4 minute read

Dearcadh ón Ollscoil Louise Farrell

22

Timire CROÍ NA hÓIGE

Dearcadh ón Ollscoil

Le tríocha bliain anuas, tá méadú mór millteach tagtha ar líon na mac léinn in ollscoileanna na tíre. Caithfi dh na húdaráis sna coláistí na léachtanna agus na modhanna teagaisc uilig a chur in oiriúint don athrú seo. Louise Farrell

I mbliana, táim i mo bhliain dheireanach ar an ollscoil, in OÉ Gaillimh. Táim ag déanamh staidéir ar na Dána; is iad m’ábhair ná an Ghaeilge agus an tSíceolaíocht. Sna laethanta seo, tugaim faoi deara gur taithí an-difriúil é mo shaol mar mhac léinn i mbliana, i gcomparáid le mo bhlianta eile anseo. I mbliana, caithfi dh mé a bheith fi osrach faoi na deiseanna a bheidh ar fáil dom an bhliain seo chugainn mar chéimí óg. Sna blianta eile, bhí níos mó ama agam chun taitneamh a bhaint as saol an mhic léinn. Fós, caithfi dh mé a rá go raibh forbairt phearsanta agus oideachasúil ag baint le gach bliain anseo dom.

Sa chéad bhliain, bhog mé amach as an teach don chéad uair. Fuair mé deis chun scileana saoil a fhoghlaim; anois tá scileanna cócaireachta agam agus táim in ann m’éadaí a ní! Chomh maith le sin, bhuail mé le go leor mic léinn eile. Bhog mé isteach le cúigear cáilíní agus táim sásta le rá go bhfuil muid fós cairdiúil le chéile inniu.

Sa dara bliain, bhí mé i mo bhall de chúpla club agus cumann san ollscoil. Bhí mé gníomhach sa gCumann Damhsa agus chuaigh mé thar lear leis an gCumann Ceoil Traidisiúnta. Toisc nach raibh mé faoi bhrú mór acadúil sa chéad agus sa dara bliain, bhí mé in ann níos mó ama agus aire a dhíriú ar mo chaithimh aimsire.

I mo thríú bliain, fuair mé deis chun staidéar a dhéanamh thar lear sa tSualainn. Ba í an bhliain seo an chuid ba thábhachtaí agus ba luachmhaire de mo chéim ollscoile, dar liom. D’fhoghlaim mé teanga nua. Bhí mé i mo chónaí le go leor mic léinn idirnáisiúnta eile agus mar thoradh ar seo, d’fhoghlaim mé faoi chultúir eile. Chomh maith le sin, chuir mé feabhas orm féin ó thaobh forbairt phearsanta de.

Níos tábhachtaí ná aon rud eile, thug an taithí seo tuiscint shoiléir dom ar na fadhbanna atá againn sa tír seo leis an gcóras pointe Ardteistiméireachta agus an córas ollscoile. Ag déanamh staidéir ar an tsíceolaíocht sa tSualainn anuraidh, bhí mé i léachtaí beaga de fhiche mac léinn idirnáisiúnta. Bhí cumas intleachta ard laistigh den ghrúpa toisc go bhfuil gráid áirithe riachtanach chun áit a fháil san ollscoil mar mhac léinn idirnáisiúnta. Mar thoradh ar seo, bhí an léachtóir in ann dúshlán intleachta a thabhairt do gach duine sa léacht agus cumas an ghrúpa a fheabhsú i rith an chúrsa. Bhí orainn cur i láthair a dhéanamh go minic agus bhain mé leas mór as grúpdhíospóireacht sna léachtaí. Mar gheall ar an méid beag daoine sna léachtaí, bhí muid in ann dúshlán a thabhairt dá chéile agus feabhas a chur ar ár gcuid scileanna chumarsáide.

Mothaím gur trua mhór é go bhfuil

Timire 23

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

mic léinn Éireannacha ina mbaill de léachtaí de níos mó ná 100 duine den chuid is mó den am. Chomh maith le sin, tá cumais dhifriúla ag na mic léinn laistigh de na léachtanna. Mar gheall ar an méid mór daoine atá ann agus na difríochtaí mhóra idir chumais na mac léinn sa léacht, níl na léachtóirí in ann dúshlán a thabhairt do na mic léinn is fearr ná níos mó cabhair a thabhairt do na mic léinn is laige.

Is é an córas pointe Ardteiste foinse na faidhbe, dar liom. Braitheann sé ar sholáthar agus éileamh áiteanna ar chúrsaí ollscoile, gan aird ar dheacracht an chúrsa. Ciallaíonn sé seo go bhfuil pointí ísle ag cúrsaí le go leor áiteanna, cosúil leis na Dána. De ghnáth, tá ar dhaltaí ardteistiméireachta timpeall 300 go 400 pointe a fháil chun na Dána a dhéanamh san ollscoil sa tír seo. Ciallaíonn sé seo go bhfuil daltaí le 300 pointe agus le 600 pointe in ann an cúrsa céanna a dhéanamh. Mar thoradh ar seo, tá sé an-deacair do na léachtóirí cúrsa a chur le chéile atá oiriúnach do gach mac léinn sa léacht. Uaireanta, laghdaíonn an fhadhb seo caighdeán na céime.

Mar gheall ar an gcóras pointe Ardteiste, tá líon mór daoine ag freastal ar ollscoileanna sna laethanta seo. Tá na pointí riachtanach chun dul ar ollscoil ag go leor daltaí gach bliain. In Éirinn, i 1965, chuaigh 11% de dhaltaí go hollscoil tar éis na hArdteiste. Sa mbliain 2004, chuaigh 54% de dhaltaí go hollscoil. Caithfidh na hollscoileanna na léachtanna agus na modhanna teagaisc uilig a chur in oiriúint don athrú seo, dar liom.

Tar éis bliana thar lear, tá imní orm go bhfuil caighdeán na gcéimeanna ollscoile sa tír seo ag laghdú mar gheall ar an gcóras pointe Ardteistiméireachta. É sin ráite, cé go bhfuil frustrachas orm i mbliana leis an gcóras oideachais agus ollscoile sa tír seo, caithfidh mé a rá gur bhain mé an-taitneamh agus leas as mo bhlianta anseo agus dhéanfainn arís é dá mbeadh an seans agam.

Foclóirín: Na Dána: Arts

Mothaím gur trua mhór é go bhfuil mic léinn

Éireannacha ina mbaill de léachtaí de níos mó ná 100 duine den chuid is mó den am

This article is from: