2015 Ard-Fheis

Page 1

Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Clár na hArd-Fheise DÉ hAOINE, 17 AIBREÁN 2015 Plé

10.00

Réamhchruinnithe san Óstán

Eile

13.00

Crann cuimhneacháin ar Shéamus Ó Coisdealbha ag Gaelscoil an tSlí Dála

20.00

Seoladh na hArd-Fheise le Liam Ó Néil, Iaruachtarán an Chumann Lúthchleas Gael Seimineár na hArd-Fheise AG IMIRT TIONCHAIR AR AN gCÓRAS POLAITIÚIL - comhairliúchán & olltoghcháin atá le teacht Cainteoirí: • Nodlaig Ní Bhrollaí, Abhcóide agus Gníomhaí Teanga • Tomás Ó Síocháin, Clárbhainisteoir OÉ Gaillimh agus Iar-Chlár-Reachtaire TG4 & RTÉ • Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Plé 20.30

Cathaoirleach: Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge Siamsaíocht

22.00

Ceol agus fáiltiú - urraithe ag Dáil na Mumhan

DÉ SATHAIRN, 18 AIBREÁN 2015 08.00

Bricfeasta

08.30

Caint iarbhricfeasta ón Seanadóir Labhras Ó Murchú

09.30

Cuntais an Chonartha & Forbairt na hEagraíochta

10.00

Plé ar na rúin de réir tosaíochtaí

12.00

Na rúin nár pléadh a aontú nó a dhiúltú

12.15

Tuairisc ó na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha

12.45

Caint an Uachtaráin

Siamsaíocht

13.00

Lón

Ceardlanna

14.15

Ceardlanna: • Forbairt ar bhallraíocht agus ionadaíocht san eagraíocht

Siamsaíocht

15.15

Siúl urraithe 5k do Ghaelscoil an tSlí Dála

20.00

Fáiltiú roimh Dhinnéar: • Cur i láthair agus bronnadh ar Ghaelscoil an tSlí Dála

20.30

Dinnéar agus Céilí na hArd-Fheise

Siamsaíocht

Plé

Siamsaíocht

DÉ DOMHNAIGH, 19 AIBREÁN 2015

2

Eile

09.30

Aifreann ar an mBealach Mór

Siamsaíocht

14.30

Siúlóid ar Bhearna Éile

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

CLÁR LEABHAR NA hARD-FHEISE 1. Na Rialacha Seasta .............................................................................................................

5

2. Tuairisc an Uachtaráin ....................................................................................................... 6 3. An Eagraíocht: 3.1. Na Coistí agus Ionadaíocht ....................................................................................... 11 3.2. An Fhoireann ..............................................................................................................

12

3.3. An Tinreamh ar Chruinnithe de na Coistí Ceannais ............................................. 13 3.4. Tuairisc na hEagraíochta ........................................................................................... 14 3.6. Na Cuntais Airgid 2014 ............................................................................................. 26 3.7. Bailiúchán Náisiúnta 2014 ......................................................................................... 34 3.8. Síntiús na nGael .......................................................................................................... 36 3.9. Comhbhrón .................................................................................................................

36

4. Tuairiscí na nEagraíochtaí faoi Scáth an Chonartha: 4.1. Tuairisc Seachtain na Gaeilge Teo ................................................................................ 38 4.2. Tuairisc Oireachtas na Gaeilge ....................................................................................

40

4.3. Tuairisc Ógras ............................................................................................................. 43 4.4. Tuairisc An Coimisiún le Rincí Gaelacha .................................................................... 44 5. Tuairisc Clódhanna Teoranta ............................................................................................... 47 6. Tuairiscí ó na Tograí 6.1. Tuairisc An Clár As Gaeilge ........................................................................................

49

6.2. Tuairisc Gael-Fhorbairt na Gaillimhe .......................................................................... 50 6.3. Tuairisc Gaeilge Locha Riach ....................................................................................... 52 6.4. Tuairisc Scéim an Aonaigh .......................................................................................... 54 6.5. Tuairisc Togra Mhaigh Eo ...........................................................................................

55

7. Ainmniúcháin do na Toghcháin 2015 .............................................................................. 58 8. Rúin na hArd-Fheise 2014 ................................................................................................. 60 9. Miontuairiscí Ard-Fheis 2014, Cill Airne ........................................................................ 65 10. Uachtaráin Chonradh na Gaeilge ..................................................................................

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

70

3 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Buail is osclófar Knock and it will open Logáil isteach ar www.gaeilge.ie leis an mbealach is tapúla a fháil go dtí an t-eolas atá uait. Féach na mionfhógraí ar NASC, áit ar féidir leat: > fógra a chur suas le cúrsa nó imeacht a lorg nó a fhógairt, > do réimse spéise a chlárú chun foláirimh a fháil a nuair a fhógraítear eolas nua, nó > a bhfuil ar fáil i do cheantar féin a chuardach – agus a lán eile. Just log on to www.gaeilge.ie for the quickest route to the information you need. Check out the NASC classified ads where you can: > post an ad to request or advertise a course or event, > register your area of interest to get alerts when new info is posted, or > search for what’s available in your neighbourhood – and much more.

1850 325 325 / 0845 309 8142 eolas@forasnagaeilge.ie

87

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

1. NA RIALACHA SEASTA 1. 2. 3. 4. 5. 6. 7. 8.

Trí nóiméad don té a mholann rún. Dhá nóiméad don té a chuidíonn leis an rún. Níl cead ag aon duine eile labhairt níos faide ná dhá nóiméad. Níl cead ag aon duine labhairt faoi dhó i dtaobh na ceiste céanna ach amháin an té a mholann rún. Níl cead ag teachta athrá a dhéanamh ar chaint a thug teachtaí eile cheana féin. Is é 25 teachta a bheidh mar líon gnó le linn na hArd-Fheise. Ní cheadaítear rún ar bith nach bhfuil luaite ar an gclár a phlé mura gcuirtear na Rialacha Seasta ar leataobh. Chun na Rialacha Seasta a chur ar leataobh ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vóta a chaitheamh ar a thaobh sin.

9.

10.

11. 12.

13.

Ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vótáil ar son rúin phráinní, a phléifear faoi riail 6, le go nglacfar leis mar rún. Beidh aon rún a bhainfidh le hairgeadas, rún práinneach a phléifear agus a ghlacfar leis faoi rialacha 6 agus 7 ina measc, mar mholadh seachas mar threoir don Choiste Gnó nua le cur i bhfeidhm laistigh d’acmhainní na heagraíochta. Beidh cead labhartha ag iar-Uachtaráin an Chonartha. Muna bhfuil ar chumas teachta a bheith i láthair chun rún dá c(h)uid a mholadh ní foláir dó nó di é sin a chur in iúl don Ard-Oifig roimh ré agus ní foláir dó nó di teachta eile a fháil chun an rún sin a mholadh agus é sin a cheadú i scríbhinn. Muna ndéantar amhlaidh titfidh gach rún nach molfar dá réir seo. Ní ceadmhach leasú a mholadh ar rún má athraíonn sé spiorad an rúin.

COISTE GNÓ CHONRADH NA GAEILGE 2014-15

Chun tosaigh ó chlé: Aodhán Ó Deá; Jacqueline Uí Mhuirí; Paula Melvin; Donnchadh Ó hAodha; Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán; Íte Ní Chionnaith; Máire Uí Ghairbhí; Celine Ní Chóchlaigh; Leachlain Ó Catháin; Pádraig Mac Fhearghusa. Dara sraith ó chlé: Breandán Ó Cathasaigh; Feidhlim Seoighe; Conchubhair Mac Lochlainn; Peadar de Blúit; Peadar Mac Fhlannchadha; Tomás Mac Ruairí; Aodán Ó Sé; Aedín Uí Mhaoildéigh; Seán Ó Cionfhaola; Pádraig Ó Cuinneagáin.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

5 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

2. TUAIRISC AN UACHTARÁIN 2015

A chairde sa Chonradh, Ba mhaith liom ar dtús fáilte a chur roimh theachtaí na hArd-Fheise agus roimh chairde Chonradh na Gaeilge chuig ArdFheis 2015 i Ros Cré. Is mian liom, thar bhur gceann, buíochas ó chroí a ghabháil le Craobh Ros Cré, Coiste Chontae Thiobraid Árann agus le Dáil na Mumhan as na socruithe a dhéanamh dúinn don Ard-Fheis seo. Ón dtaca seo anuraidh i gCill Airne tá chuid mhaith tar éis tarlú i dtaobh na Gaeilge agus na heagraíochta de. An Ghaeilge. Ó thuaidh thug an tIar-Aire Cultúr Gregory Campbell le fios do chomhdháil an DUP nach ngéillfeadh a pháirtí ‘go deo’ don éileamh ar Acht Teanga, agus seo roimh an gcomhairliúchán poiblí is déanaí ar an ábhar a bheith tosaithe fiú. San Eoraip is cosúil nach bhfuil rialtas na hÉireann sásta deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, rud a chruthódh postanna ar ardchaighdeán do chainteoirí Gaeilge, gan trácht ar sheirbhís níos fearr a chur ar fáil don saoránach. Ó dheas, tráth a cheapann muintir na Gaeltachta go bhfuil siad á dtiomáint chuig na haille ag an státchóras chonaiceamar Taoiseach na tíre ag ceapadh Aire Stáit nach raibh líofa sa teanga le bheith i mbun cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Freisin le breis agus bliain ónar fógraíodh go raibh córas úrnua le cur in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge sa státseirbhís, cé is moite de Roinn na Gaeltachta ní raibh ach 10 bpost fógartha ag na ranna rialtais mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag gabháil leo. Is léir

6

Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

go bhfuil plean an rialtais in aimhréidh agus ochtar Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a dteastaíonn duine le Gaeilge dó. Sampla maith eile de dhrochmheas an Stáit ar an nGaeilge ba ea an scéal gur baineadh leas as ‘Google Translate’ chun Gaeilge a chur ar shuíomh idirlín Éire 2016, sliocht as Forógra na Poblachta san áireamh. Le breis is bliain imithe ónár éirigh an Coimisinéir Teanga as oifig is léir nach amháin go bhfuil an ‘Briolla bhrealla, mugadh magadh agus bréaga’ fós i réim ach go bhfuil sé á chothú go leanúnach. In ainneoin é sin ar fad léiríonn gach suirbhé go bhfuil tromlach an phobail i bhfabhar seirbhís as Gaeilge a bheith ar fáil don té atá á iarraidh, oideachas as Gaeilge don té atá á iarraidh agus níos mó deiseanna a bheith curtha ar fáil an Ghaeilge a úsáid. Is léir nach bhfuil an státchóras ag freastal ar éilimh an phobail. An Eagraíocht Le bliain anuas tá claochlú tar éis tarlú sna heagrais Ghaeilge ar fad, le cinneadh an

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

19


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

chomhlachta stáit Foras na Gaeilge gan aon eagraíocht Ghaeilge a bhunmhaoiniú ó Mí Iúil 2014 ar aghaidh. I leaba sin d’fhógair siad sé réimse gníomhaíochtaí ina raibh siad sásta clár oibre a mhaoiniú. Chuir Conradh na Gaeilge isteach ar an gcóras nua iomaíoch seo le bheith i mbun oibre sa réimse Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht agus d’éirigh linn conradh trí bliana a fháil le clár oibre aontaithe a chur i gcrích. Cé gur féidir linn roinnt dár gcuid spriocanna a bhaint amach tríd an réimse seo caithfear a thuiscint gur réimse cúng é i dtaobh gnáthobair laethúil an Chonartha mar eagras pobail agus mar shampla praiticiúil ar sin níl maoiniú ó Fhoras na Gaeilge ar fáil níos mó do thimireacht do na craobhacha, d’irisí liteartha, chun ranganna a eagrú, don Siopa Leabhar nó d’fháilteoir sa cheannáras fiú. Chailleamar ceathrar fostaí dílis freisin mar gheall ar na hathruithe seo sa chóras maoinithe agus ba mhaith liom an deis a thapú buíochas thar bhur gceann a ghabháil le Mairéad Seoighe, Máire Ní Dhuiginn, Darragh Ó Tuama agus le Siún Ní Dhuinn dá dúthracht agus proifisiúntacht le linn na mblianta a chaith siad linn, agus guímid gach rath orthu ina saol amach anseo. Ba mhaith liom buíochas ó chroí freisin a ghabháil le baill an Bhuanchoiste ach go háirithe, a raibh orthu plé le cúrsaí fostaíochta go minic le linn an phróisis seo. Bhí an-chuid ama agus fuinnimh caite ag coistí ceannais na heagraíochta le cúpla bliain anuas ag réiteach le cinntiú go mbeidh deis mhaith againn an conradh oibre seo a bhuachan agus tá moladh faoi leith ag dul don Uachtarán romham Donnchadh Ó hAodha. De thoradh ar an gconradh a bhuachan bhíomar in ann oifig nua a oscailt i mBéal Feirste le beirt ag obair ann ag plé le cúrsaí cosanta

teanga, duine a fhostú i nGaeláras Mhic Ardghail - ionad Chraobh Iúir Chinn Trá den Chonradh – ag plé le feasacht ar an teanga, taighdeoir a fhostú sa cheannáras agus oifigeach ilmheáin ag plé leis an suíomh idirlín nua againn peig.ie. Le hathraithe móra mar seo in achar gairid is baol go mbeadh gach fostaí agus an coiste ceannais ag plé leis an bplean oibre aontaithe le Foras na Gaeilge amháin, ach tá ról agus misean Chonradh na Gaeilge níos leithne ná sin. Caithfidh an eagraíocht bheith in ann feidhmiú go neamhspleách ón réimse oibre sin agus cumas againn tabhairt faoi cibé obair a éilíonn an bhallraíocht. Chuige sin tá gá le níos mó oibre deonaí ón gCoiste Gnó agus ó fhochoistí na heagraíochta, agus le foireann bhreise maoinithe go neamhspléach ó airgid stáit. Tá tús curtha leis seo le Bainisteoir Forbartha, Oifigeach Dara Leibhéal, Comhordaitheoir Mac Léinn Tríú Leibhéal agus Bainisteoir Díolacháin fostaithe againn. Is céim mhór chun tosaigh é seo go bhfuil ceathrar fostaithe againn neamhspleách ó airgid an stáit agus tá súil againn é a fhorbairt amach anseo. Le cúpla bliain anuas bhí orainn am agus fuinneamh a chaitheamh ag cinntiú go mbeadh sciar den airgead stáit ar fáil dúinn. Anois is é an dúshlán atá ann ná díriú isteach ar fás agus forbairt na heagraíochta agus níos mó daoine agus grúpaí a spreagadh chun gnímh ann. Tá sé riachtanach go mbeadh gluaiseacht phobail láidir sa tír neamhspleách ón stát agus beimid ag súil le cur leis an ngluaiseacht againn sa bhliain atá romhainn. Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Aibreán 2015.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

9


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Seachtain na Gaeilge Teo. Stiúrthóirí: Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Feidhlim Seoighe.

3. AN EAGRAÍOCHT 3.1. COISTÍ AGUS IONADAÍOCHT An Coiste Gnó Tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Gnó nua ar 29 Márta 2014 agus toghadh Niall Comer mar Thánaiste ar an gConradh ag an gcruinniú sin. Bhí 8 gcruinniú den Choiste Gnó ann ó Ard-Fheis 2014 go dtí 21/03/2015. An Buanchoiste Tionóladh an chéad chruinniú den Bhuanchoiste nua ar 10 Bealtaine 2014. Bhí 9 gcruinniú den Bhuanchoiste ann ó Ard-Fheis 2014 go dtí 21/03/2015. Seo a leanas baill an Bhuanchoiste: Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán, Niall Comer, Tánaiste, Aodán Ó Sé, Conchubhair Mac Lochlainn Donnchadh Ó hAodha, P T Mac Ruairí, Pádraig Mac Fhearghusa, Paula Melvin, Seán Ó Murchadha Coiste Chomhoibrithe le Foras na Gaeilge Bhí 4 chruinniú den choiste nua seo, a glacadh leis ag an Ard-Fheis in 2014, ó 26 Iúil 2014. Seo a leanas baill an Choiste Comhoibrithe: Donnchadh Ó hAodha, Cathaoirleach, Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán, Niall Comer, Tánaiste, Seán Ó Murchadha, Ruth Ní Shiadhail, Sinéad Ní Mhearnóg. Ionadaíocht Is iad seo a leanas na hionadaithe thar ceann an Choiste Ghnó a ainmníodh ar eagraíochtaí agus ar choistí éagsúla i rith na bliana: Coiste Stiúrtha Ógras Peadar de Blúit; Paula Melvin.

Coiste Náisiúnta an Oireachtais Glacadh le leagan amach nua ar choiste Náisiúnta an Oireachtais ag cruinniú den Choiste Gnó ar 21 Márta 2015. Na Naíonraí Gaelacha Maolsheachlainn Ó Caollaí. Clubanna Chonradh na Gaeilge Baile Átha Cliath: PT Mac Ruairí. Gaillimh: Jacqueline Uí Mhuirí. Foras Éireann P.T. Mac Ruairí. An Fhéile Phan-Cheilteach Seán Ó Murchadha . An Coimisiúin le Rincí Gaelacha Baill Ceithre Bhliain: 2013 -2017: Éamonn de Bhál, Gráinne Ní Chonchubhair, Seán Mac Donnchadha 2015 - 2019: Máire Mhic Aogáin, Séamus Ó Sé, Éilis Uí Dhálaigh. Baill Dhá Bhliain 2015 -2017: Seán Ó Féagáin, Áine Uí Shé, Dónas Tréanlámhach, Aedín Uí Mhaoiléidigh, Máire Ní Cheallaigh, Máire Nic Giolla Rua. Liosta Náisiúnta baill Cúige 2015 - 2017 Uladh: Proinsias Mac Oirialla, Seán Mac an tSagairt; Mumhan: Máirín Ni Ruairc Tuathaigh, Seán Ó Cuileannáin; Laighean: Muirgheal de Brún, Colette Nic Ádhastar; Connacht: Gearóid Ó Cianaigh, Mairéad Nic Giolla Bhríde; Sasana: Dónal Ó Dochartaigh, Rós Mhic Giobúin, Máire Ní Dhufaigh; Albain: Eoghan Mac Amhlaoi.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

11 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

3.2. AN FHOIREANN Conradh na Gaeilge Julian de Spáinn

Ard-Rúnaí

Alma Ní Bhroin

Riarthóir

Seán Ó hAdhmaill

Bainisteoir Acmhainní Daonna (i bpáirt le Glór na nGael)

Cosaint Teanga agus Ionadaíocht Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta ó dheas & Leas-Ardrúnaí Tionscadail

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta ó thuaidh

Cuan Ó Seireadáin

Feidhmeannach Cumarsáide

Pádraig Ó Tiarnaigh

Feidhmeannach Cumarsáide & CTI ó thuaidh

Ursula Ní Shabhaois

Feidhmeannach Anailíse & Taighde

Ardú Feasachta Brenda Ní Ghairbhí

Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Ardú Feasachta

Sinéad Ní Dhomhnaill

Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Ardú Feasachta

Jenny Ní Ruiséil

Cúntóir Sheachtain na Gaeilge (sealadach)

Seán Ó Murchadha

Feidhmeannach Ardú Feasachta & Ilmheán ó thuaidh

John Ó Liodáin

Feidhmeannach Ilmheán & Lárphointe Feasachta

Eagraíocht Aodhán Ó Deá

Stiúrthóir Forbartha & Leas-Ardrúnaí Eagraíochta

Cillian de Búrca

Bainisteoir Díolacháin

Edel Ní Bhraonáin

Comhordaitheoir na Mac Léinn Tríú Leibhéal (i bpáirt le AMLÉ & Glór na nGael)

Niamh Ní Chróinín

Comhordaitheoir na Mac Léinn Dara Leibhéal

Ógras Maedhbh Ní Dhónaill

Stiúrthóir

Anna Ní Thuama

Oifigeach Forbartha Chúige Laighean & Uladh

Risteard Ó Fuaráin

Oifigeach Forbartha Chúige Mumhan

Aisling de Barra - Taaffe

Oifigeach Forbartha Cléireachais

Elaine Scahill

Oifigeach Forbartha Ealaíne

Bláithín de Búrca

Oifigeach Forbartha Cléireachais (sealadach)

An Coimisiún le Rincí Gaelacha Máire Ní Threasaigh-Mhic Riocard

Bainisteoir

Lisa Gatti

Feidhmeannach

Claire

Scrúduithe

Colin Forbes

Cuntais

Tograí Forbartha

12

Baba Ní Fhlátharta

Stiúrthóir Gníomhach, Togra Ghael-Fhorbairt na Gailllimhe

Ruth Ní Shiadhail

Oifigeach Forbartha, Togra Ghaeilge Locha Riach

Breandán Mac Fhionnghaile

Stiúrthóir, Togra An Clár As Gaeilge

Brídín Ní Cheallaigh

Stiúrthóir, Togra Mhaigh Eo

Kim Ní Mhaolchatha

Stiúrthóir, Togra an Aonaigh

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

3.3. AN TINREAMH AR CHRUINNITHE DE NA COISTÍ CEANNAIS TINREAMH AN CHOISTE GHNÓ 2014/15 (Baill tofa ag Ard-Fheis 2014) Ainm an Bhaill

29/03/14 10/05/14 05/07/14 06/09/14 01/11/14 06/12/14 24/01/15 21/03/15

Iomlán

Aodán Ó Sé

X

X

X

X

X

X

X

X

8

Aodhán Ó Deá

X

X

X

X

X

X

X

X

8

Celine Ní Chóchlaigh

X

X

X

X

Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán

X

X

X

X

Feidhlim Seoighe

X

X

Íte Ní Chionnaith

X

X

X

X

Jacqueline Uí Mhuirí

X

X

X

X

Leachlain Ó Catháin

X

X

X

Máire Ní Laoire

X

P T Mac Ruairí

X

X

Pádraig Mac Fhearghusa

X

Paula Melvin Peadar de Blúit

X

X X

X

X

X

X

X

X

5 X

8 5

X

8

Cailleadh í ar 29 Nollaig 2014 Cailleadh é ar 8 Lúnasa 2014

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

Seán Ó Murchadha

X

4 3

X

X

6

X

X

X

8

X

X

X

X

7

X

X

X

X

7 3

X

X

4

TINREAMH AN BHUANCHOISTE 2014/15 Ainm an Bhaill

10/05/14 29/05/14 05/07/14 26/07/14 06/09/14 15/11/14 06/12/14 24/01/15 21/03/15

Aodán Ó Sé

X

X

X

Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán

X

X

X

Conchubhair Mac Lochlainn

X

Donnchadh Ó hAodha

X

Niall Comer, Tánaiste

X

P T Mac Ruairí

X

X

Pádraig Mac Fhearghusa

X

X

Paula Melvin

X

Seán Ó Murchadha

X

X

X

X

X

X

X

X

9

X

X

X

X

9

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

Iomlán

X X

5 X

X

9 4

X

X

X

X

X

X

9

X

X

X

X

X

X

8

X

X

X

X

X

X

7

X

X

éirithe as an mBuanchoiste

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

3

13 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

3.4. TUAIRISC NA hEAGRAÍOCHTA Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann. Is eagraíocht uile-Éireann an Conradh a ghníomhaíonn ar bhonn 32 contae agus ar fud na cruinne ar son na teanga, agus creideann an Conradh gur le pobal uile na hÉireann an Ghaeilge. Tá breis agus 180 craobh ag an gConradh agus líon mór ball aonair atá ag fás go leanúnach. Bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, agus níorbh aon eisceacht í obair na bliana in 2014-15. Seo a leanas príomhbheartais ar dhírigh an t-eagras orthu ó bhí an Ard-Fheis deiridh ann anuraidh: Stocaireacht Agus Conradh na Gaeilge ainmnithe anois mar cheanneagraíocht Ghaeilge sa réimse Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht faoin tSamhail NuaMhaoinithe, beidh béim níos mó ná riamh ar obair stocaireachta na heagraíochta sna míonna agus sna blianta amach romhainn. Bíonn abhcóideacht leanúnach ar siúl againn - idir chruinnithe, cheisteanna Dála, cheisteanna Tionóil agus cheisteanna Pharlaimint na hEorpa leanúnacha – ar réimse feachtas a bhaineann leis an nGaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol anseo ar oileán na hÉireann agus thar lear. Ina measc, áirítear feachtais leanúnacha i dtaca le cúrsaí oideachais agus faoin nGaeilge san Eoraip, chun Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh, agus chun comhstádas a thabhairt don Ghaeilge ar lipéadú bia, ar chomharthaí bóthair dátheangacha, agus i gcóras códphoist na hÉireann ó dheas. Bhí bua mhór ag an gConradh agus ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta i mí Aibreáin 2014 nuair a chinn an Rialtas gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhnascadh le 14

Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014 ar a d’fhreastail 10,000 duine

hOifig an Ombudsman, mar a bhí beartaithe acu a dhéanamh le breis agus dhá bhliain anuas. Is léir go ndeachaigh tuairim phobal na Gaeilge agus Gaeltachta i bhfeidhm ar an Rialtas ar deireadh, tuairim a cuireadh in iúl don Rialtas go láidir san athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ag imeachtaí dála Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014 ar fhreastail 10,000 air, agus Slán Le Seán ar ghlac 1,000 duine páirt ann i gConamara ar 24 Feabhra 2014. Leag Conradh na Gaeilge cairt cuimsitheach amach mar áis eolais don phobal sula chaitheadar a vótaí sna toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2014, agus freagraí na n-iarrthóirí Eorpacha ar cheisteanna maidir le cearta teanga Gaeilge agus Gaeltachta luaite leis. D’iarr Conradh na Gaeilge ar iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha todhchaí a roghnú don teanga, agus a gcuid tacaíochta a léiriú le gnímh ar son na Gaeilge dá dtoghfaí iad, agus bailíodh freagraí na n-iarrthóirí Eorpacha le chéile ar líne ag www.cnag.ie chun pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur ar an eolas maidir le tiomantas na n-iarrthóirí sin i leith a gceart teanga. Scaip Conradh na Gaeilge ainmneacha na n-iarrthóirí a roghnaigh todhchaí dár dteanga ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta roimh na toghcháin, chun aitheantas a thabhairt dá dtacaíocht agus chun deis a thabhairt don phobal meon na n-iarrthóirí a áireamh sna cinntí a bhí á ndéanamh acu sna toghcháin

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ar 22 agus ar 23 Bealtaine 2014. Ní raibh ach páirtí polaitíochta amháin ó dheas nár fhreagair ar a laghad iarrthóir amháin dá chuid na ceisteanna a chuir Conradh na Gaeilge chucu, agus sé pháirtí ó thuaidh, rud a chiallaíonn go raibh léargas cuimsitheach de mheon na bpolaiteoirí neamhspleácha agus na bpáirtithe polaitíochta i leith na Gaeilge agus cearta teanga na Gaeltachta ar fáil i gcairt na bhfeisirí Eorpacha de chuid Chonradh na Gaeilge.

Lasmuigh do Roinn na Gaeltachta ag deireadh mórshiúl ‘Slán le Seán’ ar 23 Feabhra 2014

D’eagraigh Conradh na Gaeilge lá eolais do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí in Óstán Buswells, ar 11 Meitheamh 2014. Thug Conradh na Gaeilge cuireadh do chomhaltaí na Dála agus an tSeanaid teacht le reachtaíocht ríthábhachtach teanga, stádas na Gaeilge san Eoraip agus maoiniú na bhforas Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe ón eagraíocht abhcóideachta agus le daoine áitiúla ó na dáilcheantair éagsúla. Ba í seo an cúigiú bliain do Chonradh na Gaeilge a leithéid d’ócáid eolais agus chomhairliúcháin a eagrú do na polaiteoirí ó dheas, agus bhí deis ag Seanadóirí agus ag Teachtaí Dála dul i mbun comhairle le hionadaithe ó na dáilcheantair éagsúla féin i dtaca le cúrsaí reatha Gaeilge agus Gaeltachta. Deis ríthábhachtach a bhíonn san ócáid seo do phobal na teanga cumarsáid a dhéanamh go díreach lena bpolaiteoirí áitiúla chun eolas míchruinn a chur ina cheart, agus chun comhoibriú agus dea-chaidrimh a chothú leo i dtaca le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i measc an phobail ar an talamh. Bhí béim ar na leasuithe atá (fós) de dhíth ó Bille na dTeangacha Oifigiúla

(Leasú) 2015; ar chothrom na féinne a thabhairt don Ghaeilge sa cháinaisnéis; agus ar dheireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach. Bhí idir dea agus droch-scéal don Chonradh i mí Dheireadh Fómhair 2014 nuair a d’fhoilsigh Tuairisc.ie torthaí pobalbhreithe a léirigh go raibh 61% den phobal ag tacú le moltaí Chonradh na Gaeilge gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair na tíre. Ainneoin na tacaíochta sin, tá an chosúlacht air nach bhfuil sé i gceist ag an Aire Iompair nua, Paschal Donohoe, leanacht ar aghaidh leis an triail a bheartaigh an tIar-Aire Iompair, Leo Varadkar, i mí na Samhna 2013 mar thoradh ar chruinniú le Conradh na Gaeilge, scéim píolótach a chur i bhfeidhm a chuirfeadh comharthaí bóthair na hÉireann ar chomhchéim le comharthaí bóthair dátheangacha eile ar fud na cruinne ó thaobh sábháilteachta, inléiteachta, agus stádas teanga de. Ní chloíonn comharthaí bóthair na hÉireann mar atá siad faoi láthair leis an dea-chleachtas domhanda atá leagtha síos do chomharthaíocht dhátheangach. Tá na comharthaí molta i dtaighde Garrett Reil, a bhí leis an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha (NCAD) ag an am, ina bhfuil an Ghaeilge chomh mór agus chomh soiléir

Comhartha bóthair dátheangach samplach ina mbeadh an Ghaeilge chomh mór agus chomh soiléir leis an mBéarla

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

15 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

céanna leis an mBéarla i bhfad níos fearr ná na comharthaí reatha, agus tá sé thar am an deis a thabhairt do phobal na hÉireann breithiúnas a dhéanamh maidir le todhchaí comharthaí bóthair na tíre seo. Ba chóir an scéim trialach seo a chur i bhfeidhm gan mhoill. I mí Dheireadh Fómhair, d’éiligh Conradh na Gaeilge ar an Rialtas ó dheas athmhachnamh a dhéanamh ar sholáthar caipitil Údarás na Gaeltachta do 2015, go háirithe i gcomhthéacs an méadú suntasach a bronnadh ar Fhiontraíocht Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail. Léirigh teip an Rialtais buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta a mhéadú nach bhfuil siad dáiríre faoi fhorbairt eacnamaíochta na Gaeltachta. Gan forbairt eacnamaíochta suntasach, beidh gach bonn bainte ó aon iarracht an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn mar theanga an phobail sna ceantair seo. Tá gá fós go ngníomhódh an Rialtas agus an maoiniú caipitil de €12m atá molta ag Údarás na Gaeltachta a chur ar fáil dóibh chun an scéal seo a chur ina cheart agus glacadh le héileamh an phobail Ghaeilge agus Gaeltachta cur le cumas Údarás na Gaeltachta fostaíocht bhreise a chruthú. Sa deireadh méadaíodh buiséad caipitil an Údaráis €1 mhilliún in 2015. Cháin Conradh na Gaeilge Plean Athnuachana na Státseirbhíse a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2014 as neamhaird iomlán a dhéanamh ar na dúshláin atá ann le seirbhís sásúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Fís agus plean gníomhaíochtaí don chéad trí bliana eile atá i gceist le Plean Athnuachana na Státseirbhíse agus ní raibh tagairt in oiread is ceann amháin de na 25 gníomhaíochtaí don tseirbhís a chuirtear, nó nach gcuirtear cuid mhaith den am, ar fáil do phobal na Gaeilge nó na Gaeltachta a fheabhsú go leibhéal sásúil. Luadh an fhís sa phlean atá ag an Stáit Seirbhís le seirbhís ar chaighdeán domhanda a chur ar fáil do phobal na hÉireann ach fágadh an chuid den phobal gur mian leo Gaeilge a úsáid ar lár.

16

Tá aontú ann do thacaíocht breise ón Stát/Rialtas don Ghaeilge Bonn: Gach duine fásta ar aois 15+, 16+ (PNÉ=1,010, TÉ=1,016)

Q.

Cé chomh láidir a aontaíonn tú nó a easaontaíonn tú leis an ráiteas a leanas...

PNÉ 61%

Easaontú

Aontú

18%

“Ba chóir don Stát breis tacaíochta a chur ar fail don Ghaeilge”

21% Ní fios / gan freagra

Níos airde

%

15-17 bliana d’aois

85

45-54 bliana d’aois

65

ABs

65

TÉ Aontú

48%

Easaontú

28%

24%

Níos airde

%

18-24 bliana d’aois

53

25-34 bliana d’aois

57

DEs

53

Caitlicigh

78

Ní fios / gan freagra 2.

Léirigh suirbhé a rinne Millward Brown ar son Chonradh na Gaeilge i mí Eanáir 2015 ar bhreis is 1,000 duine os cionn 15 bliain d’aois ó dheas agus 1,000 duine os cionn 16 bliain d’aois ó thuaidh go dtacaíonn tromlach den phobal, ó thuaidh agus ó dheas, leis an tuairim gur cheart seirbhísí stáit a chur ar fáil trí Ghaeilge dóibh siúd atá á n-iarraidh. Ó dheas, tá 70% den phobal i bhfabhar seirbhísí stáit a chur ar fáil trí Ghaeilge gan ach 13% ina choinne agus ó thuaidh, tá 54% den tuairim gur chóir seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil, gan ach 26% ina choinne. Tá tábhacht stairiúil ag baint leis na torthaí seo mar go léiríonn siad méid na tacaíochta tras-phobail don Ghaeilge, ó thuaidh agus ó dheas. Tá súil againn go nglacfaidh na páirtithe ar fad a bhfuil baint acu leis an bpróiseas comhairliúcháin ar an Acht Gaeilge ó thuaidh agus leis na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas le tuairimí an phobal ar an tábhacht a bhaineann le seirbhísí stáit a chur a fáil trí Ghaeilge agus go gcuirfí reachtaíocht láidir i bhfeidhm gan mhoill sa dá dhlínse. Léirigh torthaí an tsuirbhé tacaíocht láidir an phobail dár dteanga agus go dtuigeann siad cé chomh tábhachtach agus atá cearta teanga. Is spreagadh mór iad na torthaí seo agus muid ag éileamh ar na rialtais ó thuaidh agus ó dheas glacadh le tuairimí an phobail agus níos mó deiseanna a sholáthar chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt, seirbhísí stáit ar chomhchaighdeán a chur ar

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

fáil trí Ghaeilge dóibh siúd atá á n-iarraidh, agus deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Chuir Conradh na Gaeilge fáilte freisin roimh Thuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht a foilsíodh i mí Feabhra 2015. Bhíomar ansásta leis an moladh go mbeadh Gaeilge ar chumas 10% do na státseirbhísigh i ngach roinn, an moladh go bhfoilseofaí cáipéisí oifigiúla go dátheangach in aon cháipéis amháin, leis an nGaeilge agus an Béarla taobh le taobh, an moladh gur chóir cur go mór le feiceálacht na Gaeilge ar áiseanna ar líne agus meáin shóisialta an Stáit, agus go leor de na moltaí eile i dtuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Tá roinnt beartais ríthábhachtach fágtha ar lár sna moltaí seo agus sa bhille féin go fóill, áfach. Táimid ag moladh go láidir gur chóir go nglacfaí le dea-chleachtas na Breataine Bige, agus go mbeadh ar gach Aire aon pholasaí nó Bille nua a chur os comhair an Choimisinéara Teanga le cinntiú nach ndéanfaidh siad dochair don teanga agus le moltaí feabhais a fháil maidir leis an tionchar a bheidh acu ar an teanga sula dtéann siad ar aghaidh leis an bpolasaí nó an Bille. Ba chóir go mbeadh ainm gach comhlacht poiblí nua atá le teacht ar an bhfód as Gaeilge agus úsáidte go poiblí as Gaeilge. Chuirfeadh sé seo le stádas na Gaeilge gan costas ar bith sa bhreis. Chomh maith leis sin ar fad ba chóir deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga sna ranna stáit agus comhlachtaí poiblí, nach bhfuil ag feidhmiú i gceart ón tús, agus córas caighdeáin a chur ar bun ar nós atá tosaithe sa Bhreatain Bheag le réimse agus líon na seirbhísí gur féidir le saoránach a bheith ag súil leis ón Stát a chinntiú. D’eagraigh Conradh na Gaeilge Comhdháil Idirnáisiúnta Cearta Teanga ar an 17 Feabhra, in Óstan Wynns i mBaile Átha Cliath. Bhí ionadaithe ón gCatalóin, ó Pharlaimint na hEorpa, agus ó Thithe an Oireachtais i láthair ag díriú ar dhá cheist go háirithe:

1) An deis le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú agus tríd sin seirbhísí sásúil as Gaeilge a chur ar fáil don phobal; agus 2) An deis deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach agus leis sin suas le 200 post a chruthú do mhuintir na hÉireann.

Ombudsman na Catalóine, Rafael Ribó i Massó, George Hook agus an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag labhairt ar Newstalk roimh an gComhdháil Cearta Teanga in Óstán Wynns

Cuireadh fáilte go háirithe roimh Ombudsman na Catalóine, Rafael Ribó i Massó, a chuir lucht freastal na Comhdhála ar an eolas faoi chúrsaí cearta teanga sa Chatalóin, roimh an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill, agus roimh an Dr. Pádraig Ó Laighin, saineolaí ar chearta teanga san Eoraip. Bhí an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada, na Teachtaí Dála Éamon Ó Cuív, Seán Kyne, Lucinda Creighton, agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh i láthair freisin. Bhí Eimear Ní Chonaola, príomhláithreoir Nuachta TG4, agus Máirín Ní Ghadhra, láithreoir Nuacht a 1 ar Raidió na Gaeltachta, mar chathaoirligh ag an gComhdháil. Labhair Uachtarán an Chonartha, Cóilín Ó Cearbhaill, Daithí Mac Carthaigh, abhcóide, agus Íte Ní Chionnaith, iar-uachtarán ar an gConradh, ar an lá chomh maith. D’éirigh go han-mhaith leis an gComhdháil, a raibh freastal ana-mhaith air. Tá foireann Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ag feidhmiú leo ó thuaidh ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2014 ann agus foireann iomlán ann ó bhí Eanáir 2015 ann. Bíonn an fhoireann ag plé le réimse cosanta teanga

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

17 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

agus ionadaíocht i rith ama agus ó tharla na heaspaí reachtaíochta sa rialtas sna sé chontae. Is obair mhór dhúshlánach í seo a chuireann ar chlár oibre na foirne bheith ag feachtasaíocht, bheith ag stocaireacht agus bheith ag déanamh ionadaíochta lánaimseartha ar chomhphobal na Gaeilge ó thuaidh. Tá an fhoireann ag plé go mór le hAcht na Gaeilge do na sé chontae, chomh maith le neart tionscnamh eile, de réir éilimh ó ghrúpaí Gaeilge ar fud an chúige, chomh maith le baill aonair den phobal. Chuige sin, bhí ról lárnach ag an fhoireann ó thuaidh i mór-thionscadal Chonradh na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, agus b’eiseamláir de ról agus stádas an Chonartha sna sé chontae gurb ann a seoladh an fhéile seo den chéad uair i mbliana.

Toscaireacht ag Stormont ag lorg Gaelcholáiste dara leibhéal do Chontae Doire

Acht na Gaeilge ó thuaidh: Níl amhras ar bith ann ach gurb é Acht na Gaeilge ceann de mhór-fheachtais Chonradh na Gaeilge agus pobal na Gaeilge i gcoitinne, i mbliana. Ar 13 Feabhra 2015 sheol an tAire RCEF comhairliúchán ar Bhille na Gaeilge, próiseas atá faoi lánseol i láthair na huaire. Ag teacht leis seo, tá obair mhór idir lámha ag Conradh na Gaeilge chun rannpháirtíocht an phobail ó thuaidh a chinntiú sa phróiseas. Le sraith cruinnithe poiblí faoin teideal ‘An Fóram Gnímh’, in Ard Mhacha, Doire, An Carn agus Béal Feirste, tá cur chuige comhordaithe, comhaontaithe mar chnámhdroma na feachtasaíochta seo. Thug na Fóraim seo deis don phobal bheith iomlán rannpháirteach sa scéal agus bheith ag

18

gníomhú taobh leis an Chonradh ar na sráideanna ar an cheist seo. Tá sé de rún ag foireann Chonradh na Gaeilge líon ollmhór aighneachtaí cuimsitheacha dearfacha a bhailiú sa dóigh is go gcinnteofar go mbeidh oll-léiriú dearfach ann ar son an Achta, mar a tharla in 2006 agus 2007. Tiocfaidh deireadh leis an chomhairliúchán ar 5 Bealtaine, 2015. Is cinnte áfach, nach ndéanfaidh Acht Gaeilge, ann féin, aon difear praiticiúil don phobal mura bhfuil acmhainní ceangailte leis. Is féidir leis, mar sin féin, na huirlisí a thabhairt don phobal na hacmhainní cuí a bhaint amach. Ina theannta sin, tá féidearthachtaí láidre ann go mbainfeadh aon reachtaíocht cheartbhunaithe don Ghaeilge an bunús den naimhdeas atá ann don teanga. Déanfar an teanga a ‘normalú’ agus ní bheidh sí ina hábhar conspóideach, páirtí-polaitiúil, a thuilleadh. Ní bhainfear seo amach gan brú ón phobal áfach agus is gluaiseacht phobalbhunaithe atá ag tiomáint na n-athruithe iontacha atá ag tarlú i saol na Gaeilge faoi láthair. Caithfear leanúint agus tógáil air seo má táimid chun cosaint reachtúil a bhaint amach don teanga. ‘Straitéis le forbairt na Gaeilge, 2015-35’ Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhoilsiú an ‘Straitéis le forbairt na Gaeilge, 2015-2035’ ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, 31 Eanáir 2015. Cuimsíonn an straitéis an-chuid de na moltaí a rinne Conradh na Gaeilge sa chomhairliúchán ar an straitéis, mar atá, an Ghaelscolaíocht, an Ghaeilge sna scoileanna Béarla, cosaint reachtúil don Ghaeilge, aisghairm An Achta um Riar an Chirt (Teanga) (Éire) 1737, an Ghaeilge sa phobal agus go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn ar bhonn uileghabhálach. Dár ndóigh, is straitéis í seo agus tá spriocanna sonracha agus cur i bhfeidhm intomhaiste ríthábhachtach má táimid chun spriocanna na straitéise a bhaint amach san amscála atá leagtha síos. Ag teacht le foilsiú na straitéise bhuail foireann Chonradh na Gaeilge ó thuaidh leis an Aire RCEF agus tá dualgais i leith na straitéise seo pléite agus le comhlíonadh amach anseo.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Aithnítear gur céim lárnach sa scéal foilsiú na cáipéise seo agus is tábhachtaí arís cur i bhfeidhm na straitéise ceanna.

Dúshlán nua eagraithe do mhic léinn dara agus tríú leibhéal len iad a spreagadh chun Gaeilge a úsáid leis na húdaráis

Ról na Gaeilge sna hOllchomhairlí Nua: Le blianta beaga anuas, bhí go leor cainte déanta ar atheagar agus athstruchtúrú ar fheidhmeannas na n-údarás agus an Rialtas áitiúil ó thuaidh. Tá roinnt de na hathruithe sin i ndiaidh teacht i bhfeidhm agus mar thoradh air, tá 11 ‘Ollchomhairle’ nua bunaithe, áit a raibh 26 comhairle áitiúil roimhe seo. Is cinnte go gcuireann na hathruithe seo idir dhúshláin agus dheiseanna roimh phobal na Gaeilge agus roimh na comhairlí nua féin. Go stairiúil, bhí cur chuige éagsúil ag na comhairlí éagsúla i dtaca le beartais agus polasaithe Gaeilge de. Bhí roinnt comhairlí a raibh Oifigigh Ghaeilge fostaithe acu, cuid acu páirt-mhaoinithe ag Foras na Gaeilge agus comhairle amháin atá ag maoiniú

aonaid Ghaeilge, ina bhfuil triúir fostaithe ann. Ina theannta sin, bhí polasaí Gaeilge measartha láidir ag na comhairlí céanna agus tuiscint ann, ag leibhéal an phobail, go raibh an chomhairle áitiúil tuisceanach ar phobal na Gaeilge agus ag déanamh iarrachta plé leo ar bhonn cothrom. Don chuid is mó áfach, is eisceachtaí iad na comhairlí seo agus trasna an bhoird bhí ganntanas polasaithe agus tacaíochta curtha ar fáil do phobal na Gaeilge trí na comhairlí áitiúla. Go minic, pléadh leis an Ghaeilge mar ábhar ‘Dea-Chaidrimh’ agus ó tharla nach raibh ‘aontú polaitiúil’ ann fán teanga, chinn na comhairlí neamhaird a dhéanamh uirthi ar eagla go gcuirfeadh sé isteach ar chaidreamh pobail. Leis an athstruchtúrú, féachfaimid deiseanna caidreamh nua a thógáil leis na hionadaithe tofa agus le hoifigigh i ngach ceann de na comhairlí nua, le go mbeidh siad ábalta seirbhísí do phobal na Gaeilge a chothú agus a fhorbairt. Bhunaigh an Conradh grúpa oibre, i gcomhar le Foras na Gaeilge, le díriú ar an cheist seo agus mar thoradh air seo, d’eagraigh muid Comhdháil ar an 25ú Márta in Ard Mhacha. Bhí Airí Rialtais, Ionadaithe ón Bhreatain Bheag agus go leor eile mar aoichainteoirí ar an lá. Chuir Conradh na Gaeilge ‘Próifíl Teanga’ le chéile do gach limistéir comhairle nua a léiríonn beocht agus éagsúlacht phobal na Gaeilge, fud an tuaiscirt. Beidh seo ina áis iontach ag na hOifigigh agus bainisteoirí laistigh de na comhairlí úra seo agus iad i mbun polasaithe a dhréachtú agus seirbhísí nua a chruthú don phobal. Is é an t-éileamh soiléir a tháinig ón phobal agus a tháinig chun solais le linn na comhdhála ná gur chóir go raibh na comhairlí ag plé leis an Ghaeilge mar bhuncheist comhionannais, seachas mar ábhar ‘dea-chaidrimh’. Amach anseo, leanfaidh an stocaireacht agus ardú feasachta le feidhmeannas na gcomhairlí úra mar aon le brú agus abhcóideacht ar na baill tofa go dtí go bhfuil na comhairlí ar fad ag comhlíonadh a gcuid dualgas de réir na Cairte Eorpaí do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnacha.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Eolas ar na fóraim gnímh eagraithe le deanaí ar fud an oileáin

Obair eile a rinne an Conradh le bliain anuas: Ár dTeanga, Do Rogha Tá Comhordaitheoirí Mac Léinn ar an dara leibhéal agus ar an tríú leibhéal fostaithe ag an gConradh chun an Ghaeilge a spreagadh i measc daoine óga, agus chun iad a chur ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip mar chuid den bhfeachtas feasachta Ár dTeanga, Do Rogha (tá an post ar an tríú leibhéal maoinithe i bpáirt le hAontas na Mac Léinn in Éirinn agus le Glór na nGael). Bíonn Seó Bóthar an fheachtais á reáchtáil sna coláistí samhraidh, sna meánscoileanna, agus sna hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre i gcaitheamh na bliana. Spreagann na ceardlanna cumasaithe mar chuid den seó na daoine óga chun machnamh a dhéanamh ar a gcearta teanga faoin mBunreacht agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus ar na buntáistí a bhaineann le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa. Déanann Comhordaitheoirí na Mac Léinn ionadaíocht thar ceann na n-eagraíochtaí ar fad trí bhranda na n-eagraíochtaí a chur i mbéal an phobail agus le heolas a scaipeadh faoinár gcuid oibre tríd an bhliain, ag glacadh páirte in imeachtaí dá leithéid Buntáistí Breise na Gaeilge; An Ghaelbhratach (i bpáirt le Gael Linn ar an dara leibhéal); Seachtain na Gaeilge na gcoláistí éagsúla; comhdhálacha; laethanta oscailte; agus go leor eile. Thug na comhordaitheoirí cuairt ar bhreis agus 80 cúrsa samhraidh agus ar bhreis agus 100 scoil ó bhí mí an Mhárta 2014 ann, áit ar labhair siad le breis agus 10,000 scoláire ar an iomlán. 20

Cúrsaí Gaeilge Cuireann Conradh na Gaeilge idir ranganna oíche; chúrsaí ullmhúcháin don agallamh Gaeilge do chúrsa iarchéime na bunmhúinteoireachta; dhianchúrsaí samhraidh; dhianchúrsaí lae agus chúrsaí 10 seachtaine do dhaltaí Ardteiste ar fáil, mar aon le ranganna comhrá agus eile in ionaid éagsúla ar fud na tíre. Freastalaíonn cúrsaí an Chonartha ar gach leibhéal foghlaimeora ó ghlantosaitheoirí go cainteoirí líofa sa rang cruinnis, agus cloíonn formhór na gcúrsaí le siollabas Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Tá Conradh na Gaeilge ag spreagadh foghlaimeoirí teanga le clárú leis an togra teanga Líofa 2015 agus cuireann Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge scoláireachtaí Gaeilge ar fáil le cabhrú le mic léinn ó thuaidh freastal ar an nGaeltacht. Is féidir le craobhacha a gcuid cúrsaí féin a phoibliú ar an suíomh go fóill, agus is féidir na cúrsaí a chlárú tríd an gcóras lárnach chun na ranganna a dhíol ar líne tríd an Ard-Oifig mura bhfuil sé d’acmhainn ag an gcraobh féin a leithéid de sheirbhís ar líne a sholáthar. Más spéis le craobh ar bith ranganna a dhíol ar líne tríd an gcóras seo, ní gá ach teagmháil a dhéanamh leis an Ard-Oifig chuige seo. Tá Conradh na Gaeilge ag feidhmiú mar sholáthraí seachfhoinse ranganna Gaeilge do chomhlachtaí poiblí - Coláiste na Tríonóide agus Tithe an Oireachtais ina measc - agus tá súil againn tógáil ar an obair seo agus cúrsaí an Chonartha ar conradh a leathnú sna míonna amach romhainn An Ghaeilge san Eoraip Tá Conradh na Gaeilge fós ag iarraidh an deis a thapú chun tairbhe a bhaint as an dea-thoil seo i leith na Gaeilge san Eoraip agus tá muid ag éileamh ar Rialtas na hÉireann gan fad a chur leis an maolú atá ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach (AE) tar éis 01 Eanáir 2017. In ainneoin gur aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil den AE ar 1 Eanáir 2007, cuireadh maolú ar an stádas sin ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí 2012, agus arís go dtí 1 Eanáir 2017, ionas nach

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Ceacht.ie Acmhainní do mhúinteoirí Gaeilge

Fáilte go Ceacht.ie Is tionscadal de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta é Ceacht.ie Is í aidhm an tionscadail ná ábhar foghlama agus teagaisc atá nua-aimseartha agus spreagúil a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge agus a ndaltaí.

Ábhar bunaithe ar shaol an duine óig. Plean ceachta do gach rang. Ábhar físe agus fuaime. Tascanna spéisiúla don dalta: • Ag déanamh scrúduithe le Mr. Bean. • Ag plé na mothúchán le Fairytale of New York. • Nósanna éagsúla ar fud an domhain. • Agus a lán eile.

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta

www.ceacht.ie ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

agus 2017 le riaradh i gceart, .i. go reáchtálfaí sraith comórtas earcaíochta do phoist bhuana agus do phoist ar chonarthaí sealadacha leis an AE sna blianta 2015, 2016 agus 2017. D’eagraíomar Comhdháil ar 17 Feabhra in Óstán Wynns leis an ábhar seo a phlé.

An liosta éileamh don toghchán Eorpach

mbeadh gá na cáipéisí ar fad a aistrítear go gach teanga oifigiúla eile, a aistriú go Gaeilge. Chuirfí 180+ post le Gaeilge ar ardluach ar fáil idir seo agus 2017 dá gcuirfí deireadh leis an maolú ar stádas na teanga, gan aon chostas breise ar Rialtas na hÉireann, ach is faoin Rialtas ó dheas atá sé iarraidh go hoifigiúil ar an Aontas Eorpach gan an maolú ar stádas na Gaeilge a athnuachan. Ní mór dóibh an cinneadh sin a ghlacadh go luath má tá an feachtas earcaíochta is gá a reáchtáil idir seo

Is Leor Beirt Tá ár ngréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá ag méadú agus ag leathnú ar fud na tíre i gcónaí, áit a bhíonn ciorcail úra ag clárú linn as a stuaim féin go rialta. Tacaíonn muid leis na ciorcail seo trína sonraí a scaipeadh ar an suíomh, trí ábhar cainte a chur ar fáil sa nuachtlitir mhíosúil, agus trí ábhar bolscaireachta ar nós póstaeir agus eile a dhearadh dóibh. Na Meáin Chumarsáide Chloíomar leis an sprioc chun ar a laghad ráiteas nuachta amháin a eisiúint in aghaidh na seachtaine ó bhí Ard-Fheis 2014 ann, agus tá ag éirí go han-mhaith linn. Tá toradh na hoibre le feiceáil sa tuairisciú

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

atá déanta ar phríomhfheachtais agus ar phríomhimeachtaí na heagraíochta le míonna beaga anuas agus is iomaí agallamh atá déanta le TG4, RTÉ, RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Uladh, Today FM, Newstalk, Phoenix FM, Capital Radio, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Community Radio Youghal, Spin 103.8, Galway Bay FM, Clare FM, Near FM, agus eile i gcaitheamh na bliana. Rinneamar físeáin maidir le feachtais stocaireachta éagsúla a scaipeadh ar fud na meán sóisialta, agus bhí tuairiscí ar fheachtais agus ar imeachtaí an Chonartha ar TheJournal.ie agus ar Broadsheet.ie, agus san Irish Times, Irish Independent, Irish News, Irish Daily Mail, Sunday Independent, Sunday Times, agus i nuachtáin náisiúnta agus áitiúla eile. Ár mbuíochas do gach duine a chabhraigh le feachtas na litreacha go dtí seo agus más mian leat páirt a ghlacadh san fheachtas amach anseo, ní gá ach do shonraí teagmhála a chur ar aghaidh go nuacht@cnag.ie. Raidió Rí-Rá Tá Conradh na Gaeilge ag cabhrú le forbairt Raidió Rí-Rá i gcónaí. Tá foireann iontach againn d’oibrithe deonacha agus thosaigh Niamh Ní Chróinín mar an gcéad Bhainisteoir ar an stáisiún le déanaí. Tá sceideal iomlán á chraoladh ó 8.00rn ar maidin go 8.00in istoíche gach lá den tseachtain anois, áit go mbíonn Bantz um Bricfeasta; Maidin Mhaith; An Lón Mór; Na Singlí Scaoilte; TRL Ar Éileamh; Fuaim Eile; agus Top 40 Oifigiúil na hÉireann agus eile á gcraoladh. Tá Raidió Rí-Rá anois ag craoladh beo i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i mBaile Átha Cliath ar an gcóras Chraoladh Fuaime Digití (DAB). Tá teacht ar an gcairtstáisiún go leanúnach tríd an bhfeidhmchlár iPhone, trí TuneIn ar an Android, agus ar líne ar www.rrr.ie 24 / 7 freisin. Nuachtlitir Tá athdhearadh déanta ar an nuachtlitir a fhoilseofar i bhfoirm iris A4 gach 2-3 mí as seo amach ar mholadh an Uachtaráin agus tá trí eagrán nua foilsithe go dtí seo. Tá aiseolas dearfach faighte againn ó na baill maidir leis

Na nuachtlitreacha nua

an gcruth nua atá curtha againn air. Má tá moltaí ina leith, nó scéal ar bith gur mian leat a chur sa nuachtlitir amach anseo, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig nuacht@cnag.ie. PEIG.ie Ba mhór an chailliúint a bhí i nGaelport nuair a d’imigh sé an bhliain seo caite, agus ba ghéar-ghá le háis nua a chur le chéile le cur ina áit. As an bhfolús seo a d’eascair PEIG.ie, ardán ilmheán nua atá forbartha ag Conradh na Gaeilge le cúnamh maoinithe ó Fhoras na Gaeilge, a chuireann eolas ar an nGaeilge, nuacht faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht chomh maith le heolas ar imeachtaí áitiúla, ar nós ranganna agus ciorcail chomhrá, ar fáil don phobal ar fad. Tá trí mhórsprioc ag PEIG; 1. Lárphointe eolais ar shaol na Gaeilge le bailiúchán eolais ar gach gné den teanga atá nuashonraithe, spéisiúil agus éasca le húsáid; 2. An nuacht ar fad faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht agus nuacht as Gaeilge a bhailiú le chéile in aon áit amháin; 3. Eolaire do na mílte imeacht Gaeilge atá ar siúl fud fad na cruinne agus de réir a chéile eolas ar sheirbhísí atá ar fáil as Gaeilge a chur ar fáil. Tá súil againn go mbainfidh daoine úsáid as an ardán go laethúil le teacht ar gach eolas atá uathu in aon áit amháin agus le daoine a threorú má tá ceist acu faoin nGaeilge i gcoitinne. Is féidir clárú don nuachtlitir ar líne ar leathanach baile an tsuímh. Tá an t-ardán ar fáil ar an idirlíon ag www.peig.ie agus ar an bhfeidhmchlár fóin ón App Store agus ó Google Play.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

23 19


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Maoiniú Fhoras na Gaeilge Roghnaíodh Conradh na Gaeilge mar cheanneagraíocht i gceannas ar Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht sa samhail nua maoinithe atá forbartha ag Foras na Gaeilge. Táimid ag súil leis an réimse seo a fhorbairt agus táimid buíoch den mhaoiniú méadaithe atá curtha ar fáil dúinn don sainobair seo.

An Stiúrthóir Forbartha, Aodhán Ó Deá, ag bronnadh banda lámha Gaeilge ar Brian O’Driscoll i mBéal Feirste

Stiúrthóir Forbartha Tá an Stiúrthóir Forbartha ag feidhmiú anois le bliain anuas agus é ag tabhairt faoi ghiniúint ioncaim neamhspleách na heagraíochta a fheabhsú, agus na seirbhísí do bhaill na heagraíochta a mhéadú. Tá anobair déanta aige ar chur i bhfeidhm íomhá agus branda nua don eagraíocht. Chomh maith leis sin, tá ioncam neamhspleách an Chonartha méadaithe go suntasach, go háirithe trí Gaeilge 24. Ghlac 20,000 dalta scoil páirt sa dúshlán le Gaeilge a labhairt ar feadh 24 uair a chloig agus airgead a bhailiú don Chonradh ag an am céanna. Imeachtaí sóisialta agus eile Is iomaí imeacht sóisialta agus campa samhraidh a d’eagraigh craobhacha, tograí agus foireann an Chonartha i gcaitheamh an ama ón Ard-Fheis dheireanach, ina measc An Tionól Gaeltachta 2014 ar Inis Gluaire, Co. Mhaigh Eo; Oíche Chultúir 2014; oícheanta airneáin, ceoil agus scéalaíochta; turais lae; ciorcail chomhrá; seimineáir eolais; fóraim óige; léamha filíochta; ceardlanna drámaíochta agus go

leor eile. Bhí ionadaíocht ag Conradh na Gaeilge ag An Tionól Teagaisc; ag Aonach Oibre Fhorbairt Feirste; ag Cearta & Ceiliúradh; ag Comhdháil Gaelscoileanna; an Féile Treabhdóireachta; ag laethanta eolais agus gairmeacha Gaeilge; ag seoladh thuarascáil an Choimisinéara Teanga; ag Buntáiste Breise na Gaeilge ar fud na tíre; agus ag comhdhálacha, Ard-Fheiseanna agus imeachtaí éagsúla eile i gcaitheamh na bliana. Bíonn muid ag obair ar fheachtais agus ar imeachtaí sóisialta éagsúla i gcomhar le baill agus le craobhacha an Chonartha féin, leis na Scéimeanna Pobail Teanga agus leis na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta eile ar fud na tíre, go háirithe na ceanneagraiochtaí agus iad siúd atá lonnaithe sna hoifigí céanna linn in Uimhir 6 i mBaile Átha Cliath, i nGaeláras Mhic Ardghail ar an Iúr, sa Nasc i mBéal Feirste agus in Áras na nGael i nGaillimh. Cothaíonn sé seo atmaisféar iontach comhoibríoch le hobair as lámha a chéile agus is mór an chabhair agus an cúnamh a fuaireamar ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun clár oibre na bliana a chur i gcrích ó bhí Ard-Fheis 2014 ann. Is amhlaidh an scéal le blianta fada anuas - ní bheadh ann do Chonradh na Gaeilge ná dár bhfeachtais éagsúla murach ionchur iontach fuinniúil, leanúnach bhaill an Chonartha, agus phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile, bliain i ndiaidh bliana. Táimid go mór faoi chomaoin ag gach duine - idir bhaill aonair, bhaill craoibhe agus oibrithe deonacha eile - a thugann a gcuid ama agus a gcuid fuinnimh go fial, flaithiúil don eagraíocht i gcónaí agus gabhaim buíochas ó chroí libh uile thar ceann na foirne ar fad. Ar aghaidh linn ag feachtasaíocht ar son ár gceart teanga, ár gceart daonna, agus cuimhnímis - ní neart go cur le chéile! Julian de Spáinn Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge +353 (0)1 4757401 julian@cnag.ie

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

25


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

3.6. NA CUNTAIS AIRGID 2013

CONRADH NA GAEILGE BLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2014 RÁITEAS AR FHREAGRACHTAÍ AN CHOISTE GNÓ Tá an Coiste Gnó freagrach as an Tuarascáil Bhliantúil agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir dhlíthe oiriúnacha agus de réir Chleachtais Chuntasaíochta a bhfuil gnáth-ghlacadh leo in Éirinn, ar a n-áirítear na caighdeáin chuntasaíochta atá eisithe ag an gComhairle um Thuairisciú Airgeadais agus atá foilsithe ag Cuntasóirí Cairte na hÉireann. Tá iallach ar an gCoiste Gnó ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhair gach bliana airgeadais a thugann léargas fíor cothrom ar ghnóthaí Chonradh na Gaeilge agus ar fharasbarr nó ar easnamh Chonradh na Gaeilge don tréimhse sin. Agus na ráitis airgeadais sin á n-ullmhú acu ní foláir don Choiste Gnó: -

polasaithe cuntasaíochta oiriúnacha a roghnú agus ansin iad a chur i bhfeidhm go leanúnach,

-

breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama,

-

na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaigh ach amháin sa chás go bhfuil sé mí-oiriúnach a cheapadh go leanfaidh Conradh na Gaeilge i mbun gnóthaí.

Deimhníonn an Coiste Gnó go bhfuil na riachtanais thuas comhlíonta agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú acu.

Tá an Coiste Gnó freagrach as taifid chuntasaíochta chuí a choimeád a léiríonn le cruinneas réasúnta stádas airgeadais Chonradh na Gaeilge ag am ar bith agus a chuireann ar a gcumas bheith deimhin de go bhfuil na ráitis airgeadais ullmhaithe de réir chaighdeáin inghlactha. Tá siad freagrach freisin as sócmhainní Chonradh na Gaeilge a chosaint agus dá réir sin as céimeanna réasúnta a ghlacadh chun calaois agus gnóthaí cama eile a chosc agus a aimsiú.

Ar son an Choiste Gnó Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí 17 Aibreán 2015

26

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

CONRADH NA GAEILGE TUARASCÁIL AN CHUNTASÓRA NEAMHSPLEÁCH DO CHOMHALTAÍ CHONRADH NA GAEILGE AR NA RÁITIS AIRGEADAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2014 Tá mé tar éis na ráitis airgeadais i gcomhair na bliana dar chríoch 31 Nollaig 2014 ar leathanaigh 3 go 8 a ullmhú, gan iniúchadh a dhéanamh, ó na taifid chuntasaíochta agus ón eolas agus ó na mínithe a soláthraíodh dom. Tá an tuarascáil seo tugtha do Chonradh na Gaeilge amháin mar fhreagra ar iarratas ón gCoiste Gnó. Rinne mé mo obair ionas go bhféadfainn a thuairisciú do Chonradh na Gaeilge na hábhair úd a iarradh orm a lua san tuarascáil seo agus ní ar aon chúis eile. Chomh fada agus a cheadaíonn an dlí dom, ní ghlacaim orm féin, le freagracht do aon duine eile seachas do chomhaltaí Chonradh na Gaeilge, mar chomhlacht, as mo obair, as an tuarascáil seo, nó as na ráitis a rinne mé. Freagrachtaí an Choiste Gnó agus an chuntasóra neamhspleách faoi seach Tá freagracht ar an gCoiste Gnó na ráitis airgeadais iniata a ullmhú. Is í an fhreagracht s’agamsa tuairim a nochtadh an bhfuil an cuntas ioncaim agus caiteachais agus an clár comhardaithe ullmhaithe i gceart ó na ráitis airgeadais agus ó thaifid Chonradh na Gaeilge. Tuairim Is é mo thuairim gur ullmhaíodh an cuntas ioncaim agus caiteachais agus an clár comhardaithe i gceart ó ráitis airgeadais Chonradh na Gaeilge don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2014. Dáithí Ó Maolchoille Cuntasóir Cairte 75 Páirc Weston Baile Átha Cliath 14 17 Aibreán 2015

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

27 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

CONRADH NA GAEILGE CUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2014

Ioncam

2014 €

1,016,684

2013 € 702,902

Caiteachas

(978,036) ----------38,648

(688,477) -----------14,425

(69,323) ---------(30,675) ======

(83,748) ----------(69,323) ======

Farasbarr na bliana (Easnamh) ag tús na bliana (Easnamh) ag deireadh na bliana

RÁITEAS NA nGNÓTHACHAN AGUS NA gCAILLTEANAS IOMLÁN ADMHAITHE Tá na torthaí díorthaithe ó ghnóthaí leanúnacha. Ní raibh gnóthachan ná caillteanas ar bith admhaithe seachas torthaí coimeádta na bliana airgeadais. Ní raibh gluaiseachtaí ar bith i gcistí na cuideachta i rith na bliana seachas torthaí coimeádta na bliana airgeadais. Tá na torthaí díorthaithe ó ghnóthaí leanúnacha.

Ar son an Choiste Gnó Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí

28

3 ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

CONRADH NA GAEILGE CLÁR COMHARDAITHE

31 NOLLAIG 2014 Nóta

SÓCMHAINNÍ SEASTA

2

2014 € 436,026 ----------

2013 € 440,664 ----------

4,250

999

4,703 21,923 --------30,876

1,662 39,099 --------41,760

(75,424) ---------(44,548) ----------

(79,758) ----------(37,998) -----------

SÓCMHAINNÍ REATHA Féichiúnaithe Airgead sa bhanc – Gnáthchuntais – Ciste Liam Bulfin

CREIDIÚNAITHE (suimeanna a bheidh dlite laistigh de bhliain amháin)

3

GLANDLITEANAIS REATHA CREIDIÚNAITHE (suimeanna a bheidh dlite tar éis bliana amháin)

4

(180,090) ----------SÓCMHAINNÍ IOMLÁNA LÚIDE DLITEANAIS 211,388

(210,408) -----------192,258

DEONTAS FAIGHTE

6

(220,140) ----------8,752 ====

(222,482) -----------(30,224) ======

(30,675)

(69,323)

21,923 --------8,752 ====

39,099 ----------(30,224) ======

COMHDHÉANTA MAR A LEANAS Cuntas Ioncaim agus Caiteachais – (easnamh) Ciste Liam Bulfin

Ar son an Choiste Gnó Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht 4

29 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann CONRADH NA GAEILGE

NÓTAÍ AR NA CUNTAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2014 1. POLASAITHE CUNTASAÍOCHTA Gnás Cuntasaíochta Ullmhaítear na ráitis airgeadais faoi réir caighdeán chuntasaíochta a bhfuil gnáth-ghlacadh leo in Éirinn. Is iad caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil gnáth-ghlacadh leo in Éirinn agus ráitis airgeadais á n-ullmhú ag tabhairt léargais fíor agus cothrom ná caighdeáin chuntasaíochta foilsithe ag Cuntasóirí Cairte na hÉireann agus eisithe ag an gComhairle um Thuairisciú Airgeadais.

Dímheas Sócmhainní Inláimhsithe Seasta agus Amúchadh Deontas Dímheastar na sócmhainní seasta ina ngálaí cothroma bliantúla thar saol measta na sócmhainní. Seo iad na rátaí atá in úsáid faoi láthair: Trealamh

20% per annum

Caiteachas ar an áitreabh

1% per annum

Amúchadh deontas faighte

1% per annum

Gnóthas Leantaigh CONRADH NA GAEILGE Ullmhaítear na ráitis airgeadais seo ar bhonn gnóthais leantaigh. Tá an bonn seo oiriúnach, i dtuairim an Choiste Gnó, de bharr tacaíocht airgeadais ó Fhoras na NÓTAÍ AR NA CUNTAIS Gaeilge agus ó Bhainc Aontais Éireann cpt. DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2014 (ar leanúint) 2.

SÓCMHAINNÍ INLÁIMHSITHE SEASTA Trealamh Caiteachas ar an Iomlán Áitreabh Costas € € € Ar 1 Eanáir agus ar 31 Nollaig 33,229 463,854 497,083 ===== ====== ====== Dímheas Ar 1 Eanáir 33,229 23,190 56,419 Muirear na bliana reatha 4,638 4,638 ------------------------Ar 31 Nollaig 33,229 27,828 61,057 ===== ===== ===== Glanmhéid 31 Nollaig 2014 436,026 436,026 = ====== ====== 31 Nollaig 2013 440,664 440,664 = ====== ====== Ba sa bhliain 2009 a rinneadh an caiteachas ar an áitreabh, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, atá léirithe anseo. Níl caiteachas mar sin a rinneadh roimh 2009 agus a bhí díscríofa roimhe sin ar an gClár Comhardaithe ar 31 Nollaig 2014.

3. CREIDIÚNAITHE (dlite laistigh de bhliain amháin) 2014 5 € Creidiúnaithe ginearálta 45,424 Banc (nóta 5) 30,000 --------75,424 ===== 4. CREIDIÚNAITHE (dlite tar éis bliana amháin) Banc (nóta 5)

30

2014 € 180,090 ======

2013 € 49,758 30,000 --------79,758 ===== 2013 € 210,408 ======

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


CONRADH NA GAEILGE NÓTAÍ AR NA CUNTAIS

Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2014 (ar leanúint) 5. BANC

2014 € 210,090 ======

Iasachtaí

2013 € 240,408 ======

Dlite laistigh de bhliain amháin – nóta 3 Dlite tar éis bliana amháin - nóta 4

30,000 30,000 180,090 210,408 ------------------210,090 240,408 ====== ====== Tá morgáiste ag Bainc Aontais Éireann cpt ar an áitreabh, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

6. DEONTAS – An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 2014 2013 € € Faighte 234,192 234,192 ====== ====== Amúchadh Ar 1 Eanáir 11,710 9,368 Aistrithe go hioncam i mbliana 2,342 2,342 ---------------Ar 31 Nollaig 14,052 11,710 ===== ===== Glanmhéid 220,140 222,482 ====== ====== 7. GLACADH NA RÁITEAS AIRGEADAIS Ar 17 Aibreán 2015 faomhadh na ráitis airgeadais agus údaríodh go n-eiseofaí iad.

CONRADH NA GAEILGE RÁITEAS SREABHADH AIRGID DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2014 2014 €

2013 €

33,359 =====

28,390 =====

Glandliteanas don bhanc ag tús na bliana

(238,746)

(267,136)

Insreabhadh glandliteanais don bhanc

33,359 ________ (205,387) =======

28,390 ________ (238,746) =======

38,648 4,638 (2,342) (3,251) (4,334) ______ 33,359 =====

14,425 4,638 (2,342) (999) 12,668 ______ 28,390 =====

INSREABHADH GLANDLITEANAIS DON BHANC Ó GHNÍOMHACHTAÍ OIBRIÚCHÁIN LAGHDÚ AR GHLANDLITEANAS DON BHANC ANAILÍS AR GHLUAISEACHTAÍ GLANDLITEANAIS DON BHANC I7 RITH NA BLIANA Glandliteanas don bhanc:

Glandliteanas don bhanc ag deireadh na bliana RÉITEACH IDIR FARASBARR NA BLIANA AGUS INSREABHADH GLANDLITEANAIS DON BHANC Ó GHNÍOMHACHTAÍ OIBRIÚCHÁIN Farasbarr na bliana Dímheas Deontas amúchta (Méadú) ar fhéichiúnaithe (Laghdú)/méadú ar chreidiúnaithe

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

31 19


Conradh na Gaeilge

32

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

CONRADH NA GAEILGE MIONCHUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2014 IONCAM Deontais: Foras na Gaeilge Foras na Gaeilge – Gaelbhratach Foras na Gaeilge – PEIG Foras na Gaeilge – Na Feachtais Bailiú agus Clárú Cíosanna Ranganna Gaeilge Ábhair Díolacháin/Gaeilge 24 Glac Leis/Seó Bóthar Síntiúis Cumann Lúthchleas Gael Fógraíocht agus Urraíocht Comhdhálacha Leagáid An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht – Raidió Rí Rá Crannchur

CAITEACHAS Cíos, Rátaí, Árachas Cothabháil Tuarastail, Scéim Phinsin Ranganna Gaeilge Taisteal, Iostas Postas, Teileafón Páipéarachas Leictreachas Stóras Costais Bainc Ríomhairí Ús Bainc Táille Cuntasaíochta Costais Oifige Comhdhálacha Coiste Gnó Bolscaireacht Seachtain na Gaeilge –Ardú feasachta Dímheas: Caiteachas ar an Áitreabh Lúide: Deontas amúchta Comhairleoireacht

Farasbarr na bliana

2014 € 610,886 30,082 34,977 36,221 19,441 56,834 102,970 62,675 23,821 10,853 5,000 3,040 33,331 5,000

2013 € 369,537 10,967 23,122 75,513 108,029 27,204 39,397 5,618 5,000 6,400 30,639 635

5,374 -----------1,040,505 =======

841 ---------702,902 ======

47,972 19,182 517,214 46,705 25,119 23,962 20,929 9,780 1,228 5,241 5,582 8,022 3,075 131,407 40,370 3,535 61,688 28,550 4,638 (2,342) -----------1,001,857 =======

22,226 7,217 402,116 63,675 19,613 22,033 11,913 10,709 797 3,960 7,636 3,075 52,962 34,610 6,051 11,898 4,638 (2,342) 5,690 ----------688,477 ======

38,648 =====

14,425 =====

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

33 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

3.7. AN BÁILIÚCHÁN NÁISIÚNTA Craobh

34

Cúige

Contae

Bailiúchán 2014

Coiste Contae Mhaigh Eo

Cúige Chonnacht

Contae Mhaigh Eo

€750

Craobh Bhall Álainn

Cúige Chonnacht

Contae Mhaigh Eo

€110

Craobh Chaisleán a Bharraigh

Cúige Chonnacht

Contae Mhaigh Eo

€300

Craobh Chathair na Mart

Cúige Chonnacht

Contae Mhaigh Eo

€50

Craobh Chlár Chlainne Mhuiris

Cúige Chonnacht

Contae Mhaigh Eo

€100

Coillte Mach (Bailiúchán)

Cúige Chonnacht

Contae Mhaigh Eo

€117

Coill an Bhaile (Bailiúchán)

Cúige Chonnacht

Contae Mhaigh Eo

€48

Institiúid Teicneolaíochta Mhaigh Eo

Cúige Chonnacht

Contae Mhaigh Eo

€50

Craobh Anach Cuain

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€116

Craobh an Athar Uí Ghríofa

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€50

Craobh Bhaile Átha an Rí

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€360

Craobh Dhúiche Raifteirí

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€105

Craobh Ghort Inse Guaire

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€145

Craobh Mhaigh Chuilinn

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€260

Craobh na Gaillimhe

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€940

Craobh Thuama

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€75

Cumann na hAchréidh

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€145

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€50

Institiúid Teicneolaíochta Ghaillimh

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€50

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€50

Craobh Ros Comáin

Cúige Chonnacht

Contae Ros Comáin

€450

Coláiste San Aingeal, Sligeach

Cúige Chonnacht

Contae Shligigh

€50

An Ard-Chraobh

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€200

Craobh Ghaelphobal ACT Tamhlacht

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€50

Craobh Inse Chór

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€65

Craobh Liam Bulfin

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€150

Craobh Mháirtín Uí Chadhain, BÁC

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€18

Coláiste Mhuire, Marino

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€50

Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€50

Coláiste na Tríonóide

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€50

Coláiste Phádraig, Droim Conrach

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€50

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€50

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€50

Craobh Ghlór Cheatharlach

Cúige Laighean

Contae Cheatharlach

€50

Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Cúige Laighean

Contae Chill Dara

€50

Craobh Phort Laoise

Cúige Laighean

Contae Laoise

€500

Craobh Loch Garman

Cúige Laighean

Contae Loch Garman

€350

Coiste Contae na Mí

Cúige Laighean

Contae na Mí

€215

Craobh Cholmchille, Ceanannas

Cúige Laighean

Contae na Mí

€150

Craobh Ráth Cairn

Cúige Laighean

Contae na Mí

€80

Craobh Thulach Mhór

Cúige Laighean

Contae Uíbh Fhailí

€400

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Craobh

Cúige

Contae

Bailiúchán 2014

Craobh na Sionna

Cúige Mumhan

Contae an Chláir

€110

Craobh Chorca Dhuibhne

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

€50

Craobh Cois Leamhna, Cill Orglan

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

€50

Craobh Lios Tuathail

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

€200

Craobh Oileán Chiarraí

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

€310

Craobh Thrá Lí

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

€150

Craobh Uíbh Ráthaigh

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

€350

Cillín Tiarna (Bailiúchán)

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

€60

Cill Tulach (Bailiúchán)

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

€30

Craobh Bhaile Mhúirne

Cúige Mumhan

Contae Chorcaí

€100

Craobh Bheanntraí

Cúige Mumhan

Contae Chorcaí

€130

Craobh Chúil Aodha

Cúige Mumhan

Contae Chorcaí

€104

Craobh Mhainistir na Corann

Cúige Mumhan

Contae Chorcaí

€100

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Cúige Mumhan

Contae Chorcaí

€50

Craobh an Chaisleán Nua

Cúige Mumhan

Contae Luimnigh

€338

Craobh Chathair Luimnigh

Cúige Mumhan

Contae Luimnigh

€266

Craobh Ráth Caola

Cúige Mumhan

Contae Luimnigh

€150

Coláiste Mhuire Gan Smál

Cúige Mumhan

Contae Luimnigh

€50

Ollscoil Luimnigh

Cúige Mumhan

Contae Luimnigh

€50

Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge

Cúige Mumhan

Contae Phort Láirge

€50

Cumann Gaelach Chluain Meala

Cúige Mumhan

Contae Thiobhraid Árann

€164

Craobh an Aonaigh

Cúige Mumhan

Contae Thiobraid Árann

€200

Craobh Dhurlas Éile

Cúige Mumhan

Contae Thiobraid Árann

€204

Craobh Uí Icí (Carraig na Siúire)

Cúige Mumhan

Contae Thiobraid Árann

€285

Coláiste Mhuire Béal Féirste

Cúige Uladh

Contae Aontroma

€50

Ollscoil na Banríona

Cúige Uladh

Contae Aontroma

€50

Ollscoil Uladh, Béal Feirste

Cúige Uladh

Contae Aontroma

€50

Ollscoil Uladh, Coláiste Mhig Aoidh

Cúige Uladh

Contae Dhoire

€50

Craobh Austin, Texas

Thar Lear

Stáit Aontaithe Mheiriceá

€97

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

35 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

3.8. SÍNTIÚS NA nGAEL FOIRM SHÍNTIÚS NA nGAEL

Gabhtar buíochas mór leis na daoine seo a leanas as an síntiús leanúnach seo a ghlacadh leis an gConradh faoi scéim Shíntiús na nGael: • Breandán Ó Cathasaigh • Brenda Ní Ghairbhí • Daithí Mac Cárthaigh • Donnchadh Ó hAodha • Íte Ní Chionnaith • Julian de Spáinn • P.T. Mac Ruairí • Peadar Mac Fhlannchadha • Nóirín Uí Cheallaigh • Seán Ó Cionfhaola • Seán Ó hAdhmaill

A. Ainm: _________________________________________________________________________________ B. Seoladh: _______________________________________________________________________________ C. Cén cineál cáiníocóra tú (roghnaigh ceann amháin le tic)? (i) Duine aonair a íoncann ÍMAT: ........

...... Uimhir PSP: _________________________________

(ii) Duine féinmheasta: ......................

...... Uimhir PSP: _________________________________

(iii) Tabhartais chorparáideacha: ........

...... Uimhir na cuideachta: _________________________

(iv) Ní íocann tú cáin ar bith: .............. _____________________________________________________________________________

Treoir don Bhanc Dochair Dhíreacha a íoc

Le treoir a thabhairt don bhanc íocaíochtaí dochar díreach a íoc ó do chuntas líon isteach 1-5 ar an bhfoirm thíos agus cuir chuig an seoladh seo a leanas í: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2 1. Scríobh isteach seoladh do bhrainse bainc:

Banc: __________________________________________________________________________________ Brainse: ________________________________________________________________________________

2. Ainm an duine a bhfuil an cuntas bainc aige/aici: _________________________________________ 3. Cód Sórtála: ______ - ______ - _______

Uimhir do Chuntais: ____________________________

4. Bainfear an íocaíocht seo de do chuntas ar an gcéad Máirt de gach mí i gcás síntiúis mhíosúil. 5. Treoir don Bhanc agus do Shíniú

• Tugaim treoir duit dochair dhíreacha a íoc ó mo chuntas le Conradh na Gaeilge. • Dearbhaím go mbeidh €_________ le híoc

& is féidir í a chur do dhochar go míosúil / bliantúil (roghnaigh ceann)

• Cuirfidh mé nóta i bhfoirm scríbhinne chuig an mbanc má bhíonn sé i gceist agam an treoir seo a chur ar ceall. Cuirfidh mé scéal chuig Conradh na Gaeilge, chomh maith.

RÁTHAÍOCHT AN DOCHAIR DHÍRIGH: • Is ráthaíocht í seo atá á cur ar fáil ag do Bhanc mar bhall den Scéim Dochair Dhírigh, ina mbíonn gach banc agus gach tionscnóir scéimeanna dochair dhírigh páirteach. • Má cheadaíonn tú íocaíocht trí Dhochar Díreach: - Inseoidh do thionscnóir Dochair Dhírigh duit faoin méid a bheidh le híoc ó do chuntas - Glacfaidh do Bhanc agus íocfaidh sé dochair dhíreacha má bhíonn an t-airgead cuí i do chuntas. • Má tharlaíonn sé go ngearrtar dochar díreach, gan údarás uait, ó do chuntas gheobhaidh tú an aisíocaíocht chuí láithreach. • Is féidir an dochar díreach a chur ar ceal taobh istigh d'achar gairid ach nóta, i bhfoirm scríbhinne, a chur chuig do bhanc. DON OIFIG AMHÁIN: * Uimhir Aitheantais an Tionscnóra (OIN): 3 0 4 7 6 8 * Tagairt an Tionscnóra (18 carachtar ar a mhéid): ________________________________________________ Ní mór don chéad sé charachtar (ar a laghad) a bheith statach. Ní mór dó seo a bheith san áireamh i do chéad iarratas

Síniú (sínithe): _______________________ / ________________________ Dáta: ____ / ____ / ________

3.9. COMHBHRÓN Cuimhnímid go speisialta ar na Conraitheoirí agus ar na Gaeil uaisle a fuair bás i rith na bliana: • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • •

36

Aengus Ó Riain Áine Mhic Fhionnlaíoch Barra Ó Conaill Bláthnaid Ní Uadhaigh Brian Ó Crualaoich Brian Ó Muirthile Caitlín Ní Mháille Caoimhín de hÁl Caoimhín Ó Marcaigh Carmel Ní Néill Charlie McGinley Conn Mac Cárthaigh Damhnait Ní Riordáin David Sowby Deasún Ó Briain Diarmuid Ó Muirithle Dóirín Mhic Mhurchú Dominic McKevitt Éamonn Kinch Earnán de Blaghad Eibhlín Ní Dhurcáin Éilis Mac Gabhann Emher Uí Fhoghlú Ena de Barra Gearóid Ó Broin Gearóid Ó Catháin Íde Caomhánach Íosold Ní Dheirg Joe Molloy John Lamb John McLoone John O’Donoghue Johnny McNioacail Liam Ó Conchubhair

• • • • • • • • • • • • • • •

Liam Ó Cuanaigh Liam Ó hOisín Lt Col Brendan McGuire Máire Mhic Dhonnchadha Máire Stafford Máiréad Mac Craith Máirin Durack (Ferriter) Margaret Ó hÓgartaigh Mícheál (Jo Jo) Ó Loingsigh Micheál Ó Loingsigh Neasa Ní Annracháin-Ó Briain Niall Vallely Nollaig de hÁl Nora Ní Scanaill Patrick Ó Conmhidhe

• • • • • • • • • • • • • • •

Paul Drury Peadar Mac Canna Peig Ni Mháille Phyl Mhic Fhionnlaioch Prionsias de Priondargat Rita Macken Rita Ó Fearchain Séamas Mac Gabhann Séamas Ó Bléine Séamus Ó Coisdealbha Seán Ó Ceallaigh Seán Ó hAllmhúráin Seán Ó Maolchallann Seoirse Mac Craith Shane Mac Thomáis

Cuimhnímid go háirithe ar bheirt den Choiste Gnó a cailleadh i rith na bliana:

Leachlain Ó Catháin

Jacqueline Uí Mhuirí

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

4. TUAIRISC NA nEAGRAÍOCHTAÍ FAOI SCÁTH AN CHONARTHA 4.1. TUAIRISC SEACHTAIN NA GAEILGE

Ráiteas Misin Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear, trí fhéile a reáchtáil i mí an Mhárta gach bliain, 1-17 Márta. Tugann an fhéile deis don phobal freastal ar imeachtaí Gaeilge, spiorad na n-imeachtaí a bhlaiseadh, spraoi a bhaint astu agus an Ghaeilge a úsáid i slí thaitneamhach. Seachtain na Gaeilge 2015 Bhí féile na bliana seo ar siúl ó 1-17 Márta 2015 agus seoladh Seachtain na Gaeilge i mBéal Feirste den chéad uair riamh i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich. Thug an fhéile deis do gach uile duine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa. Bhí mórimeacht ar siúl i ngach cúige ar mhaithe le branda an fhéile a fhorbairt; láithreacht ar an stáitse cheoil thraidisiúnta ar Lá ‘le Phádraig i mBaile Átha Cliath agus Rás Inis ‘Iron’ Meáin ar Inis Meáin. An Pobal Foilsíodh Lámhleabhar na Seachtaine i mí na Samhna 2014 chun tacú le grúpaí imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a eagrú. Cuireadh tús leis an teagmháil sin i mbliana leis an imeacht Comhrá 14 agus cuma ar an 38

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2015: Clíona Ní Chiosáin agus Tomaí Ó Conghaile

scéal gur éirigh linn níos mó grúpaí sa phobal a spreagadh ná riamh le páirt a ghlacadh le Seachtain an Gaeilge dá bharr. D’éirigh linn teagmháil rialta a dhéanamh leis na grúpaí ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar an bplean oibre a bhí acu le himeachtaí a cur ar siúl. Scoileanna Foilsíodh Lámhleabhar na Scoileanna & Ógchlubanna i mí na Samhna 2014 chun tacú le scoileanna imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a eagrú. Ba í an Slabhra Láimhe an phríomhimeacht do ghrúpaí agus scoileanna le páirt a ghlacadh ag mór-imeacht amháin ar an lá céanna, thaifead na grúpaí físeáin ar an lá agus déanfar físeáin leis na míreanna seo a eisiúint go luath. Cuireadh sraith do chomórtais ar siúl le himeachtaí a spreagadh faoi láthair agus tá foireann Sheachtain na Gaeilge i mbun teagmhála leis na grúpaí seo faoi láthair. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na scoileanna agus na múinteoirí a thacaigh leis an bhféile trí imeachtaí a chur ar siúl ina scoil féin.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Comhpháirtíocht Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabhail leis na meáin ar fad a thacaigh linn chun aird a thabhairt ar an bhféile. D’éirigh le RTÉ cúnamh maoinithe a chur ar fáil dúinn leis an scéim ‘RTÉ: Ag Tacú leis na hEalaíona’ le fógraí raidió agus teilifíse a chraoladh ar an aer agus fógraí dhigiteach a chur ar líne. Tá moladh tuillte ag RTÉ leis an mbéim a leag siad ar an nGaeilge le linn na féile, RTÉ 2fm ach go háirithe, agus tá muid ag súil leis an mbéim seo a fhorbairt amach anseo. Cuireadh tús le caidreamh leis an gcomhlacht idirnáisiúnta Twitter tríd an scéim ‘Twitter For Good’ inar chuir siad fógraí ar fáil dúinn a chabhraigh linn imeachtaí na féile a scaipeadh agus láithreacht na féile a fhorbairt ar na meáin shóisialta. Thacaigh an Irish Daily Mail trí Sult a eisiúint ar 28 Feabhra 2014. Thacaigh COGG linn

Seoladh Sheachtain na Gaeilge i gColáiste Laurel Hill, Luimneach leis an Aire Joe McHugh TD

chun Lámhleabhar na Scoileanna & Ógchlubanna a fhorbairt. Thacaigh Údarás Craolacháin na hÉireann linn chun an ‘Mobile Cinema’ a chur ar chamchuairt le cuairt a thabhairt ar scoileanna éagsúla.

Comhrá 14 Riar foireann na hoifige an tionscadal Comhrá 24, curiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh ar domhan, a bhí ar siúl ó 5 - 12 Deireadh Fómhair 2014. Lean an comhrá ar aghaidh ar feadh 169 uair an chloig agus é ag craoladh beo ar snag.ie. Deis iontach a bhí inti do ghrúpaí éagsúla ar fud na cruinne teacht le chéile agus a bheith páirteach in imeacht a bhí oscailte do chách, chomh maith le deis úsáidte eile a thabhairt do na mílte grúpaí a bhíonn ag teacht le chéile leis an scéim ‘Is leor beirt’. Buíochas Táim fíorbhuíoch de Jenny Ní Ruiséil, Oifigeach Riaracháin Sheachtain na Gaeilge agus de Sean Ó Murchadha, Feidhmeannach Ardú Feasachta & Ilmheán ; de bhord stiúrtha Sheachtain na Gaeilge; d’fhoireann na hArdOifige, d’fhoireann Uimhir 6 agus de gach duine a thug cabhair agus tacaíocht dúinn san oifig agus ar an talamh i rith na bliana. Tá buíochas speisialta ag dul do gach duine, grúpa, eagras agus scoil a ghlac páirt i Seachtain na Gaeilge 2015. Go raibh míle maith agaibh! Sinéad Ní Dhomhnaill Bainisteoir Gníomhach Seachtain na Gaeilge 6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 +353 (0)1 4757401 / snag@cnag.ie / www.snag.ie

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

39 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

4.2. TUAIRISC OIREACHTAS NA GAEILGE

Ceanneagraíocht is ea an tOireachtas sa mhór-réimse, ’Deiseanna Úsáidte agus Bunú Gréasáin Úsáidte Gaeilge’ agus faoin stádas nua seo is iad seo a leanas na feidhmeanna atá leagtha ag Foras na Gaeilge air: 1. Mór-imeacht uile-oileáin a chur sa tsiúl ar bhonn bliantúil: a. a thabharfaidh deis do phobal Gaeilge na tíre gréasáin Ghaeilge a bhunú, a threisiú, agus a bhuanú, agus b. a chuirfidh deiseanna úsáidte Gaeilge ar fáil do phobal Gaeilge na tíre; 2.

Sraith de mhór-imeachtaí siamsúla a chuimseoidh raon leathan spéiseanna a chur chun cinn ar bhealach a chothóidh bunú, treisiú agus buanú gréasáin úsáidte Gaeilge ag leibhéil réigiúnacha agus fho-réigiúnacha sa dá dhlínse;

3.

Straitéis a fhorbairt do bhunú gréasáin úsáidte Gaeilge d’aosaigh sa dá dhlínse a chuimseoidh raon leathan de réimsí spéise, agus an straitéis sin a fheidhmiú i gcomhar le heagraíochtaí eile agus le páirtithe leasmhara pobal-bhunaithe;

4.

Bunú gréasáin úsáidte Gaeilge ar fud na tíre a éascú agus a chur chun cinn, bunaithe ar chur chuige straitéiseach, i ndlúthchomhar le páirtithe eile ar an Fhóram Comhpháirtíochta agus taobh amuigh de;

5.

Féilire d’imeachtaí agus de dheiseanna úsáidte Gaeilge a chuimseoidh raon leathan spéiseanna a thiomsú agus a chothabháil, agus eolas ina leith a chur ar fáil don phobal uile (pobal na Gaeilge agus pobal an Bhéarla) sa dá dhlínse;

6.

Caidreamh idir lucht gréasán úsáidte Gaeilge a chothú, a éascú agus a chur chun cinn, agus áiseanna cuí chuige sin a fhorbairt;

7.

Stocaireacht thar ceann phobal na Gaeilge a dhéanamh le húdaráis stáit agus le húdaráis eile thar raon leathan de shiamsaíocht a chuimseoidh spéiseanna leathana caithimh aimsire an mhórphobail, le go mbeidh soláthar a chur ar fáil do lucht na Gaeilge, agus sin a dhéanamh i gcomhar le Conradh na Gaeilge.

Eile Bunaithe ar na feidhmeanna agus ar na freagrachtaí thuas: 1. Tionscadail chomhpháirtíochta a eagrú agus a stiúradh le deiseanna úsáidte Gaeilge a sholáthar sa dá dhlínse ag leibhéal an phobail i ndlúthchomhar le comhpháirtithe eile ar an Fhóram Comhpháirtíochta;

40

2.

Tionscadail chomhpháirtíochta a stiúradh le gréasáin úsáidte Gaeilge a bhunú agus a bhuanú ag leibhéal an phobail i ndlúthchomhar le comhpháirtithe eile ar an Fhóram Comhpháirtíochta;

3.

Bheith rannpháirteach i dtionscadail chomhpháirtíochta a bheadh á stiúradh ag ceanneagraíochtaí eile ar an Fhóram Comhpháirtíochta;

4.

Pleananna Straitéiseacha agus oibríochtúla a réiteach i gcomhpháirt le comhpháirtithe eile ar an Fhóram Comhpháirtíochta ar bhonn tráthrialta;

5.

Eolas riachtanach a bhailiú agus a chur in eagar le feidhmeanna an mhór-réimse a chur i gcrích go héifeachtach agus sin a dhéanamh i ndlúthchomhar le comhpháirtithe eile; agus

6.

Iarratais thráthúla ar mhaoiniú a chur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge bunaithe ar na pleananna sin

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

An tOireachtas Gréasán na nGael Bí linn ag

Oireachtas na Samhna 2015 ‘an Phríomhfhéile sa Phríomhchathair’

Óstán Citywest

27 Deireadh Fómhair - 1 Samhain

Beidh na múrtha fáilte romhat! GACH EOLAS OifiG An OirEACHtAiS, 6 Sráid fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire fón: + 353 1 475 38 57 i ríomhphost: eolas@antoireachtas.ie i idirlíon: www.antoireachtas.ie F ai gh ea nn O ir ea ch t as na Gae i lge de on tas ó

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Campaí Ógras- iMí MíIúil Iúil2015 2015 CampaíSamhraidh Samhraidh Ógras Pháistí óó 7-14 7 – 14bliana bliana d’aois. d’aois doDophaistí BaileÁtha Átha Cliath, Cliath, Cill Uibh Fháilí, Gaillimh, Baile Cill Dara, Dara,Co. Gaillimh, Co. Chiarraí, Chiarraí Co.Co. Uibh Fhailí Tuilleadh eolais: www.ogras.ie Tuileadh Eolais agus Foirmeacha: www.ogras.ie 87

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

4.3. TUAIRISC ÓGRAS

Fís Ógras Go mbeadh an Ghaeilge mar theanga phobail ag daoine óga na hÉireann, agus go mbeadh an fhéinmhuinnín agus an cumas acu a n-acmhainn a bhaint amach, agus a bheith lánpháirteach sa phobal trí mheán na Gaeilge. Obair Bliana An Creat um Chaighdeáin Cháilíochta Náisiúnta (CCCN) Thosaigh muid amach ag am seo anuraidh ag iarraidh dhul i ngleic leis an bproiséas An Creat Um Chaighdeáin Chailíochta Náisiúnta (CCCN) d’obair óige. Is proiséas fada é a mhaireann trí bliana agus a dhíríonn ar phrionsabail agus ar chaighdeáin na hoibre leis an óige chun a chinntiú go bhfuil feabhas i gcónaí ag teacht ar an tsoláthar seirbhíse don aos óg agus chun tacú le heagraíochtaí struchtúr a leagadh síos a chabhróidh leo athbhreithniú agus measúnú a dhéanamr ar a gcuid oibre. Thug Ógras faoin bpróiséas seo go díograsach agus bunaíodh fó-choiste chun tabhairt faoin obair agus chun casadh leis an teagmhalaí ón CCCN ag na cruinnithe éagsúla a bhí againn leo i rith na bliana. I Mí na Nollag cuireadh tuairisc ar fáil dúinn ar thoradh ár gcuid oibre agus bhí an scéal an-dearfach cé go bhfuil neart oibre le déanamh againn arís i mbliana agus sna blianta amach romhainn chun a chinntiú go bhfuil na caighdeáin ag ardú agus na seirbhísí ag feabhsú bliain ar bhliain. Obair Fhorbartha Tá an dearthóir beagnach críochnaithe leis an obair ar an phacásite dramaícohta agus tá súil againn é a fhoilsiú go luath tar éis na Cásca. Beidh sraith ceardlanna eagraithe ar fud na tíre chun oiliúint a

chur ar cheannairí maidir le forbairt an dramaíocht sna clubanna agus chun cuidiú leo an úsaid is fear a haint as an phacaiste nuair atá sé ar fáil. Tá an-spéis sa dramaíocht sna clubanna faoi láthair agus tá súil againn sin a fhás agus a fhorbairt sa bhliain amach romhainn. Tá obair ar siúl faoi láthair ar Chlár Meabhairshláinte a chur ar fáil do dhéagóirí. Bhí cúrsa piolóiteach againn cúpla seachtain ó shoin chun moltaí agus tuairimí a fháil ó na ceannairí agus an fhoireann faoin chlár nua seo. Bhí an taiseolas an-dearfá agus tá súil againn a bheith ábalta an clár a chur ar fáil sna clubanna ó Meán Fómhair ar aghaidh. Ba mhaith linn go mbeadh níos mó acmhainní agus tacaíocht ar fáil trí Ghaeilge do dhaoine óga faoin ábhar de bharr nach bhfuil aon rud ann trí Ghaeilge faoi láthair. Tá suíomh nua idirlíne ag Ógras anois agus tá sé ag obair go maith dúinn chun eolas a scaipeadh maidir le clubanna agus imeachtaí atá ar siúl timpeall na tíre. Buíochas Tá buíochas ag dul do Chathaoirleach agus do Choiste Stiúrtha Ógras a chabhraíonn an t-eagras a stiúradh agus a fhorbairt san am deacair seo. Freisin tá buíochas ag dul do cheannairí Ógras atá

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

43 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ag obair do dian dicheallach ar fud na tíre. Táimid fíor-bhuíoch do na dreamanna ar fad a chuireann maoiniú ar fáil d’obair na heagraíochta. Tá buíochas freisin ag dul d’fhoireann Ógras a oibríonn go díograiseach i rith na bliana agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le foireann Chonradh na Gaeilge as ucht a

gcabhrach agus a dtacaíocht i gcónaí. Maedhbh Ní Dhónaill Stiúrthóir Ógras 6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 +353 (0) 1 4751487 / eolas@ogras.ie / www.ogras.ie

4.4. TUAIRISC AN COIMISIÚN LE RINCÍ GAELACHA

Tá An Coimisiún faoi láthair gnóthach le hullmhúcháin do Oireachtas Rince na Cruinne a bheidh á reachtáil don chéad uair riamh i gCeanada. Beidh breis is 6,000 damhsóirí ag iomaíocht idir 29ú Márta agus 5ú Áibreáin, i gcomórtais rince aonrach agus Rincí Foirne, agus táimid ag súil le 25,000 daoine a bheith i láthair thar ocht lá. Tá na damhsóirí, a dteaghlaigh, múinteoirí agus moltóirí agus baill den Coimisiúin ag ullmhú anois chun taistil go Palais des Congrés de Montréal don ocáid is árdcháiligh inár féilire. Tosnaíonn an ullmhúchán dona damhsóirí chomh fada síar le Oireachtaisí ina réigiún féin. Imeachtaí iad seo ina chaillíonn na buaiteoirí do Oireachtas na Cruinne. Tiocfaidh na hiomaitheóirí ó gach cúinne den domhain, le múinteóirí anois i breis is 33 tíortha. Le blianta anuas tá An Coimisiún láidir sna Stáit Aontaithe, Ceanada agus An Ástráil, agus múinteoirí san Aifric Theas chomh maith, ach le déanaí táimid ag leathnú amach sAn Eoraip, An Rúis, Hong Cong, Singapór, Téabháin, Cuáit, Catar, An tSeapán, Meicsiceo, agus Méirceá Theas i Braisíl, An Airgintín, agus múinteoir nua cáilithe i Chile.

44

Beidh Oireachtas na hÉireann ag bogadh ar ais go Cill Áirne arís i mbliana i Mí Deireadh Fómhair. Leanann ceachtanna Gaeilge ar aghaidh i gconaí ag cruinnithe An Choimisiúin, agus tá na baill agus múinteoirí ag múineadh Gaeilge bunúsach ina ranganna féin ar fud an domhain. Ó thosaigh Craobhacha Náisiúnta na hÉireann tá comórtais Gaeilge mar chuid den clár. Bronntar corn i gcuimhne Seán Ó Dálaigh, Séamus Mac Conuladh, Tomás Ó Fearcheallaigh agus Maitiú Ó Maoiléidigh do aois grúpaí faoi 10, 13, 16 agus os cionn 16. Cuid den obair atá idir lámh faoi láthair ná ár Láithreán Greasán a fheabhsú, agus tús mhaith déanta le Geailge do na scrúdaithe TCRG agus ADCRG a chur ar fáil air. Chomh maith le sin, caitheadh a lán ama ar thaighde dár mBeartas ar Chosaint Leanaí, atá, faoi dheireadh, tugtha suas chun data. Go dtí seo tá grinnfhiosrúchan déanta ar ghach múinteoir in Éireann, Albain, Sasana, agus An Bhreatain Bheag, agus cuireadh tús leis sna Stáit Aontaithe.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Thug an tArd-Rúnaí cur síos ar chruinniú a d’fhreastail sé air le hionadaithe an Chonartha ar an gCoimisiúin. Aontaíodh gníomhartha faoi leith leis an ngaol idir an dá eagraíocht a láidriú, ina measc: • Go mbeidh deis cur i láthair a dhéanamh ag cruinniú cinn bliana an Choimisiúin • Go mbeidh seastán agus deis

labhartha ag an gConradh ag Oireachtas Rince na hÉireann, agus ag na craobhacha cúige de chuid an Choimisiúin Go mbuailfear le hionadaithe an Chonartha ar an gCoimisiúin uair sa bhliain.

Aedín Uí Mhaoileidigh TCRG, ADCRG

Foclóir na NuaGhaeilge Focail Fholaithe ón bhFichiú hAois – Bailiúcháin Neamhfhoilsithe den Ghaeilge Labhartha. Anois ar www.fng.ie ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

47 19


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

5. TUAIRISC CLÓDHANNA TEO.

Is iad na príomhghníomhaíochtaí atá idir lámha ag Clódhanna Teo ná: • Feasta a fhoilsiú • An Siopa Leabhar a reáachtáil Feasta Foilsítear Feasta go míosúil agus taobh amuigh de ghnáthdhíolaíocht trí shiopaí agus trí shíntiúsóirí, cuirtear cóip chuig gach rúnaí craoibhe den Chonradh. Is é Pádraig Mac Fhearghusa an tEagarthóir agus tá sé ag cur feabhais leanúnaigh ar leagan amach agus ar úsáid dathanna san iris. An Siopa Leabhar Is gnó tábhachtach é An Siopa Leabhar atá ag freastal ar phobal na Gaeilge agus ar fhoilsitheoirí litríocht na Gaeilge mar aon le breis agus 40 bliain. In ainneoin foirne bige de bheirt, tá an siopa ar oscailt 6 lá sa tseachtain, agus tá gach earra ar fáil ar líne don domhan mór ar www. cnag.ie/siopa. Glacann an siopa le horduithe ó chustaiméirí aonair, scoileanna, ollscoileanna agus leabharlanna i rith na bliana go léir. Tá láthair scóipiúil ag an siopa, suite i gCeannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, agus tá foireann óg ach sár-eolach ar chúrsaí litríocht na Gaeilge ag feidhmiú ann. I mbliana bhí An Siopa Leabhar lánpháirteach san fheachtas margaíochta ‘Leabhra Feabhra’.

Seisiún Sa Siopa

Bhí sé mar sprioc ag an fheachtas go mbeadh leabhair Ghaeilge á cheannach ag daoine chun bronnadh ar a chéile ar Lá Fhéile Bríde. Labhair bainisteoir an tsiopa le Cormac Ó hEadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chun cur síos ar na 10 leabhar is mó díol a bhí ag an siopa ag an am agus chun próifíl ginearálta an tsiopa a ardú. D’eagraíodh comórtais agus seoladh leabhair fosta mar chuid de cheiliúradh an fheachtais. Bhí ardú suntasach i ndíolachán na leabhar ar líne agus sa siopa féin sa tréimhse ag tarraingt ar Lá Fhéile Bríde. Buíochas Tá An Siopa Leabhar buíoch don bhord bainistíochta as an obair ar fad atá déanta acu le bliain anuas, agus do Dharagh Ó Tuama, a bhí mar bhainisteoir ag an Siopa ar feadh breis agus ceithre bliana agus a d’fhág le tabhairt faoi obair nua ag deireadh 2014. Cillian de Búrca Bainisteoir, An Siopa Leabhar +353 1 478 3814 siopa@cnag.ie www.cnag.ie/siopa

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

47 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

p gadh rea

mhai o C r

le

o í c a h c a tS T

Naíonraí, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge www.gaelscoileanna.ie Facebook: Gaelscoileanna Teo 87

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht @gaelscoileanna


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

6. TUAIRISCÍ Ó NA TOGRAÍ 6.1. TUAIRISC AN CLÁR AS GAEILGE

Is í príomhaidhm An Clár As Gaeilge ná labhairt na Gaeilge a neartú sa chontae agus seirbhísí teanga cuí a fhorbairt chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge. Is togra páirtnéireachta pobail é An Clár as Gaeilge Teoranta atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Inis agus maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá an togra bunaithe le 9 mbliana anuas agus feidhmíonn sé as oifig bhuan in Inis le hOifigeach Forbartha agus Cúntóir Oifige fostaithe le Clár Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm. Spriocanna Straitéiseacha 1. Stádas na Gaeilge sa chontae a neartú 2. Pobal na Gaeilge a spreagadh 3. Infheictheacht na Gaeilge a láidriú 4. Comhpháirtnéireacht le heagrais eile sa cheantar 5. Tacú le turasóireacht chultúrtha Chun na spriocanna seo a bhaint amach, seo cuid de na himeachtaí a cuireadh i gcrích i gCo. an Chláir ó Ard-Fheis 2014: Imeachtaí Cultúrtha • Féile Scoildrámaíochta ar a bhfreastalaíonn bunscoileanna agus iarbhunscoileanna an chontae • Ba í Féile na hInse an fhéile teanga is mó sa cheantar i mbliana agus 32 mbliana a bunaithe á gceiliúradh againn in 2015. Ghlac breis agus 2,000 daoine óga páirt i mbreis agus

Inis dom

100 imeachtaí trí mheán na Gaeilge • Eagraíodh a lán imeachtaí i gcomhar le Comhairle Contae an Chláir, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus eagrais phobail eile mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2015 ar fud an chontae • Chuir An Clár As Gaeilge ranganna Gaeilge ar thrí leibhéal ar fáil mar chuid de Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Willie Clancy i mbliana freisin • Cúl-Chaint atá mar theideal ar an gclár seanchais agus nuachta ar Clare FM le Domhnall Ó Loingsigh gach Satharn ar 9.00rn. Tuilleadh eolais: donal@clare.fm Oideachas Sa bhreis ar na ranganna Gaeilge ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, eagraíodh ranganna Gaeilge ag trí leibhéal (bunleibhéal, meánleibhéal agus cainteoirí) i gCois na hAbhna i Lárionad Réigiúnda Chomhaltas Ceoltóirí Éireann tríd an mbliain. D’fhreastail suas le 120 duine orthu agus mar thoradh ar an mór-éileamh a bhí ar na ranganna i mbliana, tá ceithre leibhéal á mbeartú don bhliain amach romhainn.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

49 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Imeachtaí Óige • Is campa samhraidh do pháistí bunscoile ó rang 3 – 6 bunaithe ar ghníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge é Scléip an tSamhraidh agus freastalaíonn suas le 120 páiste air gach bliain • Reáchtáladh Comórtas Óráidíocht Poiblí Iarbhunscoile do scoileanna an chontae, eagraithe i gcomhar le Comhairle Baile na hInse le duaiseanna de pháirt-scoláireachtaí Gaeltachta

• Bhuaigh Café Suas Gradam Gaeilge an Chláir de chuid An Clár As Gaeilge, gradam bliantúil atá dírithe ar an earnáil tráchtála agus a bhronntar ar an gcomhlacht a dhéanann an obair is mó leis an nGaeilge a chur chun cinn ina réimse oibre. Mar thoradh air seo, beidh níos mó Gaeilge le feiceáil agus le cloisteáil i gcroílár na hInse agus ar fud an chontae • Rinneadh forbairt an mórthionscnamh Inis Dom, togra chun siopadóireacht i nGaeilge a chur chun cinn in Inis, le imeachtaí éagsúla i rith 2014. Dá bharr, tá an Ghaeilge le feiceáil agus le chloisteáil in a lán gnólachtaí sa bhaile i láthair na huaire agus táimid ag súil le níos mó a thabhairt linn ón earnáil trádála

Comhoibriú leis an bPobal • Eagraítear Féile Leabhar na Nollag, 5 lá d’imeachtaí i lár na hInse gach bliain mar chuid d’fheachtas díolacháin leabhar Gaeilge agus cártaí tráth na Nollag • Rinne An Clár As Gaeilge ionadaíocht ar Choiste Logainmneacha an Chláir, coiste comhairliúcháin do Chomhairle Contae an Chláir, leis an nGaeilge a chur chun cinn in ainmniú eastáit tithíochta, bóithre agus ceantair sa chontae 6.2. TUAIRISC GAEL-FHORBAIRT NA GAILLIMHE

Is áis phobail í oifig Chonradh na Gaeilge in Áras na nGael, Gaillimh, ina gcuirtear seirbhísí agus eolas faoin nGaeilge ar fáil don phobal i gcoitinne. Bíonn ranganna Gaeilge, ranganna sa cheol traidisiúnta, damhsa, drámaíocht, ceardlanna agus go leor imeachtaí eile ar bun againn i rith na bliana. Is é an phríomhaidhm atá againn an cultúr agus an teanga a chur chun cinn i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe.

50

Breandán Mac Fhionnghaile Oifigeach Forbartha An Clár As Gaeilge 5 Ardán Naomh Antaine, Inis Co an Chláir +353 (0)65 6864474 clarasgaeilge@eircom.net Comhordú Sheachtain na Gaeilge 2015 Bhí Clár Sheachtain na Gaeilge 2015 lán le himeachtaí éagsúla i mbliana. Idir cheardlanna, airneál, oíche ghrinn, oíche scannán, shiúlóidí, seó tallainne agus a leithéid, bhí imeacht ar siúl le haghaidh gach aoisghrúpa. Bhí neart ceoil de gach saghas le cloisteáil ar fud an chontae, agus siamsaíocht leanúnach ar fáil i gClub Áras na nGael le linn an cheiliúrtha. Comhordú Ranganna Gaeilge Eagraíodh idir ranganna agus dhianchúrsaí Gaeilge in Áras na nGael

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Campaí Samhraidh 2014

i gcaitheamh na bliana. Tá éileamh ar na ranganna go dtí seo agus formhór na rannpháirtithe ag clárú le haghaidh na ranganna tríd an suíomh idirlín ag www.cnag.ie. Bíonn na cúrsaí seo a leanas á reáchtáil againn i rith na bliana: • Ranganna Gaeilge ó Thosaitheoirí go hArdleibhéal • Cúrsa ullmhúcháin le haghaidh Scrúdú Béil na hArdteiste • Dianchúrsa an tSamhraidh • Dianchúrsa Ullmhúcháin Gaeilge d’Agallaimh na gCúrsaí Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht • Cúrsa le haghaidh Múinteoirí Bunscoile • Ranganna Damhsa (Daoine Fásta agus Páistí) Campaí Samhraidh D’éirigh thar barr leis na Campaí Samhraidh Gaeilge arís an bhliain seo caite. Tá móréileamh ar na campaí i gcónaí mar go gcuireann siad siamsaíocht agus oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá siad dírithe ar pháistí idir 7 agus 14 bliain d’aois agus úsáidtear ceol, drámaíocht agus ealaín maraon le ranganna Gaeilge chun cabhrú leis na páistí barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus í a chur chun

cinn. Bhí na campaí ar siúl i 10 n-ionad éagsúla ar fud chontae na Gaillimhe in 2014. D’fhreastail slua mór ar na campaí uile agus tá muid ag oibriú le dhá champa a chur leis an gclár don samhradh seo. Chomh maith leis sin, bhí coláiste samhraidh á reáchtáil againn don chéad uair le haghaidh daltaí dara leibhéal i bPobalscoil Phort Omna. Club Áras na nGael Tá Club Áras na nGael á reáchtáil againn mar lárionad siamsaíochta i gcathair na Gaillimhe. Cuirtear réimse leathan imeachtaí ar fáil ann trí Ghaeilge. Bíonn Ranganna Damhsa ar an Sean Nós, Oíche na bhFoghlaimeoirí, Oíche na Mac Léinn, Oíche Chártaí, Ceol Traidisiúnta agus imeachtaí sóisialta éagsúla ar siúl sa Chlub gach seachtain. Bíonn muid ag comhoibriú le grúpaí agus eagraíochtaí le linn na bliana chun imeachtaí a chur ar fáil don phobal. Comhoibriú le hImeachtaí Gaeilge Bíonn teagmháil againn go rialta le grúpaí agus le heagraíochtaí Gaeilge timpeall chathair agus chontae na Gaillimhe. Bíonn muid ag comhoibriú le grúpaí leis an nGaeilge a chur chun cinn ar aon bhealach is féidir. Tá caidreamh leanúnach againn leis na

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

51 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

meáin, tá muid ag obair le Galway Bay FM ar thógra nua ina mbeidh míreanna Gaeilge á gcraoladh trí ghnáth-sceideal clár an stáisúin. Anuas air sin, tá an colún seachtainiúil Lár Sráide againn san Galway Advertiser a chuirtear amach ar fud an chontae agus na cathrach. Tá súil againn cur leis an méid oibre atá déanta ón Ard-Fheis agus tuilleadh forbartha a dhéanamh i rith 6.3. TUAIRISC GAEILGE LOCHA RIACH

Is é ‘má tá Gaeilge agat, labhair í’ mana bhord stiúrtha Ghaeilge Locha Riach i gcónaí. Feidhmíonn an eagraíocht i limistéir fairsing go leor mórthimpeall ar Bhaile Locha Riach, baile a bhfuil marglann bheostoic ann is atá i gcroílár ceantar tuaithe: chomh fada soir le Béal Átha na Slua; chomh fada ó dheas le Port Omna, Gráig na Muilte Iarainn, Sliabh Eachtaí, Port Omna, Gort Inse Guaire; chomh fada siar le hUarán Mór; agus chomh fada ó thuaidh le Baile Átha an Rí. Tá an eagraíocht i gcónaí ag comhoibriú le grúpaí éagsúla taobh istigh agus taobh amuigh den limistéar seo; gach uile aoisghrúpa is cineál duine, le grúpaí pobail is gnó, leis na húdaráis áitiúla is stáit. Tá obair ar leith déanta chun sóisialú trí Ghaeilge a chothú i measc an aos óg, idir thacaíocht do chlubanna óige, scoláireachtaí chun na Gaeltachta a bhronnadh ar thréimhse oibre agus dúshláin léitheoireachta a chruthú. Cuireadh tús le club fichille Ridirí na nÓg agus tá deichniúr ar an meán ag teacht chuige uair sa tseachtain i ndiaidh na scoile ó shin. Bíonn clinic obair baile ar siúl i ndiaidh na scoile uair sa tseachtain fosta agus na teaghlaigh chéanna ag freastail air.

52

na bliana seo amach romhainn. Baba Ní Fhlatharta Stiúrthóir Thogra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe Áras na nGael 45 Sráid Doiminic Gaillimh +353 (0)91 567824 / baba@cnag.ie www.arasnangael.ie Eagraíodh ceiliúradh d’fhéilte náisiúnta agus idirnáisiúnta, Oíche na Féile Bríde, Lá Idirnáisiúnta na Leabhar, Lá Idirnáisiúnta na mBan, Lá Fhéile Pádraig agus an tSeachtain Oidhreachta. Bhíomar páirteach i Lá Díospóireachta na nGael-bhunscoileanna agus bhí baint dhíreach againn le trí champa samhraidh do leanaí bunscoile, dhá champa seachtaine do leanaí á dtógáil le Gaeilge agus ceann coicíse oscailte do chách. Tá obair mhór á dhéanamh i gcomhar le teaghlaigh sa cheantar ina bhfuil tuismitheoir amháin ar a laghad ag labhairt Gaeilge sa bhaile. D’eagraíomar grúpaí a bhí páirteach in imeachtaí móra na bliana, Dearg le fearg, Comhrá 24/7 agus neart eile. Sheolamar grúpa d’fhoghlaimeoirí fásta chuig an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh. Ghlacamar scoláirí ar thaithí oibre ó na meánscoileanna áitiúla i rith na scoilbhliana agus tháinig scoláirí eile chugainn ar thaithí oibre i rith an tsamhraidh chun díol as scoláireachtai chun na Gaeltachta. D’éirigh thar cionn leis an tionscadal Abair Amhrán, cóir ollmhór déanta de 150 scoláire ó seacht mbunscoil a rá amhráin Ghaeilge i mbéal an phobail le tionlacan ceolfhoirne. Seo leanaí nach mbíonn deis ar bith acu na

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

hamhráin sheanaitheanta Ghaeilge seo a fhoghlaim murach an t-imeacht seo. Rinneamar oíche mhór a eagrú chun oíche cultúir 2014 a cheiliúradh agus bhí os cionn 130 duine ann idir óg agus aosta.

Ridirí Locha Riach 2014

Tá Féile Raifteirí 2014 go díreach curtha dínn, féile speisialta lena gcuirtear béim ar amhráin, litríocht, drámaíocht, filíocht is ceol traidisiúnta. Rinne Ciarán Ó Maoinigh ceardlann ar an fhidil agus bhí ceolchoirm mhór i Leabharlann Bhaile Locha Riach. Bhí tuairim is 120 duine rannpháirteach i gCeolchoirm na nÓg, taispeántas ceoil, amhránaíochta agus drámaíochta do leanaí bunscoile le linn Féile Raifteirí. Tháinig slua chuig clabhsúr na féile i gCreachmhaoil, áit a raibh ceol, súgradh agus spraoi againn. Tá Gaeilge Locha Riach páirteach i bhféilte i gcomhar le grúpaí eile, Scoil Cheoil an tSamhraidh, mar shampla

agus Slógadh Eachtaí, ócáid ag a ndéantar gach gné d’oidhreacht agus staire phobal tuaithe a cheiliúradh in áit úr gach bliain. Bíonn gné dhátheangach ag baint leis seo le roinnt blianta anuas. Tá ionad buail isteach, oifig riaracháin, siopa beag agus leabharlann mar aon le seomraí cruinnithe agus ócáide ag Gaeilge Locha Riach. Cuirtear réimse seirbhísí ar fáil do mhuintir Oirthear na Gaillimhe ón ionad seo. Dírítear cuid mhaith ar ghrúpaí pobail, eagraíochtaí gnó agus ar na húdaráis áitiúla chun gnéithe Gaelacha a chur chun cinn ina n-imeachtaí, is comhoibriú cultúir i leith na Gaeilge a chinntiú a mhéid agus is féidir. Sprioc ar leith atá ann taithí a thabhairt do leanaí ar an teanga lasmuigh de Sheachtain na Gaeilge agus chun deis a thabhairt dóibh taitneamh a bhaint as an Ghaeilge i gcoitinne. Tá baill an bhoird stiúrtha páirteach i ngrúpaí ar leith sa cheantar rud a fhágann go bhfuil éisteacht á fáil de réir a chéile ó áiteanna éagsúla agus ó na húdaráis áitiúla ach go háirithe. Déantar iarracht fosta gearáin oifigiúla a dhéanamh maidir le héagothroime ar bith a mhothaítear i leith comhfhreagras /teagmháil i nGaeilge leis na húdaráis áitiúla. Níl ansin ach blaiseadh den mhéid atá ar siúl sa cheantar, dar ndóigh, bíonn ciorcail comhrá is neart eile ar siúl ar bhonn rialta. Ruth Ní Shiadhail Oifigeach Forbartha Ghaeilge Locha Riach 3 Seanbhóthar na Gaillimhe Baile Locha Riach Co. na Gaillimhe +353 (0)91 870718 / www.lochariach.com

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

53 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

6.4. TUAIRISC SCÉIM AN AONAIGH

Tá Conradh na Gaeilge, An tAonach suite i nDún Mhuire, 50 Sr. an Phiarsaigh, An tAonach, Co Thiorbraid Árann. Tá oifig, seomra cruinnithe, seomraí ranga, amharclann bheag agus siopa sa teach. Is ann a thagann daoine ar suim leo an Ghaeilge, nó daoine a bhfuil cabhair uathu sa Ghaeilge nó arís daoine a bhfuil leabhair nó cártaí uatha. Anuraidh 2014 bhí an “Scéim Phobail Gaeilge” ina thacaíocht láidir don obair a bhí idir lámha. Chun deis a thabhirt don phobal Gaeilge a chloisint, a fhoghlaim, nó a labhairt. Eagraíodh: • Ranganna do dhaoine fásta i rith na bliana • Léacht le Máire Ní Neachtain • Ciorcal comhrá míosúil sa leabharlann • Oícheanta le Gaeilge i dtabhairne Uí Shúilleabháin go míosúil • Oícheanta Ceoil, damhsa agus amhránaíochta le haíoanna Gaeltachta mar Seosamh Ó Neachtain, Róisín Elsafty, Conamara, Séamus Ó Beaglaíoch, Oisín Mac Diarmada, Máire Ní Bheaglaíoch agus Matt Griffin, chomh maith le ceoltóirí áitiúla. • Oíche le Ceol & Filíocht le Áine Ní Ghlinn le linn Fhéile an Aonaigh • Bhíomar páirteach sa Mhórshiúl Lá le Pádraig • Bhíomar páirteach sa lá “Dearg le Fearg” • Páirteach sa siulóid dhátheangach sna cnoic le muintir Dhurlas Mí Bealtaine • Ag comhoibriú leis an Ghaelscoil nuair a léiriodar drámaí agus ocáidí eile don phobal. • Oíche Chultúir ar fud na tire – damhsa ar an sean nós eagraithe. • Maidin Chaife gach Céadaoin i gCaifé 54

difriúla ó Mheán Fómhair • Bímid i dteagmháil leis an gComhairle Contae ó taobh comharthaí agus go háirithe leis an Oifigeach Ealaíne • Le Comhaltas Ceoltóirí Éireann – Taispeántas na Gaeilge ag Fleadh Cheoil Thiobraid Árann

An tAonach 2015

• Leis an gCoiste Contae den Chonradh – tacaíocht do “Dúchas Éigse do Thiobraid Árann” mí Mheán Fómhair • Spreagtar lucht gnó le Gaeilge a úsáid • Nuachtán áitiúil “The Nenagh Guardian” – alt sa Gaeilge “Seo an Scéal” go míosúil ann – grianghrafanna go minic freisin • Féile an Fhómhair Don Óige • Naíonra “Ríocht na nÓg Tí” go laethúil. (beirt fostaithe ag an gConradh ann) • Ranganna do dhéagóirí i rith na bliana • Club na nÓg go seachtainiúil i rith an scoiltéarma san Aonach agus i bPort Rua. • Campa spraoí seachtaine sa samhradh do pháistí 3/6 bliana • Cúrsa Samhraidh coícíse do pháistí bunscoile • Coláiste Samhraidh coícíse do dhéagóirí • Eagraíodh scoláireachtaí chun na Gaeltachta • Féile an Aonaigh/Seachtain na Gaeilge

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

leis an iliomad comórtas don óige • Féile an Fhómhair – comórtais mar: Tráth na gCeist, Díospóireachtaí, Óráidíocht do dhéagóirí • Páirteach sa Comhrá 24-7 ag comhoibriú le Bunscoil Mhuire na gCailíní Bhí éileamh maith ar na ranganna agus na himeachtaí do dhaoine fásta agus don óige i rith na bliana chun a Ghaeilge a labhairt agus a bhuanú mar theanga

lárnach sa phobal agus tá Scéim Phobail Gaeilge bliana ag Conradh na Gaeilge, an tAonach arís do 2015 Chun a thuilleadh eolais a fháil buail isteach chuig www.cnagantaonach.ie Kim Ní Mhaolchatha, Oifigeach Forbartha Gaeilge, +353 67 41570 cnagantaonach@gmail.com

6.5. TUAIRISC TOGRA MHAIGH EO

Bhí bliain iontach againn in 2014. Bhí bliain an-gnothach againn ar fad. Chuir muid tús leis an mbliain le sraith Ranganna Gaeilge í gCaisleán an Bharraigh, agus san fhómhar chuir muid Ranganna ar siúl, í mBéal an Átha, Caisleán an Bharraigh agus Clár Clainne Mhuiris. Bhí freastal an-mhaith orthu. Bhí Seoladh Seachtain na Gaeilge ar siúl againn ar an 21ú Feabhra in Ostán an Castlecourt í gCathair na Mart. Is é Cillian Ó Connor a rinne an seoladh dúinn. Bhí oiche den scoth ann. Bhí suas le 100 imeachta éagsúil luaite ar an gclár. D’éirigh thar barr le Seachtain na Gaeilge í Mhaigh Eo. Arís í mbliana leagamar béim ar bhunú Clubanna Scoile í mBunsoileanna éagsúla ar fud an Chondae. Chuireadh 10 gClub Scoile ar bun agus de réir tuairiscí d’éirigh go maith leo. Ní dhearna muid dearmad ach an oiread ar an bhFéile Scoildramaíochta. D’eagraigh muid Féile Chondae Mhaigh Eo í gCaisleán an Bharraigh. Ghlac 6 Scoil páirt inti. Bhí Fleadh Mhaigh Eo Béal Átha na

Seachtain na Gaeilge i Maigh Eo

Múice ar an 7 Bealtaine 2014. Chuir muid Seó Puipéid ar fáil do na scoileanna. D’fhreastail slua mór ar an ocáid seo. Bhí Seomra Gaeilge againn chomh maith bhí eolas ar fáil faoi chúrsaí Gaeilge srl. Ghlac 100 páiste páirt sa chrannchur a chuir muid ar siúl. Mar chuid de Fhleadh Cheoil Chonnacht 2014 chuir muid Oiche Ghaelach ar siúl ín Ionad Leadóige Chaisleán an Bharraigh ar an 2 Iúil. Ghlac go leor scoileanna an cheanntair páirt inti. Bhí Club Amhránaíochta do na daoine fásta againn ina diaidh. D’éirigh go híontach leis seo. D’eagraigh an Togra seomra Gaeilge ar feadh an deireadh seachtaine í gColáiste Dhaibhéid suite í gCroí lár na Fleidhe. Bhí muid ag díol earraí Gaeilge agus ag plé cúrsaí Gaeilge leis an bpobal. Bhí Comórtas againn do na páistí agus bhronn muid beartanna leabhar orthu.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

55


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Bhí Seiminéar Gaeilge againn, Teidéal: Litríocht agus Scríobh na Gaeilge i gCo Mhaigh Eo. Bhí thart ar 40 duine ann ar an lá. D’éirigh go maith leis. Is é Máirtín Mac Donnchadha a rinne fear an tí dúinn ar an lá. Ba iad Nollaig Ó Muraile Leachtóir & Scríobhneoir, Michael Mullen Scríbhneoir, Máirtín Ó Máicín Colúnaí –Gné altanna, Colette Nic Aoidh File, Áine Ní Chiaráin Iriseoir, Colman Ó Raghallaigh Scríbhneoir & Foilsitheoir na aíonna speisealta a bhí againn. Bhí deis ag daoine plé agus ceisteanna a chuir ag an deireadh. Chomh maith bhí Seoladh Leabhar Nua Fílíochta againn le Colette Nic Aoidh. Chuir muid taispeantás leabhar in nGaeilge a bhaineann le Maigh Eo ar siúl chomh maith, agus bhí muid ag díol abhar Gaeilge ar nós leabhair, dlúth dhioscanna, lipéidí Gaeilge srl. D’fhreastal thart ar 40 duine ar an ocáid. Thug an Coiminiséar Teanga Rónán Ó Domhnaill 6 Samhain 2014 í gCaisleán an Bharraigh. Bhí freastal an-mhaith ar seo, suas go 60 duine. Bhí oiche den scoth ann ó thaobh eolais agus siamsaíochta de. Bhí Seoladh Leabhair Lán Dóchas is Grá le Máirtín G. Ó Máicín againn i Leabharlann Chaisléan an Bharraigh ar an 4/12/2014, bhí slua mór i láthair. Bhí Seoladh ’Oscail an Doras’ Tionscnamh Gnó trí Ghaeilge í gClár Chlainne ar an 5/12/2014. Is é Micheál Ó Muircheartaigh a rinne an seoladh. Is Scéim shamlaíocht nua í Oscail an Doras a thugann deis duit do chuid Gaeilge a úsáíd go laethúil í gClár Chlainne Mhuiris. D’Eagraigh muid Ceardlann Scríbhneoireachta le Colette Nic Aodha. File & Údar í gCaisleán an Bharraigh.

56

Bhí trí sheisiún againn lei. Bhí sé ansuimiúil. D’éagraigh muid Comórtás Amhránaíochta • Comórtas Sean-Nós • Comórtas Gnáth Amhránaíochta. Bhí an Comórtas ar siúl ín Óstán an Welcome Inn ar an 22/11/2014. Is í Caitríona Ní Cheannabháin a bhí mar mholtóir againn. Bhí caighdeán ard ag na scoláirí a ghlac páirt sa chomórtas. Lean muid ar aghaidh le ‘Is Leor Beirt’ agus le cúpla ‘Ciorcal Cainte’ agus chabhraigh muid le Féilte áitiúla an Chondae ar nós Croí Chaisleán an Bharraigh. Tá sé de pholasaí againn sa Togra comhoibriú le Eagraíochtaí eile atá ag plé le cursaí Gaeilge í gCondae Mhaigh Eo mar shampla Gnó Mhaigh Eo agus Comhaltas Ceoltoirí Éireann Bhí oifig an Togra an ghnóthach ag teangmháil leis an bpobal. Cuireann muid seirbhís mhaith ar fáil do dhaoine atá ag lorg eolais faoi chúrsaí Gaeilge. Is í Brídín Ní Cheallaigh Oifigeach Feidhmiúcháin an Togra. Tá Oifig an Togra lonnaithe í Sráid Ellison í gCaisleán an Bharraigh. Níl aon dabht faoi ach gur mhór an cuidiú an Togra do chur ar aghaidh na Gaeilge í gCondae Mhaigh Eo. Brídín Ní Cheallaigh, Togra Mhaigh Eo, Conradh na Gaeilge, Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. +353 (0)94 9022444 / eolas@conradhmhaigheo.ie

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

tg4.tv

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Aon áit, Aon uair, Ar fud an Domhain

iPad App

Smart TV App

Bí ag comhrá linn: - Deonachas, @TG4tv | & Eagraíocht @TG4tv ATHNUACHAN Dualgas,

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

7. AINMNIÚCHÁIN DO NA TOGHCHÁIN IARRTHÓIR DON UACHTARÁNACHT 1. Ó Cearbhaill, Cóilín Is Uachtarán reatha an Chonartha é Cóilín agus é ina bhall den Choiste Gnó, den Bhuanchoiste agus de Choiste Náisiúnta an Oireachtais. Tá sé gníomhach i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá sé ina stiúrthóir ar Rith Teoranta agus ar Ghlór na nGael Teoranta chomh maith. IARRTHÓIRÍ DON CHOISTE GNÓ Ó NA CRAOBHACHA (Dáréag le toghadh) 1. Mac Aoidh, Seanán Is as Muineachán do Seanán ó dhúchas ach tá sé ina chónaí i nGaillimh ó bhí 2009 ann. Ar an chéad cúpla bliain den choláiste bhí sé páirteach sa Chumann Craic agus sa Chumann Drámaíochta. Chaith sé bliain mar Oifigeach Gaeilge i gComhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh Le bliain go leith anuas nó mar sin tá páirt mhór aige i Misneach i nGaillimh agus bíonn idir oícheanta sóisialta, cainteanna poiblí, taispeántais scannáin agus agóidí á n-eagrú aige chomh maith le cuid mhór eile. I mí Eanáir na bliana seo d’fhoilsigh Misneach iris darb ainm ‘Mionloch’, le Seanán páirteach san eagarthóireacht agus an dáiliúchán a shocrú dó seo. 2. Mac Oireachtaigh, Micheál Tá Micheál ina bhall de Chraobh Luimnigh. 3. Mac Fhearghusa, Pádraig Iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Cathaoirleach Chraobh Thrá Lí. Bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí. Eagarthóir ar Feasta. D’eagraigh bunú Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, ó 1981. Páirteach le coistí bunaithe Gaelscoileanna in Oileán Ciarraí, i gCill Airne agus i Lios Tuathail.

58

4. Mac Ruairí, Tomás Ball den Chonradh ó 1956; Uachtarán 1998-2003; Tánaiste 1994-1995; Coiste Gnó agus Buanchoiste ag tréimhsí éagsúla ó 1962; ball reatha de Chraobh Bhréanainn; Cathaoirleach an Oireachtais 1995-1996; Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge 2004-2010; iriseoir; craoltóir; stiúrthóir de Chomhlacht Cumarsáide Chreagáin Teoranta agus CCC.nuacht Teoranta. 5. Melvin, Paula Oifigeach Caidrimh Phoiblí agus comhbhunaitheoir chraobh úr an Chonartha “Pobal Gaeilge 15” agus ar an bhfeachtas s’acu chun Gaelcholáiste a bhaint amach don cheantar sin gurb as di, BÁC 15. Imreoir peile agus camógaíochta leis na Gaeil Óga CLG. Iar-Oifigeach na Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Iar-Chathaoirleach ar Chumann Gaelach an choláiste sin freisin. 6. Mistéil, Rónán Is Bleá Cliathach 28 bliana d’aois é Rónán agus tá sé ina bhall reatha den Choiste Gnó. Tá sé ag traenáil le bheith ina Gharda faoi láthair i dTiobraid Árann. Bíonn sé ag rith, ag obair sna meáin (raidió), saineolas faoi leith aige ar chúrsaí ríomhaireachta, agus spéis aige an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn laethúil i ngach rannóg den saol. Dar leis féin, cuireann sé an “craic”, an “raic” agus an “te” i “gcraiceáilte” :) 7. Ní Chionnaith, Íte Is Iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge í Íte (1985-1989) atá gníomhach in an-chuid gnéithe d’obair an Chonartha ó 1968 i leith. Is í seo an 45ú Ard-Fheis as a chéile di. D’fhreastail sí ar gach Ard-Fheis ó 1970, gan ceann ar bith a chailliúint. Chaith Íte tréimhse mar Thánaiste, mar Chathaoirleach ar an Oireachtas, mar Eagarthóir ar Feasta agus chaith sí 7 lá i bPríosún Mhuinseo i 1977 mar chuid d’fheachtas teilifíse an Chonartha, an chéad duine as 15 a cuireadh i bpríosún mar chuid d’fheachtas na gCeadúnas Teilifíse. Tá sí ar scor anois óna post mar Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na Meán, Institiúid Teicneolaíochta

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Bhaile Átha Cliath ach tá sí beo beathach i gcónaí. Bíonn sí páirteach i gláracha éagsúla raidió agus teilifíse, ag plé cúrsaí Gaeilge, cúrsaí reatha agus cúrsaí polaitíochta 8. Ní Chóchlaigh, Celine Tá blianta fada caite ag Celine ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus tá sí anghníomhach i gcúrsaí an Chonartha i dTiobraid Árann Theas. Is iar-mhúinteoir scoile í agus tá an-suim aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais. 9. Ní Laoire, Máire Tá Máire ina ball de Choiste Gnó an Chonartha le ocht mbliana anuas. Is iarmhúinteoir í agus tá an-spéis aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais, spéis a spreag í chun máistreacht a dhéanamh ar dhearcadh daltaí i leith na Gaeilge. Tá sí ina rúnaí ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge chomh maith. Tá sí bainteach le cur chun cinn na Gaeilge i gcathair Chorcaí. 10. Ó Deá, Aodhán Oifigeach na Gaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn 2009 - 2011. As Baile Átha Cliath dó, tagann a shuim i gcúrsaí Gaeilge ó Choláiste na bhFiann agus ó Chumann Gaelach Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath a athbhunú. Bhí sé ina Oifigeach Gaeilge agus Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn i gCOBÁC. Tá sé ag obair mar Stiúrthóir Forbartha / Leas-Ardrúnaí Eagraíochta le bliain anuas agus tá se i mbun tionscadail éagsúla le hioncam an Chonartha a mhéadú. Bhí sé i gceannas ar Gaeilge 24 in 2014.. 11. Ó Deá, Fionn Is As Baile Átha Cliath do Fionn Ó Deá. Is ag agus críochniú céim sa dlí i gColáiste na Tríonóide atá sé faoi láthair. Chaith sé an bhliain seo mar Reachtaire ar an gCumann Gaelach. Áit ar mheall ‘s ar spreag eisean ‘s an Coiste ansin os cionn 1,000 mac léinn le bheith páirteach i saol na Gaeilge! Tá taithí aige a bheith mar Oifigeach Foilseacháin agus LeasReachtaire an chumainn comh maith.

Craobh Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide 12. Ó Murchadha, Seán Tá Seán ina chathaoirleach ar Chraobh Mhuineacháin de Chonradh na Gaeilge. Tá sé ar an choiste lárnach de Chomhaltas Uladh agus an iris An tUltach. Ba é an t-eagraí contae i Muineachán ar son Rith 2014. Beidh sé páirteach arís i Rith 2016. Tá sé ag obair don Chonradh anois mar Fheidhmeannach Ardú Feasachta agus Ilmheán ó thuaidh. AINMNIÚCHÁIN DO BHORD SHEACHTAIN NA GAEILGE Ó NA CRAOBHACHA (Beirt le toghadh) 1. Mac Lochlainn, Conchubhair Tá Conchubhair ina bhall de Chraobh Mhuineacháin. Tá sé ina chathaoirleach reatha de Sheachtain na Gaeilge chomh maith. 2. Ní Riordáin, Maire Rugadh Máire gCorcaigh agus cónaíonn sí faoi láthair i gContae an Chláir len a fear chéile Ian agus a páistí Hannah, Eoin agus Barry. Tá sí ag múineadh Gaeilge agus Mata i gColáiste FCJ Laurel Hill i Luimneach faoi láthair. Is scoil iontach í a thugann seans di a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge. Tá traidisiún na Gaeilge agus gach a théann leis an-tabhachtach di agus ceapann sí go bhfuil sé fíor thábhachtach go bhfuil ról lárnach ag scoileanna agus ag daoine óga i gcur chun cinn na Gaeilge sa tír. “Mól an óige agus tiocfaidh sí. Tá sí ina ball de Chraobh Raidió Rí-Rá. AINMNIÚCHÁIN DO BHORD SHEACHTAIN NA GAEILGE Ó NA BAILL AONAIR (Duine le toghadh) 1. Newell, Chris Is as do Ghaillimh do Chris. Ta sé ina Bhainisteoir Ginearálta ar Chomhaltas na Mac Léinn, Gaillimh. D’fhreastail sé ar Chumann na bhFiann nuair a bhí sé níos óige.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

59 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

8. RÚIN NA hARD-FHEISE 2015

1. Molann an Ard-Fheis seo rannpháirtíocht iontach láidir an phobal Gaeilge agus Gaeltachta sna feachtais in 2014, go háirithe an trí mór-ócáid a leanas: Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath; Slán le Seán i gConamara; agus an Lá Dearg i mBéal Feirste. Aithníonn an Ard-Fheis na dea-thorthaí a d’éirigh as an brú seo ón bpobal, i. neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga coinnithe, Coiste Comhairleach don Straitéis 20 Bliain ó dheas bunaithe, Coláiste Dhoire ceadaithe, seirbhís bus curtha ar fáil do thuismitheoirí Choláiste Feirste, agus eile. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta an fuinneamh céanna a léiríodh in 2014 a chur i dtreo na n-olltoghcháin in 2016 thuaidh theas leis na héilimh a leanas ó phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach: a. Airí sinsearacha sa dá Rialtas agus comhchoiste oireachtais ó dheas le freagracht don Ghaeilge agus Gaeltacht – cabhróidh seo le stádas na teanga agus clár oibre na Gaeilge agus Gaeltachta a chur chun cinn; b. An maoiniú riachtanach breise a chur ar fáil le breis seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Cóilín Ó Cearbhaill, An Coiste Gnó 2. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Taoiseach Enda Kenny a chinntiú go n-iarrfaidh an Rialtas ó dheas gan aon mhoill eile ar an Aontas Eorpach nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge ón 1 Eanáir 2017 agus go reáchtálfaí sraith comórtas earcaíochta do phoist bhuana agus do phoist ar chonarthaí sealadacha leis an AE sna blianta 2015, 2016 agus 2017 Craobh na nGaeil Óga 3. Go dtacaíonn an Ard-Fheis seo leis an fheachtas ar son Acht Gaeilge ó thuaidh agus go n-iarrann muid ar ár craobhacha 60

ar fad bheith rannpháirteach agus gníomhach sa phróiseas comhairliúchán atá ar siúl go dtí an 5ú Bealtaine 2015 Craobh Ghleann an Iolair 4. Molann an Ard-Fheis go gcuirfí brú ar an Rialtas ó dheas le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú le moltaí an Chonartha agus gan é a lagú in 2015. Craobh Borabú 5. I gcomhthéacs thábhacht phobail Gaeltachta na tíre do spriocanna teanga an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 201030 ó dheas, iarann an Ard-Fheis seo ar an Taoiseach a chinntiú leis an Roinn Airgeadais go gcuirfear dóthain maoiniú ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun cur ar chumas na pobail Ghaeltachta pleananna teanga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ina gceantair féin. Coiste Contae na Gaillimhe 6. Molann an Ard-Fheis seo an tAire Cáral Ní Chuilín as an Straitéis don Ghaeilge 2015-35 ó thuaidh a fhoilsiú agus éilítear ar an Rialtas ó thuaidh a chinntiú go mbeidh a dhóthain acmhainní curtha ar fáil len é a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin moltar don Chonradh a chinntiú go mbeidh ionadaíocht ceart ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na straitéise. Niall Comer, Ball den Choiste Gnó 7. Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ó dheas tar éis glacadh le moladh an Chonartha le scéim píolótach don pháirt-tumoideachas a chur ar bun. Molann an Conradh brú a choinneáil ar an Roinn leis an scéim sin a leathnú amach go dtí na scoileanna eile a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla de réir a chéile. Aodhán Ó Deá, An Coiste Gnó 8. Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil titim ar líon na ndaltaí ag staidéar na Gaeilge i mbunscoileanna

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

agus i meánscoileanna ó thuaidh agus go n-aontaíonn an Ard-Fheis gur chóir do Chonradh na Gaeilge a bheith rannpháirteach i bplean cuimsitheach a fhorbairt le dul i ngleic leis an fhadhb seo. Craobh Chumann Gaelach Ollscoil Uladh

áisíneachtaí stáit eile, mar chuid den phróiseas pleanála teanga agus ullmhú pleananna teanga sa Ghaeltacht. Iarrtar nach bhfágfar an obair seo ar na pobail Ghaeltachta amháin. Coiste Contae na Gaillimhe

9. Moltar coiste athbhreithniú bunreachtúil a chur ar bun le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhunreacht an Chonartha in am don Ard-Fheis in 2016. Ba chóir go mbeidh ionadaíocht ar an gcoiste athbhreithnithe ón gCoiste Gnó, Buanchoiste agus gach coiste Cúige. Cóilín Ó Cearbhaill, An Coiste Gnó

14. Molann an Ard-Fheis seo do Chonradh na Gaeilge iarratas a chur chuig Apple leis an bhféidearthacht le ‘Guthú’ a chur ar fáil as Gaeilge. Craobh Caiseal Mumhan

10. Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo nach bhfuil soláthar sásúil ann do shainriachtanais oideachais san earnáil Gaelscolaíochta ó thuaidh agus go gcuirfidh Conradh na Gaeilge feachtas ar bun, i gcomhar le pairtnéirí eile, chun tabhairt faoi seo ar bhonn straitéiseach. Craobh Chumann Gaelach Ollscoil Uladh 11. Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh seirbhís ar fáil trí Ghaeilge i ngach roinn agus fo-roinn stáit. Craobh Caiseal Mumhan 12. Go n-éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfear an Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnda agus Mionlaigh i bhfeidhm sna hOllchomhairlí Nua ó thuaidh agus go gcomhlíonfaidh na comhairlí seo á gcuid dualgais i leith na Gaeilge, de réir na Cairte sin. Craobh Chumann Gaelach Ollscoil Uladh 13. I gcomhthéacs thábhacht phobail Gaeltachta na tíre do spriocanna teanga an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 201030 ó dheas, iarann an Ard-Fheis seo ar Roinn na Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta freagracht a ghlacadh as an bplé agus stocaireacht leis an státchóras, go háirithe leis an Roinn Oideachais agus

15. Go n-éilíonn Conradh na Gaeilge ar na stáit ó thuaidh agus ó dheas go mbunófaí níos mó gaelscoileanna, idir bhunleibhéal agus mheánleibhéal, le rogha a bheith ag gach tuismitheoir sa tír a bpáistí a chur chuig gaelscoil. Craobh Ghaelphobal Thamhlachta 16. Go n-eagróidh Conradh na Gaeilge clár i gcuimhne dóibh siúd a throid in Éirí amach na Cásca mar chomóradh 100 bliain air sin. Craobh Mháirtín Uí Chadhain 17. Go mbunóidh an Coiste Gnó – ag an gcéad chruinniú tar eis na hArd-Fheise – coiste le hionadaíocht ón gCoiste Gnó agus ó aonaid eile den eagraíocht chun moltaí a ullmhú don Choiste Gnó roimh dheireadh 2015 i dtaobh chlár imeachtaí Comórtha 125 bliain Chonradh na Gaeilge in 2018, a d’eagrófaí ar bhonn uile-oileánda agus go réigiúnda. Cuirfidh an Coiste Gnó plean comórthaí le chéile ina dhiaidh san le cur os comhair ArdFheise 2016. Craobh Cúil Aodha 18. Go gcuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an t-aitheantas atá bainte amach ag Coláiste Dhoire agus go gcuireann muid tacaíocht ar fáil leis an scoil a dhéanamh inbhuanaithe. Seán Ó Murchadha, An Coiste Gnó

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

61 19


Conradh na Gaeilge

66

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

19. Ní bheidh ina bhall/ball den Choiste Gnó, nó den Bhuanchoiste, éinne a bhíonn fostaithe go lánaimseartha ag an eagraíocht. I gcás na mball a thoghtar ag an Ard-Fheis, tiocfaidh an soláthar seo i bhfeidhm ó Ard-Fheis 2016 ar aghaidh. Donnchadh Ó hAodha, An Coiste Gnó

25. I gcomhthéacs na deacrachtaí a bhaineann le bailiúchán Séipéal a eagrú sa lá atá inniu ann, go n-iarrann an ArdFheis seo ar an gCoiste Gnó nua scéim tiomsaithe airgid nua a fhorbairt don eagraíocht ina iomlán. Coiste Contae na Gaillimhe

20. Go dtacaíonn Conradh na Gaeilge le siollabas coitianta a fhorbairt ar-líne d’fhoghlaimeoirí aosta a bheidh ag teacht le haidhmeanna Líofa agus leis an bhFráma Tagartha Eorpach. Niall Comer, An Coiste Gnó

26. Molann an Ard-Fheis go gcuirfeadh an Coiste Gnó meitheal i mbun iniúchadh ar an bhféidearthacht go mbunófaí́ aonad dlíthiúil neamhbhrabasúach a shlánódh sócmhainní́ Chonradh na Gaeilge idir árais agus eile don todhchaí́ le haontas na n-aonad lena mbaineann na sócmhainní́ seo agus ar bhealach a chosnódh a gcearta reachtúla úinéirachta uilig agus go gcuirfeadh an mheitheal tuairisc ar fáil don eagras ar an dtogra seo trí mhí́ ar a laghad roimh Ard-Fheis 2016. Craobh Bhréanainn

21. Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an gceiliúradh pobail ‘Teamhair 2016’, teacht le chéile ar Chnoc Teamhrach Luan Cásca an 28 Márta 2016 le haird a tharraingt ar ár saoithiúlacht ghaelach agus ar fhailí Éire oifigiúil ina leith. Cruinniú neamhsheicteach neamhpholaitiúil nach gceadófar aon mheirg ná brat ann ó shainghrúpa ar bith agus gan de cheangal eadrainn ach ár dteanga dhúchais féin. Craobh na gCeithre Cúirteanna 22. Moltar an t-eagraíocht seo as ucht tacaíochta láidir a chur ar fáil d’Acht na Gaeilge agus as béim a chur ar an tábhacht go gcuirfear an t-acht úd i bhfeidhm sna 6 chontae gan mhoill Carol Uí Nualláin, Ball aonair 23. Molann an Ard-Fheis seo don Choiste Gnó nua córas Gradaim a bhunú chun aitheantas a thabhairt do bhaill Chonradh na Gaeilge a bhfuil seirbhís saol tugtha acu don Chonradh agus don Ghaeilge. Craobh na Gaillimhe 24. Go dtacaíonn Conradh na Gaeilge leis an moladh déanta ag an Aire John O’Dowd acmhainní breise a sholáthar do theagaisc na Gaeilge i mbunscoileanna ó thuaidh Craobh Ghleann an Iolair

27. Molann Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deáshampla atá tugtha ag Comhairle Chathrach Átha Cliath agus ag lucht bainistíochta an chórais Luas maidir le húsáid na Gaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla ar chomharthaíocht ar fud na cathrach. Coiste Chontae Átha Cliath 28. Athdhearbhaíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge tacaíocht leanúnach don Choimisinéir Teanga agus a fhoireann agus agus éilímid ar an Rialtas, agus ar Dháil agus ar Sheanad Éireann go ndéanfar Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus seirbhísí ón Stát a chur ar fáil don phobal ar an gcaighdeán céanna as Gaeilge agus as Béarla. Coiste Chontae Átha Cliath 29. Iarrtar ar Chonradh na Gaeilge Ard Fheis 2017 a eagrú i dTamhlacht. Craobh Ghaelphobal Thamhlachta 30. Go dtionólfar Ard-Fheis na bliana 2017 i nGaillimh. Coiste Contae na Gaillimhe

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

63 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

dazd

70

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

9. MIONTUAIRISCÍ ARD-FHEIS 2014 Dé hAoine, 27 Feabhra 2014 An Comhairleoir Micheál Uí Ghlíosáin – Seoladh Ardfheis Chonradh na Gaeilge 2014.  Cuireadh fáilte roimh chách agus tréaslaíodh leis an obair a dhéanann Conradh na Gaeilge.  Moladh na múinteoirí óga a thagann amach ó choláistí tríú leibhéal.  Gabhadh buíochas le Sean Ó Curraoin as an méid a rinne sé ar son na Gaeilge agus guíodh gach rath ar Ronán Ó Domhnaill ina phost nua. Seán Mac Uidhir – Uacharán Chumann Trádála Chill Airne  Luadh tábhacht na Gaeilge i saol an ghnó.  Conas úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i gCill Airne.  Comórtas phóstaeir na mbunscoileanna – iarratais le feiscint timpeall an bhaile i bhfuinneoga gnólachtaí. ‘Anois an t-am chun cealú an mhaolaithe a iarraidh’ Padraig Breandán Ó Laighin, MA, PhD.  Cén fáth gur ghá don Rialtas gníomhú anois? Beidh an maolú reatha i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2015. Caithfear bheith láidir leis an Rialtas. Má mholann an Rialtas fadú an mhaolaithe beidh daoine ‘Dearg le Fearg’.  Cad a chiallaíodh sé má chuirtear fad eile leis an maolú? Imeallú níos leithne ar an nGaeilge. Teipfidh an Rialtas an Ghaeilge a chaomhnú. Cur amú airgid atá curtha ar fáil chun oideachas a chur ar dhaoine.  Cad iad na cúiseanna a tugadh don mhaolú i 2010? I ndiaidh rialacháin 2005 deirtear go raibh cúiseanna praiticiúla ag baint leis agus nach leanfaidh sé ar aghaidh ach ar bonn idirthréimhseach. Luadh na deacrachtaí téarmaíochta – an acquis communautaire.  Pléadh stair na Gaeilge mar theanga oifigiúil an AE.  Luadh na deacrachtaí a bhaineann le hearcú aistritheoirí, ateangairí, saineolaí dlí agus teanga.  An ann anois do na cúiseanna a tugadh don mhaolú? Breis is 50,000 téarma Gaeilge i mbunachar an AE. Tháinig 12 teanga oifigiúil nua isteach agus níl ach

an Pholainnis chun tosaigh ar an nGaeilge ó thaobh líon na dtéarmaí de. Tá go leor daoine cáilithe anois gur féidir fáil réidh leis an maolú.  Breis is €11 milliún caite ag Rialtas na hÉireann ag cáiliú iarchéimí. 2010 d’éirigh le 91 duine cáilíochtaí iarchéime cuí a bhaint amach, i 2011 d’éirigh le 79, i 2012 d’éirigh le 100 agus i 2013 d’éirigh 79 rud a chiallaíonn go bhfuil 349 duine i ndiaidh an oideachais chirte a fháil. I 2014 éireoidh le 175 na cáilíochtaí a bhaint amach.  Tá na cúiseanna a tugadh don mhaolú sáraithe, cinnte tá ullmhúchán fós le déanamh mar i gcomórtas aistritheoirí 2010 theip ar formhór na n-iarrthóirí.  Freagracht an Rialtais? Freagracht sonrach faoi Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is gá na poist ardleibhéil a chur ar fáil. Léiríonn dearcadh an Rialtais an meas atá againn orainn féin. Roibeard Ó hEartáin – Oifigeach Forbartha na Gaeilge san Earnáil Poiblí.  Oibríonn Oifigí Gaeilge leis an HSE, comhairlí Contae agus seirbhísí eile go príomha, ag tacú le baill foirne seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, freagrach as caomhnú na teanga agus an chultúir.  Príomhfhreagraí atá acu ná: comhfhreagras i nGaeilge; Comharthaí Poist; Stáiseanóireacht; Fóin; Suíomhanna Idirlín; Preasráitis; Bileoga agus bróisiúr; cáipéisí móra ar nós ráiteas airgeadais; baill foirne in oifigí Gaeltachta; Comharthaí bóithre agus pobail; Rialacháin Acht na dTeangacha Oifigiúla; Lámhleabhair tráchta na mbóithre; Gaeilge a úsáid leis an bpobal; foireann a choimeád ar an eolas maidir leis Scéimeanna Gaeilge faoi A na dTO; rialacháin eile nach cinn Gaeilge iad (seirbhísí tithíochta agus eile).  Obair aistriúcháin agus ateangaire, pléigh le gearáin, treoireacha a thabhairt maidir le foirmeacha, bileoga, tuarascála, oiliúint i nGaeilge, Seachtain na Gaeilge, eolas a scaipeadh i measc bhaill foirne, pointe teagmhála leis an bpobal.  I gCiarraí tá 8 n-oifig réigiúnach, 9 leabharlann, stáisiúin dóiteáin, oifigí cánach agus motor-chánach. Tá 45 pointe teagmhála, tá leas-oifigeach Gaeilge de dhíth, 90 ball foirne de dhíth chun bunfhreastal a dhéanamh ar an bpobal, faoi láthair tá 31 duine – seo ceann dos na rátaí is

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

65 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

airde sa tír.  Bunaíodh Cumann na nOifigí Forbartha Gaeilge, bíonn cruinnithe rialta agus ceisteanna á bplé go minic.  Buaileann an tOifigeach Gaeilge leis an gCoimisinéir Teanga uair sa bhliain.  Mí Eanáir 2012 cuireadh aighneacht chuig Roinn na Gaeltachta. Luadh na rudaí seo inti: deasca seirbhíse custaiméara; caighdeánú ar leibhéal na seirbhísí – foirmeacha agus bileoga i nGaeilge srl; lárnú ar aistriúchán na gcáipéisí, lárnú agus comhordú ar na rialacháin do fhógraí bóithre; rialacháin maidir le Scéimeanna Teanga – níl aon chomhsheasmhacht leis na Scéimeanna Teanga. Is gá go mbeidh a fhios ag an bpobal cad é an bunleibhéal seirbhíse a bheifeá ag tnúth leis. Polasaí náisiúnta earcaíochta a chur i bhfeidhm; gníomh bhreise ón Stáit chun freastal ar phobal na Gaeilge.  Taispeánadh litir a sheol Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge chuig an Taoiseach ag leanacht suas ar an aighneacht. Úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó Thuaidh Micheál Ó Flannagáin.  Ní féidir úsáid a bhaint as teanga ar bith seachas an Béarla sna cúirteanna ó Thuaidh.  Léiríodh stair reachtúil na Gaeilge ó Thuaidh. Nuair a achtaíodh an tAcht um Riar na Coire 1737 bhí cead ag dlíodóirí an Ghaeilge a léamh ach ní raibh aon chead acu í a labhairt. Ní ghlacfar le hiarratais ar athrú Achta 1737.  I ndiaidh Aontú Aoine an Chéasta bhí tábhacht nua ag baint le cothrom na féinne cultúrtha mar chuid de chothrom na féinne i measc an phobail i gcoitinne.  Idirdhealú ar líon na gcainteoirí ‘no difference in treatment of anyone because everyone here can speak English.’  Dlíthe ó Thuaidh a dhéanann smacht a chur ar dhaoine: The Treason Act, Act of Union.  Níl na cearta teanga céanna ag daoine ó Thuaidh is atá ag daoine sa Deisceart, in Alba nó sa Bhreatain Bheag.  Tá reachtaíocht de dhíth caithfear an comhrialtas rud éigin láidir a dhéanamh.  Tá pobal na Gaeilge ó Thuaidh ‘Dearg le Fearg’ tá géarghá le hAcht na Gaeilge. ‘Daoine Óga ag iarraidh na Gaeilge a úsáid – dúshláin agus moltaí’ Niamh Ní Chroinín – Reachtaire ar Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide.

66

 Athrú feicthe le cúpla bliain anuas – níos mó daoine ag léiriú spéise sa Ghaeilge ag Lá na gClubanna. Is dóigh go mbaineann sé seo le tionchar na nGaelscoileanna.  Luadh daoine ar nós Séan Ó Curraoin agus Bláthnaid Ní Chófaigh agus a dtuairimí ar dhearcadh na ndaoine agus tú ag caint i nGaeilge.  Tá baint ag daoine ó gach chúlra, chreideamh leis an gCumann Gaelach.  An-tionchar ag físeáin ar YouTube i nGaeilge ar dhaoine óga. Fód nua ag an nGaeilge leis na meáin shóisialta. Tugann na rudaí seo tuiscint nua do dhaoine óga ar an nGaeilge mar rud nua-aimseartha nach bhfuil ar imeall an tsochaí.  Deiseanna fostaíochta sa Ghaeilge.  Cáineadh go láidir curaclam na Gaeilge i scoileanna dara leibhéal. Moladh Conradh na Gaeilge as an aighneacht a rinneadh ar dhá ábhar scoile a dhéanamh as an nGaeilge.  Moladh ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge i mbunscoileanna ar nós corpoideachais, ealaíne, amhránaíochta srl.  Tábhacht a bhaineann le fáilte a chur roimh dhaoine nach bhfuil líofa sa Ghaeilge ag imeachtaí Gaelacha, nascanna níos láidre a chruthú le hollscoileanna, le grúpaí thar lear agus mar sin de.  Níl an stáit ag freastal ar chainteoirí Gaeilge ach tá na Cumainn Ghaelacha ag cur deiseanna labhartha ar fáil trí imeachtaí spóirt, ceoil, grinn, Tóg Amach Mé, agus eile. Cruthaíonn na meáin ar nós Raidió RíRá nasc idir an Ghaeilge agus gnáth-rudaí. Pléigh.  Cáineadh Córas na nGearán – ní fheiceann na príomhfheidhmeannaigh na gearáin mar sin ní thuigeann siad na deacrachtaí a bhíonn ag cainteoirí Gaeilge. Luadh go gcuireann na hOifigí Gaeilge na gearáin ar aghaidh chuig an duine cuí, ní féidir níos mó ná sin a dhéanamh.  Ceistíodh an bhfuil fráma ama maidir le brú a chur ar an Rialtas maidir le Stádas na Gaeilge san AE. Ba chór go mbeidh deireadh ag teacht leis an maolú i 2015 ach ní thiocfaidh mar sin tá gá le brú a chur ar an Rialtas anois.  Ceistíodh cad gur féidir linn féin a dhéanamh anois maidir le Straitéis ó Thuaidh. Freagraíodh go mbraitheann cearta teanga ó thuaidh ar thoil polaiteoirí ach tá gach páirtí buartha faoina bpobail féin.  Ceistíodh an lorgaíonn daoine óga seirbhísí i

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

nGaeilge. Aontaíodh go bhfuil gá le níos mó a dhéanamh chun daoine óga a spreagadh i dtreo seirbhísí i nGaeilge. Gá le níos mó eolais a chur ar fáil maidir le cad iad na seirbhísí atá ar fáil. Moladh comórtas a chur ar fáil don Choláiste is Gaelaí. Ghabh Donnachadh Ó hAodha buíochas le gach duine a ghlac páirt sna seimineáir agus sa phléigh.

3. Éilíonn an Ard-Fheis go bhfoilseofar straitéis láidir chuimsitheach ann i leith na Gaeilge ó thuaidh go luath agus go mbeidh an straitéis seo mar chéim i dtreo Acht Gaeilge. 4. Éilíonn an Ard-Fheis go mbeidh Seirbhísí Stáit ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge agus iad ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla. 5. Éilíonn an Ard-Fheis go n-aithneofaí an Pobal Gaeilge agus Gaeltachta mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh, agus chuige sin is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun láithreach idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta 6. Éilíonn an Ard-Fheis ar an Rialtas ó dheas nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis 1 Eanáir 2017 agus go gcuirfeadh siad sin in iúl don Aontas Eorpach láithreach. 7. Leasú bunreachta: Cur le ballraíocht an Bhuanchoiste 8. Leasú bunreachta: Comhthoghadh ar an gCoiste Gnó a bhaint 9. Leasú bunreachta: Alt nua (69)

Dé Sathairn, 28 Feabhra 2014 Glacadh leis na rúin seo a leanas ag Ard-Fheis 2014 1. Molann an Ard-Fheis go gcuirfí brú ar an Rialtas le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus gan é a lagú in 2014. Mar chuid den láidriú sin is gá Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus breis cum-hachta a thabhairt di. 2. Aithníonn an Ard-Fheis nach féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit, agus éilíonn an ArdFheis go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll, faoi dheireadh 2016.

Tá AIB ar Shráid an Dáma

Chonradh na Gaeilge.

brodúil as an tacaíocht a thugann siad do

Buail isteach chugainn nó cuir glaoch orainn ar 01-6793211

Allied Irish Banks, p.l.c. is regulated by the Central Bank of Ireland.


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

10. Molann an Ard-Fheis go gcuirfí deireadh leis an chosc ar úsáid na Gaeilge sna Cúirteanna agus in áiteanna eile ó thuaidh 11. Molann an Ard-Fheis go mbeidh na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht maoinithe i gceart, .i. go gcuirfí stop le haon laghdú eile ar bhui-séad Údarás na Gaeltachta, Fhoras na Gaeilge, agus Roinn na Gaeltachta agus go gcuirfí tús leis na buiséid a mhéadú de réir a chéile le hobair na Straitéisí agus eile a chur i gcrích. 12. Molann an Ard-Fheis go gcuirfí deireadh le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach agus go mbeidh an stádas ceart ag an nGaeilge. 13. I gcomhthéacs gur roghnaíodh Conradh na Gaeilge mar cheanneagraíocht san earnáil Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht (thar ceann na teanga le húdaráis stáit) tá tábhacht faoi leith le láidreacht na heagraíochta a bhuanú agus a neartú ar fud an oileáin. Iarrann an ArdFheis seo ar an gCoiste Gnó nua plean timireachta a eagrú chun tacú leis an gcóras craobhacha agus craobhacha nua a bhunú de réir mar is cuí. 14. Áitíonn an Ard-Fheis gur cúis díomá í don Ard-Fheis seo an easpa soiléireachta atá sna treoirlínte pleanála teanga a d’fhoilsigh Roinn na Gaeltachta mar chuid d’Acht na Gaeltachta 2012 maidir leis an maoiniú a chuirfear ar fáil do phobail Ghaeltachta atá ag feidhmiú pleananna teanga, agus d’eagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú pleananna teanga i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí Gaeilge. Iarrann an Ard-Fheis ar an Rialtas dóthain maoinithe a chur ar fáil chun cur ar chumas na ngrúpaí seo pleananna teanga le héifeacht a fheidhmiú. 15. Iarrann Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, i bpáirt le Leas-Uachtarán Gaeilge AMLÉ, go mbainfí amach dhá scrúdú ar leith ann don Ghaeilge san Ard-Teist: scrúdú ar leith ar ‘Litríocht agus Saíocht na Gaeilge’ ar mhúnla an scrúdaithe litríochta Bhéarla; agus gur ar ’An Teanga Ghaeilge’ a bheadh an scrúdú eile bunaithe le béim ar ghnéithe cosúil le gramadach, ceapadóireacht, aistriúchán agus léitheoireacht ar mhúnla scrúduithe teangacha náisiúnta i dtíortha Eorpacha. 16. Molann an Ard Fheis gníomhú go leanúnach leis an nGaeilge a choinneáil mar chroíábhar don Teastas Sóisearach agus don Ardteist. 17. Molann an Ard Fheis don Chonradh gníomhú, in éineacht le hAontas na Mac Léinn in Éirinn, ar son na Gaeilge

a choinneáil mar riachtanas iontrála d’ollscoileanna de chuid Ollscoil na hÉireann. 18. Ceapfaidh na hIontaobhaithe Coiste Rialachais chun deimhniúcháin a fháil go bhfuil córais chuí riaracháin á gcleachtadh ag na coistí ceannais. Ní bheidh aon bhall den Choiste Gnó, dá fhochoistí ná den Bhuanchoiste incheaptha ar an gCoiste sin. Le haontú an Choiste Gnó, cuirfidh na hIontaobhaithe téarmaí tagartha ar fáil don gCoiste Rialachais. Ní leanfaidh tréimhse bhallraíochta aon bhall den Choiste Rialachais níos faide ná 2 bhliain as a chéile. Ceapfaidh an Coiste Rialachais a gclár oibre féin, ach tiocfaidh siad le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad. Cuirfidh an Coiste tuarascáil bhliantúil ar fáil do na hIontaobhaithe agus níos minice má oireann. Foilseofar an tuarascáil ar shuíomh idirlín Chonradh na Gaeilge. Beidh fáil ag an gCoiste ar gach cáipéis agus cuntas airgid atá faoi stiúir na gCoistí Ceannais agus beidh cead acu míniúcháin agus eolas breise a lorg. Ní bheidh cead acu áfach cáipéisí (nó cóipeanna d’aon sórt) a thógáil ón gCeannáras. 19. Molann an Ard Fheis gur cheart don Chonradh, i bpáirt le hAontas na Mac Léinn in Éirinn, feachtas leanúnach a eagrú le stocaireacht agus brú a chur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus ar an Aire Oideachais agus Scile-anna, chun níos mó uaireanta oilte sa Ghaeltacht a chur ar fail dóibh sin atá ag staidéir don mhúinteoireacht. 20. Molann an Ard-Fheis brú a chur ar an Rialtas tacú leis an gCoimisinéir Teanga nua fad agus a bheidh sé / sí in oifig. 21. Molann an Ard Fheis do Chonradh na Gaeilge iarracht speisialta a dhéanamh chun mic Léinn tríú leibhéal ó thuaidh a mhealladh chuig ócáidí agus imeachtaí dírithe ar mhic Léinn, trí fhorbairt agus trí fhás na gcumann Gaelach a chur chun cinn. 22. Fáiltíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge roimh fhógra Emily Ní Raghallaigh, Ombudsman Eorpach, go mbeidh suíomh idirlín iomlán Pharlaimint na hEorpa ar fáil trí Ghaeilge mar cheart. 23. Molann an Ard-Fheis go reáchtálfar ArdFheis 2016 i mBaile Átha Cliath. Tugadh tuairiscí do lucht na hArd-Fheise ó eagraíochtaí atá faoi scáth an Chonartha agus na hArd-Fheise 2014.

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

69 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

10. UACHTARÁIN CHONRADH NA GAEILGE (1893 - 2015)

70

1893 - 1915 1915 - 1916 1916 - 1919 1919 - 1922 1922 - 1925 1925 - 1926 1926 - 1928 1928 - 1933 1933 - 1940 1940 - 1941 1941 - 1942 1942 - 1945 1945 - 1946 1946 - 1949 1949 - 1950 1950 - 1952 1952 - 1955 1955 - 1959 1959 - 1965 1965 - 1968 1968 - 1974 1974 - 1979 1979 - 1982 1982 - 1985 1985 - 1989 1989 - 1994 1994 - 1995 1995 - 1998 1998 - 2003 2003 - 2004 2004 - 2005 2005 - 2008 2008 - 2011 2011 - 2014

Dúbhglas de h-Íde (An Chraoibhín Aoibhinn) (1860 - 1949) Folúntas Eoin Mac Néill (1867 - 1945) Seán Ua Ceallaigh (Sceilg) (1872 - 1957) Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942) An Dr. Seán P. Mac Énrí (1862 - 1930) Cormac Breatnach (1886 - 1956) Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne) (1868 - 1942) Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942) Liam Ó Buachalla (1899 - 1970) Seán Óg Ó Tuama (1912 - 1980) Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964) Seán Mac Gearailt (1916 - 2004) Liam Ó Luanaigh (1914 - 1998) Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964) Annraoi Ó Liatháin (1917 - 1981) Seán Mac Gearailt (1916 - 2004) Tomás Ó Muircheartaigh (1907 - 1967) Micheál Mac Cárthaigh (1911 - 1983) Cathal Ó Feinneadha (1928) Maolsheachlainn Ó Caollaí (1939) Pádraig Ó Snodaigh (1935) Albert Fry (1940) Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach) (1918 - 1990) Íte Ní Chionnaith (1953) Proinsias Mac Aonghusa (1933 - 2002) Áine de Baróid (1950) Gearóid Ó Cairealláin (1957) Tomás Mac Ruairí (1939) Séagh Mac Siúrdáin (1958) Nollaig Ó Gadhra (1943 - 2008) Dáithí Mac Cárthaigh (1968) Pádraig Mac Fhearghusa (1947) Donnchadh Ó hAodha (1944)

2015 -

Cóilín Ó Cearbhaill

ATHNUACHAN - Deonachas, Dualgas, & Eagraíocht

(1975)


19


Aidhm na hEagraíochta: Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

Cuspóir na hEagraíochta: Is é cuspóir na hEagraíochta, daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile: (a)

cur le líon lucht labhartha na Gaeilge;

(b)

cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge;

(c)

cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear;

(d)

gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn;

(e)

cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge;

(f)

seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú;

(g)

stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge;

(h)

ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge;

(i)

aidhm agus cuspóirí na hEagraíochta a chraobhscaoileadh le briathar agus le gníomh.

Saintréithe na hEagraíochta: Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.