Feasta | Samhain 2013

Page 1

Samhain 2013

• Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh • Gearrscéal: ‘Dídeanaí’ le hAodh Ó Domhnaill • Dánta le Mícheál Ó hUanacháin, Liam Prút • Scannánaíocht le Muiris Ó Meara agus go leor eile • Íomhá chlúdaigh: ‘Siúlach Scéalach’ le Bob Ó Cathail

€5

Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 11 ISSN 0014-8946



— Clár —

Eagarfhocal Samhain 2013

B

híodh sean­nath acu i dTiobraid Árann fadó ag druidim i dtreo dheireadh an tSamhraidh agus a gcúrsaí, dar leo, ar a dtoil acu: ‘The hay saved and Cork bet’, a deiridís. Cúrsaí iomána na Mumhan a bhíodh i gceist, gan amhras, agus b’shin tráth go mba thábhachtaí ag muintir Thiobraid Árann an bua a bhreith ar Chorcaigh i gCraobh na Mumhan ná aon ‘all Ireland’. Ar ndóigh, níos minicí ná a mhalairt b’ionann an dá rud. Conas mar atá an saol athraithe? Níorbh é bua an Chláir ar Chorcaigh i gcraobhchluiche na hiomána an t­ionadh ba mhó riamh, ach níl aon amhras ná gurbh ábhar iontais an cumas iomána a léirigh an fhoireann óg scafánta seo sa dá chluiche i bPáirc an Chrócaigh i mbliana. Tá a gcáil imithe i bhfad i gcéin. Féach go raibh an Guardian féin, scothnuachtán Shasana, ag déanamh iontais den ócáid. Bua mór, mar sin, a bhí ann agus bua a bhí tuillte go maith, ní hamháin ag foireann óg an Chláir, ach bua a bhí ann freisin do Chumann Lúthchleas Gael, a bhfuil oiread sin déanta acu le blianta fada chun an iomáint a fhorbairt agus a chur chun cinn i measc na hóige, sna bunscoileanna agus sna clubanna ó cheann ceann na tíre. Ní miste smaoineamh nach é bua an Cháir i mbliana amháin a léiríonn dul chun cinn seo na hiomána. Caithfidh gur ábhar sásaimh ar leith do CLG go bhfuil ag éirí chomh maith leis an gcluiche ársa i mBaile Átha Cliath. Níl aon amhras ná gur toradh é sin ar an obair agus ar an dícheall seo atá déanta go deonach ag a lán daoine san ardchathair.

M

ás dea­scéala ar fad staid na hiomána faoi láthair cad faoin bpeil? Tá sé de nós anseo againn le scaitheamh a bheith ag clamhsán faoi ghnéithe míthaitneamhacha agus mí­sportúla den sárchluiche seo, gnéithe a tháinig chun cinn le deich mbliana anuas. Murab é go bhfuil aon mhaolú mór tagtha ar na gnéithe seo, ar a laghad d’fhéadfaí a rá nach raibh siad chomh follasach agus a bhíodh blianta eile. Tá go leor nach n­athraíonn ó bhiain go bliain. Ceann de rúndiamhra an tsaoil sea cathain arís a bhuafaidh Maigh Eo Corn Mhig Uidhir, a gcéad cheann ó 1951. Ní hé nach raibh sár­imreoirí agus sárfhoirne acu ó shin. Go deimhin, thar na blianta ba bheag contae a bhí inchurtha leo ó thaobh scile agus cumais peile a n­imreoirí. Níor leor fiú teacht i réim an Taoisigh, mac an scoth­ pheileadóra Henry Kenny, chun a ngeasa droma draíochta a scaoileadh. Agus gan i gceist in aghaidh na nDubanna ach an t­aon chúilín beag suarach amháin! Ach pé a bhuaigh nó a chaill, ba shárbhliain spóirt a bhí ann arís eile. Táimid faoi chomaoin arís ag Cumann Lúthchleas Gael.

www.feasta.ie

3

• Eagarfhocal: Sárbhliain Spóirt ag CLG ........................ 3 • Smaointe Polaitíochta: An Saol Iar-Bhuiséid, le Seán Ó Loingsigh .................................................................... 4 • Amárach, Amanathar, le Mícheál Ó hUanacháin: Some day I will go to Aarhus, Heaney, ‘The Tollund Man’. Dán: Tír gan Teorainn le Sylvia Bledow ...................... 6 • Dídeanaí, gearrscéal le hAodh Ó Domhnaill .............. 7 • Casúireacht (Dán i ndilchuimhne ar Mhaidhc Dainín Ó Sé) le Liam Prút .......................................................... 9 • Siúlach Scéalach, Philip Nolan, Béal Feirste (1771-1801), le Mícheál Ó hAodha ........................... 10 • The Guts le Roddy Doyle, á mheas ag P. Bairéad ..... 12 • Duaiseanna Liteartha an Oireachtais .......... 12, 13 & 16 • Léirmheas le Síle Ní Mhurchú ar Irisleabhar Mhá Nuad 2013 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta ..................... 14 • Lán Dóchais is Grá, le Máirtín G. Ó Maicín ............... 15 • Tomás Bairéad; Rogha Scéalta, in eagar ag Aingeal Ní Chualáin, á léirmheas ag Brian Ó Curnáin ................ 17 • Saol na mBailte Fearann (Splancfhíric, 10 Iúil 2013) le Simon Ó Faoláin ........................................................ 18 • Ar Thóir ár Sinsear le Niall Ó Murchadha ................. 19 • Dancing at Lughnasa, An Bealach ’na Bhaile trí Mheán na Scannánaíochta le Muiris Ó Meara ...................... 22 • Séamus Ruiséal, 1934 - 2013, le Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge ............................... 25 • Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa ........................... 26 © Feasta agus na Scríbhneoirí • Clúdach: ‘Siúlach Scéalach’ le Bob Ó Cathail Stiúideo Ealaíne Solamar Baile an tSléibhe, Fionn Trá, Co. Chiarraí Fón: 353 (0)66 9159716 Rp: info@bobcahill.com S: www.bobcahill.com

REIVIÚ den Smaointeachas Éireannach litríocht, eolaíocht, polaitíocht • Feasta tríd an bpost! 12 eagrán tríd an bpost ar €75 (€100 lasmuigh den Eoraip) Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí. 353-(0)87-2421267 Suíomh idirlín: www.feasta.ie

• Eagarthóir Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire. Fón: 353-(0)66-7124169. Ríomhphost: feasta@eircom.net

• Foilsitheoirí CONRADH NA GAEILGE Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áit san iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.

Feasta, Samhain 2013


An baol is mó anois ná go bhfágfar an Seanad gan leasú!

I

s faoiseamh don rialtas é, gan amhras, go bhfuil buiséad na bliana seo curtha tharstu acu. Mar a b’amhlaidh riamh ní fhéadfaí gach dream a shásamh, iadsan is mó a luíonn an bhróg orthu dá thoradh, an sean­ dream, b’fhéidir, agus i gcodarsnacht leosan, an dream óg a ndeirtear linn go bhfuil eiseamláir de litir le fáil dóibh ó roinn éigin, más áil leo seoladh thar cuan amach ar thóir oibre.

Smaointe Polaitíochta

——◊—— An é an easpa léirmheasa, a raibh tagairt do níos luaithe, muran adhmhol­ adh lom a bhíonn i gceist, ba chúis le teip an rialtais ina n­iarracht deireadh a chur le Seanad Éireann? Níl amhras ná gur baineadh geit astu, ach i dtaca lena raibh le rá faoin mbuiséad nach féidir gurb é leas an rialtais é? Níl aon chruthú ann go gcuirfidh an diúltú seo as dóibh sa bhfadtéarma. Is é is cosúil nach le cion ar fad ar an Seanad, nó aon mhórchinnteacht maidir lena thairbhe, a vótáil daoine ar a shon, ach go raibh siad in amhras faoi cad chuige i ndáiríre a bhí an rialtas agus nach raibh ann ach stróc polaitíochta, nuair gurbh é leasú ar mhí­éifeacht na Dála agus forlámhas an rialtais maidir lena riar an t­ábhar a raibh práinn leis i ndáiríre.

Ní ag filleadh ar an drochshaol é, b’fhéidir, ach ar chuma éigin tá buiséad na bliana seo tar éis a chur ina luí ar dhaoine cad is brí le déineas mar leor­ leigheas ar ár gcúlú eacnamaíoch. B’fhearrde dóibh, mar a dúradh roimhe seo, dá dtugtaí an buiséad seo isteach an chéad bhliain i gceannas dóibh, nó an fíor go bhfuil cuimhne an phobail chomh gairid agus a luaitear leis? Ba dhóigh leat go raibh lucht an fhreasúra níos bríomhaire i mbliana ag díriú a ndíbhirce ar an rialtas, Sinn Féin agus neamhspleáigh, go háirithe, ach fiú Fianna Fáil féin, a bhí i mbaol a scólta pé huair a mbeadh sé de dhánaíocht in aon duine díobh a bhéal a oscailt maidir lenár ndrochstaid eacnamaíoch, bhí níos mó géire agus faobhair fúthu ag ionsaí an rialtais agus a mbearta crua sa bhuiséad. Uaireanta rithfeadh leat go bhfuil an rialtas seo ag éirí róshochma ar fad agus iad de shíor ag déanamh gairdis le chéile as a bhfuil déanta acu chun an tír a thabhairt slán as an ngábh inar fhág Fianna Fáil sinn. Tá cuimhne mhaith ag an bpobal ar an ngábh sin. Tá a iarsmaí thart timpeall orthu gan a bheith á chur i gcuimhne dóibh gach ré sholais, agus tá a ndíoltas agartha ar Fhianna Fáil acu gar do thrí mbliana ó shin. Tá sé thar am, mar a deirtear, bualadh ar aghaidh. De ghnáth is féidir brath ar na meáin chumarsáide, pé acu meáin chlóite nó meáin chraolta, chun srian a choinneáil ar mhóiréis agus ar bhogás lucht rialaithe, ach is beag fianaise go bhfuil a leithéid ag tarlú faoi láthair. B’fhéidir sa bhfadthréimhse nach é leas aon rialtais é nach mbeadh súil ghéar á coimeád agus léirmheastóireacht, pé moltach nó dímholtach, á déanamh ar a n­iompar agus a gcur chuige. Is ábhar iontais é maidir leis an mbuiséad seo, agus ag tagairt arís don tsochmaíocht a luadh níos luaithe, a www.feasta.ie

Rabbitte a leanúint, nó fiú dul níos faide ná é agus a shlán a fhágáil go huile leis an saol polaitíochta. Pé ní a deirtear, ní hé saol na bhfuíoll ar fad é.

Seán Ó Loingsigh laghad tionchair a bhí ag an Lucht Oibre, agus ag an Tánaiste féin air. Nach bhfuil cás sách láidir ann go bhfuil ualach na ngearrtha agus na gciorruithe ag luí thar cuimse orthusan is goilliúnaí nó is lú atá in ann iad a iompar, agus go bhféadfaí a bheith ag súil le tacaíocht níos bríomhaire ón bPáirtí agus ón Tánaiste araon maidir leis an ngné sin den bhuiséad. Is cinnte go bhfuil go leor i bPáirtí an Lucht Oibre, agus go háirithe i measc teachtaí dála an pháirti i mBaile Átha Cliath, a shíleann amhlaidh agus níorbh ionadh mór dá mbeadh níos mó le clos uathu san sna míosa atá romhainn. Lena gceart a thabhairt do na meáin, a rabhthas ag fáil lochta orthu níos luaithe, tá aird dírithe acu ar an gceist seo sa mhéid go bhfuil tagairtí déanta acu don iomaíocht ghéar atá ag teacht chun cinn le tamall anuas idir an Tá­ naiste agus an tAire Coimirce Sóisialaí, Joan Burton. Ceist eile ar fad , ar ndóigh, céard a shíleann an Tánaiste féin nó an mbeidh aon fhonn mór air téarma eile a chur isteach fiú mar Thánaiste. B’fhéidir go bhfuil ag rith leis gur chiallmhaire dó eiseamláir a chomhghleacaí Pat 4

I

s é an baol is mó anois ná go bhfág­ far an Seanad gan leasú, gan ath­ nuachan, díreach mar atá ó bunaíodh é, ach ina theannta sin nach raghfar i ngleic ach oiread leis na fadhb­ anna a bhaineann le riar na Dála ná an easpa feidhme a bhaineann leis vis a vis airí Rialtais agus a mbaiclí comhairleoirí. Ní hionadh go bhfuil cúlbhinseoirí, iadsan i bpáirtithe an rialtais go háirithe, míshásta de bharr an easpa tionchair nó ionchuir atá acu sa Dáil, agus go mbíonn orthu feidhmiú mar a ordaíonn príomhaoire dóibh faoi threoir ag Taoiseach nó Tánaiste. D’fhéach sé do go leor daoine go raibh an bealach inar ruaigeadh teachtaí as páirtí Fhine Gael thar fóir, agus bhí a leithéid chéanna i gceist i gcás an Lucht Oibre. Bíodh go nglacfaí leis go bhfuil córas réasúnta smachta riachtanach, nuair atáthar ag brath ar leagan amach na bpáirtithe polaitiúla chun an tír a rialú, níor mhiste leis go mbeadh saoirse réasúnta i gceist, gan an córas a bheárnú agus a chur ó mhaith. Shílfeá go mba leor go gcaillfeadh leithéid Lucinda Creighton a post mar Aire Stáit in áit í a dhíbirt as an bpáirtí ar fad. ——◊—— Tá an tAire Airgeadais go coitianta na laethanta seo ag cur ina luí orainn conas mar atá an tír tugtha slán ó ansmacht na Triúrachta ón AE agus an Feasta, Samhain 2013


Coinníollacha dochta, mar ualach orainn féin agus ar ár sliocht IMF. Táimid mar a mhaíonn sé go coitianta ar tí ár bhflaithiúnas a bheith bainte ar ais arís againn. Ní dócha gur aon ionadh mór é, ná aon rólocht air, go dtugann sé le tuiscint dúinn gur gaisce dá chuid féin ar fad atá curtha i gcrích aige, sea b’fhéidir, le beagán beag cabhrach óna chomhghleacaí an tAire Howlin. Is polaiteoir é a bhfuil aistear fada curtha de aige agus más fíor é féin, níl deireadh a chúrsa tugtha go fóill.

I

s cuid den scéal seo leis, ar ndóigh, go raibh an polasaí déineachta a chuir an Triúracht úd i bhfeidhm orainn riachtanach chun sinn a chur ar

bhóthar ár leasa. Is fíor nach raibh aon éaló ach an t­easnamh inár mbuiséad a chealú tar éis na tubaiste eacnamaíche. Ba chúram dúinn féin é sin, le pé cúnamh a bheadh ar fáil dúinn ón Eoraip, ón IMF nó pé áit eile. Ach ní raibh an cúnamh sin thar cuimse fial nó gan coinníollacha dochta ag gabháil leis, coinníollacha a bheidh mar ualach orainn féin agus ar ár sliocht sna blianta rómhainn. Níl aon ní thar cuimse fial ach oiread leis an bhfaoiseamh a bhain leis na nótaí gealltanais úd, ná go deimhin le haon fhaoiseamh a fhéadfadh a bheith ar fáil ar ball maidir leis na billiúin a caitheadh ar tharrtháil na mbanc.

Is fiú cuimhneamh go raibh na rátaí úis a bhí i bhfeidhm sna blianta rabairneacha an­íseal agus iad curtha in oiriúint don Ghearmáin go háirithe ag an am sin. Ní raibh siad in oiriúint don tír seo. Bhí, mar is eol dúinn, airgead ón iasacht agus ón nGearmáin go háirithe á infheistiú go trom anseo, airgead atáimid ag aisíoc anois. Ní hiad na bainc atá á aisíoc ach cáiníocóirí. Ní, ach oiread, chun éaló ó aon fhreagracht dár gcuid féin atáthar, ach d’fhonn a bheith níos soiléire faoi conas mar a tharla. Ní orainn amháin a bhí an locht. Níor mhiste a bheith ag súil go ndéanfaí iniúchadh ceart ar an scéal seo ar fad ag pé fiosrúchán a deirtear linn a dhéanfar uair éigin amach anseo. An dtarlóidh an fiosrúchán seo go deo? Ní féidir a bheith cinnte faoi. Is féidir nach n­oirfeadh a leithéid do pholaiteoirí, pé an iad polaiteoirí an lae inniu iad nó an dream a bhí ann rompu, bíodh nach chun an milleán a leagan orthu nó a roinnt eatarthu a bhaineann a thábhacht. D’fhéadfaí a bheith ag súil leis go mbeadh páirtí an Lucht Oibre níos gníomhaí faoin gceist seo ach gur roghnaigh siad bealach eile, bealach Frankfurt, gan amhras. ——◊——

T

á na tréanfhir ag imeacht uainn go tiubh. Tharla dom a bheith in ospidéal le déanaí in aon bharda le Maidhc Dainín. Mura raibh sé i mbarr a shláinte, ba é mar ba ghnách leis croílár an chomhluadair é, ag cur gach duinne ar a s(h)uaimhneas, idir othair agus bhanaltraí, agus é idir Ghaelainn agus Bhéarla. I measc a thréithe eile is aige a bhí bua na cumarsáide. Cúpla seachtain ina dhiaidh san bhuaileas leis arís agus sinn ag freastal ar an dochtúir céanna i gCorcaigh agus gan aon choinne againn, nó agamsa go háirithe, gurbh é sin ár gcómhrá deireanach. Cúpla seachtain ina dhiaidh sciob an bás Séamus Ruiséal, tréanfhear eile a chaith oiread sin díchill agus dúthrachta leis an nGaelainn agus leis an múin­ teoireacht, agus gan dearmad a dhéanamh ar na blianta a chaith sé ina eagarthóir cumasach ar an iris seo. Agus ba bhreá an comhluadar Séamus leis. Leaba i measc na naomh dóibh beirt agus ár gcomhbhá lena muintir araon. — Críoch Feasta, Samhain 2013


Amárach, Amanathar Some day I will go to Aarhus Heaney, ‘The Tollund Man’ I Cú ar leith a aithníonn bolaithe iomadúla an bháis, feo na bhféithleoga, dreo na matán, fiú galúnú na feola. Imíodh na blianta, tabharfaidh a shoc suntas don searbhú ithreach, do chailciú na gcnámh, do na poill dhorcha ar shúile lá iad. Tá col gairid aige leis an mbrocaire loirg, a chuartódh nead in uachais ar shála easóige, nó le Cŵn Annwn go fíochmhar i mbun réimeas na gcoillte ag lorg fia nó sionnach féin, agus le Garmr trodach nár leasc leis a chuid féin a mharú. Is fada scoite a chine ón madra caorach, a shúil ghéar ar an tréad is a bhith féin ina chomhartha treorach dóibh, nó le cú na tairsí atá sásta an lá a chaitheamh le hais an gheata ach fainic a fhógairt roimh theacht strainséara. Ach an méid seo i gcoiteann: ní dhéanann tuairisc ar obair an lae; ní shamhlaíonn malairt. An gcuimhníonn ar a sinsear mactíre?

II Suímid thart ar thine chnámh mar a suítí fadó le haois gadhair, le cuimhne na ndaoine, an chreach­ainmhí á róstadh, na madraí ina luí sa teas, saothar anála orthu i ndiaidh na seilge, fuil le soc an alfa cheannasaigh a phrioc an ghreim marfach i scornach an fhia. Tar éis na fleá beidh damhsa á dhéanamh a inseoidh scéal an lae mar a insítí fadó le cuimhne na ndaoine, i gcuimhne na ndaoine. Seo é an searmanas, an pátrún diamhair á fhí i lasracha na tine, in éirí an deataigh. Seo í an íobairt laethúil a thairgimid do na déithe a bhí is a bheidh, Balor cois teallaigh as an nua ár mealladh lena ghealltanais. Agus diaidh ar ndiaidh, i ndeireadh na hoíche, in ídiú an deataigh os solas na gcoinnle is iad ag tráthadh, cumtar na haislingí nua lena gcur in áit na bhfíseanna a bheidh á gcaitheamh uainn. Ach in imeacht na gcoinnle imíonn an ócáid.

Tír gan Teorainn le Sylvia Bledow

Agus is timpeall mar sin agus timpeall a théann na coinbhleachtaí caoine. Gach éinne go discréideach ag iarraidh discréid an duine eile a shárú. III Riascach cladaigh a bheidh ann, an móinéar breá gleanna, agus cíb is seisc is giolcaigh ó bhun an chnoic a fhásfaidh ar chiumhais an chuain. Beidh an ithir dhúrabháin ina glóthach shaillte lán le cac lachan is bualtrach bó, taos a dhéanfaidh réabán láibe in ionad páirceanna barraí cois trá. Ní bhainfear fómhar ar bith san áit ó chuir an miléarach ruaig ar an bhféarach is an lugach ar a chomhphéist talún. Blide mhara agus bundún leice a chífear in áit sheilide is chaisearbháin. An uair sin, séideann an stoirm gan faoiseamh agus is é tuileáil an mhonsúin comhartha sóirt na séasúr. Is níl tú ann le samhlú dúinn cén cineál marú deasghnách a fhágfadh corpán diamhrach sa phortach nua sin.

Mícheál Ó hUanacháin

Agus aimsímid. Cá bhfuil an teorainn idir mo bhéal agus do bhéalsa? Idir mo chuid craicinn agus do chuidse? Idir mo chroí agus do chroíse? Cé thusa? Cé mise? Cé muidne? Níl aon domhan ann ach an domhan s’againne Nó is dochuimsithe an domhan seo. Ní uair ghoidte ár gcoinne­se Ach turas taiscealaíochta, Turas isteach Sa tsíoraíocht é.

Tá sé ina bhrádán gan stad, Deora éadroma boga san aer. Ceanglaíonn snáitheanna míne an spéir don talamh, Do­aitheanta bun na spéire. Bogann imlínte an domhain inár dtimpeall le caoineas an cheobhráin. Níl aon ghleo ann ach mionchnagaireacht shéimh na fearthainne. Tá boladh torthúil an earraigh ag éirí aníos as an úir. ’Sé an bogach báite ár leaba is an ceo dlúth ár bpluid. Ár súile dúnta, Osclaímid ár mbéil, Fáisctear ár ngéaga, iad ag cuartú a chéile www.feasta.ie

Imíonn cuimhne na hócáide, imíonn íomhá na cuimhne, imíonn samhail na híomhá, agus sprioc na samhla agus ócáid na sprice i ngealadh an lae.

6

Feasta, Samhain 2013


DÍDEANAÍ Scéal le hAodh Ó Domhnaill A ceathair a clog tráthnóna. Teach tábhairne i nDaingean Uí Chúis. Suite ag bord ann tá fear óg gorm, pionta os a chomhair agus é ag féachaint ar chluiche sacair ar an teilifís in airde. Isteach le Máire agus Joan, beirt óg­bhan sna déaga. Suíonn siad ag bord trasna an tseomra uaidh. Is go ciúin a thosnaíonn a gcomhrá. ———◊——— ‘Sin thall é.’ ‘Nílim dall, a Mháire.’ ‘Bhí sé suite anseo tráthnóna inné chomh maith. Cad is dóigh leat?’ ‘Nílim cinnte, cén fáth gur tharraing tú isteach anseo mé?’ ‘Bhí fhios agam go ndéanfása léamh air níos fearr ná mise’. ‘Déarfainnse gurb as an gCongó dó’. ‘Nó as an Nigéir...?’ ‘An Congó, cinnte’. ‘Conas mar a bheadh fhios agat, gan ceist a chur air?’ ‘Aon ghá le ceist, má dheineann duine léamh ar na comharthaí sóirt’. ‘Cé na comharthaí sóirt?’ ‘Na sainchomharthaí, mar a déarfá. Bíonn marcanna beaga gearrtha ar a n­aghaidheanna. Ar an gcliabhrach chomh maith, uaireanta. Ná bí ag stánadh, ’Mháire’. ‘Ní léimse orthu ach na súile móra. Agus na fiacla geala bána nuair a dheineann siad gáire, cé nach bhfuil aon gháire déanta ag mo dhuine go fóill.’ ‘Siad na comharthaí treibhe atá i gceist agam. Creid uaim é – is as an gCongó dó siúd. Nach ansin a bhí mo sheanuncail. Katanga, sna seascaidí.’ ‘Cad a rug ann é? Bhí sé ina shagart ar na missions, is dócha?’ www.feasta.ie

‘Leis an Arm a bhí sé... leis na fórsaí síochána ag na Náisiúin Aontaithe. Tá na grianghrafanna sa bhaile againn. Agus mhínigh Uncail Tommy dúinn cad iad na difríochtaí idir lucht Balonga agus lucht Bemba agus na Balotsaigh agus na Balúbaigh. B’iad na Balúbaigh ba mheasa ar fad acu. Gránna amach is amach. B’shin a deireadh sé i gcónaí. ‘An dóigh leat gur Balúbach é siúd thall? Níl cuma ró­ghránna air. ‘Ní déarfainn é. Balongach, b’fhéidir, nó ó cheann de na treibheanna sa deis­ ceart. Tá cuma an teifigh air, nach bhfuil. Tagtha anseo ar thóir dídine.’ ‘Níl cuma an bhochtanais air. Ar thugais na Pumas fé ndeara?’ ‘Curtha ar fáil ag an HSE, déarfainn.’ ‘Agus na chinos. Ní ón mBord Sláinte a tháinig a leithéid. ‘Ach d’aithneoinn gur dídeanaí é ón gcuma sórt buailte atá air. Tá níos mó den saol feicthe aige siúd ná mar a fheicfidh tusa ná mise go deo, ’Mháire. Marú. Gorta. Cogadh. Cine­scrios.’ ‘Cén “cine­scrios”?’ ‘Más leis na Balongaigh a bhaineann sé, mar a shílimse, is beag dá mhuintir a bheadh fágtha beo.’ ‘Conas san?’ ‘De bharr gur tháinig na treibheanna aduaidh sa mhullach orthu go minic le blianta beaga anuas. Bhí Uncail Tommy á insint dom. ‘Inis tusa domsa.’ ‘Gach seans gur ina gcodladh a bhíodar. É féin is a mhuintir ina gcodladh sa bhothán aon­seomra inar mhaireadar i Chilúbí, gan fhios acu go raibh suas le céad namhad chucu sa dorchadas. Ní raibh muscailte ar an mbaile ach coileach nó dhó. Bhí na madraí fós ina suan cois luaithrigh, nuair a tosnaíodh ar an ionsaí. Piléir á scaoileadh. Tóirsí tine á gcaitheamh in airde ar na díonta luachra. Páistí ag muscailt is ag glaoch 7

ar a máithreacha. Fir ag rith amach ar an tsráid gan ina lámha acu ach bata nó tua, b’fhéidir. Cad a b’fhiú tua in aghaidh Khalashnikov!’ ‘Cad is ‘Khal­ash­nikov’ ann?’ ‘’Chríost,’ Mháire, tá’s ag gach éinne gurb é an raidhfil automatic is saoire agus is coitianta san Afraic é. Cúpla scór Bhalongach marbh ar an toirt. Agus Totsi bocht istigh sa bhothán ag iarraidh aire a thabhairt dá Mham agus dá dheirfiúracha beaga. Ní raibh aige ach an cúig déag is bhí a Dhaid sínte amuigh ar an tsráid.’ ‘Ach cérbh é Totsi?’ ‘Mo dhuine thall, cé eile.’ ‘Cá bhfios duit cén t­ainm atá air?’ ‘I measc na mBalongach, sé sin an t­ainm is coitianta ag an mac is sine. Ar aon nós, bhrúigh a mháthair amach ar chúl é, é féin is na cailíní beaga, amach trí pholl sa bhfalla cúil. Is rith siad trí ghort an arbhair i dtreo na foraoise, na cailíní ag caoineadh de bharr nár lean a Mam iad. Is dócha nár thuig ach Totsi cén fáth gur fhan sí siar. An bhean bhocht.’ ‘Cén fáth gur fhan sí siar?’ ‘Chun moill a chur ar na saighdiúirí aduaidh! Thuig sí gur fearr an seans a bheadh ag na páistí dá bhfanfadh sí féin ar na barbaraigh, dá ndéanfadh sí an íobairt sin. Thug Totsi a shracfhéachaint dheireanach ar a bhaile dúchais – bladhmanna tine go spéir agus madraí buile ag rás ar fud na háite – agus dheifrigh isteach sa choill. Millie ar láimh amháin aige agus greim ag Nakamba ar an láimh eile. Do rith is do ritheadar go dtí nach raibh timpeall orthu ach an ciúnas. Ar shlí, ba mheasa an caoineadh ag Millie agus Nakamba nuair nach raibh mórthimpeall ach an ciúnas. Shiúil siad leo, ar chosáin chaola na foraoise, gan de threoir faoi Totsi ach treo na gealaí, ón gcorr­rad­ harc a bhí aige uirthi trí bharr na gcrann. Siar leo i gcónaí is gan le Feasta, Samhain 2013


cloisint ó na cailíní ach snag nó pusaíl anois is arís. ‘Cén fáth gur siar, seachas soir, ’Joanie?’ ‘Bhí sórt tuairime ag Totsi gur thiar a bhí cónaí ar sheanmhuintir a mháthar, ach ní raibh sé cinnte. Aon éiginteacht a bhí air, cheil sé ar na cailíní é. Threabh­ aigh sé leis, ag iarraidh misneach a choimeád leo. Bhíodar maith go leor go dtí gur shroiseadar an Abhainn Mhór agus sin sa tslí orthu ar maidin. Abhainn mhór ghlas­liath agus í seachtó nó ochtó méadar ar leithead.’ ‘Ní raibh aon droichead, is dócha, ná bád farantóireachta? ‘Nach raibh snámh acu, snámh maith láidir. Water­babies cearta b’ea iad. Isteach leo triúr, Totsi chun tosaigh, Millie díreach ina dhiaidh agus Nakamba ag lapadáil léi ar chúl. Bhí Totsi á ngríosadh thar a ghualainn chlé agus é ag snámh níos moille ná a chumas, ar mhaithe leo, nó gur shrois sé an bruach thall. D’éirigh Totsi amach as an uisce, rug sé greim láimhe ar Mhillie, ach nuair a d’iarr sé an cúnamh céanna a thabhairt do Nakamba, ní raibh ann ach… Ó, Nakamba bocht! Tásc ná tuairisc!’ ‘Cá raibh sí? An raibh an sruth ró­láidir di?’ ‘Crogall! Bí cinnte gur crogall a sciob! Shleamhnaigh an bastard go ciúin ina diaidh, gan le feiscint os cionn uisce ach a smut, nó go raibh sé i riocht a ghialla gránna a leathadh mórthimpeall uirthi. Sneap mear sarar thuig sí gurb ann dó agus ansin slogadh mall fo thoinn! ‘Go bhfóire Dia uirthi! Bás gránna!’ ‘Bás tapaidh. Ach ba dheacair sin a mhíniú do Mhillie. Bhí Millie thuas aige anois, ag marcaíocht ar a ghuaillí. Thuig Totsi go mba gheal léi marcaíocht in airde agus a deartháir mór á stiúrú aici, de ghreim an dá chluais air, mar a dhéanfá ar eilifint. Siar leis i gcónaí i dtreo na gréine tráthnóna, agus rannta beaga agus stéibheanna amhrán á n­aithris aige chun croí Mhillie d’ardú. De réir a chéile, bhraith sé a ualach níos troime agus níos troime. Agus, cuimhnigh nach raibh innti ach cailín beag in aois a cúig bliana.’ ‘Thiocfadh tuirse ar eilifint, tar éis lá chomh dian. Arbh é go raibh sí titithe ina codladh? ‘B’shin a cheap Totsi chomh maith, go dtí gur shleamhnaigh sí anuas ina www.feasta.ie

bhaclainn agus is ansin a thuig sé go raibh a dhá súil ar leathan­oscailt. Chraith sé í. Labhair sé léi. Chraith sé arís í. Ansin sea tháinig sé ar an dá spota bheaga dhearga ar chúl a muiníl. Mar a bheadh dhá pholl bheaga, dhá bhraon fola, agus an fheoil mór­ thimpeall ataithe ag an nimh.’

‘Ina psycho ceart a bhí sé, ar feadh tamall de bhlianta. Ach go gcuirfeá an locht ar an droch­chomhluadar. Sórt zombies a bhí iontu. Ainmhithe óga allta. Fuair go leor acu bás ag troid in aghaidh treibheanna eile nó póilíní rialtais. Thit go leor eile le galair iomadúla.’

‘Cén nimh?’

‘Ach mhair Totsi.’

‘Ag nathair éigin nimhe, cad eile! Millie in airde ansin ar a ghuaillí agus géaga na gcrann crochta anuas i ngar di – is dócha gur chuimil sí nó gur mhuscail sí í agus níor ghá di ach a ceann a ghobadh is a fiacla beaga géara a shá i gcúl muiníl. Gach seans gur mamba dubh a bhí ann. Is iad is measa ar fad. Ceithre nó cúig nóiméad, a deirtear.’

‘Mhair, ar éigean. Ní fios cén chríoch a bheadh leis murach gur dhein sé éalú gan réamhchoinne. Bhí ionsaí eile déanta acu, ar bhaile neamh­ urchóideach eile. Bhí na díonta trí thine, na fir ag béicíl, na leanaí ag caoineadh. Agus bhí Totsi istigh ina measc, é ag scaoileadh leis gan trua, nuair a chonaic sé an bhean seo chuige. Amach as bhothán réabtha a shiúil sí agus páiste á iompar ina baclainn, ciocu beo nó marbh ní bheidh fhios go deo. D’iompaigh Totsi ina treo, an Khalash­ nikov sínte réidh, agus bhfuil fhios agat cad a rinne sí, an bhean anaithnid sin...?’

‘Bhrisfeadh sé sin do chroí!’ ‘Bhuel, níor bhris sé croí Totsi. Bhí mianach crua ann. Chuir sé Millie bocht faoin gcré rua agus roinnt cloch sa mhullach uirthi chun nach ndéanfadh hyena aththochailt uirthi. Dhá lá ina dhiaidh sin, tháinig sé ar an mBóthar Mór agus is suite lena ais sin a bhí sé nuair a thángthas air. Ní mó ná buíoch a bhí sé nuair a thuig sé cérbh iad lucht a ‘shlánaithe’. Na Balúbaigh, an babhta seo. ‘An rabhadar sin go dona?’ ‘De réir m’uncail, b’iad ba mheasa ar fad. Agus fíoradh sin i gcás Totsi. Is é an trua nár cailleadh sa bhforaois é. Dá dtuigfeadh sé cad a bhí i ndán dó ar feadh dhá bhliain....’ ‘Bhuel, ar a laghad, níor dhein siad marú air. ‘Níor dhein. Cén fáth go ndéanfaidís? Bhí sé ina dhéagóir lúfar láidir, go maith in ann Khalashnikov a iompar. ‘Ach tá súil agam nár úsáid sé riamh é.’ ‘Aon rogha aige! Ní cumann carthannachta ná seirbhís dídine a bhí á reachtáil ag na Balúbaigh chéanna. Creach a bhí uathu, eallach nó ór nó seoda luachmhara nó airm nó piléir. Agus mná á bhfuadach acu chun an stuif a iompar. Agus mar chomhluadar oíche. Ach go mba mheasa ar fad ag na leaids óga, na déagóirí fir. Brúdh drugaí agus alcól orthu. Múineadh dóibh conas marú a dhéanamh, go neamh­ thrócaireach, ar éinne nárbh fhiú a thabhairt leo.’ ‘Tú ag rá liom gur mharaigh Totsi daoine bochta? Ní shamhlófá sin, ag féachaint air...’ 8

‘Scréachaíl? Mallacht a chur air?’ ‘D’fhéach sí san aghaidh air, dhein miongháire deas caoin, agus shín sí chuige corp a linbh. Do shín, le miongháire beag caoin! ‘Caithfidh go raibh sí glan as a meabhair!’ ‘Níor fhan Totsi lena fháil amach. Chaith sé uaidh an gunna agus theich – amach ón scliúchas, isteach sa bhforaois agus away leis. Ba dhóigh leat go raibh an mháthair bhocht sin á leanacht nó ar a thóir. Is dócha gur chuir sí a mháthair féin i gcuimhne dó, gur spreagadh náire úrnua ann. Ach bhí greim na mBalúbach briste. Chaith sé na míonna sa choill, gan de chomhluadar aige ach an éanlaith agus na feithidí.’ ‘Níor tháinig na Balúbaigh air arís? ‘Bhí an t­ádh dearg leis gurbh iad na misnéirí ó Sale Paldo a tháinig air, sean­ sagairt ón bPortaingéil a bhí fós ag saothrú sa taobh sin d’Angóla. ‘Conas “Angola”. Dúirt tú gur sa Chongó a bhí sé.’ ‘Toisc go bhfuil Angola taobh leis an gCongó, a Mháire. An id chodladh a bhís sa rang tíreolais? Tháinig na sean­ sagairt air agus thugadar an­aire dó. Tháinig sé chuige féin de réir a chéile. Níor labhair sé ar feadh i bhfad.’ ‘Ní raibh an Phortaingéilis aige, ar ndóigh.’ Feasta, Samhain 2013


‘Ná mórán eile, ar feadh tamaill. Bia blasta agus grá gan cheist, b’shin a thug na seansagairt dó. Ansin, maidin amháin, d’éirigh sé agus d’imigh leis, ag hitch­eáil siar i dtreo an chósta. Bhíodh go leor leoraithe móra ag dul siar, le lastaí copair nó guail. Thóg sé coicís ar Totsi an cósta a bhaint amach agus nach air a bhí an t­iontas. An fharraige, an dtuigeann tú – ní fhaca sé a leithéid riamh cheana. Ach b’é an calafort a bhí uaidh. Long a bhéarfadh i bhfad ó bhaile é. ‘Cén long a bhéarfadh ó Angóla go hÉirinn é?’ ‘Ceann ar bith, ach go hindíreach. Sclábhaíocht sa chistin a rinne sé ar sheanbhád meirgeach. Trí seachtaine a thóg sé orthu dul go dtí an Phortaingéil. Ní raibh pas ná páipéirí aige. Bhí air bogadh leis de shíor, siar ó thuaidh, thar na sléibhte isteach san Fhrainc, obair á lorg nuair a bhuaileadh an t­ocras é. Faoi dheireadh, bhain sé Normandy amach. Tuigeann tú cad a tharla ansin, ar ndóigh...’

nuair a mhuscail sé ar an mbád, ní raibh fhios aige cá raibh a thriall an babhta seo. Faoi ghlas sa container a bhí sé, gan fáilt amach aige go mbainfidís ceann scríbe amach.

‘Ach bhí d’uncail sa Chongó agus tuigeann tusa cér díobh é agus conas mar a bhí an saol thall aige. ’Chríost, Joanie, nach bhfuil sórt aithne agatsa air cheana féin!’

‘Caithfidh go raibh sé préachta!’

‘Ní mór domsa bualadh le Mam, chun lift d’fháil abhaile.’

‘Níorbh aon leoraí bia é. Púdair níocháin agus clúidíní agus a leithéid. Sioc ar bith air. Luigh sé siar i gcúl an leoraí, is dhein cogaint ar chuimhní a óige gur éalaigh sé amach, luath ar maidin, i gcarrchlós anaithnid, sa dúthaigh seo. Bhí sé landáilte. Deireadh leis an bhfánaíocht. Is dócha gur thuig sé nach bhféadfadh sé dul níos faide siar ná seo.’

‘I beg your pardon...?’

‘An mbeadh aithne aige ar éinne anseo timpeall,’ Joanie?’

‘You came all this way. You must be exhausted.’

‘Ní déarfainn é, seachas ar chúpla oifigeach ón Údarás Sláinte. Cúpla banaltra.’

‘Yesterday. We flew in yesterday to Farranfore. From Sheffield.’

‘Agus bheidís siúd meánaosta.’ ‘Caithfidh go mbíonn an­uaigneas air. Tá sé thar am aige aithne a chur ar chúpla duine leathnormálta, nach bhfuil. Cuir caint air, Joanie.’

i ndilchuimhne ar Mhaidhc Dainín Ó Sé Mhair sé sa chasúireacht faoi ord agus eagar an oird: ceithre ballaí adhmaid ina thimpeall, clár dín os a chionn: Mhair sé sa chasúireacht ag cur tairní trí na ballaí, á dtairneáil dá chéile is don díon adhmaid. San idirshuan bhaineadh amach na tairní le ladhracha an chasúir ceann ar cheann agus leanadh na ballaí ag titim isteach ina chéile ina mhullach, an clár dín ag seimint na gaoithe ag fanacht go dtitfeadh sról na hoíche mar bhlaincéad, go dtitfeadh tigh an chnagaire: www.feasta.ie

Amach le Joan. Beireann Máire greim ar a misneach agus téann sí trasna go dtí an bord eile.

‘Agus sin tuillte go dian aige.’

‘Lidl, cad eile.’

Casúireacht

——◊——

‘Ga’ mo leithscéal. I’m sorry for your troubles, Mr. Totsi.’

‘Bheadh.’

‘Leoraí mór le Lidl, lan d’earraí oll­ mhargaidh! D’imigh Totsi i bhfolach ann, i lár na hoíche sa chalafort, agus

‘Íocfaidh mise as an gcaife. Slán go fóill.’

‘Suaimhneas faoi dheireadh.’

‘Ní thuigim.’ ‘Cén ‘Lidl’?’

‘Bhfuil tú chun mé d’fhágaint anseo? Im aonar leis siúd?’

‘Níor mhaith liom cur isteach air.’

Mhair sé sa chasúireacht: nuair nach raibh tairne fágtha le bualadh le camadh, ná le stoitheadh d’éisteadh sé leis an gceol sna crainn timpeall an tí agus thosaíodh ag smaoineamh ar ghaibhneacht na mbodhrán, na ndrumaí laimbeig mór, na dtiompán. Mhair sé sa chasúireacht chrainn a lom an fómhar mar chaora ag cur tairní sna géaga de réir mar d’fhéad sin géag ar ghéag ina gcros adhmaid gan díon Dhuilligh an t­earrach a chrann, a dhair gan chrích gur chroch sé seol sa ghaoith a bhíonns ag seimint le gíoscán clár sa suaill mhórfharraige ag a chasúireacht bhinn: 9

‘What?’ ‘And I must say you have lovely golf­ courses round here. George Randle’s the name...’ Síneann sé lámh chuici. Cúlaíonn sí. Spréachann sí. ‘God, but you’ve an awful nerve! Sitting there... confusing people!!!’

Sin é a thugas sólás dó, an chasúireacht, go gcur a chéasadh i gcrích: atann is crapann é osclaíonn is dúnann é amhail fear le consairtín Is an uair fhánach a dtéid sé ina cheann go bhfuil a lóistín róphollta le tairní amhail criathar an chócaire is nach bhfanfaidh na ballaí a thuilleadh ag suirí lena mhullach catach crainn cuireann fógra le bioráin sa ghaoith go bhfuil an tigh ar díol: Ar maidin nuair a dhúisíonn sé tú lena bhog­chasúireacht chaoin tá an t­áras ina shuíomh gan maide is gan sreang gan ballaí is gan cheann lán macallaí na ngleann.

Liam Prút 03/09/2013

Feasta, Samhain 2013


SIÚLACH SCÉALACH Philip Nolan, Béal Feirste (1771 – 1801), trádálaí capall

le Mícheál Ó hAodha

T

sin, seans go ndéanaimid dearmad uaireanta ar chumhacht na nuatheicneolaíochtaí eile atá fós i dtosach a réime. Cumhacht an idirlín, cuir i gcás.

Fuaireamar spléachadh ar an bpláinéad Mars féin ní fada ó shin. Ealaín thar a bheith cumhachtach is ea an scannán­ aíocht. B’in tuairim an scannánóra Rúisigh Andrei Tarkovsky (1932­1986) ar aon chuma. Ba ghnó thar a bheith dáiríre é

Más in Iarthar an domhain atá tú ag cur fút, tá ar do chumas anois nath cainte nó ainm duine nó rud ar bith is mian leat a chur isteach sa bhosca cuardaigh sin agus away leat. Is féidir leat ligean ort féin gur bleachtaire nó spiaire tú! Inspector Clouseau, más neach beagáinín craiceáilte agus místuama tú nó Columbo féin! (Bhí aithne agam féin ar fhear, ball den Lucht Siúil i Luimneach, agus thaitin sé leis ligean air féin go mba é Columbo é. Théadh sé amach ar maidin agus é ag míogarnach leis féin faoi mar a bheadh sé ag obair ar chás bleachtaireachta an­tábhachtach ar fad! Mhair sé i ndomhan brionglóideach na samhlaíochta formhór an ama agus cé a thógfadh air é?) Is féidir eolas ar na sean­Ghaeil a bhailiú anois trí mheán an idirlín. Iad siúd ar dhíbir na Sasanaigh chun na hAstráile iad, abair, nó na baill sin den diaspóra Éireannach nach gcloistear mórán fúthu sa lá atá inniu ann: na neacha sin a raibh crógacht agus fuinneamh as an ngnáth sna cuislí acu. Leithéidí Philip Nolan mar shampla.

á an domhan ag éirí níos lú. Sin a deirtear. Ag tagairt do dhomhan na cumarsáide atá mé. Tá domhandú ar siúl, a bhuíochas sin do chumhacht na teicneolaíochta nua. An mbeidh ollchultúr coiteann amháin againn amach anseo? Cá bhfios? Seans nach dtuigimid i gceart fós an chumhacht atá ag an teilifís agus ag an scáileán – an íomhá chorrach sin sa chúinne. Gach oíche nach mór, táimid ag coinneáil súile ar chúrsaí sa Bhruiséil agus i dtíortha atá i bhfad uainn. Feicimid pictiúir agus íomhánna cogaíochta ón tSiria agus ón Liobáin, cuid acu a taifeadadh go rúnda, amhail is go rabhamar féin ansin, ar na sráideanna fuilteacha gainmheacha céanna.

——◊——

T

rádálaí capall nó mangaire ba ea Philip Nolan, fear a rugadh i mBéal Feirste sa bhliain 1771. Peter Nolan ab ainm dá athair agus ba í Eliza­ beth Cassidy a mháthair agus is cosúil gur cuireadh oideachas maith ar Philip óg. An bád bán a bhí i ndán dó, mar aon leis na mílte Éireannach eile sa tréimhse sin agus is i ndeisceart na Stát Aontaithe a tháinig sé i dtír, mar ar fostaíodh é mar rúnaí gnó don fhiontraí James Wilkinson, fear a raibh gnóthas ilchríochach aige in Kentucky agus i Louisiana mar cheantálaí capall agus mangaire fionnaidh: ba mhinic é i mbun gnó le Meiriceánaigh dhúchasacha na Chickasaw, na Shawnee agus na Cherokee ina measc.

agus bhí dualgais chomh maith le deiseanna féiniúlachta agus déanamh airgid fite fuaite leis. Seans maith gurb í an scannánaíocht an ealaín is meallacaí riamh, í ag dul i ngleic leis an tsúil agus leis an gcluas, leis an aigne agus leis an anam. Os comhair an scáileáin i ndorchadas an tseomra dúinn, fágtar muid amhail cairde Phlatón sa phluais Ghréagach sin fadó. Ar an leibhéal áitiúil, meabhraíonn clár ar nós Reeling in the Years dúinn an luas uafar lena athraíonn an saol, mar a athraíonn muidne agus an domhan thart timpeall orainn. Chonaiceamar an tábhacht a bhaineann leis na hóráidí teilifíse d’uachtaránacht Mheiriceá nuair a craoladh ar na mallaibh iad. Toisc an teilifís a bheith chomh cumhachtach www.feasta.ie

Léirigh Nolan tréith na fiontraíochta a bheith ann go luath tar éis dó dul i mbun oibre, agus ní fada gur tugadh ardú céime dó agus gurbh é príomhchúntóir díolacháin Wilkinson é agus é ag taisteal fud fad New Orleans. Bhí tuiscint ag Nolan ar na teangacha dúchasacha agus ar an Spáinnis gan mhoill, agus chuir sé aithne ar rialtóirí stáit agus ceannairí polaitíochta na linne sin, Manuel Luis Gayoso de Lemos 10

Feasta, Samhain 2013


Amorín y Magallanes, gobharnóir dúiche Natchez i stát Mississippi – tá Natchez ainmnithe as treibh bhundúchasach nach ann dóibh a thuilleadh, dream a raibh gaol acu leis na Creek tráth den saol.

Cheapadar go raibh Nolan róchairdiúil leis na bundúchasaigh agus go raibh an t­eachtrannach seo, nach de bhunús na Spáinne é, ag cur ina luí ar na bundúchasaigh go mba cheart dóibh éirí amach i gcoinne rialtas na Spáinne. B’fhear cróga é Nolan mar sin féin, agus d’fhág sé a bhean chéile nua agus a iníon in Texas agus thaistil sé go Natchez arís agus 1,200 capall le díol aige sa bhliain 1799.

Sa bhliain 1791, agus é fós faoi choimirce Wilkinson, bhronn gobharnóir Spáinneach Louisiana agus Iarthar Florida Esteban Rodríguez Miró pas trádála ar Nolan, a cheadaigh dó dul i mbun gnó sna críocha sin freisin. Shocraigh Nolan a ghnó trádála féin a dhéanamh as sin amach; d’fhág sé comhlacht Wilkinson agus chuaigh i mbun trádála leis na treibheanna bundúchasacha a raibh ionaid cheantála acu ar bhruacha an Mississippi.

Níor cuireadh isteach ná amach air feadh an turais seo; a chairde in uasaicme Texas a thug cosaint dó, ionas go raibh sé in inmhe an turas seo a chur de. Ar ais i mbun suirbhéir­ eachta a chuaigh Nolan arís, agus deirtear gurbh é an chéad duine a rinne léarscáil den teorainn mhór fhada sin a shíneann idir Louisiana agus Texas, agus gur bhronn ar Wilkinson é. Níor thángthas riamh ar an léarscáil sin, faraor, cé gur cinnte gur úsáid Wilkinson taighde Uí Nualláin agus é ag cur le chéile an chéad léarscáil den cheantar céanna a foilsíodh sa bhliain 1804.

S

eans go raibh ag éirí go ró­mhaith le gnó nua Nolan, mar cuireadh a phas trádála ar neamhní i Texas agus choigistigh údaráis Spáinneacha an stáit sin a chuid earraí agus a threalamh taistil. Bhí an t­ádh ar Nolan go raibh cairde maithe aige i measc na mbundúchasach ann agus chuaigh sé chun cónaithe le treibh Indiach ar feadh dhá bhliain, sular fhill sé ar New Orleans arís agus caoga capall ina sheilbh aige. Níor chuir a chéad droch­thaithí ar Texas isteach go rómhór ar Nolan is léir, mar d’fhill sé ar Texas arís sa bhliain 1794.

Trí bliana roimhe sin a thug Nolan a ruathar deiridh ar chríocha Texas. In ainneoin a chuid iarrachtaí níor tugadh pas tráchtála eile dó, agus toisc gan cead a bheith aige taisteal go Texas arís, shocraigh sé ar bhuíon fear a eagrú a thabhar­ fadh faoi thuras taiscéalaíochta, mídhleathach, go Texas agus ceantair eile a bhí faoi smacht Mheicsiceo an uair úd. Ní fios go cinnte cad a bhí ar intinn ag Nolan leis an turas seo, an turas deireanach aige ar an saol seo. Deirtear gur gheall Nolan don tríocha fear a bhí in éineacht leis go dtógfadh siad seilbh ar dhúiche éigin a raibh talamh shaibhir inti, agus go gcruthódh siad ríocht nua dóibh féin ann. Pé bunús a bhí leis an turas sin, is léir gur chuir Nolan ina luí ar a chomh­ ghleacaithe gurbh fhiú an turas go Texas a dhéanamh agus go mbeadh saibhreas acu dá bharr.

Bhí ceadúnas trádála dleathach faighte aige an uair seo, agus chaith sé bliain iomlán ag ceannach agus ag díol capall fud fad Texas, stát ollmhór ina bhfuil 268,820 míle cearnach agus daonra 24.6 milliún inniu. D’éirigh go maith le Nolan ar an turas seo, agus d’fhill sé ar New Orleans arís agus 250 capall ina sheilbh aige. Toisc a chuid eolais ar réigiúin agus teangacha na gcríocha sin tugadh post nua do Nolan ar fhilleadh dó. Ba é Andrew Ellicott, Coimisinéir Teorann na Stát Aontaithe a fhostóir nua, fear a bhí i mbun mapála sna réigiúin sin. An dualgas a cuireadh ar Nolan ná léarscáil a dhéanamh d’abhainn an Missouri. Níor cuireadh fáilte rómhór roimh Nolan agus a bhuíon suirbhéireachta, ach is cosúil gurbh fhear deisbhéalach é, fear a bhí go maith i mbun taidhleoireachta.

T

hrasnaigh siad an teorainn idir Louisiana agus Texas i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1800 agus chuadar ag gabháil na mustangs, na capaill fhiáine, lastuaidh de chathair Nacogdoches. Ní fada go raibh na Spáinnigh ar an eolas faoi bhuíon Nolan, áfach, agus chuireadar 120 fear amach chun Nolan agus a bhuíon a ghabháil. Ar an 21ú lá de Mhárta, 1801, tháinig fórsa míleata Spáinneach ar bhuíon Nolan ar bhruach na habhann a dtugtar Nolan River uirthi san Hill County i stát Texas an lae inniu.

Mar thoradh ar stocaireacht pholaitiúil fhadálach fuair Nolan pas eile chun dul i mbun trádála trasna Texas arís, an uair seo le vaigíní. Chuir sé aithne ar uasaicme Texas, ar de shliocht na Spáinne a bhformhór ag an tréimhse sin, agus phós an dara huair. Bean darbh ainm di Frances Lintot a phós sé an uair seo, bean a raibh gaolta léi go hard i bpobal Spáinneach­Texas na linne sin. Cé go raibh bac i bhfeidhm i gcónaí ag rialtas na Spáinne ar thrádáil idir Louisiana agus Texas, chabhraigh na teagmhálacha a bhí aige i measc na móruaisle le Nolan agus lean sé air i mbun gnó, cé go raibh gobharnóir Natchez agus na réigiún máguaird ina choinne anois agus iad ag iarraidh stop a chur leis.

www.feasta.ie

Dhiúltaigh Nolan agus formhór na bhfear géilleadh do na Spáinnigh agus thosaigh caismirt fhíochmhar idir an dá dhream. Maraíodh Nolan agus ba ansin a ghéill fir eile Nolan do na Spáinnigh. Bhí an bhrúidiúlacht chéanna ar an saol san am sin agus atá inniu. Ghearr na Spáinnigh na cluasa de Nolan bocht mar fhianaise go raibh an t­eisreachtaí Éireann­ ach marbh. Deireadh suarach le fear a raibh fuil chróga an fhiontraí go smior ann. An mbeidh a leithéid arís ann? — Críoch

11

Feasta, Samhain 2013


THE GUTS le Roddy Doyle

BUAITEOIRÍ OIREACHTAIS Ceiliúradh Scríbhneoireachta

á mheas ag Peadar Bairéad Úrscéal Úr Ní hé seo an chéad úrscéal a shil chugainn ó pheann líofa an údair iltréitheach, Áthcliathach, seo, nó ba liosta le háireamh é iad uilig a lua anseo, ach tá mé cinnte, gur cuimhin linn uilig teidil mar: The Commitments, The Snapper, The Van, agus Oh, Play That Thing, gan ach cúpla ceann acu a lua. Sea, agus b’fhéidir freisin, gur léigh sibh cuntas éicint fúthusan, siar thar na blianta. Ní call dom a rá, go bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an údar seo cheana féin, agus sa leabhar seo téann sé siar ar na seanlaethe, faoi mar a léirítear iad sna Commitments, ach go háirithe, agus déanann sé iarracht ar charactair ó na laethe sin a aistriú ó na seanlaethe úd len iad a chur isteach i milieu an lae inniu.

an tráth úd fadó. Ach anois, agus méar ag an mbás ar a ghualainn, tuigtear dó, nach bhfuil am gan teorainn fágtha aige, agus dá bharr sin, cuireann sé tuairisc ar chairde a bhí aige an t­am sin. Éiríonn sé mór arís le Imelda Quirke, stuaire a raibh aithne mhaith aige uirthi laethe na Commitments. Sea, agus cuireann sé tuairisc a dhearthár ‘Les’, fear nach raibh teangmháil aige leis, le breis is scór bliain. Éiríonn leis freisin, scéal na hailse a insint dá chlann is dá athair, bíodh nach léiríonn a fhoclóir doimhneas a mhothúcháin sa chuid seo den scéal, toisc go bhfuil an doimhneas sin ceilte faoi ghairbhe a gcomhrá, mar úsáideann sé an ghairbhe chéanna sin mar bhréagriocht, le géire agus doimh­ neas na mothúchán sin a cheilt. Ag an ‘Rock Festival’

Roddy Doyle

Ar éirigh leis sin a dhéanamh? Caithfidh an léitheoir a bhreith fhéin a thabhairt ar an gceist sin. Mo chuidse de, déar­ fainn gur éirigh go seoigh leis sa mhéid sin. The Commitments Is dócha gurb é Jimmy Rabitte an príomhcharachtar sa scéal seo, agus cuirtear Jimmy, bunaitheoir na Commit­ ments, in aithne don léitheoir go breá luath sa scéal agus é anois seacht mbliana is dhá scór d’aois, bean aige, agus ceathrar clainne mar chúram orthu, agus lena chois sin, tá sé tar éis a fháil amach go bhfuil ailse inne tolgtha aige. Tá air anois an scéal sin a roinnt lena mhuintir is lena chairde, agus é ag iarraidh, ag an am céanna, dul siar bóithrín na smaointe agus bualadh arís leis na daoine a raibh aithne aige orthu www.feasta.ie

Ba é an chuid den scéal ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin an cur síos sin ar roinnt den seandream i láthair ag Rock Festival nua­aimseartha, agus iad ag baint súlaigh, toite, agus taitnimh as an ócáid sin, agus mac le Jimmy Rabbitte agus a bhanna fhéin aige, ‘Moanin’ at Midnight’, ag ligint orthu go mba bhanna ón mBulgáir iad, agus ‘I’m going to Hell’, amhrán nuachumtha, á chanadh acu, faoi mar b’amhrán é a chéadchanadh sa bhliain 1932! Ach le taitneamh ceart a bhaint as an scéal seo, caithfidh tú é a léamh duit féin, agus bíodh gur bhain mé féin tait­ neamh as an leabhar, agus bíodh gur thaitin cur chuige agus stíl an údair agus an chaoi ar bhain sé úsáid nádúrtha as comhrá tíriúil na gcarachtar liom, ag an am céanna b’fhearr liom go mór fada dá bhféadfaí srian níos rite a choinneáil ar fhoclóir an chomhrá chéanna sin. Mar sin féin, tá mé cinnte, go bhfuil daoine ann a déarfadh gur maise mór ar an leabhar a leithéid de chomhrá tíriúil nádúrtha a bheith ann. Fágfaidh mé breith an dá rogha sin agatsa. — Críoch

12

D’fhógair Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais i bPáirc an Chrócaigh ar an 1 Deireadh Fómhair. Bronnadh duaiseanna ar scríbh­ neoirí aitheanta na Gaeilge agus ar nua­ scríbhneoirí araon ag an ócáid. Is iad Comórtais Liteartha an Oireachtais na gradaim is airde scríbhneoireachta Gaeilge. Tá cúig chatagóir déag san iom­ lán iontu, ficsean, gearrscéalaíocht, cumadóireacht amhrán agus iriseoir­ eacht san áireamh. Bronnadh gradam ar Chathal Ó Searcaigh, an file Conallach, as a chnuasach filíochta, Aimsir Ársa. Is iad Majella Ní Dhomhnaill agus Rónán Mac Con Iomaire, na comhbhuaiteoirí i gComórtas na Scríbhneoirí Úra. Rug Liam Ó Muirthile, an chéad áit leis i gcatagóir an phróis dá phíosa, ‘An Colm Bán’. ‘Teastaíonn smaointe nua, cruthaíocht agus díospóireacht ón bpobal. Tugann an litríocht deis do dhaoine a gcumas cruthaitheachta a neartú, ’ arsa Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. ‘Príomhsprioc na ngradam seo, deis a thabhairt do scríbhneoirí iad féin a chur in iúl, agus nasc a chothú leis an bpobal. Ábhar bróid d’Oireachtas na Gaeilge tacú leis na gradaim seo ar bhonn leanúnach’, ar seisean. Bhain Áine Ní Ghlinn dhá ghradam, an chéad áit sa chatagóir ‘Ficsean do Dhaoine Óga’, agus dara háit don dráma ‘Scéal na Nollag’. Bhí Orna Ní Choileáin agus Mícheál Ó Ruairc i measc na mbuaiteoirí dá saothair ficsin. ‘Nochtadh na Fírinne’, le Bríd Dáibhís a bhain an chéad duais i gcatagóir na gearrscéalaíochta. Chuir Aodh Ó Domh­ naill lena stór gradam: bhain sé an chéad duais don Agallamh Beirte, ‘Lá Spóirt’. Seo an 9ú gradam ag Aodh i gComórtais Liteartha an Oireachtais. Rug Proinsias Mac a’ Bhaird agus Doiminic Mac Giolla Bhríde an duais leo sa chomórtas cumadóireachta amhrán. Bhí scríbhneoirí óga as gach cearn den tír i láthair chomh maith chun glacadh lena nduaiseanna sna catagóirí éagsúla do dhaoine óga, an ghearrscéalaíocht agus an iriseoireacht san áireamh. Comórtais Liteartha an Oireachtas na comórtais liteartha is iomráití sa Ghaeilge. Tá cuid de mhórscríbhneoirí na teanga, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain (agus Nuala Ní Dhomhnaill), i measc iar­bhuaiteoirí na gcomórtas seo. Feasta, Samhain 2013


N

í raibh gíog ón bpobal ar Shráid na Tobshlua damhsóirí ar an sean-nós Siopaí i nGaillimh ar an Satharn 5 ar shráideanna na Gaillimhe Deireadh Fómhair nuair a tháinig grúpa damhsóirí ar an sean­nós agus boscadóir aniar aduaidh orthu. Bhí an slua faoi gheasa le linn an taispeántais a eagraíodh ar an toirt mar ghné de sheoladh fhéile bhliantúil an Oireachtais a bheidh ar siúl i gCill Airne ón 29 Deireadh Fómhair – díreach agus FEASTA ag teacht ón gclódóir. Tá an comórtas damhsa ar an sean­nós, ‘Steip’, i measc imeachtaí móra na féile agus craolann TG4 beo é. Fuair pobal na Gaillimhe blaiseadh den spraoi agus den scléip a bhíonn ar siúl ag an Oireachtas nuair a thosaigh níos mó ná tríocha damh­ sóir, idir óg agus aosta, ag damhsa le chéile ar an tsráid. ‘Tá Oireachtas na Samhna mar oilithreacht Útóipeach ag daoine a bhfuil dúil acu sa chultúr Gaelach, idir dhamhsa, amhránaíocht ar an sean­nós, agus scéalaíocht ,’ arsa Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir. San INEC i gCill Airne agus i gcúpla ionad eile ar an mbaile sin a bheidh na comórtais ar siúl. Bíonn Corn Uí Riada, an comórtas amhránaíochta ar an seannós ina bhuaicphointe: craolfar an comórtas seo beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar is gnáth agus beidh sruthú idirlín ar fáil ag www.tg4.tv freisin. Breis eolais ag: (Thíos, agus lgh 12, 16, 25 & 26: Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2013). www.antoireachtas.ie

Orna Ní Choileáin, Ard Aidhin, ar chlé, a ghnóthaigh an chéad duais de €2,000 i gComórtas A3, Ficsean do Dhaoine Óga, (13 – 15), maoinithe ag Foras na Gaeilge, ar Vaimpír san Áiléar. Foilsithe ag Cois Life. Máire Uí Dhufaigh, (Máire Dhufaigh Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe, a ghnóthaigh an dara duais de €750 ar Raic.) Raic

An file Conallach, Cathal Ó Searcaigh, a ghnóthaigh príomh dhuais fhilíochta an Oireachtais, 2013, 2013 ar a shaothar Aimsir Ársa, Ársa an cnuasach téagartha ‘is foirfe friotail’ a bhí istigh ar an gcomórtas i mbliana. Thug ‘miotas pearsanta an fhile aontas don iomlán’ agus de bhíthin ‘cumas liriciúil’ agus ‘cruinneas teanga’ an fhile d’éirigh leis é féin a chur in iúl ‘ar bhealach níos ealaíonta ná éinne dá chomhfhilí’. Arlen House a d’fhoilsigh.

Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais in aon bhuíon i bPáirc an Chrócaigh, 1 Deireadh Fómhair. • Tosach, ó chlé: Rónán Mac an Iomaire; Marie Whelton; Eithne Ní Ghallchobhair; Proinsias Mac a’ Bhaird; Máirín De Brún, cathaoirleach an Oireachtais; Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir; Bríd Dáibhís; Bláthnaid Ó Brádaigh, uachtarán an Oireachtais; Brian Ó Baoill; Mícheál Ó Ruairc; Liam Ó Muirthile. • Dara líne, ó chlé: Mícheál Ó Gallchóir; Conor Ó Maonaigh; Máire Uí Dhufaigh; Orna Ní Choileáin; Majella Ní Dhomhnaill; Seán Mac Sheáin Mac Eochaidh; Áine Ní Ghlinn; Dónal Ó Baoill; Micheál Ó Conghaile; Brian Ó Meacháin; Brian Ó Tiomáin. • Ar chúl, ó chlé: Féilim Ó Brádaigh; Lisa Ní Dhoinnléibhe; Colm Ó Néill; Faolán Dáibhis; Áine Treasa Ní Dhéirg; Muireann Ní Bhaoill; Natasha Ní Dhugáin; Lucy Ághas; Liadan Ní Chearbhaill.◊ www.feasta.ie

13

Feasta, Samhain 2013


Léirmheas le Síle Ní Mhurchú ar

Irisleabhar Mhá Nuad 2013 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. I gcló ag An Sagart.

A

n t­alt is faide in eagrán na bliana so d’Irisleabhar Mhá Nuad ná ‘Mo Chuimhní Cinn 10’ le Pádraig Ó Fiannachta ina dtugann sé cuntas ar thurais a thug sé ar an Ind agus ar an gCéinia i seachtóidí an chéid seo caite. Dhein sé cuid mhaith taistil ar fuaid na limistéar so fara lucht misinéireachta agus tugtar léargas don léitheoir ar na daoine a bhuail leis agus a raibh ar bun acu, ar radhairc a chonaic sé, agus ar ghnéithe de stair agus de chultúr na n­áiteanna ar thug sé cuairt orthu.

dánta ócáidiúla agus blúirín eile dírbheathaisnéiseach mar gheall ar an uair a d’fhág sé Maigh Nuad. Baineann Caitríona Ní Churtáin úsáid as teoiric an iar­ choilíneachais chun comparáid a dhéanamh idir shaothar Sheáin Uí Ríordáin agus Léopold Sédar Senghor, file mór na Seineagáile. Deineann sí cíoradh ar théamaí coiteanna i saothar na beirte, téamaí a eascraíonn ó eispéireas an fhile a bhaineann le pobal coilínithe, dar léi – (1) an deoraíocht, (2) ríocht na hóige agus filleadh ar an dtraidisiún mar bhealaí éalaithe ón deoraíocht agus (3) an métissage culturel ina measctar gnéithe den gcultúr dúchais agus de chultúr na gcoilíneach.

Chímid Críostaithe san Ind ag dul i ngleic le rialacháin Vatacáin II; tá aighneas ar bun eatarthu siúd a dteastaíonn uathu dúchasú a dhéanamh ar an liotúirge, á cur in oiriúint do chultúir dhúchasacha na hInde, agus iad siúd ná fáiltíonn roim athruithe dá shórt (lch 113). Tá Ó Fiannachta báúil don chéad dream acu so agus go deimhin, cáineann sé liotúirge na Gaeilge leis, liotúirge nach bhfuil inti ach aistriúchán agus nach bhfuil blas an dúchais uirthi, dar leis (lch 136). Bhí ceist an dúchasaithe ina chnámh spairne sa Chéinia leis ag an am: bhí ‘Turcánú’ á dhéanamh ar an gCríostaíocht chun í a chraobhscaoileadh i measc na dTurcánach a mhaireann in iar­ thuaisceart na Céinia (lch 199).

Míníonn sí go beacht an réasúnaíocht atá taobh thiar de na huirlisí anailíse a roghnaíodh agus léiríonn sí go bhfuil cosúlachtaí suntasacha idir saothar an Ríordánaigh agus Senghor. Tá difríochtaí eatarthu leis, ar ndóigh; míníonn sí go bhfuil Senghor, a scríobh as Fraincis agus ní ina theanga dhúchais, sásta tabhairt faoin métissage ach áitíonn sí gur dhiúltaigh an Ríordánach dó so (lch 53). Tá an aiste bunaithe ar mhiontráchtas a scríobh an t­údar agus an céim BA á baint amach aici agus léiríonn sí go bhfuil an cumas inti dul i ngleic le dhá ghort fhairsinge – deintear cíoradh ar shaothar na beirte file agus ar thráchtaireacht lucht critice orthu chomh maith.

Tá ceist ‘an dá chultúr’ ina ábhar díospóireachta i mbaile Kaiboi: míníonn fear óg amháin go ndeireadh an teagascóir leo diúltú do na gnásanna traidis­ Pádraig iúnta a bhí ann roim Ó Fiannachta theacht na Críostaíochta, ach deir fear eile go bhfuil athrú tagtha ar chúrsaí ó shin agus nach bhfuil an déine chéanna á éileamh a thuilleadh. Tá eagla ar fhear eile fós go bhfuil daoine ag diúltú don gcóras traidisiúnta agus don gCríostaíocht araon (lgh 163­4). Cuntas taitneamhach é seo, mar sin, a bhfuil ábhar machnaimh ann leis.

Ar shlí, braithim go raibh aidhmeanna na haiste ró­leathan agus go ngluaiseann an anailís ró­thapaidh ó dhán go dán, rud a fhágann go bhfuil an léamh a dheintear orthu éadomhain in áiteanna. Tá mórán ceisteanna le cur agus le freagairt ar an ábhar seo fós, mar a admhaíonn an t­údar féin (lgh 56­7); beimid ag súil lena thuilleadh a chlos uaithi amach anso.

S

crúdaíonn aiste Sheáin Uí Éineacháin stádas na Gaeilge i Maigh Nuad ó bunaíodh é go dtí tús na hAthbheo­ chana. Tá nótaí aige ar shaol agus saothar na n­ollúna Gaeilge a bhí ann sa tréimhse seo: Pól Ó Briain, Máirtín Ó Lachtnáin, Seán Mac Éil, Séamas Ó Maoltuile, Eoghan Ó Gramhnaigh agus Mícheál Ó hIcí. Díríonn sé go háirithe ar shaothar an Athar Uí Ghramhnaigh, mar atá i gcló i Leabhar an Athar Eoghan a foilsíodh i ndiaidh a bháis. Molann Ó hÉineacháin, mar shampla, na haistriúcháin Ghaeilge a chuir Ó Gramhnaigh ar ‘Auld Land Syne’, ‘The Wearing of the Green’ agus ‘The Star Spangled Banner’ (lgh 310­311).

Tá caibidil as Ar Drywydd Waldo (Ar Gewn Beic) le Hefin Wyn san irisleabhar, aistrithe ag Ó Fiannachta ón mBreatnais. Leabhar mar gheall ar an bhfile Waldo Williams atá anso: thug an t­údar Wyn agus cara leis cuairt ar dhaoine ar chaith Williams seal ina measc agus tá Ó Fiannachta ar dhuine acu so. Tugtar cuntas mar sin ar chuairt a thugadar ar an nDaingean chun an aidhm seo a bhaint amach.

Is minic a luann Ó hÉineacháin an focal ‘loighciúil’ leis na tráchtais ghramadaí a scríobh Ó Gramhnaigh, cé go mbraithim féin go gcaithfí iad a chur i gcomparáid le trách­ tais ghramadaí eile de chuid na linne chun pé nuálaíocht a bhaineann leo a mhíniú i gceart. Caibidil as tráchtas M.Litt. atá san aiste agus tharlódh gur deineadh anailís mar seo i gcuid eile den dtráchtas céanna. Go deimhin, is deacair adhmad a bhaint as an gcaibidil seo toisc ná tugtar eolas dúinn ar a bhfuil sa chuid eile den dtráchtas; is maith an rud é an taighde a bhíonn ar siúl ag mic léinn ollscoile a chur faoi

Tá cúpla scéilín ann ar Williams féin leis, agus chímid tuairimí na mBreatnach maidir le cúrsaí teanga sa Daingean. Is trua nár aistrigh Ó Fiannachta dán nó dhó le Williams le cur mar aguisín leis an gcaibidil d’fhonn éachtaint níos fearr a thabhairt don léitheoir Gaeilge ar an bhfile féin. Ar an ábhar eile san iris ó pheann an Mhoinsíneora Ó Fiannachta, tá www.feasta.ie

14

Feasta, Samhain 2013


bhráid an phobail ach de ghnáth, bíonn cóiriú sa bhreis ag teastáil sular féidir é seo a dhéanamh, rud nár deineadh anso.

Díríonn Prút ansan ar leaganacha cainte agus ar fhocail áirithe a léiríonn an prionsabal seo, ‘Gaeilge na hOibre’. Seo leagan de cheist a bhíonn ag dó na geirbe ar léirmheastóirí go minic – an Ghaeilge á húsáid chun léiriú a thabhairt ar an saol lasmuigh de shaol na Gaeilge. Luann Prút focail atá ag Mac Amhlaigh nár tháinig sé orthu in aon fhoinse eile. Ceann acu seo ná an focal ‘pinsirí’ (lch 220). Is dócha gurb iad seo na ‘pinchers’ céanna a luaitear sa leabhar The men who built Britain le Ultan Crowley (1).

T

á trí cinn d’aistí le Liam Prút san Irisleabhar. Aiste léirmheasta ar Anois tacht an eala le Tadhg Ó Dúshláine atá sa chéad cheann acu so. Tríd is tríd, tugann Prút ardmholadh don bplé a dheintear ar fhilíocht Michael Davitt, Liam Ó Muirthile, Colm Breathnach agus Louis de Paor sa leabhar agus go háirithe, ar an gcíoradh a dheineann Ó Dúshláine ar an dtraidisiún liteartha lenar bhain an ceathrar file (lch 82). Cuireann Prút cuid dá thuairimí féin ar shaothar na bhfilí seo in iúl chomh maith, rud a chuireann le luach na haiste. Is é atá san aiste ‘Máirtín Ó Direáin i mBaile Átha Cliath’ ó pheann Phrút arís ná giotaí beathaisnéiseacha ar an nDireánach i gcathair na Gaillimhe agus san ardchathair chomh maith le plé ar chuid dá luathshaothar.

Focal eile a chuaigh do Phrút a aimsiú in aon áit eile ná ‘seanpheiltire’ (lch 222). Luaitear na ‘walking pelters’ i leabhar Crowley arís (2) agus déarfainn gurb in é an bunús atá leis an dtéarma san. Pléann Prút mórán gnéithe eile de shaothar Mhic Amhlaigh san aiste seo, agus cé gur dócha ná haontódh gach léitheoir gur fearr de scríbhneoir Mac Amhlaigh ná an Cadhnach mar a cheapann Prút féin anois (lch 212), chuirfeadh an aiste seo fonn orthu cuairt nó athchuairt a thabhairt ar a bhfuil scríte aige.

In aiste eile fós, tugann Prút athchuairt ar Dhialann Deoraí agus ar théacsanna eile le Dónall Mac Amhlaigh. Má thuigim i gceart an méid a scríobhann sé, áitíonn sé go bhfuil saibhreas i scríbhneoireacht Mhic Amhlaigh toisc ná sásaíonn Mac Amhlaigh é féin le bheith ag bailiú focal ó leabhair nó ó chainteoirí dúchais (mar a dheineann scríbhneoirí eile, thuigfeá uaidh) ach go saothraíonn sé an teanga agus go gcuireann sé ‘ag obair go domhain’ í, á húsáid chun cur síos a dhéanamh ar áiteanna nár labhradh Gaeilge iontu (lch 213).

LÁN DÓCHAIS IS GRÁ Máirtín G. Ó Maicín

A

nois is arís léann tú leabhar a théann go mór i bhfeidhm ort. Tharla sin dom le déanaí: léigh mé An Imperfect Storm le Kevin Haugh. Iar­phríomhoide bunscoile is ea Kevin atá ina chónaí i gcathair Luimnigh, ach gurbh as iarthar an Chláir ó dhúchas é. Tá Kevin ar chomhaois liom féin agus bhíomar sa choláiste oiliúna le chéile sna seachtóidí. Séard atá sa leabhar ná cur síos ar a shaol nuair a buaileadh tinn le hailse é roinnt blianta ó shin. Ní raibh nithe go maith, ach tháinig sé slán as, buíochas mór le Dia. Ar an mbóthar as dó, b’iomaí casadh gan choinne os a chomhair. Tháinig focail Raifteirí chugam, ‘lán dóchais is grá’, arís agus arís eile agus mé ag léamh an leabhair. Níor thug Kevin droim láimhe don dóchas agus is ar dhaoine eile a bhí sé ag machnamh an t­am uilig, ar a bhean, Máire, is a bheirt mhac agus a mháthair Annie. Ghoill sé air go raibh siadsan ag fulaingt mar gheall ar a thinneas. Níor ghéill sé ó thús deireadh don tinneas a bhí ag réabadh a choirp, mar níor theastaigh uaidh an teorainn a thrasnú agus a chlann a fhágáil. Scéal é a léiríonn gur féidir le creid­ eamh an lámh in uachtar a fháil ar anachain, gur féidir le dóchas an lámh www.feasta.ie

Tá éagsúlacht mhaith in Irisleabhar Mhá Nuad na bliana 2013 mar sin – gura fada buan é! TAGAIRTÍ (1) Crowley, Ultan, The men who built Britain : a history of the Irish navvy (Dublin, 2001), lch 188. (2) Ibid., lch 234.

in uachtar a fháil ar éadóchas, gur féidir le solas an lae an bua a fháil ar dhorch­ adas na hoíche. Scéal é atá lán de dhóchas, grá, misneach agus buanseasmhacht. Caithfidh gur duine láidir é, láidir ó thaobh intinne, mar bhí sé thar a bheith lag ó thaobh choirp de. Tagann an misneach is an dóchas, an tuiscint is an grá chun cinn i gcónaí. Cá bhfuair sé na tréithe seo agus dorch­ adas an tsaoil ina éadan. Chum sé nó chruthaigh sé cleasanna dó féin chun cabhrú leis dul ar aghaidh, chun fanacht ar an mbóthar ceart, cé go raibh neart comharthaí ann nach raibh an bóthar ar aghaidh i ndán dó. D’fhan sé dílis dó féin agus dá mhuintir is a chairde. Déarfadh sé nach mbeadh ar a chumas teacht tríd gan a mhuintir is a chairde, agus luann sé roinnt acu. I dtús an leabhair déanann sé tagairt do chomhairle a athar dó. Rinne seisean comparáid idir an saol seo, a bhí ag síorathrú, agus peann luaidhe. Tháinig íomhá an phinn luaidhe sin ar ais chugam arís agus arís eile agus an leabhar seo á léamh agam. Táim féin den bharúil go bhfuil Kevin féin cosúil le peann luaidhe. Sé gnó an phinn luaidhe ná marc a fhágáil. D’fhág Kevin marc, a mharc féin ar a shaol agus ar an saol i gcoitinne. Níl amhras ach go bhfágfaidh an leabhar seo marc ar éinne a léann é. Tharla sé domsa agus tarlóidh sé do dhaoine eile. 15

Fágfaidh sé marc go háirithe orthu siúd a thaistil turas na hailse, agus ar na daoine atá fós ar an mbóthar sin. Is scéalaí den scoth é Kevin. Tá tréithe an tseanchaí le feiscint go soiléir ann. Ag an am céanna tá tréithe an linbh go smior ann. Tá scil ar leith aige le focail agus is iontach go deo an chaoi a úsáideann sé iad chun dul i bhfeidhim ar dhaoine. Tógadh é in iarthar an Chláir agus fill­ eann sé ar a óige sa taobh sin tíre chun a fhealsúnacht féin a léiriú. Bhí tionchar ar leith ag saol na tuaithe air mar dhuine. Tuigeann sé go bhfuil a charachtar is a phearsantacht féin fáiscthe as saol na tuaithe agus saol na farraige. Tugann an dúlra is an timpeall­ acht seo neart is cúnamh dó chun an lámh in uachtar a fháil ar an nathair atá ag réabadh a choirp is a intinne. Nílim cinnte go n­éireodh leis teacht slán gan iad, agus gan an dóchas agus an grá a luaigh mé. Tá carachtar eile sa leabhar, Buddy. Bhí ról ar leith ag Buddy ina fhuascailt. Cé hé Buddy? Caithfidh an léitheoir féin é sin a fháil amach ach an leabhar a léamh. Is fiú go mór é a léamh. Léamh den scoth is ea é agus tá sé dodhéanta an leabhar a chur uait.

An Imperfect Storm Outside the Box Learning Resources Ltd. ISBN 9781906926366. €14.95 Feasta, Samhain 2013


I measc na mBuaiteoirí Bronnadh Duaiseanna Liteartha an Oireachtais i bPáirc an Chrócaigh, 1 Deireadh Fómhair • Thíos, Liam Ó Muirthile, Páirc na Rós, Dún Laoghaire, ar ghnóthaigh a shaothar próis An Colm Bán an duais €1,250 dó i gComórtas 10, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge. • Ar dheis, i gComórtas A2, ficsean do Dhaoine Óga (9/10–12), maoinithe ag Foras na Gaeilge, Ghnóthaigh Áine Ní Ghlinn, Glenbrook Park, BÁC 14, an chéad duais de €2,000 ar Daideo. • Proinsias Mac a’ Bhaird, Leitir Ceanainn, a ghnóthaigh an dara duais de €750 le Oileán na nDraoithe. Ní hamháin san, i gComórtas A6 ar Dhán, maoinithe ag Craobh Aimhirgin de Conradh na Gaeilge, ghnóthaigh Proinsias, i lár baill thíos, an duais de €200 ar Míol Mór Bhreandáin; agus i gComórtas A16, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus ag an gCumann Scoildrámaíochta, Roinn C i gcuimhne Dhonncha Uí Shúill­ eabháin, ghnóthaigh an Proinsias Mac a’ Bhaird céanna an chéad duais de €300 ar Am ar Dóigh! Agus chun bailchríoch a chur ar an lá, i gComórtas A20, Cumadóireacht Amhrán, maoinithe ag an Oireachtas, ghnóthaigh sé féin agus Doiminic Mac Giolla Bhríde, Leitir Ceanainn, an duais de €1,000 ar an amhrán Máire as Árainn Mhór.

DUAISEANNA LITEARTHA OIREACHTAS NA GAEILGE 2013

Ar dheis, ghnóthaigh Micheál Ó Ruairc, Garrán an Úlloird, Baile Bhlainséir, BÁC, an chéad duais de €2,000 i gComórtas A4, Ábhar Léitheoireachta don Fhoghlaimeoir Fásta, maoinithe ag Foras na Gaeilge, ar a shaothar Fianaise. www.feasta.ie

Thuas, ó chlé, i gcomórtas gearr­ scéalaíochta an Mhaolánaigh, A5, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge, ghnóthaigh An Carria le hEithne Ní Ghallchobhair, Maigh Gumna, Ard an Rátha, Tír Chonaill, duais €100 di; agus i gcomórtas A4 (ábhar léitheoireachta don fhoghlaimeoir fásta, maoinithe ag Foras na Gaeilge), bhuaigh Marie Whelton, Institiúid Oideachais Marino, BÁC 9, an dara duais de €750 lena saothar Nuair a Stadann an Ceol. Feasta, Samhain 2013


Tomás Bairéad; Rogha Scéalta Aingeal Ní Chualáin a chuir in eagar. Cló Iar­Chonnacht. 2010. 233 lch á léirmheas ag Brian Ó Curnáin

F

iche scéal a roghnaigh Aingeal Ní Chualáin atá sa gcnuasach seo as cúig dhíolaim saothar saoil Thomáis Bairéad, a foilsíodh idir 1936 agus 1973. Tá réamhrá gearr beathaisnéise agus liosta tagairtí i dtosach an leabhair ag an eagarthóir. Tomás Bairéad, náisiúnaí cultúrtha, a shaol a choimriú ní hansa: 1893–1973, as Breac­Ghaeltacht Mhaigh Cuilinn ar bhruach thiar Loch Coirib; Conradh na Gaeilge; Cogadh na Saoirse; iriseoireacht, i mBaile Átha Cliath go háirithe; gearrscéalaíocht; suaimhneas aige i gceartlár na tuaithe agus an dúlra, mar ar chónaigh sé arís i ndeireadh a shaoil.

fadh friotal an Bhairéadaigh leis sa litriú ‘nua’ caighdeán­ aithe. Bheadh cásanna fearacht cos in airde (in áit cosa in airde), strainséara /strainséir (leagan éigin a roghnú agus cloí leis), dá n­oibrightí → dá n­oibreofaí / dá n­oibrítí nó sna preaba tinte (in áit sna preaba tintí) le réiteach i gcur i bhfeidhm eagarthóireachta. Cé go bhfuil i dteannta sin coitianta sna buneagráin, leasaítear é go ina theannta sin sna heagráin dheireanacha ach coinníonn Ní Chualáin i dteannta sin. Chuir an Bairéadach leasuithe agus cealúcháin shuntasacha chun feabhais ar dhá scéal a d’athfhoilsigh sé in Dán, scéalta tábhachtacha ban, ach cloíodh leis na chéad leaganacha díobh in Rogha Scéalta. Ó thaobh an chlóchuir de, tá jab slachtmhar déanta ag Cló Iar­Chonnacht ach go bhfuil spásáil na bhfocal mírialta, go háirithe i ndiaidh lánstaid.

Léiriú breá ar an gcuid is fearr dár scríobh sé is ea an cnuasach seo: scéalta grinn, scéalta uafáis, scéalta cathrach (láthair oilc an mhargaidh), scéalta tuaithe (láthair mhaitheas an tréadachais), scéalta faoi ainmhithe, scéalta faoi chogadh na saoirse i dtús an fichiú céad, coranna cinniúna agus gleacaíochta. Cuid de théamaí clasaiceacha an ghearrscéil atá idir chamáin aige, agus claonadh chun an duaircis agus an bháis mar dheireadh leis na scéalta go minic, nó le deireadh a chur leo nó lena gcarachtair.

Tá an béaloideas agus an seanchas fite fuaite go neamhleith­ scéalach stuama trí scéalta an chnuasaigh: sna seanfhocail, sna comhráití, sna teidil, sna píosaí as amhráin. Thabharfaí ‘idirthéacsúlacht chomhfhiosach’ inniu air. Saoithiúlacht sheanchasúil shean­ fhoclach Ghaelach í atá bunaithe ar an talmhaíocht phatrarcach, sa scéal ‘An Cliamhain’ mar a gcránn an córas seo fear nach bhfuil aon chlann mhac aige, agus ar an gceartchreideamh Caitliceach, sa scéal ‘Boladh an Anraith’ mar a gcránn coimhlint idirchreidmheach bean aimsir an Drochshaoil. Tá mná imeallach sa gcóras seo, ar ndóigh, ach go bhfaigheann siad láthar as creid­ eamh, cleasaíocht agus collaíocht. Tá bean tuaithe ar seachrán collaíochta agus ólacháin sa gcathair, sa scéal ‘Roghain an Dá Fhuascailt’ — céard is cuí do charachtar dá leithéid a dhéanamh murar aontú deiridh le huiscí na Life é?

Spíonann an t­údar téamaí an bháis, na beatha agus an aiséirithe le linn dá chuid carachtar, idir dhaoine agus ainmhithe, dallamullóg a chur ar a chéile go minic agus ar an mbás fiú. An bhraistint ghrámhar atá ag Tomás Bairéad i leith an dúlra, chuirfeadh sé íogaireacht Dhúil Liam Uí Fhlaitheartaigh i gcuimhne duit. ‘Ceann de rigmaroles na haimsire seo a dtugtar gearrscéalta orthu, a mheabhraigh’ an chéad leagan dá chéad iarracht gearrscéalaíochta dó, a deir sé i leabhar a chuid cuimhní cinn Gan Baisteadh. Leid é seo ar umhlaíocht agus mhacántacht an Bhairéadaigh ar minic gur scéal, eachtra, stairsheanchas nó aiste iriseoireachta a mheabhródh a ghearrscéalta do dhuine. Tá paradacsa doréitithe in athbheochan mionteanga agus a caighdeánú ach níor scríbhneoir canúnach a bhí sa mBairéadach, le hais Mháirtín Uí Chadhain déarfaidh muid, agus tá an dá leabhar a d’fhoilsigh an Bairéadach den chéad uair sa gcló rómhánach i ndiaidh cheapadh an Chaighdeáin Oifigiúil, tá siad gar go maith do ‘sprioc’ an Chaighdeáin. Chomh maith leis sin, cuireadh eagráin (scoile) amach, sa litriú nua agus nótaí téacsúla leo, de chnuasaigh a tháinig amach sa gcló Gaelach i dtosach, agus sa leabhar Dán (1973) tá atheagar nua­chaighdeánaithe an Bhairéadaigh féin againn de dhá shean­ghearrscéal leis.

T

á sé le sonrú go mór i saothar an Bhairéadaigh: an teil­ gean teangeolaíochta, atá pléite ag Risteard A. Breatnach agus Pádraigín Riggs, a bhaineanns le cur chuige idé­eolaíochta na hAthbheochana, gan téama a dhéanamh d’idirphlé agus d’fhadhbanna an dátheangachais Béarla agus Gaeilge. Cé fheidhmíonns an Béarla sa gcnuasach seo? Brathadóirí agus ‘RECEPTION’ príosúin agus ‘Hands up’ de shainbhéic bhagartha le brathadóir. Léirítear aidhm an díchoilínithe agus an athshealbhaithe i logainm­ neacha trédhearcacha tréadacha na scéalta: Oileán na Manach, Oileáinín na nÉan, Gleann an Uaignis, agus Leitir Rua; agus dénárthacht choitianta an Bhairéadaigh: an Taobh Mín agus an Taobh Garbh.

Tá bonn substaintiúil ann mar sin le saothar an Bhairéadaigh a thabhairt i dtreo an Chaighdeáin Oifigiúil, nó ina ghaireacht chun sástachta ar aon chaoi, chun a nuafhoil­ sithe. Dhá chúram ach go háirithe atá ar an eagarthóir sa gcás seo: córas caighdeánaithe a bheachtú agus cloí leis go stuama. Éiríonn léi cuid mhaith mar tá téacs soléite curtha ar fáil aici agus roinnt ceartúchán ar bhotúin a bhí sna sean­ eagráin. Ach ní móide gur eagrán deifinídeach é a thabhar­ www.feasta.ie

Tá tírdhreach na hÉireann inléite go cuí anseo ag tréad a seansealbhóirí. Tá an nasc idir na hamhráin agus na sinsir, 17

Feasta, Samhain 2013


chomh maith le trédhearcacht na logainmneacha, tá sin in aon cheathrú amháin a bhaineanns le bá sheanathair ‘An Stiléara’. Agus féach gur féidir leis an gcinniúint tabhairt faoi bhrí an logainm a shárú: ‘Léan agus liú bhí i gCluain an tSiamsa’. Is diocair an logainm a shárú ina dhiaidh sin, mar, tar éis dhroch­chinniúint an duine ar Oileáinín na nÉan, tá ‘na héanacha fiáine ag neadú ann’ de chlabhsúr ar an ngearrscéal.

ficseanaithe, bíonn an bua ag an gcaora shuaite de mhianach crua an tsléibhe ar an mbás; faoi mar a déarfadh an sean­rá: ‘is cuma sa diabhal ar aonach é is é an fear aniar a dhéanfas é’. ‘Dearcadh siar’ tréadach an údair, san am agus sa spás, a thagann i dtreis sa ngearrscéal; cé nárbh aniar ach anoir ó Chúige Laighean, ar an traein, agus ina núíosaigh a tháinig caoirigh na heachtra fíriciúla agus iad á mbeathú ar fhéar a — Críoch d’fhás ar an leasú mála!

Tá tréith theangeolaíochta eile a bhaineanns leis an Athbheochan feiceálach i stíl fhor­Ghaelach an Bhairéadaigh, tréith atá pléite, i measc daoine eile, ag Alan Titley. Frith­ mhórtheanga gach mionteanga idé­eolaithe. Frith­Bhéarla í an Ghaeilge ag údair thréimhse na hAthbheochana agus cé go bhfuil foclóir réasúnta bunúsach ag Tomás Bairéad (ach go dtabharfar faoi deara logfhocail thábhachtacha aige: léana, léantracha, crích, breaclacha, muirthineacha (ón bhfocal boirinn)), is ar leibhéal na comhréire a bheartaíonn sé an chontrárthacht idirtheangach.

Saol na mBailte Fearann (Splancfhíric, 10 Iúil 2013)

le Simon Ó Faoláin Foilsíodh tuarascáil nua de chuid na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta nó ESRI ar maidin, is cosúil. Triúr sa ghrianghraf ar bhrollach an Times, iad ag gáire. Seanfhondúir féasógach a bhí mar chomhairleoir ag an rialtas blianta an rachmais atá mar cheannasaí ar an ‘meitheal machnaimh’ seo. Fearaibh óga is ea an bheirt eile acu, céimeanna den chéadscoth in asarlaíocht na heacnamaíochta bainte amach acu, is dócha. Tithe sa chrios comaitéireachta acu gach seans, agus é ar a gcumas acu an morgáiste a dhíol gan dua rómhór. I mbruachbhaile éigin i gCill Dara abair, nó oirthear na Mí: an chuid san den tír gur féidir neamhaird a dhéanamh ann fós ar an mbánú, ar an bhfolús atá ag fás ar fud na tuaithe. Chím go bhfuil molta ag an triúr go leanfaidh an rialtas ar aghaidh le polasaithe na déine ar mhaithe leis an ngeilleagar. Casaim ón nuachtán óir tá cúram orm. Buailim an doras amach. Dá mhéid a thoirt, tá cúl an veain lán ó bhun go barr. Boscaí go díon agus málaí balcaisí pulctha isteach i ngach scoilt eatarthu. Thógamar roinnt ualaí go dtí an dumpa i rith na seachtaine ghabh tharainn agus ualaí eile go dtí stóras fadtréimhseach – pé fada gearr an tréimhse. N’fheadair éinne! Iad ag dul go Ros Láir, gan fágtha ach a dhóthain spáis chun tosaigh dom chara, a bhean agus a mbunóc. Teannaimid na strapaí thar na rothair ar an díon. Beidh an veain trom agus támáilte, ní mór tiomáint go mall. Dúnaimid an doras sleamhnáin is fágaimid slán ag a chéile. Guím gach rath orthu thall. Ansan tógaim an cóngar thar na bánta idir an dá thigh. Gach seans nach dtógfad an tslí seo go brách arís, ní bheidh aon chúis chuige as seo amach. Na bealaí siúil go léir ag imeacht, ceann ar cheann. Féachaim ar na bláthanna fiáine ar mo shlí abhaile, ag meabhrú a n­ainmneacha dom féin, na feidhmeanna a bhaintí astu mar leigheas, mar ruaim, mar chosaint ar an drochshúil. Caithfidh duine éigin fanacht chun na cuimhní a choimeád slán, chun bheith ina fhinné ar scáthanna na néalta ag gluaiseacht thar chliatháin na gcnoc, ar gháir mhiotalach na cáige coisdeirge, ar chraoiseacha áilne corcra na n­eireaball caitíní sa díg. Seo a bhfuil anois de chosaint ar an gciorrú atá ar siúl. Ag a baile, seasaim tamall ag féachaint ar ghrianghraif chlúdaigh an Times arís. Na fir sna cultacha fós ag gáire. Ag breathnú síos dom, feicim mo dheasóg ina dorn docht i gcoinne mo chliatháin i nganfhios dom. ——◊—— I lár na hoíche le déanaí luím im’ dhúiseacht ag éisteacht le gadhar mo chomharsan ag sceamhaíl gan stad sa scioból, a ghuth is a mhacalla ag ímpí fuascailte. Tá fuar aige. ◊

D

eis ní ligeann sé uaidh gan ainm a chur i dtosach na habairte, agus ní lena dhiúltú aniar ina dhiaidh, agus is feasach don léitheoir, ag léamh an tsaothair dó, a thugtha is atá an t­údar don chopail (is) chomh maith leis an réamhfhocal do roimh chéad argóint an chlásail. (Mar eiseamláir: (i) ‘Leath an mhéid a thug sé leis cheana ní raibh aige’, ‘duine ní raibh ann nár cheap gur tusa a bhí ann’, ‘Ach saighdiúir fhéin ní raibh ag faire uirthi’, ‘agus cuibhreach ní bhogfaí orthu go lá a ndíolta’; (ii) ‘B’eagal léi go gcaithfeadh’, ‘b’fhaitíos leis’, ‘gurbh fhonn léi’, ‘B’fhonn leis cuid acu a dhiúl’, ‘Ba leisce leis ceist a chur’, ‘nuair ab eol dóibh’, ‘gurbh fhios dóibh’, ‘B’fhios dó gur minic’, ‘B’fhéidir dóibh a bheith básaithe’; (iii) ‘ag fágáil an tsaoil seo dóibh’, ‘ag teacht amach faoin droichead di … ag gearradh amach as an stáisiún dó’, ‘tar éis a ghabháil ar ais go Baile Átha Cliath dhó’, ‘tar éis a theacht ar ais don teach aíochta dó’, ‘tá a fhios againn gur Máire Ní Cheannabháin a bhí uirthi sa taobh eile den bhaile mór di’.) Ina dhiaidh sin féin, tá ciútaí cainte aige atá faoi anáil an Bhéarla, ba dóichí leat: bíonn leagan fearacht ‘daoine áirithe ag éirí imníoch’ go minic aige in áit a bheith ag malartú le ‘imní ag teacht ar dhaoine’ (ach go leasaíonn sé cuid acu seo sa dá athleagan athfhoilsithe in Dán). Coincheap mór aige ‘imní’ agus í ‘ag cur ar’ a chuid carachtar. An scéal ‘Sé Dia a Rathaíonns’ faoi chaora ghlas a tháinig slán aníos as brat domhain sneachta (bás / aiséirí, arís), tugann an Bairéadach a bhunúdar in Gan Baisteadh, agus léiríonn an dá insint atá ar an scéal aige modh ficsin ealaíonta an Bhairéadaigh ar féidir cur chuige rómánsúil a thabhairt air. Sa mbuneachtra saoil tá cur síos ar ais­imirce uncail an Bhairéadaigh ón Astráil go ceantar iargúlta i measc choillte Mhaigh Cuilinn, agus ar a thuiscintí nuálacha ar fheirmeoireacht caorach agus mar a tarrtháladh tréad de mhianach strainséartha caorach, agus uain nuabheirthe, aimsir shneachta dhomhain, de thimpiste i ngeall ar spraoi agus ábhailleacht an Bhairéadaigh óig agus a chomrádaí nuair a chuaigh an bheirt acu suas ar sconsa ard a bhain le tíorá­ nach de thiarna talúna. Scéal ina bhfuil snáithí spéisiúla go leor, shílfeá, ach dénárthaíonn an Bairéadach i gcontrárthachtaí é lena fhicseanú: talamh bocht / talamh méith, caoirigh sléibhe / caoirigh móinéir, muintir na tuaithe / muintir an bhaile mhóir, agus coranna cinniúnacha bás / beatha. I ndeireadh na dála

www.feasta.ie

18

Feasta, Samhain 2013


Ar Thóir ár Sinsear le Niall Ó Murchadha

Sliocht as cóip den admháil ar na rátaí a d’íoc Thomas Murphy, Gabhlán, An Domhnach Mór, Co. Chorcaí in 1847 – a rinneadh don tiarna talún. (Ón Leabharlann Náisiúnta)

I

s fíorchorr dhuine nach bhfuil ar a laghad spéis éigin aige ina shinsir, sna daoine dár díobh é, nach bhfuil fiosrach fúthu. Feictear an­dúil san eolas sin ach go háirithe i measc daoine a glacadh ar altramas agus ar ceileadh eolas orthu faoina dtuistí, go mór mór faoina máthair. Is ábhar aiféala dóibh an t­aineolas, agus mothaíonn cuid díobh neamhiomlán gan fios a sinsearachta a bheith acu. Ar an gcaoi chéanna sliocht na nGael a chuaigh ar deoraíocht le cúpla céad bliain bíonn an­tóir acu ar fhaisnéis faoina sinsir, faoina gcuid fréamhacha mar a deir siad, agus faoin gcineál saoil a chaithidís sa tseantír. Tagann mórán díobh go hÉirinn d’fhonn a gcuid fréamhacha abhus a chuardach agus caitheann idir am agus airgead sa tóir.

Spreag sé sin na sluaite chun eolas a lorg agus a aimsiú faoina muintir a bhí beo ag tús an chéid seo caite. Ba é ba chúis le nach ndearnadh amhlaidh leis na daonáirimh eile a rinneadh in Éirinn ó 1841 i leith ná gur scriosadh iad sa dóiteán a tharla i dTeach an Chustaim in 1921, agus gur imigh croinicí as cuimse le pléasc agus deatach le lot na gCeithre Chúirteanna i dtús Chogadh na gCarad.

Muide a chaith ár n­óige in éineacht le duine nó beirt dár dtuismitheoirí, nó a raibh d’ádh orainn aithne a bheith againn ar ár seantuistí, shílfeá go mbeadh muid an­eolach ar an dream a chuaigh romhainn. Ach faraor ní hamhlaidh a bhíonn go minic: chuala muid faoin ngaol seo, faoin gcolceathrar / cúigear / seisear siúd le linn dúinn a bheith inár gcónaí sa bhaile. Ach ar thug muid aird ar a leithéid?

Ach bhí raidhse eolais sa dá dhaonáireamh a cuireadh ar fáil ar an idirlíon, ainmneacha, seoltaí, aoiseanna, stádas pósta, cineál tithíochta, agus thug siad sochaí iomlán os ár gcomhair. Ar cheann de na torthaí ba shuntasaí bhí gur spreagadh dúil i ndaoine chun tuilleadh cuardaigh a dhéanamh agus dul siar ar stair a muintire. Agus níor thaise dom féin é.

Ar bhealaí b’éasca teacht ar an eolas ó bhéal faoin seansaol roimh ré na teilifíse, roimh theacht don ríomhaire, don bhfón póca agus do na giúirléidí leictreonacha cumarsáide go léir a chuireann cosc dáiríre ar an gcaidreamh daonna. D’imigh na scéalta cois teallaigh ar fán agus tháinig an t­eolas ar an scáileán.

De bhrí gur bhain mo mhuintir leis an eaglais Chaitliceach chomh fada le mo bharúil, thug mé faoi na taifid iomchuí phósta agus breithe a choinnigh na paróistí Caitliceacha, taifid ar cuireadh tús leo ó thart ar lár an 18ú haois go dtí lár na haoise dár gcionn, cuid acu níos iomláine ná a chéile, agus iad go léir beagnach le fáil sa Leabharlann Náisiúnta. Ar ndóigh tá neart foinsí eile ar fáil freisin faoi chúrsaí ginealaigh: na taifid náisiúnta a coinníodh ar bhreitheanna, phóstaí agus bhásanna ó 1864 go dtí an lá inniu san Oifig Chlárúcháin, Suirbhéanna na nDeachúna, Suirbhé an Ghríofaigh, seantaifid thiarnaí talún 7 rl.

Fad a mhair na hainmneacha sinsearachta, leithéidí Jimín Mháire Thaidhg mar shampla, bhíothas in ann dul siar a sé nó a seacht de ghlúnta. Ach amháin sna limistéir Ghaeltachta is traidisiúnta, ní mhaireann an nós sin ach ar éigean. Sa lá atá inniu ann tá formhór na ndaoine dífhréamhaithe, iad ina gcónaí in áiteacha seachas mar ar tógadh iadsan nó a dtuismitheoirí agus gan ach tearc­theagmháil acu le daoine a chuirfeadh ar an eolas iad i dtaobh cé dár díobh iad, an seandream ar shlí na fírinne agus a gcuid seanchais curtha i gcré na cille in éindí leo.

C

Ba mhar sin a bhíos féin nuair a bhaineas comhaois le seanathair amháin de mo chuid amach agus bloghanna scáinte dícheangailte eolais faoin muintir a chuaigh romham ag snámh thart im chuimhne faoi na seantuistí, mo chuid uncailí agus aintíní.

é nach mbaineann aon cheann de na foinsí réamh­ luaite sin le cúinsí ginealaigh mórán roimh an mbliain 1800, léiríonn siad go maith cúinsí teaghlaigh le linn ceann de na haoiseanna ba choscraí i stair na nGael. Formhór mhuintir na hÉireann atá beo inniu, tá siad beo toisc gur mhair a sinsir trí bhlianta an Ghorta Mhóir agus trí ghortaí eile, chomh maith le cogaí, galraí ar an mórchóir, brúidiúlacht thiarnaí talún agus géarleanúint na n­údarás poiblí.

Ach ba réigiún anaithnid ar fad é scéal na sinsear roimhe sin. Agus is dóigh go mba mhar a chéile é ag an gcuid ba mhó de mo ghlúin féin. Is é sin, go dtí go ndearnadh digitiú ar an dá dhaonáireamh do na blianta 1901 agus 1911 agus gur cuireadh ar fáil do chách iad saor in aisce ar an idirlíon.

De réir mar a thochail mé i ndoiléire na staire chun fíricí a thabhairt chun solais, d’fhás meas thar cuimse ionam ar an dream a choinnigh beo traidisiúin, stair agus saíocht na hÉireann d’ainneoin ‘príosúin is claímh is dó’ A bhuí leo siúd atá an píosa seo á scríobh agam.

www.feasta.ie

19

Feasta, Samhain 2013


Ar a laghad luadh ainmneacha na ngnáthdhaoine i gcáipéisí éagsúla. Ach céard faoi na haoiseanna roimh an naoú haois déag: ar tugadh aitheantas ar bith don chosmhuintir? De réir a chéile is go drogallach a chuas siar trí ré na bpéindlíthe, nuair nárbh fhiú pobal mór na nGael ach mar fhoinse cíosa agus saothair ag an gcinsealacht shotalach neamh­ thrócaireach a raibh gach cineál cumhachta ar a dtoil acu.

G

o deimhin bhí dlíthe peannaideacha i réim abhus riamh anall ó ghlac na Gaill seilbh ar ár dtír. Ach ba iad na plandálacha a cuireadh i bhfeidhm sa séú agus sa seachtú haois déag a chniog cine Gael ar fad: i dtús báire i gCúige Laighean, ansin sa Mhumhain agus in Ulaidh ina dhiaidh sin, agus Plandáil Chromail, an phlandáil ba éifeachtaí plean, a raibh mar aidhhm oscailte aige cinedhíothú agus creideamhdhíothú iomlán a chur i bhfeidhm. Agus ba bheag nár éirigh léi san aidhm sin. De bhrí gurbh iad Muintir Mhurchadha, Chárthaigh, Cheallacháin, Dhuibhir, Riain agus Chlumháin as trí chontae ach go háirithe na hainmneacha is mó atá luaite le mo shinsir le blianta fada, dhírigh mé mo chuardach ar na barúntachtaí sin sna contaetha as a dtáinig mo mhuintir: Barúntacht Mhúscraí chomh maith le Pobal Uí Cheallacháin i gContae Chorcaí; Barúntacht Choill na Manach i gCo. Thiobraid Árann agus Barúntacht Cionraoi i gCo. Luimnigh. Bhí torthaí na Suirbhéireachta Sibhialta a rinneadh ar thailte na hÉireann ar fáil le tamall, agus nuair a cuireadh an Down Survey le Petty ar fáil le deireanas ar an idirlíon nochtadh idir léarscáileanna agus chur síos, léargas úr ar shochaí na hÉireann i lár an tseachtú haois déag.

Bhí fúm a fháil amach dá bhféadfainn cérbh iad na teaghlaigh a bhí i seilbh na dtailte sna limistéir sin sa bhliain 1641 i dtús an Éirí Amach, conas mar a caitheadh leo san uafás a lean caithréim fhórsaí na gCromalach, agus staid na ndúthaí de bharr an chogaidh sin. Is léanmhar dearóil an léargas a thugtar sna taifid chomhaimseartha, idir chur síos na nGael agus chuntais na nGall. Más féidir dhá thubaiste a chur i gcomórtas lena chéile, i dtéarmaí coibhneasta ba mheasa go mór an scrios a rinneadh ar chine Gael de bharr chogadh, choigistiú agus chos ar bholg rialtas Chomhlathas Shasana a raibh Cromail agus a dhrong i gceannas air. Lom láithreach tar éis do na Cromalaigh na Gaeil a chloí, cuireadh suirbhé ar bun chun achar agus luach na dtailte sa tír a fháil amach d’fhonn cúiteamh a dhéanamh leis na saighdiúirí a throid ar son an Chomhlathais agus leis na fiontraithe i Sasana a thug iasachtaí airgid don rialtas chun íoc as an gcogadh. Tugtar an Suirbhé Sibhialta air sin. I dtús an chogaidh sin bhí 70% de thalamh na hÉireann i seilbh na gCaitliceach. Thart ar sheasca bliain ina dhiaidh sin bhí Protastúnaigh ina sealbhóirí ar bhreis is 90% den tír i ngeall ar choigistiú agus scrios. Mar a dúramar, níorbh é sin an chéad iarracht dá shórt: rinneadh plandáil i lár na tíre le linn réimeas na Banríona Máire agus i nDeasmhumhan tar éis éirí amach eile in aimsir na banríona Éilís, nuair a fuair leithéidí Edmund Spenser agus Walter Raleigh talamh méith ar bhruach na hAbhann Móire mar luach saothair. Ach ba é Plandáil Chromail an ceann ab fhearr ar éirigh leis i gCúige Mumhan, agus an ceann ba bhuaine a d’fhág rian láidir ar shícé agus ar thírdhreach na Mumhan, ar na Muimhnigh féin agus ar chine Gael fré chéile.

Sliocht as cuntas a thug gníomhaire tiarna talún ar chíosanna agus riaráistí a bhailigh sé i bParóiste an Domhnaigh Mhóir, Co. Chorcaí sa bhliain 1847. (Ón Leabharlann Náisiúnta)


Cés moite de Chúige Uladh, áit a raibh seasamh sách láidir ag na Preisbitéirigh, ní móide gur léargas iomrallach a thabharfaí dá ndéarfaí nach raibh i sochaí tuaithe na hÉireann le linn an dá chéad bliain ó 1650 go 1850 ach dhá mhóraicme, an saibhir agus an daibhir. Is ag na tiarnaí talún agus an lucht riaracháin a bhí an saibhreas go léir geall leis, iad uilechumhachtach agus míthrócaireach, iad i gceannas go hiomlán, agus saothraithe na talún a bhí faoi chois ar fad, agus gan meas ag an dá aicme ar a chéile agus deighilt eatarthu i gcúrsaí creidimh agus cine agus cultúir.

cónaí air i mbothán suarach agus é i dtuilleamaí a bhfaigh­ eadh sé as saothar lae, nuair ab ann dá leithéid. Nuair a tháinig an gorta agus an ghannchuid, mar ba mhinic a tharla, ba iad lucht na mbothán ba thúisce a d’fhaigheadh bás den ocras. Agus nuair a thit an lug ar an lag ar fad le teacht an Ghorta Mhóir, is iad na coiteoirí bochta ba thúisce agus ba mheasa a d’fhulaing i ngeall ar an nganntanas bia. Agus bhain mo shinsir leis an dá fho­aicme sin.

C

é go bhfuair siad uile, sealbhóirí talún agus an dream gan mhaoin an aird chéanna sna taifid eaglasta agus stáit, idir bhreitheanna, phóstaí agus bhásanna, is deacair teacht ar aon eolas breise i dtaobh lucht na mbothán, na coiteoirí. De bhrí nár íoc siad cíos, ráta ná dleacht ar bith go dtí gur tógadh tithe dóibh sna 1880aidí, níl siad luaite ach go hannamh i gcroinicí na dtiarnaí talún agus sna cáipéisí a bhaineann le sealbhú talún sa naoú haois déag.

Bhain na Protastúnaigh le saíocht an Bhéarla, idir theanga, cheol, litríocht agus chreideamh. Bhí teacht acu freisin ar cheol clasaiceach agus ar scríbhneoireacht na Mór­Roinne. B’shin iad na Gaill. I mbothán suarach an tsaothraí, go dtí gur tréigeadh an teanga shinseartha ar an mórchóir, bhíodh mar chaitheamh aimsire ag na Gaeil bheith ag éisteacht le seanchas, filíocht, ceol agus amhráin na Gaeilge. Ina theannta sin, bhí tóir an domhain acu ar na rincí agus ar na cluichí dúchasacha. Agus mhair an dóchas iontu i gcónaí go gcloífí an dream a thóg a gcuid tailte agus a choinnigh faoi dhiansmacht iad. Murach an dóchas sin is ar éigean go bhféadfaidís cora crua a saoil a sheasamh.

Sa Domhnach Mór i gContae Chorcaí sa bhliain 1847, i gclár­ leabhar bhaistí an pharóiste scríobh an sagart paróiste, an tAthair Micheál Ó Laighin, an cuntas is léanmhaire agus is scáfaire atá le fáil, measaim, ar thubaiste an Ghorta: ‘Idir Samhain 1846 agus Feabhra 1847 (míonna an gheimhridh), cailleadh breis is 1,400 duine den ghorta agus den fhiabhras maraon le sagart amháin an tAthair Dan Ó hArgáin. D’fhan go leor de na mairbh gan adhlacadh ar feadh breis agus coicís agus cuireadh a lán díobh i ndíoga gar dá dtithe. Fostaíodh ceathrar fear chun na mairbh a chur agus bhí idir beirt agus ceathrar siúinéirí fostaithe chun na cónraí a dhéanamh.’

A

r ndóigh mar is léir ó na corraíolacha a bhain le hagóidí talún agus leis na gluaiseachtaí míleata, bhí an fonn chun saoirse ag coipeadh i gcónaí iontu. Ach an léirsiú ba shíochánta nó éirí amach ar bith cuireadh faoi chois gan trua gan taise iad, agus íocadh go daor as iarracht ar bith chun an ceart daonna ba lú a bhaint amach, idir rópa an chrochadóra, an díshealbhú agus an loch amach chun na nIndiacha Thiar nó chun na hAstráile.

Agus i lár an léin sin go léir íocadh agus bailíodh na cíosanna agus na rátaí mar ba ghnách ó na tionóntaí de bhrí go mba thábhachtaí só an tiarna talún agus ioncam a ghníomhaire ná beatha an tionónta.

Ní fada a bhíos sa tóir ar mo mhuintir gur tuigeadh dom an deighilt mhór a bhí idir iad siúd a bhí i seilbh gabháltais talún, dá dhonacht é, agus iad siúd a bhí gan talamh ar bith. Bíodh go gcaitheadh an tionónta formhór a c(h)uid ama a chaitheamh le ainchíos an tiarna talún a chruinniú, ba ón lámh go dtí an béal a mhair an té a bhí gan talamh ar bith –

Muide, sliocht na nGael a mhair beo trí chlampar agus rachlas agus angar na n­aoiseanna, ní hamháin gur pribhléid dúinn a bheith in ann taighde a dhéanamh ar ár sinsir: tá — Críoch dualgas orainn freisin ina leith.

Blazing Saddles arís eile!

LaraeDó á léiriú ag Aisteoirí Bulfin Barry Barnes

• IONAD: The New Theatre, 43 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2 DÁTAÍ: 3, 4, 5, 6 & 7 Nollaig @ 7.30 pm Áirithintí: (01) 670 3361 • IONAD: An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh Aodh Ó DÁTAÍ: 14 Nollaig @ 8 pm. Áirithintí: (091) 562024. Ticéid: €15 (mic léinn agus OAP €12) Domhnaill Eolas: Sinéad Ní Uallacháin, 087 9512831. sinead.niuallachain@gmail.com Méabh Ní Loingsigh, 087 2940476. meabhnil@gmail.com • Beidh Aisteoirí Bulfin chugainn arís roimh Nollaig chun splanc a bhaint as ardáin i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh leis an seó is déanaí acu, LaraeDó, dráma ceolmhar grinn le hAodh Ó Domhnaill. Is é Barry Barnes an léiritheoir. Moltar ticéad a chur in áirithe go luath! Suite san Iarthar Fiáin sna 1880­daí atá LaraeDó. Tagann Buddy, fear óg cathrach ón Oirthear, go baile LaraeDó. Tugann sé cuairt ar Fitzies, an salún, agus buaileann sé le muintir na háite – rainséar mór áitiúil, seanmóirí Laraedó, bean tí an tsalúin, marcaigh, cailíní salúin agus muintir bundúchasach na háite – nó na ‘Bundúcs’ mar a thugtar orthu. Fonn troda ar chuid acu. Fonn rómáns ar chuid eile. Fonn óil, ceoil agus ragairne ar gach éinne … Mar is gnách, tá cliar láidir i seó na bliana seo. Aodán Ó Ceallaigh, an t­amhránaí sean­nóis ón Rinn atá i bpáirt Buddy. Páirteach sa seó freisin tá seanfhondúirí Bulfin, Micheál Ó Gruagáin, Tadhg Ó Conchubhair agus Con Ó Tuama. • Foireann Laraedó — Aisteoirí: Aodán Ó Ceallaigh, (An Rinn); Mícheál Ó Gruagáin, (An Clár + Baile Átha Cliath); Con Ó Tuama, (Baile Átha Cliath); Aoife Ní Ghlaicín Riain, (Luimneach); Gearóid Ó Mordha, (Baile Átha Cliath); Caoileann Ní Dhonncha, (Ráth Chairn); Lionel Mac Cárthaigh, (Baile Átha Cliath); Oisín Ó Cualáin, (Conamara); Tadhg Ó Conchubhair, (Ciarraí + Baile Átha Cliath); Sinéad Ní Uallacháin, (Ciarraí); Niamh Ní Thuama, (Baile Átha Cliath); Aoileann Ní Chonchubhair, (Baile Átha Cliath); Kate Finnegan, (Co. na Mí). Léiritheoir: Barry Barnes, (Loch Garman); Bainisteoir Léirithe: Lelia Ní Chinnéide, (Ciarraí + BÁC); Soilse agus Fuaim: Mike Donoghue, (Conamara); Criú Stáitse: Gráinne Nic Fhirléinn, (Béal Feirste); Stiúrthóir Ceoil: Bríd Ní Ghruagáin, (BÁC).

www.feasta.ie

21

Feasta, Samhain 2013


An Bealach ’na Bhaile trí Mheán na Scannánaíochta Nóstos

(<Gréigis: Filleadh abhaile arís) le Muiris Ó Meara

T

á an scannán Dancing at Lughnasa (O’Connor 1998)1 suite sa bhaile samhailteach, Ballybeg, i nDún na nGall sa bhliain 1936. Ar ‘fhilleadh abhaile arís’ go Ballybeg don Athair Jack Mundy (Michael Gambon) tagann mearathal air agus ar fhágaint an bhus dó is í an cheist is túisce a ritheann leis ná ‘… Am I home?’ Is aisteach an cheist í ach is léir nach ndeineann fearann a bhaile féin fianaise ar bith do Jack agus dealraíonn sé nach bhfuil cuimhne aige ar Bhallybeg a thuilleadh. Tugann a dheirfiúr, Kate (Meryl Streep), é chun suaimhnis láithreach, áfach, nuair a dheimhníonn sí dó go bhfuil sé sa bhaile arís go siúrálta. D’fhéadfaí neamhiontas a dhéanamh do cheist Jack, ar ndóigh, mar tá seachrán beag air ó buaileadh breoite é san Afraic, dhealródh. Is fiú ceann a thógaint dá cheist, áfach, mar tá ábhar folaigh inti a shainíonn cruachás eiseach an uile imircigh .i. an féidir leis an imirceach ‘filleadh abhaile arís’ go deo? Nó lena chur ar bhealach eile, cá mbíonn an t­imirceach sa bhaile? San alt gairid seo tá fúm féachaint ar an tslí ina réalaítear gnéithe áirithe d’eispéireas na n­imirceach Jack, Agnes agus Rose d’fhonn freagra a sholáthar ar na ceisteanna réamhluaite.

ama chaite go minic. Ní mór dúinn a bheith aireach anseo, áfach, mar is ‘le ealaín atá muid ag plé agus ní leis an saol’ (Ó Cadhain 2003:11) agus ní hionann temps perdu na scanná­ naíochta agus fírinne— nó fírinní, b’fhéidir —an ama chaite. Dá réir sin, nóstos samhalta a bhíonn i gceist le healaín na scannánaíochta i gcónaí. Murab ionann is an scannánaíocht, áfach, ní féidir le neach sláintiúil comhfhiosach ar bith ‘filleadh abhaile arís’ ar an am atá caite sa domhan iarbhír mar claochlaíonn rotha móra an ama, na staire agus ar deireadh, an bháis, claochlaíonn siad an uile dhuine, an uile áit agus an uile rud sa saol ábhartha. Is í an anagnairisis seo, an aithne dhrámata, an léargas seo, a bhaineann deora as an Athair Jack nuair a thuigtear dó, ar deireadh, go bhfuil a mháthair ar shlí na fírinne agus nach mbeidh aon ‘fhilleadh abhaile arís’ i ndán dó ar an mbaile mar a bhí. I 1688 dhein Johannes Hofer paiteolú (pathologize) ar an ngalar Heimweh nó nostalgia (cumha na Gaeilge). Comh­ fhocal is ea an focal Béarla nostalgia atá comhdhéanta de na focail Ghréigise nóstos (filleadh abhaile arís) + algós (pian). Ba é an leigheas a bhí ar phian (algós) an ghalair Heimweh ná filleadh abhaile arís (nóstos). Le himeacht aimsire deineadh díphaiteolú ar an ngalar agus ó lár an 19ú haois i leith d’athraigh an tuiscint a bhí suas i dtaca le Heimweh ‘...from a form of over­attachment to the past … to a means of letting go, a mode of remembrance which allowed one to escape from the past’ (Gibbons 2002:47).

An féidir linn ‘filleadh abhaile arís’? Aisling Mheabhail? Nuair a théann an scannánaíocht i bhfeidhm ar chéadfaí agus / nó ar réasún an lucht féachana go héiritheach is minic a thugann eispéireas draíochtúil na scannánaíochta orthu a cheapadh go bhfuilid tar éis ‘fil­ leadh abhaile arís’ ar an status quo ante. Baineann an scanná­ naíocht mealladh físiúil asainn sa chás úd, áfach, agus baineadh a mhacashamhail de mhealladh físiúil as Aogán Ó Rathaille2, leis, tráth dá raibh cumha air i ndi­ aidh an tsaoil Ghaelaigh a bhí ann roimh ‘tonnbhriseadh’ na gCárthach. Arsa an Rathailleach (2007:40) ‘...mo chumha níor briseadh … go feiscint broig Thaidhg a’ Dúna’. Nuair a fhe­ iceann sé Caisleán an Tóchair agus a bhfuil ann measann sé go bhfuil an status quo ante ina steillbheatha os comhair a dhá shúil amach: ‘Do mheasas im’ aigne is fós im’ chroí an marbh ba mharbh gur beo do bhí’ (ibid.). Bhí breall air, ar ndóigh, ach tá ceacht físiúil le foghlaim anseo, mar atá, ní dheineann fís fírinne i gcónaí.

Tá an chuma ar an scéal nach cuimhin leis an Athair Jack Ballybeg ar fhilleadh abhaile arís dó. Má tá aimnéise ar Jack is féidir linn an díchuimhne sin a thuiscint mar ‘...[an] over­ attachment to the past’ (ibid.) .i. an t­am a raibh a mháthair beo. Dealraíonn sé go raibh coinne ag Jack lena mháthair nuair a tháinig sé abhaile agus ní aithníonn sé Ballybeg ina héagmais. Tá sé le tuiscint, dar liom, go bhfuil cuimhne Jack teanntaithe fós san am ar cailleadh a mháthair agus nach bhfuil an próiseas mairgní curtha de i gceart aige rud a fhágann nach féidir leis dúiseacht ón tromluí trámach úd (Féach Freud3 Mourning and Melancholia). Is féidir linn mearathal Jack a thuiscint i dtéarmaí an ghalair nostalgia mar is mian leis ‘filleadh abhaile arís’ ar an mbaile mar a raibh a mháthair, ach níl an leigheas sin i ndán dó a thuilleadh.

N

uair a fhilleann an tAthair Jack agus na deirfiúracha Mundy abhaile cloistear an t­amhrán ‘The Homes of Donegal’4 ar an raidió sa tigín. Cuma nó tráchtair­ eacht íorónta iad na liricí a chloistear ar an tsáinn eiseach ina bhfuil an tAthair Jack agus é ‘idir dhá bhaile’: ‘I’m happy to be back again … there’s no place else on earth just like the homes of Donegal’. I gcaitheamh an scannáin, léirítear gur geall le hÚtóipe5 ag an Athair Jack an Afraic. Go deimhin, ní mór dúinn éisteacht go cúramach leis na línte réamhluaite d’fhonn an t­ionannú íorónta a dheintear idir ‘no place’ (.i.

Tairseach teamparálta is ea an scannánaíocht a thugann deis don lucht féachana ‘filleadh abhaile arís’ ar temps perdu an www.feasta.ie

22

Feasta, Samhain 2013



Útóipe) agus ‘homes of Donegal’ a aibhsiú.6 Ar ndóigh, is í an fhadhb atá ag Jack ná go bhfuil dhá bhaile idéalach aige, ar shlí, ach níl aon bhaile aige sa saol iarbhír.

staire a thuiscint mar thromluí trámach .i. algós gan faoiseamh faoi mar a dhein Stephen Dedalus, tráth. TAGAIRTÍ:

Ag deireadh an scannáin cloistear an t­amhrán ar an raidió arís ach múchann Agnes (Brid Brennan) an raidió go hobann agus deir sí ‘I can’t stick that song’. Is geall le diostóipe an baile s’acu anois, príosún atá bun os cionn ar fad leis an mbaile idéalach réamh­nua­aimseartha a shamhlaigh De Valera i 1943, cuirim i gcás : ‘... cosy homesteads …[with] the laughter of happy maidens... The home, in short, of a people living the life that God desires’ (liomsa an bhéim) (De Valera i MacArthur 1999:219). Ní mar pharthas tréadach útóipeach a chuirtear Ballybeg inár láthair, áfach, agus amhail comhthionól fuinniúil fuinte Uí Chadhain (2003:10) tá ‘...a chuid suáilcí agus duáilcí [ag Ballybeg] mar chomhthionól’.

• Cleary, J. (2007) Modernization and Aesthetic Ideology. I Out­ rageous Fortune: Capital and Culture in Modern Ireland. Field Day Publications, Dublin, 203­231. • Gibbons, L. (2002) The Quiet Man. Cork University Press, Cork. • MacArthur, B. (ed.) (1999) The Penguin Book of Modern Speeches. Penguin, London. • Ó Cadhain, M. (2003) ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’. An Clóchomhar Tta., Baile Átha Cliath. • O’Connor, P. (1998) Dancing at Lughnasa. Ireland, Capitol & Channel 4 & Ferndale Films & Irish Film Board & R.T.É.

Áitíonn Joe Cleary (2007:215) gur baile idir dhá ré ab ea Ballybeg ar dtús, ‘...a crepesecular rural world about to be pulverized by the imminent arrival of industrial modernity’ (Cleary 2007:215). Faoi dheireadh an scannáin tá an monarcha nua i Leitir Ceanainn agus fágann an ‘dul chun cinn’ seo Agnes agus Rose (Sophie Thompson) dífhostaithe toisc nach mbeidh aon éileamh feasta ar lámhainní de dhéantús baile. Is go meatonaimeach a fheidhmíonn an nóisean ‘baile’ sa scannán seo d’fhonn aontacht orgánach an Gemeinschaft a chiallú i gcomórtas le fórsa scriosach na nua­ aimsearthachta. Tá an baile traidisiúnta ag saothrú an bháis toisc go bhfuil claochlú eacnamaíoch tagtha ar chúrsaí i mBallybeg. Nó lena chur i dtéarmaí Marxacha, is iad na hathruithe sa bhonneagar eacnamaíoch a chlaochlaíonn an forstruchtúr sóisialta.

• Ó Rathaille, A. (2007) Caisleán An Tóchair. I Aogán Ó Rathaille: Curtha in Eagar ag Breandán Ó Buachalla (eag. Ó Buachalla). Field Day Publications, Baile Átha Cliath. • Neubauer, J. (1998) Bakhtin versus Lukács: Inscriptions of Homelessness in Theories of the Novel. I Exile and Creativity: Signposts, Travelers, Outsiders, Backward Glances (Suleiman, S.R. (eag.). Duke University Press, Durham, 263­280. TAGAIRTÍ 1 Tá an scannán iomlán ar fáil anseo: http://www.youtube.com/watch?v=Xakx0u1bbiw 2 Úsáidim ainm Uí Rathaille anseo mar ghearrscríobh d’fhonn inseoir an dáin a chiallú. 3 The Complete Psychological Works of Sigmund Freud, Vol XIV (Hogarth Press): lgh 243 ­ 258, ‘Mourning and Melan­ cholia’ ag http://www.english.upenn.edu/~cavitch/pdf­ library/Freud_MourningAndMelancholia.pdf 4 Tá iomrall aimsire i gceist anseo mar níor cheap an Conallach, Seán Mac Bride, na liricí don bhailéad seo go dtí 1955. Dealraíonn sé go raibh an fonn féin i nDún na Gall le 150 bliain roimhe seo. Nílim ag áiteamh gur botún is ea é seo, per se, mar tá an scannán féin bunaithe ar na cuimhní atá ag an bhfear fásta, Michael Evans, ar Lúnasa 1936. Sa chás seo, is í an cheist phríomha ná an bhfuil fianaise an reacaire seo intrust i gcónaí? 5 Útóipe <Gréigis: ou + topos = no place. [Ar ndóigh, tá ‘u’ agus ‘eu’ mar réamh­mhíreanna sa Ghréigis, ceann acu leathan agus ceann acu caol. Is ionann ‘οὐ’ agus ‘neamh­’ na Gaeilge, agus is ionann ‘εὐ’ agus a bheith maith. Dá réir, ciallaíonn ‘οὐτόπος’ / outopos nach bhfuil an áit ann, agus ciallaíonn ‘εὐτόπος’ / eutopos gur áit ar fónamh é. Imeartas focal atá i gceist mar a thuig Thomas Moore: an amhlaidh gur neamh­áit, áit neamh­insroiste an áit is fearr?] 6 Deintear ionannú idir an Afraic agus Útóipe anseo, dar liom, rud a fhágann: ‘no place’ [is] ‘just like the homes of Donegal’. 7 Gemeinschaft v Gessellschaft: codarsnacht a dhein an socheolaí Gearmánach Ferdinand Tönnies idir cineálacha idéalacha pobail. Is ionann an Gemeinschaft agus an pobal aghaidh ar aghaidh comhchoiteann lena luacha traidis­ iúnta. Is ionann an Gessellschaft mar chodarsnacht agus an tsochaí réasúnach nua­aoiseach, lena maorlathas neamhphearsanta rialtais agus tionsclaíochta. ◊

I

s féidir linn nasc eile a dhéanamh idir an bonneagar eacnamaíoch agus an forstruchtúr sóisialta mar ó thaobh na sanasaíochta de díorthaítear an focal eacnamaíocht ón bhfocal Gréigise oikos, focal a chiallaíonn ‘teach’ nó ‘baile’. I gcomhthéacs an scannáin seo, tá fírinne shearbh íorónta san aontacht shanasaíoch úd mar is é an nua­aoisiú eacnamaíoch a fhágann Agnes agus Rose iomarcach ina dteach féin. Thug Yeats ‘taoide bhreán na nua­ aimsearthachta’ ar an nua­aoisiú seo, tráth, agus tugann an taoide seo ar Agnes agus ar Rose éalú go Londain mar a gcríochnaíonn siad gan dídean, fiú, ‘...ending as shadows … scraping a living together, dying alone’ (liomsa an bhéim). Damnaíonn an reacaire luachanna an Gemeinschaft— .i. Londain — go caolchúiseach anseo nuair a deireann sé go bhfuaireadar bás ina n­aonar, damnú atá préamhaithe i luachanna comhchoitianta an Gessellschaft,7 ar ndóigh. Siúd is go raibh Agnes agus Rose gan dídean ar shráideanna Londain ní fhéadfaidís ‘filleadh abhaile arís’ mar ní raibh aon áit dóibh sa bhaile (oikos) nó sa chóras eanamaíochta (oikonomia) a thuilleadh agus amhail cruachás Jack, níorbh ann don bhaile sin a thuilleadh, pé scéal, mar bhí an baile claochlaithe as cuimse ag an nua­aoisiú eacnamaíoch agus ag dul chun cinn na staire. Dearcadh soirbhíoch a bhí ag an bhfealsamh Georg Hegel i dtaca le ‘dul chun cinn’ na staire agus shamhlaigh sé ‘...the march of the human spirit homeward’ leis (Neubauer 1998:265). Sa scannán seo, áfach, fágtar Agnes, Rose agus an tAthair Jack stoite dífhréamhaithe coimhthithe agus is léir nach bhfuil aon leigheas nó ‘filleadh abhaile arís’ i ndán dóibh riamh seachas an bás. Ar an léamh seo, más ea, is féidir linn an próiseas nua­aoisithe agus dul chun cinn na www.feasta.ie

24

Feasta, Lúnasa 2013


SÉAMUS RUISÉAL 1934 – 2013 Dé Sathairn, 12 Deireadh Fómhair, leagamar corp Shéamuis Ruiséil sa chré i Reilig Naomh Fionnbarra i gCorcaigh. Chaith Séamas mór­chuid dá am oibre ar leas na Gaeilge, sa chóras oideachais agus é ina mhúinteoir, agus i gConradh na Gaeilge ag saothrú go deonach ar son na teanga. Bhí fís an­soiléir aige d’áit na teanga sa saol poiblí agus ina shaol príobháideach chomh maith. D’fhéach sé leis an bhfís sin a chur chun cinn i gConradh na Gaeilge i gCorcaigh ar feadh a shaoil agus ar feadh tamall de bhlianta ar choistí náisiúnta na heagraíochta. Ba mhinic é ag labhairt go diongbháilte ag ard­ fheiseanna agus imeachtaí eile timpeall na tíre. Bhí an dílseacht chéanna aige ina shaol pearsanta. Thuig sé go rí­mhaith a thábhachtaí is a bhíonn sé an dea­ shampla a thabhairt maidir le labhairt na Gaeilge, agus fuair sé tuiscint ar leith ar shaol na Gaeltachta, agus ar riachtanas na Gaeltachta don athbheochan. Chaitheadh sé mórán ama lena bhean, Máirín, agus a gclann ina háit dúchais i mBaile an Éanaigh,

Corca Dhuibhne. Chuir an ceangal beo san lena thuiscint agus lena láchas agus lena ghreann mar dhuine, mar is eol do scata an­mhór dá chairde. Chuireadh sé beocht iontach i gcónaí sna scéalta a bhíodh aige. Beidh an dea­chuimhne againn air. I gCorcaigh, age baile in Ard Barra, Gleann Maghair, agus ag Áras an Chraoibhín, Paráid na Díge, i gcathair Chorcaí, bhí sár­aithne air mar dhuine a dhein gaisce ar son na teanga agus ar son Chonradh na Gaeilge. Níorbh ionadh le héinne dá réir, mar sin, gur cuireadh, ar iarratas uaidh féin, bratach an Chonartha ar a chomhrainn ar an mbóthar ón séipéal chun na reilige an lá úd. Ní gnách in ao’chor go gcuirtear obit i gcló ar Feasta, ach dar liom tá sé riachtanach sa chás áirithe seo tagairt bheag éigin a chur i gcló in ómós dó, i gcuimhne ar chara le mórán againn, a chaith tréimhse cúig bliana déag (1981 – 1996) ina eagarthóir ar an iris seo. Deineann gach eagarthóir gaisce ar fhíorbheagán acmhainní agus geall leis i ngan fhios don saol mór. Dhein

CLÓ IAR-CHONNACHT & Scríbhneoirí an Oireachtais 2013

Tá an saol Gaelach go mór faoi chomaoin ag Séamas agus is boichte sinn dá oireasa. Deinimid comhbhrón arís lena bhean Máirín, lena gclann Neasa, Órlaith, Traolach, Máire agus Éimear agus lena mhuintir ar fad. Suaimhneas síoraí dó. Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán, Conradh na Gaeilge

Diabhal ar an Ól. Athinsint ar scéalta béaloidis ón gCian­Oirt­ hear atá sa leabhar, atá oiriúnach d’fhoghlaimeoirí fásta agus do dhéagóirí. Thug an tOllamh John Walsh, comhúdar TG4 @10: Deich mBliana de TG4 an duais leis i gcomórtas ‘Cur Chun Cinn na Gaeilge’ ar a shaothar Athchuairt ar an mBreac­Ghaeltacht.

Tá ábhar gairdis ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar­ Chonnacht de thoradh ghaisce scríbhneoirí an Chomhlachta i mbliana. Ghnóthaigh scata acu duaiseanna i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge a fógraíodh i bPáirc an Chrócaigh ar an 1 Deireadh Fómhair. Bronnadh duais i gComórtas na Scríbh­ neoirí Úra ar Rónán Mac Con Iomaire dá shaothar nua Rocky Ros Muc a bheidh ar fáil mar leabhar gan mhoill. Sa chomórtas céanna ghnóthaigh an scríbhneoir agus aisteoir Diarmuid de Faoite duais ar a shaothar Tuatha Dé Danainn in Éirinn. Rónán Mac an Iomaire Bhí dea­scéala ann do Mhícheál Ó Ruairc, údar Daoine a Itheann Daoine i measc saothar eile. Bronnadh an chéad duais sa chomórtas Ábhar Léitheoireachta Don Fhoghlaimeoir Fásta ar Mhícheál dá shaothar Fianaise. Rug Micheál Ó Conghaile duais leis dá ghearrscéal nua ‘An Bás Beo’. Tá bailiúchán nua gearrscéalta do dhaoine óga foilsithe ag Cló Iar­Chonnacht le Micheál le deireanas, An www.feasta.ie

Séamas an obair san go cumasach agus le héifeacht, mar ba dhual dó.

Rocky Ros Muc – Seán Ó Mainnín , le Rónán Mac Con Iomaire Scéal dornálaí as Conamara, ar thug a chumas é ó Ros Muc i gceartlár Chonamara go Madison Square Garden i Nua­Eabhrac, áit ar throid sé do Chraobh Mheán­ mheáchain Éadrom an Domhain i 1984 an saothar seo. Cíortar a óige i Ros Muc, an chaoi ar chuir sé suim ar dtús sa dornálaíocht sa gclub áitiúil agus a ndeachaigh sé ar imirce go Meiriceá, áit ar thug sé faoin spórt ar bhonn gairmiúil, na daoine éagsúla go léir a chas air thall, an bród, an brón, an briseadh croí. Scéal é nach féidir a leagan uait. ◊ 25

Feasta, Samhain 2013


Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa • An Daingean: Bille Gaeltachta D’eagraigh Sinn Féin cruinniú in Óstán na Sceilge, An Daingean, ar an 18 Deireadh Fómhair mar chuid dá gcamchuairt ar gach Gaeltacht. Cruinniú poiblí a bhí ann ag a raibh ceist na Gaeltachta, pleanáil teanga agus tacaíocht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht á bplé. Táthar ag iarraidh tuairimíocht phobal na teanga a fháil ‘mar go bhfuilimid ag obair ar Bhille Gaeltachta de chuid Shinn Féin faoi láthair,’ a deir Liadh Ní Riada, iarrthóir don pháirtí i dtoghchán na hEorpa sa Deisceart: ‘Tá sé tábhachtach go mbeadh ionchur ag an bpobal ar an mbille seo, mar baineann sé le gnáthshaol phobal na Gaeltachta agus tá sé práinneach go dtabharfaí aghaidh ar shlánú ár dteanga,’ a deir sí. Bhí a chomh­ shamhail d’obair chomhairliúcháin ar siúl ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus Piaras Ó Dochartaigh TD i dTír Chonaill ar an 25 Deireadh Fómhair le grúpaí pobail agus lucht gnó ar suim leo cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta maidir leis na deacrachtaí, na láidreachtaí, agus na tacaíochtaí atá de dhíth. Is maith go bhfuil páirtí polaitiúil ag díriú ar a leithéid ar na saolta ‘ciorraithe’ seo. • Ráth Cairn, cónaí sa Ghaeltacht! Seo do sheans! Teach deas agus cúpla suíomh ar díol ar phraghas an­réasúnta i Ráth Chairn glas na Mí. Pobal fáilteach agus áiseanna den scoth: naíolann, naíonra, bunscoil, coláiste pobail, club agus halla, siopa / caifé, leabharlann, seomra beag gleacaíochta, páirc thait­ neamhach, páirc peile, iomáint agus camógaíocht agus páirc chuimhneacháin. Seirbhís bhus den scoth ó go BÁC (gach uair a’ chloig) agus tá ceithre cinn de bhailte móra gar don Ghaeltacht: Áth Buí, Baile Átha Troim, An Uaimh agus Cean­ annas Mór. Gach eolas ar www.daft.ie, Sherry Fitzgerald, Baile Átha Troim nó ag oifigí an Chomharchumainn i Ráth Chairn, 046­9432381 & www.rathchairn.net • An Seabhac, 1883­1964 Pléifear le gnéithe éagsúla de shaol, de shaothar agus d’fhís Phádraig Uí Shioch­ fhradha ag siompóisiam idirdhisciplíneach ar a fhód dúchais i mBaile an Ghóilín, An Daingean. Díreofar aird don chéad uair riamh ar a thábhacht mar dhuine a ghlac páirt lárnach i mbunú an Stáit, agus léir­ eofar saibhreas a chartlainne pearsanta mar acmhainn don staraí, don

www.feasta.ie

Brian Ó Tiomáin, Willbrook, Ráth Fearnáin, BÁC 14, lena iníonacha, Ailbhe, ar chlé, agus Caoimhe i bPáirc an Chrócaigh ar an 1 Deireadh Fómhair, mar ar fógraíodh buaiteoirí liteartha an Oireachtais 2013. Rug Brian an swae leis i gComór­ tas A14, Dráma Raidió, maoinithe ag RTÉ, comórtas inar ghnóthaigh sé an duais €500 ar a shaothar Teiripe. Ach ní fear an ghaisce aonair é Brian: ghnóthaigh Viriliter Age [Bí Fearúil] an duais €600 don dráma aonghnímh i gComórtas A15, maoinithe ag Údarás na Gaeltachta, agus rug sé leis an duais €500 i gComórtas 17 don Script Teilifíse, maoinithe ag TG4, ar shaothar dar teideal An tOileán, chomh maith.◊ bhéaloideasóir agus don scoláire. Teagmháil: seabhac2013@gmail.com Ionad: Coláiste Íde, Baile an Ghóilín, An Daingean, Co. Chiarraí, 15­16 Samhain. • Lámhscríbhinní & Clocha Oghaim Sheol an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín, Roinn na Staire, OÉ Gaillimh dhá shuíomh nua idirlín ar lámhscríbhinní Gaelacha na Mór­ roinne ón tréimhse AD 600 – AD 850 agus ar na clocha oghaim ar an 11 Deireadh Fómhair sa seomra seimineár in Institiúid de Móra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. • Léacht Uí Chadhain An Dr Diarmuid Ó Sé a thug Léacht Uí Chadhain i gColáiste na hOllscoile, Belfield, i mbliana: ‘Fiche blian ag fás mar shaothar liteartha’ a ábhar cainte. Ciarr­ aíoch agus Léachtóir Sinsearach sa Nua­ Ghaeilge san ollscoil céanna é Diarmuid. Tá sé ina chathaoirleach ar an gCoiste Téarmaíochta faoi láthair. Foilsíodh Fiche Bliain ag Fás Uí Shúilleabháin i 1933. Chuaigh Diarmuid i ngleic le cáilíochtaí an leabhair mar shaothar liteartha agus le comhdhéanamh an téacs seo ar an mBlascaod, ‘mar a thug an t­eagarthóir, Seoirse Mac Tomáis, don phobal é’, arsa Liam Mac Amhlaidh, cathaoirleach, ina ‘aistear trí bhéaloideas, beathaisnéis, scéalaíocht, foilsitheoireacht, scríbh­ neoireacht, fantaisíocht agus fírinne…’ • Axis: Baile Munna Ócáid chun ealaíontóirí agus cleachtóirí cruthaitheacha a shaothraíonn i nGaeilge a cheiliúradh is ea Borradh Buan. Bhí ‘tráthnóna ceoil, cuimhní cinn agus babh­ taí cruthaitheachta’ ó Kila, Branar Drám­ aíochta agus scata eile ag Axis Baile Munna ar an 25 Deir. Fómh., mar a raibh Deirdre Davitt ina haoi onóra. • Iománaíocht / Camanachd Arbh eol duit go bhfuil comórtas Gaeilge/ Gáidhlige iománaíochta nó camanachd ar siúl le seacht mbliana anuas. Bhí comór­

26

tas idirnáisiúnta na bliana seo ar siúl in Indreabhán na Gaillimhe, agus rug na buaiteoirí Corn Cholmcille leo. Bhí ‘Fir Uladh’ rannpháirteach. ‘An bhféadfadh club ar bith i gCiarraí nó i gCorcaigh foireann Gaeilgeoirí a chur le chéile?’ a fhiafraíonn mo chara Brian Caball díom! • Cumann Gaelach na hEaglaise 15 Nollaig: Seirbhís Charúl i dTeampall Naomh Seoirse, Béal Feirste ag 5.00pm. Beidh an tEaspag Alan Abernethy, an tUrr William Crawley, agus an tArdmhéara, Máirtín Ó Muilleoir, ann. Tá Cumann Gaelach na hEaglaise ag tacú leis an tseirbhís seo agus seolfar leabhar, An Chomaoineach Naofa agus Seirbhísí Eile. Ardteampall Chríost, BÁC: Úrnaí na Nóna, dá­theangach, ag 3.30pm ar an 24 Samhain agus An Chomaoineach Naofa, as Gaeilge ar an 29 Nollaig 2013, 3.30pm. http://ireland.anglican.org/news/4720 • Ceardlann Scríbhneoireachta Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, Dé Sathairn, 9 Samhain 2013, 10.30a.m. – 5.00p.m. (le cúnamh ó Foras na Gaeilge). Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro. (Lón ag 1p.m. san áireamh sa táille). Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 4 Samhain, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe roimhré Stiúrthóirí: Pádraig Ó Snodaigh, Mícheál Ó Ruairc, agus an t­eagarthóir seo. • Peter & The Wolf Cuirfidh Ceolfhoireann Shiansach UCD scéal ceoil clasaiceach Prokofiev do leanaí, Peter & the Wolf, i láthair le scáth­ phuipéadóireacht bheo ó Amharclann Phuipéad Julie­Rose McCormick, móide tráchtaireacht Ghaeilge, ar an 13 Samhain, 1pm agus 7pm, Halla Astra, Belfield. Eolas: www.ucd.ie/orchestra.◊

Feasta, Samhain 2013




Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.