am faoi láthair agus ar mian leo treoir Naomh Spiorad Dé a leanúint anois díreach. Ach cá bhfuil na Críostaithe a bhfuil a n-aire ar an dtodchaí, ag fanacht go háthasach, cíochrach le teacht an tSlánaitheora? Má tá Críostaithe dáiríre faoin ndualgas atá orthu an Cine Daonna a ullmhú dá theacht athuair, ba chóir dóibh a bheith soiléir faoi céard atá i gceist. Le haghaidh an chuid is mó de ghnáth – Chríostaithe an lae inniu, tá a n-aire ar cá rachaidh siad taréis bháis, chuig Neamh, (nó Ifreann nó don Phurgadóir), agus an mbeidh sonas síoraí acu. Níl an saol seo ach sealadach; tiocfaidh Críost an athuair faoi ghlóir chun breithiúnas a thabhairt ar gach duine, agus ós comhair gach duine. Ansin cuirfidh sé deireadh leis an Domhan seo, agus leanfaidh sé ar aghaidh. De réir Tom Wright, an diagaire Aingliceánach, chreid Críostaithe ón dtús, go dtabharfadh Dia cúram dóibh
siúd dá chuid a fuair bás roimh an dara teacht, i bParthas. Bheadh orthu fanacht áfach le staid na foirfeachta go dtí go dtiocfadh Críost athuair faoi ghlóir. D’éirigh Críost ó mhairbh in a chorp, agus tá sin i ndán dúinn, ach ní díreach taréis bháis. Beidh orainne Críostaithe fanacht go Lá an Luain, do Aiséirí na Colna. Sa bpictiúr seo, taréis bháis beidh daoine a bhí dílis faoi shuaimhneas, ag tnúth le comhlíonadh na bhfocal atá sa bpaidir, “ Ár nAthair” : go dtaga do Ríocht, go ndéantar do thoil AR AN TALAMH, mar a dhéantar ar neamh. Nuair a thagann Críost athuair, cuirfear deireadh le gach olc ar Domhan: beidh Athcruthú ann le Neamh nua agus Domhan nua, áit a mhairfimid in ár saol aiséirithe.
Do ghnáth-Chríostaithe inniu, tá a n-aire ar cá rachaidh said tar éis bháis – ar Neamh, go hifreann nó don Phurgadóir. Ar theacht Críost ar an domhan arís, beidh deireadh leis MAR IS EOL DÚINN ANOIS É, ach ní hionann sin is go mbeidh deireadh ar fad leis. Cuirfear deireadh le gach olc ar Domhan nuair a thagann plean Dé chun críche san Athchruthú. Cuireann Pól an Domhan lochtach seo-againne ina litir chun na Rómhánaigh i gcomparáid le pianta mhnaoi ag saolú linbh: ‘Is eol dúinn go ráibh an chruthaíocht go léir le chéile go
dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.’ Róm 8.22 ‘. . . sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn, agus go mbeidh ár gcorp fuascailte.’ Róm 8,24 Táimid ag tnúth le Domhan Nua ó Dhia, ach níl ar aigne ag go leor daoine ach a mhalairt: bás an Domhain agus saoirse ó Ghleann seo na nDeor! Ní mór an chabhair an saghas smaoinimh sin chun daoine a ullmhú do theacht ár dTiarna arís. Ag labhairt ag sochraidí is minic nach bhfuil ar ár n-aigne, ach anam an duine do bheith ag dul ar Neamh ar uair a bháis. Tá sé an-deacair
aire dhaoine a chur ar fhocla deiridh an Chré: ‘Táim ag súil le haiséirí na marbh, agus le beatha an tsaoil atá le teacht’. Tá sé níos iondúla go mbíonn daoine ag smaoineamh ar an ‘Suaimhneas Síoraí’ a bhfuil súil acu atá i ndán dóibh féin. Níl an dearcadh seo mealltach do dhaoine nach gcreideann, agus níl sé ró-chabhrach fiú do Chríostaithe, toisc nach bhfuil sé dílis don luach a chuireann ár gcreideamh ar an Domhan seo a chruthaigh Dia dúinn. De réir na scrioptúr, ba chóir nach mbeadh ár n-aire ar an méid atá i ndán dúinn féin díreach i ndiaidh ár mbás, ach ar chomhlíonadh Phlean Dé don Chruthaíocht Uile nuair a fhilleann Críost in iomlán a ghlóire.
Foclóirín: Ag cneadach: panting nó groaning; Sáinnithe: stuck; An Chré: the Creed, mar shampla: Cré an Dáréag = the Apostles’ Creed; Lá an Luain: the Day of Judgement; Leaba luí seoil: bed of childbirth
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí na Nollag, 2013 Go n-ullmhaí Críostaithe, a fuair soilsiú ón Bhriathar i gcolainn daonna, an cine daonna le haghaidh teacht an tSlánaitheora.
14
Timire
Haiku: más é do thoil é! Gabriel Rosenstock
Ar lean ó eagrán an fhómhair, 2013
Tá go leor haikuannaí feicthe againn ag plé le feileacáin; anois díríonn an scríbhneoir, Issa, a aird ar an bpréachán. San fhómhar a chum sé an chéad cheann eile. Tá a fhios againn é sin mar go luann sé cén séasúr é. Samhlaigh gaoth an fhómhair ag séideadh. Féachann Isssa in airde agus cad a fheiceann sé ach préachán:
gaoth an fhómhair an préachán fáin á shéideadh soir siar Tá haiku breá eile aige atá cosúil leis sin:
gaoth gheimhridh níl sé in ann teacht ar nead préachán an tráthnóna An préachán bocht. Caithfidh go raibh an ghaoth sin an-gharbh ar fad. An tSeapáinis atá ar ghaoth gheimhridh ná kogarashi. Tá rud éigin dorcha, garbh, fuar ag baint leis mar fhocal, nach bhfuil? Abair é:
ko-ga-rash-i! Ceithre shiolla atá ann. Arís, tá an-trua aige don phréachán sa dá haiku thuas, nach bhfuil? Tá an ghaoth chomh láidir sin (sa chéad haiku) nach bhfuil an préachán in ann eitilt i gceart ach é á chaitheamh timpeall na spéire mar a bheadh píosa páipéir ann. Sa dara haiku, tá an préachán imithe ar strae ar fad! Tá súil agam nach dtarlóidh sé sin duitse. Fan sa bhaile agus ná bí amuigh nuair a bhíonn an kogarashi ag séideadh! Nuair a bhí Issa ina dhéagóir óg chuir a athair go dtí an phríomhchathair ag obair é, toisc go raibh sé trioblóideach sa bhaile – ní raibh sé ag réiteach lena leasmháthair. Edo ab ainm don phríomhchathair ag an am, Tóiceo inniu. Bhí Issa ar nós an phréacháin thuas, a deir sé ina dhialanna, mar a bheadh éan gan nead. Mac feirmeora ab ea Issa ach níor thaitin obair na feirme leis. D’fhoghlaim sé haiku ó fhile áitiúil, duine darbh ainm Shimpo. Is fearr go mór a thaitin haiku leis ná a bheith ag saothrú sna goirt ríse. Sliocht as an leabhar ‘Haiku: más é do thoil é!’ le foilsiú amach anseo. Le caoinchead An Gúm.
Nollaig Shona le Rafael Requerey
Ba mhaith liom lá éigin go luath crann Nollag ar leith a mhaisiú is in áit bronntanas, ainmneacha mo chuid cairde go léir ag crochadh air. Na cairde gaobhardacha agus na cairde i gcéin. Na cairde ar a bhfuil seanaithne agam agus na cairde úrnua. Iad a fheicim gach lá is iad a fheicim ó am go ham. Iad gur cuimhin liom i gcónaí agus iad a ligim i ndearmad uaireanta. Cairde buana agus cairde neamhbhuana. Iad lenar chaith mé uaireanta gliondracha agus iad lenar chaith mé uaireanta deacra. Iad a ghoill mé de thaisme orthu agus iad a ghoill ormsa de thaisme. Idir dhlúthchairde agus chairde nach bhfuil ach glasaithne agam orthu. Iad sin atá faoi chomaoin agam agus iad a bhfuilim faoi chomaoin acu. Na cairde atá gan mhaoin agus iad sin atá toiciúil. Is dá bhrí sin a ainmním iad uilig, na cairde go léir a bhain le mo shaol. Iad a gheobhaidh an scéal seo agus iad nach bhfaighidh é. Crann le fréamhacha doimhne ionas nach féidir a n-ainmneacha a tharraingt amach choíche. Go raibh an crann faoi bhláth an bhliain seo chugainn is go dtuga sé dúinn dóchas, sláinte, grá agus síocháin. Tá súil agam go bhféadfaidh muid teacht le chéile um Nollaig le beannachtaí agus dóchas a roinnt ag tabhairt giota beag áthais dóibh siúd a chaill é go léir. Aistrithe as an Spáinnis ag Sylvia Bledow
16
Timire
Timire
17
An Eacnamaíocht agus Dínit gach duine Peadar Kirby Ó toghadh é, tá an Pápa Proinsias ina ghníomhartha agus ina fhocail ag leagan béim ar dhínit na mbochtán agus conas gur gá an Eaglais freastal orthu go príomha. Ach téann an Pápa níos faide ná an carthanas mar go dtuigeann sé freisin conas atá an córas eacnamúil ag méadú an scoilt idir lucht an rachmais agus an chosmhuintir. Agus é ag labhairt le hambasadóirí sa Vatacáin mí Bealtaine, dúirt an Pápa: ‘Tá ioncam an mhionlaigh ag méadú as cuimse agus ag an am céanna tá ioncam an mhóraimh ag titim as a chéile.’ Ceanglaíonn sé é seo le hidé-eolaíochtaí atá in uachtar agus ‘a thacaíonn le neamhspleáchas na margaí agus amhantraíocht airgeadaíochta, agus dá bhrí sin diúltaíonn siad le ceart an Stáit rialú ar mhaithe leis an leas coiteann’. Ní hábhair nua iad seo i dteagasc sóisialta na hEaglaise ach tá an stíl ag an bPápa seo iad a rá i ngnáth-fhocail na ndaoine seachas i dtéarmaí casta na fealsúnachta mar a tharla go minic leis an bPápa Beinidict. Mar sin tagann siad trasna le fuinneamh nua agus tuigtear arís gur smaointe radaiceacha iad seo a théann go hiomlán salach ar na smaointe eacnamúla atá fós in uachtar in aineoinn na géarchéime inar tumadar sinn. Is léir mar sin go dtuigeann an Pápa Proinsias go smior claonadh an chórais chaipitligh freastal ar leas lucht an rachmais seachas ar leas an phobail i gcoitinne. Mar sin, tá sé ag iarraidh go gcuirfí forbairt cheart eacnamaíochta chun cinn a léireodh meas ar dhínit an duine. Ach conas é sin a dhéanamh? Ag tarraingt as teagasc sóisialta na hEaglaise, is féidir cúpla bun-
phrionsabal a aimsiú. Is iad seo ná go gcaithfidh an eacnamaíocht freastal ar an leas coiteann seachas ar leas grúpaí áirithe sa tsochaí, agus go roinnfí go cóir acmhainní uile an domhain idir an cine daonna go hiomlán. Is bun-phrionsabail an-bhunúsacha iad seo gur léir nach gcomhlíontar iad in aon chor faoin gcóras atá in uachtar i láthair na huaire. Mar sin, cad is féidir a dhéanamh chun é seo a athrú? Arís eile tugann teagasc na hEaglaise treoir shoiléir chun cabhrú linn. Gné amháin ná an bhéim a leagtar ar rannpháirtíocht an duine agus ar phrionsabal na coimhdeachta, is é sin go ndéantar cinntí ar an leibhéal is ísle gur féidir. Mar shampla, ní ceart go mbeadh rialtas náisiúnta ag déanamh cinntí a bhaineann le seirbhísí agus infreastrúchtúr áitiúla; is cúraim iad seo don rialtas áitiúil. Ach, d’fhéadfaí a rá gur prionsabail
An Pápa féin a leag a mhéar ar an mbun-fhadbh, nuair a thagair sé don chumhacht atá ag na margaí agus laige an stáit ina leith. teibí iad seo. Conas a chabhraíonn siad le córas nua a chruthú a chothódh dínit an duine níos fearr, mar a iarrann an Pápa orainn? An Pápa féin a leag a mhéar ar an mbun-fhadhb nuair a thagair sé don chumhacht atá ag na margaí agus laige an stáit ina leith. Ní mar sin a bhí sé i gcónaí agus is téama bunúsach é i dteagasc na hEaglaise ón dtús ná go gcaithfidh cothramaíocht a
bheith ann idir saoirse na margaí (bunphointe eile ag an Eaglais) agus ceart an stáit iad a rialú ar mhaithe le leas an phobail. Ceann de mhór-íoróin ghéarchéim an euro i láthair na huaire ná go bhfuiltear ag treisiú le cumhachtaí na margaí chun an fhadhb a réiteach cé gurb iad na margaí féin ba chúis leis. Mar shampla, i gcás na hÉireann táthar d’ár moladh go hidirnáisiúnta gur ghlacamar le polasaí na déine agus mar sin go bhfuil an eacnamaíocht ag teacht chuici féin arís; is í ‘buachaill maith’ na déine í Éire. Ach is ‘buachaill maith’ í Éire toisc riachtanais
na margaí a shásamh thar riachtanais an phobail, na bochtáin ach go háirithe. Mar sin, tá bealach fada agus deacair romhainn amach chun cumhacht na margaí a shrianú agus cumhacht an stáit thar na margaí a threisiú. Ina measc, tá géarghá ag an stát a chumhacht a úsáid ar mhaithe le leas an phobail go hiomlán agus le leas na timpeallachta freisin. Má ghríosann an Pápa Proinsias chun gnímh sinn lena theagasc láidir agus díreach, beidh sé ag cabhrú go mór. Is Ollamh é Peadar Kirby in Ollscoil Luimnigh.
Foclóirín: Amhantraíocht: speculation; Coimhdeacht: companionship; Rannpháirtíocht: participation/partnership; Mór-ioróin: big irony
Intinn Uilíoch an Phápa do mhí Eanáir 2014 Go ndéantar an fhíorfhorbairt eacnamaíoch a chur chun cinn, a thugann urraim do dhínit gach cine daonna.
18
Timire
Timire
19
Nach sna mionsonraí atá an Diabhal? An tUrramach Gary Hastings
Go ndéanaí Dia a mhaith ar Dom Paul McDonnell. Eisean a reachtáil na cruinnithe idireaglasta a bhíodh ann i gClochar na Coille Móire do chléir Dheoise Thuama. Bhí béiltí breátha againn le gloiní fíona, císte na Nollag, tae, sconnaí beaga agus uachtar orthu (agus is fada uaidh a tógadh sinn) agus tintí móra sna seomraí galánta, uilig de bharr fhláithiúlacht na siúracha. Bhí cainteanna ann, ar ndóighe, ó dhaoine mór le rá (agus neart le rá) fá chúrsaí idireaglasta, ach ní orthu sin atá na cuimhní agam, ach ar na béiltí agus ar an fháilte a cuireadh romhainn, agus ar an chairdeas a cruthaíodh as. Chuir muid uilig aithne ar a chéile, agus ghuigh muid le chéile agus muid ar ár suaimhneas. Sin an ní is tábhachtaí amuigh. Chan na mionsonraí, chan an plé agus an chaibidil fán chreideamh, na bárúlachaí difriúla, ach an croí, an spiorad, na daoine féin. Ní suim liom aontacht na n-eaglaisí níos mó. An ní is tábhachtaí ná mar a chaitheann muid le chéile. Ní bheidh na heaglaisí, a choíche go deo, ar aon inchinn fá na mionsonraí atá mar bhalla eadrainn. Glacaim leis sin anois, agus aithním gur sin mar a bheas. Níl sé i nádúr na daonnachta aontú fá mhionsonraí. Taobh istigh d’aon eaglais amháin, fiú, níl daoine ar aon inchinn faoi gach rud, cibé cad é an
ní atá ar na leabharthaí oifigiúla. Nach sna mionsonraí atá an diabhal? Sna dlíthe beaga, sna rialacha, san iliomad bárúlacha? Caithfidh muid cuimhniú i gcónaí gurb iad an t-aon mhuintir amháin sna Sóiscéaltaí a raibh aird acu ar na mionsonraí, ná na Fairisínigh. Iadsan a bhí ag caint i dtólamh ar dhlíthe agus ar rialacha síos fríd. Agus ar eagla muid a dhearmad, níorbh iadsan laochra an scéil. Níor shuim le Críost aon ní nár bhain le grá. Bhí an Dlí sa dara háit i gcónaí. Grá do Dhia agus grá don chomharsa mar thú féin an tslat tomhais. An mhuintir a raibh a n-aird acu ar ‘cheartchreideamh’, ghlac siad scannall leis. Cad as a dtáinig an bhéim seo sa chreideamh Críostaí mar sin, ar
Críost atá á leanstan againn, ní ceannairí eaglasta agus easpaig…” ‘cheartchreideamh’ agus ar aon bhárúil dhoshéanta absolóideach amháin mar ídéal, agus é curtha i bhfeidhm le hansmacht gan trócaire, mar a tharla fríd an stair? Tá an Chríostaíocht ar cheann de na creidimh is toirmeascaí agus éadulaingí ar domhan, i dtaca le creidimh eile de, ach i dtaca le cineálacha eile Críostaíochta fosta. Ar an drochuair, is ar leibhéal an chloiginn, leibhéal na hintleachta a mhaireann na heaglaisí oifigiúla sa chuid is mó, ní ar leibhéal an chroí. Is ar leibhéal an dlí a rialaítear institiúdí, agus tuigim sin. Ach ní gá dúinn sinn féin a choinneáil ag síorthroid catha ár sinsear romhainn. Críost atá á leanstan againn,
ní ceannairí eaglasta agus easpaig, ríthe agus impirí. Is é ár n-oidhreacht ná na rudaí a d’fhag Críost go pearsanta againn, duine ar dhuine: grá agus taise. Ní claíomh a bhí mar arm aige ach croí. Is é an grá a bhí mar ábhar teagaisc aige, agus ní dogma agus foirceadal. Bhí lá ann agus shíl mé gur chóir dúinn uilig bheith ag plé castachtaí an chreidimh agus na difríochtaí eadrainn go dúthrachtach. Anois tá fhios agam gur tábhachtaí an cairdeas agus na béiltí móra le chéile; ag glacadh lena chéile agus sinn foscailte dá chéile. Ní sa chéad áit amháin, ach san iomlán. Ní minic a bhaineann mórchuid de na mionphointí creidimh lenár ngnáthshaol ar scor ar bith. Fláithiúlacht, grá, agus taise, sin bun agus barr an chreidimh a d’fhág
Chríost againn. Níor imigh na Fairisínígh go fóill, áfach, tá siad inár measc, agus ionainn uilig. I ngach duine againn atá an té sin atá ag iarraidh bheith ceart, cinnte, dearfa, agus gach duine eile ar an bhárúil chéanna linn. An té sin ionainn a fheiceann na difríochtaí agus a dhéanann balla astu. Ar aon dul leis na boicht, beidh na Fairisínigh linn, ionainn i gcónaí. Ach ná cuireadh a nglór cráifeach ard, guth an tSóiscéil ina thost, a deir linn i gcónaí grá a bhéith againn do Dhia agus grá don chomharsa mar atá againn dúinn fhéin, pé bárúil atá ag an duine eile. Is Ard-deagánach de chuid Eaglais na hÉireann é Gary Hastings.
Foclóirín: Toirmeascach: prohibitive; Éadulangach: intolerant; Foirceadal: doctrine; Na Fairsínigh: the Pharisees
Intinn Soiscéalaíochta an Phápa do mhí Eanáir 2014 Go ndruide Críostaithe den uile chineál i dtreo na haontachta is mian le Críost.
20
Timire
Timire
Iontas na Nollag
ina luí in áit ar bith eile ná éadach ceart a chur thairis? Agus cén bhaint a bhí ag an lá mór sin agus a mbíonn ar siúl againne sna laethanta seo? N’fheadar féin, ní mór dom a rá? Maidin Lae Nollag na bliana seo thart, chuas chuig an Aifreann tosaigh le mo mhac agus i rith an Aifrinn dhein an sagart óg gach iarracht dob fhéidir leis lena mheabhrú dúinn uile a bhí i láthair cén comóradh a bhí á dhéanamh againn. Thug sé cuireadh do bhuachaill an-óg, go raibh solas ina láimh aige, teacht ar an Altóir agus paidir bheag a rá. Dhein an buachaill beag amhlaidh láithreach, sheas sé os comhair an bheithilín a bhí taobh leis an altóir agus thosaigh ag canadh in ard a ghutha, “Happy Birthday to You, Happy Birthday to you, Happy Birthday dear Jesus, Happy Birthday to You”. Gan anáil a tharraingt, ba sheo iad na leanaí eile agus a raibh i láthair de dhaoine fásta ag screadadh ina theannta, “Happy Birthday to You, Happy Birthday to you, Happy Birthday dear Jesus, Happy Birthday to You”. Don gcéad uair leis na blianta fada bhraitheas go rabhas i láthair i gceart ag saolú an Linbh agus gurbh amhlaidh dóibh sin uile, idir óg agus aosta, a bhí sa Séipéal.
21
Ar mo bhealach abhaile, níorbh fhéidir liom ach a bheith ag canadh de shíor i mo chroí, “lá breithe shona dhuit, a Íosa” agus samhlaíodh dom gur fhreagair Seisean, “go raibh maith agat a mhic mo chroí agus gurab é dhuit”. B’fhacthas dom gurbh iontach é an gníomh a dhein an sagart óg ag an Aifreann, agus acusan a chuidigh leis,
Don gcéad uair leis na blianta fada, bhraitheas go rabhas i láthair i gceart ag saolú an Linbh. ar mhaithe le treoir a thabhairt dúinn maidir leis an mbóthar ba cheart dúinn a leanúint sna blianta seo romhainn. Agus anois, tá súil agam go nglacfaidh Údaráis na hEaglaise i gcoitinne an bóthar céanna. Ar ndóigh, tá súil agam freisin nach gcaithfidh siad mise amach ar fad – ar an mbonn gur dhóigh leo go bhfuil mo ladhar á shá agam in áit nach cóir dom – agus nach ceadmhach dom b’fhéidir, a leithéid sin a dhéanamh!
Foclóirín: Beithilín: crib; Máinséir: manger
Éamonn Mac Suibhne Cén rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ort i rith na Nollag seo thart, meas tú? Na soilse sna sráideanna ar fud na cathrach, sna siopaí agus i bhfuinneoga na dtithe, a deir tú? Ar rith sé leat cén chúis a bhí lena léithéid sin i ndáiríre? Daoine a spreagadh le tuilleadh airgid a chaitheamh b’fhéidir? Nó iad na mhealladh chuig na siopaí lena ngnó
san a neartú, chuig rincí agus damhsaí d’fhonn an lucht freastail a mhéadú agus “sult na Nollag” a chur i láthair dúinn? Leis an fhírinne a insint, ní bhainim féin morán sult as gach a bhfeicim thart orm, um Nollaig. Is beag d’fhíor-spiorad na Nollag a mhothaím ann. I ndeireadh na dála, nach é atá á chomóradh againne Críostaithe ach an lá a rugadh Leanbh Óg, Mac Dé, i máinséir agus gan a dóthain airgid ag A mháthair lena chur
An Ofráil Laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach leathanach cúil)... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Sprioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
22
Timire
Timire
Ní Deireadh Ré ach Aiséirí
Breathnaíonn Éamon Ó Murchú siar ar an saol fada a bhí ag a máthair agus ar an tionchar a bhí aici ar a clann.
Is i gCill Garbhán, taobh le Lios Tuathail, a rugadh agus a tógadh Peig Uí Mhurchú. Dáréag a bhí sa chlann ar fad, seachtar buachaillí agus cúigear cailíní. Shiúladh sí an dá mhíle slí go scoil sa Chúl Ard gach lá. Ba Iníon í de Staic agus Iníon Ní Chatháin a bhí ag múineadh ann. Ba bhreá le Peig an scoil agus bhaineadh sean-mháthair Pheig an-taitneamh as bheith ag cabhrú léi leis an nGaeilge mar obair bhaile. D’fhoghlaim Peig óna máthair scileanna cócaireachta agus cniotála. In agallamh a rinne Peig i Samhain 2003, duirt sí go raibh an-tionchar ag creideamh, cráifeacht agus dea-shampla a máthar féin ar an gclann. Ni haon ionadh go raibh ceathrar deirfiúracha le Peig ina mná rialta, agus deartháir amháin ina shagart. Nuair d’fhág Peig an bhunscoil, chuaigh si go dtí an Cheard-scoil i Lios Tuathail. Thug Peig aghaidh ar Bhaile
Átha Cliath áit a bhfuair sí post sa StátSheirbhís nuair nach raibh sí ach seacht mbliana déag d’aois. Go gairid ina dhiaidh sin bhuail Peig le Luaí Ó Murchú ó Ard Mhacha. I litir a scríobh Peig go máthair Luaí sular pósadh iad, dúirt sí ,“tá an-ghean agam do Luaí agus níl rud ar bith nach mbeinn toilteanach a dhéanamh dó.” Pósadh iad beirt i 1944, agus chuir siad fúthu i gContae an Chabháin. Rugadh cúpla, beirt mhac, dóibh i 1945 agus d’aistrigh siad go Lios Tuathail i 1946. Seachtar clainne ar fad a bhí acu – cúigear mac agus beirt iníonacha. Bhí Peig seacht mbliana is nócha, nuair a cailleadh í. Ag a sochraid dúirt cara liom “bhi an t-ádh uirthi go bhfaca sí a clann mac ag fás ó bhreith go seanaois”! Ní teaghlach go máthair. Is í Peig a thug na tréithe is dual do chlann chun foirfeachta ionainn go léir. Agus Mamaí sa bhaile, bhí an áit i
gcónai lán de ghreann, de scéalta, de rógaireacht fiú. Ceann de na cuimhní is ansa liom sna blianta deiridh, ná bheith cois leapan léi agus í ag sciotaraíl gáirí, ag insint scéalta dúinn faoina hóige. “Deireadh Ré”, a dúirt mé liom féin agus mé ag guí ag an uaigh an tseachtain seo caite, faoi scamall an bhróin. Ach ansan tháinig sólás nuair a smaoinigh mé athuair ar an tseoid ba luachmhaire a thug Peig dúinn mar chlann – a creideamh diongbháilte i nDia na Glóire agus an misneach agus dóchas a thug a leithéid dúinn ach go háirithe, in am an chruatain agus na dúshláine. Sa reilig chéanna le Peig, tá a fear chéile, Luaí, curtha agus beirt pháistí leo, Máire agus Caoimhín. Is minic a dúirt siad nach bhféadfadh siad cur suas lena leithéid de chruatan murach a gcreideamh in Aiseirí na Glóire. I litir ó m’athair go colceathair leis i bPáras i Meán Fómhair 1970, dhá mhí tar-éis do bhás Chaoimhín, scríobh sé: “déanann duine iarracht glacadh le toil Dé. Níl cóngar ar bith thart ar Calvary. Measaim go raibh deireadh le hobair Chaoimhín ar an saol seo agus theastaigh ó Dhia go rachadh sé abhaile”. Ba é an rós an bláth b’ansa leo beirt. Ar an 18 Iúil 2005, an lá sula ndeachaigh mé chuig an tSiombáib ag obair go deonach ar na misiúin, cúig bliana is tríocha díreach ó fuair Caoimhín bás, scríobh mé litir ag mo mháthair ag rá, “cuireann rósanna i gcuimhne dom áilleacht iontach cruthaíochta Dé. Cuireann siad i gcuimhne dom freisin
23
chomh deilgneach agus is féidir an saol a bheith dúinn go léir uaireanta. Cuireann an rós i gcuimhne domsa áilleacht do mheoin, agus an cúram a dhéanann tú de dhaoine atá de dhíth ar bhealach ar bith. Agus mé ag trial ar an Aifric, beidh do dhea-shampla agus do fhlaithiúlacht mar threoir agus mar inspioráid agam.”
Agus Mamaí sa bhaile, bhí an áit i gcónaí lán de ghreann, de scéalta, de rógaireacht fiú. I Litir Phóil chuig na Rómhánaigh deir sé, ‘Ach má fuaireamar bás mar aon le Críost, creidimid go mbeimid beo mar aon leis chomh maith”. Tugann na focail seo sólás agus dóchas dúinn nuair a imíonn duine ar Shlí na Fírinne. Ni “deireadh ré” atá ann ach tús ré eile. An oíche faoi dheireadh, léigh mé véarsa álainn a chum cara liom, Dónall Ó Conaill – agus shíl mé gur Peig a bhi ag caint: Ag eagrú mo smaointe soilsíonn mo threo is léirítear go soiléir an bealach romham, ní hionann sonas is mórchúis ghnó ná maoin dá mhéid ná saint ollmhór. Rugadh Éamonn Ó Murchú i Lios Tuathail. Príomhoide ab ea Éamonn agus tá sé fós gafa mar oideachasóir agus léachtóir.
Foclóirín: Beithilín: crib; Máinséir: manger
Intinn Uilíoch an Phápa do mhí Feabhra 2014 Go dtuga an Eaglais agus an tsochaí urraim d’eagna agus do chríonnacht na sinsearach.
24
Timire
Timire
Imigí agus Déanaigí Deisceabail de na Náisiúin Uile! Machnamh ar Lá Domhanda na nÓg, Rio 2013
Gerard Gallagher Ag féachaint siar dom ar Lá Domhanda na nÓg, an ceann is déanaí i Rio, i mí Iúil 2013, fanann mór-chuid cuimhní liom agus mór-chuid dúshláin chomh maith. Tionóladh an chéad chruinniú domhanda den tsórt seo sa bhliain 1985 leis an bPápa Eoin Pól 11 agus tharla siad gach cúpla bliain ó shin i leith. I mbliana bhí an teacht le chéile i Rio de Janiero sa Bhrasaíl agus bhí an Pápa Proinsias i láthair. Coinní idir an Pápa agus daoine óga is ea na féiltí chreidimh seo chun deis a thabhairt d’ógánaigh teagmháil a dhéanamh le hÍosa Críost agus lena shoiscéal. Milliún ógánach nó mar sin an gnáth-thinreamh. Ghlac tuairim is 200 ógánach Éireannach páirt san oilithreacht go dtí an Bhrasaíl, agus ba as Baile Átha Cliath tuairim is 30 díobh. Chuir an Oifig Shoiscéalach cúrsa réamh-ullmhúcháin ar fáil go míosúil do na hoilithrigh. Thug sé sin deis dóibh machnamh
a dhéanamh ar an téama, Imigí agus déanaigí deisceabail de na náisiúin uile agus de réir a chéile, thuig siad an dúshlán a bhaineann le soiscéalaíocht i measc a gcomhghleacaithe féin. Rith sé linn go rabhamar ag leanúint raon na misinéirí Éireannacha a chuaigh chuig an Bhrasaíl thar na blianta. Bhain roinnt de na hoilithrigh deis as Seachtain na Misiún chun páirt a ghlacadh i dtionscnaimh thréadacha agus rinne daoine eile obair dheonach faoi stiúir Ord an Spioraid Naoimh agus Trócaire. Shroicheamar Rio tuirseach traochta agus gan a fhios againn cad a bhí i ndán dúinn. Cuireadh fáilte chroíúil romhainn agus tar éis dúinn clárú agus an mála droma a fháil, mhothaíomar gur oilithrigh sinn. D’fhreastalaíomar ar an searmanas tosaigh ar an trá. Bhí an suíomh sin mórthaibhseach - trá 10K ar fhaid, plódaithe le daoine óga as gach náisiún agus treabh ar domhan, meirgí ag foluain le gaoth, cantaireacht agus
ceol le clos! Chiúnaigh an t-atmaisféar go luath agus mhothaíomar spiorad chreidimh san áit. D’fháiltigh an bháisteach romhainn freisin, agus lean sí ar aghaidh ar feadh cúig lá! Ar an Déardaoin, 25ú lá de Iúil, bhíomar go léir ag tnúth leis an bPápa Proinsias. Tháinig sé i héalacaptar agus tiomáineadh é ar an trá. Bhí an fear tíolacthach seo áthasach agus bhí an lúcháir tógálach! “Feicim ionaibhse áilleacht aghaidh óg Chríost agus líonann mo chroí le háthas”, na focail thosaigh a tháinig uaidh. Chruthaigh an ráiteas sin an t-atmaisféar. Dúirt sé go raibh íomhá Chríost, an Slánaitheoir i Corcovado, ag beannú agus ag breith barróige ar gach duine againn. Chuir sé i gcuimhne dúinn an ráiteas :”Is méanar dúinn bheith anseo”, as soiscéal Lúcáis. Nasc sé leis an méid seo an ráiteas: “Seo mo mhac muirneach, éistigí leis.” Láithreach, níorbh é an Pápa Proinsias a bhí lárnach, ach Íosa Críost féin. Tháinig méadú ar an bpobal ar an Aoine le haghaidh Turas na Croise. Tháinig maolú an an mbáisteach agus bhí daoine ag tnúth leis an mbigil leis an bPápa Proinsias. Mhol sé do gach duine againn a chros féin a chur le cros Chríost mar go n-iompródh seisean ár dtrioblóidí dúinn. Shiúlamar agus chanamar ar ár mbealach chuig an bhigil ar thrá Cocapana, áit ina raibh tuairim is ceithre mhilliún daoine bailithe. Dúirt an Pápa linn: “Ná bígí ag
25
breathnú ar an saol, bígí páirteach ann. Níor fhan Íosa mar fhéachadóir, thum sé é féin go hiomlán ann.” Lean sé ar aghaidh leis an dúshlán sin ag Aifreann an Domhnaigh. Chuir sé os ár gcomhair dúshláin shimplí bunaithe ar thrí smaoineamh ón mBíobla: Téigh. Ná bí eaglach. Déan fónamh don phobal. Rinne ár n-ógánaigh Éireannacha teagmháil le Pápa, nach raibh leisce air an soiscéal a chraobhscaoileadh agus chuir sé ard-chaighdeán rompu. Chuir siad aithne air, bhí gnaoi acu air agus d’aithin siad na beo-chomharthaí creidimh a léirigh sé. Is cosúil go mbainfidh an Pápa Proinsias preab asainn go rialta! Tháinig athrú orainn le linn an oilithrigh i Rio, ach b’fhéidir go bhfuil an t-athrú is mó le teacht fós nuair a thabharfaimid faoi dhúshlán an tsoiscéil a chleachtadh. Beidh an chéad chruinniú eile sa Pholainn sa bhliain 2016, áit ina mbeimid ag siúl ar an gcosán a thosaigh an Pápa Eoin Pól 11 nuair a bhí sé ina easpag i Krakow. Chuamar amach mar oilithrigh agus d’fhilleamar mar mhisinéirí! Oibríonn Gerard Gallagher san oifig soiscéalaíochta in Ard Deoise Bhaile Átha Cliath.
Foclóirín: Tréadach: pastoral (aidiacht); Soiscéalaíocht: evangelisation; Tíolacthach: bounteous (aidiacht); Ag breith barróige: hugging (ainm briathara); Meirge: banner
Intinn Soiscéalaíochta an Phápa do mhí Feabhra 2014 Go n-oibrí sagairt, tuataí agus cléir le chéile le flaithiúlacht ar son na soiscéalaíochta.
26
Timire
Timire
Im Leabharlann dom
Saothar cumhachtach, achrannach is ea an leabhar is déanái ó Cholm Tóibín, Testament of Mary Siobhán McNamara
Cé nach bhfuil ach rud beag os cionn céad leathanach san úrscéal seo – is féidir é a léamh lastigh de chúpla uair a chloig – rachaidh sé i bhfeidhm go mór ar léitheoir ar bith. Tá gach uile leathanach lán de bhrón, d’fhearg agus de phian, agus tá íomhánna aisteacha, corraitheacha ann nach féidir dearmad a dhéanamh orthu go tapaidh. Guth Mhuire a chloisimid sa leabhar. Blianta i ndiaidh báis Chríost, tá sí ina conaí i dteach beag sa chathair Ephesus, faoi chúram agus faoi fhaireachas bheirt dheisceabal atá ag scríobh cuntais ar shaol Chríost. Tugann na deisceabail bia, éadaí agus cosaint do Mhuire agus mar chuid den mhalartú, caithfidh sise a scéal a insint, agus gach rud a gcuimhníonn sí air faoi shaol agus faoi bhás Íosa a eachtrú dóibh. Ach ní féidir léi na focail a scríobhann na deisceabail a léamh agus tá sí amhrasach faoin téacs atá á chruthú acu: ‘I have asked him to read the words aloud to me but he will not. I know that he has written of things that neither he nor I saw’. Tuigeann sí, áfach, an chumhacht agus an tábhacht a bheidh ag na focail seo. Tá an phian a mhothaíonn Muire
Má thaitníonn leat leabhar a chuireann tú ag smaoineamh, léigh an ceann seo! agus í ag breathnú siar ar a saol, chomh maith leis an ngrá a bhí aici, agus atá aici fós, dá mac, le brath i ngach rud a deir sí. Míníonn sí dúinn nach bhfuil sí in ann ainm a mic a rá, fiú: ‘I cannot say the name, it will not come, something will break in me if I say the name’. Tugann sí ‘mo mhac’ nó ‘ár mac’ nó ‘an duine a bhí anseo’ air. Cuimhníonn sí
ar dhá cheann de na scéalta is cáiliúla sa Bhíobla: Bainis Chána agus aiséirí Lazarais, agus insíonn sí leaganacha an-difriúil de na heachtraí sin ná na hinsintí a chloisimid de ghnáth. Tá sé thar a bheith suimiúil don léitheoir na leaganacha nua seo a léamh, cinn atá cruthaithe ó dhearcadh duine a bhí mar fhinné súl ar na heachtraí, ach nach gcloisimid mórán fúithi sna tuaraiscí faoi na míorúiltí sin sna Soiscéalta. Insíonn Muire dúinn chomh maith gach rud a chonaic sí agus a chuala sí agus a rinne sí ar an lá a cuireadh a mac chun báis ar an gCros. Is iad sin na leathanaigh a fhanann inár gcuimhne níos faide ná aon chuid eile den leabhar, is dócha. Déanann sí cur síos ar an gcaoi ar bhuail na fir na tairní isteach i lámha Chríost, agus nuair a léimid an sliocht seo samhlaímid íomhá léir agus fuilteach atá chomh héifeachtach le pictiúr daite ar bith. Luaitear sonraí faoin bpróiséas céasta a chruthaíonn atmaisféar úafáis agus oilc. Is iad sin na leathanaigh is conspóidí san úrscéal chomh maith, is dócha. Sa chaoi a gcuimhníonn Muire ar eachtraí an lae sin, agus ar an gcaoi ar mhothaigh sise agus í ag breathnú ar a mac ar an gCros, tá an bhean sa leabhar seo andifriúil ón ngnáth-léiriú a dhéantar ar Mháthair Dé. Thar aon rud eile, is duine daonna í reacaire an scéil seo seachas naomh. Bhain an t-úrscéal áit amach ar an ngearrliosta don duais Man Booker 2013, agus is léir go bhfuil áit ar an liosta sin tuillte aige. Tá an stíl scríbhneoireachta simplí go leor, ach cuireann an tsimplíocht agus an ghontacht go mór leis an éifeacht atá ag an leabhar. Cosúil le haon saothar maith litríochta, tá sé saibhir, conspóideach, domhain agus nuálach, agus is féidir é a léamh arís agus arís
27
agus rud difriúil a thuiscint agus a chuimhniú gach uair. Is cinnte go bhfuil daoine ann nach dtaitneoidh an léiriú seo de Mhuire leo. Ach má thaitníonn leat leabhair a chuireann tú ag smaoineamh, más maith leat litríocht atá cumhachtach agus achrannach, má tá suim agat sna caidrimh atá idir dhaoine, sa ghrá, sa bhrón, sa stair nó sa Chríostaíocht, léigh an leabhar seo. Is leabharlannaí scoile i gColáiste Gonzaga í Siobhan McNamara, mar aon le haistritheoir liteartha agus mac léinn iar-chéime i gColáiste na Tríonóide.
**COMÓRTAS** Cuirfear cóip den leabhar seo go dtí an chéad duine a fhreagróidh an cheist seo: Luaigh aon leabhar amháin neamh-fhicsean a scríobh Colm Tóibín. Freagra ar chárta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: An Dr. Marcas Mac Domhnaill, Tráigh Lí, Co Chiarraí. Freagra: ‘Mo Scéal Féin’. Cóip de ‘Séadna’ buaite aige.
28
Timire
Timire
Im Leabharlann dom
Léirmheas: Seán de Fréine
Oilithreacht Ciarán Ó Coigligh
Leabhair COMHAR, 2012 116 lch, Praghas gan lua Is maith liom é nuair a bhíonn réamhrá le leabhar filíochta: is cuidiú a leithéid dom i gcónaí. Ar an chúis sin amháin, is leabhar breá an leabhar seo – ní hamháin go bhfuil réamhrá fónta leis, ach tá iarfhocal fiúntach leis chomh maith. Dingthe eatarthu, ar nós ceapaire, tá beagnach leathchéad de dhánta as saothar Chiaráin Uí Choigligh leis na blianta. Agus an leabhar maisithe le breis is dá cheann déag de íomhánna breátha daite. Idir an réamhrá, le Gearóid Denvir, agus
an Iarfhocal, le Séamas de Barra, is beag atá fágtha le déanamh agam de ghnáthléirmheastóireacht ar an saothar seo. File Caitliceach, Gaelach é Ciarán, arsa Denvir ina chéad abairt. Fíor sin, gan agó. File dásachtach é a labhraíonn
File Caitliceach, Gaelach é Ciarán, arsa Denvir ina chéad abairt. amach go neamhbhalbh ar son an rud a chreideann sé, tréith atá annamh go leor in Éirinn an lae inniu. Ach lena chois, is file é a bhfuil téagar smaointeoireachta laistiar dá bhfuil le rá aige. Sníonn sruth láidir fealsúnachta agus creidimh
trína chuid saothair go léir. Is eisean go díreach an curadh gan eagla, an ‘fear fásta as Gaeilge líofa’ a bhí á lorg ag Ó Beacháin ina dhán clúiteach, ‘Guí an Rannaire’, ach amháin nach bhfuil sé peannphágánach. Sa chnuasach seo, tá an file seo ar oilithreacht, oilithreacht na beatha a mhaireann thar na blianta, breis agus scór go leith go nuige seo agus a ghabhann ar a bhealach casta thar Inis Meáin, trí Chill Easra agus Club Aclaíochta Ráth Eanaigh (i nDuibhlinn) agus go dtí Iosrael, agus an Talamh Naofa. Ar a aistear, scríobhann sé dán Vailintíneach dá bhean Máire, cuireann sé guí le hanamnacha cairde atá imithe ar shlí na fírinne, stopann sé le roinnt hadhcúnna a chumadh, tugann sé sampla dá shaothar i gceann de mheadarachtaí clasaiceacha na Gaeilge, Rannaíocht Mhór (Anamchara), agus cleachtann sé cleas nó dhó a bhíodh ag filí an ochtú haois déag. Ní creideamh maoithneach, bog, ach creideamh tréan, inchreidte atá a fhógairt ag an fhile seo. Faigheann sé uchtach ina oidhreacht Ghaelach. Ar Inis Meáin dó, ‘Briseann síoraí tonnta Grásta/ ar dhuirling sheasc ár n-amhrais’. Déanann Denvir cur síos sármhaith ar mheon an fhile ina réamhfhocal. Mar a deir sé, gníomh liteartha agus cultúrtha is ea an fhilíocht, ach tá feidhm ionann is soiscéalaíocht ag roinnt léi freisin. Critic chuimsitheach is ea an aiste thosaigh seo le Denvir, agus is fiú go mór é a léamh i dteannta na ndánta. Má phléann Denvir leis na dánta, pléann de Barra leis an duine, leis an fhear óg as tuaisceart Chathair Dhuibhlinne a chuaigh le Gaeilge agus le Gaeltacht, leis an Phoblachtachas
29
Sóisialach, agus ansin le halcól agus le drugaí eile, sular fhill sé ar chleachtadh an Chreidimh. Chuaigh sé i gcion go mór air a Chaitlicí atá filíocht Raiftearaí, ach deir Ciarán gurbh é an Pápa Eoin Pól II ba mhó faoi dear an t-athrú a theacht air féin i gcúrsaí creidimh agus moráltachta. Ó shin, ó thaobh a shaothair liteartha agus a chuid fealsúnachta de (mar atá léirithe aige
File dásachtach é a labhraíonn amach go neamhbhalbh ar son an rud a chreideann sé. i gcuid mhór eile dá shaothar, agus tá scór go leith leabhar foilsithe aige faoi seo), cuireann sé cuid de scríbhneoirí Caitliceacha na Fraince i gcuimhne do dhuine. Fadó, fadó nuair a bhí Ciarán Ó Nuallaín ina eagarthóir ar an nuachtán Inniu, bhíodh sé de shíor ag tathaint ar a léitheoirí dul i muinín ‘Gaeltacht na Leabhar, is é sin Gaeilge na n-aoiseanna a bhí caite, chun dul i dtaithí na deaGhaeilge. Sa leabhar seo, tá scoth de dhea-Ghaeilge na linne seo le fáil, ó phinn an triúir seo, idir phrós agus fhilíocht. Agus í chomh simplí soiléir sin. Is ar éigean a bhí riamh a leithéid de shaibhreas le fáil in aon leabhar le linn an Chiaráin sin. Ach anseo, anois, tá idir airgead agus ór ar fáil againn, airgead an phróis agus ór na filíochta– the silver apples of the moon, the golden apples of the sun, mar a dúirt Yeats.
Foclóirín: Dásachtach: audacious (aidiacht); Téagar: substance/bulk; Na hadhcúnna: the haikus; Agó: objection
30
Timire
Timire
31
An ceathrú halt de cheithre cinn
An Spioradáltacht Iognáideach: Rinnfheifeach sa Ghníomh Brian Ó Laoire SJ
Mar a dhéanann gach Críostaí eile, d’fhás Iognáid sa ghaol a bhí aige le Dia i gcomhthéacs chultúr a ré féin. Ní féidir le haon duine é/í féin a scarúint óna t(h)impeallacht chultúrtha ar leith. Tá an cultúr i ngach áit inár dtimpeall, fite fuaite i ngach gné den saol. Tuairgneálann a íomhánna ár gcéadfaí. Líonann a smaointe ár n-aigne. Tá an cultúr cosúil leis an aer a análaimid a fhéadann a bheith sláintiúil nó truaillithe. Cuid mhór den am, ní bhraitheann muid a thionchar orainn. Mar sin féin, solathraíonn sé i ngan fhios dúinn mórán dár gcreidimh agus dár dtuairimí. Is féidir linn talamh slán a dhéanamh díobh sin ionas gur go hannamh a cheistíonn muid iad. Ach is gá dúinn iad a cheistiú. Tá gá le héargna má tá muid chun a fháil amach cé na tionchair chultúrtha a thagann ó Dhia agus cé na tionchair a d’fhéadfadh sinn a threorú i dtreo éigin neamhdhiaga. Ba é daonnachas na hAthbheochana an ghluaiseacht cheannasach chultúrtha san Eoraip le linn Iognáid. Mar a tharlaíonn sé, ba Chríostaithe go smior iad an chuid ba mhó de dhaonnachtaithe na haimsire. Go
sonrach, bhí an dearcadh céanna acu ar luach agus dínit gníomhaíochta daonna sa phobal. Anuas air sin, bhí a leithéid de ghníomhaíocht dhaonna, i dtéarmaí Críostaí, beannaithe. Bhí an clár oideachais a bhí ag na daonnachtaithe (agus ag na hÍosánaigh níos déanaí), dírithe ar dhaoine a bheith gafa sa saol poiblí – saol sa polis (a chiallaíonn ó bhunús cathair-stát). Do thromlach na ndaoine, is anseo a thagtar chun naofachta. Chreid Iognáid gurb é an t-aontas le Dia toradh an rinnfheithimh agus na gníomhaíochta araon. Ón uair a ghlactar leis an bprionsabal seo, feictear go bhfuil luach diaganta chomh maith le daonna leis an ngníomhaíocht. Dá bharr sin, spreagtar duine, gan an domhan a dhíspeagadh, ach a ghlacadh; gan tarraingt siar ón domhan ach dul i ngleic leis. Tá tréith ‘shaolta’ sa spioradáltacht Iognáideach a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar iontais. Is téacs clasaiceach ar an ábhar seo an ceann ag Nadal (compánach le hIognáid) agus é ag machnamh ar bheatha inmheánach an naoimh: Tá a fhios againn go bhfuair an tAthair Iognáid an grásta aonarach ó Dhia aoibhneas a go neamhshrianta as rinnfheitheamh na Tríonóide agus suaimhneas a ghlacadh ann ... agus é seo freisin, go ndearna sé machnamh ar láithreacht Dé i ngach uile ní, i uile ghníomhaíocht agus i ngach uile chomhrá agus gur mhothaigh
sé réadúlacht spioradálta, ionas go raibh sé ina rinnfheifeach sa ghníomh chomh maith (rud a chuireadh sé i bhfocail mar seo: caithfear Dia fháil i ngach rud). B’fhéidir gurb é an abairt seo “rinnfheifeach sa ghníomh”, an mana is fearr a léiríonn an t-idéal mianaithe Iognáideach maidir le seasamh rinnfheifeach inár saol (inmheánachas a shaothrú mar a meabhraíodh inár n-altanna roimhe seo) a chomhcheangal le hionchur gníomhach sa saol. Níl an rinnfheitheamh taobh le hamanna paidreacha foirmeálta ach leanann sé ar aghaidh sa bhaile, san oifig, sa mhonarcha - cibé áit a n-éilítear orainn a bheith ‘gníomhach’. Ní choinnímid ár mbeatha i rannáin ach déanaimid é a chomhthathú timpeall ar an Dia Beo atá i láthair agus le sonrú i ngach ní. Paidir a chabhraíonn leis an gcomhtháthú seo is ea an ‘ Rinnfheitheamh chun teacht ar an nGrá’ ag deireadh na gCleachtaí Spioradálta. I nóta tosaigh, deir Iognáid: “Ba chóir don Ghrá é féin a léiriú níos mó trí ghníomhartha ná trí bhriathra”. Tagraíonn an nath seo dár ngrá dá
chéile chomh maith lenár ngrá do Dhia. Thairis sin, áfach, treoraíonn Iognáid níos doimhne sinn chun meas a bheith againn ar luach na gníomhaíochta, nuair a thugann sé an léiriú seo ar Dhia: Déanfaidh mé machnamh ar an gcaoi a saothraíonn agus a n-oibríonn Dia ar mo shon i ngach créatúr ar dhroim an domhain; is é sin, gníomhaíonn sé mar dhuine atá ag saothrú. Mar shampla, oibríonn sé sna flaithis, sna dúile, sna plandaí, sna torthaí, sna heallaí, agus i ngach ní eile - ag tabhairt a mbeatha dóibh, á gcaomhnú, ag comhoibriú lena ngníomhaíochtaí fásmhara agus mothálacha, agus mar sin de. Ansin déanfaidh mé orm féin. Is dócha go bhfuil taithí againn ar smaoineamh ar láithreacht Dé sa domhan. Feictear é seo go minic mar láithreacht charthanach, ach cineál neamhpháirteach. D’Iognáid, áfach, tá láithreacht Dé gníomhach – saothraíonn sé ar ár son sa chruthú. Múnlaíonn Dia bealach dúinn le bheith sa domhan a dhéanann comhoibrithe leis féin dínn ar son leasa gach ar chruthaigh sé.
Foclóirín: Rinnfheifeach: contemplative (aidiacht); Tuairgain: pound (briathar); Éargna: discernment; daonnachas: humanism; Fásmhar: growing (aidiacht); Na dúile: the elements, creation
32
Timire
Timire
Tóg go bog é agus glac do scíth Alt a dó sa tsraith
Pádraig Ó Fatharta In eagrán an Fhómhair den Timire, tá cur síos ar stócáil i gcóir scíth dhomhain agus tú i do luí ar do dhroim. Seo ar aghaidh linn anois le modh na scíthe féin. Níl an focal scríofa feiliúnach chun duine a threorú céim ar chéim, faraor – bheadh ar dhuine dul ó léamh go cleachtadh gach cúpla soicind. Tá an buntáiste leis an bhfocal labhartha, agus mar a tharlaíonn, tá ‘Scíth’, an dara dlúthcheirnín liom féin san tsraith, ‘Sa mBaile i
Mo Cholainn’, ar fáil faoi láthair. Agus tú ag ligean scíthe mar seo, ní bhíonn dada le déanamh agat, cé nach foláir duit fanacht san airdeall chomh maith agus is féidir. Sin le rá go mbíonn do intinn ag obair; bíodh do aire agus do shamhlaíocht beo, ach deas éadrom chomh maith. Bíodh sé mar bheifeá ag scairteadh tóirse ar rud éigin píosa uait. Gan stró dá laghad, an corraí is lú i gcaol do láimhe, cuireann sé an ga solais ag ránaíocht i bhfad is i ngearr. Anseo freisin bíonn tú gan
stró dá laghad ag díriú solas d’intinne ar pháirteanna díot féin agus ar do chéadfaithe. Aon uair dá bhfaigheann tú do aire imithe ar seachrán ag cuimhneamh ar rudaí eile, tar ar ais arís. Ni hionann an scíth seo chor ar bith agus do mhaidí a ligean le sruth, ní mór an obair intinne a dhéanamh. Ní bheadh muid ag iarradh, mar sin, go dtitfeá i do chodladh, ach sa gcás is go dtitfeá, cén dochar! – beidh deiseanna go leor eile agat amach anseo, le cúnamh Dé. Más maith leat na súile dúnta, ligeann tú dóibh sin a dhéanamh go deas réidh. Airíonn tú cúl do chinn ar na leabhair. Airíonn tú, freisin, na páirteanna eile díot atá ag teacht ar an talamh. Is fiú i gcónaí cluas a chur ort féin chun éisteacht leis na fuaimeanna atá thart ort. Tugann tú do chuid análú faoi deara. Tógann an méid sin ar fad cúpla nóiméad. D’fhéadfá tosú áit ar bith, ach is fiú teacht ar ais chuig cúl an mhuiníl roinnt uaireanta. Is minic le cúl an mhuiníl agus na guaillí bheith tarraingthe suas agus cúl an chinn a bheith ag fáisceadh anuas, an dá áit ag tarraingt in aghaidh a chéile, agus má bhíonn teannas sa muineál bíonn teannas i chuile áit, díreach mar a airíonn an cholainn ar fad deas éadrom má bhíonn saoráid san muineál. Tá an bhaithis, na súile agus an t-éadan tábhachtach chomh maith – nach minic go mbíonn roic san mbaithis, na beola fáiscthe go tanaí le chéile agus díocas fiacla ar dhuine le teann teannais! D’fhéadfá, cuir i gcás, do bhaithis a shamhlú chomh mín le gloine nó reothalach leac-oighir, na malaí a shamhlú neodrach agus an drandal bog.
33
Cleas eile ná gleann an droma a shamhlú ag fáil te. Áit thábhachtach eile í an ascaill, mar gur minic le daoine na géaga uachtaracha a bheith fáiscthe. Go deimhin is fiú súil a choinneáil ar na mór-ailt ar fad: rúitíní, glúine, corróga, caola na lámh, uillinneacha agus ascalaí-guaillí. Ag filleadh ar do chuid análú anois is arís, déan cinnte nach mbeidh tú ag cur brú ar an anáil ar aon bhealach, ag iarradh an anáil a dhoimhniú trí aer a shú isteach; ina leaba sin, tabhair
Bíodh do aire agus do shamhlaíocht beo, ach deas éadrom chomh maith. cead a cinn don anáil amach, agus nuair a bhíonn a cúrsa rite aici, fan, agus isteach leis an anáil arís uaithi féin! Thart ar fiche nóiméad is fearr a fheileann. Seachain an éireofá de léim! Mara mbeadh dada eile, d’fhéadfá stangadh a bhaint as do dhroim. Is fearr tosú ag corraí de réir a chéile: na súile a oscailt agus a chaochadh roinnt uaireanta, agus roinnt rudaí thuas os do chionn a thabhairt faoi deara; an cloigeann a chasadh ó thaobh go taobh beagán; na glúine freisin a chur ó thaobh go taobh roinnt uaireanta, agus go ginearálta téamh suas sula n-éireoidh tú. Má bhíonn an droim ag cur as duit, mar a bhíonn do go leor daoine faoi láthair, d’fhéadfá luí ar do thaobh tamall, agus ansin éirí ar do chaoi féin, i do am féin.
Foclóirín: Saoráid: ease/freedom from constraint; Baithis: crown (ag tagairt don chloigeann); Stócáil: ag déanamh ullmhúcháin (ainm briathara)
34
Timire
Síle Ní Chearbhaill
Torthaí an tSuirbhé Tá muid thar a bheith buíoch de gach éinne a sheol isteach an suirbhé a bhí istigh in eagrán an fhómhair den Timire. Chuir muid amach ceithre chéad is caoga de na suirbhéanna agus fuair muid sé cinn is céad ar ais. Ag breathnú ar na torthaí ar fad, mar aonad, tá áthas orainn a chloisteáil go bhfuil an chuma ar an scéal go dtaitníonn An Timire go mór leis na léitheoirí. Gheobhaidh tú thíos mioneolas ar na freagraí. Mar achoimre, is féidir a rá go mbíonn an iris léite ag tromlach na ndaoine a fhaigheann í. Léann 42% díbh na hintinní i gcónaí agus ceapann 86% díbh go bhfuil na haltannaí suimiúil. Ceapann 75% de na leitheoirí go bhfuil an Ghaeilge san iris simplí le léamh, ach ag an am céanna, chuirfeadh 53% díbh fáilte roimh aguisín i ngach eagrán a mhíneodh cuid de na focail dheacra. Ó thaobh ábhar na n-altannaí, bheadh spéis ag go leor dár léitheoirí níos mó scéalta pearsanta a léamh agus ba bhreá leo freisin rud éigin a fheiscint ó am go ham ar dhaoine aitheanta. Seo thíos mioneolas ar na torthaí:
Ceist 1: An léann tú An Timire?
Ceist 2: An léann tú na hintinní?
I gcónaí: 59% Go minic: 25% Uaireanta: 14% Gan freagra: 2% Ceist 3: An léann tú na haltanna eile? I gcónaí: 44% Go minic: 34% Uaireanta: 17% Go hannamh: 2% Gan freagra: 3%
Ceist 5: Cad a mheasann tú faoin leibhéal Gaeilge?
Simplí le léamh: 76% Deacair: 22% Ró-dheacair: 2%
I gcónaí: 43% Go minic: 26% Uaireanta: 18% Go hannamh: 10% Gan freagra: 3%
Ceist 4: An léann tú léirmheasanna ar na leabhair?
I gcónaí: 41% Go minic: 34% Uaireanta: 15% Go hannamh: 9% Gan freagra: 1% Ceist 6: An gcuirfeá fáilte roimh aguisín a mhíneodh focail dheacra?
Chuirfinn: 54% Ní chuirfinn: 20% Gan freagra: 26%
Cúinne na Cócaireachta Níl sé mar thraidisiún againn in Éirinn fíoracha sinséir nó tithe sinséir a dhéanamh um Nollaig, ach caithfidh mé a admháil go dtaitníonn siad go mór liom, ní hamháin um Nollaig ach ag am ar bith den bhliain. Ba é an cáca breithlae ab fhearr liomsa agus mé i mo pháiste ná teach sinséar. Rinne mo mháthair ceann dom gach bliain. Níor thuig mé go dtí níos luaithe i mbliana cé mhéad iarrachta agus ama a thógann sé chun ceann acu a dhéanamh. Chaith mé cúpla seachtain i rith an tsamhraidh ag cleachtadh. Cé gur thaitin an cáca a dhéanadh mo Mham liom ag an am, ní thaitníonn sé liom a thuilleadh. Chuardaigh mé agus d’aimsigh mé an leabhar a bhí aici ar chúl cófra sa bhaile agus rinne mé an teach sinséar, ach níor bhlais sé mar an gcéanna! Bhain mé triail as go leor oideas difriúil ach ar deireadh bhí orm mo cheann féin a cheapadh.
An Teimpléad: Tá sé an-tábhachtach go ngearrann tú amach an teimpléad go cúramach nó titfidh an díon den teach! Is fearr cairtchlár a úsáid don teimpléad. Gearr amach: n Dhá dronuilleog 8cm x 13cm do na ballaí. n Dhá chearnóg 8cm x 8cm le buaicphointe 13cm, ar barr do na ballaí binne. n Dhá dronuilleog 17cm x18cm don díon.
Comhábhair
250g margairín 200g siúcra donn dorcha 5tbsp síoróip órga 1 ubh 600g plúr bán 2 tsp sóid aráin 3 tsp sinséar 1tsp cainéal Maisiúchán: 200g seacláid (bán nó bainne) “Razzles” “Dolly mix” “Buttons” Modh: 1. Leáigh an margairín, siúcra agus síoróip órga i sáspan thar teas íseal. 2. Crith na comhábhair thirime isteach i mbabhla agus measc a bhfuil sa sáspan isteach leo chun taos a dhéanamh. Cuir an taos i mála plaisteach agus cuir sa chuisneoir é ar
feadh thart ar 30 nóiméad. 3. Fad is atá an taos sa chuisneoir gearr amach an teimpléad don teach. 4. Réamhthéigh an t-oigheann go 190c/ gasmharc 6. 5. Roll amach an taos ar bhord plúrtha go tiús 1 cm. Gearr amach na teimpléid. Roll amach arís é más gá. Is féidir leat aon taos atá fágtha a úsáid chun “daoine” a dhéanamh. 6. Bácáil gach píosa ar feadh 12 nóiméad nó go dtí go mbíonn siad daingean le dath donn éadrom. Fág iad le fuarú ar feadh cúpla nóiméad. Gearr timpeall orthu arís ansin leis an teimpléad. Gearr amach doras agus fuinneoga. Fág an t-iomlán le fuarú. 7. Leáigh an seacláid, cuir i mála reoáin é agus úsáid é mar stroighin chun na ballaí a ghreamú le chéile. Bain úsáid as babhla chun tacaíocht a thabhairt do na ballaí, más gá. 8. Nuair atá na ballaí tirim, bain an tacaíocht agus cuir an díon orthu. B’fhéidir go mbeadh ort do lámha a choinneáil ar an díon ar feadh cúpla nóiméad chun é a choimeád ina áit. 9. Maisigh é le milseáin agus seacláid. Is maith liomsa úsáid a bhaint as “razzles” agus “buttons” mar thíleanna ar an díon. Cuirim “dolly mix” timpeall an dorais agus chun cosán a dhéanamh taobh amuigh den teach. Is féidir leat siúcra reoáin a úsáid mar shneachta.
Foclóirín: Dronuilleog: rectangle; Cainéal: cinnamon; Cairtchlár: cardboard; Taos: dough
Aspalacht na hUrnaí Intinní an Phápa Samhain 2013 Sagairt a bhfuil deacrachtaí ag goilliúint orthu, go bhfaighe said sólás ina nduainéis, le cothú le linn a n-amhrais agus le daingniú ina ndílseacht. Nollaig 2013 Go bhfaighe páistí a d’fhulaing tréigean nó foréigean, an grá agus an choimirce a theastaíonn uathu. Eanáir 2014 Go ndéantar an fhíorfhorbairt eacnamaíoch a chur chun cinn, a thugann urraim do dhínit gach cine daonna. Feabhra 2014 Go dtuga an Eaglais agus an tsochaí urraim d’eagna agus do chríonnacht na sinsearach.