2016 Ard-Fheis

Page 1

Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Leabhar na hArd-Fheise Conradh na Gaeilge 26-27 Feabhra 2016

Baile Átha Cliath COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Dé hAoine, 26 Feabhra 2016 Caisleán Bhaile Átha Cliath Conradh na Gaeilge agus Saoirse Intinne An tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn Uachtarán na hÉireann

19.00 Fáiltiú 19.45 Cuirfear tús leis an Ard-Fheis Dé hAoine le hóráid ó Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn. Seolfaidh sé Seachtain na Gaeilge 2016 i ndiaidh na hóráide 20.30 Beidh seimineár ar siúl díreach ina dhiadh, áit ina mbeidh fealsúnacht Chonradh na Gaeilge á plé. I measc na saineolaithe a bheidh i mbun díospóireachta Dé hAoine, beidh: Peadar Kirby

Ollamh Emeritus, Ollscoil Luimnigh

Regina Uí Chollatáin Stiúrthóir, Scoil na gCéimithe, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Colm Ó Néill Leas-Uachtarán, Aontas na Mac Léinn in Éirinn 2

Cóilín Ó Cearbhaill Uachtarán, Conradh na Gaeilge

2

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

clár leabhar na hArd-Fheise Clár na hArd-Fheise ............................................................................................................... 2 & 91 1. Na Rialacha Seasta .............................................................................................................

5

2. Tuairisc an Uachtaráin ....................................................................................................... 6 3. An Eagraíocht: 3.1. Na Coistí agus Ionadaíocht ....................................................................................... 11 3.2. An Fhoireann ..............................................................................................................

12

3.3. An Tinreamh ar Chruinnithe de na Coistí Ceannais ............................................. 13 3.4. Tuairisc na hEagraíochta ........................................................................................... 14 3.5. Na Cuntais Airgid 2015 ............................................................................................. 36 3.6. Bailiúchán Náisiúnta 2015 ......................................................................................... 50 3.7. Síntiús na nGael .......................................................................................................... 52 3.8. Comhbhrón .................................................................................................................

52

4. Tuairiscí na nEagraíochtaí faoi Scáth an Chonartha: 4.1. Tuairisc Seachtain na Gaeilge Teo ................................................................................ 54 4.2. Tuairisc Ógras ............................................................................................................. 57 4.3. Tuairisc An Coimisiún le Rincí Gaelacha .................................................................... 58 5. Tuairisc Clódhanna Teoranta ............................................................................................... 61 6. Tuairiscí ó na Tograí 6.1. Tuairisc An Clár As Gaeilge ........................................................................................

63

6.2. Tuairisc Gael-Fhorbairt na Gaillimhe .......................................................................... 65 6.3. Tuairisc Gaeilge Locha Riach ....................................................................................... 66 6.4. Tuairisc Scéim an Aonaigh .......................................................................................... 68 6.5. Tuairisc Togra Mhaigh Eo ...........................................................................................

69

7. Ainmniúcháin do na Toghcháin 2016 .............................................................................. 72 8. Rúin na hArd-Fheise 2016 ................................................................................................. 76 9. Miontuairiscí Ard-Fheis 2015, Ros Cré ...........................................................................

85

10. Uachtaráin Chonradh na Gaeilge ..................................................................................

90

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

3 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Buail is osclófar Knock and it will open Logáil isteach ar www.gaeilge.ie leis an mbealach is tapúla a fháil go dtí an t-eolas atá uait. Féach na mionfhógraí ar NASC, áit ar féidir leat: > fógra a chur suas le cúrsa nó imeacht a lorg nó a fhógairt, > do réimse spéise a chlárú chun foláirimh a fháil a nuair a fhógraítear eolas nua, nó > a bhfuil ar fáil i do cheantar féin a chuardach – agus a lán eile. Just log on to www.gaeilge.ie for the quickest route to the information you need. Check out the NASC classified ads where you can: > post an ad to request or advertise a course or event, > register your area of interest to get alerts when new info is posted, or > search for what’s available in your neighbourhood – and much more.

1850 325 325 / 0845 309 8142 eolas@forasnagaeilge.ie

87

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

9.

1. Na Rialacha Seasta 1. 2. 3. 4. 5. 6. 7. 8.

Trí nóiméad don té a mholann rún. Dhá nóiméad don té a chuidíonn leis an rún. Níl cead ag aon duine eile labhairt níos faide ná dhá nóiméad. Níl cead ag aon duine labhairt faoi dhó i dtaobh na ceiste céanna ach amháin an té a mholann rún. Níl cead ag teachta athrá a dhéanamh ar chaint a thug teachtaí eile cheana féin. Is é 25 teachta a bheidh mar líon gnó le linn na hArd-Fheise. Ní cheadaítear rún ar bith nach bhfuil luaite ar an gclár a phlé mura gcuirtear na Rialacha Seasta ar leataobh. Chun na Rialacha Seasta a chur ar leataobh ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vóta a chaitheamh ar a thaobh sin.

10.

11. 12.

13.

Ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vótáil ar son rúin phráinní, a phléifear faoi riail 6, le go nglacfar leis mar rún. Beidh aon rún a bhainfidh le hairgeadas, rún práinneach a phléifear agus a ghlacfar leis faoi rialacha 6 agus 7 ina measc, mar mholadh seachas mar threoir don Choiste Gnó nua le cur i bhfeidhm laistigh d’acmhainní na heagraíochta. Beidh cead labhartha ag iar-Uachtaráin an Chonartha. Muna bhfuil ar chumas teachta a bheith i láthair chun rún dá c(h)uid a mholadh ní foláir dó nó di é sin a chur in iúl don Ard-Oifig roimh ré agus ní foláir dó nó di teachta eile a fháil chun an rún sin a mholadh agus é sin a cheadú i scríbhinn. Muna ndéantar amhlaidh titfidh gach rún nach molfar dá réir seo. Ní ceadmhach leasú a mholadh ar rún má athraíonn sé spiorad an rúin.

Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge 2015 - 2016

Chun tosaigh ó chlé: Celine Ní Chóchlaigh; Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán; Niall Comer, Tánaiste; Máire Ní Laoire. Dara sraith ó chlé: Seanán Mac Aoidh Conchubhair Mac Lochlainn; Máire Uí Ghairbhí; Íte Ní Chionnaith; Tomás Mac Ruairí; Pádraig Mac Fhearghusa; Eibhlín Uí Mhorónaigh; Paula Melvin. Ar chúl ó chlé: Donnchadh Ó hAodha; Aodhán Ó Deá; Micheál Mac Oireachtaigh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

5 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

2. Tuairisc an Uachtaráin 2016

A chairde sa Chonradh, Nuair a chuaigh dream beag amach ag troid ar son na saoirse anseo i mBaile Átha Cliath 100 bliain ó shin, bhí siad tiomanta ag fís den chineál tíre a bhí siad ag iarraidh a bhaint amach, agus is léir go raibh baint láidir ag an athbheochan chultúrtha agus teanga a bhí ag tarlú sna blianta beaga roimh 1916 ar an meon, ar an bhfealsúnacht, agus ar an bhfís a bhí ag na ceannairí sin. Bhí tionchar nach beag ag fealsúnacht Chonradh na Gaeilge ar cheannairí 1916 agus tá comóradh á dhéanamh againn air seo sa tsraith seimineár PIé 16 atá á reáchtáil Ie Iinn na bIiana seo. Tugann an bhIiain seo agus na comórthaí ar fad deis dúinn machnamh a dhéanamh ar an saol mar a bhí ansin, ar an saol mar atá sa lá atá ann anois, agus ar an saol atá á lorg againn amach anseo. Is fiú cuimhneamh ar an méid a baineadh amach le breis ‘s céad bliain anuas. Dúshlán ollmhór a bhí os comhair na chéad ghlúine de lucht na hathbheochan agus seans dá mba rud é go raibh an leibhéal céanna de staidéaracha teangeolaíocha agus de thuairiscí ann faoi stádas na Gaeilge is atá ann anois, nach mbeidís tar éis tabhairt faoi ar chor ar bith! Caithfear cuimhneamh nach raibh ach 1% den phobal aonteangach in 1891 agus iad ar fad ag cur fúthu i nGaeltachtaí éagsúla a bhí ag meath go síoraí seasta. Is ar éigean a bhí aon Ghaeilge á labhairt taobh amuigh de na ceantair sin, agus go deimhin féin, bhí

6

Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

go leor Béarla á labhairt i measc lucht na hathbheochana fiú. Is suntasach an difear atá ann sa lá atá inniu ann agus beagnach 2 mhilliún duine ar an oileán a bhfuil in ann Gaeilge a labhairt anois. Ní hionann seo is a rá nach bhfuil dúshlán mór os ár gcomhair fós. Cinnte, tá roinnt mhaith déanta agus is féidir a rá go bhfuiI todhchaí na teanga níos sláintiúla agus go bhfuil dearcadh i Ieith na teanga i measc an phobaiI níos dearfaí ná mar a bhí céad bIiain ó shin. Ach cé go bhfuil athrú poirt ann i dtaobh dhearcadh an phobaiI, ní féidir a rá gur tharla a mhacasamhail d’athrú sa chóras stáit. An taithí a bhíonn ag Gaeilgeoir ag plé Ieis an státchóras go fóill i 2016 ná meascán de phlámás gan gníomh, de neamhaird, agus in amanna, faraor, de naimhdeas oscailte. Tá dearcadh ann ag leibhéal oifigiúil an stáit go bhfuiI ról ag an stát i gcaomhnú na teanga, ach is beag spéis a Iéirítear

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2015, Ard-Fheis Ros Cré, 2016, Co. Baile Thiobraid Átha Árann Cliath

Cumann IdIrnáIsIúnta na gCoImIsInéIrí teanga InternatIonal assoCIatIon of language CommIssIoners

Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga, 2016

Gaillimh, 7-9 Márta 2016 Ionaid: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Óstán an Galway Bay Gach eolas: eolas@coimisineir.ie 091 504006 @ceartateanga

87

ATHNUACHAN COMÓRADH - Deonachas, 2016 | FísDualgas, don Todhchaí & Eagraíocht


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

in athbheochan na teanga. Níl an státchóras ag cur an Ghaeilge chun cinn i measc an phobail. Ní bhíonn aon tairiscint réamhghníomhach á déanamh ag pointe soláthair na seirbhísí, ná ní léir go bhfuil athbheochan na Gaeilge mar aidhm ag an státchóras. Sna 6 Chontae, tá teanga dhúchais an cheantair agus deiseanna chun tuiscint níos fearr a fhorbairt ar an gcultúr agus an stair áitiúil á gceilt ar chuid de phobal na hÉireann buíochas le curaclam scoile nach gcuimsíonn fiú buneolas ar an teanga, gan trácht ar státchóras nach mbronnann fiú bunchearta teanga ar na saoránaigh dá chuid. Amhlaidh céad bliain ó shin, ní ag an stát córas atá fís na hathbheochana, ach ag an bpobal. Tá an athbheochan beo i measc daoine atá sásta cur leis an líofacht atá ina bpobal féin trí ranganna, trí chiorcail

chomhrá, agus trí dheiseanna cainte eile a chruthú. Daoine a thapaíonn gach deis rogha na Gaeilge a úsáid ina saol, a roghnaíonn a n-ainm agus a sloinne Gaeilge a úsáid, a roghnaíonn an Gaeloideachas, a thógann a bpáistí le Gaeilge, agus a pléann leis an stát córas trí Ghaeilge. Tá sé riachtanach go bhfuil gluaiseacht náisiúnta láidir againn chun an athbheochan a stiúradh, a fhorbairt, agus a thiomáint, chun tacaíocht a thabhairt dá chéile, chun foghlaim óna chéile, agus chun seasamh lena chéile nuair is gá. Tá roinnt oibre déanta le bliain anuas chun ár ngluaiseacht a láidriú agus táim ag súil le tógáil ar an obair sin mar Uachtarán sa bhliain romhainn. Ní neart go cur le chéile. Cóilín Ó Cearbhaill Uachtarán, Conradh na Gaeilge

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

19


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Coiste Stiúrtha Ógras Fionn Ó Deá; Paula Melvin.

3. An Eagraíocht 3.1. Coistí Agus Ionadaíocht

An Coiste Gnó Tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Gnó nua ar 9 Bealtaine 2015 agus toghadh Niall Comer mar Thánaiste ar an gConradh ag an gcruinniú sin. Bhí 5 chruinniú den Choiste Gnó ann ó ArdFheis 2015 go dtí 23/01/2015. An Buanchoiste Tionóladh an chéad chruinniú den Bhuanchoiste nua ar 12 Iúil 2015. Bhí 6 chruinniú den Bhuanchoiste ann ó Ard-Fheis 2015 go dtí 23/01/2015. Seo a leanas baill an Bhuanchoiste: Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán, Niall Comer, Tánaiste, Conchubhair Mac Lochlainn Donnchadh Ó hAodha, Íte Ní Chionnaith, P T Mac Ruairí, Pádraig Mac Fhearghusa, Paula Melvin. Coiste Chomhoibrithe le Foras na Gaeilge Bhí 3 chruinniú den choiste nua seo, a glacadh leis ag an Ard-Fheis in 2015, ó 4 Iúil 2015. Seo a leanas baill reatha an Choiste Comhoibrithe: Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán, Niall Comer, Tánaiste (cathaoirleach), Aodhán Ó Deá; Caoimhín Ó Dónaill. Ionadaíocht Is iad seo a leanas na hionadaithe thar ceann an Choiste Ghnó a ainmníodh ar eagraíochtaí agus ar choistí éagsúla i rith na bliana:

Seachtain na Gaeilge Teo. Stiúrthóirí: Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán. P.T. Mac Ruairí. Club Chonradh na Gaeilge Baile Átha Cliath: Fionn Ó Deá. Foras Éireann P.T. Mac Ruairí. An Fhéile Phan-Cheilteach Deirdre Nic Eanraig. An Coimisiúin le Rincí Gaelacha Baill ceithre bhliain: 2013-2017 Éamonn de Bhál, Gráinne Ní Chonchubhair, Seán Mac Donnchadha 2015- 2019 Máire MhicAogáin, Séamus Ó Sé, Éilis Uí Dhálaigh Baill dhá bhliain 2015-2017 Seán Ó Féagáin, Áine Uí Shé, Dónas Tréanlámhach, Aedín Uí Mhaoiléidigh, Máire Ní Cheallaigh, Máire Nic Giolla Rua Liosta Náisiúnta baill Cúige 2015 - 2017 Uladh: Proinnsias Mac Oirialla, Seán Mac an tSagairt Mumhan: Máirín Ni Ruairc Tuathaigh, Seán Ó Cuilleanáin Laighean: Muirgheal de Brún, Colette Nic Ádhastar Connacht: Gearóid Ó Cianaigh, Mairéad Nic Giolla Bhríde Sasana: Dónal Ó Dochartaigh, Rós Mhic Giobúin, Máire Ní Dhufaigh Albain: Eoghan Mac Amhlaoi

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

11 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

3.2. An Fhoireann Conradh na Gaeilge Julian de Spáinn

Ard-Rúnaí

Alma Ní Bhroin

Riarthóir

Seán Ó hAdhmaill

Bainisteoir Acmhainní Daonna (i bpáirt le Glór na nGael)

Cosaint Teanga agus Ionadaíocht Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta ó dheas & Leas-Ardrúnaí Tionscadail

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bainisteoir Abhcóideachta ó thuaidh

Síne Nic an Ailí

Feidhmeannach Cumarsáide

Pádraig Ó Tiarnaigh

Feidhmeannach Cumarsáide & Abhcóideachta ó thuaidh

Ursula Ní Shabhaois

Feidhmeannach Anailíse & Taighde

Feachtais Feasachta Brenda Ní Ghairbhí

Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta

Sinéad Ní Dhomhnaill

Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta

John Ó Liodáin

Feidhmeannach Ilmheán & Lárphointe Feasachta

Seán Ó Murchadha

Feidhmeannach Feachtais Feasachta & Ilmheán ó thuaidh

Aindriú Mac an Rí

Forbróir Árdán Ilmheán

Ian Mac Gabhann

Oifigeach Iontrála Sonraí

Eagraíocht Aodhán Ó Deá

Stiúrthóir Forbartha & Leas-Ardrúnaí Eagraíochta

Cillian de Búrca

Bainisteoir Díolacháin

Fiachra Ó Brolcháin

Cúntóir Díolacháin

Edel Ní Bhraonáin

Comhordaitheoir na Mac Léinn Tríú Leibhéal (i bpáirt le hAMLÉ & Glór na nGael)

Niamh Ní Chróinín

Comhordaitheoir na Mac Léinn Dara Leibhéal

Louise Ní Fhearghail

Eagraí, Seó Bóthair 2016

Cuan Ó Seireadáin

Comhordaitheoir 2016

Michaeline Donnelly

Comhordaitheoir Dea-Chaidreamh

Aoife Ní Dhubhlaoich

Bainisteoir Margaíochta & Díolacháin Ravelóid (i bpáirt le Glór na nGael, Nós & AMLÉ)

Ógras Maedhbh Ní Dhónaill

Stiúrthóir

Anna Ní Thuama

Oifigeach Forbartha Chúige Laighean & Uladh

Risteard Ó Fuaráin

Oifigeach Forbartha Chúige Mumhan

Bláithín de Búrca

Oifigeach Forbartha Cléireachais

Elaine Scahill

Oifigeach Forbartha Ealaíne

An Coimisiún le Rincí Gaelacha Máire Ní Threasaigh-Mhic Riocard

Bainisteoir

Lisa Gatti

Feidhmeannach

Claire Gillespie

Scrúduithe

Colin Forbes

Cuntais

Tograí Forbartha

12

Emma Ní Chearúil

Stiúrthóir Gníomhach, Togra Ghael-Fhorbairt na Gailllimhe

Marcas Ó Siadhail

Oifigeach Forbartha, Togra Ghaeilge Locha Riach

Breandán Mac Fhionnghaile

Stiúrthóir, Togra An Clár As Gaeilge

Brídín Ní Cheallaigh

Stiúrthóir, Togra Mhaigh Eo

Amanda Nic Chnáimhín

Stiúrthóir, Togra an Aonaigh

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

3.3. An Tinreamh ar Chruinnithe de na Coistí Ceannais

TINREAMH AN CHOISTE GHNÓ 2015/16 (Baill tofa ag Ard-Fheis 2015) Ainm an Bhaill

09/05/15 12/09/15 31/10/15 05/12/15 23/01/16

Aodhán Ó Deá

X

X

Celine Ní Chóchlaigh

X

X

Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán

X

X

Fionn Ó Deá

X

X

Íte Ní Chionnaith

X

Máire Ní Laoire

X

Micheál Mac Oireachtaigh

X

P T Mac Ruairí

X

X

4 2 5

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

4

X

X

X

5

X

X

3

X

3

X

X

4

2 4 X

4

X

5

2

Pádraig Mac Fhearghusa

X

X

Paula Melvin

X

X

Rónán Mistéil

X

Seán Ó Murchadha

X

Seanán Mac Aoidh

Iomlán

X

X

X

X

TINREAMH AN BHUANCHOISTE 2015/16 Ainm an Bhaill

12/06/15

Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán

04/07/15

12/09/15

14/11/15

05/12/15

23/01/16

Iomlán

X

X

X

X

X

5

X

X

X

3

X

X

6

Conchubhair Mac Lochlainn Donnchadh Ó hAodha

X

X

X

Íte Ní Chionnaith

X

X

X

X

X

P T Mac Ruairí

X

X

X

Pádraig Mac Fhearghusa

X

Paula Melvin

X

Niall Comer, Tánaiste

X

4

X X

3

X

X

6

X

X

X

4

X

X

X

4

X

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

13 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

3.4. Tuairisc na hEagraíochta Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann. Is eagraíocht uile-Éireann an Conradh a ghníomhaíonn ar bhonn 32 contae agus ar fud na cruinne ar son na teanga, agus creideann an Conradh gur le pobal uile na hÉireann an Ghaeilge. Tá breis agus 180 craobh ag an gConradh agus líon mór ball aonair atá ag fás go leanúnach. Bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, agus níorbh aon eisceacht í obair na bliana ó bhí Ard-Fheis 2015 ann. Seo a leanas na príomhbheartais ar dhírigh an t-eagras orthu le bliain anuas de réir na réimsí seo a leanas: 1. Cosaint Teanga agus Ionadaíocht 2. Feachtais Feasachta 3. Oiliúint, Eagraíocht & Imeachtaí COSAINT TEANGA AGUS IONADAÍOCHT Thacaigh Conradh na Gaeilge le muintir na Gaeltachta sna feachtais éagsúla a d’eascair as an ngéarchéim i ngeall le seirbhísí sásúla agus cothrom na Féinne a chinntiú do phobal na nOileán Árann le linn na bliana, mar shampla. Chabhraíomar le Scoil Náisiúnta Inis Meáin chun poiblíocht a chothú don ghéarghá a bhí ag an mbunscoil le dara múinteoir a earcú in am don scoilbhliain dar tús Meán Fómhair 2015, agus thacaíomar leis an bpobal áitiúil nuair a bhí an tseirbhís eitlíochta agus ansin an tseirbhís farantóireachta ag na hOileáin Árann i mbaol. Ghlacamar páirt sa chomhairliúchán maidir le polasaí oideachais ceart don Ghaeltacht freisin, agus tá súil againn go mbeidh toradh na hoibre sin le tabhairt faoi deara sna míonna agus sna blianta amach romhainn. #GaelVóta tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh cosaint níos buaine agus infheistíocht níos fearr a chinntiú

14

do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcoitinne, agus chuige sin, tá an feachtas #GaelVóta ar an bhfeachtas stocaireachta is mó atá idir lámha ag an gConradh faoi láthair. Mar chuid den fheachtas seo, tá fóraim ghnímh oscailte á dtionól ag Conradh na Gaeilge ar fud na tíre le gníomhartha a aontú chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn sna holltoghcháin thuaidh theas. Táimid ag iarraidh an pobal a spreagadh chun gnímh ar son na teanga agus muid ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla chun na héilimh a chur chun tosaigh leis na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh sna toghcheantair s’acu. Tionóladh 26 fhóram sna contaetha éagsúla ó dheas go dtí seo, agus díreofar ar na contaetha ó thuaidh roimh olltoghchán an Tionóil Reachtaigh sna seachtainí amach romhainn. Tá na héilimh féin bunaithe ar mheascán de bhearta ionadaíochta agus de phlean infheistíochta, plean arna aontú ag breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-oileánda, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh – chun breis ‘s 1,160 post a chruthú agus chun líon na ndeiseanna a bheadh ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid nó a fhoghlaim a mhéadú go suntasach. I measc na mbeart ionadaíochta atá á lorg ag an gConradh agus ag na grúpaí pobail agus uile-oileánda ná go gceapfaí Airí Sinsir thuaidh agus theas chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus chun dea-bhainistiú agus feidhmiú iomlán an phlean infheistíochta a chinntiú.

Ag réiteach don olltoghchán lasmuigh de Thithe an Oireachtais

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Is ionann an maoiniú breise atá ag teastáil don phlean infheistíochta agus €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2008, ach thabharfadh an maoiniú spriocdhírithe seo breis deiseanna do phobail áitiúla ar fud na tíre chun an Ghaeilge a labhairt, agus chun í a fhoghlaim. Is í seo an chéad uair do na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta atá ag feidhmiú i measc an phobail chun scéimeanna agus tograí sonracha a aontú leis na húdaráis chuí, ar mhaithe leis an dul chun cinn is mó a dhéanamh ar son na teanga agus chun an luach is fearr ar airgead a bhaint amach, bunaithe ar shaineolas agus ar thaithí uile na hearnála. Sheolamar éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó dheas ag ócáid le hionadaithe ó na páirtithe polaitíochta i láthair ag Teach an ArdMhéara i mBaile Átha Cliath ar 6 Deireadh Fómhair 2015, agus seolfar na héilimh ó thuaidh go luath roimh an olltoghchán i mí na Bealtaine. D’eagraigh Conradh na Gaeilge dreas grianghrafadóireachta i gcomhar le hAontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) le #GaelVóta na mac léinn tríú leibhéil agus a nguth maidir le tábhacht polasaithe Gaeilge agus Gaeltachta sna holltoghcháin a thabhairt chun suntais sna meáin ar 7 Deireadh Fómhair 2015 freisin.

Na hÉilimh:

Olltoghchán ó dheas: Dé hAoine, 26 Feabhra 2016 - Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú - Go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais - Go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile Olltoghchán ó thuaidh: Bealtaine 2016 (dáta fós le socrú) - Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na

Seoladh éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag Teach an Ard-Mhéara (Deireadh Fómhair 2015)

Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú - Go gceapfaí Aire Pobail atá tiomanta don Ghaeilge, .i. Aire a bheidh sásta an Straitéis don Ghaeilge agus Acht Gaeilge a chur chun cinn - Go gceapfaí Aire Oideachais a thacaíonn leis an Ghaeilge sa chóras oideachais, .i. Aire a bheidh sásta an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus tacú go láidir leis na scoileanna eile gur mian leo an Ghaeilge a mhúineadh Reachtaíocht Teanga ó thuaidh Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an Straitéis Le Forbairt na Gaeilge A Fheabhsú agus A Chosaint 2015 – 2035 nuair a d’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) í ar 31 Eanáir 2015. Cuimsíonn an straitéis an-chuid de na moltaí a rinne Conradh na Gaeilge sa chomhairliúchán ar an straitéis, mar atá, an Ghaelscolaíocht; an Ghaeilge sna scoileanna Béarla; cosaint reachtúil don Ghaeilge; aisghairm ar an Acht um Riar an Chirt (Teanga) (Éire), 1737; an Ghaeilge sa phobal; agus go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn ar bhonn uileghabhálach. Ag teacht le foilsiú na straitéise, bhuail Conradh na Gaeilge leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta roinnt uaireanta ó bhí Ard-Fheis 2015 ann, agus chuireamar plean maidir lena cur i bhfeidhm le chéile don Aire agus don Roinn, bunaithe ar na réimsí atá sa straitéis féin. Beidh ról lárnach ag an gConradh sa chur i bhfeidhm seo, agus táimid ag fiosrú bealaí éagsúla leis an straitéis a bhrú chun tosaigh má theipeann ar an gcur i bhfeidhm ag leibhéal an Fheidhmeannais. San iomlán, aithnítear gur céim lárnach sa scéal í

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

15 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

foilsiú na cáipéise seo agus is tábhachtaí arís cur i bhfeidhm na straitéise céanna. Thairis sin, níl amhras ar bith ann ach go bhfuil Acht Gaeilge #AchtAnois ar cheann de na mórfheachtais eile atá ag Conradh na Gaeilge arís i mbliana. I ndiaidh fhoilsiú na straitéise thuasluaite, sheol an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta comhairliúchán ar Bhille na Gaeilge ar 13 Feabhra 2015. Tháinig deireadh leis an chomhairliúchán ar 5 Bealtaine 2015 agus d’fhoilsigh an Roinn tuairisc maidir leis an chomhairliúchán seo roimh an Nollaig 2015, áit ar cuireadh cóip d’aighneacht Chonradh na Gaeilge isteach mar aguisín aitheanta de chuid na tuairisce sin. Cuireadh scéal ag na rannpháirtithe nó na faisnéiseoirí ar fad i mí Eanáir 2016 maidir leis na torthaí agus tugadh le fios gur fhreagair 94.7% de bheagnach 13,000 freagróirí go raibh siad ar son Acht Gaeilge, rud a thacaíonn go mór le fás na teanga ó thuaidh le blianta anuas, agus leanfar leis an stocaireacht chun acht teanga a reachtú ó thuaidh i ndiaidh an olltoghcháin. Is cinnte áfach, nach ndéanfaidh Acht Gaeilge, ann féin, aon difear praiticiúil don phobal mura bhfuil acmhainní ceangailte leis. Is féidir leis, mar sin féin, na huirlisí a thabhairt don phobal na hacmhainní cuí a bhaint amach. Ina theannta sin, tá féidearthachtaí láidre ann go mbainfeadh aon reachtaíocht cheartbhunaithe don Ghaeilge an bunús den naimhdeas atá ann don teanga. Déanfar an teanga a normalú agus ní bheidh sí ina hábhar conspóideach, páirtí-polaitiúil a thuilleadh. Ní bhainfear seo amach gan brú ón bpobal áfach, agus is gluaiseacht phobalbhunaithe atá ag tiomáint na n-athruithe iontacha atá ag tarlú i saol na Gaeilge faoi láthair. Bhí ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge san áireamh sa toscaireacht Ghaeilge a bhuail le Mike Nesbitt, ceannaire Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP), chun Acht Gaeilge a phlé ar 26 Samhain 2015 mar shampla, agus tá iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh againn gach páirtí a thabhairt ar bord maidir le cearta teanga phobal na Gaeilge a dhaingniú sa dlí ó thuaidh. Caithfear leanúint agus tógáil air seo má táimid chun cosaint reachtúil a bhaint amach don teanga.

16

Ag fágáil na mílte aighneacht le Carál Ní Chuilín, an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh

Reachtaíocht Teanga ó dheas Tá míreanna sna ceannteidil de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014, a lagódh na seirbhísí Gaeilge don phobal go mór. Tá moladh sna ceannteidil go síneofaí na tréimhsí trí bliana do na scéimeanna teanga go seacht mbliana mar shampla, rud nach ndéanfadh faic ach breis ama a thabhairt do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgas a sheachaint. Mar léiriú air seo, d’fhoilsigh na Ranna Rialtais 16 tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 ó dheas ar 11 Nollaig 2015, agus léirigh an easpa dul chun cinn sna tuarascálacha úd a laghad airde atá tugtha ag an stát trí chéile ar an nGaeilge ná ar an nGaeltacht le cúig bliana anuas, agus an géarghá atá ann le ceannasaíocht ó Roinn an Taoisigh i gcur i bhfeidhm na reachtaíochta ó dheas. Creideann Conradh na Gaeilge gur fearr i bhfad fáil réidh le córas reatha na scéimeanna atá i bhfeidhm faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, faoi láthair agus córas nua a fhorbairt bunaithe ar chaighdeáin. D’fhéadfaí na caighdeáin a mhúnlú ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó d’fhéadfaí córas caighdeáin na Breataine Bige a úsáid. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh seirbhísí ar fáil as Gaeilge dóibh siúd go mba mhian leo iad a úsáid, agus fios ag an bpobal sin go díreach cad atá ar fáil dóibh ina rogha teanga. Má thuigtear don phobal cé hiad na seirbhísí a bheidh ar fáil dóibh ar

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

bhonn uilechoiteann, spreagfadh sé seo iad chun an Ghaeilge a úsáid níos minice ina saol agus leis an stát. Chuige seo, tá caighdeáin nua á bhforbairt ag Conradh na Gaeilge faoi láthair le háit chóras na scéimeanna teanga a ghlacadh agus súil againn iad a fhoilsiú i mí an Mhárta 2016. Tugadh cuireadh do Chonradh na Gaeilge páirt a ghlacadh i ndíospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar 9 Nollaig 2015 sna sála ar chruinnithe oscailte i measc an phobail in ionaid éagsúla, agus bhí deis againn na caighdeáin, beartas oideachais an Chonartha, comhionannas ar chomharthaí bóthair, na meáin chumarsáide Ghaeilge, agus feachtais eile a chur chun tosaigh ag an gcruinniú seo de pháirtithe leasmhara agus ionadaithe ó gach roinn stáit. Reachtaíocht Teanga san Eoraip Sna sála ar fhógra an Rialtais ó dheas i mí Iúil 2015 go gcuirfí deireadh le maolú na Gaeilge san Aontas Eoraip ar bhonn céimiúil faoi 31 Nollaig 2021, bhuail toscaireacht Chonradh na Gaeilge le Feisirí Éireann Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil i mí Dheireadh Fómhair 2015. Agus plean céimiúil á éileamh ag Conradh na Gaeilge le deireadh a chur leis an maolú le breis agus deich mbliana anuas, d’fháiltíomar freisin roimh fhoilsiú an phlean chéimnithigh chuige seo mar chuid de rialachán a chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh ar 3 Nollaig 2015. Leagann an rialachán amach an méadú incriminteach ar na catagóirí de reachtaíocht Eorpach atá le haistriú go Gaeilge, agus leanann leis an gcur chuige réamhghníomhach chun eolas a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an Aontais a mhéadú. Tá clár ama earcaíochta céimiúil á éileamh ag Conradh na Gaeilge go fóill áfach, chun go n-earcófar líon leordhóthanach pearsanra le Gaeilge laistigh d’achar cúig bliana – ní mór don Rialtas spriocanna cinnte, intomhaiste a chinntiú leis na hinstitiúid éagsúla i dtaca le líon na gcéimithe inniúla Gaeilge a chuirfear ar fáil d’fhostaíocht sna hinstitiúidí Eorpacha de réir a chéile gach bliain idir seo agus 2021.

Leanfaimid leis an stocaireacht ar mhaithe le teanga iomlán oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéanamh den Ghaeilge a luaithe agus is féidir, agus táimid ag obair i gcomhpháirtíocht leis an gCoiste um Riaradh an Chirt (CAJ), eagras cearta daonna, maidir le monatóireacht ar chur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus cairteacha idirnáisiúnta eile ó thuaidh le cúpla mí anuas fosta. Déanfar an mhonatóireacht seo i gcomhar leis an CAJ thar trí bliana: díreofar ar chur i bhfeidhm na gcairteacha sna hollchomhairlí nua ó thuaidh i mBliain 1; ar an gcur i bhfeidhm ag rannóga stáit agus údaráis reachtúla i mBliain 2; agus ar an gcur i bhfeidhm go hidirnáisiúnta agus ar na ceachtanna atá le foghlaim uaidh seo i mBliain 3. Le blianta beaga anuas, rinneadh go leor cainte ar atheagar agus athstruchtúrú fheidhmeannas na n-údarás agus an rialtais áitiúil ó thuaidh. Tá roinnt de na hathruithe sin i ndiaidh teacht i bhfeidhm agus mar thoradh orthu, bunaíodh 11 ollchomhairle nua, áit a raibh 26 comhairlí áitiúla roimhe seo. Is cinnte go gcuireann na hathruithe seo idir dhúshláin agus dheiseanna roimh phobal na Gaeilge agus roimh na comhairlí nua féin. Mar sin, mar thús, déanfaimid cur i bhfeidhm – nó easpa chur i bhfeidhm – na Cairte Eorpaí a mheas agus a scrúdú i ngach ceann de na hollchomhairlí nua seo, agus beifear ag dúil le tuairisc chuimsitheach a sheoladh i gcomhar leis an CAJ i mí an Mhárta 2016. Is fiú a lua gur chláraigh Conradh na Gaeilge le Gréasán Comhionannais Teanga na hEorpa (GCTE nó ELEN) i mí Aibreáin 2015. Ciallaíonn sé seo go mbeidh mór-ghréasán GTCE | ELEN, a

Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta agus LeasArdrúnaí Tionscadail ag caint os comhair Comhchoiste Dala

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

17 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

bhfuil cuid mór saineolaithe i gcomhthéacs an athshlánaithe teanga agus i gcomhthéacs na reachtaíochta éifeachtaí teanga, rannpháirteach sa phróiseas abhcóideachta ag leibhéal na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa chun cur i bhfeidhm an Achta Ghaeilge sa dlí a chinntiú do na Sé Chontae san am amach romhainn. Taighde Rinne Conradh na Gaeilge tuairisc taighde dar teideal Céard É An Scéal? Tuairimí an Phobail i Leith na Gaeilge a choimisiúnú i mbliana. Tá súil againn go mbeidh an tuairisc seo ina foinse eolais iontaofa chun léargas a fháil ar na riachtanais agus ar na tosaíochtaí atá ag pobal na teanga, agus ina hacmhainn luachmhar stocaireachta do chraobhacha agus do bhaill an Chonartha, agus do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile. Tá tuairisc na bliana seo bunaithe ar sé fhócasghrúpa éagsúla a reáchtálamar thuaidh agus theas i gcomhar leis an gcomhlacht Amárach Research, agus ar shuirbhé neamhspleách a rinne Millward Brown ar son an Chonartha ar bhonn uile oileánda i mí Eanáir 2015, áit ar chuir an comhlacht taighde margaidh ceisteanna maidir leis an nGaeilge ar bhreis ‘s 2,000 rannpháirtí ó chúlraí éagsúla. Léiríonn taighde na bliana seo go bhfuil tromlach de thuairimí dearfacha ag pobal na hÉireann i leith na teanga: ba mhaith le 44% den phobal ó dheas agus 29% den phobal ó thuaidh deis a bheith acu tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim; creideann 70% den phobal ó dheas agus 54% den phobal ó thuaidh gur chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge dóibh siúd ar mhaith leo iad a úsáid; agus ba mhaith le 61% ó dheas agus le 48% ó thuaidh tuilleadh tacaíochta a fheiceáil don Ghaeilge ón stát. Tá cóipeanna crua den tuairisc ar staid reatha na Gaeilge ar fáil ó oifigí an Chonartha, nó is féidir leagan bog den anailís a fháil ar-líne ó www.peig.ie/taighde nó trí ríomhphost a sheoladh chuig taighde@ cnag.ie. Tá sé beartaithe ag an gConradh tógáil ar an taighde trí chomhairliúcháin bhreise a choimisiúnú ar bhonn bliantúil as seo amach, áit a ndíreoidh na ceisteanna ar théamaí difriúla ó bhliain go bliain chun réimse an eolais a leathnú amach, agus tá obair tosaithe ar cheisteanna na bliana seo cheana féin.

18

Aighneachtaí, Comhairliúcháin agus Ceisteanna Parlaiminte Agus Feidhmeannach Anailíse agus Taighde fostaithe ag Conradh na Gaeilge go lánaimseartha le breis agus bliain anuas anois, tá obair leanúnach ar siúl i dtaca le haighneachtaí a dhréachtú agus páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin éagsúla de chuid na ranna stáit agus na n-údarás áitiúil thuaidh theas chun moltaí an Chonartha a chur chun cinn. Ní hamháin sin ach tá ceisteanna leanúnacha á gcur faoi bhráid na nAirí agus na bhFeisirí Eorpacha éagsúla i bhfoirm cheisteanna Dála, an Tionóil, agus Pharlaimint na hEorpa ó Chonradh na Gaeilge. Ciallaíonn sé seo go bhfuil brú leanúnach á chur ar na hionadaithe polaitíochta cuí chun ceisteanna maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a fhreagairt, agus is féidir linne agus le craobhacha na freagraí a úsáid mar ábhar stocaireachta amach anseo. Sa bhreis ar pháirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin a thosaigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta maidir le Bille na Gaeilge ó thuaidh i mí an Mhárta 2015, scríobhamar aighneachtaí maidir le Measúnú ar Thionchar Comhionannais do Pholasaí Gaeilge na Comhairle Lár Uladh; próiseas comhairliúchán an BBC; Cultúr 2015 de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; Dréacht-pholasaí Chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí; Dréacht

Seoladh an tuairisc taighde ‘Céard É An Scéal? Tuairimí an Phobail i Leith na Gaeilge’ ag Seimineár an Oireachtais 2015

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Straitéis Náisiúnta Scileanna; Plean Forbartha na Cathrach 2016 - 2022 de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath; agus eile ó bhí Ard-Fheis 2015 ann. Tá rannóg nua dar teideal Taighde agus Aighneachtaí ar fáil ar PEIG, ardán ilmheán Chonradh na Gaeilge, anois freisin, agus is féidir leis an bpobal teacht ar aighneachtaí samplacha de chuid Chonradh na Gaeilge agus ábhar comhairliúcháin cabhrach eile ag www. peig.ie/cearta/taighde-agus-aighneachtai. Cosaint Teanga sna Meáin Chumarsáide Déanann muid monatóireacht ar thagairt ar bith a dhéantar sna meáin chlóite don Chonradh, don Ghaeilge, nó don Ghaeltacht le cabhair an chomhlachta Kantar, áit go bhfaigheann muid fógraí laethúla faoi na hailt ar na hábhair seo a foilsíodh sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla ar an lá úd. Buíochas le fógraí ó Kantar, agus ó Google Alerts maidir le hábhair ar-líne, is féidir linn ailt dhiúltacha a fhreagairt go gasta agus taifead a choinneáil de na hailt dhearfacha faoin teanga ar mhaithe le stocaireacht nó le húsáid chun feasacht a ardú ar na meáin shóisialta amach anseo. Chomh maith leis sin, tá taifead á choinneáil ar chóras lárnach againn d’agallamh ar bith a dhéanann Uachtarán an Chonartha agus baill foirne ar an raidió nó ar an teilifís, nó d’alt ar bith a luaitear iad leis. Tá ag éirí linn ar an meán ar a laghad ráiteas nuachta amháin a eisiúint in aghaidh na seachtaine, agus tá ag éirí go han-mhaith linn chun próifíl Chonradh na Gaeilge a ardú sna meáin chumarsáide le bliain anuas mar thoradh air seo. Rinneadh tagairt do Chonradh na Gaeilge sna meáin, nó do ghné éigin d’obair an Chonartha, 558 uair ón tréimhse idir Eanáir go Nollaig 2015: i nGaeilge a bhí 51% de na tagairtí seo, i mBéarla a bhí 46% dóibh, agus is míreanna dátheangacha a bhí sa 3% eile. Tá tuairisciú á déanamh go leanúnach ar phríomhfheachtais agus ar phríomhimeachtaí na heagraíochta le míonna beaga anuas agus is iomaí agallamh físe atá déanta le Meon Eile, RTÉ One, TG4, TV3, UTV Ireland, NVTV, agus

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta, ag labhairt leis na meáin chumarsáide

eile i gcaitheamh na bliana. Bhí ionadaithe Chonradh na Gaeilge le cloisteáil ar an raidió in Éirinn agus thar sáile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ Radio 1, Raidió Fáilte, Raidió na Life, BBC, BBC Alba Radio nan Gàidheal, BBC Raidió Uladh, Capital FM Londain, Clare FM, Community Radio Youghal, Cork FM, DSFM, Dublin South FM, Flirt FM, Galway Bay FM, Highland Radio, Kiss FM, LMFM, Mid-West Radio, Near FM, Newstalk, Today FM, Northern Sound, Radio Kerry, Ross FM, Spin 103.8, Spin SouthWest, Tipp FM, WLRFM, City Beat, agus Phoenix FM. Bheadh sé iomarcach gach foilseachán clóite a rinne tagairt don Chonradh a thuairisciú anseo, ach is fiú a lua gur bhain an clúdach ar obair an Chonartha le nuachtáin náisiúnta agus áitiúla araon. Ó ailt i leithéidí Sunday Business Post, Irish News, Irish Independent, Seachtain, Irish Daily Mail, Irish Daily Mirror, Irish Daily Star, agus Irish Sun, go meáin áitiúla amhlaidh Galway Advertiser, Derry Journal, Strabane Chronicle, Lurgan & Portadown Examiner, Swords Gazette, Roscommon People, Fingal Independent, Connacht Tribune, Tyrone Times, Clare Champion, Meath Chronicle, Mayo Advertiser, Kerrys Eye, tuairiscíodh obair Chonradh na Gaeilge go forleathan i ngach contae in Éirinn agus ar mheáin Éireannacha agus eachtracha ar-líne amhlaidh Tuairisc.ie, BreakingNews.ie, IrishCentral. com, Entertainment.ie, Nos.ie, agus The Journal.ie fosta. De réir na straitéise cumarsáide nua don bhliain 2016, tá súil againn líon na dtagairtí

ATHNUACHAN COMÓRADH - Deonachas, 2016 | FísDualgas, don Todhchaí & Eagraíocht

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

don Chonradh a mhéadú 30% go 725 tagairt i mbliana, .i. go mbeadh meán de 60 tagairt d’obair an Chonartha sna meáin in aghaidh na míosa idir Eanáir go Nollaig 2016.. Craoltóireacht i nGaeilge D’iarramar ar an bpobal éileamh a dhéanamh ar an mBBC chun tuilleadh maoinithe a thabhairt don chraoltóireacht Ghaeilge agus í a thabhairt ar comhchéim leis an mBreatnais agus leis an nGáidhlig mar chuid de phróiseas comhairliúcháin a bhí á reáchtáil ag an Roinn Cultúir, Meáin agus Spóirt sa Bhreatain Mhór i Meán Fómhair 2015. Tugann an BBC 200 oiread maoinithe don Bhreatnais agus a thugann sé don Ghaeilge faoi láthair, agus deich n-oiread maoinithe don Ghàidhlig. Tá sé thar am don tseirbhís craoltóireachta cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge i measc na dteangacha Ceilteacha eile. Ar an lámh eile de, d’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh sheoladh Phlean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019 agus Scéim Teanga do RTÉ 2015-2018 ar 1 Meán Fómhair 2015 sna sála ar chruinnithe rialta le Grúpcheannasaí Gaeilge nua RTÉ i gcaitheamh na bliana. D’fháiltíomar go háirithe roimh na moltaí de chuid an Chonartha a áirítear sna beartais maidir le rogha na Gaeilge a chur ar fáil don tráchtaireacht ar chluichí spóirt, agus cur chuige dátheangach Sheachtain na Gaeilge a chur i bhfeidhm tríd an bhliain ar fad. Creideann Conradh na Gaeilge go gcaithfidh RTÉ a chinntiú go gcuirfear go suntasach le líon na n-uaireanta de chláracha Gaeilge ar an teilifís amach anseo áfach, agus go gcinnteofar go bhfuil níos mó cláracha iomlána Gaeilge á gcur ar fáil ar sheirbhísí uile RTÉ; ní chóir cláracha as Gaeilge amháin a theorannú go dtí TG4 agus RnaG amháin. Creideann muid go mba chóir sprioc intomhaiste de ar a laghad uair a’ chloig de chláracha teilifíse as Gaeilge sa tseachtain ar RTÉ a áireamh sa phlean 5 bliana, agus leanfaimid leis an stocaireacht ar an gceist seo sna míonna amach romhainn. #SábháilBéalFeirste D’éiligh Conradh na Gaeilge ar Ollscoil Uladh agus ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama ó thuaidh dul siar an gcinneadh a rinneadh i mhí

20

Daltaí meánscoile ag tacú leis an fheachtas #SábháilBéalFeirste le cúrsa Gaeilge Ollscoil Uladh a shábháil

Mheán Fómhair 2015 le deireadh a chur leis an gcéim lánaimseartha Gaeilge BA ar champas Bhéal Feirste, cúrsa a bhfuil an-éileamh air i dtaobh freastail agus sástachta araon. Reáchtálamar feachtas ar na meáin shóisialta nuair a fógraíodh an cinneadh anuraidh, agus sheol na céadta daoine grianghraf chugainn ag tacú leis an bhfeachtas agus an haischlib #SábháilBéalFeirste in úsáid acu ar na híomhánna. Chabhraigh sé seo chun dlús a chur le cás Chonradh na Gaeilge nuair a shocraíomar cruinnithe le lucht na hOllscoile ar an ábhar, agus beidh le feiceáil cén difríocht a rinne an brú i mbróisiúr na gcúrsaí don bhliain seo. Tuigeann muid go bhfuil ciorraithe móra le déanamh ag Ollscoil Uladh mar gheall ar laghdú maoinithe ón Roinn Fostaíochta agus Foghlama, ach ní dhéanann sé aon chiall fáil réidh le cúrsa a bhfuil rath air agus a bhfuil an spriocmhargadh dó ag méadú go bliantúil le fás na Gaelscolaíochta ó thuaidh agus spéis sa Ghaeilge sa phobal trí chéile. Leanfar leis an bhfeachtas seo arís i mbliana go dtí go dtagtar ar réiteach shásúil ar an scéal. Beartas Oideachais Tá obair leanúnach ar siúl ag Conradh na Gaeilge chun go gcuirfí moltaí an Chonartha maidir le teagasc na Gaeilge sna scoileanna thuaidh theas i bhfeidhm ina n-iomláine. Sa bhreis ar pháirt a ghlacadh sna comhairliúcháin i dtaca le Polasaí Oideachais Gaeltachta agus athruithe ar an gcuraclam meánscoile ó dheas, cháin Conradh na Gaeilge cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna i Meán Fómhair

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

2015 chun deireadh a chur le scrúdú cainte an stáit don Teastas Sóisearach. Cé gur maith an rud é go mbeidh gach mac léinn ag dul don Teastas Sóisearach ag tabhairt faoi scrúdú cainte ó Mheán Fómhair 2017 ar aghaidh, tá an-imní ar an gConradh nach n-éireoidh le scrúdú cainte gan measúnú neamhspleách freastal mar is cuí a dhéanamh ar chainteoirí maithe Gaeilge ná ar chainteoirí laga Gaeilge, go háirithe mura leagtar caighdeán náisiúnta amach mar fhráma tagartha agus mar threoir shoiléir do mhúinteoirí ag dul i mbun tástála labhartha sa seomra ranga, agus mura gcuirtear clár oiliúna cuimsitheach ar fáil do na múinteoirí freisin. Ba mhaith linn polasaí na Roinne Oideachais agus Scileanna féin a fheiceáil á chur i bhfeidhm ó dheas freisin, .i. go ndéanfaí ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, a mhúineadh trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, áit gur chóir corpoideachas, drámaíocht nó ealaín a roghnú mar an dara hábhar leis na daltaí a spreagadh ó thaobh úsáid thaitneamhach na Gaeilge de. Anuas air sin, tá Conradh na Gaeilge ag moladh gur cheart teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE chun go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin don GCSE sa bhreis ar an Bhéarla, agus gur

chóir soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge a fhorbairt i gceantair go bhfuil éileamh ann dá leithéid. Tá sé ríthábhachtach teangacha a aithint mar fhréamhábhair sna meánscoileanna ó thuaidh fosta – tá an córas reatha ag teip, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar na teangacha i gcoitinne, agus ní mór anois don Rialtas an tacaíocht cheart a chur ar fáil don Ghaeilge ag an dara leibhéal. Chinnteodh an t-éileamh #GaelVóta go gceapfaí Aire Oideachais a thacaíonn leis an Ghaeilge sa chóras oideachais leis seo, agus leanfar leis an stocaireacht ina leith nuair a thoghtar baill nua an Tionóil i mí na Bealtaine. Is fiú a lua go bhfuil ró-éileamh ar áiteanna san iliomad scoil lánGhaeilge ar fud na tíre go fóill. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar na Rialtais soláthar na Gaelscolaíochta a mhéadú ag gach leibhéal chun leanúnachas sa chóras oideachais lánGhaeilge a chinntiú, agus chun freastal ar an mór-éileamh seo ón bpobal chun tumoideachas lánGaeilge a chur ar fáil. Chuige seo, táimid ag feachtasaíocht i bpáirt le Gaelscoileanna Teo, an Foras Pátrúnachta agus grúpaí eile le hiarratais éagsúla chun bunscoileanna agus meánscoileanna lánGhaeilge a bhunú i gceantair éagsúla ar fud na tíre ar bhonn leanúnach.

Cúla 4

87

Cláracha don óige. COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí Gach Lá ar TG4 nó aon uair ar Cula4.com


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Eircode Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an gcinneadh córas códphoist a fhorbairt ó dheas i 2007, agus ghlac ról gníomhach sa phlé ón gcéad lá, ar mhaithe le cinntiú go mbeadh an Ghaeilge in úsáid i gceart sa chóras nua agus nach mbeadh pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thíos leis na códphoist úra. Tá an Conradh sásta go bhfuil na cóid féin teanganeodrach agus go raibh ábhar poiblíochta dátheangach in úsáid ag Capita Ireland, an cuideachta príobháideach a cheap an Rialtas leis an Eircode a fhorbairt. Aithníodh go raibh na mílte bearnaí agus líon suntasach na logainmneacha mícheart sa leagan Gaeilge den bhunachar atá in úsáid sa chóras nua Eircode i 2014 áfach, agus chuir grúpa oibre de na páirtithe leasmhara plean le chéile chun an fhadhb a réiteach thar dhá bhliain. Áiríodh An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha; Foras na Gaeilge; Logainm.ie; An Coiste Logainmneacha; agus Conradh na Gaeilge sa ghrúpa oibre seo, agus ghlac an Geodirectory páirt ann ó 24 Aibreán 2015. In ainneoin go bhfuil ionadaíocht ag an Roinn féin ar an ngrúpa oibre – agus ainneoin an €27 milliún a caitheadh ar an gcóras Eircode go dtí seo – dhiúltaigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh & Acmhainní Nádúrtha maoiniú a chur ar fáil le caoi a chur ar an mbunachar lochtach sular seoladh é go hoifigiúil ar 13 Iúil 2015. Ciallaíonn sé seo go bhfuil suas le 50,000 logainm mícheart nó in easnamh ina iomlán sa bhunachar atá in úsáid don chóras códphoist nua ó dheas faoi láthair, .i. tá na céadta mílte saoránach ann nach bhfuil leagan Gaeilge dá seoladh ceangailte leis an Eircode a fuair siad ón stát, nó tá an seoladh Gaeilge iomlán míchruinn. Is léiriú eile é seo den státchóras ag séanadh cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd gur mian leo an Ghaeilge a úsáid ina saol, agus reáchtáil Conradh na Gaeilge agóid ag an seoladh i mBaile Átha Cliath chun éileamh ar an Aire Cumarsáide an bunachar easnamhach a chur ina cheart. D’éirigh leis an agóid go leor poiblíochta a ghiniúint agus táimid ag leanúint leis an stocaireacht chun cothromas á chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chóras códphoist nua.

Agóid i mí Iúil ar son cothrom na féinne sa chóras nua Eircode ó dheas

Seirbhís Saor-Chomhairle Dlí Tá An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta trí Ghaeilge á heagrú ag Conradh na Gaeilge agus ag Craobh na gCeithre Cúirteanna i bpáirt le Free Legal Advice Centres (FLAC), eagraíocht chearta daonna neamhspleách atá tiomanta le teacht ar cheartas a chinntiú do gach duine. Chuige seo, cuireann FLAC dlíodóirí gairmiúla ar fáil in aisce in ionaid éagsúla ar fud na tíre chun roinnt seirbhísí dlí bunúsacha a sholáthar do dhaoine nach mbeadh sé d’acmhainn acu teacht ar chomhairle dlí ar bhealach ar bith eile. Cuireann An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí rochtain chomhionann dlí agus chirt ar fáil, trí Ghaeilge agus gan chostas, do gach duine atá á lorg, sa Ghalltacht nó sa Ghaeltacht. Is cuma má tá tú i gcoimhlint le fadhbanna teaghlaigh, creidmheasa agus dochar, cearta fostaíochta, nó díreach ag lorg eolais ar cheist dlí, cuireann An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí comhairle dlí ar fáil trí Ghaeilge agus in aisce sna hionaid i nGaillimh, i nDún na nGall, i mBaile Átha Cliath, agus i gCorcaigh gach mí. Tá súil againn ionad nua a oscailt i mBéal Feirste ar na mallaibh, agus beidh athbhrandáil agus athsheoladh á dhéanamh ar an tseirbhís i gcomhar le FLAC go luath i 2016. Mar chuid den seoladh seo, beidh fáil ar leagan Gaeilge den bhileog eolais de chuid FLAC maidir le huacht a dhréachtú den chéad uair; foilseofar bileoga eolais eile de chuid FLAC i nGaeilge amach anseo fosta. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil nó coinne a dhéanamh d’aon cheann de na hionaid mhíosúla trí Ghaeilge, is féidir ríomhphost a sheoladh go dli@cnag.ie.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

23 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Ag obair ar son phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge Na Forbacha Co. na Gaillimhe T: 091 503100 F: 091 503101

Baile Mhic Íre Maigh Chromtha Co. Chorcaí T: 026 45366 F: 026 45423

Áislann Bhéal an Mhuirthead Béal an Mhuirthead Co. Mhaigh Eo T: 097 81418 F: 097 82179

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair Doirí Beaga Co. Dhún na nGall T: 074 9560100 F: 074 9560101

Páirc Ghnó an Daingin Daingean Uí Chúis Co. Chiarraí T: 066 9150100 F: 066 9150101

Lean muid ar:

www.udaras.ie 87 eolas@udaras.ie COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

FEACHTAIS FEASACHTA Tá tuairisc níos iomláine ar Sheachtain na Gaeilge ar lean sa leabhrán seo, ach tá Conradh na Gaeilge ag cur leis an bhféile agus le líon na bhfeachtas feasachta atá á reáchtáil againn tríd an bhliain ar fad de shíor. Ciste Tacaíochta Sheachtain na Gaeilge 2016 D’éirigh le hiarratas ar mhaoiniú de €40,000 a fháil ó Fhondúireacht Phobail na hÉireann chun scéim na ndeontas beag a riaradh do ghrúpaí pobail ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge ó 1 – 17 Márta 2016. Tá an-áthas ar Chonradh na Gaeilge go mbeidh sé ar chumas na heagraíochta deontais a chur ar fáil do ghrúpaí agus do chraobhacha a bhíonn ag saothar go dícheallach ar son na teanga i measc an phobail i gcónaí. Beidh deontais idir €500 agus €2,500 ar fáil d’eagrais agus do ghrúpaí i mbun imeachtaí agus feachtas pobail a reáchtáil don fhéile tríd an gciste tacaíochta i mbliana, agus chuir breis ‘s 175 grúpa isteach ar an maoiniú ar leith seo. Cuirfidh Ciste Tacaíochta Sheachtain na Gaeilge 2016 go mór le réimse agus le caighdeán na n-imeachtaí agus na bhfeachtas pobail a bheidh ar siúl do cheiliúradh na bliana seo trí thacaíocht luachmhar a chur ar fáil do ghrúpaí a bheidh, agus a bhíonn, rannpháirteach san fhéile. Bainim Úsáid As (BUA) Is feachtas gníomhaithe nua de chuid Chonradh na Gaeilge é an feachtas Bainim Úsáid As (BUA) chun daoine a spreagadh agus a chumasú le níos mó Gaeilge a úsáid i mbreis suíomhanna agus comhthéacsanna, le téama agus smaointe difriúla chuige seo gach mí. Chuireamar tús neamhfhoirmeálta leis an bhfeachtas leis an téama Go Raibh Maith Agat i mí Eanáir 2016, áit ar scaipeamar roinnt smaointe ar na meáin shóisialta le cabhrú le daoine an frása simplí, so-aitheanta seo a úsáid níos minice sa saol laethúil s’acu, agus leanamar leis an téama Gaeilge Ar-Líne i mí Feabhra 2016. Déanfar an feachtas a sheoladh go hoifigiúil i ndiaidh Sheachtain na Gaeilge, agus beidh cuid de na téamaí simplí go leor agus ag díriú orthu siúd atá báúil don Ghaeilge ach go mb’fhéidir nach bhfuil an muinín acu mórán Gaeilge a úsáid. Beidh cuid de na téamaí

níos dúshlánaí agus ag díriú ar chainteoirí cumasacha, mar shampla ag lorg seirbhísí stáit as Gaeilge. Nuair atá an feachtas faoi lánseol, tá sé mar aidhm ag Conradh na Gaeilge go mbeidh scéalta faoina rannpháirtíocht san fheachtas á bpostáil ag daoine ar na meáin shóisialta agus iad ag roinnt a smaointe agus a dtaithí féin leis na téamaí éagsúla tríd an leathanach Facebook ag www.facebook.com/ BUAGaeilge, agus ar Twitter leis an haischlib #BUAGaeilge. Sa chaoi sin, tá súil againn comhphobal idirghníomhach a thógáil agus a éascú tríd an bhfeachtas sna míonna amach romhainn. #Dúshlán Bhí 50 uair a’ chloig ag cumainn Ghaelacha tríú leibhéal agus ag daltaí meánscoile ar fud na tíre chun 50 gníomh a dhéanamh ar son na Gaeilge mar chuid den chomórtas náisiúnta #Dúshlán a rinneamar a reáchtáil i gcomhar le Glór na nGael, Aontas na Mac Léinn Iarbhunscoile (ISSU), agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ó 2 go 4 Feabhra 2016. Is í aidhm an chomórtais ná mic léinn agus daltaí scoile a chur i mbun feachtasaíochta ar son na Gaeilge ar bhealach spraíúil, áit a mbíonn ar na scoláirí gníomhaíochtaí éagsúla chun leas na teanga a dhéanamh agus a thaifead ar Twitter leis an haischlib #Dúshlán le pointí a ghnóthú. Bhí roinnt ghníomhaíochtaí don #Dúshlán chomh simplí le Gmail a úsáid as Gaeilge nó alt nuachta Gaeilge a roinnt ar Facebook, agus bhí cuid eile a bhaineann le seirbhísí stáit a lorg ábhairín níos dúshlánaí, ach bhí duaiseanna aonair amhlaidh iPad an duine le buachan ag baill gach foirne ar an dá fhoireann ab fhearr. Is

Dalta scoile i mbun an #Dúshlán ag iarraidh foirmeacha as Gaeilge a fháil sa stáisiún Garda Síochána

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

19 25


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

spreagúil an bealach é chun scoláirí meánscoile agus ollscoile a ghríosú chun gnímh ar son a gceart teanga é #Dúshlán, agus bhronnamar duais aitheantais ar an gcoláiste ab fhearr agus ar an scoil ab fhearr a ghlac páirt i mbliana freisin. Ar an iomlán, chláraigh 132 foireann do chomórtas na bliana seo agus tá súil againn fiú níos mó foirne, scoileanna, agus coláistí a mhealladh le páirt a ghlacadh sa #Dúshlán an bhliain seo chugainn. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó dushlan@cnag.ie. Gaeilge24 Spreag Conradh na Gaeilge níos mó ná 25,000+ dalta chun cainte as Gaeilge ar 10 Samhain 2015 nuair a rinneamar Gaeilge24 na bliana seo, an dúshlán teanga is mó riamh go dtí seo, a reáchtáil i mbreis ‘s 200 scoil ar fud na hÉireann. Thiomsaigh na scoláirí scoile ar fad a ghlac páirt airgead ar son chur chun cinn na teanga agus iad ag labhairt i nGaeilge amháin ar feadh an lae. Is í aidhm Gaeilge24 ná daoine óga a spreagadh chun Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair a’ chloig i ngach aon áit agus i ngach réimse saoil s’acu ar aon lá ar leith: ar scoil, sa bhaile, ag na siopaí agus le gnólachtaí áitiúla, le cairde leo, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt, lena muintir, agus le múinteoirí. Dá réir, tá úsáid na Gaeilge i measc an aosa óig á normalú ag Conradh na Gaeilge le Gaeilge24, agus b’iontach an rud é gur chláraigh 5,000 dalta breise don dúshlán i mbliana. B’í seo an ceathrú bliain den dúshlán uathúil bliantúil seo agus bhí scoileanna ó beagnach gach contae in Éirinn agus níos mó daoine ná riamh ag glacadh páirte i mbliana. Bhí idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna Béarla, Gaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na hÉireann ag glacadh páirte sa dúshlán Gaeilge24, agus bhí deis ag an bpobal ar fud an domhain páirt a ghlacadh tríd an haischlib #Gaeilge24 a úsáid ar Twitter freisin. Tugann an dúshlán Gaeilge24 deis do phobal na scoile blaiseadh den teanga a fháil ar bhealach dearfach lasmuigh den seomra ranga, ag cothú spéis na ndaltaí agus a dtuismitheoirí sa Ghaeilge, ag cabhrú leo cur lena gcuid muiníne i labhairt na teanga go fadtéarmach, agus ag cuidiú le hintinn na ndaoine óga a oscailt don teanga ar bhealach spraíúil, ábhartha. D’éirigh linn

26

airgead a thiomsú d’obair an Chonartha leis an dúshlán spreagúil seo, agus tá súil againn cur leis arís i mbliana. Gaelscolaíocht Chuir Conradh na Gaeilge feachtas feasachta ar bun i gcomhar le Gaelscoileanna Teo. agus Comhairle na Gaelscolaíochta chun tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir leis na buntáistí a bhaineann le hoideachas lánGhaeilge a roghnú dá bpáistí roimh thús na scoilbhliana i mí Lúnasa 2015. Cé go bhfuil dea-thoil ann go forleathan i leith oideachas lánGhaeilge, bíonn dúshláin ann go fóill maidir le freastal ar ró-éileamh d’áiteanna i scoileanna lánGhaeilge, agus is as seo a eascraíonn míthuairimí faoin gcóras Gaelscolaíochta go minic. Níl ach 8% de na scoileanna ó dheas agus 2.5% de na scoileanna ó thuaidh ina scoileanna lánGhaeilge faoi láthair, agus cuireann an bearna seo idir soláthar agus éileamh an chuma ar an scéal nach bhfuil na scoileanna ar fáil nó in oiriúint do chách, nuair is a mhalairt ar fad atá fíor. Fáiltítear roimh pháistí ó gach cúlra teanga, creidimh, cultúir, agus eacnamaíochta sna scoileanna lánGhaeilge, agus bhí sí mar aidhm ag an bhfeachtas feasachta a chur ina luí ar an mórphobal go bhfuil pobail na scoileanna lánGhaeilge ag leathnú de réir mar a leathnaíonn an soláthar. Chuireamar buntáistí an dátheangachais agus na Gaelscolaíochta ar shúile an phobail trí phostálacha ar na meáin shóisialta agus ráiteas sna meáin chlóite, le béim ar an bhfírínne go dtosaíonn daltaí ó

Gaeilge 24 sna scoileanna

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

gach cineál cúlra sa chóras Gaelscolaíochta ar comhchéim lena gcomhscoláirí, le teanga nua á foghlaim acu i dteannta a chéile. Rinneamar iarracht tuismitheoirí a chur ar a suaimhneas maidir lena gcumas féin sa Ghaeilge freisin, agus chuireamar fíricí ar fáil maidir le maitheas an tumoideachais agus freastal na nGaelscoileanna ar pháistí le riachtanais speisialta. I Measc na Nua Éireannach Chuir Conradh na Gaeilge tús le feachtas feasachta ar an ilchineálacht do phobail Nua-Éireannacha ar spéis leo foghlaim faoin nGaeilge ar 25 Lúnasa 2015, agus d’eagraíomar cainteanna ar fud na tíre i gcomhar le grúpaí pobail eile ag obair ar an talamh le Nua Éireannaigh, Mayo Intercultural Action, Omagh Ethnic Community Support Group, Forbairt Chomhtháite Mhuineacháin nó Monaghan Integrated Development, agus Doras Luimní ina measc. Bhuaileamar le Nua Éireannaigh ó Bhurma, ón gCongó, ón bPolainn, ón Rúis, ó Laitvia, ón Iaráic, ón Ungáir, ón mBulgáir, ón Iaráin, ó Chamarún, ó Shrí Lanca, ón Maláiv, agus ón India mar chuid den fheachtas go dtí seo. Tá sí mar aidhm ag Conradh na Gaeilge gach tacaíocht a chur ar fáil do phobail áitiúla chun íomhá dhearfach den teanga a chothú i measc gach áitritheora dá gcuid; is cuid ríthábhachtach í an Ghaeilge de na míreanna mearaí do phobail Nua-Éireannacha ag iarraidh dul i ngleic le tírdhreach cultúrtha na hÉireann, agus mar gheall air seo, a mhéid agus a thuigeann siad faoin teanga, is fearr agus is fusa a bheidh sé orthu imeascadh le sochaí a bhfuil rian chomh mór sin fágtha ag an Ghaeilge air, agus páirt a ghlacadh sa sochaí céanna. Táimid ag iarraidh ar ghrúpaí ar mhaith leo caint a eagrú sa cheantar s’acu féin teagmháil a dhéanamh le sean@cnag.ie. Ár dTeanga Roinnte D’fhógair Oifig an Chéad agus an Leas-Chéad Aire i dtreo deireadh na bliana 2015 go raibh maoiniú á bhronnadh acu ar Chonradh na Gaeilge le scéim Ár dTeanga Roinnte a chur ar bun ó thuaidh. Mairfidh an scéim ar feadh dhá mhí – idir Feabhra agus Márta 2016 – agus tabharfar cuairt ar breis ‘s 60 scoil agus

Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Feachtais Feasachta agus Ilmheáin, i mbun ceardlanna leis na nua Éireannach

cumainn óige, fud fad an tuaiscirt, le stair agus scéal reatha na Gaeilge a roinnt leo. Ar a bharr sin, beidh laethanta eolais á reáchtáil in ionaid pobail agus déanfar taighde i gcomhar le hOllscoil Uladh ar stair an Chonartha ó thuaidh idir 1893 agus 1916. Foilseofar leabhrán eolais mar thoradh ar an taighde seo.. Is Leor Beirt Tá ár ngréasán náisiúnta agus idirnáisiúnta de chiorcail chomhrá ag méadú agus ag leathnú, ní hamháin ar fud na tíre, ach ar fud na cruinne i gcónaí. B’iad Michael Conlon agus Paddy Barnes, dornálaithe Oilimpeacha na hÉireann, agus Clíona Ní Chíosáin, aisteoir agus ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2015, a sheol pacáiste tacaíochta nua Chonradh na Gaeilge do chiorcail chomhrá i mBéal Feirste mí na Bealtaine 2015, agus tá an gréasán ag dul ó neart go neart ó shin. Bíonn ciorcail úra ag clárú linn as a stuaim féin go rialta, agus tá breis agus 100 ciorcal comhrá cláraithe leis an scéim Is Leor Beirt anois – ó Bheirlín go dtí an Bhruiséil, ó Chicago go Cathair na nAingeal, ó Chorcaigh go dtí an Clár, ó Dhoire go Dún Éideann, ó Helsinki go Learpholl, ó Leuven go Loch Garman, ó Mhanchain go Missoula, ó Nua Eabhrac go Páras, ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath, agus ó Oxford go Vancouver. Tacaíonn muid leis na ciorcail seo trína sonraí a scaipeadh ar an suíomh ag www.peig.ie/ pobal/ciorcail-comhra, trí ábhar cainte a chur ar fáil dóibh sa lámhleabhar tacaíochta, agus trí ábhar bolscaireachta ar nós póstaeir agus eile a chur ar fáil dóibh. Más spéis le craobh nó ball ar bith ciorcal comhrá a chlárú linn, is féidir na sonraí a sheoladh chuig isleor@beirt@cnag.ie.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

27


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Comhrá ‘15 Ba churiarracht domhanda as an gcomhrá Gaeilge leanúnach is faide riamh é Comhrá ’15, agus mhair an chabaireacht ar-líne seachtain iomlán ó 6 go 13 Deireadh Fómhair 2015. Ní hamháin go raibh an comhrá Gaeilge á shruthú beo ar www.snag.ie ar feadh 170 uair a’ chloig as a chéile, ach bhí deis ag an bpobal ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa chaint ar-líne tríd an haischlib #comhrá a úsáid ar Twitter. Is bealach fíorthaitneamhach agus iomlán éagsúil é an curiarracht comhrá bliantúil seo chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc an phobail ar fud an domhain, agus ghlac idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na hÉireann agus ó cheithre airde na cruinne páirt i gComhrá ’15. Chláraigh breis ‘s 45 grúpa don churiarracht i mbliana agus bhí Scoil na Gaeilge Sydney san Astráil, Conradh na Gaeilge Chathair na nAingeal sna Stáit Aontaithe, agus An Ghaeltachtsur-Seine i bPáras na Fraince i measc na ndreamanna thar sáile a bhí páirteach. Bhí cumainn Ghaelacha tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, ciorcail chomhrá Is Leor Beirt, stáisiúin raidió, institiúidí oideachais, agus go leor grúpaí pobail eile ag déanamh a gcuid cainte in Éirinn ar son na curiarrachta fosta. Tairgeann an dúshlán deis den scoth do ghrúpaí Gaeilge thar lear nascadh le gréasán mór Gaeilgeoirí in Éirinn agus in áiteanna eile ar fud na cruinne ar-líne, agus tá súil againn an choincheap a fhorbairt fiú níos mó sa bhliain amach romhainn. Tá gach eolas ar fáil faoi seo ó comhra@cnag.ie. Ardú Feasachta Thar Sáile Ghlacamar céim mhór chun tosaigh in iarrachtaí an Chonartha chun feasacht ar an nGaeilge a mhéadú thar sáile nuair a tugadh cuireadh d’ionadaithe ón eagraíocht freastal ar ócáid sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála dar teideal Malartú Cultúrtha Uíbh Eachach, nó Iveagh Cultural Exchange 2015, ar 21 Nollaig 2015. Bhuaileamar le hambasadóirí Éireann agus le foireann na misean atá ag obair i dtíortha éagsúla thar lear, agus cuireadh ar ár súile go bhfuil pobail Ghaeilge bhríomhara faoi bhláth in áiteanna chomh fada i gcéin leis an Rúis agus leis an tSín. Tá toradh an bhláthaithe seo le feiceáil againn cheana féin

28

Comhrá ‘15 beo ar an idirlíon ó Choláiste Phádraig ag 2.10 ar maidin

– áit ar chláraigh craobh nua in Los Angeles, California, le Conradh na Gaeilge i mbliana mar shampla – ach is léir go bhfuil pobail nua ag feidhmiú in áiteanna eile as a stuaim féin, agus is cinnte go bhfuil deiseanna ann le dul i mbun oibre i gcomhar leo chun an teanga a chur chun cinn agus chun gréasán an Chonartha a leathnú go gach mór-roinn. Ag eascairt ón malartú cultúrtha, sheol an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála acmhainní ar-líne Sheachtain na Gaeilge, Is Leor Beirt, agus eile ag gach misean taidhleoireachta Éireann thar sáile ar ríomhphost, agus beidh acmhainní breise cosúil le dlúthdhioscaí CEOL 2016 le hEoghan McDermott agus eolas faoi Chlár Chomóradh Chonradh na Gaeilge 2016 á seoladh acu tríd an bpost chuig na misin thar cheann an Chonartha sna seachtainí amach romhainn freisin. Bhí cruinniú againn le Cathaoirleach Choiste Gaeilge na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chomh maith, áit ar aontaigh muid ar ábhar oiriúnach do phacáiste ar leith d’ambasáidí agus do mhisin Éireann thar sáile. Beidh an pacáiste seo á fhorbairt agus á scaipeadh againn ar fud na cruinne i mí na Bealtaine 2016. Raidió Rí-Rá Tá Conradh na Gaeilge ag cabhrú le forbairt Raidió Rí-Rá i gcónaí, agus ceadaíodh maoiniú leis an gcéad Bhainisteoir Stáisiúin lánaimseartha a fhostú le déanaí. Tá sceideal iomlán á chraoladh ó mhaidin go hoíche gach lá den tseachtain anois, buíochas le foireann

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

iontach d’oibrithe deonacha cumasacha, agus áirítear cláracha cosúil le Muscailt na Maidine, Maidin Mhaith, An Lón Mór, Líg do Scíth, Ruaille Buaille, Fuaim Eile, Satharn Sona Sásta, Glór na Maidine, Siobhán Libh, Ar do Shuaimhneas, agus Tráthnóna le Tristan i measc na gcláracha éagsúla a chraoltar i gcaitheamh na seachtaine. Is é Raidió Rí-Rá atá fáil ar an gclár Top 40 Oifigiúil na hÉireann gach oíche den tseachtain fosta. Tá Raidió Rí-Rá anois ag craoladh beo i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i mBaile Átha Cliath ar an gcóras Chraoladh Fuaime Digití (DAB). Tá teacht ar an gcairtstáisiún go leanúnach tríd an bhfeidhmchlár iPhone, trí TuneIn ar an Android, agus ar-líne ar www.rrr.ie gan stad freisin. Gaelchárta Is cárta beag plaisteach é an Gaelchárta atá lán le lascainí speisialta do dhéagóirí, arna dháileadh ag Conradh na Gaeilge ar na mílte mic léinn ar scoil agus i gcoláistí samhraidh mar chuid den Seó Bóthair gach bliain. Tá lascainí ar an nGaelchárta i mbliana, agus is féidir é a úsáid arís agus arís eile i siopaí agus le gnólachtaí timpeall na tíre. Chomh maith leis sin, tá cód ar an gcárta i mbliana gur féidir a úsáid le cóip den albam CEOL 2016 le hEoghan McDermott a íoslódáil. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag gaelcharta@ cnag.ie chun Gaelchárta a fháil. CEOL 2016 le hEoghan McDermott Tá an dlúthdhiosca seo ar an albam is déanaí de phopcheol as Gaeilge sa tsraith de dlúthdhioscaí a d’eisigh Seachtain na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá le breis ‘s deich mbliana anuas, sraith dar tús SnaG ’05. Áirítear cuid de na ceoltóirí agus de na bannaí is mó tóir orthu ar albam na bliana seo: tá leagan speisialta Seo Linn den amhrán Óró ‘Sé Do Bheatha Abhaile d’Fhéile na Físe le cloisteáil ar an saothar seo, mar aon le leaganacha Gaeilge d’amhráin le Kodaline, The Coronas, The Riptide Movement, Hudson Taylor, Keywest, The Academic, Róisín O, HamsandwicH, Daithí, agus Delorentos. Níl aon amhras ann áfach, ach gurb é Ed Sheeran, amhránaí idirnáisiúnta clúiteach, mór-réalt an albaim CEOL 2016 agus d’éirigh leis an bhfíseán

den amhrán Ag Smaoineamh Os Ard dá chuid na mílte leantóirí breise a mhealladh chun leathanach Facebook Chonradh na Gaeilge a mhealladh um Nollaig. Tá ríméad orainn go bhfuil RTÉ 2fm, Eoghan McDermott, agus an oiread sin ceoltóirí den chéad scoth bainteach leis an dlúthdhiosca seo, agus gabhann muid buíochas leo uile as páirt a ghlacadh sa togra tábhachtach seo. Beidh tionchar dochreidte dearfach ag an album ar dhearcadh agus ar íomhá na Gaeilge, go háirithe i measc daoine óga, agus tá an t-album saor le híoschóipeáil ó www.cnag.ie/ceol leis an gcód uathúil atá ar fáil ar gach Gaelchárta (féach thuas). Ravelóid Is í Ravelóid an chéad fhéile cheoil a reáchtálfar trí Ghaeilge riamh, agus ní haon ionadh é gur iomaí banna ón albam CEOL 2016 le hEoghan McDermott agus ó na halbaim CEOL de chuid Sheachtain na Gaeilge agus Raidió RíRá roimhe seo a bheidh le cloisteáil ag casadh as Gaeilge ar an stáitse ag an gceiliúradh úd an samhradh seo. Is féile cheoil agus chultúir cheannródaíoch í Ravelóid a bheidh ag teacht go Caisleán Ard Giolláin, Baile Átha Cliath, ó 10 – 11 Meitheamh 2016 mar phríomhimeacht na Gaeilge de chuid Chlár Comórtha Éire 2016. Tá Delorentos, Seo Linn, The Riptide Movement, Ham Sandwich, Kíla, Heathers, Mundy, Hot House Flowers, Altan, Bréag, Mo Hat Mo Gheansaí, TG Lurgan, The Bonnymen, Na Firéin, Gráinne Holland agus Boss Sound Manifesto ainmnithe i measc na gceoltóirí a bheidh ag ceol ag Ravelóid 2016. Tá an fhéile á heagrú ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Nós.ie agus Aontas na Mac

Seoladh Ravelóid i mBarra Temple i mí na Nollaig 2015

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

29


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Léinn in Éirinn, agus beidh sí ar an gcéad mhórfhéile samhraidh chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur i lár an aonaigh le meascán spreagúil, spraíúil de nuacheol agus ceol traidisiúnta, greann, damhsa, litríocht, cainteanna, ceardlanna, agus eile. Le háiseanna iomlána campála le haghaidh na mílte duine, beidh Ravelóid ina imeacht spleodracha dhéanfaidh ceiliúradh ar bheocht agus ar éagsúlacht chultúr comhaimseartha na teanga mar atá inniu agus is féidir ticéad a chur in áirithint ag www.raveloid.ie. Clár Chomóradh Chonradh na Gaeilge 2016 Sheolamar Clár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge mar chuid den snáithe An Teanga Bheo de chuid Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016 ag ócáid speisialta i gcomhpháirt le Oifig na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ar 23 Samhain 2015. Dar ndóigh, bhain an Athbheochan Chultúrtha, agus ról agus tábhacht ár dteanga dhúchais, go smior le fís cheannairí 1916, agus tá súil againn é sin a chur in iúl don mhórphobal le clár comórtha cuimsitheach an Chonartha i mbliana. Mar chuid den chlár, tá 15,000 leathanaigh den iris is mó tionchar sa tréimhse roimh an Éirí Amach – An Claidheamh Soluis – á ndigitiú ag an gConradh. Chomh maith leis sin, tá atheagar á chur againn ar ábhair chartlainne agus ar cháipéisí tábhachtacha an Chonartha agus tá cuid den bhailiúchán cuimsitheach seo á cur ar fáil ar-líne againn den chéad uair riamh. Is obair chrua, dhúshlánach í seo, ach mar thoradh uirthi, beidh na foinsí dátheangacha is tábhachtaí in Éirinn ag tús an 20ú haois ar fáil go furasta ag aos léinn, páistí scoile, taighdeoirí agus pobal na cruinne den chéad uair riamh. Tá sraith de sheimineáir dhátheangacha dar teideal Plé 16 á reáchtáil againn ar fud na hÉireann agus thar lear mar chuid de Chlár Chomóradh Chonradh na Gaeilge 2016 chomh maith, seimineáir a dhéanfaidh comóradh ar oidhreacht athbheochan na Gaeilge agus a dhíreoidh ar an ról lárnach a ghlac baill an Chonartha sna himeachtaí roimh an Éirí Amach, ar an tsaoirse inchinne a bhí fite fuaite le gluaiseacht na Gaeilge, ar ról na mban san

30

Athbheochan Chultúrtha, agus ar thodhchaí an chultúir Ghaelaigh. Is í aidhm na seimineár seo comhrá níos leithne a spreagadh i measc an phobail faoi ról na Gaeilge sna himeachtaí a raibh an tÉirí Amach mar thoradh orthu, agus a bhfuil i ndán dúinn mar phobal Gaelach amach anseo. Reáchtálfar ceann de na seimineáir de chuid Plé 16 mar chuid de chlár na hArd-Fheise ar oíche Aoine. Anuas air sin, beidh Féile na Físe á heagrú ag Seachtain na Gaeilge chun ról na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh in Éirí Amach na Cásca agus imeachtaí eile in Éirinn le linn na tréimhse sin a cheiliúradh. Reáchtálfar Féile na Físe sna scoileanna ar Lá an Fhorógra ar 15 Márta 2016, áit go mbeidh ceiliúradh ar leith á dhéanamh ar an nGaeilge le drámaíocht, amhránaíocht, rincí agus cluichí Gaelacha, agus eile. Mar aon le leagan ar leith den amhrán Óró ‘Sé do Bheatha Abhaile a thaifead leis an mbanna Seo Linn mar chuid den fhéile, rinneamar dráma dar teideal An Filleadh le hAlan Titley a choimisiúnú chomh maith. Tá comórtas drámaíochta do scoileanna á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach, agus is í príomhdhuais an chomórtais seo ná go mbeidh An Filleadh á léiriú ag na buaiteoirí ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath ar Luan Cásca (28 Márta 2016). Gheobhaidh gach rang nó scoil a chuireann isteach ar an gcomórtas teastas aitheantais freisin, agus is suntasach an duais í óir is é seo an t-aon dráma Gaeilge atá beartaithe ag an amharclann stairiúil a léiriú le linn 2016 go dtí seo.

Seoladh Clár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge ag ócáid speisialta i gcomhpháirt le Oifig na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ar 23 Samhain 2015.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Tá taispeántas soghluaiste bunaithe ar na cáipéisí atá i gcartlann Chonradh na Gaeilge curtha i dtoll a chéile againn freisin, agus é ag taisteal ó cheann ceann na hÉireann agus thar sáile i gcaitheamh na bliana 2016. Athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca an t-ainm atá ar an taispeántas, agus tugann sé léargas dúinn ar an ról a bhí ag gluaiseacht Athbheochan na Gaeilge i stair na hÉireann, agus i saol cheannairí Éirí Amach na Cásca. Is féidir cóip iomlán den taispeántas a cheannach nó ceann a fháil ar iasacht ar feadh achair ghairid, ach teagmháil a dhéanamh le cuan@cnag.ie. Gné shuntasach eile de Chlár Chomóradh Chonradh na Gaeilge 2016 ná an leagan Gaeilge d’Fhorógra na Cásca atá curtha ar fáil againn don phobal. Le blianta beaga anuas, ba é ceann de na heasnaimh is mó i searmanais chomórtha an Éirí Amach ná an easpa cinnteachta faoin leagan Gaeilge údarásach den Fhorógra. Is fíor nár scríobh ceannairí an Éirí Amach leagan Gaeilge iad féin, ach bhí neart leaganacha éagsúla ar fáil, agus cúpla leagan fiú in úsáid ag an stát go poiblí. De réir aiseolais a fuair an Conradh ón bpobal áfach, ní raibh aon leagan acu seo sásúil ná ar fáil go hoifigiúil le go bhféadfaí leas a bhaint as in imeachtaí chomórtha, in ainneoin na suime móire a bhí ag ceannairí 1916 sa Ghaeilge, agus an ról lárnach a bhí ag an nGaeilge i gcúlra imeachtaí Sheachtain na Cásca. Rinne Conradh na Gaeilge iarracht an scéal a chur ina cheart, agus d’iarramar ar an bpobal cuidiú linn leis an aistriúchán chun go mbeadh moltaí an phobail san áireamh in aon leagan a chuireamar ar fáil. Chuireamar leaganacha éagsúla agus moltaí an phobail faoi bhráid phainéal saineolaithe ó cheann ceann na tíre, agus chuir siadsan leagan údarásach ar fáil ar deireadh. Tá fáil ar an leagan Gaeilge den Fhorógra go poiblí ar shuíomh an Chonartha.. Seó Bóthair 2016 De bharr an éilimh bhreise le blianta beaga anuas, tá beirt anois ag obair ar an Seó Bóthair i mbliana. Tá clú agus cáil bainte amach ag Seó Bóthair Chonradh na Gaeilge mar chuid thábhachtach den fhéilire scoile agus bíonn muid ar an mbóthar gach seachtain

Louise Ní Fhearghail, Eagraí Seó Bóthair 2016, i mbun Seó Bóthair le Coláiste Treasa Ceann Toirc

ag spreagadh daltaí i meánscoileanna agus i gcoláistí samhraidh fud fad na tíre. Ceardlann idirghníomhach faoin nGaeilge atá sa Seó Bóthair, le plé, díospóireacht agus rólghlacadh á dhéanamh ar bhealach taitneamhach. Bíonn muid ag labhairt leis na daltaí faoi na háiteanna ar féidir leo an Ghaeilge a úsáid agus faoina gcearta teanga, agus bíonn dlúthdhioscaí, bandaí láimhe, greamáin agus duaiseanna eile á ndáileadh againn ar na mic léinn freisin. Tá Seó Bóthair 2016 ag díriú go speisialta ar Chomóradh 2016 i mbliana agus tá deis ag na daltaí foghlaim faoi thábhacht na Gaeilge i 1916, agus faoin mborradh atá tagtha faoin teanga ó shin. D’fhreastail an Seó Bóthair ar bhreis ‘s 150 scoil anuraidh agus tá sé ag dul i méid an t-am ar fad, áit go dtugann Eagraí an tSeó Bhóthair cuairt ar chontae difriúil gach seachtain, ó Chiarraí go Cill Mhantáin agus ó Dhoire go Maigh Eo. Tá sí mar sprioc ag an Seó Bóthair daltaí na tíre a chumasú agus a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid níos minice ina saol scoile, agus lasmuigh den scoil, agus chun iad a chur ar an eolas mar gheall ar na buntáistí agus ar na deiseanna atá ann leis an nGaeilge mar aon le gluaiseacht na Gaeilge agus le feachtais Ghaeilge a chur os a gcomhair. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Seó Bóthair teacht chun na scoile nó chuig coláiste samhraidh ach ríomhphost a sheoladh go scoil@cnag.ie. Gaelbhratach (Iarbhunscoileanna) Is scéim ghradaim í Gaelbhratach a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad, agus tá Gael-Linn i mbun Gaelbhratach

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

31


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

sna scoileanna i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge ar an dara leibhéal. Tá sí mar aidhm ag an scéim Gaelbhratach scoileanna na tíre a spreagadh agus a chumasú le gníomhú chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad ar bhonn pleanáilte, leanúnach, taitneamhach. Tá súil againn go spreagfar úsáid na Gaeilge sa scoil; go spreagfar comhoibriú gníomhach idir na mic léinn, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile; agus go mbeidh aitheantas ón bpobal ina bhfuil an scoil suite do thiomantas na scoile leis an nGaeilge a chur chun cinn. Ardú Feasachta ar na Meáin Shóisialta Tá ag éirí thar cionn le Conradh na Gaeilge ar na meáin shóisialta ó bhí Ard-Fheis 2015 ann agus feidhmeannaigh le freagrachtaí as cúrsaí cumarsáide ag díriú go sonrach agus mar thosaíocht ar na meáin chlóite agus ar na meáin shóisialta den chéad uair. Mhéadaigh leantóirí Facebook agus Twitter Chonradh na Gaeilge ó 6,100 leantóirí agus 6,835 leantóirí i mí Eanáir 2015, go 21,600 leantóirí agus 10,387 leantóirí i mí Eanáir 2016 faoi seach. Tá ballraíocht an ghrúpa ghníomhaithe 5 Nóiméad Ar Son na Gaeilge ar Facebook á méadú go leanúnach ar feadh an ama freisin. Táimid ag plé leis an gcomhlacht Apple i láthair na huaire maidir leis na féidearthachtaí chun rogha na Gaeilge a thabhairt do lucht úsáidte an iPhone s’acu chomh maith. Tá súil againn go gcabhródh sé go mór leis an teanga a chur i mbéal an mhórphobail dá mbeadh teacht ar fheidhmchláir aitheanta gutha amhlaidh Siri agus VoiceOver i nGaeilge ar earraí Apple, agus bheadh sé seo ina thaca mór go háirithe do Ghaeilgeoirí le fadhbanna le radharc na súl nó le téacsáil. Ardán Ilmheán Beidh PEIG.ie, ardán ilmheán Chonradh na Gaeilge, á sheoladh go hoifigiúil in 2016 i ndiaidh obair bhliana ar an suíomh ag www.peig.ie agus ar an bhfeidhmchlár ón App Store agus ó Google Play do ghutháin chliste. Tá eolas ar an nGaeilge, nuacht faoin teanga agus faoin nGaeltacht, chomh maith le heolas ar imeachtaí áitiúla cosúil le ranganna agus ciorcail chomhrá ar fáil don phobal ar

32

Eolas ó na nuachtáin, eolas faoi imeachtaí Gaeilge agus go leor leor eile ar fáil ar peig.ie

fad ó PEIG.ie. Tá an t-ardán ag feidhmiú mar lárphointe eolais ar shaol na Gaeilge le bailiúchán eolais ar gach gné den teanga atá nuashonraithe, spéisiúil agus éasca le húsáid. Bailítear gach scéal i dtaobh chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le chéile in aon áit amháin ar PEIG.ie, agus is eolaire é maidir leis na mílte imeachtaí Gaeilge atá a reáchtáil ar fud na cruinne. Tá súil againn go mbainfidh daoine úsáid as an ardán ar bhonn laethúil le teacht ar gach eolas atá uathu in aon áit amháin, agus le daoine a threorú má tá ceist acu faoin nGaeilge i gcoitinne. Tá na mílte duine cláraithe don nuachtlitir laethúil de chuid PEIG.ie cheana féin, agus fáiltítear roimh aiseolas chuig eolas@ peig.ie i gcónaí. Suíomh idirlín CnaG.ie Tá obair leanúnach ar bun leis an suíomh idirlín ag www.cnag.ie a fheabhsú agus a choinneáil cothrom le dáta maidir le feachtais reatha Chonradh na Gaeilge, ach fáiltítear roimh aiseolas i gcónaí. Tá súil againn go mbeidh meabhrúchán uathoibríoch maidir le hathchlárú leis an Ard-Oifig á sheoladh ag an mballraíocht amach anseo chun go mbeidh sé níos éasca ar bhaill a chinntiú go bhfuil siad athchláraithe in am don Ard-Fheis agus eile. Nuachtlitir Tá leagan amach A4 nua na nuachtlitreach ag feidhmiú go maith go fóill agus d’fhoilsíomar trí eagrán eile ó bhí Ard-Fheis 2015 ann. Más mian le craobh scéal ar bith a áireamh sa chéad nuachtlitir eile nó amach anseo, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig nuacht@cnag.ie.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

OILIÚINT, EAGRAÍOCHT & IMEACHTAÍ Tá Feidhmeannach Ballraíochta agus Oideachais le fostú ag Conradh na Gaeilge i mbliana, rud a chuirfidh go mór ar chumas na heagraíochta níos mó tacaíochta praiticiúil agus cúrsaí oiliúna a sholáthar do bhaill aonair agus do chraobhacha an Chonartha araon. Chláraigh an iliomad craobh agus baill aonair le Conradh na Gaeilge as an nua ó bhí Ard-Fheis 2015 ann, agus tá súil againn cur leis an líon sin arís i mbliana chun go mbeidh gréasán láidir, gníomhach againn ag feidhmiú ar an talamh ar mhaithe le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a chur chun cinn go háitiúil, go náisiúnta, agus go hidirnáisiúnta i gcónaí. Fóraim Oiliúna Chuireamar tús le sraith de sheisiúin oiliúna dírithe ar chraobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud na tíre i mí na Nollag 2015. Is í aidhm na n-ócáidí seo ná chun comhairle, cuidiú agus tacaíocht a chur ar fáil do chraobhacha Chornadh na Gaeilge, agus go deimhin do ghrúpaí Gaeilge ar fud na tíre. Díríonn na fóraim oiliúna ar chraobhacha áitiúla den Chornadh go príomha, ach tá fáilte fosta roimh ghrúpaí áitiúla eile atá ag iarraidh tógáil ar chuid de na scileanna atá acu, agus a mbeadh dúil acu clárú mar chraobhacha den Chonradh amach anseo. Tá an obair agus an cur chuige seo ag teacht sna sála ar an teagmháil is déanaí a rinneadh le craobhacha i rith an gheimhridh chun nasc níos rialta agus níos éifeachtaí a chruthú idir an fhoireann agus baill choiste na craoibhe, agus na baill aonair. Déantar ceardlanna éagsúla á soláthar mar chuid den fhóram oiliúna agus iad dírithe ar bhunriachtanais na hoibre Gaeilge – seisiún eolais ar an obair reatha agus ar na feachtais éagsúla atá idir lámha ag Conradh na Gaeilge ar bhonn áitiúil agus náisiúnta; ceardlann ar na dóigheanna ar féidir ranganna a sholáthar sa chraobh; ceardlann ar chúrsaí poiblíochta agus ar na meáin shóisialta; ceardlann ar fhoinsí maoinithe féideartha; ceardlann ar conas riachtanais an phobail áitiúil a mheas i gceantar na craoibhe; agus eile. Mar chuid den tsraith i gCúige Uladh, tá an chéad sheisiún á ofráil i dtrí ionad áitiúla, mar atá, Áras Mhic

Reachtain i mBéal Feirste ar 5 Nollaig 2015; An Carn i Machaire Rátha ar 5 Feabhra 2016; agus Dún Uladh ar an Ómaigh ar 16 Aibreán 2016. Tá sé beartaithe go mbeidh seisiúin éagsúla eile á n-ofráil ar an Iúr, in Ard Mhacha, i gCathair Dhoire, i nDún Geimhin, in Oileán an Ghuail, agus ar an Srath Bán amach anseo. Chomh maith leis seo, beidh Fóraim Oiliúna á reáchtáil sna contaetha éagsúla ó dheas ag foireann Chonradh na Gaeilge sna cúigí eile i gcaitheamh na bliana fosta. Tá tuilleadh eolais maidir le fóraim oiliúna Chúige Uladh ar fáil ó padraig@cnag.ie.

Páraig Ó Tiarnaigh, Feidhmeannach Cumarsáide agus Abhcóideachta i mbun ceardlanna ag an bhFóram Oiliúna

Cúrsaí Chonradh na Gaeilge Cuireann Conradh na Gaeilge idir ranganna oíche; chúrsaí ullmhúcháin don agallamh Gaeilge do chúrsa iarchéime na bunmhúinteoireachta; dhianchúrsaí samhraidh; dhianchúrsaí lae agus chúrsaí do dhaltaí Ardteiste ar fáil, mar aon le ranganna comhrá agus eile in ionaid éagsúla ar fud na tíre, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Inis, Iúr Cinn Trá, Luimneach, Maigh Eo, agus Tiobraid Árann san áireamh. Ní hamháin go bhfuil Conradh na Gaeilge ag feidhmiú mar sholáthraí seachfhoinse ranganna Gaeilge do chomhlachtaí poiblí – Coláiste na Tríonóide agus RTÉ ina measc – ach tá tús curtha againn le ranganna a sholáthar do chomhlachtaí príobháideacha amhlaidh Eversheds, Mercer, agus Ambasáid na Fraince fiú. Is féidir le craobhacha a gcuid cúrsaí féin a phoibliú ar an suíomh ag www.cnag.ie/courses

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

33


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

go fóill, agus is féidir na cúrsaí a chlárú tríd an gcóras lárnach chun na ranganna a dhíol ar-líne tríd an Ard-Oifig mura bhfuil sé d’acmhainn ag an gcraobh féin a leithéid de sheirbhís ar-líne a sholáthar. Más spéis le craobh ar bith ranganna a dhíol ar-líne tríd an gcóras seo, ní gá ach teagmháil a dhéanamh leis an Ard-Oifig chuige seo ag ranganna@cnag.ie.

Mic léinn tríú leibhéal a d’fhreastail ar thraenáil linn i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair 2015

Traenáil na Mac Léinn D’eagraigh Comhordaitheoir na Mac Léinn Tríú Leibhéal Traenáil na gCumann Gaelach agus na nOifigeach Gaeilge i mBaile Átha Cliath i gcomhar le Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ó 9 – 10 Deireadh Fómhair 2015. Tá 24 Cumann Gaelach ó na ceithre chúige cláraithe mar chraobhacha Chonradh na Gaeilge faoi láthair, agus bhí os cionn 70 ball coiste agus oifigeach Gaeilge ó cheann ceann na tíre i láthair don oiliúint bhliantúil seo. Bíonn deis ag baill na gcumann agus ag na hoifigigh Ghaeilge foghlaim ó thaithí a chéile, páirt a ghlacadh i gceardlanna oiliúna le hionadaithe ó earnáil na Gaeilge, agus aithne a chur ar a chéile i gcaitheamh an ama. Tá an maitheas agus an rannpháirtíocht ón gcomhoibriú le hAMLÉ le tabhairt faoi ndeara ar bhealaí eile in obair an Chonartha chomh maith – is iomaí cumann Gaelach atá tar éis rún a chur faoi bhráid na hArd-Fheise i mbliana, agus tá an dea-chaidreamh ag dul i bhfeidhm ar eagrais eile lena mbíonn Conradh na Gaeilge ag obair, Aontas na Mac Léinn Iarbhunscoile (ISSU) san áireamh. Má tá breis eolais faoi na cumainn Ghaelacha uait, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag edel@cnag.ie.

34

Imeachtaí sóisialta agus eile Is iomaí imeacht sóisialta agus campa samhraidh a d’eagraigh craobhacha, tograí agus foireann an Chonartha i gcaitheamh an ama ón Ard-Fheis dheireanach, ina measc An Tionól Gaeltachta 2015 i nGort a Choirce, Co. Dhún na nGall; Oíche Chultúir 2015; oícheanta airneáin, ceoil agus scéalaíochta; turais lae; ciorcail chomhrá; seimineáir eolais; fóraim óige; léamha filíochta; ceardlanna drámaíochta, agus go leor eile. Bhí ionadaíocht ag Conradh na Gaeilge ag An Tionól Teagaisc; ag Aonach Oibre Fhorbairt Feirste; ag Cearta & Ceiliúradh; ag Comhdháil Gaelscoileanna; ag an bhFéile Treabhadóireachta; ag laethanta eolais agus gairmeacha Gaeilge; ag seoladh thuarascáil an Choimisinéara Teanga; agus ag comhdhálacha, Ard-Fheiseanna, agus imeachtaí éagsúla eile i gcaitheamh na bliana. Bíonn muid ag obair ar fheachtais agus ar imeachtaí sóisialta éagsúla i gcomhar le baill agus le craobhacha an Chonartha féin, leis na Scéimeanna Pobail Teanga, agus leis na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta eile ar fud an oileáin. Is mór an chabhair agus an cúnamh a fuaireamar ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun clár oibre na bliana a chur i gcrích ó bhí Ard-Fheis 2015 ann. Is amhlaidh an scéal gach bliain le blianta beaga anuas – deirim i gcónaí é, ach ní bheadh ann do Chonradh na Gaeilge ná dár bhfeachtais éagsúla murach ionchur iontach fuinniúil, leanúnach bhaill an Chonartha, agus phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile. Táimid go mór faoi chomaoin ag gach duine againn - idir bhaill aonair, bhaill craoibhe agus oibrithe deonacha eile - a thugann a gcuid ama agus a gcuid fuinnimh go fial, flaithiúil don eagraíocht de shíor, agus gabhaim buíochas ó chroí libh uile thar ceann na foirne ar fad. Le dhá Rialtas nua ar na bacáin sár i bhfad, seo muid réidh do dhúshlán as an nua chun ár gcearta teanga – ár gcearta daonna – a chosaint agus a chur chun cinn, dúinn féin agus do na glúinte atá le teacht inár ndiaidh. Ní neart go cur le chéile! Julian de Spáinn Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge +353 (0)1 4757401 | julian@cnag.ie

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Ba bhreá linn bhur gcuid cabhrach ag cur an Ghaeilge agus an Ghaeltacht chun cinn leis na hiarrthóirí san olltoghchán. Léirítear sa bhileog eolais seo na héilimh atá againn agus bheadh sé go hiontach dá bhféadfá a dtacaíocht a lorg nuair a thagann siad

Tacaíonn pobal na hÉireann go láidir leis an nGaeilge agus creideann móramh mór gur chóir don stát níos mó tacaíochta a chur ar fáil1.

Tá súil againn go n-aontóidh tú lenár n-aisling, mar sin, go bhfuil géarghá le líon mór deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil don phobal trí chéile, agus leis an nGaeltacht a láidriú. Leis an aisling seo a fhíorú, táimidne – breis is 80 grúpa pobail Gaeilge agus Gaeltachta, chomh maith leis na húdaráis cuí agus grúpaí eile ar nós Aontas na Mac Léinn in Éirinn – ag éileamh ortsa, mar iarrthóir don Dáil, tacaíocht oifigiúil a thabhairt don 3 éileamh trasna sa chéad chlár Rialtais eile. Beimid ag scaipeadh eolais i measc an phobail i ngach Dáilcheantar faoi na hiarrthóirí agus faoi na páirtithe polaitiúla ar fad atá ag tacú leis na héilimh seo.

ar cuairt ag an doras nó má bhuaileann tú leo in áit phoiblí nó eile. Is féidir níos mó eolais a fháil ag cearta@cnag.ie nó +353 (0)1 4757401 (mar eolas, beidh #GaelVóta in úsáid againn ar Twitter)

3 Éileamh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge & na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú Go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar chomhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile

De réir suirbhé Millward Browne i 2015, chuir 61% den phobal in iúl gur chóir don stát níos mó tacaíochta a chur ar fáil don Ghaeilge, agus sin 79% nuair a bhaintear amach na daoine nár thug freagra ar an gceist.

1

An raibh a fhios agat? • • •

Tá Gaeilge éigin ag nach mór 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Mar shampla, tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag canadh as Gaeilge D’fhreastalódh an plean infheistíochta atá á mholadh againn ar an 93% den daonra ó dheas a thacaíonn le hathbheochan nó le caomhnú na Gaeilge (ESRI & OÉ Má Nuad, 2009) ar na bealaí seo a leanas: o Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil o Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin o Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil *Mar eolas, is ionann an maoiniú breise atá ag teastáil uainn don phlean infheistíochta agus €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2008 Chabhródh an plean infheistíochta agus an stádas polaitiúil breise atá á lorg againn le haisling ghlúin na réabhlóide a bhaint amach don Ghaeilge, agus dhéanfadh comóradh ceart ar 1916


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

3.5. Na Cuntais Airgid 2015 CONRADH NA GAEILGE BLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2015 RÁITEAS AR FHREAGRACHTAÍ AN CHOISTE GNÓ Tá an Coiste Gnó freagrach as an Tuarascáil Bhliantúil agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir dhlíthe oiriúnacha agus de réir Chleachtais Chuntasaíochta a bhfuil gnáth-ghlacadh leo in Éirinn, ar a n-áirítear na caighdeáin chuntasaíochta atá eisithe ag an gComhairle um Thuairisciú Airgeadais agus atá foilsithe ag Cuntasóirí Cairte na hÉireann. Tá iallach ar an gCoiste Gnó ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhair gach bliana airgeadais a thugann léargas fíor cothrom ar ghnóthaí Chonradh na Gaeilge agus ar fharasbarr nó ar easnamh Chonradh na Gaeilge don tréimhse sin. Agus na ráitis airgeadais sin á n-ullmhú acu ní foláir don Choiste Gnó: -

polasaithe cuntasaíochta oiriúnacha a roghnú agus ansin iad a chur i bhfeidhm go leanúnach,

-

breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama,

-

a rá ar ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir chaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, na caighdeáin sin a aithint agus tionchur agus cúiseanna imeachta ábhartha ó na caighdeáin sin a nótáil, agus

-

na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaigh ach amháin sa chás go bhfuil sé mí-oiriúnach a cheapadh go leanfaidh an chuideachta i mbun gnó.

Deimhníonn an Coiste Gnó go bhfuil na riachtanais thuas comhlíonta agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú acu. Tá an Coiste Gnó freagrach as taifid chuntasaíochta chuí a choimeád a léiríonn le cruinneas réasúnta stádas airgeadais Chonradh na Gaeilge ag am ar bith agus a chuireann ar a gcumas bheith deimhin de go bhfuil na ráitis airgeadais ullmhaithe de réir chaighdeáin inghlactha. Tá siad freagrach freisin as sócmhainní Chonradh na Gaeilge a chosaint agus dá réir sin as céimeanna réasúnta a ghlacadh chun calaois agus gnóthaí cama eile a chosc agus a aimsiú.

Ar son an Choiste Gnó Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí 15 Feabhra 2016

36

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

CONRADH NA GAILGE BLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2015 DEARBHÚ STIÚRTHÓIRÍ Tá na ráitis airgeadais ar leathanaigh 4 go 11 á bhfaomhadh ag an gCoiste Gnó agus deimhníonn siad go bhfuil siad freagrach astu, roghnú polasaithe cuntasaíochta cuí san áireamh, iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus na breithiúnais thacaíochta a dhéanamh ar bhunús réasúnta agus stuama. Ullmhaíodh iad ar bhunús gnóthais leantaigh ar an mbonn go leanfaidh Conradh na Gaeilge i mbun gníomhachtaí. Deimhníonn an Coiste Gnó gur chuir siad taifid chuntasaíochta uile an Chonartha ar fáil don iniúchóir agus tugadh dó an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun na ráitis airgeadais a ullmhú. Deimhníonn an Coiste Gnó, chomh fada agus is eol dóibh agus a chreideann siad, go léiríonn na ráitis airgeadais idirbhearta uile an Chonartha don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2015.

Ar son an Choiste Gnó Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí 15 Feabhra 2016

COMÓRADH 20162| Fís don Todhchaí

37 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

CONRADH NA GAEILGE TUARASCÁIL AN INIÚCHÓRA NEAMHSPLEÁCH DO NA COMHALTAÍ Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais Chonradh na Gaeilge don bhliain dár chríoch 31 Nollaig 2015 ar a n-áirítear an Cuntas Ioncaim agus Caiteachais, an Clár Comhardaithe, an Ráiteas Sreabhadh Airgid, Ráiteas na nGnóthachan agus na gCaillteanas Iomlán Admhaithe agus na nótaí gaolmhara ar leathanaigh 4 go 11. Is iad caighdeáin chuntasaíochta eisithe ag an gComhairle um Thuairisciú Airgeadais agus foilsithe ag Cuntasóirí Cairte na hÉireann (Cleachtais Chuntasaíochta a bhfuil gnáth-ghlacadh leo in Éirinn) an creat tuairisciú airgeadais atá i bhfeidhm in ullmhú na ráiteas airgeadais. Is do chomhaltaí an Chonartha amháin, mar chomhlacht, a dhéantar an tuarascáil seo. Chuaigh mé i mbun na hoibre iniúchta go bhféadfainn a lua le comhaltaí an Chonartha na nithe sin a cheanglaítear orm a lua i dtuarascáil iniúchóra agus chun na críche sin amháin. Chomh fada agus is ceadmhach dom de réir dlí ní ghlacaim ná ní ghabhaim chugam féin freagracht do dhuine ar bith seachas don Chonradh agus do chomhaltaí an Chonartha mar chomhlacht, as mo obair iniúchta, as an tuarascáil seo, ná as na tuairimí ar tháinig mé orthu. Freagrachtaí an Choiste Gnó agus an iniúchóra faoi seach Mar atá mínithe níos iomláine san Ráiteas ar Fhreagrachtaí an Choiste Gnó atá leagtha amach ar leathanach 1, tá an Coiste Gnó freagrach as ullmhú na ráiteas airgeadais agus as a bheith sásta go dtugann siad léargas fíor cothrom. Is é an dualgas atá orm na ráitis airgeadais a iniúchadh agus tuairim a nochtadh orthu faoi réir dhlí na hÉireann agus na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Iniúchta (RA agus Éire). Éilíonn na caighdeáin seo go gcloífinn le Caighdeáin Eitice do Iniúchóirí an Bhoird um Chleachtais Iniúchta, (mar atá leagtha amach i nóta 8 de na ráitis airgeadais). Scóp iniúchadh na ráiteas airgeadais Áirítear, in iniúchadh, fianaise a fháil faoi na suimeanna agus nochtadh faisnéise sna ráitis airgeadais chun dóthain cinnteachta réasúnta a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíshonrú ábhartha, cé acu calaois nó earráid ba chúis leis. Áirítear leis seo measúnú ar: cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na polasaithe cuntasaíochta oiriúnach do chúinsí an Chonartha agus cé acu an gcuirtear nó nach gcuirtear na polasaithe sin i bhfeidhm go comhsheasmhach agus an nochtar go leordhóthanach iad; réasúntacht meastachán cuntasaíochta suntasacha a rinne an Coiste gnó; agus cur i láthair na ráiteas airgeadais. Má thagaim ar eolas faoi mhíráiteas nó faoi nithe neamh-chomhsheasmhacha ábhartha déanaim na himpleachtaí do mo thuarascáil a mheas. Tuairim ar na ráitis airgeadais Is í mo thuairim maidir leis na ráitis airgeadais:  go dtugann siad léargas fíor cothrom ar shócmhainní, dliteanais agus stádas airgeadais an Chonartha mar a bhí ar an 31 Nollaig 2015 agus ar a thoradh don bhliain a chríochnaigh ansin; agus  gur ullmhaíodh iad i gceart de réir Chleachtais Chuntasaíochta a bhfuil gnáth-ghlacadh leo in Éirinn. Dáithí Ó Maolchoille Comhlacht Reachtúil Iniúchóireachta 75 Páirc Weston, Baile Átha Cliath D14 HW58 15 Feabhra 2016

38

COMÓRADH 20163| Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

CONRADH NA GAEILGE CUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2015 Nóta Ioncam Caiteachas Farasbarr na bliana

2

2015 € 1,503,445

2014 € 1,040,505

(1,462,894) ________

(1,001,857) _________

40,551 ======

38,648 ======

RÁITEAS NA nGNÓTHACHAN AGUS NA gCAILLTEANAS IOMLÁN ADMHAITHE Tá na torthaí díorthaithe ó ghnóthaí leanúnacha. Ní raibh gnóthachan ná caillteanas ar bith admhaithe seachas torthaí coimeádta na bliana airgeadais. Ní raibh gluaiseachtaí ar bith i gcistí na cuideachta i rith na bliana seachas torthaí coimeádta na bliana airgeadais. Tá na torthaí díorthaithe ó ghnóthaí leanúnacha.

COMÓRADH 20164 | Fís don Todhchaí

39 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

CONRADH NA GAEILGE CLÁR COMHARDAITHE

31 NOLLAIG 2015 Nótaí

SÓCMHAINNÍ SEASTA

3

2015 € 431,388 ----------

2014 € 436,026 ----------

9,930

4,250

55,778 7,698 -------73,406

4,703 21,923 --------30,876

(107,430) ---------(34,024) ----------

(75,424) ----------(44,548) -----------

SÓCMHAINNÍ REATHA Féichiúnaithe Airgead sa bhanc – Gnáthchuntais – Ciste Liam Bulfin

CREIDIÚNAITHE (suimeanna a bheidh dlite laistigh de bhliain amháin)

4

(GLANDLITEANAIS) REATHA CREIDIÚNAITHE (suimeanna a bheidh dlite tar éis bliana amháin)

5

(127,143) -----------SÓCMHAINNÍ IOMLÁNA LÚIDE DLITEANAIS 270,221

(180,090) -----------211,388

DEONTAS FAIGHTE

7

(217,798) -----------52,423 =====

(220,140) -----------(8,752) =====

2

44,725

(30,675)

7,698 --------52,423 =====

21,923 --------(8,752) =====

COMHDHÉANTA MAR A LEANAS Cuntas Ioncaim agus Caiteachais Ciste Liam Bulfin

Ar son an Choiste Gnó Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí 15 Feabhra 2016

40

COMÓRADH 2016 |5Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

CONRADH NA GAEILGE NÓTAÍ AR NA RÁITIS AIRGEADAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2015 1. POLASAITHE CUNTASAÍOCHTA Gnás Cuntasaíochta Ullmhaítear na ráitis airgeadais faoi réir caighdeán chuntasaíochta a bhfuil gnáth-ghlacadh leo in Éirinn. Is iad caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil gnáth-ghlacadh leo in Éirinn agus ráitis airgeadais á n-ullmhú ag tabhairt léargais fíor agus cothrom ná caighdeáin chuntasaíochta foilsithe ag Cuntasóirí Cairte na hÉireann agus eisithe ag an gComhairle um Thuairisciú Airgeadais.

Dímheas Sócmhainní Inláimhsithe Seasta agus Amúchadh Deontas Dímheastar na sócmhainní seasta ina ngálaí cothroma bliantúla thar saol measta na sócmhainní. Seo iad na rátaí atá in úsáid faoi láthair: Trealamh

20% per annum

Caiteachas ar an áitreabh

1% per annum

Amúchadh deontas faighte

1% per annum

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

41 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

CONRADH NA GAEILGE NÓTAÍ AR NA RÁITIS AIRGEADAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2015 (ar leanúint) 2. CUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS

2015 2014 € € (Easnamh) ag tús na bliana (30,675) (69,323) Farasbarr na bliana reatha - Eagraíocht 40,100 38,648 – Tionscadal Fhoras na Gaeilge 451 An Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta - Deontas 34,849 -----------------Farasbarr/(easnamh) ag deireadh na bliana 44,725 (30,675) ===== ====== 3. SÓCMHAINNÍ INLÁIMHSITHE SEASTA Trealamh Caiteachas ar an Iomlán Áitreabh Costas € € € Ar 1 Eanáir agus ar 31 Nollaig 33,229 463,854 497,083 ===== ====== ====== Dímheas Ar 1 Eanáir 33,229 27,828 61,057 Muirear na bliana reatha 4,638 4,638 ------------------------Ar 31 Nollaig 33,229 32,466 65,695 ===== ===== ===== Glanmhéid 31 Nollaig 2015 431,388 431,388 = ====== ====== 31 Nollaig 2014 436,026 436,026 = ====== ====== Ba sa bhliain 2009 a rinneadh an caiteachas ar an áitreabh, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, atá léirithe anseo. Níl caiteachas mar sin a rinneadh roimh 2009 agus a bhí díscríofa roimhe sin ar an gClár Comhardaithe ar 31 Nollaig 2015. 4. CREIDIÚNAITHE (dlite laistigh de bhliain amháin) 2015 € Creidiúnaithe ginearálta 50,917 Maoiniú faighte i gcomhair 2016 40,000 Banc (nóta 6) 16,513 --------107,430 ======

42

7 | Fís don Todhchaí COMÓRADH 2016

2014 € 45,424 30,000 --------75,424 =====



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Faigh do chóip inniu ó Chonradh na Gaeilge Déan teagmháil linn ag ceol@cnag.ie

44

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

CONRADH NA GAEILGE NÓTAÍ AR NA RÁITIS AIRGEADAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2015 (ar leanúint) 5. CREIDIÚNAITHE (dlite tar éis bliana amháin) Banc (nóta 6) 6. BANC Iasachtaí

2015 € 127,143 ======

2014 € 180,090 ======

2015 € 143,656 ======

2014 € 210,090 ======

Dlite laistigh de bhliain amháin – nóta 4 Dlite tar éis bliana amháin - nóta 5

16,513 30,000 127,143 180,090 ------------------143,656 210,090 ====== ====== Tá morgáiste ag Bainc Aontais Éireann cpt ar an áitreabh, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

7. DEONTAS – An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 2015 2014 € € Faighte 234,192 234,192 ====== ====== Amúchadh Ar 1 Eanáir 14,052 11,710 Aistrithe go hioncam i mbliana 2,342 2,342 ---------------Ar 31 Nollaig 16,394 14,052 ===== ===== Glanmhéid 217,798 220,140 ====== ====== 8. SEIRBHÍSÍ CURTHA AR FÁIL AG INIÚCHÓIR NEAMHSPLÉACH Dála a lán gnóthas eile ar chóimhéid agus den chineál céanna, cuidíonn ár n-iniúchóir linn na ráitis airgeadais a ullmhú. 9.

FAOMHADH NA RÁITEAS AIRGEADAIS Ar 15 Feabhra 2016 faomhadh na ráiteas airgeadais agus údaríodh go n-eiseofaí iad.

8 | Fís don Todhchaí COMÓRADH 2016

45


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

CONRADH NA GAEILGE RÁITEAS SREABHADH AIRGID DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2015 2015 €

2014 €

117,509 ======

33,359 =====

Glandliteanas don bhanc ag tús na bliana

(205,387)

(238,746)

Insreabhadh glandliteanais don bhanc

117,509 ________ (87,878) ======

33,359 ________ (205,387) =======

40,100 451 34,849 4,638 (2,342) (5,680) 32,006 13,487 _______ 117,509 ======

38,648 4,638 (2,342) (3,251) (4,334) ______ 33,359 =====

INSREABHADH GLANDLITEANAIS DON BHANC Ó GHNÍOMHACHTAÍ LAGHDÚ AR GHLANDLITEANAS DON BHANC ANAILÍS AR GHLUAISEACHTAÍ GLANDLITEANAIS DON BHANC I RITH NA BLIANA Glandliteanas don bhanc:

Glandliteanas don bhanc ag deireadh na bliana RÉITEACH IDIR FARASBARR NA BLIANA AGUS INSREABHADH GLANDLITEANAIS DON BHANC Ó GHNÍOMHACHTAÍ Farasbarr na bliana: Eagraíocht : Tionscadal Fhoras na Gaeilge Deontas: An Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta Dímheas Deontas amúchta (Méadú) ar fhéichiúnaithe Méadú/(laghdú) ar chreidiúnaithe Laghdú i ndlite bainc iníocta laistigh de bhliain amháin

46

COMÓRADH 20169| Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

CONRADH NA GAEILGE MIONCHUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2015 EAGRAÍOCHT 2015 €

2014 €

Deontais: Foras na Gaeilge – PEIG Foras na Gaeilge – Eile Bailiú agus Clárú Cíosanna Ranganna Gaeilge Ábhair Díolacháin/Gaeilge 24 Glac Leis/Seó Bóthair Tionscnamh 2016 Síntiúis Cumann Lúthchleas Gael Scoláireachtaí Fógraíocht agus Urraíocht Comhdhálacha Leagáid Dearadh Scéimeanna eile Aisíoc pinsin COGG – Raidió Rí Rá

23,397 32,368 63,110 109,534 104,401 27,797 131,908 3,530 5,000 42,949 3,145 17,663 13,627 6,620 19,553 16,542 _______

34,977 677,189 19,441 56,834 102,970 62,675 23,821 10,853 5,000 3,040 33,331 5,000 5,374 ________

Ioncam

621,144

1,040,505

(581,044) ________

(1,001,857) _________

40,100 =====

38,648 =====

IONCAM

Caiteachas Farasbarr na bliana

COMÓRADH 2016 10 | Fís don Todhchaí

47


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

CONRADH NA GAEILGE MIONCHUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2015 (ar leanúint) EAGRAÍOCHT (ar leanúint) CAITEACHAS Cíos, Rátaí, Árachas Cothabháil, Glantóireacht Tuarastail, Scéim Phinsin Costais Foirne Ranganna Gaeilge Ábhair Díolacháin/Gaeilge 24 Tionscnamh 2016 Scoláireachtaí Postas, Teileafón Suíomh Idirlín Páipéarachas Leictreachas Stóras Trealamh, Ríomhaireacht Costais Bainc Ús Bainc Táille Cuntasaíochta agus Iniúchóireachta Costais Oifige Comhdhálacha Síntiúis Nuachtlitir An tUltach Dímheas: Caiteachas ar an Áitreabh Lúide: Deontas amúchta Coiste Gnó Bolscaireacht Seachtain na Gaeilge –Ardú feasachta

48

2015 €

2014 €

23,573 16,245 131,134 15,312 60,870 62,928 129,774 42,949 19,597 3,157 5,354 8,926 1,618 2,523 861 6,154 11,918 18,665 5,019 2,171 10,000 4,638 (2,342) 581,044 ======

47,972 19,182 517,214 25,119 46,705 23,962 20,929 9,780 1,228 5,582 5,241 8,022 3,075 131,407 40,370 4,638 (2,342) 3,535 61,688 28,550 1,001,857 =======

COMÓRADH 2016 |11 Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

CONRADH NA GAEILGE MIONCHUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2015 (ar leanúint) TIONSCADAL FHORAS NA GAEILGE 2015 €

IONCAM Deontas: Foras na Gaeilge

882,301 ======

CAITEACHAS Tuarastail Costais Foirne Páipéarachas, Postas,Fón,Costais Oifige Cíos, Rátaí, Leictreachas Arachas Costais Taistil – Bord Earcaíocht Trealamh Oiliúint Foirne Iniúchóireacht agus Cuntasaíocht Ionadaíocht: Anailís Ionadaíocht Monatóireacht Cairt Eorpaí Réimse Príobháideach agus Poiblí Cosaint Teanga: Cosaint Thráthúil Sraith Físeáin Ábhair Feachtasaíochta Ardú Feasachta: Féile d’Imeachtaí Seachtain na Gaeilge Clár d’Fheachtais Gaelchárta Gaelscolaíocht Seirbhís Eolais agus Comhairleach (Feasta) Lárphointe Eolais Fóram Chomhpháirtíocht Ardán Ilmeán Farasbarr na bliana

533,849 36,349 24,473 36,104 8,387 6,266 2,350 15,297 3,402 3,946 23,583 3,280 3,500 3,569 6,572

40,504

2,446 1,054 2,999

6,499

4,000 46,047 36,025 5,452 6,685 16,633 6,565 3,439 39,578 164,424 881,850 ====== 451 ===

12don Todhchaí COMÓRADH 2016 | Fís

49


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

3.6. An Báiliúchán Náisiúnta Craobh

50

Cúige

Contae

Bailiúchán 2015

Coiste Contae Mhaigh Eo

Cúige Chonnacht

Contae Mhaigh Eo

€700

Craobh Chaisleán an Bharraigh

Cúige Chonnacht

Contae Mhaigh Eo

€400

Craobh Chlár Chlainne Mhuiris

Cúige Chonnacht

Contae Mhaigh Eo

€430

Craobh Anach Cuain

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€214

Craobh Bhaile Átha an Rí

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€300

Craobh Bhearna

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€450

Craobh Ghort Inse Guaire

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€116

Craobh na Gaillimhe

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€930

Craobh Thuama

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€70

Cumann na hAchréidh

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€140

Ard Raithín (Bailiúchán)

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€66

Cinn Mhara (Bailiúchán)

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€30

Tobair Pheadair (Bailiúchán)

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€21

Áth Cinn (Bailiúchán)

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€48

Béal Chláir

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€30

Beithe

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

€145

CCÉ Ros Comán

Cúige Chonnacht

Contae Ros Comáin

€442

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Cúige Chonnacht

Contae na Gaillimhe

An Ard-Chraobh

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€200

Craobh Ghaelphobal ACT Tamhlacht

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€30

Craobh Inse Chór

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€65

Craobh Liam Bulfin

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€150

Craobh Mháirtín Uí Chadhain, BÁC

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€18

Craobh Ghlór Cheatharlach

Cúige Laighean

Contae Cheatharlach

€50

Craobh Loch Garman

Cúige Laighean

Contae Loch Garman

€430

Craobh Cholmchille, Ceanannas

Cúige Laighean

Contae na Mí

€230

Craobh Ráth Cairn

Cúige Laighean

Contae na Mí

Craobh Cholum Cille, Uíbh Fhailí

Cúige Laighean

Contae Uíbh Fhailí

€400

Coláiste na Tríonóide

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€50

Coláiste Phádraig, Droim Conrach

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€50

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Cúige Laighean

Contae Átha Cliath

€50

Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Cúige Laighean

Contae Chill Dara

Craobh Chorca Dhuibhne

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

Craobh Cois Leamhna, Cill Orglan

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

€50

Craobh Lios Tuathail

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

€200

Craobh Mhochuda (Cillín Tiarna)

Cúige Mumhan

Contae Chiarraí

€80

Craobh Bhaile Mhúirne

Cúige Mumhan

Contae Chorcaí

€100

Craobh Chúil Aodha

Cúige Mumhan

Contae Chorcaí

€90

Craobh Eochaill

Cúige Mumhan

Contae Chorcaí

€50

Craobh Mhainistir na Corann

Cúige Mumhan

Contae Chorcaí

€100

Craobh Sciobairín

Cúige Mumhan

Contae Chorcaí

€100

Craobh an Chaisleán Nua

Cúige Mumhan

Contae Luimnigh

€340

Craobh Chathair Luimnigh

Cúige Mumhan

Contae Luimnigh

€400

Craobh Ráth Caola

Cúige Mumhan

Contae Luimnigh

Cumann Gaelach Chluain Meala

Cúige Mumhan

Contae Thiobraid Árann

€364

Craobh an Aonaigh

Cúige Mumhan

Contae Thiobraid Árann

€200

Craobh Chaiseal Mumhan

Cúige Mumhan

Contae Thiobraid Árann

€238

Craobh Mhaigh Chromtha

Cúige Mumhan

Corcaigh

€36

Ollscoil Luimnigh

Cúige Mumhan

Contae Luimnigh

€50

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

€50

€75

€50 €100

€70


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

49 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Gabhtar buíochas mór leis na daoine seo a leanas as an síntiús leanúnach seo a ghlacadh leis an gConradh:

3.7. Síntiús na nGael

NA nGAEL

________________________________________

• • • • • • • • • •

_________________________________________

le tic)?

hir PSP: _________________________________

mhir PSP: _________________________________

hir na cuideachta: _________________________

___________________________________

r Dhíreacha a íoc

íoc ó do chuntas líon isteach 1-5 ar an bhfoirm

a Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2

________________________________________

________________________________________

________________________________________

do Chuntais: ____________________________

d Máirt de gach mí i gcás síntiúis mhíosúil.

Conradh na Gaeilge.

ghnaigh ceann)

híonn sé i gceist agam an treoir seo a chur ar ceall.

den Scéim Dochair Dhírigh, ina mbíonn gach banc

a bheidh le híoc ó do chuntas má bhíonn an t-airgead cuí i do chuntas. uait, ó do chuntas gheobhaidh tú an

ar gairid ach nóta, i bhfoirm scríbhinne, a chur

Breandán Ó Cathasaigh Daithí Mac Cárthaigh Donnchadh Ó hAodha Íte Ní Chionnaith Julian de Spáinn P.T. Mac Ruairí Peadar Mac Fhlannchadha Nóirín Uí Cheallaigh Seán Ó Cionfhaola Seán Ó hAdhmaill

_________________________________________

Ní mór dó seo a bheith san áireamh i do chéad iarratas

3.8. Comhbhrón

______________ Dáta: ____ / ____ / ________

Cuimhnímid go speisialta ar na Conraitheoirí agus ar na Gaeil uaisle a fuair bás i rith na bliana: • (An tAth) Ciarán Ó Sabhaois • (An tAth) Gearóid Ó Donnchadha • (An tAthair) John V Ó Gallachóir • (An tSr) Déirdre Ní Dhuibhne • Bianca Ní Ghrógáin • Bríd Dennedy • Caitlín Breathnach • Caitlín Ní Chonchubhair • Caroline Mac Anna • Cathal Ó Feinneadha • Dean Mac Cearáin • Debbie Ferry (de Barra) • Diarmuid Ó Liathain • Donncha Ó Donnabháin • Dr Séamas Mac an tSaoir • Éamonn Mac Gheair • Eileen Joyce • Éilís Uí Dhálaigh • Joe John Mac Con An Iomaire

52

• Lasarfhíona Glendining • Liam Mac Cathmhaoill • Maighréad Mhic Cárthaigh • Máire Bale • Máire Mac Donncha • Máiréad Ní Chinnéide (Uí Mhaolfhabhail) • Marion Gunn • Mícheál Ó Floinn • Muriel de Brún • Nora Donoghue • Nóra Mac Philibín • Nuala Ní Chléirigh • Nuala Ui Annracháin • Pádraig Ó Tuathail • Pádraig Seosamh Ó Cruadhlaoich • Pádraigín Uí Mhíochain • Peig Ui Mhaicí • Ré Marnell • Róisín Duignan • Róisin Mhic Aogáin

• • • • • • • • •

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

Séamas Ó Maoilearca Seán Mac Sweeney Seán Ó Labhra Seosaimhín de Paor Seosamh Ó Drisceoil Tara Glibert Tomás de Bhulbh Tomás Ó Caoinnealáin Veronica Ó Broin

Cailleadh Cathal Ó Feinneadha, baill do Chraobh Bulfin, Timire Náisiúnta, agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge 1965-68 ar 5 Bealtaine 2015


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

4. Tuairisc na neagraíochtaí faoi scáth an Chonartha 4.1. tuairisc Seachtain na Gaeilge

Ráiteas Misin Is féile í Seachtain na Gaeilge a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear. Tugann an fhéile deis do gach uile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.

Scoileanna Foilsíodh Lámhleabhar na Scoileanna & Ógchlubanna i mí Eanáir 2016 agus cuireadh chuig níos mó ná 4,000 scoil é chun tacú leo imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a eagrú. Chun ról na Gaeilge in imeachtaí 1916 a chomóradh, beidh scoileanna ag glacadh páirte i bhFéile na Físe ar 15 Márta 2016. Coimisiúnaíodh dráma speisialta dar teideal An Filleadh le hAlan Titley mar chuid d’Fhéile na Físe agus beidh sé á léiriú ag buaiteoirí ár gcomórtas drámaíochta ar phríomhardán Amharclann na Mainistreach Luan Cásca, 28 Márta 2016.

Seachtain na Gaeilge 2016 Beidh féile na bliana seo ar siúl ó 1 - 17 Márta 2016 agus seolfaidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn Seachtain na Gaeilge mar chuid d’ArdFheis Chonradh na Gaeilge Dé hAoine, 26 Feabhra 2016. An Pobal Foilsíodh Lámhleabhar na Seachtaine i mí na Samhna 2015 chun tacú le grúpaí imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a eagrú. Foilsíodh leagan speisialta den lámhleabhar i gcomhar le Glór na nGael agus leis an gCumann Lúthchleas Gaeilge chun an fhéile a chur chun cinn i gclubanna CLG. Mar gheall ar mhaoiniú €40,000 ó Fhondúireacht Phobail na hÉireann, bhí ar ár gcumas scéim deontais a riaradh d’imeachtaí agus d’fheachtais phobail don fhéile, rud a chabhraigh go mór linn tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghrúpaí pobail ar fud an oileáin.

54

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2016: Seo Linn

Ambasadóirí Táimid an-sásta gurb iad an banna ceoil Seo Linn ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2016. Tá scéal an-dearfach le hinsint acu faoin gcaoi a ndeachaigh an Ghaeilge i bhfeidhm orthu agus faoin gcaoi ar thug an teanga neart deiseanna dóibh. Cuireann a dtacaíocht go mór le teachtaireacht spreagúil na féile agus íomhá dhearfach na Gaeilge.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Tacaíocht Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabhail leis na meáin as a gcuid tacaíochta don fhéile, go háirithe RTÉ, an Irish Daily Mail, na meáin Ghaeilge agus na meáin áitiúla. Chomh maith leis sin, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil lenár bpríomh-mhaoinitheoir, Foras na Gaeilge, agus gach eagraíocht a thug maoiniú nó urraíocht don fhéile i mbliana, go háirithe Fondúireacht Phobail na hÉireann, COGG, Údarás Craolacháin na hÉireann agus An Ciste Craoltóireachta Gaeilge. Buíochas Ba mhaith liom féin buíochas a ghabháil le Sinéad Ní Dhomhnaill, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge;

Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Ardú Feasachta & Ilmheán; bord stiúrtha Sheachtain na Gaeilge; foireann Chonradh na Gaeilge; foireann Uimhir 6; agus gach duine a thug cabhair agus tacaíocht dúinn san oifig agus ar an talamh i rith na bliana. Tá buíochas speisialta ag dul do gach duine, grúpa, eagras agus scoil atá ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge 2016. Go raibh míle maith agaibh! Brenda Ní Ghairbhí Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge 6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 +353 1 4757401 | snag@cnag.ie | www.snag.ie

Corpas Irisleabhar na Gaedhilge Ar fáil ar líne ó 22 Márta 2016 ar www.fng.ie Tionscnamh de chuid Foclóir na Nua-Ghaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2. Teil: +353-1-6090624 / Rphost: fng@ria.ie Maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chuid de Chomóradh 1916.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

39 19


Conradh na Gaeilge

40 87

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

4.2. tuairisc Ógras

Fís Ógras Go mbeadh an Ghaeilge mar theanga phobail ag daoine óga na hÉireann, agus go mbeadh an fhéinmhuinín agus an cumas acu a n-acmhainn a bhaint amach, agus a bheith lánpháirteach sa phobal trí mheán na Gaeilge. Pacáiste Drámaíochta Ógras Tar éis bliain a chaitheamh ag scríobh, ag leagadh amach, agus ag dearadh an phacáiste drámaíochta, cuireadh Saíocht an Spraoi i gcló i Meán Fómhair na bliana seo caite. Bhí ócáid againn i dTeach an Ard-Mhéara ar 28 Deireadh Fómhair 2015, áit ar sheol an tAire Joe McHugh TD an lámhleabhar go hoifigiúil. Tá ceardlanna ar siúl timpeall na tíre chun ceannairí na heagraíochta a oiliúint i gcúrsaí drámaíochta ó shin i leith.

Saíocht an Spraoi á sheoladh ag an Aire Joe McHugh ag Teach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath (Deireadh Fómhair 2015)

Forbairt Cláracha Le beagnach bliain anuas, tá foireann Ógras gafa le forbairt cláracha éagsúla don aos-óg. Ina measc tá Clár Sláinte Fhisiciúil, Clár Ceoil, Clár Timpeallachta, Clár Gaeilge agus Clár

Oideachas Forbartha dírithe ar One World Week. An sprioc atá againn ná go mbeidh na cláracha seo ar fáil do cheannairí Ógras chun cabhrú agus chun tacú leo leis an obair fhiúntach atá ar siúl acu sna clubanna ar fud na tíre. Dar ndóigh beidh ceardlanna agus traenáil leanúnach ar siúl do na ceannairí le cinntiú go dtuigeann siad conas na cláracha a úsáid leis na haoisghrúpaí éagsúla. TechSpace Tá dhá shuíomh/chlub roghnaithe faoi choinne an tionscnaimh TechSpace. An rud atá i gceist le TechSpace ná deis a thabhairt do dhaoine óga a bheith páirteach i gclár nó i dtionscnamh ina mbaineann siad úsáid as an teicneolaíocht ar bhealach cruthaíoch agus oideachasúil. Tá sé i gceist go mbeidh ná rannpháirtithe óga gníomhach agus gafa le teicneolaíocht i suíomh sábháilte ina bhfuil tacaíocht agus treoir ar fáil dóibh ón cheannaire nó ón áisitheoir. Cuireadh ríomhairí glúine, ceamara, agus trealamh eile ar fáil don dá ghrúpa agus tá tús curtha leis an obair. Tá súil againn an tionscnamh seo a leathnú amach ar ghrúpaí eile de réir a chéile, ag brath ar áiseanna agus spéis na mball. Polasaithe & Rialachas Tá obair leanúnach ar siúl ar pholasaithe éagsúla san eagraíocht. Chuireamar polasaí nua Cosaint Leanaí le chéile agus críochnófar na Treoirlínte Cosaint Leanaí go luath. Chomh maith leis sin, tá polasaithe á bhforbairt maidir

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

57


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

le húsáid na meán sóisialta, coimeád taifead, agus eile. Chomh maith leis sin uilig, tá Fochoiste Rialachais bunaithe ag an Choiste Stiúrtha le díriú isteach ar rialachas san eagraíocht agus le cinntiú go bhfuil Ógras ag cloí leis na dualgais uilig atá orainn mar eagraíocht. Buíochas Tá buíochas ag dul do Chathaoirleach agus do Choiste Stiúrtha Ógras a chabhraíonn an t-eagras a stiúradh agus a fhorbairt. Tá buíochas ag dul do cheannairí Ógras atá ag obair do dian dícheallach ar fud na tíre freisin. Táimid

fíor-bhuíoch do na dreamanna ar fad a chuireann maoiniú ar fáil d’obair na heagraíochta. Tá buíochas freisin ag dul d’fhoireann Ógras a oibríonn go díograiseach i rith na bliana agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le foireann Chonradh na Gaeilge as ucht a gcuid cabhrach agus tacaíochta i gcónaí. Maedhbh Ní Dhónaill Stiúrthóir Ógras 6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 +353 (0) 1 4751487 / eolas@ogras.ie / www.ogras.ie

4.3. tuairisc AN COIMISIÚN LE RINCÍ GAELACHA

Tá An Coimisiún Le Rincí Gaelacha (CLRG) gnóthach faoi láthair le hullmhúcháin d’Oireachtas Rince na Cruinne a bheidh á reáchtáil i nGlaschú i rith laethanta saoire na Cásca i mbliana. Beidh breis ‘s 6,000 damhsóir san iomaíocht i gcomórtais rince aonair agus rincí foirne ag deireadh mhí an Mhárta, agus táimid ag súil le 25,000 duine a bheith i láthair thar thréimhse ocht lá. Beidh Éirí Amach na Cásca 1916 á chomóradh againn le linn an Oireachtais i mbliana, ag cuimhneamh ar na leanaí a bhásaigh san Éirí Amach. Ina theannta sin, beidh dílseacht agus dúthracht laochra 1916 á comóradh sa chlár. Beidh ranganna Gaeilge agus ceoil á reáchtáil ag baill de Chonradh na Gaeilge in Albain i nGlaschú, agus beidh na preasráitis ar fáil as Béarla agus as Gaeilge. Tosaíonn an t-ullmhúchán do na damhsóirí chomh fada siar leis na hOireachtais ina réigiún féin. Imeachtaí iad seo ina cháilíonn na buaiteoirí 58

d’Oireachtas na Cruinne Tiocfaidh na hiomaitheoirí ó gach cúinne den domhan, le múinteoirí ag teagasc an rince i mbreis ‘s 33 tír anois. Tá An Coimisiún láidir sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, agus san Astráil le blianta anuas, agus tá múinteoirí againn san Afraic Theas chomh maith, ach táimid ag leathnú amach san Eoraip, sa Rúis, in Hong Cong, i Singeapór, sa Téabháin, i gCuáit, i gCatar, sa tSeapáin,

Damhsóirí Scoil Rince Mobhí (Na Sinsir): Kate Ní Loinsigh, Aedín Caverly, Sarah Campion, Caitlín Ní Chuana, Ella Cocoman, Eimear Nic Gearailt, Ciara Nic Liam, agus Aisling Ní Mhurchú.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

agus i Meicsiceo, sa Bhrasaíl agus san Airgintín i Meiriceá Theas le déanaí, agus tá múinteoir nua-cháilithe againn sa tSile freisin. Leanann ceachtanna Gaeilge ar aghaidh i gcónaí ag cruinnithe an Choimisiúin, agus tá na baill agus na múinteoirí ag múineadh Gaeilge bunúsaí ina ranganna féin ar fud an domhain. Bíonn ceachtanna do dhaoine ag bunagus meán-leibhéal Gaeilge mar aon le ceachtanna comhrá ar siúl ag gach cruinniú. Tá ag éirí thar barr leis na ceachtanna seo ós rud é go bhfuil sé leagtha amach againn sa chaoi agus nach mbeidh aon chruinniú eile ag teacht salach ar na ranganna seo. Beidh céilí mór á reáchtáil againn i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath chun Éirí Amach 1916 a chomóradh in Éirinn i ndiaidh na Cásca. Ár mbuíochas le Críona Ní Dhálaigh Uasal as cuidiú linn leis an bhfeachtas seo. Ó thosaigh Craobhacha Náisiúnta na hÉireann, tá comórtais Ghaeilge á reáchtáil mar chuid den chlár. Bronntar corn i gcuimhne ar Sheán Ó Dálaigh, ar Shéamus Mac Conuladh, ar Thomás Ó Fearcheallaigh agus ar Mhaitiú Ó Maoiléidigh d’aoisghrúpaí faoi 10, 13, agus 16, agus os cionn 16. Cuid den obair atá idir lámha againn faoi láthair ná ár láithreán gréasáin a fheabhsú, agus tá tús maith déanta againn le Gaeilge do na scrúduithe TCRG agus ADCRG a chur ar fáil air. Táimid ag obair anois chun an t-eolas ar fad a aistriú, agus beidh gach leathanach den ghréasán le fáil as Gaeilge amach anseo. Chomh maith leis sin, caitheadh a lán ama ar thaighde dár mBeartas ar

Chosaint Leanaí, atá, faoi dheireadh, tugtha suas chun dáta. Go dtí seo, tá grinnfhiosrúchan déanta ar gach múinteoir in Éirinn, in Albain, i Sasana, sa Bhreatain Bheag, agus sna Stáit Aontaithe.

Buaiteoirí an Chomórtais Ghaeilge (os cionn 16) ag Craobhacha Náisiúnta na hÉireann: Caitlín Simpson, Cathal Ó Braonáin, Colene Nee agus Colin Nee

Tháinig Julian de Spáinn chun cainte le baill an Choimisiúin anuraidh agus thug sé tráchtas spreagúil faoin dlúthcheangal idir an Conradh agus an Coimisiún. Mhúscail sé an spéis sa teanga i measc iad siúd a bhí i láthair, agus thug sé misneach don Choiste Gaeilge faoi stiúir Aedin Uí Mhaoiléidigh chun leanúint go fuinniúil chun tábhacht na teanga a threisiú sa Choimisiún. Braithimid uainn go mór Éilis Uí Dhálaigh, Iar-Uachtarán an Choimisiúin a cailleadh anuraidh. Bhí sí de shíor dílis don Ghaeilge, agus mhúscail sí bá agus grá don teanga sna baill eile. Amach seo, leanfaimid orainn chun an nasc idir an Ghaeilge agus lucht an rince a chaomhnú agus a threisiú. Orfhlaith Ní Bhriain-Uí Ruairc ADCRG Aedín Uí Mhaoiléidigh ADCRG An Coimisiún Le Rincí Gaelacha www.clrg.ie

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

59 19


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

5. tuairisc clódhanna teo.

Clódhanna Teoranta Is iad na príomhghníomhaíochtaí atá idir lámha ag Clódhanna Teo ná: • Feasta a fhoilsiú • An Siopa Leabhar a reáchtáil Feasta Foilsítear Feasta go míosúil agus taobh amuigh den ghnáthdhíolaíocht trí shiopaí agus trí shíntiúsóirí. Tá deontas ó Fhoras na Gaeilge á fháil, mar chuid de dheontas an Fhorais do Chonradh na Gaeilge, chun cuid na gcostas ar an iris a ghlanadh. Is é Pádraig Mac Fhearghusa an tEagarthóir agus tá sé ag cur feabhais leanúnaigh ar leagan amach agus ar úsáid dathanna san iris.

An Siopa Leabhar Is gnó tábhachtach é An Siopa Leabhar agus é ag freastal ar phobal na Gaeilge agus ar fhoilsitheoirí litríocht na Gaeilge mar aon le breis agus 40 bliain. In ainneoin na foirne bige de bheirt, tá an siopa ar oscailt sé lá sa tseachtain, agus tá gach earra ar fáil ar-líne don domhan mór ar www.cnagsiopa.com. Glacann an Siopa le horduithe ó chustaiméirí aonair, scoileanna, ollscoileanna, agus leabharlanna i rith na bliana go léir. Tá láthair scóipiúil ag an Siopa, suite i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2,

Póstaer Comóradh 1916 ar fil sa Siopa Leabhar

agus tá foireann óg ach sár-eolach ar chúrsaí litríocht na Gaeilge ag feidhmiú ann. I mbliana, mar a bhí anuraidh, bhí An Siopa Leabhar lánpháirteach san fheachtas margaíochta Leabhra Feabhra. Bhí sé mar sprioc ag an fheachtas go mbeadh leabhair Ghaeilge á gceannach ag daoine chun bronnadh ar a chéile ar Lá Fhéile Bríde. Labhair bainisteoir an tSiopa le Cormac Ó hEadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chun cur síos a dhéanamh ar na 10 leabhar is mó díol a bhí ag an Siopa ag an am agus chun próifíl ghinearálta an tSiopa a ardú. Tá feachtais mar iad thar a bheith tábhachtach don Siopa mar spreagann sé níos mó daoine dul i mbun léitheoireacht Ghaeilge. Buíochas Tá An Siopa Leabhar buíoch don bhord bainistíochta as an obair ar fad atá déanta acu le bliain anuas. Cillian de Búrca Bainisteoir, An Siopa Leabhar +353 1 478 3814 siopa@cnag.ie www.cnag.ie/siopa

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

61 19


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

6. TuairiscÍ Ó na Tograí 6.1. Tuairisc An Clár as Gaeilge

Is í príomhaidhm An Clár As Gaeilge ná labhairt na Gaeilge a neartú sa chontae agus seirbhísí teanga cuí a fhorbairt chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge. Is togra páirtnéireachta pobail é An Clár as Gaeilge Teoranta atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Inis, agus atá á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge. Tá an togra bunaithe le 15 mbliana anuas agus feidhmíonn sé as oifig bhuan in Inis le hOifigeach Forbartha agus Cúntóir Oifige fostaithe le clár gníomhaíochta a chur i bhfeidhm. Spriocanna Straitéiseacha 1. Stádas na Gaeilge sa chontae a neartú 2. Pobal na Gaeilge a spreagadh 3. Infheictheacht na Gaeilge a láidriú 4. Comhpháirtnéireacht le heagrais eile sa cheantar 5. Tacú le turasóireacht chultúrtha Chun na spriocanna seo a bhaint amach, seo cuid de na himeachtaí a cuireadh i gcrích i gCo. an Chláir ó Ard-Fheis 2015: Imeachtaí Cultúrtha • Féile Scoildrámaíochta ar a bhfreastalaíonn bunscoileanna agus iarbhunscoileanna an chontae • Ba í Féile na hInse an fhéile teanga is mó sa cheantar i mbliana agus 33 mbliana a bunaithe á gceiliúradh againn in 2016. Ghlac breis agus

Féile Leabhar na Nollag

2,000 duine óga páirt i mbreis agus 100 imeachtaí trí mheán na Gaeilge • Tá a lán imeachtaí á n-eagrú i gcomhar le Comhairle Contae an Chláir, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, agus eagrais phobail eile mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2016 ar fud an chontae • Chuir An Clár As Gaeilge ranganna Gaeilge ar thrí leibhéal ar fáil mar chuid de Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Willie Clancy i mbliana freisin • Cúl-Chaint atá mar theideal ar an gclár seanchais agus nuachta ar Clare FM le Domhnall Ó Loingsigh gach Satharn ar 9.00rn. Tuilleadh eolais: donal@clare.fm Oideachas Sa bhreis ar na ranganna Gaeilge ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, eagraíodh ranganna Gaeilge ag trí leibhéal (bunleibhéal, meánleibhéal agus cainteoirí) i gCois na hAbhna i Lárionad Réigiúnda Chomhaltas Ceoltóirí Éireann tríd an mbliain. D’fhreastail suas le 70 duine orthu agus mar thoradh ar an mór-éileamh a bhí ar na ranganna i mbliana, tá ceithre leibhéal á mbeartú don bhliain amach romhainn.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

63 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Féile Leabhar na Nollag

Imeachtaí Óige • Is campa samhraidh do pháistí bunscoile ó rang 3 – 6 bunaithe ar ghníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge é Scléip an tSamhraidh agus freastalaíonn suas le 120 páiste air gach bliain • Reáchtáladh Comórtas Óráidíocht Phoiblí Iarbhunscoile do scoileanna an chontae, arna eagrú i gcomhar le Comhairle Baile na hInse le duaiseanna de pháirtscoláireachtaí Gaeltachta Comhoibriú leis an bPobal • Eagraítear Féile Leabhar na Nollag - 5 lá d’imeachtaí i lár na hInse – mar chuid d’fheachtas díolacháin leabhar Gaeilge agus cártaí tráth na Nollag gach bliain • Rinne An Clár As Gaeilge ionadaíocht ar Choiste Logainmneacha an Chláir, coiste comhairliúcháin do Chomhairle Contae an Chláir, leis an nGaeilge a chur chun cinn in ainmniú eastáit tithíochta, bóithre agus ceantair sa chontae

64

• Bhuaigh Bia agus Caife Gradam Gaeilge an Chláir de chuid An Clár As Gaeilge, gradam bliantúil atá dírithe ar an earnáil tráchtála agus a bhronntar ar an gcomhlacht a dhéanann an obair is mó leis an nGaeilge a chur chun cinn ina réimse oibre. Mar thoradh air seo, beidh níos mó Gaeilge le feiceáil agus le cloisteáil i gcroílár na hInse agus ar fud an chontae • Bhuaigh An Clár as Gaeilge duais Chonradh na Gaeilge i gComórtas Ghlór na nGael 2014 • Rinneadh forbairt ar an mórthionscnamh Inis Dom, togra chun siopadóireacht i nGaeilge a chur chun cinn in Inis, le imeachtaí éagsúla á rith 2015. Dá bharr, tá an Ghaeilge le feiceáil agus le chloisteáil ina lán gnólachtaí sa bhaile i láthair na huaire agus táimid ag súil le níos mó a thabhairt linn ón earnáil trádála amach anseo • Táimid ag súil go mór le Gaeilge a chloisteáil agus a fheiceáil le linn Fhleadh Cheoil na hÉireann i mí Lúnasa freisin Breandán Mac Fhionnghaile Oifigeach Forbartha, An Clár As Gaeilge 5 Ardán Naomh Antaine, Inis Co an Chláir +353 (0)65 6864474 clarasgaeilge@eircom.net

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

6.2. tuairisc GAEL-FHORBAIRT NA GAILLIMHE

Bhí bliain rathúil eile ag Áras na nGael, Áras an Chonartha i gCathair na Gaillimhe. Cuireann an tÁras réimse seirbhísí agus eolas faoin nGaeilge ar fáil don phobal i gcoitinne agus do Chraobhacha Chonradh na Gaeilge. Bíonn ranganna Gaeilge, ranganna sa cheol traidisiúnta, damhsa, drámaíocht, ceardlanna, agus go leor imeachtaí eile ar bun againn i rith na bliana. Is í an phríomhaidhm atá againn an cultúr agus an teanga a chur chun cinn i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Comhordú Sheachtain na Gaeilge 2015 Bhí Clár Sheachtain na Gaeilge 2015 lán le himeachtaí éagsúla i mbliana. Idir cheardlanna, airneán, oíche ghrinn, oíche scannán, shiúlóidí, sheó tallainne agus a leithéid, bhí imeacht ar siúl le haghaidh gach aoisghrúpa. Bhí neart ceoil de gach saghas le cloisteáil ar fud an chontae, agus siamsaíocht leanúnach ar fáil i gClub Áras na nGael le linn an cheiliúrtha. Comhordú Ranganna Gaeilge Eagraíodh idir ranganna agus dhianchúrsaí Gaeilge in Áras na nGael i gcaitheamh na bliana. Tá éileamh ar na ranganna go dtí seo agus formhór na rannpháirtithe ag clárú le haghaidh na ranganna tríd an suíomh idirlín ag www.cnag.ie. Bíonn na cúrsaí seo a leanas á reáchtáil againn i rith na bliana: • Ranganna Gaeilge ó Thosaitheoirí go hArdleibhéal • Cúrsa ullmhúcháin le haghaidh Scrúdú Béil na hArdteiste • Dianchúrsa an tSamhraidh • Dianchúrsa Ullmhúcháin Gaeilge

d’Agallamh na gCúrsaí Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht • Cúrsa do Mhúinteoirí Bunscoile • Ranganna Damhsa (Daoine Fásta agus Páistí) Campaí Samhraidh D’éirigh thar barr leis na Campaí Samhraidh Gaeilge arís an bhliain seo caite. Tá móréileamh ar na campaí i gcónaí mar go gcuireann siad siamsaíocht agus oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá siad dírithe ar pháistí idir 7 agus 14 bliain d’aois agus úsáidtear ceol, drámaíocht agus ealaín mar aon le ranganna Gaeilge chun cabhrú leis na páistí barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus í a chur chun cinn. Bhí na campaí ar siúl i 10 n-ionad éagsúla ar fud Chontae na Gaillimhe i 2015. D’fhreastail slua mór ar na campaí uile agus tá muid ag oibriú le dhá champa a chur leis an gclár don samhradh seo. Chomh maith leis sin, bhí coláiste samhraidh á reáchtáil againn den chéad uair le haghaidh daltaí dara leibhéal i bPobalscoil Phort Omna. Club Áras na nGael Tá Club Áras na nGael á reáchtáil againn mar lárionad siamsaíochta i gCathair na Gaillimhe. Cuirtear réimse leathan imeachtaí ar fáil ann trí Ghaeilge. Bíonn Ranganna Damhsa ar an Sean Nós, Oíche na bhFoghlaimeoirí, Oíche na Mac Léinn, Oíche Chártaí, Ceol Traidisiúnta agus imeachtaí sóisialta éagsúla ar siúl sa Chlub gach seachtain. Bíonn muid ag comhoibriú le grúpaí agus le heagraíochtaí le linn na bliana chun imeachtaí a chur ar fáil ann don phobal.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

65 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Comhoibriú a Chothú le hImeachtaí Gaeilge Bíonn teagmháil againn go rialta le grúpaí agus le heagraíochtaí Gaeilge timpeall Chathair agus Chontae na Gaillimhe. Bíonn muid ag comhoibriú le grúpaí leis an nGaeilge a chur chun cinn aon bhealach ar féidir. Tá caidreamh leanúnach againn leis na meáin freisin; tá muid ag obair le Galway Bay FM ar thogra nua ina mbeidh míreanna Gaeilge á gcraoladh trí ghnáthsceideal ar chláir an stáisiúin. Anuas air sin, tá an colún seachtainiúil Lár Sráide againn sa Galway Advertiser a chuirtear amach ar fud an chontae agus na cathrach.

Tá súil againn cur leis an méid oibre atá déanta ón Ard-Fheis agus tuilleadh forbartha a dhéanamh i rith na bliana seo amach romhainn. Peadar Mac Fhlannchadha Rúnaí Comhlachta, Togra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe Áras na nGael 45 Sráid Doiminic Gaillimh +353 (0)91 567824 / gaillimh@cnag.ie www.arasnangael.ie

6.3. Tuairisc Gaeilge locha riach

Is é Má tá Gaeilge agat, labhair í manna bhord stiúrtha Ghaeilge Locha Riach i gcónaí. Feidhmíonn an eagraíocht i limistéar fairsing go leor mórthimpeall ar Bhaile Locha Riach, baile a bhfuil marglann bheostoic ann agus atá i gcroílár ceantar tuaithe: chomh fada soir le Béal Átha na Slua; chomh fada ó dheas le Port Omna, Gráig na Muilte Iarainn, Sliabh Eachtaí, Port Omna, Gort Inse Guaire; chomh fada siar le hUarán Mór; agus chomh fada ó thuaidh le Baile Átha an Rí. Tá an eagraíocht i gcónaí ag comhoibriú le grúpaí éagsúla taobh istigh agus taobh amuigh den limistéar seo; gach uile aoisghrúpa agus cineál duine, le grúpaí pobail agus gnó, leis na húdaráis áitiúla agus stáit. Tá obair ar leith déanta chun sóisialú trí Ghaeilge a chothú i measc an aosa óig, idir thacaíocht do chlubanna óige, scoláireachtaí chun na Gaeltachta a bhronnadh ar thréimhse oibre, agus dhúshláin léitheoireachta a chruthú.

66

Tá club fichille Ridirí na nÓg againn a thagann le chéile ar bhonn seachtainiúil. Bíonn clinic obair baile ar siúl i ndiaidh na scoile uair sa tseachtain fosta. Eagraíodh ceiliúradh d’fhéilte náisiúnta agus idirnáisiúnta, Oíche na Féile Bríde, Lá Idirnáisiúnta na Leabhar, Lá Idirnáisiúnta na mBan, Lá Fhéile Pádraig agus an tSeachtain Oidhreachta i gcaitheamh na bliana seo caite. Bhíomar páirteach i Lá Díospóireachta na nGael-bhunscoileanna agus bhí baint dhíreach againn le trí champa samhraidh do leanaí bunscoile, dhá champa seachtaine do leanaí á dtógáil le Gaeilge, agus ceann coicíse a bhí oscailte do chách. Tá obair mhór á déanamh i gcomhar le teaghlaigh sa cheantar ina bhfuil tuismitheoir amháin ar a laghad ag labhairt Gaeilge sa bhaile. D’eagraíomar grúpaí a bhí páirteach in imeachtaí móra na bliana cosúil le Comhrá ‘15 agus neart eile. Sheolamar

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

grúpa d’fhoghlaimeoirí fásta chuig an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh. Ghlacamar scoláirí ar thaithí oibre ó na meánscoileanna áitiúla i rith na scoilbhliana agus tháinig scoláirí eile chugainn ar thaithí oibre i rith an tsamhraidh chun díol as scoláireachtaí chun na Gaeltachta.

Ranganna Gaeilge faoi lánseol ag Gaeilge Locha Riach in Oirthear na Gaillimhe

D’éirigh thar cionn leis an tionscadal Abair Amhrán, cóir ollmhór de 250 scoláire ó seacht mbunscoil ag rá amhráin Ghaeilge i mbéal an phobail le tionlacan ceolfhoirne. Seo leanaí nach mbíonn deis ar bith acu na hamhráin sheanaitheanta Ghaeilge seo a fhoghlaim murach an t-imeacht seo. Tarlaíonn Féile Raifteirí gach bliain fosta agus is mór-cheiliúradh é ar shaol agus ar shaothar an fhile. Tá Gaeilge Locha Riach páirteach i bhféilte i gcomhar le grúpaí eile, Scoil Cheoil an tSamhraidh mar shampla, agus Slógadh Eachtaí, ócáid ag a ndéantar gach gné d’oidhreacht agus de stair phobal tuaithe a cheiliúradh in áit úr gach bliain. Tá gné dhátheangach ag baint leis seo le roinnt blianta anuas.

Tá ionad buail isteach, oifig riaracháin, siopa beag, agus leabharlann mar aon le seomraí cruinnithe agus ócáide ag Gaeilge Locha Riach. Cuirtear réimse seirbhísí ar fáil do mhuintir Oirthear na Gaillimhe ón ionad seo. Dírítear cuid mhaith ar ghrúpaí pobail, ar eagraíochtaí gnó, agus ar na húdaráis áitiúla chun gnéithe Gaelacha a chur chun cinn ina gcuid imeachtaí, agus chun comhoibriú cultúir i leith na Gaeilge a chinntiú a mhéid agus is féidir. Sprioc ar leith atá ann taithí a thabhairt do leanaí ar an teanga lasmuigh de Sheachtain na Gaeilge agus chun deis a thabhairt dóibh taitneamh a bhaint as an Ghaeilge i gcoitinne. Tá baill an bhoird stiúrtha páirteach i ngrúpaí ar leith sa cheantar, rud a fhágann go bhfuil éisteacht á fáil de réir a chéile ó áiteanna éagsúla, agus ó na húdaráis áitiúla go háirithe. Déantar iarracht fosta gearáin oifigiúla a dhéanamh maidir le héagothroime ar bith a mhothaítear i leith comhfhreagras nó teagmháil i nGaeilge leis na húdaráis áitiúla. Níl ansin ach blaiseadh den mhéid atá ar siúl sa cheantar, dar ndóigh, bíonn ciorcail comhrá is neart eile ar siúl ar bhonn rialta fosta. Marcas Ó Siadhail Oifigeach Forbartha Ghaeilge Locha Riach 3 Seanbhóthar na Gaillimhe Baile Locha Riach Co. na Gaillimhe www.lochariach.com +353 (0)91 870718

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

67 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

6.4. Tuairisc scéim an aonaigh

Is chuig Dún Mhuire, Áras Chonradh na Gaeilge ag 50 Sráid an Phiarsaigh ar an Aonach a thagann daoine ar suim leo an Ghaeilge, iad siúd go mbíonn cabhair uathu sa Ghaeilge, nó go mbíonn eolas uathu faoi imeachtaí difriúla. Chun deis a thabhairt don phobal Gaeilge a chloisteáil, a fhoghlaim, nó a labhairt, eagraítear ranganna, léachtaí ar ábhair litríochta agus staire, oícheanta le ceol agus filíocht, agus maidineacha caife seachtainiúla do dhaoine fásta go tráth rialta i rith na bliana. Bhí sár-oíche cheoil agus amhránaíochta san Aonach leis an Boruma Trio níos luaithe sa bhliain – bhí Eileen O’Brien ar an bhfidil, Andrew Mc Namara ar an mbosca ceoil, agus An Dr Geraldine Cotter ar an bpianó agus ar an bhfeadóg stáin. Chualamar Foinn agus Filíocht leis an Dr Louis de Paor, file, agus Lisa Ní Choisdealbha ar an bhfidil níos déanaí sa bhliain. Tá an-éileamh timpeall na tíre ar chomhrá Gaeilge faoi láthair - áit a dtagann comhluadar le chéile chun Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt. Bíonn grúpa mar sin ag buaileadh le chéile i gCaiseal, i gCarraig na Siúire agus i nDurlas gach seachtain. San Aonach, buailimid le chéile maidin Chéadaoin i gcaifelann ar an mbaile. Thug lucht na cainte turas lae chuig Cluain Mhic Nois sa samhradh, áit ar tugadh turas na háite dóibh i nGaeilge. Tagann páistí óga le chéile gach maidin sa Naíonra Ríocht na nÓg ag Cúl an Tí. Foghlaimíonn siad an Ghaeilge trí spraoi agus spórt. Bhí picnic acu lena dtuismitheoirí i bPáirc an Chaisleáin i bpáirt le Glór na nGael i mí na Bealtaine.Eagraíodh Campa Spraoi do pháistí idir 3 agus 6 bliana d’aois 68

ar feadh seachtaine sa samhradh chomh maith. Buaileann páistí óga bunscoile le chéile i

Amanda Nic Chnáimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge, le hÉilís Uí Thuathaigh agus Natasha Shoer, Stiúrthóir agus Cúntóir sa Naíonra Ríocht na nÓg ag Cúl an Tí ag Dún Mhuire ar an Aonach

gClub na nÓg gach Aoine. Eagraíodh Cúrsa Samhraidh coicíse do pháistí bunscoile i mí Iúil, agus Coláiste Samhraidh do dhéagóirí i mí an Mheithimh chomh maith le scoláireachtaí chun na Gaeltachta. Dar ndóigh eagraítear an iliomad comórtas don óige le linn Fhéile an Aonaigh agus Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta agus tagann daltaí ó na hiarbhunscoileanna i nDurlas, i mBuiríos Uí Chéin, agus i Ros Cré chun an Aonaigh san fhómhar le dul san iomaíocht le chéile in óráidíocht, díospóireachtaí agus tráth na gceist. Bímid ag comhoibriú le Gaelscoil Aonach Urmhumhan, Comhaltas Ceoltóirí Éireann (go háirithe le Fleadh Cheoil na Mumhan), An Cumann Tráchtála agus An Comhairle Contae chun cúrsaí na & a chur chun cinn. Eagraítear Dúchas: Éigse do Thiobraid Árann i gcomhar leis an gCoiste Contae den Chonradh go bliantúil. Bhíomar páirteach san Oíche Chultúir i mbliana agus léirigh Aisteoirí an Aonaigh an dráma Cogar sa Pháirc ar an Aonach agus i Luimneach i gcomhar leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta. Bíonn éileamh maith ar na ranganna, ar na himeachtaí do dhaoine fásta agus do na

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

daoine óga i rith na bliana chun an Ghaeilge a labhairt agus a bhuanú mar theanga lárnach sa phobal. Táimid an-bhuíoch do Kim Ní Mhaolchatha a bhí mar Oifigeach Forbartha Gaeilge san oifig i nDún Mhuire ar feadh cúig bliana go dtí mí na Samhna buíochas le Scéim Phobail an Fhorais. Anois cuirimid fáilte roimh Amanda Nic Chnáimhín atá anois mar Oifigeach Forbartha Gaeilge ó mhí Eanáir 2016.

Buail isteach chuici! Amanda Nic Chnáimhín Oifigeach Forbartha Gaeilge, Scéim an Aonaigh Dún Mhuire, 50 Sráid an Phiarsaigh, An tAonach, Co. Thiobraid Árann. +353 (0)67 41570 www.cnagantaonach.ie cnagantaonach@gmail.com

6.5. tuairisc TOGRA MHAIGH EO

Is í Brídín Ní Cheallaigh Oifigeach Feidhmiúcháin Thogra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge. Tá oifig an Togra lonnaithe i Sráid Ellison i gCaisleán an Bharraigh agus é á riaradh mar oifig eolais don phobal. Is áit í a mbíonn fáil ag an bpobal uile ar eolas cuimsitheach faoi gach rud a bhaineann le saol na Gaeilge, scéimeanna tacaíochta, agus eile, agus tá sé dírithe ar phobal na Gaeilge agus ar phobal an Bhéarla araon. Tá ár gcuid oibre dírithe ar Chontae Mhaigh Eo ar fad. Díríonn muid go speisialta ar cheantair Ghalltachta ach tríd an gceangal láidir atá againn sa Chóiste Dúiche le craobhacha Chonradh na Gaeilge sa chontae, éiríonn linn go leor a dhéanamh. Oibríonn muid leis na ceantair uirbeacha go háirithe agus tá ceangal láidir againn le ceantair cosúil le Caisleán an Bharraigh, Clár Chlainne Mhuiris, Béal an Átha, Cathair na Mart, Baile an Róba, agus Béal Átha na Muice. Is tríd na bailte sin a dhéanann muid ceangail leis na ceantair tuaithe. Tá sé de pholasaí againn sa Togra comhoibriú le heagraíochtaí Gaeilge eile ar fud an chontae freisin. Chuir muid tús leis an mbliain le sraith de ranganna Gaeilge i gCaisleán an Bharraigh, agus chuir muid ranganna ar siúl i mBéal an Átha, i gCaisleán an Bharraigh, agus i gClár Clainne Mhuiris san fhómhar. Bhí freastal an-mhaith or-

Séan Ó Gallchobhair lena bhean Máire agus Gary Hastings

thu. Bhí Seoladh Sheachtain na Gaeilge ar siúl againn in Óstán an Welcome Inn i gCaisleán an Bharraigh ar 18 Feabhra 2015 agus is í Freda Nic Giolla Chatháin as Gnó Mhaigh Eo a rinne an seoladh dúinn. Bhí oíche den scoth i gceist leis an seoladh; bhí suas le 100 imeacht éagsúla luaite ar an gclár agus d’éirigh thar barr le Seachtain na Gaeilge i Maigh Eo i 2015. Bhí dhá champa samhraidh againn i 2015: ceann i gCaisleán an Bharraigh agus an ceann eile i gClár Chlainne Mhuiris. D’éirigh go maith leo i mbliana, áit go raibh thart ar 70 páiste ag freastal orthu. Leagamar béim arís i mbliana ar chlubanna scoile a bhunú i mbunscoileanna éagsúla ar fud an chontae. Cuireadh 10 gclub scoile ar bun le linn 2015 agus de réir na dtuairiscí ar fad, d’éirigh go maith leo. Ní dhearna muid dearmad ach an oiread ar an bhFéile Scoildramaíochta 2015 a bhí ar siúl againn do scoileanna an chontae ar 18 Feabhra 2015 freisin. D’eagraigh muid Féile Chontae Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh agus ghlac 6 scoil páirt inti. Bhí Fleadh Mhaigh Eo á reáchtáil i mBéal Átha na Muice ar 6 - 10 Bealtaine 2015. Chuir

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

69


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

muid seó puipéid ar siúl do na scoileanna agus d’fhreastail slua mór ar an ócáid seo. Bhí Seomra Gaeilge againn chomh maith, áit go raibh eolas ar fáil faoi chúrsaí Gaeilge agus eile. Ghlac 100 páiste páirt sa chrannchur a chuir muid ar siúl freisin. D’eagraigh muid Fleadh na nÓg i gColáiste Dhaibhéid ar 28 Bhealtaine 2015 chomh maith. Reáchtáil muid comórtais cheoil, comórtais drámaíochta, agus comórtais aithris dánta. D’fhreastail thart ar 150 dalta ar an ócáid. Tugann sé sin spreagadh do na daltaí a gcuid Gaeilge a úsáid ag deireadh na scoilbhliana. Bíonn Ciorcal Léitheoireachta ar siúl againn uair sa mhí agus bíonn deis ag daoine leabhar Gaeilge a léamh agus ansin plé a dhéanamh ar an leabhar le chéile. Bhí seimineár ar siúl againn in Óstán Breaffy Woods ar an Satharn, 23 Bealtaine 2015, agus ba é Béaloideas Mhaigh Eo téama an tseimineáir. Bhí cainteoirí cosúil le Séamas Ó Catháin, Seán Mhaidhcí Ó Gallachóir, Fiachra Mac Gabhann, agus Seosamh Ó Broin againn ar an oíche. Ba é Colmán Ó Raghallaigh a bhí mar fhear an tí don ócáid, agus bhí deis ag daoine ceisteanna a chur ag an deireadh agus cúrsaí a phlé. D’fhreastail thart ar 40-50 duine ar an ócáid. D’eagraigh muid Comórtas Amhránaíochta in Óstán an Welcome Inn ar 28 Samhain 2015. D’éirigh go maith leis agus bhí scoláirí as ceithre airde an chontae ag glacadh páirte ann. Tá craobhacha de Chomhaltas Ceoltoirí Éireanna ar fud Mhaigh Eo agus cabhraíonn muid leo chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí chomórtais a reáchtáil agus trí chomhoibriú leo maidir le Fleadh Mhaigh Eo a reáchtáil, mar shampla trí sheomra Gaeilge a chur ar fáil, imeachtaí Gaeilge cosúil le seó puipéid as Gaeilge a chur ar siúl, srl. Tá an t-ádh linn go bhfuil eagraíochtaí Gaeilge eile sa chontae, mar shampla Gnó Mhaigh Eo a bhfuil sé mar 70

sprioc acu an Ghaeilge a chur chun cinn i ngnólachtaí ar fud Mhaigh Eo. Tá comhoibriú fíormhaith ar siúl eadrainn. Tógfar ar an Scéim Oscail an Doras a sheol Mícheál Ó Muircheartaigh i gClár Chlainne Mhuiris chun labhairt na Gaeilge i siopaí agus in áiteanna poiblí a mhéadú amach go bailte eile. Is é Caisleán an Bharraigh an chéad sprioc eile. Tá muid ag obair go dlúth le Gnó Mhaigh Eo ar phleanáil na scéime sin faoi láthair agus súil againn go mbeidh breis agus 20 gnólacht páirteach sa scéim. Leathnófar an scéim go Cathair na Mart agus go Béal an Átha ansin. Tá comhoibriú rialta againn le hOifigeach Gaeilge Chontae Mhaigh Eo freisin. Déanann muid gach iarracht cabhrú leis an Oifigeach trí phoiblíocht a thabhairt d’imeachtaí Gaeilge agus do scéimeanna Gaeilge na Comhairle Contae. Lean muid ar aghaidh leis an scéim Is Leor Beirt agus le cúpla ciorcal cainte i mbliana, agus chabhraigh muid le féilte áitiúla an chontae cosúil le Croí Chaisleán an Bharraigh. Bhí léacht againn in Óstán an Welcome Inn ar 19 Samhain 2015, áit ar labhair an tUrramach Gary Hastings – a rugadh i mBéal Feirste agus é mar reachtaire ar Eaglais Naomh Nioclás i nGaillimh anois – agus a bhean, Caitríona Hastings as Tír Eoghain. Bíonn Caitríona ag teagasc Gaeilge agus béaloidis in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Mhaigh Eo. Níl aon dabht faoi ach gur mhór an cuidiú an Togra do chur chun cinn na Gaeilge i gContae Mhaigh Eo. Bhí bliain iontach againn in 2015. Brídín Ní Cheallaigh Oifigeach Feidhmiúcháin, Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. eolas@conradhmhaigheo.ie

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

7. Ainmniúcháin do na Toghcháin IARRTHÓIR Don UACHTARÁNACHT 1. Ó Cearbhaill, Cóilín Is Uachtarán reatha an Chonartha é Cóilín agus é ina bhall den Choiste Gnó, den Bhuanchoiste agus de Choiste Náisiúnta an Oireachtais. Tá sé gníomhach i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá sé ina stiúrthóir ar Rith Teoranta agus ar Ghlór na nGael Teoranta chomh maith. IARRTHÓIRí Don CHOISTE GNÓ Ó NA CRAOBHACHA (Dáréag le toghadh) 1. Aedraen Ó Dubhghail, Craobh Cuallacht Cholmcille, Má Nuad Mac Léinn iarchéime is ea mé in Ollscoil Mhá Nuad, a bhfuil ag tabhairt faoi chéim M.Litt. Is faoi dhisciplín shochtheangeolaíocht na Gaeilge a mbaineann mo chuid taighde. Chaith mé seal mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge in AMLÉ agus roimhe sin bhí mé mar Oifigeach na Gaeilge in Aontas na Mac Léinn Mhá Nuad, áit ar stiúir mé feachtas i gcoinne Údarás na hOllscoile i leith Chearta na Gaeilge. Bhain an feachtas seo aitheantas náisiúnta amach faoi dhó. Sílim go dtabharfainn glór láidre ciallmhar do dhaoine óga ar an gcoiste. 2. Aodan Ó Coileáin, Craobh Bhréanainn Aodán Ó Coileáin – Iarchéime Scoil Neasáin, Coláiste Mhuire, Ollscoil Wolverhampton agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Údar, drámadóir, dearthóir grafach, táirgeoir na meáin dhigiteacha ó 2000. Déantóir agus eagarthóir scannán oidhreachta agus ceartas sóisialta (2000-2011). Aisteoir oilte agus iarchéime Scoil Gaiety (2011-2013), roimhe seo le feiceáil i scannáin gné, gearrscannáin agus léiriúcháin amharclainne i Smock Alley agus New Theatre. Comhairleoir na meáin shóisialta / margaíocht dhigiteach ó 2015. Lean ar Twitter: @aidanjcol

72

3. Aodhán Ó Deá, Craobh na nGael Óga Oifigeach na Gaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn 2009 - 2011. As Baile Átha Cliath dó, tagann a shuim i gcúrsaí Gaeilge ó Choláiste na bhFiann agus ó Chumann Gaelach Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath a athbhunú. Bhí sé ina Oifigeach Gaeilge agus Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn i gCOBÁC. Tá sé ag obair mar Stiúrthóir Forbartha / Leas-Ardrúnaí Eagraíochta le bliain anuas agus tá se i mbun tionscadail éagsúla le hioncam an Chonartha a mhéadú. Tá sé ag obair ar an bhFéile cheoil Ravelóid i measc go leor feachtais eile faoi láthair. 4. Cathal Ó Murchú, Craobh Bhreandáin Uí Bheacháin 5. Celine Ní Chóchlaigh, Craobh Uí Icí Tá blianta fada caite ag Celine ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus tá sí anghníomhach i gcúrsaí an Chonartha i dTiobraid Árann Theas. Is iar-mhúinteoir scoile í agus tá an-suim aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais. 6. Clodagh Ní Éilí, Cumann Gaelach, Coláiste Phádraig Is mac léinn BOid3 i Clodagh Ní Eilí a fhreastlaíonn ar Choláiste Phádraig. Tá sí ina Oifigeach Gaeilge agus mar chathaoirleach ar an gCumann Gaelach ann i mbliana. Bíonn ócáidí agus oícheanta sóisialta, ceardlann agus ranganna Gaeilge i bhfoirm foghlaim phiarchuidithe i measc cuid de na himeachtaí a bhíonn á eagrú aici. Tá an-spéis aici i stádas agus dul chun cinn na teanga. Oibríonn Clodagh i gColáiste Lurgan chuile shamhradh, ag múineadh agus ag tabhhairt tacaíochta do dhaltaí atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Bhí Clodagh ar an gclár Cormac ag a Cúig ar Raidió na Gaeltachta anuraidh ag plé an Ghaeilge sna coláistí oiliúna, an t-éileamh atá ann do a thuilleadh acmhainní Gaeilge d’ábhar oidí agus an ceart atá ag mic léinn cuid de na hábhair oideachais a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

7. Íte Ní Chionnaith, Craobh Chumann Gaelach Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Is Iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge í Íte (1985-1989) atá gníomhach in anchuid gnéithe d’obair an Chonartha ó 1968 i leith. Is í seo an 45ú Ard-Fheis as a chéile di. D’fhreastail sí ar gach Ard-Fheis ó 1970, gan ceann ar bith a chailliúint. Chaith Íte tréimhse mar Thánaiste, mar Chathaoirleach ar an Oireachtas, mar Eagarthóir ar Feasta agus chaith sí 7 lá i bPríosún Mhuinseo i 1977 mar chuid d’fheachtas teilifíse an Chonartha, an chéad duine as 15 a cuireadh i bpríosún mar chuid d’fheachtas na gCeadúnas Teilifíse. Tá sí ar scor anois óna post mar Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na Meán, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ach tá sí beo beathach i gcónaí. Bíonn sí páirteach i gláracha éagsúla raidió agus teilifíse, ag plé cúrsaí Gaeilge, cúrsaí reatha agus cúrsaí polaitíochta 8. Kerron Ó Luain, Craobh Bhreandáin Uí Bheacháin Is as do Ráth Cúil, Co. Áth Cliath mé. Tógadh leis an Ghaeilge mé agus d’fhreastail mé ar Scoil Chrónáin agus Coláiste Cillian. Bhain mé amach BA agus MA ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i 2010. Agus bhain mé dochtúireacht sa stair amach ó Ollscoil na Banraíona, Béal Feirste, le déanaí. Táim mar bhall den ghrúpa Misneach i mBleá Cliath. Gníomhaíonn an ghrúpa chun spásannaí shóisialta a chruthú agus cearta teanga a bhaint amach do na Gaeil. 9. Maria Shaeler, Cumann Gaelach, Coláiste na Trionóide Is as Baile Átha Cliath í Maria. Tá sí sa cheathrú bliain ag déanamh staidéir ar an Nua-Ghaeilge agus ar an Spainnis i gColáiste na Tríonóide . Mar aon leis sin tá sí mar reachtaire ar an gCumann Gaelach ina coláiste atá breis agus míle mic léinn mar bhall de. Tá Maria ar choiste an Chumainn le 3 bhliana anuas, agus coiste an Cumann Machnamh TCD le bliain anuas. Tá sí mar láithreoir ar Raidió RíRá chomh maith.

10. Michaeline Donnelly, Pobal ar A’n Iúl (Craobh na hÓmaí) I ndiaidh di céim i nGaeilge agus Béarla a bhaint amach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, thosaigh Michaeline ag obair le comhlacht teilifíse i mBéal Feirste. D’oibrigh sí le go leor eagraíochtaí Gaeilge go dtí seo, ina measc POBAL, an Tionscadal Logainmneacha, Cultúrlann Uí Chanáin, an Ciste Craoltoireachta Gaeilge agus an tOireachtas. Tá sí mar OCP le Craobh na hÓmaí, Pobal ar a’n Iúl, agus tá sí i ndiaidh tosú le CnaG i mBéal Feirste mar Chomhordaitheoir Deá Chaidreamh. 11. Micheál Mac Oireachtaigh, Craobh Luimnigh 12. Micheál Ó Raghallaigh, Craobh Chill Airne Ball de Craobh na n-Áirne. Cill Áirne. Ball de bord bainistíostachta, Gaelcholáiste Chiarraí. Oifigeach de Coiste Dúiche Chiarraí, Conradh na Gaeilge. Toscaire do Dháil na Mumhan, Conradh na Gaeilge. D’éirigh linn dhá bhliain as a chéile Tionól na Mumhan, Conradh na Gaeilge, a thabhairt go Cill Áirne. 13. Pádraig de Búrca, Craobh Bhréanainn Is as Port Láirge do Pádraig ach tá cónaí air i mBÁC le 30 bliain anuas. Tá baint ag Pádraig leis an gConradh nó Ógras ó 1978. Idir an dá linn, chaith sé dhá sheal ina Chathaoirleach náisiúnta ar Ógras, agus tréimhse ar an gCoiste Gnó agus ar Choiste an Airgid chomh maith le Coiste Cathrach Átha Cliath. Oibríonn Pádraig mar léachtóir agus comhairleoir ar chúrsaí ríomhaireachta. Is ball é den grúpa siúil na Cnocadóirí. 14. Pádraig Mac Fhearghusa, Craobh Thrá Lí Iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Cathaoirleach ar Chraobh Thrá Lí agus Coiste Dúiche Chiarraí. Bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí. Eagarthóir ar Feasta.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

73 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

D’eagraigh bunú Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, ó 1981. Páirteach le coistí bunaithe Gaelscoileanna in Oileán Ciarraí, i gCill Airne agus i Lios Tuathail. Údar ar ‘Stair Chonradh na Gaeilge i gCiarraí.’ 15. Paula Melvin, Pobal Gaeilge 15 Oifigeach Caidrimh Phoiblí agus comhbhunaitheoir chraobh úr an Chonartha “Pobal Gaeilge 15” agus ar an bhfeachtas s’acu chun Gaelcholáiste a bhaint amach don cheantar sin gurb as di, BÁC 15. Imreoir peile agus camógaíochta leis na Gaeil Óga CLG. Iar-Oifigeach na Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. IarChathaoirleach ar Chumann Gaelach an choláiste sin freisin. 16. Séamus Mac Dáibhéid, Craobh an Iúir Is Cathaoirleach Chraobh an Iúir de Chomhaltas Uladh é Séamus Mac Dhaibhéid agus tá sé ina bhall den Chonradh ó na luath 1980í. Is iar-bhall den Choiste Gnó é agus is comhalta de Choiste an Chúige de Chomhaltas Uladh é faoi láthair. Bhí Séamus i measc leo siúd a bhunaigh Bunscoil an Iúir agus Sruth na Gaeilge i gColáiste Chaitríona Ard Mhacha áit ina bhfuil sé ag obair mar LeasPhríomhoide. Tá an-suim aige i gcúrsaí oideachais. Is duine de na hIontaobhaithe é Séamus fosta atá i gceannas ar Ghaeláras Mhic Ardghail ar an Iúr. Tá taithí ag Séamus ag plé le gnéithe éagsúla de shaol an Chonartha – bainistiú imeachtaí agus áiseanna, cúrsaí riaracháin, ranganna, foilseacháin agus stocaireacht. 17. Seán Ó Murchadha, Craobh Mhuineacháin Tá Seán ina chathaoirleach ar Chraobh Mhuineacháin de Chonradh na Gaeilge. Tá sé ar an choiste lárnach de Chomhaltas

74

Uladh agus an iris An tUltach. Ba é an t-eagraí contae i Muineachán ar son Rith 2014. Beidh sé páirteach arís i Rith 2016. Tá sé ag obair don Chonradh anois mar Fheidhmeannach Ardú Feasachta agus Ilmheán ó thuaidh. 18. Tomás Mac Ruairí, Craobh Bhréanainn Ball den Chonradh ó 1956; Uachtarán 1998-2003; Tánaiste 1994-1995; Coiste Gnó agus Buanchoiste ag tréimhsí éagsúla ó 1962; ball reatha de Chraobh Bhréanainn; Cathaoirleach an Oireachtais 1995-1996; Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge 2004-2010; iriseoir; craoltóir; stiúrthóir de Chomhlacht Cumarsáide Chreagáin Teoranta agus CCC.nuacht Teoranta. Ball den Chonradh ó 1956; Uachtarán 1998-2003; Tánaiste 1994-1995; Coiste Gnó agus Buanchoiste ag tréimhsí éagsúla ó 1962; ball reatha de Chraobh Bhréanainn; Cathaoirleach an Oireachtais 1995-1996; Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge 2004-2010; iriseoir; craoltóir; stiúrthóir de Chomhlacht Cumarsáide Chreagáin Teoranta agus CCC.nuacht Teoranta.

IARRTHÓIRí Don CHOISTE GNÓ Ó NA BAILL AONAIR (Duine le toghadh) 1. Máire Ní Laoire, Ball aonair Tá Máire ina ball de Choiste Gnó an Chonartha le ocht mbliana anuas. Is iarmhúinteoir í agus tá an-spéis aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais, spéis a spreag í chun máistreacht a dhéanamh ar dhearcadh daltaí i leith na Gaeilge. Tá sí ina rúnaí ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge chomh maith. Tá sí bainteach le cur chun cinn na Gaeilge i gcathair Chorcaí.

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

8. RÚIN NA hARD-FHEISE 2016

1. Molann an Ard-Fheis seo leanúint leis an bhfeachtas láidir do na holltoghcháin thuaidh agus theas in 2016 i ndiaidh na n-olltoghchán, nuair a bheidh cainteanna ar bun le Rialtais nua a chur le chéile, chun na héilimh aontaithe ag breis is 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a leanas a bhaint amach: go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge, le cur i bhfeidhm na straitéisí don Ghaeilge thuaidh agus theas agus le 1,175+ post nua a chruthú; go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais; agus go mbunófaí comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile. Craobh Raidió Rí-Rá 2. Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil cuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna chun curaclam dara leibhéal faoi leith a fhorbairt do mheánscoileanna sa Ghaeltacht agus do Ghaelcholáistí. Molann an Ard-Fheis seo go mbeidh aon churaclam nua ar fáil do scoileanna eile más mian leo é a úsáid agus gur chóir aitheantas a thabhairt do mhic léinn ag déanamh staidéir ar an gcuraclam nua trí mharcanna bónais a chur ar fáil san Ardteist ar nós na marcanna bónais do mhata ag an ardleibhéal. Craobh Raidió Rí-Rá 3. Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil am na cinniúna buailte linn maidir le todhchaí na Gaeltachta mar cheantar ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáththeanga

76

pobail. Chun cur ar chumas pobal na Gaeltachta todhchaí na teanga a chinntiú aithníonn an Ard-Fheis freisin go bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu ón stát maidir le cruthú fostaíocht; cothú infreastruchtúr na Gaeltachta, ach go háirithe córas leathanbhanda; tacaíocht don chóras pleanála teanga; agus soláthar seirbhísí don phobal i nGaeilge. Chuige sin, iarrann an ArdFheis ar an Rialtas nua dóthain maoiniú a chuir ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun cur ar chumas an Údaráis a chlár caiteachas caipitil a chur i gcrích agus chun maoiniú a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta bunseirbhísí a chur ar fáil sa phobal agus chun tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga. Coiste Dúiche na Gaillimhe 4. I mbliain Cheiliúrtha an Chéid ar Éirí Amach na Cásca, éilíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge Lán-Aireacht Gaeltachta, agus Aire sinsearach Gaeltachta ar leith, a bhfuil de chúram air nó uirthi leas na Gaeilge, na Gaeltachta agus na straitéise 20 bliain ar son na teanga a áiteamh agus a chosaint ag bord an rialtais féin, agus i measc ranna rialtais agus comhlachtaí agus seirbhísí stáit. Craobh Thrá Lí 5. Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo gur foilsíodh Straitéis na Gaeilge 2015-35 ó thuaidh anuraidh agus go gcuireann muid fáilte roimhe seo agus an obair atá déanta ag an Aire agus an Roinn CEF ina leith. Go bhfuil an Ard-Fheis buartha nach ndeachaigh an Straitéis os comhair an fheidhmeannas go fóill agus go n-éilíonn muid go gcuirtear an Straitéis i bhfeidhm roimh bhriseadh Stormont don toghchán, mar atá ráite go ndéanfadh sé i gClár Rialtais an Fheidhmeannas 2010-15, ina bhfuil forbairt straitéise don

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Ghaeilge mar chroí-bhunchloch faoi Thosaíocht 4 de Chlár “Pobal Láidir agus Comhroinnte a Chothú”. Aontaíonn an Ard-Fheis gur chóir gníomhú - trí bhrústocaireacht, cúrsaí dlí nó eile - le brú a chur ar an fheidhmeannas an Straitéis a chur i bhfeidhm. Craobh Ghlór na Móna 6. Molann an Ard-Fheis go gcuirfí brú ar an Rialtas ó dheas le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú le moltaí an Chonartha agus gan é a lagú in 2016. Aodhán Ó Deá, An Coiste Gnó 7. Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ó dheas tar éis glacadh le moladh an Chonartha le scéim píolótach don pháirt-tumoideachas a chur ar bun. Molann an Conradh brú a choinneáil ar an Roinn leis an scéim sin a leathnú amach go dtí na scoileanna eile a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla de réir a chéile. Aodhán Ó Deá, An Coiste Gnó 8. Molann an Ard-Fheis gur chóir cúrsa meánscoile a bhunú, go háirithe le dearcadh dearfach a thabhairt do dhaoine óga. Is féidir leis an gConradh seo a dhéanamh trí fheachtas gníomhach a eagrú cosúil le / nó i gcomhar leis an Seó Bhóthair a reachtáil leis na gCumainn Gaelacha go píolótach i mBÁC ar dtús. Cumann Gaelach, Col. na Tríonóide 9. Aithníonn an Ard-Fheis an dul chun cinn déanta ag an Rialtas ó dheas le fail réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach anois go bhfuil na céimeanna foilsithe a ghlacfar leis sin a bhaint amach. Cuirfidh an an Conradh, áfach, brú leanúnach le cinntiú go mbainfear an maolú ina iomlán agus go bhfoilseofar clár earcaíochta do na poist nua san AE gan mhoill. Craobh na gCeithre Cúirteanna

10. Ó tharla go bhfuil deireadh á chur leis an maolú ar stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach ba chóir do Chonradh na Gaeilge feidhmiú le deireadh a chur leis an maolú ar stádas oifigiúil na Gaeilge in Éirinn. Craobh na gCeithre Cúirteanna 11. Go rithfidh Conradh na Gaeilge feachtas ag iarraidh go mbeadh Oifigeach Gaeilge lán-aimseartha ag gach Comhairle Contae agus Comhairle Cathrach in Éirinn, thuaidh agus theas. Go n-iarrfar ar na Comhairlí seo ullmhú dá réir i 2016. Craobh Bhéal an Átha Móir 12. Molann an Ard-Fheis gur chóir go mbeidh tacaíocht ann do mhic léinn gur mhaith leo staidéar a dhéanamh ar ábhair eile trí mheán na Gaeilge Gaelscolaíocht ag an tríú léibhéal. Cumann Gaelach, Ollscoil na Ríona 13. Molann an Ard-Fheis gur cheart go mbeadh a thuilleadh acmhainní Ghaeilge curtha ar fáil do mhic léinn i mbun céim oideachais sna hábhair acadúla lasmuigh den Ghaeilge amháin, m.sh. a thuilleadh tacaíochta/ acmhainní in ábhair ar nós OSPS, Stair, Tíreolaíocht srl. Is féidir céim eolaíochta, iriseoireachta, ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ach ní féidir céim múinteoireachta a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge cé go bhfuil Gaeilge mar chuid lárnach den ghairm. Cumann Gaelach, Coláiste Phádraig 14. Go gcuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh réamh-thorthaí an phróiseás comhairliúcháin ar Bhille na Gaeilge ó thuaidh a léirigh arís go bhfuil tromlach glan den phobal i bhfabhar Acht Gaeilge agus stadas oifigiúil don teanga. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an fheidhmeannas

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

77 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

mianta an phobail a chur i bhfeidhm trí Bhille Gaeilge cuimsitheach, ceartbhunaithe a reachtú le linn saolré an tionóil reatha. Craobh Ghlór na Móna 15. Go n-aithníonn Conradh na Gaeilge go bhfuil éigeandáil teanga ann sa Ghaeltacht agus chuige sin go dtabharfaidh an Conradh tús áite do thograí i gceantair Ghaeltachta. Fosta, amach anseo, go n-eagrófar ArdFheis Chonradh na Gaeilge i gceantar Gaeltachta gach bliain. Seanán Mac Aoidh, An Coiste Gnó 16. Cáineann an Ard-Fheis seo an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt reatha ó dheas atá ag déanamh neamhaird ar an gcinneadh a rinne an iar-Aire Iompair le comharthaí bóthair dátheangacha a thriail leis an nGaeilge sa chló céanna agus ar an méad céanna leis an mBéarla. Leanfaidh an Conradh leis an bhfeachtas le cothromaíocht a bhaint amach don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair. Seán Ó Murchadha, An Coiste Gnó 17. Go n-eagróidh an Conradh ceiliúradh ar an nGaeilge gach bliain san ardchathair le mórshiúl a bhfuil na heagrais Ghaeilge ar fad bainteach leis mar chuid de Sheachtain na Gaeilge ag tosú in 2017 Craobh Gaelphobal Tamhlachta 18. Moltar go mbeidh Ard-Fheis speisialta ar siúl Dé Sathairn, 1 Deireadh Fómhair 2016. Beidh deis ag Craobhacha rúin a bhaineann leis an bhunreacht amháin a chur chun tosaigh ag an Ard-Fheis seo. Mar chuid den chur chuige roimh an Ard-Fheis speisialta seo cuirfear coiste faoi leith ar bun leis an bhunreacht a phlé agus cuirfear an

78

coiste seo le chéile ag an chéad chruinniú den Choiste Gnó i ndiaidh Ard-Fheis 26-27 Feabhra 2016 le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhunreacht an Chonartha in am don Ard-Fheis speisialta. Ba chóir go mbeidh ionadaíocht ar an choiste seo ón Choiste Gnó, Buanchoiste agus gach coiste Cúige. Beidh deis ag an eagraíocht trí chéile bunreacht an Chonartha a phlé idir anois agus an Ard-Fheis speisialta. Craobh Ghleann an Iolair 19. Aontaíonn an Ard-Fheis gur chóir don Chonradh gníomhú chun an Ghaeilge a choinneáil mar riachtanas iontrála sna hollscoileanna náisiúnta. Cuallacht Cholmcille, Má Nuad 20. Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil dualgaisí tábhachtacha ag na hOllchomhairlí Nua ó thuaidh i dtaobh freastal ar phobal na Gaeilge trí seirbhísí riachtanacha Gaeilge a chur ar fáil agus éilíonn an Ard-Fheis seo go leanann gach comhairle ó thuaidh an treoir soiléir atá leagtha amach d’údarás áitiúla sa Chairt Eorpach agus go gcuireann siad polasaithe, seirbhísí agus acmhainní cuí ar fáil a chothódh fás agus forbairt an phobal Gaelaigh ar bhonn áitiúil. Craobh Ghlór na Móna 21. Molann an Ard-Fheis go mbeidh structúir oifigiúil curtha i bhfeidhm le comhoibriú idir na Cumainn a chinntiú oifigigh gaelacha sna coláistí ó thuaidh agus structúr oifigiúil ina mbeidh níos mó saoirse bainteach le cúrsaí na gcumann gaelaí - structúr ina mbeidh sé níos fusa comhoibriú a dhéanamh leis na cumainn eile ó thuaidh agus ó dheas mar is léir go mbíonn fadhbanna againn in amanna mar gheall ar an ceangal láidir atá againn le Aontas Na Mac léinn, agus an míthuiscint in amanna nach cumann sóisialta amháin muid agus go

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

mbíonn sé tábhachtach do na Cumainn Gaelacha uilig a bheith ag obair le chéile ar feachtais srl. Cumann Gaelach, Ollscoil na Ríona

fáil do Bhunscoil Inis Meáin chun cur ar chumas na scoile an dara múinteoir a fhostú ar bhonn lánaimseartha. Coiste Dúiche na Gaillimhe

22. Aontaíonn an Ard-Fheis nár cheart go mbeadh ar mhic léinn tríú leibhéal táillí Gaeltachta a íoc agus ba cheart go dtiocfaidh laghdú ar na táillí Gaeltachta do mhic léinn oideachais. Cumann Gaelach, Coláiste Phádraig

27. Aontaíonn an Ard-Fheis gur cheart don Chonradh coiste a bhunú le tuairisc neamhspleách ar oideachas na Gaeilge sna bunscoileanna agus iarbhunscoileanna a fhoilsiú. Aithneofar na fadhbanna fadbhunaithe ag baint le teagasc na Gaeilge in Éireann. Aithneofar chomh maith an t-easpacht de chur chuige aontaithe nó gníomhach le réiteach ar na fadhbanna seo a aimsiú. Rachaidh an coiste seo ag obair leis na hAontais Mhúinteoireachta, daltaí, na haisteoirí cuí le straitéas nua, fórásach, a chur le chéile, atá cuimsitheach, iltaobhach, agus uileghabhálach maidir le múineadh na Gaeilge sa tír seo. Craobh Aontas na Mac Léinn in Éirinn

23. Aontaíonn an Ard-Fheis gur cheart go mbeadh Oifigeach na Gaeilge tofa ar chuile Aontas na Mac Léinn i gcoláistí tríú leibhéal in Éirinn. Cumann Gaelach IT Tamhlacht 24. Aithníonn an Ard-Fheis nach bhfuil daoine (go ginearálta) sásta leis an saghas ábhar a bhíonn á mhúineadh ar na cúrsaí oiliúna múinteoirí. Tá obair déanta ag na haontais mac léinn ar chaighdeán múinteoireachta agus na rudaí seafoideacha a mhúintear. Is fiú cigireacht a dhéanamh ar an siollabas seo agus na múinteoirí a bhíonn ar na cúrsaí. Cumann Gaelach Choláiste Mhuire gan Smál 25. Déanann an Ard-Fheis seo comhghairdeas ó chroí le pobal na nOileáin Árainn as an seasamh cróga a rinne siad ar mhaithe le seirbhís aer a chinntiú do na hoileáin. Ag éirigh as an troid a rinne siad ar mhaithe lena mbunchearta, éilíonn an Ard-Fheis ar Roinn na Gaeltachta a chinntiú go rachfar i gcomhar le pobal na hoileáin Árainn feasta maidir le forbairt seirbhísí iompair do na hoileáin agus go ndéanfar amhlaidh lena hoileáin Ghaeltachta ar fad. Coiste Dúiche na Gaillimhe 26. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Roinn Oideachais maoiniú a chur ar

28. Molann an Ard-Fheis seo go mbunófaí lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann, ina mbeidh caife Gaelach, áiseanna ar nós leabharlanna, leabharlann digiteach, áiseanna do lucht foghlama agus turasóirí, stair, ceoil agus imeachtaí cultúrtha, srl. agus iad ar fad a bheith oscailte don phobal faoi dheireadh 2016. Craobh Mháirtín Uí Chadhain 29. Moltar don Ard-Fheis seo mír 46. (déantús an Coiste gnó) den bhunreacht: (d) Dáréag arno dtoghadh ag na teachtaí eagraíochta ag an Ard-Fheis a athrú go dtí (d) ochtar arna dtoghadh ag na teachtaí eagraíochta ag an Ard-Fheis Cóilín Ó Cearbhaill, An Coiste Gnó 30. Molann an Ard-Fheis Alt 115 ‘Féadfadh an Coiste Gnó eagraíochtaí eile faoi scáth na heagraíochta

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

79 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

a bhunú agus a aithint faoi scáth Chonradh na Gaeilge’ a leasú trí ‘Ard-Fheis’ a chur in áit ‘Coiste Gnó’ Craobh Cúil Aodha 31. Molann an Ard-Fheis Alt 111 ‘Beidh Iontaobhaithe na hEagraíochta ina nIontaobhaithe ar Ógras agus ar Oireachtas na Gaeilge freisin agus is sna hIontaobhaithe sin a mbeidh gach réadas agus airnéis réadach de chuid Ógras agus de chuid Oireachtas na Gaeilge dílsithe’ a leasú trí ‘agus ar Oireachtas na Gaeilge’ chomh maith le ‘agus de chuid Oireachtas na Gaeilge’ a fhágaint ar lár agus alt 112 ‘Tagann Oireachtas na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge Teoranta, Ógras, agus an Coimisiúin le Rincí Gaelacha (“Eagraíochtaí Faoi Scáth”) faoi scáth Chonradh na Gaeilge’ a leasú trí ‘Oireachtas na Gaeilge’ a fhágaint ar lár. Craobh Cúil Aodha 32. Moltar don Ard-Fheis seo Alt 14 agus 15 a bhaint ó bhunreacht Conradh na Gaeilge, is iad ná: 14. Is de mhaoin choitean na hEagraíochta gach airgead agus maoin dá mbíonn i seilbh craoibhe nó coiste ar bith de chuid na hEagraíochta agus ní hinchaite an t-airgead nó an mhaoin sin ach amháin ar thoisca na hEagraíochta. 15. Ní ceadmhach do craobh nó do choiste de chuid na hEagraíocht duil i bhfiacha thar cibé suim a shocróidh an Coiste Gnó ó am go chéile gan réamhúdarás chuige sin a fháil ón mBuanchoiste. Craobh Borabú 33. Moltar don Ard-Fheis seo mír a 6 don bhunreacht 6. Is feidhm do gach craobh, do gach coiste contae agus do gach coiste cúige cruinniú a ghairm gach ré mí ar a laghad.

80

a athrú go dtí 6. Is feidhm do gach craobh cruinniú a ghairm uair sa ráithe ar a laghad agus do gach coiste contae agus do gach coiste cúige cruinniú a ghairm dhá uair sa bhliain ar a laghad Craobh Borabú 34. Aithníonn an Ard-Fheis seo na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an gcóras nua Eircode ó dheas le cinntiú go sroichfidh litreacha le seoltaí as Gaeilge a ceann scríbe. Cáineann an Ard-Fheis, áfach, an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha as diúltú an maoiniú a chur ar fáil leis na bearnaí sa bhunachar logainmneacha Gaeilge a líonadh agus cothromaíocht a thabhairt d’úsáideoirí Gaeilge den chóras nua Eircode. Leanfaidh an Conradh ag feachtasaíocht ar son cothromaíochta don teanga agus bunachar leis na logainmneacha Gaeilge ar fad ann. Seán Ó Murchadha, An Coiste Gnó 35. Go leanfaidh an Conradh ag feachtasaíocht agus ag cur brú ar rialtas Bhaile Átha Cliath moltaí an Staidéir Chuimsithigh Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm. Seanán Mac Aoidh, An Coiste Gnó 36. Aithníonn Conradh na Gaeilge an obair mhaith atá ar siúl ag an ghrúpa Misneach i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Béal Feirste, Conamara agus Tír Chonaill agus tá muid ag súil le bheith ag obair as lámh a chéile i gcónaí. Seanán Mac Aoidh, an Coiste Gnó 37. Aontaíonn an Ard-Fheis gur chóir scoláireachtaí a bheith ar fáil ón Rialtas do na scéimeanna chónaithe Gaeilge atá i gcoláistí tríú leibhéal in Éirinn. Cuallacht Cholmcille, Má Nuad

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

38. Aontaíonn an Ard-Fheis an suíomh do thraenáil na gCumann Gaelacha tríú leibhéal a bhogadh amach as Baile Átha Cliath. Cuallacht Cholmcille, Má Nuad 39. Moltar go ndéanfaidh Conradh na Gaeilge teagmháil oifigiúil arís le bainistíocht Ollscoil Uladh maidir leis an chinneadh a glacadh deireadh a chur leis an chéim lánaimseartha sa chathair agus go rachfar i mbun na feachtasaíochta in athuair chun an cinneadh seo a mhalartú. Craobh Ghleann an Iolair 40. Moltar go gcuirfidh Conradh na Gaeilge feachtas ar bun le maoiniú a dheimhniú do Bhrainse na Logainmneacha i dTuaisceart Éireann atá lonnaithe in Ollscoil na Banríona. Craobh Ghleann an Iolair 41. Aontaíonn an Ard-Fheis nach mbeidh ar chraobhacha nua táillí craoibhe a íoc ar feadh bliana. Coiste Phobal Ar A’n Iúl 42. Go gcuirfidh Conradh na Gaeilge eolas agus tacaíocht ar fáil do na coláistí tríú leibhéal agus iad ag iarraidh cloí le téarmaí Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cumann Gaelach, OCBÁC 43. Go gcuirfidh Conradh na Gaeilge feachtas ar bun chun go mbeidh an Ghaeilge aitheanta mar theanga inúsáidte i siopaí ar nós Penneys, áit a bhfuil stádas tugtha do theangacha eile na n-oibrithe. Cumann Gaelach, OCBÁC 44. Go reachtálfaidh an Conradh feachtas dírithe ar lucht gnó le cinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos feiceálaí ó lá go lá i ngnólachtaí poiblí. Cumann Gaelach, Col. na Tríonóide

45. Aithníonn an Ard-Fheis an easpa seirbhísí atá ar fáil tré mheán na Gaeilge. Tá samplaí le feiceáil fós sa GPO agus i ngach oifig poiblí timpeall na tíre. Ní minic go mbíonn daoine ann le Gaeilge nuair a bhíonn siad ag teastail. Aontaíonn an Ard-Fheis gur chóir feachtas a eagrú le dul i ngleic leis seo, m.sh lá ag éileamh seirbhísí go náisiúnta, mar a rinne Craobh Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide go háitiúil ina choláiste fhéin. Cumann Gaelach, Col. na Tríonóide 46. Molann an Ard-Fheis gur chóir go mbeidh comharthaí dátheangacha sna coláistí tríú leibhéal ó thuaidh - go háirithe sna ranna Gaeilge. Cumann Gaelach, Ollscoil na Ríona 47. Aontaíonn an Ard-Fheis gur cheart nach mbeadh costais chomh árd ar na cúrsaí do na hábhar oidí agus go mbeadh daltaí ón gaeltacht agus iad siúd a bhíonn ag plé le coláistí gaeltachta in ann eisceachtaí a fháil. Cumann Gaelach Choláiste Mhuire gan Smál 48. Aontaíonn an Ard-Fheis gur cheart go gcuirfí leabharlann Ghaeilge isteach i ngach seomra ranga i mbunscoileanna uile na tíre, go gcuirfi soláthar leabhar feiliúnach (ó thaobh aoisghrúpa srl.) ar fáil do gach rang, agus go gcuirfí cúpla cóip de gach leabhar nuafhoilsithe ar fáil do na leabharlanna ar fad. Cumann Gaelach, Coláiste Phádraig 49. Go n-éileoidh Conradh na Gaeilge ar gach coláiste tríú leibhéal scéim chónaithe trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil dá mac léinn. Cumann Gaelach, OCBÁC, Cumann Gaelach IT Tamhlacht & Cumann Gaelach Choláiste Mhuire gan Smál

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

81


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

50. Aontaíonn an Ard-Fheis gur cheart go mbeadh seomra na Gaeilge nó spás dá leithéad ag gach Coláiste. Cumann Gaelach, Ollscoil Luimnigh

tacaíocht do chaife Ghaelach a bheith lonnaithe in ionad oidhreachta beo ar Sráid an Mhúraigh. Craobh Mháirtín Uí Chadhain

51. Aontaíonn an Ard-Fheis gur cheart don Chonradh gníomhú le deireadh a chur le Táillí Gaeltachta do na hábhair oide, le páirt a ghlacadh sa socrúchán Gaeltachta is gá do mhic léinn breis agus €1,500 a íoc. Aithníonn an Ard-Fheis an tuarascail ón nGrúpa Oibre ar an Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht, curtha faoi bhráid na Comhairle Mhúinteoireachta i 2012, go gcuireann na táillí seo bac ar mhic léinn ó chúlraí faoi leith clárú i gcúrsaí oideachas múinteoireachta agus gur tugadh isteach na táillí seo ar bhonn sealadach, mar bheart déine. Aontaíonn an Conradh gur chóir labhairt le muintir na Gaeltachta le hagóidíocht a dhéanamh i gcoinne na dtáillí. Craobh Aontas na Mac Léinn in Éirinn

55. Molann an Ard-Fheis go reáchtálfaidh gach aonad de Chonradh na Gaeilge ócáid ar leith chun brabús €100 nó breis a dhéanamh chun cuidiú le glanadh le fiacha bainc atá fós ann agus ina chonstaic ar shaothar Chonradh na Gaeilge a fhorbairt. Craobh Bhréanainn

52. Aithníonn an Ard-Fheis seo an gá atá ann do Ghluaiseacht na Gaeilge comhoibriú le fórsaí eile forásacha sa tsochaí má tá an Ghaeilge, agus cosmhuintir na tíre i gcoitinne, le teacht slán ó ionsaithe lucht an rachmais ar an gcultúr agus ar ár seirbhísí poiblí. Craobh Breandán Uí Bheacháin 53. Iarann an Ard-Fheis seo go dtógfaidh stairithe na foinsí Gaeilge san áireamh agus iad i mbun taighde staire. Coiste Contae Átha Cliath

56. Molann an Ard-Fheis mar dhúnghaois láithreach do gach aonad de Chonradh na Gaeilge fíorthacaíocht réalaíoch – ceannacht, síntiúis agus éileamh – a spreagadh d’irisí an eagrais, ‘Feasta’ agus ‘An tUltach’, agus bealaí praiticiúla, fiúntacha a cheapadh agus a riaradh leis an aidhm seo a chur ar aghaidh. Craobh Bhréanainn 57. Molann an Ard-Fheis go ndíreofaí aird ar cheannach earraí de dhéantús na hÉireann. Craobh Bhréanainn Rúin do láthair Ard-Fheis 2018

58. Go mbeidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i dTamhlacht in 2018. Craobh Gaelphobal Tamhlachta 59. Go mbeidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i dTrá Lí in 2018. Craobh Thrá Lí

54. Tugann an Ard-Fheis seo lán-

82

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

dazd

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

81


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Raidió Rí-Rá

10/10/2015 21:00 11/10/2015 13:00

87

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

9. Miontuairiscí Ard-Fheis 2015 Tinreamh: Máire Ní Mhurchú, Ard Craobh Conradh Na Gaeilge; Bláthnaid Ní Mhurchú, Ard Craobh Conradh Na Gaeilge; Niamh Ní Chróinín, Craobh Raidió Rí-Rá; Phylis Gibney, Ard Chraobh B.Á.C; Pól Ó Meadhra, Gaelphobal Thamhlachta; Fionn Ó Deá, Cumann Gaelach TCD; Jane Henry, Cumann Gaelach TCD; Julian De Spáinn, Craobh Raidió Rí-Rá; Sinéad Ní Dhomhnaill, Craobh Rith; John Ó Liodáin, Craobh Cholmcille, Ceannanas; Seán Ó hAdhmail, Craobh Liam Bulfin; Caoimhín Ó Cadhla, Craobh Mháirtín Uí Chadhain; Michaeline Donnelly, Pobal ar an Iúl; Sinéad Ní Mhearnóg, Pobal ar an Iúl; Pádraig Ó Tiarnaigh, Craobh Ollscoil Uladh; Marcas Mac Ruairí, Craobh Dún Phádraig; Ursula Ní Shabhaois, Craobh Ollscoil Uladh; Ciarán Mac Giolla Bhéin, Craobh Ghlór na Móna; Feidhlim Seoighe, Craobh AMLÉ; Mairéad Ní Dhioráin, Craobh na Gaillimhe; Peadar Ó Coinín, Craobh na Gaillimhe; Baba Ní Fhlatharta, Craobh na Gaillimhe; Siobhán Ní Dhubhfaidh, Craobh Mhaigh Cuilinn; Laura Walpole, Craobh na Gaillimhe; Sinéad Ní Dhonnchú, Craobh na Gaillimhe ; Seán Ó Cionfhaola, Craobh Chaisleán an Bharraigh; Peadar Mac Fhlannchadha, Craobh Mhaigh Cuilinn; Seán Ó Nuanáin, Craobh Chlub na Sionna; Labhrás Ó Donnghaile, Craobh Chlub na Sionna; Eibhlín Uí Mhorónaigh, Coiste Co. Thiobraid Árann; Kim Ní Mhaolchatha, Craobh an Aonaigh; Mícheál Ó Raghallaigh, Coiste Contae Chiarraí; Nóirín Ó Dálaigh, Coiste Thrá Lí; Áine Mhic Fhearghusa, Craobh Thrá Lí; Risteard Mac Fhlannacha, Craobh Chill Airne; Joanne Ní Challanáin, Craobh na hInse; Pádraig Ó Donnachadha, Craobh Chois Leamhna, Cill Orglan; Siobhán Ní Riain, Craobh Chaiseal Mumhan; Seán Ó Duibhir, Craobh Chaiseal Mumhan; Treasa Mhic Seoigh, Craobh Charraig na Siúire; Anraí Mac Seoigh, Craobh Charraig na Siúire; Mícheál Mac Oireachtaigh, Craobh Luimnigh; Éamon Ó Nuanáin, Craobh Sraid Thomáis Luimnigh; PT Mac Ruairí, Coiste Gnó; Breandán Ó Cathasaigh, Ógras; Niall Comer, Coiste Gnó agus Tánaiste; Íte Ní Chionnaith, Coiste Gnó; Celine Ní Chóchlaigh, Coiste Gnó; Aodhán Ó Deá, Coiste Gnó; Máire Ní Laoire, Coiste Gnó; Paula Melvin, Coiste Gnó; Donnchadh Ó hAodha, Coiste Gnó; Pádraig Mac Fhearghusa, Coiste Gnó; Aedín Uí Mhaoiléidigh, An Coimisiúin le Rincí Gaelacha; Máire Ní Ruairc-Tuathaigh, An Coimisiúin le Rincí Gaelacha; Seán Ó Murchadha, Coiste Gnó; Cuan Ó Seireadáin, Ball Aonair; Alma Ní Bhroin, Ball Aonair; Seán Mac Shéamais, Ball Aonair; Brian Ó Baoill, Ball Aonair

Glacadh leis na rúin seo a leanas ag Ard-Fheis 2015: 1. Molann an Ard-Fheis seo rannpháirtíocht iontach láidir an phobal Gaeilge agus Gaeltachta sna feachtais in 2014, go háirithe an trí mór-ócáid a leanas: Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath; Slán le Seán i gConamara; agus an Lá Dearg i mBéal Feirste. Aithníonn an Ard-Fheis na dea-thorthaí a d’éirigh as an brú seo ón bpobal, i. neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga coinnithe, Coiste Comhairleach don Straitéis 20 Bliain ó dheas bunaithe, Coláiste Dhoire ceadaithe, seirbhís bus curtha ar fáil do thuismitheoirí Choláiste Feirste, agus eile. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta an fuinneamh céanna a léiríodh in 2014 a chur i dtreo na n-olltoghcháin in 2016 thuaidh theas leis na héilimh a leanas ó phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach: a. Airí sinsearacha sa dá Rialtas agus comhchoiste oireachtais ó dheas le freagracht don Ghaeilge agus Gaeltacht – cabhróidh seo le stádas na teanga agus clár oibre na Gaeilge agus Gaeltachta a chur chun cinn; b. An maoiniú riachtanach breise a chur ar fáil le breis seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. 2. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Taoiseach Enda Kenny a chinntiú go n-iarrfaidh an Rialtas ó dheas gan aon mhoill eile ar an Aontas Eorpach nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge ón 1 Eanáir 2017 agus go reáchtálfaí sraith comórtas earcaíochta do phoist bhuana agus do phoist ar chonarthaí sealadacha leis an AE sna blianta 2015, 2016 agus 2017 3. Go dtacaíonn an Ard-Fheis seo leis an fheachtas ar son Acht Gaeilge ó thuaidh agus go n-iarrann muid ar ár craobhacha ar fad bheith rannpháirteach agus gníomhach sa phróiseas comhairliúchán atá ar siúl go dtí an 5ú Bealtaine 2015 4. Molann an Ard-Fheis go gcuirfí brú ar an Rialtas ó dheas le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú le moltaí an Chonartha agus gan é a lagú in 2015 5. I gcomhthéacs thábhacht phobail Gaeltachta na tíre do spriocanna teanga an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 ó dheas, iarann an Ard-Fheis seo ar an Taoiseach a chinntiú leis an Roinn Airgeadais go gcuirfear dóthain maoiniú ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun cur ar chumas na pobail Ghaeltachta pleananna teanga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ina gceantair féin 6. Molann an Ard-Fheis seo an tAire Cáral Ní

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

85 19


Conradh na Gaeilge

7.

8.

9.

10.

11. 12.

13.

14.

86

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Chuilín as an Straitéis don Ghaeilge 201535 ó thuaidh a fhoilsiú agus éilítear ar an Rialtas ó thuaidh a chinntiú go mbeidh a dhóthain acmhainní curtha ar fáil len é a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin moltar don Chonradh a chinntiú go mbeidh ionadaíocht ceart ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na straitéise Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ó dheas tar éis glacadh le moladh an Chonartha le scéim píolótach don pháirt-tumoideachas a chur ar bun. Molann an Conradh brú a choinneáil ar an Roinn leis an scéim sin a leathnú amach go dtí na scoileanna eile a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla de réir a chéile Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil titim ar líon na ndaltaí ag staidéar na Gaeilge i mbunscoileanna agus i meánscoileanna ó thuaidh agus go n-aontaíonn an Ard-Fheis gur chóir do Chonradh na Gaeilge a bheith rannpháirteach i bplean cuimsitheach a fhorbairt le dul i ngleic leis an fhadhb seo Moltar coiste athbhreithniú bunreachtúil a chur ar bun le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhunreacht an Chonartha in am don ArdFheis in 2016. Ba chóir go mbeidh ionadaíocht ar an gcoiste athbhreithnithe ón gCoiste Gnó, Buanchoiste agus gach coiste Cúige Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo nach bhfuil soláthar sásúil ann do shainriachtanais oideachais sa Ghaeloideachas agus go gcuirfidh Conradh na Gaeilge feachtas ar bun, i gcomhar le pairtnéirí eile, chun tabhairt faoi seo ar bhonn straitéiseach Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh seirbhís ar fáil trí Ghaeilge i ngach roinn agus fo-roinn stáit Go n-éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfear an Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnda agus Mionlaigh i bhfeidhm sna hOllchomhairlí Nua ó thuaidh agus go gcomhlíonfaidh na comhairlí seo á gcuid dualgais i leith na Gaeilge, de réir na Cairte sin I gcomhthéacs thábhacht phobail Gaeltachta na tíre do spriocanna teanga an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 ó dheas, iarann an ArdFheis seo ar Roinn na Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta freagracht a ghlacadh as an bplé agus stocaireacht leis an státchóras, go háirithe leis an Roinn Oideachais agus áisíneachtaí stáit eile, mar chuid den phróiseas pleanála teanga agus ullmhú pleananna teanga sa Ghaeltacht. Iarrtar nach bhfágfar an obair seo ar na pobail Ghaeltachta amháin Molann an Ard-Fheis seo do Chonradh na Gaeilge iarratas a chur chuig Apple leis an bhféidearthacht le ‘Guthú’ a chur ar fáil as Gaeilge

15.

16.

17. 18.

19.

20.

21.

22.

23.

24.

Go n-éilíonn Conradh na Gaeilge ar na stáit ó thuaidh agus ó dheas go mbunófaí níos mó gaelscoileanna, idir bhunleibhéal agus mheánleibhéal, le rogha a bheith ag gach tuismitheoir sa tír a bpáistí a chur chuig gaelscoil Go n-éilíonn Conradh na Gaeilge ar na stáit ó thuaidh agus ó dheas go mbunófaí níos mó gaelscoileanna, idir bhunleibhéal agus mheánleibhéal, le rogha a bheith ag gach tuismitheoir sa tír a bpáistí a chur chuig gaelscoil Go n-eagróidh Conradh na Gaeilge clár i gcuimhne dóibh siúd a throid in Éirí amach na Cásca mar chomóradh 100 bliain air sin Go mbunóidh an Coiste Gnó – ag an gcéad chruinniú tar eis na hArd-Fheise – coiste le hionadaíocht ón gCoiste Gnó agus ó aonaid eile den eagraíocht chun moltaí a ullmhú don Choiste Gnó roimh dheireadh 2015 i dtaobh chlár imeachtaí Comórtha 125 bliain Chonradh na Gaeilge in 2018, a d’eagrófaí ar bhonn uileoileánda agus go réigiúnda. Cuirfidh an Coiste Gnó plean comórthaí le chéile ina dhiaidh san le cur os comhair Ard-Fheise 2016 Go gcuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an t-aitheantas atá bainte amach ag Coláiste Dhoire agus go gcuireann muid tacaíocht ar fáil leis an scoil a dhéanamh inbhuanaithe Molann an Ard-Fheis seo don Choiste Gnó nua córas Gradaim a bhunú chun aitheantas a thabhairt do bhaill Chonradh na Gaeilge a bhfuil seirbhís saol tugtha acu don Chonradh agus don Ghaeilge. I gcomhthéacs na deacrachtaí a bhaineann le bailiúchán Séipéal a eagrú sa lá atá inniu ann, go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Gnó nua scéim tiomsaithe airgid nua a fhorbairt don eagraíocht ina iomlán Molann an Ard-Fheis go gcuirfeadh an Coiste Gnó meitheal i mbun iniúchadh ar an bhféidearthacht go mbunófaí́ aonad dlíthiúil neamhbhrabasúach a shlánódh sócmhainní́ Chonradh na Gaeilge idir árais agus eile don todhchaí́ le haontas na n-aonad lena mbaineann na sócmhainní́ seo agus ar bhealach a chosnódh a gcearta reachtúla úinéirachta uilig agus go gcuirfeadh an mheitheal tuairisc ar fáil don eagras ar an dtogra seo trí mhí́ ar a laghad roimh Ard-Fheis 2016 Molann Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deáshampla atá tugtha ag Comhairle Chathrach Átha Cliath agus ag lucht bainistíochta an chórais Luas maidir le húsáid na Gaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla ar chomharthaíocht ar fud na cathrach Go dtionólfar Ard-Fheis na bliana 2017 i nGaillimh

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Caint an Uachtaráin, Cóilín Ó Cearbhaill ag Ard-Fheis 2015 A chairde Gaeil. Is mór an onóir dom bheith ós bhur gcomhar inniú mar Uachtarán ag an ard fheis seo. Tugann an ard fheis deis dúinn ar fad ó chuile chairn den tír aithne a chur ar ghníomhairí teanga agus ar ghrúpaí phobal eile atá ag treabhadh sa ghoirt cheanna linn, thaithí a roinnt agus foghlaim óna chéile agus deis dúinn comh maith an spiorad agus beocht atá againn mar phobal Gaeilge a cheiliúradh. Ar maidin agus aréir bhíomar ag leagann amach spriocanna dúinn fhéin mar phobal agus mar eagraíocht do na míosa amach romhainn mar a bhí déanta ag Conrathóirí eile thar na blianta. Ceanglaíonn an Chonradh muid leis na glúinte gníomhairí a d’imigh romhainn agus tá dualgas orainn sa ghlúin seo tógaint ar an obair acu agus cur leis an obair sin ar son an teanga len í a threisiú don chéad ghlúin eile. An rud a chuirtear san Earrach, baintear san fhómhar .... as dearcán beag bídeach a fhásann an crann darach. Is é bunchloch ghluaiseacht na Gaeilge anois agus

riamh ná na daoine agus coistí deonacha a thugann a gcuid ama, fuinnimh, saineolais agus spioraid ar mhaithe le cur chun cinn na Ghaeilge ina bpobal féin - ar mhaithe leis an bpobal agus an teanga a fhorbairt agus a threisiú. Bhí, Tá agus Beidh an Ghaeilge ag brath orainn uilig sa ghluaiseacht chun ár síolta féin a chur, le go mbeadh fómhar tairbheach le baint inár ndiaidh. Tá an t-ádh orainn mar phobal go bhfuil a lán daoine inár measc a thuigeann an dualgas seo, a ghlacann leis an dúshlán agus a chuireann a síolta beaga féin go laethúil. Daoine a bhfuil sásta cur leis an líofacht atá inár bpobal fhéin trí ranganna, ciorcal comhrá agus deiseanna eile cainte a chruthú sa phobal. Daoine a thuigeann an faitíos agus an bhuairt a bhaineann le himeacht a eagrú, an t-imní ag an tús an dtiocfaidh aon duine agus a thuigeann an sásamh a thagann ag deireadh imeacht a d’imigh go maith. Daoine a thapaíonn gach deis rogha Gaeilge a úsáid agus nuair nach bhfuil sé ar fáil a cheistíonn cén fáth, agus a théann i mbun gnímh chun an tseirbhís a chur ar fáil iad féin nó í a éileamh. Daoine a bhreathnaíonn ar TG4, cláracha Ghaeilge ar BBC agus RTÉ a éisteann le RnaG, Raidio Fáilte, Raidio na Life nó Raidió Rí Rá, a léann nós*, feasta, an tUltach agus

Tá AIB ar Shráid an Dáma

Chonradh na Gaeilge.

brodúil as an tacaíocht a thugann siad do

Buail isteach chugainn nó cuir glaoch orainn ar 01-6793211

Allied Irish Banks, p.l.c. is regulated by the Central Bank of Ireland.


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

seachtain. Daoine a thacaíonn le hearraí Gaeilge (m.sh. leabhair, T-léinte, cluichí, táirgí bia & dí, fóin phóca srl) fiú má tá siad uaireanta beagáinín níos daoire ná a macasamhail as Béarla - ar scáth a chéile a mhairimid. Daoine a roghnaíonn a n-ainmneacha agus sloinnte Ghaeilge a úsáid i ngach gné dá saoil agus atá sásta an t-ainm a litriú go minic agus an rogha a chosaint uaireanta, agus iad ag súil go mbeidh sé níos éasca don chéad duine eile an rud céanna a dhéanamh. Daoine a thógann ár bpáistí le Gaeilge agus tuiscint againn gach seans go bhfuil na páistí sin chun diúltú Gaeilge a labhairt linn ar feadh tréimhse éigin - rud atá iomlán nádúrtha sa phróiseas - ach leanann muid orainn leis an nGaeilge mar theanga theaghlaigh mar go mbeidh sí mar oidhreacht ag ár gclann inár ndiaidh agus tiocfaidh an lá go labhróidh siad lena sleacht féin í. Daoine a mbíonn orthu éisteacht le caitheamh anuas orainn agus ar ár dteanga go poiblí agus sna meáin, ar an raidió & teilifís, litreacha & altanna sna nuachtáin, ach a leanann ar aghaidh á labhairt go bródúil in ainneoin an maslaithe agus an easpa measa. mar “Is méanar dóibh siúd a d’fhulaing géarleanúint

mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas.” Tá an seomra seo inniú lán le daoine den chineál sin, agus is daoine mar sibh atá páirteach den fhorbairt agus dul chun cinn atá déanta ag ár dteanga agus ag ár bpobal thar na blianta. Is ón obair dheonach agus ón bhrú phobail a treisíonn muid ár gcearta, a gcuireann muid le líon Gaelscoileana, a forbríonn muid le líofacht inar bpobal agus gcuireann muid lena seirbhísí, áiseanna agus imeachtaí atá ar fáil dúinn. Is iad na daoine atá i mbun an obair dheonach seo an achmainn is luachmhara agus is tabhachtaí atá againn mar phobal Ghaeilge. Tá dualgas laidir ag Conradh na Gaeilge aitheantas, tacaíocht agus guth a thabhairt do na daoine seo. Is iad na daoine is fearr a thuigeann mianta phobal na Gaeilge ná pobal na Gaeilge iad fhéin. Tugann an Conradh ardán náisiúnta dúinn agus tá dualgas orm mar uachtarán go mbeidh guth an phobal sin le chlois go soiléir agus táim ag súil leis an dualgas seo ins an bliann amach romham. Go raibh míle maith agaibh, Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán

Glacadh leis an liosta comhbhrón seo: • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • •

Aengus Ó Riain Áine Mhic Fhionnlaíoch Barra Ó Conaill Bláthnaid Ní Uadhaigh Brian Ó Crualaoich Brian Ó Muirthile Caitlín Ní Mháille Caoimhín de hÁl Caoimhín Ó Marcaigh Carmel Ní Néill Charlie McGinley Conn Mac Cárthaigh Damhnait Ní Riordáin David Sowby Deasún Ó Briain Diarmuid Ó Muirithle Dóirín Mhic Mhurchú Dominic McKevitt Éamonn Kinch Earnán de Blaghad Eibhlín Ní Dhurcáin Éilis Mac Gabhann Emher Uí Fhoghlú Ena de Barra Gearóid Ó Broin Gearóid Ó Catháin

• • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • •

Íde Caomhánach Íosold Ní Dheirg Jacqueline Uí Mhuirí Joe Molloy John Lamb John McLoone John O’Donoghue Johnny McNioacail Leachlain Ó Catháin Liam Ó Conchubhair Liam Ó Cuanaigh Liam Ó hOisín Lt Col Brendan McGuire Máire Mhic Dhonnchadha Máire Stafford Máiréad Mac Craith Máirin Durack (Ferriter) Margaret Ó hÓgartaigh Mícheál (Jo Jo) Ó Loingsigh Micheál Ó Loingsigh Neasa Ní Annracháin-Ó Briain Niall Vallely Nollaig de hÁl Nora Ní Scanaill Patrick Ó Conmhidhe

• • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • • •

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

Paul Drury Peadar Mac Canna Peig Ni Mháille Phyl Mhic Fhionnlaioch Prionsias de Priondargat Rita Macken Rita Ó Fearchain Séamas Mac Gabhann Séamas Ó Bléine Séamus Ó Coisdealbha Seán Ó Ceallaigh Seán Ó hAllmhúráin Seán Ó Maolchallann Seoirse Mac Craith Shane Mac Thomáis Siobhan Mhic Gileáin Stiofán Ó hAnnracháin Stiofán Ó hUaithne Teresa De Lap Tomás Beausang Tomás Ó Laidhin Traolach Ó Gormain Úna Ní Dheirg Úna Ní Lachtnáin Úna Ní Lideadha Úna Ó Siochrú

89 19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

10. UACHTARÁIN CHONRADH NA GAEILGE (1893 - 2016)

90

1893 - 1915 1915 - 1916 1916 - 1919 1919 - 1922 1922 - 1925 1925 - 1926 1926 - 1928 1928 - 1933 1933 - 1940 1940 - 1941 1941 - 1942 1942 - 1945 1945 - 1946 1946 - 1949 1949 - 1950 1950 - 1952 1952 - 1955 1955 - 1959 1959 - 1965 1965 - 1968 1968 - 1974 1974 - 1979 1979 - 1982 1982 - 1985 1985 - 1989 1989 - 1994 1994 - 1995 1995 - 1998 1998 - 2003 2003 - 2004 2004 - 2005 2005 - 2008 2008 - 2011 2011 - 2014

Dúbhglas de hÍde (An Craoibhín Aoibhinn) (1860 - 1949) Folúntas Eoin Mac Néill (1867 - 1945) Seán Ua Ceallaigh (Sceilg) (1872 - 1957) Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942) An Dr. Seán P. Mac Énrí (1862 - 1930) Cormac Breatnach (1886 - 1956) Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne) (1868 - 1942) Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942) Liam Ó Buachalla (1899 - 1970) Seán Óg Ó Tuama (1912 - 1980) Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964) Seán Mac Gearailt (1916 - 2004) Liam Ó Luanaigh (1914 - 1998) Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964) Annraoi Ó Liatháin (1917 - 1981) Seán Mac Gearailt (1916 - 2004) Tomás Ó Muircheartaigh (1907 - 1967) Micheál Mac Cárthaigh (1911 - 1983) Cathal Ó Feinneadha (1928 - 2015) Maolsheachlainn Ó Caollaí (1939) Pádraig Ó Snodaigh (1935) Albert Fry (1940) Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach) (1918 - 1990) Íte Ní Chionnaith (1953) Proinsias Mac Aonghusa (1933 - 2002) Áine de Baróid (1950) Gearóid Ó Cairealláin (1957) Tomás Mac Ruairí (1939) Séagh Mac Siúrdáin (1958) Nollaig Ó Gadhra (1943 - 2008) Dáithí Mac Cárthaigh (1968) Pádraig Mac Fhearghusa (1947) Donnchadh Ó hAodha (1944)

2015 -

Cóilín Ó Cearbhaill

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

(1975)


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Dé Sathairn, 27 Feabhra 2016 Caisleán Bhaile Átha Cliath 09.30 10.00 12.00 12.15 12.45 13.00 13.15

Forbairt na hEagraíochta Plé ar na rúin de réir tosaíochtaí Vóta ar na rúin nár pléadh Tuairiscí ó na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha Caint Uachtarán an Chonartha Toghchán don Choiste Gnó Críoch

Ar fud Bhaile Átha Cliath 14.00 17.00

Turais stairiúla, iarsmalanna, ionaid chultúir, imeachtaí do theaghlaigh, ciorcail chomhrá, agus eile trí Ghaeilge ar fud chathair Bhaile Átha Cliath

Coláiste na Tríonóide Dinnéar na hArd-Fheise & Comóradh 1916 i bpáirt le hOifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide

19.00

Fáiltiú le ceol ó Tradsoc, Coláiste na Tríonóide Dinnéar na hArd-Fheise le: • Caint roimh bhéile: ‘Réabhlóid: Conradh, Teanga, Coláiste na Tríonóide’ • Dráma gairid le Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide • Ceant Rónán Ó Snodaigh & ceoltóirí eile Céilí agus Ceol COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí

91


Dé Sathairn 27.2.16

Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2016, Baile Átha Cliath

Dinnéar na hArd-Fheise Proinnteach Choláiste na Tríonóide Aidhm na hEagraíochta: Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann. Cuspóir na hEagraíochta: Is é cuspóir na hEagraíochta, daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile: (a)

cur le líon lucht labhartha na Gaeilge;

(b)

cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge;

(c)

cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear;

(d)

gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn;

(e)

cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge;

(f)

seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú;

(g)

stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge;

(h)

ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge;

(i)

aidhm agus cuspóirí na hEagraíochta a chraobhscaoileadh le briathar agus le gníomh.

Saintréithe na hEagraíochta: Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine. 87

COMÓRADH 2016 | Fís don Todhchaí


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.