4 minute read

Béaltrialacha Gaeilge Claire Bogan

24 Timire CROÍ NA hÓIGE

Béaltrialacha Gaeilge

Beidh na Béaltrialacha don Ardteist ag druidim linn go luath. Béaltrialacha comónta don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal a bheidh ann agus beidh Béaltriail ar leith ann don Bhonnleibhéal. Seo comhairle phraiticiúil ó mhúinteoir a bhfuil na blianta taithí aici.

Claire Bogan

Maidir leis na Béaltrialacha don Ardleibhéal agus don Ghnáthleibhéal, beidh 240 marc ag dul leis an scrudú seo – sé sin, 40% de mhóriomlán na marcanna. Mairfi dh an Béaltriail ar feadh cúig nóiméad déag agus beidh ceithre chuid ann (1) Fáiltiú (2) Léamh na Filíochta (3) Cur síos ar Shraith Pictiúr (4) Comhrá. FÁILTIÚ – Beidh an Scrúdaitheoir ag lorg eolais uait mar gheall ar shonraí pearsanta, i.e. d’ainm; d’aois; do sheoladh baile; do dháta breithe agus do scrúduimhir. Tá 5 mharc ag dul don chuid seo. LÉAMH NA FILÍOCHTA – Iarrfar ort ceann amháin de na cúig dhán ainmnithe ón gcúrsa chomónta litríochta a aithris nó a léamh os ard. Seo iad na dánta: An tEarrach Thiar; An Spailpín Fánach; Colscaradh; Géibheann; Mo Ghrá-sa (idir lúibíní). Tá 35 marc ag dul don chuid seo. Tá lán cead agat do chóip féin de na dánta a thabhairt isteach leat agus is féidir leat do chuid nótaí maidir le foghraíocht a bheith scríofa os cionn na bhfocal ins na dánta. Sa chuid seo den scrudú, beidh ortsa a chur in iúl don Scrúdaitheoir go dtuigeann tú an dán. Dá bhrí sin, cuir brí agus beocht isteach i do ghuth agus tú ag léamh nó ag aithris an dáin. CUR SÍOS AR SHRAITH PICTIÚR – Ba cheart go mbeadh an scéal sa bhfi che Sraith Pictiúr ar eolas agat. Roghnóidh an Scrúdaitheoir pictiúr amháin go randamach agus beidh ort ansin an scéal atá ann sa phictiúr a insint don Scrúdaitheoir. Ansin, cuirfi dh tú trí cheist a bhaineann leis an bpictiúr ar an Scrúdaitheoir agus ina dhiaidh sin, cuirfi dh an Scrúdaitheoir trí cheist ortsa maidir leis an bpictiúr. Tá 80 marc ag dul don chuid seo. COMHRÁ – Comhrá ginearálta a bheidh ann anseo. Tá 120 marc ag dul don chuid seo: 75 marc don stór Gaeilge agus 45 marc ar chumas teanga. Dá bhrí sin, bí ag caint! Ní féidir leis an Scrúdaitheoir marcanna a bhronnadh ortsa dá mba rud é nach bhfuil ach freagraí gearra gonta agatsa. Agus anois, bí ag machnamh ar na pointí seo a leanas: Bí ag éisteacht go cúramach leis na ceisteanna a chuirfi dh an

Scrúdaitheoir ort agus freagair na ceisteanna sin go soiléir agus go cúramach. Tabhair aire speisialta do ‘aimsir’ na ceiste. Agus tú ag ullmhú agus ansin, ag déanamh athdhéanamh ar do cheisteanna agus do fhreagraí, bí lán cinnte go mbeadh freagraí agat ar cheisteanna san aimsir láithreach, san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach. Téigh ar ais ar na briathra rialta agus ar na briathra neamhrialta mar ullmhuchán. B’fhéidir nach dtuigfi dh tú an cheist a chuirfi dh an Scrúdaitheoir ort. Céard a

Timire

25

dhéanfaidh tú ansin? Bhuel, abair leis an Scrúdaitheoir: “Gabh mo leithscéal, a Scrúdaitheoir. Níor thuig mé an cheist i gceart. An féidir leat an cheist a chur orm arís, le do thoil?” Má chuireann an Scrúdaitheoir ceist ort agus b’fhéidir nach bhfuil eolas agat ar an ábhar sin, céard a dhéanfaidh tú ansin? Bhuel, seo seans duitse an comhrá a stiúradh ‘i do threo féinig’ – mar shampla, má chuireann an

Scrúdaitheoir an cheist seo ort: “An bhfuil suim agat i bpolaitíocht na tíre seo?” – seo an plean. Smaoinigh ar feadh nóiméad amháin agus ansin, is féidir leat an freagra seo a thabhairt – “Anois, a Scrúdaitheoir, sin ceist shuimiúil. Caithfidh mé a rá leat nach bhfuil spéis agam sa pholaitíocht ag an am seo. Níl am le sparáil agam mar tá mé ag staidéar go dian don

Ardteist, ach, tá suim agam sa cheol / sa pheil / sa rince ...” agus lean ort ansin ag caint mar gheall ar an ábhar sin. Maidir leis na topaicí sa chomhrá, ba cheart go mbeidh freagraí agat ar na ceisteanna seo a leanas – do chlann; do cheantar; an scoil; caitheamh aimsire (ba cheart go mbeadh dhá nó trí chaitheamh aimsire agat); laethanta saoire (céard a rinne tú an samhradh seo caite? / céard a dhéanfaidh tú an samhradh seo chugainn?); tar éis scoile (post / cúrsa san ollscoil / cúrsa sa choláiste srl ..); ceisteanna sa mhodh coinníollach, mar shampla - dá mbeifeá i do Phríomhoide sa scoil seo?; dá mbeadh duais agat sa Chrannchur Náisiúnta?; dá mbeifeá i do Thaoiseach sa tír seo?

Sa deireadh, ná déan dearmad go bhfuil an Scrúdaitheoir ann chun marcanna a bhronnadh ortsa sa Bhéaltriail. Dá bhrí sin, cosúil leis na Gasóga – bí ullamh roimhré agus sa scrudú féin, bí ag caint!

Go n-éirí go geal libhse go léir ag na Béaltrialacha!

Is múinteoir Gaeilge i mBaile Átha Cliath í Claire Bogan.

This article is from: