Bealtaine 2013
• SCRÍBHNEOIRÍ: Biddy Jenkinson, Seán Ó Loingsigh, Seán Ó Leocháin, Frainc Ó Murchadha, Colin Ryan, Séamas de Barra, Mícheál Ó hAllmhuráin, Liam Prút, Pádraig Ó Snodaigh, Gréagóir Ó Dúill, Mícheál Ó hUanacháin, Síle Ní Mhurchú, Mícheál Ó hAodha, Bréanainn Mac Fhearghusa, Stiofán Ó Cadhla, Mícheál Ó Ruairc, Pádraig Ó Gormaile, Aodán Ó Sé … • Íomhá Chlúdaigh: Cabhsa na Silíní le Olivia O’Carra
€5
Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 5 ISSN 0014-8946
TIONÓL NA MUMHAN 2013 Dé hAoine – Dé Domhnaigh, 7 – 9 Meitheamh Óstán Travel Inn, An Fosadh, Cill Airne, Co. Chiarraí Dé hAoine, 7 Meitheamh 19.30 20.00 21.15 22.00
Teacht le chéile, tae/caifé agus clárú* Léacht (1), Dúchas Lios a’ Phúca, le Séamas Ó Máille Quiz Boird idir-Choistí Contae agus seoladh Feasta an Mheithimh Seisiún Ceoil i mbeár an Travel Inn
Dé Sathairn, 8 Meitheamh 10.30 Cruinniú Cinn Bhliana Dháil na Mumhan www.dailnamumhan.ie 11.30 Clárú* ( Táille: €10 don deireadh seachtaine nó aon chuid de) 11.45 Léacht (2), Sinne agus an Ghaeilge, le hÉamonn Mac Gearailt 13.00 Briseadh lóin 14.15 Turas ar Castlerosse le Risteard Mac Fhlannchaigh 17.00 Tae/Caifé & Léamh Filíochta le Filí Chiarraí — díreach á leanúint san: Léiriú ar imeachtaí ag Craobhacha Chiarraí – curtha i láthair ag an gCoiste Contae 18.30 Briseadh dinnéir 20.00 Léacht (3), Tigh Mhucrois – a stair is a luach, le Seán Ó Luanaigh 21.00 Fáiltiú (& sólaistí), Ceol & Bronnadh Gradam: • Laoch na Mumhan, 2013 • Coiste Contae na Bliana, 2013 • Craobh na Mumhan, 2013 22.00 Seisiún Ceoil i mbeár an Travel Inn
Dé Domhnaigh, 9 Meitheamh 11.00
Aifreann
13.00
Briseadh lóin & críoch
LÓISTÍN: Tá rátaí speisialta ar fáil ón Óstán Travel Inn: www.travelinn.ie 064-662 3600 • Beirt ag roinnt seomra €55, l/b in aghaidh na hoíche, €85 l/b ar seomra singil • 2 oíche l/b, beirt sa seomra & dinnéar amháin, €119 an duine • Is ceart Tionól na Mumhan a lua agus an áirithint á dhéanamh chun an ráta ar leith a fháil. Is gá glaoch go luath * Táille chláraithe: €10 don deireadh seachtaine nó aon chuid de.
Á eagrú ag DÁIL NA MUMHAN de Chonradh na Gaeilge EOLAS BREISE Ó: Pádraig Ó Dálaigh: 087-953 7243; • Mícheál Ó Raghallaigh: 087-249 4031; • Risteard Mac Fhlannchaigh: 087-639 4362; • Pádraig Mac Fhearghusa: • 087-290 1154; Donnchadh www.feasta.ie 2 Ó hAodha: 087-2421267 Feasta, Bealtaine 2013
• Gaeil faoi Bhratach Eureka, le Mícheál de Barra, á chur i láthair ag Criostóir Mac Amhlaoibh ....................... 42 • Domhandú agus teagmháil teanga, le Amy Coe ...... 43 • Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn, 25 Bealtaine 2013, Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí ......... 44 • Deis Eile in aghaidh na Gaeilge á Thapú ag an Roinn Oideachais? • Todhchaí Choláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha, i mbaol! ........................................... 45 • Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa .......................... 46 • Tionól na Mumhan, Aoine – Domhnach, 7-9 Meith., Óstán Travel Inn, An Fosadh, Cill Airne ..................... 2 © Feasta agus na Scríbhneoirí • Clúdach: Cherry Drive / Cabhsa na Silíní, Cill Airne' le Olivia O’Carra Gailearaí Frank Lewis Lána na Smachtlainne, An tSráid Nua, Cill Airne. info@franklewisgallery.com Fón: 064-6631108
Bealtaine 2013 — CLÁR — • Eagarfhocal: Cultúr, Ealaíon & Forbairt ..................... 4 • An Ceangal le 1916, splanc le Biddy Jenkinson ......... 4 • Smaointe Polaitíochta: Deighilteachas, Útamáil agus Conspóid, le Seán Ó Loingsigh .................................. 5 • Dánta le Niall Gòrdan ................................................ 6 • Dánta le Seán Ó Leocháin ......................................... 7 • Cat Crainn, gearrscéal le Frainc Ó Murchadha .......... 8 • An Chríoch: Scéal an Mheirligh le Colin Ryan .......... 12 • The Last Superstition le Edward Feser, á bhreithniú ag Séamas de Barra ...................................................... 13 • Dánta le Mícheál Ó hAllmhuráin. • Obair Idir Chnaipí le Mícheál Ó hUanacháin ......................................... 14 • Litir Ghearáin ó Ghiollabhríde Mac Cogaráin ........... 14 • Filíocht na Gaeilge faoi Bhláth: Aimsir Ársa, le Cathal Ó Searcaigh, Aibítir Aoise / Alphabet of an Age, le Celia de Fréine, agus Cathair Mar A Tuairisc, le Bernadette Nic an tSaoir, á léirmheas ag Mícheál Ó Ruairc ....... 15 • Duaiseanna Ghlór na nGael ..................................... 17 • Japhy Ryder ar Shleasaibh na Mangartan le Robert Anthony Welch, á léirmheas ag Liam Prút ............... 18 • Comórtas Uí Néill buaite ag Philip Cummings ......... 19 • Tús Deireadh-Ré: Mickey Dunne, scéal le Pádraig Ó Snodaigh .................................................................. 20 • Tábhacht na Gaeilge i dTodhchaí na Tíre: The necessity for re-Europeanising Ireland le Peadar Kirby, seolta ag Gréagóir Ó Dúill ....................................................... 21 • Máthairdhamhna, dán le Ralph De Prendergast ..... 22 • Anseo agus Ansiúd .......................................... 23 & 26 • An Fuíoll Feá – Rogha Dánta le Liam Ó Muirthile á léirmheas ag Síle Ní Mhurchú .................................. 24 • Scairt Feithide: Rogha Dánta Ko Un, aistr. ag Gabriel Rosenstock, á léirmheas ag Mícheál Ó hAodha ....... 27 • Gradam an Phiarsaigh 2013 ..................................... 30 • Gnéithe de ‘Loingeas mac nUisnigh’, le Bréanainn Mac Fhearghusa .............................................................. 31 • ‘Ní Lia Tír ná Gnás’ Dúchas an Duine, Luach an Bhéaloidis, leis An Dr Stiofán Ó Cadhla; caint a tugadh ag ‘Dúchas: Éigse do Thiobraid Árann, Áras Chonradh na Gaeilge, An tAonach, 15 Meán Fómh. 2012 ....... 35 • Trí Phríomhdhuais d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag gradaim SMEDIA .................................... 39 • An t-úrscéal Salut Galarneau! le Jacques Godbout, aistrithe ag Iarla Mac Aodha Bhuí, á bhreithniú ag Pádraig Ó Gormaile .................................................. 40 www.feasta.ie
Móreagrán Liteartha le cúnamh ón gComhairle Ealaíon
REIVIÚ den Smaointeachas Éireannach litríocht, eolaíocht, polaitíocht • Feasta tríd an bpost! 12 eagrán tríd an bpost ar €75 (€100 lasmuigh den Eoraip) Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí. 353-(0)87-2421267 Suíomh idirlín: www.feasta.ie
• Eagarthóir Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire. Fón: 353-(0)66-7124169. Ríomhphost: feasta@eircom.net
• Foilsitheoirí CONRADH NA GAEILGE Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áit san iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge 3
Feasta, Bealtaine 2013
gan aon amhras, go mbeadh an tsráid sin san áireamh in aon obair athnuachana a dhéanfaí sa cheantar. Is féidir go ndéarfaí gur míthráthúil an tráth é chun tabhairt faoina leithéid d’obair agus sinn fós go fann inár lagtrá eacnamaíoch, ach tabhair faoi deara le déanaí na saineolaithe ba choimeádaí, ba cháiréisí, ag rá linn go gcaithfear borradh a chur san eacnamaíocht, go bhfuil forás de dhíth agus é riachtanach dul i ngleic leis an dífhostaíocht dhamanta.
Bealtaine 2013 Eagarfhocal
Ní miste cuimhneamh ar an dul chun cinn a deineadh i mblianta an rachmais. Ní blianta amú go huile a bhí i gceist. Ba mhór an feabhas a cuireadh ar an mbonneagar, ar bhailte agus ar an timpeallacht ar fud na tíre. Deineadh go leor den dea-obair i mBaile Átha Cliath. Féach ar an éacht oibre a deineadh thart ar cheantar na nduganna. Trua nár mhair an tíogar fada go leor le go gcuirfí crot cuí ar an bpríomhshráid.
N
íl teora le líon na n-eagarfhocal atá scríofa anseo le cúig bliana anuas ag cur agus ag cúiteamh ar ár bhfadhbanna eacnamaíocha. Beag dá thairbhe san againn ach oiread. Mar sin chun dul treo eile, b’fhaoiseamh é le déanaí a léamh go raibh plean nua forbartha á bheartú ag Comhairle Cathrach Átha Cliath don cheantar thart ar Chearnóg Pharnell, gar do lár na cathrach.
Ach tá fainic againn leis, agus b’olc uainn gan aird a dhíriú air agus sinn ag tagairt d’athnuachan an cheantair seo agus do Shráid Uí Chonaill go háirithe. Níor luamar gurb í an tsráid is stairiúla in Éirinn í, agus gur ina croílár a tharla an eachtra a chuir casadh cinniúnach inár stair.
Séard is cosúil atá i gceist ná lárionad cultúir agus ealaíon a dhéanamh den cheantar, ach mar chéad chéim den fhorbairt bheadh leabharlann na cathrach le haistriú go seanfhoirgneamh Choláiste Mhuire, agus ina nasc idir é agus Gailearaí Hugh Lane in aice láimhe.
Ar chúl na hArdoifige Poist, céad éigin méadar ón mball ar léigh an Piarsach Forógra na Cásca, tá grúpa beag de thithe inar dhein cosantóirí na hArdoifige a seasamh deireanach, agus gur ann a ghlac ceannairi an Éirí Amach a gcomhairle dheireanach sular ghéill siad d’arm na Breataine.
Cé nach molfadh a leithéid de scéim! Is cathair álainn í Baile Átha Cliath agus is cathair shuaithinseach í i gcomhthéacs Eorpach. Is cathair í leis a bhfuil dianghá le hathnuachan a dhéanamh uirthi, go háirithe ar Shráid Uí Chonaill agus suas chomh fada leis an gceantar atá i gceist anois thart ar Chearnóg Pharnell.
Is cosúil go raibh fonn ar fhorbróir éigin iad a leagadh d’fhonn spás a dhéanamh d’ionad siopadóireachta. Is eol dúinn conas mar bhíonn le lucht forbartha, ach ní féidir go gceadódh údaráis na cathrach sampla eile den chineál barbarachta a bhí á phlé againn anseo mí ó shin.◊
Is í Sráid Uí Chonaill príomhshráid na hÉireann, ach tá crot smolchaite agus suarach ar go leor de na foirgnimh. Ba chóir,
na seanfhondúirí ach Daideo agus cúigear eile. D’oscail Bella, iníon Dick, an le Biddy Jenkinson doras go fáilteach. ‘Ná téigh amach sa bhfuacht agus ‘Seo mo gharmhac, Tom,’ arsa Daideo. teocht ort!’ arsa Mamó le Daideo, Luan Deireadh sé gach bliain é. Cásca 2001, ag a trí, iarnóin. ‘Hi, Bella.’ ‘Pah!’ ar seisean ag éaló uaithi, a mhaidí ‘Hi, Tom.’ siúil á n-oibriú aige ar nós maidí rámha. Locamar na maidí faoin staighre leis na D’fhill mé isteach sa charr é. Bhí sé ar bís. frámaí zimmer agus na maidí croise agus ‘Tigh Dick! Beidh siad ag feitheamh orm. isteach linn sa seomra suí, mar a raibh Mise an máistir cró inniu. Mise an té is tae agus ceapairí á ndáileadh cois tine. sine anois.’ ‘Ahem,’ arsa Daideo ar ball agus sheas Bhíos ag súil nach bhfaigheadh sé taom sé. ‘Bíodh neomat ciúnais againn anois le teann neirbhíse. Mise a thugadh tigh do Pheadar Sullivan, a cailleadh i mí Dick é Luan Cásca ón uair go raibh air Feabhra. Go ndéana Dia trócaire air.’ éirí as an tiomáint, deich mbliana Ní raibh le clos ach análú na mbeo agus roimhe sin. Bhí aithne curtha agam ar a cogarnaíl na tine. Ba léir dom go raibh chairde: fir a bhí ar an mbunscoil leis, fir Daideo ar tí rud éigin eile a rá, ach a d’oibrigh sna Works leis, Gaeilgeoirí, fir thrasnaigh Joe Duignan é. a bhí ‘amuigh’, fir a bhí ‘istigh’; iad uilig ó Inse Chór nó Cill Mhaighneáin. Tógadh ‘Nuair d’imigh Peadar, ar dheis Dé go raibh sé, chailleamar an ceangal deiridh é féin i dtig a bhí druidte suas le fallaí a bhí againn le 1916,’ arsa Joe. Phríosún Chill Mhaighneáin. ‘Níl éinne den seandream fágtha,’ arsa Gach bliain gheallas dom féin gurbh í seo an bhliain deiridh go ndéanfainn an Bill, nach raibh aige ach an ceithre scór. ‘Bhí col ceathrar liomsa “amuigh” i 1920 turas, ach ar chuma éigin níor éirigh liom riamh a rá leis nach mbeinn ar fáil. arsa Joe, a bhraith go raibh a sheans chun laochais tagtha ar deireadh. Faoin mbliain 2001, ní raibh fágtha de
An Ceangal le 1916
www.feasta.ie
4
‘Tá ceangal agamsa le 1916,’ arsa Daideo de ghuth ard. ‘Tá ceangal agamsa le 1916, go cinnte,’ ar seisean. ‘Rugadh mise i 1915. Bhí an tigh s’againne buailte suas le fallaí an phriosúin. Ní foláir nó gur chuala mise lámhach na bpiléar agus mé im’ chliabhán. Ní foláir nó gur chuala mé na laochra á scaoileadh: Pádraig Mac Piarais, Tomás Ó Cléirigh, Tomás Mac Donnchadha, Seosamh Pluincéad, Mícheál Ó Hannracháin, Liam Mac Piarais, Seán Mac Giolla Bhríde, Eamon Ceannt, Mícheál Ó Mealláin, Seán Heuston, Con Ó Colbáird, Seán Mac Diarmada.’ Shuigh sé síos ansin agus d’ól sé cupán tae gan siúcra a chur ann …. B’shin mo thuras deiridh tigh Dick. Leag Mamó an milleán ormsa gur cailleadh Daideo le niúmóine an mhí dar gcionn — thugas amach sa bháisteach é Luan Cásca agus teocht air. Braithim féin go raibh a phort seinnte aige! Feasta, Bealtaine 2013
… tá nimh sa bhfeoil, … i measc lucht na meán do Shinn Féin.
A
n raibh an mórchlúdach poiblíochta a fuair bás an Bhanbharúin Thatcher le déanaí thar fóir ar fad, nó ar a laghad an raibh an phoiblíocht thar fóir inár gcásna anseo in Éirinn? Gan amhras deineadh barraíocht den bhaint nó den tionchar bhí aici ar riar na síochána i gcás na cogaíochta sa Tuaisceart, nó go raibh páirt éigin dhearfach aici ann. Is dócha go bhféadfaí a rá, pé páirt a ghlac sí ann, nárbh é leas na tíre seo ba chás léi. Dé chúis gurbh é, mar a déarfaí sa Rinn.
Smaointe Polaitíochta
Ach i gcás na poiblíochta i gcoitinne is ar éigean a d’fhéadfaí a rá go raibh dul thar fóir i gceist. Níl aon amhras faoin tábhacht a bhain léi. Bhí sí, mar is eol don saol mór, deighilteach agus fiú amháin imreasach. Glóir agus leas na Breataine ba chás léi, nó conas an ghlóir sin a thabhairt i réim arís. Ba chuma léi conas a dhéanfadh sí é sin nó cé a bheadh thíos leis. Nuair a tháinig sí i gcumhacht bhí drochbhail ar an mBreatain, go háirithe ó thaobh an Margaret Thatcher gheilleagair de. Ba leasc leat a rá go raibh cuid den lucht ar na ceardchumainn, ach is beag amhras ná go raibh dul thar fóir i gceist ina gcás siúd an tráth sin. Bhí rialtais scanraithe rompu, gan ar a gcumas feidhmiú gan dul ina gcead. Tá fhios againn cad a tharla. Ba chuid dá cath in aghaidh na gceardchumann gach uile ghníomhaíocht a bhí i lámha an Stáit a phríomháidiú, agus rinne sí é sin le díocas. Sa deireadh bhris Thatcher cumhacht na gceardchumann bíodh nach gan dochar a dhéanamh don tsochaí sa Bhreatain é.
S
ea – an tsochaí! Croí na ceiste, b’fhéidir. Nach ndúirt sí nach raibh a leithéid ann! Ba bheag a haird ar an nath sa Ghaeilge gur ‘ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’. Gan amhras b’fhearr léi nath eile a bhíodh againn, ‘Bíodh agat féin nó bí á éagmais’. Ní hiad na ceardchumainn amháin ar deineadh scrios orthu. Cuireadh deireadh le mianadóireacht guail, ach cuireadh deireadh mar an gcéanna le www.feasta.ie
Seán Ó Loingsigh Sea – an tsochaí! Croí na ceiste, b’fhéidir. Nach ndúirt sí nach raibh a leithéid ann! go leor den déantúsaíocht ar a raibh cáil ar an mBreatain dá bharr. Tá an ‘tionscal’ is mó sa Bhreatain inniu lonnaithe sa cheantar i Londain ar a dtugtar ‘an Chathair’. Is sa cheantar céanna sin a sholáthraítear seirbhísí a bhaineas le baincéireacht infheistíochta agus gach cineál seirbhísí airgeadais, go leor díobh atá in n-ábhar amhrais maidir lena ndlisteanas, ina measc a leithéidí sin a d’fhág an drochbhail atá inniu ar an ngeilleagar in go leor tíortha, ár dtír féin ina measc. Maidir leis an deighilteachas a luadh níos luaithe dúradh faoin mBanbharún gur dhein sí dhá chuid den Bhreatain, an deisceart rachmasach agus an tuaisceart dealbh. Mar aon le gach ní a deirtear fúithi, is dócha go bhfuil riar maith den áibhéil i gceist. B’fhéidir i ndeireadh thiar nárbh í féin ba thábhachtaí, ach níl aon amhras ach go raibh agus go bhfuil tábhacht le 5
‘Thatcherism’, an cineál dearcadh nó fealsúnacht pholaitiúil / eacnamaíoch atá luaite léi go coitianta, agus atá fós i dtreis. Is ar an bhfealsúnacht sin a bhraitheann cáil Margaret Thatcher mar pholaiteoir. Cé déarfadh gur maith an oidhreacht í chun go mbeadh do cháil ag brath uirthi. Agus Thatcher básaithe i Londain bhí sean-namhaid di, páirtí polaitíochta Shinn Féin, ag tionól a nArd-Fheise i gCaisleán an Bharraigh. Bhí tábhacht ar leith leis an Ard-Fheis seo toisc go bhfuil sé cúig bliana déag go díreach ó síníodh Socrú Aoine an Chéasta i mBéal Feirste. Ba é an toradh ba shuntasaí ar an Socrú sin go bhfuil Sinn Féin anois lánpháirteach i riarachán Thuaisceart Éireann i gcomhpháirtíocht le páirtithe eile. Tá, mar is eol dúinn, Martin McGuinness ina LeasChéad-Aire ar an bhFeidhmeannas atá i mbun rialaithe i mBéal Feirste. Mura bhfuil gach uile ní ina cheart, ná baol air, is mór an dul chun cinn atá déanta i mbuanú na síochána tar éis na cogaíochta a mhair ar feadh tríocha bliain.
M
ar sin féin tá nimh sa bhfeoil, anseo ó dheas go háirithe, i measc lucht na meán cumarsáide do Shinn Féin. Tá sé dírithe cuid mhór ar Adams agus McGuinness, de bharr a mbaint leis an IRA. Ní mhaithfear a bpeacaí dóibh le himeacht na mblian, ná ní móide go dtiocfaidh aon mhaolú ar an doicheall go bhfágfaidh an bheirt sin an stáitse. Nár mhór an dánacht do Martin Adams McGuinness teacht aduaidh chugainn chun a bheith ina Theachta Dála i gCo. Lú, agus ba mheasa ná san é Mac Aonghusa ag seasamh dár nUachtaránacht! Is ábhar imní anois nach roimh Shinn Féin amháin atá an doicheall, ach in aghaidh an Tuaiscirt i gcoitinne, nó b’fhéidir in aghaidh Náisiúnaithe trí chéile. Aon ní ach athaontú. Pé ní faoin doicheall, rithfeadh leat go raibh an Ard-Fheis eagraithe go maith. Ba léir an bhéim ar an óige, mná agus fir i ndiaidh a chéile ar an stáitse ag Feasta, Bealtaine 2013
B’fhéidir gur mó a ghoilleann seo ar an Lucht Oibre ná ar Fhine Gael! labhairt go cumasach agus go líofa i mBéarla agus i nGaeilge faoi seo siúd. Ceacht a bhí ann i gcur i láthair agus i mbainisteoireacht stáitse agus, ar ndóigh, i dtábhacht na híomhá! Ní hionann agus i gcás Shinn Féin, ba dhóigh leat go raibh fabhar na meán leis an Rialtas ó tháinig i gcumhacht dóibh breis bheag agus dhá bhliain ó shin. Dhá bhliain meala, b’fhéidir, in áit na gnáth-mhíosa! Thuigfí don fhabhar, ag cur san áireamh na fadhbanna a bhí le réiteach. Fiú ansin d’fhéadfaí a bheith ag súil le níos mó tuairimíochta, níos mó géire fiú, maidir le cur chuige agus feidhmiúlacht an rialtais agus iad ag sracadh lenár bhfadhbanna. I gcás na meán, agus a n-idirbheartaíocht le rialtais, ní oireann tláithínteacht! Gan amhras, bhí rith an ráis leis an rialtas le tamall anuas toisc gur éirigh leo faoiseamh a fháil sna téarmaí aisíoctha a bhain leis na nótaí gealltanais agus le hiasachtaí a fuair na bainc. Caithfidh gur baineadh geit astu nuair a chuir iarfheidhmeannach sinseartha de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus iarbhall den Troika, in iúl go raibh téarmaí agus coinníollacha a ghabh leis an tarrtháil a rinne siad ródhian ar fad. Bhí an cur chuige ar fad contráilte agus místuama. Ráiteas dochreidte a bhí ann. Bhí spior spear déanta den pholasaí déineachta seo a raibh oiread de stró agus de chonspóid ag baint leis. Níor cuireadh aon cheist ar Bheirlín maidir lena dtuairimí siúd, ná go deimhin níor iarradh tuairimí ar ár rialtas féin. Cad a bheadh le rá, pé ní. Nach bhfuil an gníomh déanta. Go
MURT Murt a sgrìobh i marbhadh a chunnaic i sgeul a chuala i oir thuirt bean rithe gun tuirt bean eile gur e a bh' ann ach rud a chunnaic i is sgrìobhadh an sgeul a thàinig à beul...... 's bu mharbh cuideigin aca uile. www.feasta.ie
deimhin, tá cur chuige an IMF, ó thosaigh an ghéarchéim débhríoch agus ar neamhréir, faoi mar bheifí ag labhairt ar bhealach amháin agus ag gníomhú ar bhealach eile. Tá an rialtas faoi láthair ag achrann le ceardchumainn faoi ghearrtha agus ciorruithe atá siad ag cur i bhfeidhm. Tá diúltaithe ag na ceardchumainn anois do théarmaí an rialtais agus caithfear teacht ar shocruithe eile. Ach níl, is cosúil, malairt treo i gceist.
B
’fhéidir gur mó a ghoilleann an útamáil seo ar an Lucht Oibre ná ar Fhine Gael. An amhlaidh go raibh an ceart ag Éamonn Gilmore nuair a bhí bealach an Lucht Oibre á mhaíomh aige seachas bealach Frankfurt. Tá seanfhadhb an Lucht Oibre i rialtas ag teacht chun solais arís: conas is féidir do pháirtí den eite chlé dul i gcomhrialtas le páirtí coimeádach cosúil le Fine Gael, gan ceiliúradh dá bhunphrionsabail? Is cruacheist í gan amhras an bhféadfadh an Tánaiste agus a chomhairí óna pháirtí féin a bheith níos dícheallaí ag maolú na ngnéithe is danartha de choinníollacha tarrthála na Triúrachta a rabhamar ag tagairt dóibh níos luaithe. Is cinnte go gcuireann sé le fadhb an Lucht Oibre nuair atá ag méadú ar an amhras gur féidir dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíoch fad atáthar ag brath go huile ar na gearrtha agus ciorruithe, ar an bpolasaí déineachta amháin, agus san am céanna gur léir an dífhostaíocht agus an cruatan a leanann an polasaí sin. Nach mbeadh sé réasúnta a mheas gurb iad lucht tacaíochta an Lucht Oibre is mó a bhíonn thíos leis an
dífhostaíocht, agus gurb iad is mó a fhulaingíonn an cruatan. Ní hionadh mór go mbeadh teachtaí Lucht Oibre ag tréigean an rialtais faoi láthair. Níorbh ionadh ach oiread dá sílfeadh a lán díobh nach póstaí aonghnéis an gad is giorra don scórnach in am gátair. Ní théann impleachtaí a ngabhann le toradh an fhothoghcháin sa Mhí amú orthu. Leanfaidh a thuilleadh iad mura bhfeabhsaíonn ar chúrsaí go luath. Amhail is nach raibh dóthain ar a bpláta ag an rialtas tá conspóid na mbreithiún tagtha sa mhullach orthu gan choinne leis, Catherine agus más fíor, gan McGuinness aon ró-riachtanas leis. Is doiligh a thuiscint conas a tharla a leithéid de chonspóid neamhghnách. Bheadh iarracht amhrais orainn an sotal is cúis leis, pé acu an i bpáirt an Aire é nó i bpáirt na mbreithiún. Cé acu díobh is mó sotail? Aisteach go leor is féidir nár chóir, ó thaobh neamhspleáchais, go mbeadh sé i ndeonú an Rialtais tuarastail na mbreithiún a ardú nó a ísliú. Tógaim féin ceann de gur thaobhaigh iarbhreitheamh na Cúirte Uachtaraí, Catherine McGuinness, leis na breithiúna in agallamh a rinne sí ar an raidio le déanaí. Fiú gur lucht aonchéirde iad, is duine í a bhfuil ardmheas tuillte aici i saol poiblí na tíre seo le fada. Is cúram don Taoiseach é an chonspóid mhíchuibhiúil seo a thabhairt chun críche, a luaithe sea is fearr. — CRÍOCH
ÍSLE BRÍ /
DÚNMHARÚ
trom-inntinn sproc Is iomadh facal a th' againn ísliú ísleán air a shon lagbhrú sa Ghàidhlig dóchma agus sa Ghaeilge… néal dinneadh lionn dubh cudrom do-mheanma cumail fodha ... sìon cho dìolaidh tuiteam sìos ri easpa cothrom leagadh iad a ràdha. teàrnadh ìsleachadh — Niall Gòrdan mì-mhisneachadh
Mùchadh Misneachd
Dúnmharú a scríobh sí marú a chonaic sí scéal a chuala sí óir dúirt bean léi gur dhúirt bean eile gurb ea é seo ná rud a chonaic sí agus scríobhadh an scéal a tháinig ón mbéal... 's ba mharbh duine éigin acu uilig. 6
Feasta, Bealtaine 2013
DÁNTA
PRÍOSÚNAIGH
le Seán Ó Leocháin
1. Leon Cé gur scaoileamar amach ar deireadh é sa tearmann a cheapamar dó, féar is crainn is uisce ann, spás ab oiriúnaí go mór ná an cás ina raibh sé go nuige seo (ar mhaithe leis féin, a dúramar, fad is leithead a dhóthain, é ó thaobh go taobh gan sos ar an urlár a thomhaiseamar dó ag stánadh trí na barraí orainn le fearg ina shúile nó fuath nó faitíos) níl a fhios aige céard a dhéanfaidh sé, níl a fhios aige céard a d'éirigh dó:
SA SIOPA ÉISC Nuair a leagadh sé ar na scálaí an t-iasc a bhí uathu nó nuair a ghearradh sé dóibh pé méid a d'iarr siad air den iasc a thaispeáin siad dó, trosc nó bradán nó éisc eile nár aithníomar, á mheá go cúramach cruinn sula bhfillfeadh sé i bpáipéar dóibh é, ag glacadh an nóta uathu is ag cur na mbonn ina lámh sula sínfeadh sé an mála chucu, is maith a thug sé a gceart dóibh.
tá an fhairsinge strainséartha aige, ní féidir leis teacht isteach uirthi, tá ag teip air dul ina taithí. Níl sé ag iarraidh dul níos faide ná an cleachtadh a thugamar dó, gan i ndán dó briseadh amach as an bpríosún atá ina cheann ná dul thar teorainn tríd síos, é ó thaobh go taobh gan sos ag stánadh trí na barraí orainn le dímheas nó déistin nó díomá nó doilíos nó pé rud a bhí sna súile againn sular osclaíomar an geata dó.
Agus ní lú a thug sé ár gceart dúinn féin nuair a chaitheadh sé isteach sa mhála níos mó ná ár ndóthain den iasc mór buí gan bacadh leis na scálaí in aon chor cé go nglacadh sé as mo lámh an scilling nó na boinn is go gcaitheadh sé isteach sa bhosca iad gan féachaint orthu ach ar éigean. PAISINÉIRÍ Tá sé sa bhaile rompu cheana, beidh sé sa bhaile rompu i gcónaí, an coinín cois claí san aerfort. Ní bhuaireann sé a cheann leo, is cuma leis ann nó as iad: ní bhaineann siad leis an scéal in aon chor, ní fiú tráithnín an fuadar atá fúthu. Ach ní féidir bheith cinnte díobh: gan oiread is cor a chur de cuireann sé cluas air féin, seantaithí aige orthu is ar a n-imeachtaí a thugann chomh fada ó bhaile iad, a thugann chomh minic sa treo iad.
2. Éan An t-éinín beag buí i mBaile Uí Bheacháin, ag breathnú air féin i scáthán an chairr is nár scanraigh ach ar éigean agus í ag dul thar bráid, d'fhiafraigh sí díom cén t-éan a bhí ann agus d'fhreagair mé í go heolach, gan ach buille faoi thuairim. Sháinníomar gan stró é is thugamar linn é, an t-ádh air bheith beo, é i ndeireadh na feide, ar crith i mo lámh gur scaoileadh isteach é sa chás a bhí ag na comharsana di. Nuair a d'aithin sé cá raibh sé bhí a fhios aige cérbh é féin is céard a bhí le déanamh:
Ach tá deifir an domhain orthu: ní théann siad chomh fada leis, é ag fanacht in áit na mbonn ag cloí leis an gcúram atá air, gan dul ón obair idir lámha. Ach b'fhearr leis bheith ann gan fhios dóibh, pé easpa nó mí-ádh atá orthu a chuireann go hard na spéire iad, a chuireann ar fud an domhain mhóir iad: gan dul níos faide leis blaiseann sé na gais ach níor mhaith leis bheith ina dtuilleamaí, iad ag imeacht leo i gcónaí, ag imeacht leo is ag teacht ar ais. www.feasta.ie
d'oscail sé a ghob, is in ard a chinn chuir trí gháir áthais as, é sa bhaile ar an spota, mo chantaire binn: an fhairsinge róchúng aige, an cúngach fairsing a dhóthain cé nach raibh sé saor i gceart gur dúnadh an doras ina dhiaidh.
7
Feasta, Bealtaine 2013
CAT CRAINN Gearrscéal le Frainc Ó Murchadha ‘Tá an cat crainn gaolmhar leis an easóg, leis an dobharchú, agus leis an mbroc. Is den aicme chéanna ainmhithe iad go léir. Ainmhí caol is ea an cat crainn, chomh mór le cat tí, aghaidh bhiorach air agus eirbeall fada MOTHALLACH. TÁ FIONNADH TIUBH, SÍODÚIL, donndorcha feadh a choirp, ach an scórnach agus an brollach buí-bhán.’ ——◊—— Bhí Cian ag léamh as leabhar a thóg sé amach ón leabharlann. ‘Tá pictiúr anseo de chat crainn,’ ar seisean lena athair. ‘Féach air. Nach álainn an t-ainmhí é?’ ‘Ní fhaca ceann beo i mo shaol riamh ach uair amháin,’ arsa Marcus, an t-athair. ‘Ní raibh ann ach spléachadh ar feadh soicind. Bhí sé ag scinneadh feadh craobh crainn agus ag léim ó chrann amháin go ceann eile sa choill sin amuigh in Áth na Sítheach.’
——◊——
D
óbair nár thit Marcus i bhfanntais nuair a fuair sé amach go gcosnódh sé breis is céad euro chun dul go dtí Baile Átha Cliath agus teacht ar ais ar an traein. Bhí Cian anonn sna déaga, scrúdú na hardteistiméireachta roimhe sa samhradh, agus bheadh gar do chéad euro ar a thicéad sin chomh maith.’ D’imigh na seachtainí thart agus na míonna. Ar deireadh thiar thall bhí dóthain acu le spáráil, ach ar éigean, tar éis do Mharcus post a fháil ar feadh gearrthréimhse ag sluaisteáil gairbhéil sa choiréal taobh thuaidh den bhaile. Níor dhein éinne acu tagairt don turas go Baile Átha Cliath go fóill. Níor theastaigh ó Chian é a lua ar eagla go measfadh a athair go raibh sé ag iarraidh brú a chur air, agus níor luaigh a athair é mar ní raibh sé sin siúráilte go raibh dóthain acu chun go bhféadfaidís greim bia a cheannach nó costais eile a íoc a thitfeadh orthu ar thuras den sórt sin. Litir a fuair siad ó dheartháir Mharcuis (uncail John Joe mar a thugadh Cian air) a chinntigh dóibh i ndeireadh báire go rachaidís ar an turas.
‘Rachaidh mé amach ann ar chamchuairt uair éigin féachaint an bhfaighinn radharc ar cheann acu,’ arsa Cian. ‘Drochsheans. Ainmhí an-chúthail atá ann. Fanann sé i bhfolach nuair a bhíonn daoine i ngar dó.’ ‘Tá ceann sa zú i mBaile Átha Cliath,’ arsa Cian. ‘Cá bhfios sin duit?’ ‘Tá sé sa leabhar seo.’ ‘B’fhéidir go bhféadfaimis dul ann uair éigin.’ ‘Cathain?’ ‘Nuair a bheidh costas an taistil agam.’ www.feasta.ie
… ceithre shiopa anois agam, ceann i nDomhnach Broc, ceann eile in Inse Chór, ceann i gCabrach Thiar, agus ceann i gCluain Tarbh, iad go léir ag bisiú in aghaidh na seachtaine. Tá deichniúr fostaithe agam. Geallaimse daoibh go bhfuil an saol go maith againn anseo. Ba chóir daoibh turas a dhéanamh aníos chugainn, agus chuirfimis cóir mhaith oraibh, agus bhainfeadh sibh taitneamh as … ——◊—— Thaitin compord na traenach go mór leo: suíocháin bhoga sheascaire, teas inmheánach, agus fuinneoga móra leathana a thug radharc fairsing dóibh ar an tírdhreach ag brostú thart lasmuigh. 8
‘Bhfuilir cinnte go bhfuil sé cóngarach go leor don stáisiún go bhféadfaimis dul ann de shiúl ár gcos?’ d’fhiafraigh Marcus de Chian. ‘Táim. Chonac ar an léarscáil é, trasna an droichid, casadh ar chlé, tamaillín ina dhiaidh sin ar dheis, suas trí Shráid Gheata na Páirce agus beimid ann.’ D’imigh giolla thart trí lár an charráiste agus é ag sá tralaí roimis ar a raibh deochanna agus greimeanna le n-ithe. Níor cheannaíodar aon ní uaidh mar go raibh beartán beag cuimseach acu de cheapairí, a dhein máthair Chéin dóibh, agus buidéilín bainne. Ag Cian a bhíodar, i mála droma a bhain sé dá ghuaillí, agus a chuir in airde ar an raca nuair a chuaigh sé isteach sa charráiste. Thóg sé anuas iad nuair a d’imigh fear an tralaí thart agus bhí an bheirt acu ag ithe ar a sástacht chomh maith le cách. ——◊—— hí John Joe ina sheasamh ar an ardán nuair a shroich an traein stáisiún Droichead an Rí. D’fháiltigh sé rompu go croíúil le rilleadh cainte a rith uaidh mar shruthán geabach ag rith le fána:
B
‘Críost, Marcus, a bhuachaill, tá cuma na sláinte agus an rachmais ort, agus mothall breá cas ar do cheann. Féach ormsa,’ agus d’ardaigh sé a hata chun a phlaitín maol ar bharr a bhaithise a thaispeáint dóibh. ‘Agus an é seo Cian? Dia dhuit, a Chéin. Fáilte romhat chun na cathrach móire. Cad a b’fhearr libh a dhéanamh, dul isteach sa bheár anseo agus greim le n-ithe agus le n-ól a bheith againn sula dtabharfaimid aghaidh ar an zú, nó dul láithreach go dtí an zú agus ansin teacht thar n-ais anseo chun béile a bheith againn. Is cuma liom féin mar níl sé rófhada ó d’itheas féin bricfeasta, ach tá turas fada curtha díbh agaibhse, agus níl aon bhus ag dul díreach go dtí an zú ón áit seo agus chaithfimis siúl ann, agus …’ ‘Raghaimid go dtí an zú láithreach,’ arsa Cian ag briseadh isteach air. Feasta, Bealtaine 2013
‘Bhí greim le n-ithe againn sa traein,’ arsa Marcus, ag míniú do John Joe an chúis nach raibh fonn ithe orthu an uair sin. Shiúil an triúr acu chomh fada le geata an zú, John Joe ag geabaireacht feadh na slí. Bhí fógra ar an bhfalla taobh le doras an zú, Cead isteach: €5 an duine. Páistí €2. ‘Tá san millteach daor,’ arsa Marcus. ‘Caithfidh tú dul isteach leat féin, a Chéin. Ní bheadh sé ar mo choinsias an méid sin airgid a dhíol chun dul isteach chun féachaint ar ainmhithe. Fanfaidh mé anseo go bhfillfidh sibh.’ ‘Aontaím leat,’ arsa John Joe. ‘Ní raghaidh mé isteach ach an oiread leat. Mar agóid. Ar phrionsabal. Fanfaidh mé anseo ag caint leatsa, a Mharcuis, fad a bheidh Cian istigh, agus téidís in ainm an diabhail lena gcuid cúig euro.’ ‘Seo dhuit a Chéin,’ arsa Marcus agus shín sé bonn dhá euro chuige. ‘B’fhéidir go scaoilfidh sé isteach tú ar an méid sin. Bain triail as. Abair leis gur macléinn tú agus nach bhfuil agat ach an méid sin.’
Chuir an dóirseoir cúpla ceist ar Chian nuair a d’inis sé dó nach raibh aige ach an dá euro. Dúirt Cian leis go raibh suim ar leith aige sa chat crainn agus go raibh sé chun aiste a scríobh air, rud a bhí fíor mar bhí an intinn sin aige. Scaoileadh isteach é. Chaith sé tamall maith ag siúl timpeall ag lorg gnáthóg an chat crainn agus ar deireadh bhí air ceist a chur ar dhuine de ghiollaí an zú. Ní raibh an t-ainmhí le feiscint ag Cian nuair a bhain sé amach é. Bhí tor aonair istigh i lár baill agus fána géar ar an talamh síos go bun an bhalla teorann. Bhí an talamh lom ar fhéar faoi mar a bheadh sé siúlta agus brúite faoi chois ag ainmhí a bheadh ag siúl de shíor ó thaobh go taobh sa spás cúng a bhí ann. Bhí a fhios ag Cian go gcaithfeadh an t-ainmhí sin a bheith taobh thiar den tor, i bhfolach ó dhaoine a stopfadh ag www.feasta.ie
an áit chun bheith ag breathnú air. Bhí duilleoga beaga glasa go tiubh ar an tor agus bhí sé deacair aon ní a fheiscint a bheadh taobh thiar de. Sheas Cian gan chorraí ag stánadh ar an tor. Ar deireadh thiar thall tharla rud éigin. B’fhéidir gur chorraigh leoithne bhog aeir agus gur brúdh duilleoga beaga i leataobh, nó b’fhéidir gur bhog an t-ainmhí beagán ar chlé nó ar dheis, agus leis an ngluaiseacht sin gur osclaíodh spás beag idir duilleoigíní sa tor agus go bhfuair Cian radharc ar an míol a bhí ina bheatha ag análú agus ar bior le faitíos ar an taobh thall den tor. Bhí dhá spréach solais dírithe ar Chian trí spás dorcha idir dhuilleoga an toir, dhá spréach de bhuí-sholas, agus iad seasmhach, gan bhogadh. Ní raibh a fhios ag Cian ar le heagla nó le mailís a bhí na soilse sin ag glinniúint air. Níor bhog sé féin ach d’fhan mar a bhí ag stánadh ar an dá shúil sin. Lean an dá shúil gan bhogadh ag stánadh air féin. Bhí sé ag súil leis dá bhfanfadh sé socair go dtiocfadh an t-ainmhí amach agus go bhfaigheadh sé radharc lán a shúl air. Bhraith sé go raibh thart ar dheich nóiméad caite aige ag breathnú ar dhrithleacht an dá shúl sin i measc duilleoga an toir. Bhí sé mar a bheadh dhá mhiodóg solais á shá. Ní raibh le feiscint aige ach an dá phonc solais sin; bhí an corp ar leis iad i bhfolach taobh thiar de dhuilleoga an toir. Bhain na súile sin le saol aduain a raibh a dteanga féin ag na díolúnaigh ann, a rialacha féin i bhfeidhm, agus nósanna aisteacha nach raibh aon bhaint ag an gcine daonna leo. Ní fhéadfadh Cian riamh bheith bainteach lena leithéid. ——◊——
N
uair a tháinig sé amach bhí an tseanbheirt ina seasamh agus a gcúil le balla, John Joe ag cadráil leis agus Marcus, a cheann claonta beagán i leataobh, ag éisteacht. Labhair John Joe go spleodrach le Cian. ‘Tánn tú linn i ndeireadh báire. Mheasas go rabhais glanta leat i dteannta na mbabún.’ Níor fhreagair Cian é, agus chuir Marcus an cheist: ‘An bhfaca tú é?’ ‘Chonac!’ arsa Cian. B’fhíor sin, mar bhí a fhios aige go raibh an t-ainmhí ann agus bhí a shúile le feiscint agus chonaic sé iad. 10
‘Cén sórt é?’ ‘Tá sé díreach mar atá sé sa phictiúr sin a chonaiceamar sa leabhar.’ Ba dhóichí go raibh an méid sin fíor chomh maith, ach bhí an baol ann go raibh Cian ag tabhairt le fios go bhfaca sé an t-ainmhí go hiomlán, agus níorbh fhíor sin. Bhris John Joe isteach ar an gcomhrá. ‘Seo libh,’ ar seisean, ‘bogaimis thar n-ais go dtí an beár sa stáisiún agus bíodh greim le n-ithe nó deoch againn, agus beimid ag caint agus ag ceiliúradh ar feadh tamaill go dtí go bhfaighidh sibh an traein thar n-ais abhaile arís.’ Chuadar thar n-ais go dti an beár, agus chomh luath agus a bhíodar socraithe síos ag bord a bhí tamall ón gcuntar d’fhiafraigh Marcus de John Joe cad é a rogha dí. ‘Pionta,’ arsa John Joe. ‘Ach fág fúmsa é. Gheobhadsa an chéad deoch dúinn. Bhí fíoruisce ag Marcus agus gloine de shú oráiste ag Cian. Thóg John Joe súmóg fhada dá phionta agus lig osna mór as nuair a leag sé an ghloine ar an mbord os a chomhair amach. Smailc a bheola agus labhair faoi mar a bheadh óráid á tabhairt aige: ‘Dea-phionta,’ ar seisean, ‘agus is deise agus is blasta go mór a bheith á ól i dteannta mo dhearthár óig agus a mhac atá tagtha chun na cathrach ó cheart lár na tuaithe, ó bhaile beag aerach thíos in iarthuaisceart Chorcaí, baile codlatach leath-mharbh, déistineach, meata. Anois, a fheara, tá an seans agaibh na laincisí a chaitheamh i dtraipisí agus ceol a bhaint as an saol. Caithigí uaibh an stuif sin atá á ól agaibh agus ólaigí deochanna cearta, deoch a chuirfidh sinséar faoi bhur dtóineanna, a chuirfidh ag poc léim sibh ar fud na háite.’ ‘Tóg bog é, a John Joe,’ arsa Marcus. ‘Tánn tú gairid do bheith ag béiceadh agus tá daoine ag féachaint ort.’ ‘Nach cuma sa diabhal iad a bheith ag féachaint orm?’ scread John Joe. ‘Bainidís taitneamh as, mar ní bheidh mo leithéid arís ann.’ ‘Aon seans go bhféadfaimis turas a thabhairt ar cheann éigin de na siopaí sin atá agat?’ d’fhiafraigh Cian. ‘Seans dá laghad. Tá muinín agam as na daoine atá ag obair dom iontu. Ní chuirim isteach ná amach orthu fad atá an cuntas a fhaighim uathu in aghaidh Feasta, Bealtaine 2013
na seachtaine macánta agus brabúsach, an teacht isteach de bhreis ar an gcaiteachas, an dtuigeann tú?’ ‘Iad féin a áiríonn agus a scríobhann na cuntais sin duit, an ea?’ arsa Cian. ‘Sea, gan amhras. Cé eile a dhéanfadh é.’ ‘Agus conas a dhearbhaíonn tú go bhfuil an méid cheart á gcur síos acu sna cuntais a thugann siad? B’fhéidir go bhfuilid ag goid uait.’ Bhris Marcus isteach ar an gcomhrá: ‘Tóg bog é, a Chéin. Tann tú á cheistiú mar a dhéanfadh bleachtaire nó duine de na gardaí.’ ‘Scaoil leis,’ arsa John Joe. ‘Ní theastaíonn uaidh ach eolas a chur ar chúrsaí gnó. Déanfaidh sé fear gnó den scoth ar ball, má thugann sé aire dos na mionsonraí faoi mar atáid ag cur tinnis air i láthair na huaire.’ ‘Tá rudaí sa saol nach dtuigim conas ar tharla siad,’ arsa Cian. ‘Cúpla mí ó shin bhí Uncail John Joe ag obair i dtigh ósta ag bailiú bruscair agus ag glanadh leithris ar phinginí suaracha agus ansin gan choinne — ’ ‘Fainic!’ arsa John Joe, agus shleamhnaigh síos ón gcathaoir go dtí go raibh sé ina shuí ar an urlár. ‘Cad tá ort?’ arsa Marcus. ‘Ná bí ag breathnú síos orm mar sin,’ arsa John Joe. ‘Beidh a fhios acu go bhfuil duine éigin i bhfolach ann.’ Thosaigh an bheirt ag breathnú timpeall orthu, ag ligint orthu nach raibh aon duine eile sa chomhluadar ach iad féin. Labhair John Joe: ‘An bhfeiceann sibh an duine a tháinig isteach an doras anois díreach?’ ‘Chím é,’ arsa Cian, ‘Tá sé ina sheasamh ag féachaint timpeall faoi mar a bheadh sé ag lorg duine éigin.’ ‘Sin é an focar is dainséaraí sa chathair seo. Is mó duine atá leonta agus loite aige, gan trácht ar an méid atá curtha ar shlí na fírinne.’ ‘An fear sin a tháinig isteach anois díreach?’ a d’fhiafraigh Cian, agus ionadh air. ‘Sea. Ná cuireadh an chuma shaonta atá ar a phus dallamullóg ort. Scriostóir mioscaiseach, mailíseach, marfach é siúd.’ www.feasta.ie
‘Ach féach anois air,’ arsa Cian. ‘Tá bean thall ag croitheadh láimhe chuige. Tá sé ag dul ina treo. Tá an dealramh air i ndáiríre gur ghnáthdhuine é i mbun a chúraimí féin.’
‘Ó, gabh mo leithscéal,’ arsa Marcus. ‘Mheasas gur dhíol Jo––, … astu … an fear a d’ordaigh uait iad.’
‘Sin é an íomhá a chothaíonn sé nuair a bhíonn sé i mbun a chuid urchóide.’
Ó, níor thuigeas sin,’ arsa Marcus, agus thosaigh ag cuardach ina phócaí. ‘Cé mhéid atá agat orainn?’
‘Ach cad é sin duitse?’ arsa Marcus. ‘Níl sé ar do thóir ar chúis éigin. Bhfuil?’
‘Ocht euro agus seachtó pingin.’
‘Bí siúráilte go bhfuil,’ arsa John Joe. ‘Tá síntiús míosúil cosanta á éileamh aige orm chun mo chuid siopaí a chaomhnú ar chreachadóirí agus sladairí. Dhiúltaigh mé faic a thabhairt dó go nuige seo.’ ‘Ach ar éigean a dhéanfadh sé aon ní dochrach duit in áit mar seo agus an oiread sin daoine ag faire air.’ ‘Ní dhéanfadh. D’fhanfadh sé go dtí go bhfaigheadh sé lasmuigh de dhoras mé. Seo anois leaids. Seasaimis agus sleamhnaímis amach an doras go deas ciúin gan aird a tharraingt orainn féin. Nuair a bheimid taobh amuigh de dhoras, baileoidh mé liom síos feadh an ché. Rachaidh mé i bhfolach ar feadh tamaill i measc an tslua i Sráid Uí Chonaill sula mbainfidh mé an baile amach.’
‘Níor dhein, dúirt sé go ndíolfása astu.’
Chuardaigh Marcus a phócaí agus tharraing sé amach a raibh de bhoinn airgid a bhí ina phóca. Chomhairigh sé iad agus fuair sé amach go raibh ocht euro agus caoga pingin aige. Bhfuil fiche pingin agat?’ D’fhiafraigh sé de Chian. ‘Tá,’ arsa Cian agus thug sé dó é. Thug Marcus an t-airgead ar fad d’fhear an bheáir agus bhailigh an bheirt acu leo amach as an áit. Taobh amuigh den doras ní raibh rian de John Joe. ‘Tá sé glanta leis,’ arsa Marcus. ‘Ní fheicfimid arís é. Tá sé chomh maith againn dul thar n-ais go dtí an stáisiún agus an chéad traein eile a bheidh ag dul ó dheas a thógaint.’ ‘Níl aon dul as againn, is dócha, ach é sin a dhéanamh,’ arsa Cian.
S
heas an bheirt. Thosaíodar ag siúl amach go hútamálach ar shleaschéim i dtreo an dorais, ach bhí a gcinn ag casadh timpeall ag iarraidh súil a chaitheamh i ngach aon treo. D’éirigh John Joe agus chuir sort gúnga air féin, á ísliú féin chun go mbeadh sé folaithe ag an mbeirt eile ar radharc an raispín. Bhí an fear úd, um an dtaca sin, suite síos agus ag caint leis an mbean a ghlaoigh i leith air. Nuair a bhí an triúr i ngiorracht cúpla slat den doras baineadh geit astu ag scread a ligeadh fúthu ‘Haigh. Sibhse ag an doras!’ Stad Marcus agus Cian agus chonaic siad giolla an bheáir ag léim thar an gcuntar agus ag déanamh orthu faoi lán rith. Stad Marcus agus Cian agus bhíodar ag breathnú le halltacht ar an duine a bhí ag déanamh orthu go fuadrach tríd an mbeár. Bhí gach aon phéire súl san áit dírithe orthu. Thapaigh John Joe an deis agus scinn sé amach an doras. ‘Níor díoladh as na deochana sin a bhí agaibh,’ arsa an giolla nuair a tháinig sé chucu.. 11
——◊——
A
r ball, nuair a bhíodar suite ar aghaidh a chéile ag bord taobh leis an bhfuinneog sa traein, bhíodar ciúin gan aon chaint acu. Bhog an traein amach as an stáisiún, agus nuair a bhí fothram na gluaiseachta ag múchadh mhonabhair na cainte a bhí ar siúl ag daoine sa charáiste, labhair Cian. ‘Bhuel, ar a laghad chomhlíonamar an gnó a thug aníos sinn,’ ar seisean. Chuir an traein lena luas, ag dithneasú trí mhachaire láir na tíre agus dhún Marcus a shúile. Ní raibh a fhios ag Cian an raibh fonn codlata ar an seanduine nó an raibh sé ag teitheadh isteach i ndúiche éigin phríobháideach a bhí aige — Críoch féin. Feasta, Bealtaine 2013
An Chríoch SCÉAL AN MHEIRLIGH Colin Ryan
A
g déanamh machnaimh ar an scéal dó i ndeireadh a shaoil ní raibh a fhios aige an le drochrún nó de thaisme a chuaigh sé ar bhealach a aimhleasa. 1879. Bliain rathúil. Siúd ar muin capaill (láir dheas bhuí-rua) é, ag druidim anonn leis an mbanc. Sráid chaol agus í ina puiteach tar éis báistí. Cnoic ísle thall faoi spéir fhuarchúiseach. Isteach leis ag beannú dóibh, a phiostal ina lámh aige, — agus é ag imeacht ar cosa in airde mar a dhéanfadh duine ar bith. An t-airgead ag iompú ina luaith sna málaí diallaite. Lig sé amach leis an ngaoth é. Banc eile, b’fhéidir. Bhí daoine le marú fós ach ní raibh a fhios aige sin go fóill. ——◊—— Chuala an ghirseach ag dul thart é um mheán oíche. Gliogar éigin, trup na gcrúb. É ag imeacht leis faoi mhílí na gealaí. Fuair sí spléachadh air óna fuinneog trí mheadhrán na gcrann. Chas sí ar ais ar a leabhar faoi sholas na coinnle. An lasair ag eitealladh sa séideán, an ceithearnach coille ag suaitheadh línte an leathanaigh. Agus í ina cailleach dhéanfadh sí finscéal den chuimhne. Fear ard dúranta ar chapall dubh i mbéal na gaoithe, i ndiamhair na hoíche. Fear ab fhiú a phósadh. ——◊—— Léas solais anuas ón bhfuinneog chaol. Béicíl nó amhránaíocht chuige ó na cealla eile. Ina chodladh dó d’fheiceadh sé an machaire geal lastall de na crainn, na pearóidí ag teacht de ruathar, bean in éide an bhróin á rá leis í a leanúint. Ar dhúiseacht dó stánadh sé ar an tsíleáil. Dhéanadh an bairdéir, cliobaire as Cill Chainnigh, corrdhreas comhrá leis i nGaeilge. Teanga na seandaoine agus í ina cónaí fós in iargúil a chloiginn. Teanga an phortaigh agus í ag éirí briosc faoi scalladh na gréine coilíní. Phósfainn thú gan bha gan phunt gan áireamh spré... An oíche dheireanach. Ba ghearr go dtiocfadh deireadh leis an aimsir féin, le
www.feasta.ie
gach ar mhothaigh sé riamh, leis an mbean úd i ndoras agus leanbh ina baclainn aici, le scamaill charntha an Fhómhair, le boladh allas capaill. Ansin thosódh an aimsir arís, an corp gan ainm ag dreo i gcré. Chuala sé coiscéimeanna an chrochadóra ag druidim anall leis.
SCÉAL AN CHROCHADÓRA
d’fhear a mholadh, a cháineadh, a chrochadh. ‘A Dhaid,’ a dúirt sí, ‘tá an tae ag fuarú.’ ——◊—— Théadh sé ag ól tigh Buckley, é ina shuí ina chlúid féin agus an saol á sheachaint. Thuig sé cén fáth agus an bás ina theannta, páirtí a d’fhágfadh blas goirt ar do chuid leanna. Ach bheannaíodh roinnt de na seanfhondúirí dó, diúlaigh a tháinig i dtír sna caogaidí ar lorg óir, a leithéid féin. Bhuail sean-Rankin, súdaire, bleid air. ‘Tá dreach na sláinte ort,’ a dúirt Rankin.
Bhí an cócaire ar meisce, í ag srannadh i gcúinne; iníon an chrochadóra a réitigh an bricfeasta: ispíní agus cabáiste. É ag smaoineamh ar dhul ar scor. Cé thiocfadh ina áit? Útamálaí éigin a dhéanfadh praiseach den ghnó. Cleas a bhí air: an tsnaidhm cheart, an cóiriú ceart, titim obann a bhrisfeadh an muineál. Bhí na hispíní dóite; ní oirfidís don chliamhain, dá gcasfaí a leithéid ina threo.
‘Is maith liom é sin a chloisteáil. An ólfá deoch?’
É ina baintreach fir; cailleadh í féin sa bhliain 1870 agus níor chuimhnigh sé ar dhul faoi chuing arís. A iníon i bhfeighil an tí. Théadh sé ar lorg striapaí ach ní raibh an fonn sin air a thuilleadh.
‘An ceann deireanach. An meirleach úd, an fear féin.’
D’fhéach amach ar shráidín deannachúil; bheadh samhradh crua ann, teas ba dheacair a fhulaingt; b’fhearr a bheith mar a bhíodh na gormáin, iad ina lomnochtáin (bhí duine nó dhó díobh básaithe aige). Lig sé brúcht amach, é ar a shuaimhneas agus an bás ina chuideachta. ——◊—— Cailín gliobach cliste drochintinneach ba ea an iníon, í in aois a pósta ach gan mórán suime aici i mionghnóthaí an tí. B’fhearr léi na leabhair: bhlaiseadh a hathair blas dóite na hintleachta ar na hispíní. Bhaineadh sí ceol stoirmeach as an bpianó agus stopadh go tobann, ag déanamh machnamh searbh ar a beatha.
D’ól siad sláinte a chéile agus sláinte an té a bhí le bású. ——◊—— Maidin fhionnuar. Thiocfadh an teas ar ball. Iad bailithe ar an scafall, é féin, an sagart, an fear a bhí le crochadh. Dhírigh an crochadóir a aire ar an obair, gan aird a thabhairt ar rud ar bith eile. Ba bhreá leis bolgam biotáille, ní dhiúltódh an meirleach do dheoch ná an sagart ach oiread. Scaradh meidhreach, greann agus gáire.
Cheileadh sí ceird a hathar ar an saol; ach bhí tuairim aici gurbh fhéidir leo an chroch a fheiceáil ina súile. Fonn taistil uirthi, fonn taiscéalaíochta: shiúlfadh sí an domhan agus hata gáifeach uirthi, d’éireodh oileáin aníos as an bhfarraige roimpi lena haimsiú. Ba chuimhin léi an meirleach; léigh sí tuairisc ar an triail; ba chóir a leithéid 12
‘Deoch, muise. B’fhéidir go n-ólfainn. Deoichín, muise.’ Bhí cruas nó fuarchúis in Rankin nach raibh le haithint ar a dhreach. D’fhéadfá comhrá a dhéanamh leis. Sheasfadh sé an fód. ‘Jab eile,’ a dúirt Rankin, ag sméideadh a chinn ar an bpríosún.
‘An fear féin, muise. Nach triúr a mharaigh sé?’
Chóirigh sé an tsnaidhm go rianúil slachtmhar: ní bheadh moill ar an mbás. Dúirt an meirleach rud éigin faoina fhiacail. ‘Gabh mo leithscéal,’ a dúirt an crochadóir go múinte, ‘Chaill mé an méid sin.’ Ach ní dúirt mo dhuine rud ar bith eile. Dreach fuaránta air faoi mar a bhí súil aige le hoscailt dorais a ligfeadh cinniúint imigéiniúil isteach. Dhruid sé a shúile. Anois. D’oscail an chomhla agus theann an téad. An chríoch cheart. — Críoch Feasta, Bealtaine 2013
Breathnaíonn Séamas de Barra ar
THE LAST SUPERSTITION le Edward Feser
I
na Chaitliceach a tógadh Edward Feser, údar an leabhair seo, The Last Superstition (St. Augustine’s Press, South Bend, Indiana, 2008). Ach chaill seisean a chreideamh, pé méid de a bhí aige, in aois a 13 nó a 14 de bhlianta. Aindiachaí ba ea é ar feadh 10 mbliana, nó mar sin. Ba trína chuid staidéir ar an bhfealsúnacht a d’iompaigh sé ar ais ina chreidmheach, agus de réir a chéile ina Chaitliceach. Is amhlaidh a rinne sé staidéar ar na hargóintí ag fealsúna an Aindiachais, agus nuair a rinne, fuair lochtach iad.
thabhairt le fios go bréagach go bhfuil bunús eolaíochta, ar chuma éigin, leis an bhfealsúnacht ‘mheicniúil’. Ach mar a thaispeánann Feser, is furasta a chruthú gur pictiúr bréagach dáiríre é an pictiúr sin den saol –– agus rud eile atá air: ní féidir é sin a bheith i gceist ar comhrian leis an moráltacht, leis an réasúnaíocht, ná leis an eolaíocht féin. Cuid den dul chun cinn is déanaí a rinneadh i gcúrsaí fealsúnachta agus eolaíochta, déanann sé an daorbhreith sin a dhaingniú, tharla go dtaispeánann an dul chun cinn sin nach féidir fiú cur síos comhleanúnach a dhéanamh ar fhionnachtana na n-eolaíochtaí eimpíreacha, an fhisic agus an bhitheolaíocht, abair, gan an díritheacht ar an aidhm nó ar an gcuspóir a chur san áireamh. Cruthaítear leis sin go réasúnta gur fíor é amharc ‘cuspóireachta’ na saoithe anallód agus sa MheánAois, agus an dearcadh creidimh agus moráltachta a bhfuil sé ag tacú leis.
Is Ollamh Cúnta leis an bhFealsúnacht é Feser ar Choláiste Phasadena City i gCalifornia. Bíonn sé ag caitheamh anuas ar na hAindiachaithe Nua chomh mór agus a bhíonn siad seo ar na creidmhigh. The Village Atheists a thugann Feser ar na hAindiachaithe Nua. Leabhar eile le Feser a bhfuil glaoch air is ea Aquinas, A Beginner’s Guide (Oneworld, Oxford, 2009), leabhar ar fhealsúnacht San Tomás Acain. Is é croí an áitithe ag ‘an Aindiachas Nua’ ag Richard Dawkins, Daniel Dennett, Sam Harris, agus Christopher Hitchens [trócaire air] go bhfuil cogadh na gcéadta bliain idir an eolaíocht agus an creideamh thart, agus go bhfuil buaite ar an gcreideamh. Ach, mar a léiríonn Edward Feser in The Last Superstition, níl, ná ní raibh riamh, cogadh ar bith idir an eolaíocht agus an creideamh in aon chor.
Díospóireacht gan aird, díospóireacht mhíthuisceanach, dar le Feser, is ea an díospóireacht idir campa ‘an Deartha Thuisceanaigh’ agus campa Darwin, díospóireacht a bhfágann Feser ina dhiaidh í, go n-áitíonn nach bhfuil an eochair le baois ‘an Nua-Aindiachais’ le fáil in easaontais gan dealramh i dtaobh an bhunúis éabhlóide leis an orgán bitheolaíochta seo nó siúd, ach in athmhachnamh a dhéanamh ar réamhghlacanna fealsúnachta an mhodha eolaíochta féin siar go dtí na chéad phrionsabail.
B
aineann sin go háirithe le hathghabháil a dhéanamh ar fhírinní dearmadta na fealsúnachta clasaicí. Air sin a thabhairt i gcrích, is féidir a fheiceáil nach ar an gcré dhall atá an creideamh bunaithe, ach go bhfuil bun daingean réasúnaíochta leis. Agus ainneoin na ngothaí moráltachta agus intleachta a bhíonn ar ‘an Nua-Aindiachas’, nochtar gur ag brath ar earráidí cianaosta atá sé, fara mímhacántacht intleachta den saghas is uafásaí, uiscealach fealsúnachta, agus aineolas ar an stair, ar an diagacht, agus ar an — eolaíocht.
Is é rud a bhí ann coimhlint le chéile ag dhá dhearcadh ar an saol, ar fealsúnacht ó bhonn iad: an t-amharc clasaiceach ‘cuspóireachta’ ag Platón, Arastatail, Agaistín, agus ag Tomás Acain, ina bhfuil an díritheacht ar aidhm nó ar chuspóir ina gné chomh lárnach den domhan ábhartha is atá an mhais nó an lucht leictreach; agus an t-amharc nua-aimseartha ‘meicniúil’ ag Descartes, Hobbes, Locke, agus Hume, nach bhfuil sa réaltacht fhisiceach, dá réir, ach cáithníní gan aidhm, gan bhrí, ach gluaiseacht a bheith fúthu. Níor promhadh an dearcadh nua-aimseartha ‘meicniúil’ sin riamh, agus an chumhacht atá aige ar aos intleachta na linne seo, is mó a bhaineann sin le cleas reitrice agus le tráthúlacht pholaitíochta ná le hargóint réasúnach. Mar, de réir mar a léiríonn Feser é, Dia a bheith ann, neamhbhásmhaireacht an anama, agus coincheap traidisiúnta an Reachta Aigne i dtaobh na moráltachta, tá siad doshéanta ó thaobh na réasúnaíochta de, má ghlactar le dearcadh clasaiceach na fealsúnachta ‘cuspóireachta’ ar an saol. Dá réir sin, dí-eaglaiseachas na linne seo, ní féidir dó gan a www.feasta.ie
Táthar á rá gurb é rud atá in The Last Superstition an argóint is cumasaí dá ndearnadh riamh i gcoinne an NuaAindiachais, agus tá sé molta ag léirmheastóirí ar fud na Stát Aontaithe; ba air a bhronn an iris ForeWord an teideal ‘An Leabhar is Fearr ar an gCreideamh in 2008’, agus ba é an leabhar é a piocadh mar ‘Rogha an Eagarthóra’ in 2008 (an t-aon cheann amháin i gcúrsaí Creidimh) ar BookList an American Library Association. — Críoch 13
Feasta, Bealtaine 2013
Idir Aoine an Chéasta is Domhnach Cásca le Mícheál Ó hAllmhuráin
Obair Idir Chnaipí ón Tascfhórsa um Ríomhaireacht Liteartha
M’fhocal duit, is fíor gur cailleadh mé inné leis an bhfáisceadh a d’fhulaing mo bheo, is amhlaidh a phúsc an bheatha as gach féith go dtí gur fágadh mé im chruth gan chló,
Mícheál Ó hUanacháin 1. Mallachtaí don Aois Leictreonach
gan teacht agam ar aon stráitéis ná seanscéim le haon bhall coirp ná intinne a shlánú, bhraitheas gach adamh ag géilleadh go caoch do mhaistreadh millteach mire an mhórfholúis,
• Scáileán reoite ort
dealaithe ón domhan is a chuid deifnídí go léir is díbeartha ó gach dath-chóras le dé-mhíniúchán, chaill rialacha na réasúnaíochta a loighic go léir sa díothú a tharlaíonn i dtóin an duibheagáin.
• Teip thubaisteach ar do chrua-dhiosca
Sea, chonac na fíoracha a cheapas fé thionchar an tsaoil ag pléascadh as a chéile is ag dul ar neamhní, thángas ann is d’imíos as de réir mar a rugas greim géar ar aon shnámhraic a spréach as an aibhéis aníos,
• Ná raibh toradh ag Google duit
• Alzheimer ar d’iPod • Mogallra plódaithe ort
• Díth cuimhne ar do stóras • Marbhfháisc ar d’Aipp nua
• Formáid anaithnid ar do cheangaltán • Mairg Mhicrosoft ort
dianghafa i dtaoide ag sní le forneart is le faobhar, ag breith blúiríocha díom soir siar gan chéill, shlog ainriocht is ainbhfios gach cuid díom féin go dtí gur múchadh mé sa chíor thuathail chiarbhréan.
2. An Ríomhaire a d’fhoghlaim Haiku Earráid ceathair-náidceathair: Comhad a d’iarrais gan tásc gan tuairisc
——◊——
A Dhia,
Do sprioc gan aimsiú: Féach an bhfuil an seoladh ceart sa leabhar beag dubh
abair liom cá bhfuil d'intinn dhiamhair ag obair inniu, an bhfuil sí gafa le garbhchríocha na síoraíochta, nó an bhfuil sí ag tógaint gach ní go breá bog inniu,
Níor oscail muid an comhad: d’éirigh óspairt dó nach dtig linn a réiteach
nó an bhfuil tú ag déanamh diantaighde ar an tubaist mhór, féachaint cad a tharla i ndiamhairchroí do dhéantúsaíochta, an fabht a chuir tús leis an tranglam ar fud na firmiminte fút, nó an bhfuil tú ag iarraidh taisí na marbh a aimsiú, an bhfuil do chuid aingeal bleachtaireachta i mbun tóraíochta agat ag fiosrú cá luíonn iontaisí sa gharbhfholús,
Níor aithin muid tú. Tabhair t’ainm is do phas dúinn chun teacht i dtír chugainn
nó an bhfuil tú ag meabhrú ar conas a chuirfidh tú clabhsúr ar chuile rud atá fós le tarlú i mbroinn na haimsire neamhshínte, nó an amhlaidh nach bhfuil an cumas ionat níos mó aon rud a smachtú? Cogar chugam, an dtagann ár ndrochghníomhartha fé reacht na dtréimhsí, is nach é do bhotún is cúis leis an tubaiste ina bhfuil an saol greamaithe go síor?
LITIR
Agus is measa fós é go mbaineann gnó an chú le poll seasta do chuaille bhratach na tíre, bratach a chomórann a saoirse, buaite tar éis an iliomad glún faoi chois choigríochach agus gach saghas salachair á scaoileadh anuas ar mhuintir na Gréige. Abair soiniciúlacht, mar tagann ‘soinic’ ón aidiacht kynikos–a–on, agus ón ainmfhocal tógtha ar an bhfréamh kyn–, atá gaolmhar leis an nGaeilge ‘cú, g. con.’ Filleann an feall… Ní gá a thuilleadh a rá. Is mise Giollabhríde Mac Cogaráin — Ón tSean-Ghréigis κυνικός (kynikos) a chiallaíonn ‘madrúil’ a shíolraíonn soinic, nó cynic an Bhéarla.
A Eagarthóir, a chara, Is déistin agus is náire go deo do FEASTA an deoch nimhe de ailtín ar bheagán focal a d’fhoilsigh tú in uimhir na Márta (2013) le Biddy Jenkinson. Bhí sí ina haoi sa Ghréig agus i gcathair na hAithne féin, foinse stairiúil na drámaíochta agus na fealsúnachta, oidhre na hailtireachta clasaicí agus na dealbhóireachta is áille, mar is finné i gcónaí an Partanón. Níor fhéad an Biddy seo aird dá laghad a thabhairt ar bhuanna ardchathair na sibhialtachta, ach a súil go hiomlán ar ghníomh gadhair nach luafaidh mé. An té ar mhaith léi nó leis é a thuiscint, féadfaidh sí / sé dearcadh ar an líníocht mhaslach atá ag salú leathaigh Feasta. www.feasta.ie
14
Feasta, Bealtaine 2013
FILÍOCHT NA GAEILGE FAOI BHLÁTH! Léirmheasanna: Mícheál Ó Ruairc • Aimsir Ársa, le Cathal Ó Searcaigh. Arlen House, 2013. Ealaín le Ian Joyce. Crua.128 lch. Ní luaitear praghas.
• Aibítir Aoise / Alphabet of an Age, le Celia de Fréine. Arlen House, 2011. Crua. 104 lch. Ní luaitear praghas.
• Cathair Mar A Tuairisc, le Bernadette Nic an tSaoir. Coiscéim, 2013. Bog. 68 lch. €8.
T
aca an ama seo dhá chéad bliain ó shin (1813) bhí triúr mórfhilí de chuid Shasana ag cleachtadh a gceirde. B’shin iad Lord Byron, Percy Bysshe Shelley agus John Keats. Ní raibh an té ab óige díobh, Keats, ach seacht mbliana déag ag an am agus gan oiread agus dán amháin cumtha aige. Ach bhí sé ag léamh leis agus ag fáil taithí ar an saol a bhí timpeall air. Amhail an Ríordánach seo againne, bhí sé céasta, cráite ag an drochshláinte agus an duairceas agus é i gcás idir dhá chomhairle: an liacht nó an fhilíocht. Nuair a cáilíodh é mar lia san bhliain 1816 is gan é ach scór bliain, ní raibh ach dornán dánta scríofa aige ach rinne sé cinneadh gan an leigheas a chleachtadh agus cloí leis an bhfilíocht mar ghairm bheatha feasta. Idir 1816 agus 1821, an bhliain a cailleadh é den eitinn sa Róimh in aois a 25, bhí sé ar dhuine de mhórfhilí an domhain agus dánta den scoth á scríobh aige.
mothaím spéir an áidh á spréadh os mo chionn agus leacacha na sráide ag bláthú faoi mo chosa. (‘Saoirse’, lch 13) Tá an cnuasach roinnte ina chúig mhír: Ar Aghaidh Na Gréine; Na Bailte Bánaithe; Cogadh; An Saol Eile; An tEaragal. Tá meascán maith de dhánta ann – dánta faoin dúlra, dánta grá, dánta dinnseanchais agus dánta pearsanta a ríomhann saol an fhile féin agus a dhearcadh ar an saol. Is breá liom na dánta fileata, fealsúnta atá sa mhír ‘Na Bailte Bánaithe’ ach go háirithe, ina gcaoineann sé claochlú agus meathlú tubaisteach a cheantair dhúchais féin le blianta beaga anuas. Is breá liom é mar go dtuigim go huile is go hiomlán ‘an scread ná cloiseann éinne’ atá ceilte ann. Tá an rud ceannann céanna tarlaithe do gach ceantar tuaithe in Éirinn, geall leis, mo cheantar dúchais féin, ceantar an Leitriúigh in iarthar Chiarraí, san áireamh. Is léir go ngoilleann sé go mór air; is geall le scian sáite i do chorp na línte seo a leanas as ‘Amhrán Mhín na Craoibhe’ (lch. 50):
I measc na rudaí a dúirt sé i dtaobh na filíochta tá seo a leanas ar eolas ag páistí an bhaile: If poetry comes not as naturally as the leaves to a tree, it had better not come at all. Is minic a dhéanaim gáire nuair a mheabhraím an nath céanna i gcomhthéacs a mbíonn scríofa ag léirmheastóirí áirithe, ar fhilí aitheanta iad, agus iad ag scaothaireacht i dtaobh éirim fileata filí eile is gan scríofa acu féin ach aistí bacacha, craptha, rótheicniúla. Bí ag trácht ar dhaoine i dtithe gloine ag radadh cloch le daoine eile! Braithim go bhfuil bac éigin in aigne dhaoine áirithe chomh fada is a bhaineann sé le hidirdhealú a dhéanamh idir ‘filíocht’ agus ‘fíorfhilíocht’. Aon rud a scríobhtar i bhfoirm filíochta is ‘filíocht’ í, is dócha, ach ní hé sin is a rá gur ‘fíorfhilíocht’ í.
Tá mo chineál is mo ghaolta anseo leis na glúnta; chuir siad san earrach agus bhain siad san fhómhar, cuibhreann an choirce agus páirc bhreá na bprátaí; tá lorg a láimhe ag cur aoibhe ar Mhín na Craoibhe.
I
s breá liom an bealach ina mbaineann sé ceol agus filíocht agus rince as logainmneacha áitiúla a léimeann as gach leathanach, geall leis, sa chnuasach seo. Ní ‘dánta turasóireachta’ iad ina mbaintear feidhm neamhfheidhmiúil, neamhfhileata, neafaiseach as logainmneacha iasachta ar mhaithe le dul i bhfeidhm ar an léitheoir agus ‘seo mise ag crochadh thart faoi Ghleann an Loire ag ól fíona leis an gcleas áitiúil’ agus cacamas den sórt sin. Fásann na logainmneacha a úsáideann Ó Searcaigh go horgánach agus neadaíonn siad go compordach ina chuid dánta:
Is tobar fíoruisce é Cathal Ó Searcaigh. Is beag filíocht a sceitheann óna pheann nach ‘fíorfhilíocht’ atá inti, dar liom. Más srutháin sléibhe sea cuid againn ar ár mbealach chun na farraige, nuair a lingeann dán fíoruisce as ár dtobairíní (an rud is annamh), bíonn gliondar orainn (nó ba cheart go mbeadh!), ní nach ionadh. Ach amhail Keats, Shelley, Dylan Thomas, Aogán Ó Rathaille, Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Séamas Dall Mac Cuarta, Seán Ó Ríordáin, Nuala Ní Dhomhnaill agus corrfhile eile, braithim go mbrúchtann an fhilíocht as snáithe choirp agus aigne Uí Shearcaigh agus go scríobhann sí í féin cuid mhaith. Bua speisialta ach bua a thugann a thriobhlóidí féin leis, gan amhras.
Ar Ard na mBothóg is an ceo ag teacht anuas idir dall agus dorchadas ar Mhín na bPoll, ar Phrochlais,
Sa chnuasach deireanach dá chuid, ‘An tAm Marfach Ina Mairimid’ (Arlen House, 2010), bhraith an file faoi léigear, sceimhlithe, ar an imeall, thíos leis, fiú. Sa chnuasach nua seo, ‘Aimsir Ársa’, braithim go bhfuil sé bogtha ar aghaidh, tagtha chuige féin cuid mhaith. Tuigimid an méid sin ón gcéad dán sa chnuasach: www.feasta.ie
ar Mhín na gCopóg, seasaim san uaigneas. Tá glas béil ar gach baile is ní dhéanfar an chuing seo a bhriseadh le mo bheo. (lch. 45) A fhilí óga ródhúthrachta, róbhisiúla, leagaigí síos bhúr bpinn ar feadh meandair agus blaisigí an cnuasach filíochta seo. 15
Feasta, Bealtaine 2013
Léim thar a bhfuil déanta agam, osclaím na comhlaí is scaoilim isteach solas na maidine.”
Tugaigí suntas do mhodus operandi an fhile a bhfuil ar a chumas dán iontach a dhéanamh as ní ar bith faoin ngréin. Tugaigí suntas ach go háirithe don sárdhán dar teideal ‘Benfeita, An Phortaingéil’ ar lgh. 18 -19 agus mar a éiríonn leis an bhfile seoid de dhán a dhéanamh as ‘solas ghlé’ ón spéir. Meabhraíonn sé dom bean a raibh tigh ósta aici ar an gClochán sa Leitriúch tráth; de réir an tseanchais bhí ar a cumas béile blasta do sheisear a dhéanamh as cos chirce. A mhacasamhail de mhíorúilt a tharlaíonn sa dán thuasluaite agus sa chnuasach ina iomláine tá béile breá, blasta do shé mhíle ar a laghad.
Tá ábhar machnaimh sa chnuasach seo. Briseann sé múnlaí. Osclaíonn sé fuinneoga na samhlaíochta agus baineann de Fréine triail as féidearthachtaí nach bhfuil triáilte go dtí seo. Lámhleabhar iontach a bheadh ann d’fhilí óga atá ag foghlaim a gceirde mar go mbeadh lón machnaimh agus dúshláin fhileata agus teanga ann dóibh, gan trácht ar dhúshláin cheardaíochta agus mheadarachta.
C
aithfidh mé a admháil nach raibh mórán cloiste agam i dtaobh Bernadette Nic an tSaoir go dtí gur tháinig mé trasna ar Cathair Mar A Tuairisc agus póirsí eile ar na mallaibh. Tá trí chnuasach dá cuid filíochta foilsithe ag Coiscéim cheana – ‘Lusanna na Gréine’, ‘I gCistin Dé’ agus ‘Ór ar Chrann’. As ceartlár chathair Chorcaí di ó dhúchas agus í fillte arís ar a fóidín dúchais tar éis a saol a chaitheamh ag gabháil don mhúinteoireacht. Bean chumasach í a bhfuil togha na Gaeilge aici, agus sin ceann de na huirlisí is tábhachtaí i mbosca uirlisí aon fhile. Faraor géar, tá filí ann ar na saolta seo atá beag beann ar a leithéid d’uirlis agus a dhiúltaíonn glan aon bhaint a bheith acu léi.
B
’fhéidir nach tobar fíoruisce ar an dóigh chéanna le Ó Searcaigh í Celia de Fréine, ach is ceardaí sároilte í a bhfuil a ceird ar eolas go maith aici agus a dintiúir aici. Is file agus drámadóir í agus tá sí compordach sa dá genre. Muna bhfuil dearmad orm seo an cúigiú cnuasach uaithi. Tá an cnuasach filíochta áirithe seo bunaithe ar Leabhar Aibítre de dhéantús na Polainne. Scríofa i bprós, tá an leabhar athchóirithe i bhfoirm fhileata ag de Freine anseo. De ghnáth is sceitsí agus míreanna beaga dírbheathaisnéiseacha a bhíonn faoi chaibidil sna haibítrí seo, ach tá a cuid féin déanta ag de Fréine astu.
Cnuasach filíochta taitneamhach atá againn anseo. Is breá liom an coincheap: sraith filíochta faoi chathracha agus an tionchar a bhíonn acu ort. Creidim, áfach, go gcaithfear aithne a chur ar chathair chun a bheith in ann scríobh fúithi. Gan an aithne sin ní bhíonn ann ach an rud a bhfuil an ghráin dhearg agam féin go pearsanta air: an ‘dán turasóireachta’ nó cárta poist i bhfoirm fhileata. Faraor, tá dánta den chineál sin sa chnuasach seo. Dánta ar nós ‘Pagliacci’; ‘An Saol Gorm’; ‘Le Gare Du Nord’; ‘An Chathair Nua’ agus ‘Iarúsailéim’ srl.
Tá éagsúlacht agus doimhneas brí iontu go léir. Úsáideann sí an bunmhúnla chun dul ar aistear samhlaíochta agus fileata agus éiríonn thar barr léi, dar liom. Ag cloí le hord na haibítre Gaeilge (ocht litir déag san iomlán) scríobhann sí na dánta bunaithe ar ord aibítreach ar gach litir san aibítir – ‘Aibítir Aoise’; ‘Boladh an Mhismín Fhiáin’; ‘Cré’ ……‘Taibhreamh’; ‘Uaireadóir’. Seacht ndán is tríocha san iomlán. Tá dánta (aibítrí?!) áirithe atá an-chumasach, dar liom. Seo a leanas ‘Lón’ (lch. 66) ina iomláine: Nuair a dháileann Katya an mhias mhícheart orm an athuair cuirtear as dom – tá mo chuid tae ag éirí fuar agus beidh sé críochnaithe agam faoin am a dtagann an t-ordú ceart nuair a bheidh orm an dara cupán a iarraidh agus is eol dúinn go léir nach mblaiseann an dara ceann riamh chomh maith céanna. Beidh a béilese críochnaithe ag mo chompánach faoin am sin agus beidh ormsa mo chuid a alpadh sa chaoi nach mbeimid mall ag an amharclann, sinn ag clamhsán is ag cogarnach faoi cé chomh deas is a bhí Tanya sa bhialann eile an lá cheana, ag samhlú dúinn féin
Ach tá dánta eile ann ina n-éiríonn leis an bhfile a saol féin agus saol na cathrach a nascadh le chéile – ‘Los Angeles’, mar shampla amháin. Ar an dóigh chéanna éiríonn léi pictiúr gléineach den Underground i Londain a thabhairt dúinn sa dán ‘An Ceoltóir Sráide’:
Katya is Tanya um thráthnóna ag ithe suipéir san áit ina bhaile acu in Hell’s Kitchen nó Camden Town, scéalta á malartú acu faoin mbeirt bhan a bhí chomh héasca is chomh deacair sin a shásamh.”
Fear óg thíos sa Tube Le teacht an Earraigh Súile dúnta is é báite Ina phictiúr bheoga istigh …
Agus seo mar a chríochnaíonn ‘Uaireadóir’ (lch. 102), an dán deireanach sa chnuasach:
Ar ndóigh, is í Corcaigh an chathair is ansa léi ar domhan (an gcreidfeá é?!) Tá roinnt mhaith dánta sa chnuasach lonnaithe ina cathair dhúchais agus is iad na dánta sin na cinn is fearr, dar liom:
Anois, an póca sin ama réabtha agam, m’uaireadóir ina luí go ciúin i dtarraiceán, crapann an tréimhse idir síol is searr. www.feasta.ie
16
Feasta, Bealtaine 2013
Luaitear Corcaigh mar Véinéis na hÉireann Ach n’fheadar faoin méid sin … Nach í An Veinéis Corcaigh na hIodáile? Veinéis na hÉireann (lch. 4)
Is é féin ag bogadh thart I bpóirsí cuimhne Londan. An chathair faoi chlóca Go ciúin mar chúlbhrat stáitse Réidh don chéad mhír eile Is í istigh léi féin. Cathair mar a tuairisc I gcónaí riamh. Tá sé ráite aici! Is cathair mar a tuairisc í Corcaigh sa chnuasach seo gan dabht, ach maidir leis na cathracha go léir eile, ní cathracha mar a dtuairiscí iad, faraor géar, agus sin an locht is mó atá ar an leabhar. Ach go tigh an diabhail leo! You’ll always have Cork, Bernadette! Pictiúir: (i) Cathal Ó Searcaigh; (ii) Celia de Fréine; (iii) An file Bernadette Nic an tSaoir in éineacht le Tomás Mac Cárthaigh and Reuben Lynch, ag seoladh a leabhair Cathair Mar A Tuairisc i Leabharlann Chathair Chorcaí le — Críoch deireanas. (Grianghraf: Billy macGill).
Tá an port céanna á sheinm aici sa dán ‘Sliabh Oíche’ (lch. 32) atá ar cheann de na dánta is fearr sa leabhar, dar liom: Ar shamhlaís riamh an Iodáil i gCorcaigh? Rómáns na Meánmhara is draíocht i logainm, Tivoli a chiallaíonn gairdíní áthais Mar Pharthas linbh sular chuir an t-olc aon chrúca In ainm páiste ag spaisteoireacht fá Shiúl na Lobhar síos Síos faoi leirg na gréine ar Fhoinse an Airgid, Montenotte ina sliabh oíche ag beannú don chuan Nó máthair chneasta ag cruinniú a háil i ngéaga na Laoi. Mar an gcéanna leis na dánta ‘Crosaire na mBocht’; ‘Siúl na Lobhar’ agus ‘Ar Bhóthar Wellington’ (lch. 52) atá ar an dán is fearr sa leabhar, braithim: Ancairí ár n-óige ina scáilí Samhlaím tráthnóna Prufrock
Duaiseanna Ghlór na nGael Thionól breis agus 300 ionadaí agus baill de choistí Gaeilge in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh ar an 20 Aibreán le haghaidh Bhronnadh Dhuaiseanna Ghlór na nGael 2012. An tAire Sóisearach, Donncha Mac Fhionnlaoich TD príomhaoi na hoíche. Bronnadh níos mó ná €145,000 i nduaiseanna ar choistí pobail, scoile agus ollscoile agus ar choistí as Albain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Coiste Forbartha Dobhair i nDún na nGall a rug an Duais Náisiúnta €40,000 agus Trófaí Ghlór an nGael leo; duais í seo do choistí a bhfuil duine fostaithe acu; ghnóthaigh Cumann Gaelach Leath Chathail duais mhór na rannóige do choistí gan cúnamh fostaíochta, €8,000. Dhein an tAire Mac Fhionnlaoich comhghairdeas leis an buaiteoirí uilig; dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, gur buaiteoirí iad na coistí go léir a ghlacann páirt nó is trína n-iarrachtaí atá an Ghaeilge á leathnú agus á buanú. Don chéad uair, bronnadh níos mó ná 30 Bonn Ghlór na nGael ar choistí a bhain céatadán ard marcanna sa chomórtas thar trí bliana ó 2010 ar aghaidh. Tugadh an bualadh bos is mó do phobal Dobhair a bhuaigh an mhórdhuais náisiúnta don chéad uair. — NA DUAISEOIRÍ — BOINN GHLÓR NA NGAEL • Bonn Cré Umha, Na Macallaí (Loch Garman) • Bonn Cré Umha, Glór Sionna (An Clár) • Bonn Cré Umha, An tAonach (Tiobraid Árann) • Bonn Cré Umha, Balána (Ceatharlach) • Bonn Airgid, Ionad Deirbhile, Eachléim (Maigh Eo) • Bonn Airgid, Comhar Dhún Chaocháin (Maigh Eo) • Bonn Airgid, Comharchumann Árainn Mhóir (Dún na nGall) • Bonn Airgid, Corca Dhuibhne ag Caint (Ciarraí) • Bonn Airgid, Uíbh Ráthach (Ciarraí) • Bonn Airgid, Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo)
Duais Chonradh na Gaeilge, €1,000, Glór Cheatharlach (Ceatharlach) Duais Cholmcille, €1,500, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair (Dún na nGall) + Bonn Óir Duais Cholmcille, €1,500, Glór Cheatharlach Duais an Fháinne, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, €1,000, Ionad Uíbh Eachach, & Trófaí + Bonn Airgid (Béal Feirste) Duais Chomhluadair €1,000 & Duais Ógras €700, Coiste Forbartha Charn Tóchair, + Bonn Óir (Co. Doire) Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500, Boirche Íochtar, + Bonn Airgid (Co. an Dúin) Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall, €1,500, Coiste Sheán Bháin Mhic Meanman Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe, €1,500, Maigh Cuilinn + Bonn Óir (Gaillimh) Duais Chló Iar Chonnachta, & Dearbhán €1,000, Maigh Cuilinn + Bonn Óir (Gaillimh) Duais Údarás Craolacháin na hÉireann, €1,500, Stáisiún Tráchtála: Clare FM Duais Údarás Craolacháin na hÉireann, €1,500, Stáisiún Pobail: Near FM (BÁC) Duais an Iontaobhas Ultach £1,400, Céim Aniar + Bonn Airgid (Dún na nGall) Duais an Iontaobhais Ultaigh £1,400, An Droichead + Bonn Óir (Béal Feirste) Duais na Comhairle Oidhreachta, €1,500, Comharchumann na nOileán Beag, Ancaire, (Dún na nGall) + Bonn Cré-Umha Duais an Fhoras Pátrúnachta €1,000, Craobh na Bóinne (Co. Lú) Gradam Ghlór na nGael, Raidió na Gaeltachta
COMÓRTAS 3Ú LEIBHÉAL An Roinn Oideachais & Eolaíochta. 7 nduais: • Iontráil Nua is fearr, €500: An Cumann Gaelach, Institiúid Teicneolaíochta BÁC • An Cumann is fearr le níos lú ná 200 ball €1,000, An Chumann Sóisialta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua • Duais DUAISEANNA SPEISIALTA Trasteorann, €1,000: An Chuallacht, Coláiste Duais Chumann na Sagart, €1,000, Glór na na hOllscoile Corcaigh • Duais AthmhuintearnGael Gort a’ Choirce (Dún na nGall) ais, €1,000: An Cumann Gaelach, Ollscoil na Duais Chonradh na Gaeilge, €1,000, An Clár as mBanríona • 3ú hÁit, €1,000: Cuallacht Gaeilge + Bonn Óir, (Co. an Chláir) Cholmcille, Ollscoil na hÉireann Má Nuad • 2ú
www.feasta.ie
17
hÁit, €1,500: An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile B.Á.C • 1ú Áit, €2,000: An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, BÁC. COMÓRTAS G! (Iarbhunscoileanna) Urraithe ag An Spailpín Fánach & COGG • Uladh: Cumann Gaelach, Scoil Íosaef, Domhnach Mór, Tír Eoghain. • Mumhan: Gaeilge GaGa, Coláiste Pobail, Cill Mhíchíl, Co. an Chláir. • Connacht: Coiste na nDaltaí, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí • Laighean: Ruaille Buaile ND, Meánscoil Notre Dame, BÁC. Príomhbhuaiteoir: €2,000, Club Ailigh G, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn Global Gaeilge, R. Gnóthaí Eachtracha 3ú: €2,500: Daltaí na Gaeilge, Nua Eabhrac. 2ú: €3,500 : Forbairt na Gaeilge, Baile Phitt. 1ú: €5,000: Conradh na Gaeilge, Glascú, Alba COISTÍ GAN CÚNAMH FOSTAÍOCHTA Gaeltacht. Urra: Údarás na Gaeltachta 1ú: Coiste Pobail na Tulaigh & Bonn Óir (Gaillimh) €3,000 • 2ú: Comharchumann Ráth Chairn, Bonn Óir & €2,000 • 3ú: Glór na nGael Gort a’ Choirce, Bonn Óir & €1,500 (Dún na nGall) IAR-GHAELTACHT: Buaiteoir Náisiúnta na gcoistí gan cúnamh fostaíochta: Cumann Gaelach Leath Chathail, Bonn Óir & €8,000 (Co. an Dúin) • 2ú hÁit Áth Buí le Gaeilge, Bonn Cré Umha & €2,000 (Co. na Mí) • 3ú hÁit Glór Bhréifne, Bonn Cré Umha & €1,500 (An Cabhán) COISTÍ LE CÚNAMH FOSTAÍOCHTA
Príomhdhuais Náisúnta: €40,000, urraithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, & Trófaí Náisiúnta Ghlór na nGael, urraithe ag Foras na Gaeilge, Coiste Forbartha Dhobhar & Bonn Óir • 2ú: Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Bonn Óir& €8,000 • 3ú: Glór Baile Locha Riach, Bonn Óir & €6,000 • 4ú: Gaelphobal an tSrátha Bháin Bonn Óir & €4,000 • 5ú: Glór Cheatharlach Bonn Óir & €3,000. Feasta, Bealtaine 2013
Japhy Ryder ar Shleasaibh na Mangartan le Robert Anthony Welch. Coiscéim. 200 lch. €7.50
á léirmheas ag Liam Prút
M
ínítear teideal an leabhair seo i gCaibidil a 6 agus go háirithe ar lch. 88 den leabhar, Japhy Ryder ar Shleasaibh na Mangartan, le Robert Anthony Welch, a d’fhoilsigh Coiscéim arú anuraidh. Is ionann ‘Japhy Ryder’ agus an file Beatsach Gary Snyder. Is é an file clúiteach de chuid na mBeats, Jack Kerouac, údar On the Road, a bhaist Japhy Ryder ar an gcompánach a bhí aige ina ruaig bhuile suas is anuas an Matterhorn Peak sa Sierra Nevada i gCalifornia. Thug údar an leabhair seo, faoi anáil Kerouac, agus dilchara leis, Tomás Ó Murchadha, ruathar den chineál céanna faoin Mangarta i gCiarraí lá tar éis babhta óil. Agus is uime sin teideal an leabhair.
Ríordáin (an file an-chúthail gur ghlaoigh Welch air ina theach in Inis Carra agus é ina mhac léinn an-óg), Seán Ó Riada, Nuala Ní Dhomhnaill, lucht Innti, Pearse Hutchinson, Michael Hartnett, Hugh McDiarmid, Darach Ó Catháin, Frances Stuart, Seamus Heaney. Ach is é an díol sásaimh is mó sna tuairiscí seo aige orthu gur annamh aigne chomh máistriúil, fathachúil, chomh heolgaiseach, chomh leathan-chultúrtha ag plé ar leibhéal na healaíne le meitheal chomh hindibhidiúil, chomh tréitheach agus chomh daonna leis na fathaigh agus na fofhathaigh eile seo. Tá teanntás cothrom aige ar an uile mhac is iníon acu agus cuirtear in aithne dúinn iad ar an leibhéal cothrom cairdeasúil céanna. B’fhéidir don leabhar seo Dead as Doornails le Anthony Cronin a thabhairt chun ár gcuimhne! Leabhar é a thaitneoidh le muintir na Gaeilge go bhfuil aon rian den daonnacht iontu agus ní ábhar suime linn an chuid eile anseo!
Ná ligimis dá leithéid de bhagántacht nó de bheos na seanaoise sinn a chur ón leabhar álainn seo, áfach, mar tá ár litríocht fhéin lán den Fhiannaíocht thaitneamhach bhréaglaochta mheargánta oscartha chéanna. Agus maithimis an tsáile seo dó ar scáth mhórbhuanna eile seanchais liteartha an leabhair!
Tagann an daonnacht sin go mór i gceist, mar shampla, san aonú caibidil déag ina bhfuil Leeds agus Darach Ó Catháin faoi thrácht. Tá oíche chaidrimh faoi lán seoil i dteach Dharaigh. Dúradh an t-amhrán ‘Caiptín Ó Máille’ i dtosach agus chas Darach ‘Óró, ’Sé do Bheatha Abhaile’. ‘Amhrán é sin, dar le Welch, a dúirt sé le hornáidíocht chasta íogaireach a chuidigh go mór le fíochmhaireacht agus truamhéil an cheoil. Raghadh an drámaíocht is an caoineadh do chuir sé sna focail go smior ionat.’
Leabhar annamh é, leabhar peirspictíochta ar litríocht agus ar Ghaelscríbhneoirí na hÉireann ina gcáilíochtaí Gaelacha agus Eorpacha go huile. ‘Leabhar beathaisnéise agus critice’ atá mar threoir-theideal ar an saothar. Leabhar é atá lán d’urraim, agus a chuireann lenár n-urraim, do na pearsana atá i gceist, toisc nach bhfuil aon chuid den ómós bréige ag baint leis an tuairisciú oibiachtúil ann ar phearsana móra na nualitríochta a thagann faoi shúil an údair.
Leanann Welch air agus é ag cur síos ar an oíche chaidrimh sin i Leeds:– ‘An oíche sin thosnaigh sé ag caint ar an Riadach agus an sult a bhain sé as a bheith ina cheolfhoireann agus a bheith ar ragairne leis. Agus é ag cur síos ar a bhás anabaí, bhí na deora ag teacht ós na súile gorma úd go fras, agus dúirt sé go bhfuair sé féin bás i slí éigin nuair a d’imigh an Riadach as an saol seo, ach gur chreid sé go raibh a chara Seán sna Flaithis i láthair Dé agus a Mhic Bheannaithe. Agus é ag caint ar an Riadach chuir sé a lámh timpeall ar an mac is óige a bhí acu, Pádraig a ainm, a bhí i gcónaí aerach meidhreach. Bhí éalang mheabhrach éigin ar Phádraig, ach bhíodh sé de shíor go soineanta áthasach, agus ba léir go raibh an grá ag spalpadh as dá chlann agus dá thuismitheoirí. Nuair do chonaic an buachaill a athair ag caí go géar dúirt sé leis:
Tá stíl bhreá chomhráiteach Mhuimhneach (bíodh go bhfuil an ghné Chúil Raithineach agus an ghné Leedsach ann leis!) ag Robert Welch, sa tslí gur furasta taitneamh a bhaint aisti. Aithníonn tú, a léitheoir, gur cara agus comrádaí dílis atá i do theannta, fear atá sásta corr-rún a ligean leat fá thuairim an tseanchairdis atá eadraibh! Nach míníonn an t-údar fhéin dúinn go raibh cuimhneamh aige Leabhar na gCarad a thabhairt ar a leabhar?
“Ná bíodh brón ort, a Dhaidí. Beidh gach rud i gceart, chífidh tú.” Arna chlos san d’éirigh an t-uisce im’ shúilibh féin. D’fhéachas ar Pearse (Hutchinson) agus chonac go raibh seisean sa riocht céanna agus a bhíos. Ansan d’athraigh a mheon...’
Tá aistí againn ar scata de phríomhscríbhneoirí agus ealaíontóirí na Nua-Ghaeilge — Alan Titley (go raibh an t-údar in aon rang leis agus páirteach leis sna drámaí agus sna díospóireachtaí i gColáiste Chríost Rí), Seán Ó Tuama, Seán Ó www.feasta.ie
Tá cuid mhór de thragóid na hÉireann gafa ag Robert Welch sa sliocht sin as lch. 175 de leabhar ar leith a bhfuil gar do 200 leathanach ann. 18
Feasta, Bealtaine 2013
Nuair a léigh mé an leabhar an chéad uair mheasas nach raibh an eagarthóireacht cothrom ar fad tríd an leabhar. Fágfaidh mé faoin léitheoir féin é sin a mheas dó féin agus di féin. Luafaidh mé, áfach, an gnáthchaite aisteach ar bharr lch. 196. Tá tagairt á dhéanamh anseo do Phort na Binne Uaine, an áit inar chuir líon tí Robert Welch fúthu ar theacht dóibh go Cúil Raithin. Séard a léimid ansin ná an rud a dúirt Heaney: ‘nocht sé go raghaidís a chlann go dtí an baile céanna, a bhí ina ionad saoire dóibh agus é ag fás aníos’! Arís, ar lch. 198, is aisteach liom an nath seo a léamh: ‘mar gur sin a bheadh de dhíth agam’! Tá nithe mar sin le cur ina gceart sa chéad eagrán eile de leabhar fíor-thaitneamhach!
Comórtas Uí Néill buaite ag Philip Cummings Bhí scoth an cheoil agus na filíochta le cloisteáil in ionad Cois Teallaigh, Sráid Chill Dara, 19 Aibreán, nuair a bronnadh Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar Philip Cummings as Béal Feirste. Tá an comórtas dátheangach seo á reáchtáil ó 2008. Ócáid lárnach é le linn an mhalartaithe chultúrtha is seanbhunaithe idir Éirinn agus Albain, ‘Turas na bhFilí’. Bhuaigh Cummings duais €500 agus Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill leis an dán ‘Connla’. Mac an fhile féin a bhí mar inspioráid aige don dán agus baineann an t-ábhar leis an ngrá dobhriste eatarthu. Bhí 8 ndán le roghnú don ghearrliosta. Dánta le Marcas Mac an Tuairneir, Daibhidh Eyre, Anna Ní Chathluain, Paddy Bushe, Caitríona Ní Mhurchú, Maoilios Caimbeul agus Máire Wren a ainmníodh as an 54 a bhí istigh ar an gcomórtas. B’iad Gabriel Rosenstock agus Meg Bateman na moltóirí. Bhí an lucht éisteachta faoi gheasa ag amhráin, ceol agus filíocht na nAlbanach a bhí mar aíonna, na filí Gillebrìde Mac Ille Mhaoil agus Meg Bateman, an fidléir Allan Henderson agus an t-amhránaí Sineag Nic an t-Saoir. D’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Turas na bhFilí Albanacha i gcomhar le Fèisean nan Gàidheal. Mar chuid de Thuras na bliana seo thug na hAlbanaigh aghaidh ar Cheantar Iorrais agus ar Oileán Acla i gCo. Mhaigh Eo agus chríochnaigh an Turas i mBaile Átha Cliath. Arsa Brígíd Ní Ghríofa, Feidhmeannach Forbartha Corparáidí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge: ‘Buaicphointe Thuras na bliana seo ná an léargas iontach a fuair na cuairteoirí ar chultúr na gceantar tuaithe in iarthar Mhaigh Eo agus iad ar cuairt ag na scoileanna i gCeathrú Thaidhg, i gceantar Dhumha Thuama agus Gaoth Sáile. Ba léir an gaol atá idir Ghaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban; bhí ionadh an domhain ar na daltaí scoile a thabhairt faoi deara go bhfuil teanga Cheilteach eile cosúil leis an nGaeilge amuigh ansin.’
Mholfainn innéacs d’ainmneacha na bpearsan atá luaite a chur leis an leabhar ar an gcéad eisiúint eile,freisin. (Agus beidh eisiúint eile ann, tá sin cinnte!)
T
á muintir na Gaeilge faoina chomaoin ag Robert Anthony Welch arís anseo de bharr daonnacht na tuairisceoireachta aige agus de thairbhe an étoffement nó an bhúiste bheathaisnéisiúil lena saibhríonn sé ár n-aithne agus ár gcuimhní cinn ar chuid mhór den aos Corcaíoch agus eile atá mar údar croí agus meanma agus ina mbarr maise ar nualitríocht na Gaeilge. Agus, i dtaca leis an gCorcaíochas a d’éalaigh thar teorainn, is suaithinseach an ní é an dá phríomhráth nuafhilíochta sa dá theanga ar an oileán a bheith curtha in aithne dá chéile anseo don chéad uair riamh—nuafhilí Gaeilge Chorcaí agus nuafhilí Béarla Dhoire agus thuaisceart Éireann! Is léir an aigne bheo bhríomhar chéanna ar fud an leabhair agus is annamh ná riamh a fhágann sé scéal ná dáil gan léargas saibhir smaointiúil a bhronnadh ar an léitheoir. Mheasfá, b’fhéidir, go raibh deireadh ráite maidir le heachtraíocht Mhichael Hartnett i nGael-teanga a sheanmháthar, ach ní fhágann Robert Welch mar sin é. Deir sé:–
CONNLA
‘Ar ndóigh, i gceann tamaill, d’fhill Hartnett ar an mBéarla arís, cé nár scar sé leis an nGaolainn riamh i ndiaidh an Farewell (to English), agus chaith sé a anam is a fhuinneamh ag iarraidh an crá croí a bhí ann toisc an scoilt do bhí ina dhúchas a leagan amach, ní ar thóir a réitithe, ach ar son na fírinne deacra go mb’fhéidir nach bhfuil i ndán dúinn fuascailt a fháil ón gcruachás seo. Agus gurb é dualgas na héigse ná a bheith dílis don deacracht agus gan í a shéanadh. Fág slán ag an mBéarla, ach ná séan do dheacracht.’ (lch.146)
le Philip Cummings Bhí mé as baile le tamall – cráite ag ceoltóirí in Lorient, mé ag léamh dánta Gaeilge do Fhrancaigh nár leor a gcuid Béarla lena dtuiscint – ach ní fios cá fhad achar deich lá i samhlaíocht ghasúir dhá bhliain d’aois: seans gur shíl sé gur marbh a bhí mé. Chas sé amach ó ghogaide a mháthar nuair a bhrúigh mé an doras isteach le mo mhála, bhain lán a dhá shúil asam agus thosaigh a shiúl síos an halla, sraitheog mhoillithe, coiscéim chúramach i ndiaidh na coiscéime cúramaí – ní fios cá fhad aistear deich dtroithe i gcroí tachráin a chaill a athair.
N
á níl aon ní leamh sa chur síos a dhéantar ar an gcéad spléachadh a fuarthas ar chailín rua na cláirsí i halla ceolchoirme Shiúracha na Trócaire i gCorcaigh. Síoda an cheoil á nochtadh i dtús báire trí mhéaranta filíochta Nuala Ní Dhomhnaill, file taibhsiúil, táigiúil, téisiúil an mhionsciorta ó Aonach Urmhumhan. Léiríonn Robert Welch an chaoi ar cuireadh fonn mine ar fhuinteoirí fireanna comhluadair mhuintir Innti. Ní chuirtear fiacail in aon ní murab í fiacail an stáitse féin é.
Chuaigh mé síos ar leathghlúin, chaoch súil ar an tuismitheoir thréigthe muid beirt ag dúil leis an chéad abairt uaidh, ach lean sé leis ag triall gur chaith a lámha tharam, gur neadaigh a aghaidh i mo chliabh.
Theastódh fiche leabhar de stairsheanchas na nualitríochta, ach is tús maith é an chéad cheann seo le Robert Welch. Molaimse an téarmaíocht úr bheo shaibhir ná fuil léitheoirí na Gaeilge lántaithíoch uirthi, faraor, ach thar aon ní eile, cuidíonn Eorpachas na peirspictíochta leis an bhfolús a líonadh beagán tar éis a bhfuil de thréigint leanúnach le — Críoch feiceáil i bparóiste beag cúng na Gaeilge. www.feasta.ie
Cibé eolas atá agam ar an ghrá tá sé sa loinnir i súile mo mhná, sa tocht a tháinig orm féin, i ngreim mo mhic ar mo mhuineál, i gcruinneas na bhfocal gan rá.◊ 19
Feasta, Bealtaine 2013
TÚS DEIREADH-RÉ
MICKEY DUNNE Scéal le Pádraig Ó Snodaigh ‘B’shin feiminéan, feiminéan, eh, Biddy!,’ ar sé.
N
ath dá chuid féin nár aithníos. Ní raibh an focal agam, is ba léir san uaim. Rud éigin mar ‘feiniméan é’ a bhí á rá aige – nua domsa pé rud é. ‘An b’fheiceann tú an chraobh san thall thar an gclaí?’ ar sé.’ ‘Chím,’ ar mé. ‘Ní feiminéan é sin Biddy,’ ar sé. ‘An préachán úd, an bhfeiceann tú é?’ ‘Chím.’ ‘Bhuel ní haon feiminéan san ach oiread. Tá tarbh sa ghort thall – ní haon feiminéan é sin. Ach dá bhfeicfeá an tarbh san ar an gcraobh ag grágaíl ar nós an éin sin, nach feiminéan, eh, Biddy, a bheadh ansin?’ ‘Agus a bhfuil á lorg agat uaim, b’shin feiminéan, eh, Biddy!’ ‘Ach’, arsa mise, ‘níl éinne eile a bhuafadh an rás trí mhíle, Mick, agus gan an bua sin beidh Corn na Cléire ag Baile an Rí; tá Bertie Murray ró-mhaith d’éinne inár gclubna.’ Mór agam glas-stócach bheith ag úsáid ‘ár’ mar seo; bhuel, d’iarr siad orm dul chuige, nuair a bhí teipthe orthu féin. Diomuach a bhíodar; chuadar tríd na rásai ar fad, na méachain ar fad, na léimeanna, na rásaí foirne, an ga, an teasc. Deineadh na suimeanna ar fad: bheadh an bua don chlub ag brath ar an mír dhéanach, an rás trí mhíle. ‘Raghadsa chun cainte leis,’ ar mé. Bhí Paddy Jones imithe go Meiriceá agus ní bheadh sé cinnte den bhua, pé ar bith, thar trí mhíle. Bhí an bheirt eile a luaití leis na rásaí fada éirithe as le cianta. Mura bhféadfaí an dísle coirneach a * thuig siad go raghainnse sa shuí,* tseans ach san a iarraidh orm. Cé go raibh blianta fada ó rith sé an rás trastíre deiridh, ní raibh unsa sa bhreis air: d’fheil an saol singil ar a ghabháltas beag dó, fear sona téagartha i lár na dtríochaidí. Pé ní, thoiligh sé na spící ‘a chur air’ uair amháin eile, cé nár shíl sé go raibh sé aclaí a dhóthain, nach mbeadh teacht aniar ann feasta. www.feasta.ie
Tháinig an lá agus an tuar ar na figiúirí, agus an rás déanach, agus curadh an chontae le trí nó ceithre de bhlianta anuas, Bertie Murray, i mbarr a mhaitheasa ar son Bhaile an Rí. Dhá chúrsa déag, ceathrú mhíle an ceann, a bhí ann agus faoi leath-shlí bhí Murray leathchúrsa chun tosaigh ar Mick; ba cuma liom daoine eile a bheith sa rás – rás beirte a bhí ann fad is a bhain liomsa, agus rás beirte a bhí ann fad is a bhí Corn na Cléire le baint; ní raibh, mar a b’eol dúinne ó na suimeanna, dóthain pointí ag aon chlub eile. ‘Ní dóigh liom é,’ arsa Dinny a bhí tar éis an 100 slat agus an léim chuaille a bhaint, ‘Ní dóigh liom é.’ ‘Níl sé thart fós,’ arsa mise, cé nár léir ar an gcúrsa aon ábhar dóchais dom. Tar éis dhá mhíle bhí an bhearna laghdaithe de scór slat, abair, agus rud ba shuimiúla fós, beag an saothar a bhí ar Mickey. Agus an tríú cúrsa deiridh tosaithe ní raibh i gceist sa rás ach Murray chun tosaigh, agus Mickey dhá chéad slat taobh thiar de; bhí an dream eile tite siar, duine nó beirt cúrsa iomlán is tuilleadh taobh thiar. Bhí Mickey ag gnóthú de bheagán i rith an ama, é ar an luas céanna shamhlófá, gan aon ghéarú, luas lucht seilge arbh eol dóibh lá iomlán rompu agus neart dá réir sna géaga.
F
aoi dheireadh an chúrsa sin agus leath-mhíle le dul chreid Dinny fiú go mb’fhéidir go raibh linn: ní raibh ach céad slat eatarthu. Dhá chúrsa le dul agus ba léir éifeacht luas Mickey. Bhí sé, b’fhéidir, céad caoga slat taobh thiar agus den chéad uair d’fhéach Murray siar agus é ag dul suas an aird bhig roimh an gcasadh deiridh ar an gcúrsa. D’fhéach Murray siar arís, dhein iarracht – sean-taithí aige ar a leithéid – cur lena luas féin, ach bhí fuar aige nó bhí an bhearna ag laghdú de bheagán le gach céim, cheapfá. Ní raibh ach leathchéad slat eatarthu is b’fhéidir cúig chéad fágtha agus Murray ag amharc taobh thiar níos minice anois. 20
Níor ardaigh Mickey a chloigeann; ní raibh teagmháil súl aige le héinne; ach mhothaíos féin iarracht de mheangadh beag ar a bheola. Ceithre chéad slat le dul is gan ach daichead eatarthu, trí chéad is an bhearna síos go tríocha, is Murray buartha agus ag féachaint siar gach deich slat, de dhealramh. Thart ar leathchúrsa le dul theip air; ba léir gur mhothaigh sé nach raibh aon dóigh le Mickey a shárú, agus nuair a tháinig Mickey taobh leis ba bheag nár stop sé ar fad nó lean Mickey leis ar luas na seilge, is má lean, lean Murray ag imeacht siar uaidh ar ráta do-shamhlaithe go dtí go raibh céad slat eatarthu ar an líne. Céad slat, bua agus an Corn againn! Arsa Mickey liom, a lámh ar mo ghualainn: ‘B’shin feiminéan, eh, Biddy!’
A
gus b’shin. Níor rith sé riamh arís. Is dócha gurbh shin ‘tús deireadh-ré’ na gcleasa lúth amaitéaracha. Ní dócha go raibh aon chomórtas riamh arís ann do Chorn na Cléire, pé áit a bhfuil san anois. Bhí mo bhonn féin as an dara háit sa cheathrú míle agam, agus eiseamláir de laoch i Mickey Dunne. ——◊—— * Nóta: ‘Ní shuífead an disle cóirneach’ – No longer will I toss the fateful dice, Foclóir UÍ Dhuinnín, lch 341.
AN SIOPA LEABHAR 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 353-(0)1-4783814 R-phost: siopa@cnag.ie
Ó LYON GO DÚN LÚICHE (Logainmneacha san Oidhreacht Cheilteach)
Art Ó Maolfabhail Clódhanna Teoranta, 134 lch. €10 ——◊——
Tá cláir mhíosúla FEASTA, 2001 – 2012 ar fáil ag www.feasta.ie Feasta, Bealtaine 2013
Tábhacht na Gaeilge i dTodhchaí na Tíre: The necessity for re-Europeanising Ireland Peadar Kirby Coiscéim, 2013. Iml. 4 i sraith léachtaí an Fhóraim Díospóireachta. 40 lch. €5
Caint le Gréagóir Ó Dúill agus an leabhar á sheoladh aige in Óstán Buswell’s ar an 1 Márta 2013. ‘Dá bhfillfimis ar labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga an phobail, bheimis dár n-athshnaidhmiú leis an Eoraip agus ag tairiscint bláthú saíochta di ar cheann de theangacha ársa na hEorpa in athuair. Tá go leor Eorpach a d’fháilteodh roimh a leithéid’.
T
osóidh mé le scéal beag a léiríonn, dar liom, an nasc idir réimsí spéise Pheadair agus mo ábhar spéise féin. ‘Tábhacht na Gaeilge i bhForbairt na Tíre’ is teideal don leabhar. Is í an fhilíocht is mó is spéis liom féin le fada, agus is iomaí duine a cheapfadh gur beag an bhaint idir filíocht agus forbairt. Ach má fhéachaimid ar Mheiriceá Laidineach, mórthír ina bhfuil spéis agus ar a bhfuil saineolas ag Peadar – nárbh eisean a scríobh an leabhar breá sin ‘Dialann Nicearagua’ i bhfad ó shin, agus tuilleadh lena chois – feicimid an gaol idir filíocht agus forbairt ina cheangal láidir. Ní luaim ach Octavio Paz agus Pablo Neruda mar shamplaí, iad in áiteacha éagsúla ar an speictream polaitiúil, ach iad ag cur sonrú agus ag tabhairt taca d’iarrachtaí forbartha mar a thuigeadar iad. Ach mo scéilín. Geallaim daoibh nach labhraím faoi íomhá chlúiteach Éireannach Che Guevara. Gabh siar dhá chéad bliain. Chuir Meiriceá Laidineach cogadh ar an Spáinn lena saoirse a bhaint amach. Simon Bolivar b’ainm do thaoiseach na Meiriceánach. Bhí aide de camp óg aige, a fuair bás i gcath beag suarach ag troid ar son na cúise, fear óg a luaitear go moltach i stair chogadh na saoirse mar Albanach. William Owens Ferguson an t-ainm a bhí air ach ní Albanach a bhí ann. Ba as contae Aontroma dó, agus ba dheartháir mór é ag an fhile Samuel Ferguson. Seo Sir Samuel Ferguson, duine a chaith a shaol fada ag forbairt chultúr filíochta agus oidhreachta na hÉireann, aird aige de shíor ar an Ghaeilge. D’fhág sé tionchar an-mhór ar na hÉireannaigh Óga (luann Peadar Thomas Davis agus iad). Lean a thionchar ar aghaidh – ar Yeats agus ar thírghráthóirí an 19ú céad www.feasta.ie
agus tús an 20ú céad. Is spéisiúil fosta an tionchar a bhíonn ag cúrsaí forbartha agus sóisialta ar an litríocht, agus vice versa. Nárbh é an Yeats céanna, ball den IRB, a d’fhiafraigh ‘Did that play of mine send out/ certain men the English shot?’ Seo muid cheana ag imeacht ón lár go dtí an t-imeall, ón choilíneacht go dtí an réabhlóid, idir chultúrtha agus armtha. Sin baint an fhile leis an leabhar seo.
chéad líne den intro seo, agus sin mar atá, intleachtóir poiblí, saoi agus múinteoir, údar agus scríbhneoir dícheallach a thógann a shúile amach as an leabharlann, trasna na mbacainní sin idir disciplíní acadúla, agus thar muir, idir cultúir, idir teangacha. Ba in Ollscoil Chathair Átha Cliath a chaith sé blianta fada – i measc a chuid cúraimí ansin ba é an stiúrthóir taighde ag mo mhac féin, Eoghan, duine a rinne go maith sa Fhrainc ó shin, in Ollscoil Lille 3; – ba in Ollscoil Luimnigh a chaith Peadar tuilleadh blianta. Más laige ar chúis na Gaeilge a laghad bunsmaointeoireachta fealsúnachta agus sóisialta a dhéantar fúithi agus inti, seo duine a úsáideann scileanna agus oiliúint, gréasáin, tuiscintí daoine eile, a thaithí agus a inspioráid féin agus obair dhian chun cur ar ár dtuiscint cá bhfuilimid, cad atá ar siúl againn, cad is cóir dúinn a dhéanamh.
T
Peadar Kirby
Ar scor ar bith. Níl baint ródhlúth idir leabhar Pheadair agus an 19ú aois ach amháin sa mhéid gurbh shin an aois ar tharla an fhadhb ar a dtugann sé aghaidh – meath na Gaeilge. Ach féach go bhfuil an fotheideal, ‘the necessity for re-Europeanising Ireland’, bunaithe ar léacht mór réabhlóideach Dhúghlas de hÍde ag moladh go dtiontófaí an taoide. Ainneoin dianiarrachtaí agus de thoradh fimínteachta agus míthuisceana, lean an mheath sin ar aghaidh suas go dtínár lá féin. Níl fúm iarracht a thabhairt anseo c.v. Pheadair a rianadh. Ba dhána an mhaise dom. Emeritus a dúirt mé sa 21
osaíonn sé an leabhar san aimsir láithreach, ag cur na faidhbe inár láthair: ‘Le fada an lá aithnítear go bhfuil an Ghaeilge imeallaithe i saol an phobail.’ Críochnaíonn sé leis an mhodh choinníollach: ‘Dá bhfillfimis ar labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga an phobail, bheimis dár n-athshnaidhmiú leis an Eoraip agus ag tairiscint bláthú saíochta di ar cheann de theangacha ársa na hEorpa in athuair. Tá go leor Eorpach a d’fháilteodh roimh a leithéid’. Sin mar atá, mar is ceart, bogadh ón chur síos éadóchasach go dtí an léargas leathan dúshlánach. Tá argóint – argóintí – Pheadair mór, leathan, domhain, casta, cé gur soiléir a chuid próis. Tugann sé faoiseamh don duine atá bréan de laghdú shaol na Gaeilge go leibhéal ól, ceol agus craic. Suíonn sé an Ghaeilge i gcomhthéacs idirnáisiúnta, mar atá cúrsaí sóisialta Feasta, Bealtaine 2013
agus eacnamaíochta agus fealsúnachta. Is i ndomhan an domhandaithe a mhairimid. Tá tábhacht leis na rudaí nach n-abrann sé ach a phreabann aníos inár n-aigne agus muid á léamh. Gan aon rud a rá faoi, cuireann Peadar béim faoin tábhacht a chí cuid de mo bhráthair-fhilí san aistriúchán, technology transfer na n-ealaíon, béimníonn go ciúin tionchar banfhilí Rúiseacha ar Nuala Ní Dhomhnaill agus Celia de Fréine, tionchar chritic na Fraince ar Irisleabhar Mhá Nuat etc etc. Gan aon rud a rá faoi, cuireann sé ceistmharc in éadan chinneadh na hirise Íosánaí Studies an fhilíocht agus an chritic a fhágáil i leataobh le déanaí. Ní deir sé, ach smaoinímid dúinn féin, mar ar gineadh athrú agus forbairt ar ár gcluichí dúchais nuair a bunaíodh an nasc le Australian Rules, mar a
mhéadaigh dúil mhuintir na hÉireann sa rugbaí nuair a leathnaíodh amach páirtíocht na 6 Náisiún agus gur thaispeáin craoltóirí na Gaeilge go bhfuil siad breá ábalta tráchtaireacht bheo a dhéanamh ar chluiche Gallda. Is fearr a dhéanaimid, ach gníomhú go hidirnáisiúnta.
F
anaimis ar ghné seo an smaointeachais tamall, ar na húdair eile a phreabann chun cuimhne mar gheall ar shaothar seo Pheadair. Cuireann sé i gcuimhne dúinn léargas Thomáis Uí Fhiaich gurb iad na Gaeil na hEorpaigh, tuiscintí Sheáin de Fréine ar an Saoirse gan Só, ar an teanga nuair nárbh ann dóibh mar thuiscintí ar an ollscoil; cuireann sé fearg agus mífhoighid Mháirtín Uí Chadhain i gcuimhne dúinn, fís Desmond Fennell, insint Phádraig Uí Shnodaigh ar an oirthuaisceart. Chí sé tábhacht obair Joe Lee gan a rá gur bheag dá chomharbaí staire a thug an obair sin ar bord ó shin. Mar is gnáth le smaointeoir maith – agus file – bíonn an méid a thugann an t-údar seo chun ár gcuimhne go hindíreach tostach ar aon tábhacht leis an mhéid a deir sé linn go díreach. Duine é an t-údar a iarrann orainn bogadh ar aghaidh, imeacht amach as gort beag na humhlaíochta agus na deabhóide agus na falsachta seanaimseartha. Cuid den ghort sin an
Iarrann Peadar orainn plé go fiontraíoch misniúil fiafraitheach lenár sochaí, lenár gcultúr, lenár bhforbairt féin mar phobal. Feiceann sé athbheochan na Gaeilge mar pháirt lárnach den fhreagra a chaitheann muid a thabhairt ar an saol tar éis an tíogair cheiltigh, ar shaol an lae inniu, ar shaol mhuintir na hÉireann anois agus feasta. Dúshlán a thugann sé. Is mór an onóir dom a fhógairt go bhfuil an leabhar seo seolta agus iarraidh ar Pheadar Kirby labhairt go húdarásach ar — Críoch an ábhar. File agus criticeoir é an Dr Ó Dúill a theagascann ar Ollscoil Uladh. D’fhoilsigh leabhairComhar Annála, rogha dánta leis in 2011, agus chuir Doghouse an dara bailiúchán Béarla, Outward and Return, amach 2012.◊
Crochann thar a gualainn í, Tugann hainse di sa droim Sara luíonn í sa phram, Is le bagairt méire ar chloisteáil uaithi gíocs Go mbeadh uirthi an píobaire a íoc, Soipríonn i bpluid í sa chairrín agus cealgann chun suain í le suantraí.
Máthairdhamhna Ar an gcasán lasmuigh dem’ thighse, Aghaidh fá phúdar is fá dhathú amhail réaltóg theilifíse, Gadsaide gleoite, Ag brú roimpi Cairrín bábóige. Uirthi racaidín ildaite Agus péire sál-ard bróg, caite Seanfhionnadh sionnaigh fan a guailne, Agus hata, Í chomh cóirithe le péacóg. Buaileann sí fúithi ar chéim an chasáin, Ardaíonn as an gcairrín an bhábóg Agus fáisceann í lena hucht. ‘Mhuise, mo chréatúirín bhán,’ ar sí, ‘Mo sheoidín gan locht, Seo, tabhair dom póg.’ Agus tugann flaspóg di sa ghob. Ansan, le buidéilín bunóice, Cothaíonn í, mar dhea, Súimín di, agus súimín di-se Gach re-sea. Ansan le húdarás seanabhuime, www.feasta.ie
eaglais. Cuid eile, is í an polasaí eacnamaíochta agus sóisialta, samhail na hinfheistíochta eachtrannaí mar a d’fhorbair Ken Whitaker é sa bhliain 1958. Ba pholasaí é sin ar léir ar an téacs go raibh na filí Máirtín Ó Direáin agus Thomas Kinsella, státseirbhísigh beirt, ina éadan, polasaí a rinne maith ach a fágadh gan athrú ar feadh trí scór bliain ainneoin mórathruithe sa tsochaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
— Ralph de Prendergast
22
Feasta, Bealtaine 2013
ANSEO AGUS ANSIÚD
C
huir Carál Ní Chuilín, MLA, an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, fáilte roimh Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit, agus iad ar cuairt lae ar Bhéal Feirste, Aibreán 2013. Bhí na hAirí sa chathair ar sciuird-turas, a raibh mar aidhm aige traidisiúin teanga agus chultúir a chur ar sárthaispeáint. Tugadh cuairt ar roinnt ionad: Gníomhaireacht na hUltaise, an tIonad Cathrach Ealaíon (MAC), Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, agus Coláiste Feirste. Na hAirí Mac Fhionnlaoich agus Dúirt an tAire Deenihan gur chúis ríméid dó deis a bheith aige Deenihan leis an Aire Carál Ní taithí phearsanta a fháil ar na forbairtí fuinniúla atá ar siúl sa Chuilín agus Anne McReynolds, chathair, go háirithe in earnáil na n-ealaíon. Is mór an ag Ionad Ealaíon na Cathrach. chumhacht atá ag na healaíona chun pobail a spreagadh, a oiliúint, agus a thabhairt le chéile. Is féidir úsáid a bhaint as an ealaín chun aird a tharraingt ar ár gcomhoidhreacht chultúrtha agus chun í a chur ar sárthaispeáint do phobail i gcóngar agus i gcéin, ar seisean. Agus is féidir leis an ealaín an chomhoidhreacht chultúrtha seo a chur chun cinn agus a chosaint in éineacht. Cuireann sé áthas orm a oiread díograise agus dúthrachta atá ag muintir Bhéal Feirste don Ghaeilge agus don Ultais araon, a dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich: tá sé ríthábhachtach go leanaimid orainn ag obair as lámha a chéile, go háirithe trí ghníomhaireachtaí an Fhorais Teanga Thuaidh Theas, chun a chinntiú go mbeidh rath i gcónaí ar an Ghaeilge agus ar an Ultais. Dá mhéad a roinnimid cultúr agus traidisiúin teanga le chéile, is ea is fearr a thuigimid a chéile agus a bhainimid taitneamh as ár gcomhoidhreacht.’ Bhí an tAire Ní Chuilín thar a bheith sásta bheith ina hóstach don chuairt. Ar sise: is cúis bhróid domsa mo chathair dhúchais a thaispeáint don Aire Deenihan agus don Aire Mac Fhionnlaoich. Is cúis bhróid do mhuintir Bhéal Feirste agus do mhuintir an tuaiscirt i gcoitinne ár gcumas cruthaitheachta, ár gcultúr, agus ár dtraidisiúin. Tá súil agam go bhfuair na hAirí léargas ar an réimse ionad cultúrtha agus ealaíne atá againn. Tá ról mór ag na healaíona agus ag na hearnálacha cruthaitheacha sa turasóireacht; meallann siad turasóirí go dtí ár mbailte agus ár gcathracha. Ní mór dúinn cur le chéile chun a dheimhniú go mbainimid feidhm as an acmhainn seo agus go dtógaimid geilleagar fuinniúil rathúil, arsa an tAire.◊
SEOLADH SCÉIM TEANGA NUA OLLSCOIL na h ÉIREANN, GAILLIMH
D
’fhreastail lucht bainistíochta agus riaracháin, mic Léinn agus léachtóirí de chuid OÉ Gaillimh ar ócáid in Áras na Gaeilge 16 Aibreán, chun Scéim Teanga Nua na hOllscoile a sheoladh. An dara scéim teanga de chuid OÉ Gaillimh, a aontaíodh faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a seoladh ag an ócáid seo. An aidhm ná cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí atá ar fáil do phobal na hinstitiúide trí mheán na Gaeilge. Luaitear campas eiseamláireach dátheangach a chruthú in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar sprioc i bPlean Straitéiseach na hOllscoile, agus is cuid thábhachtach den phróiseas sin é seoladh na scéime teanga. Gearóid Ó Conluain, Rúnaí na hOllscoile agus fear a’ tí an lae, a chuir tús leis an ócáid: ‘Tá ról ar leith ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar institiúid ardléinn maidir le cur chun cinn na Gaeilge, ról atá le sonrú in Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh 2006 agus i bplean straitéiseach dár gcuid. Agus na tiomantais ar fad a tugadh sa chéad scéim teanga comhlíonta againn, cuirfear béim sa dara scéim ar sheirbhísí trí Ghaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar do phobal na hOllscoile i réimsí acadúla, riaracháin agus sna seirbhísí ginearálta.’ Ar seisean: ‘Tá treo straitéiseach an dara scéim ar aon dul le cuspóirí na chéad scéime. Cuirfear seirbhísí nua ar fáil agus cuirfear béim bhreise ar mhonatóireacht le caighdeán agus le leanúnachas na seirbhísí a chinntiú. Beidh “an Tairiscint Ghníomhach” mar chnámh droma na scéime, is é sin le rá go gcinnteofar go bhfuil sé soiléir do chustaiméirí ón gcéad teagmháil a bhíonn acu leis an institiúid, go bhfuil seirbhísí d’ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge ar fáil dóibh in aonaid éagsúla.’ Cuireadh fáilte chroíúil roimh an láithreoir teilifíse, Evanne Ní Chuilinn, a sheol an Scéim go hoifigiúil. Labhair sí faoin tsiombail nua a bheas le feiceáil ar fud na hOllscoile mar a bhfuil seirbhís trí mheán na Gaeilge ar fáil: ‘Mar iarmhac léinn d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tá an-áthas orm an dara scéim teanga seo a sheoladh, mar aon le feachtas poiblíochta na siombaile G. Siombail shainiúil í seo a dearadh go speisialta ionas go mbeidh a fhios ag pobal na hOllscoile go bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil. Beidh a fhios agat ar an bpointe boise cá bhfuil fáil ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fud na hinstitiúide. Tréaslaím an obair seo ar fad leis an Ollscoil agus guím gach rath ar an bhfeachtas.’ An banna Gan Ainm a sheinn ag an ócáid. 2015 an spriocdháta le haghaidh cur i bhfeidhm na scéime.◊ www.feasta.ie
23
Léirmheas ar
AN FUÍOLL FEÁ – ROGHA DÁNTA le Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2013) le Síle Ní Mhurchú
L
eabhar breá tathagach é an Fuíoll Feá ina bhfuil cnuasach nua dánta ó Liam Ó Muirthile chomh maith le rogha dánta ó gach ceann de na cnuasaigh a chuir sé amach roimis seo – Tine Chnámh (1984), Dialann Bóthair (1992), Walking Time (1999) agus Sanas (2007). Tá dornán beag dán ann leis as an dá chnuasach do leanaí a chum sé, mar atá An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí (2004) agus Dánta Déanta (2006). Ní gá dhom a rá go n-áirítear an Muirthileach ar dhuine de mhórfhilí na linne agus go raibh sé ina bhall lárnach de ghluaiseacht INNTI; cuirfidh lucht léite filíochta Gaeilge ana-shuim sa bhailiúchán so mar sin. Ina theannta san, tá aistriúchán Béarla le gach dán sa chnuasach, rud a fhágann go bhféadfaidh Béarlóirí aithne cheart a chur ar shaothar an Mhuirthiligh den chéad uair.
Caithfear fanacht go dtí go dtagann an splanc, an inspioráid fhileata a thagann aniar aduaidh, an léargas obann a thugann radharc ar an earra iomlán is é ina dhán; caithfear an léim a thabhairt ón gcnuasach go dtí an gceapadóireacht. Tugann an file ‘eitilt teanga’ chun breith ar dhán atá ‘amh, beo, iomlán.’ Ní mór: ...foighneamh leis an rud nach bhfuil teacht air go fóill, scaoileadh leis ar chumadh an éin a aimsíonn míorúilt sheasta an aeir (Eitilt, lch 6) Tagann an dá ghné seo den ealaín – an cleachtadh tomhaiste agus an inspioráid dhiamhair – le chéile go deas in ‘Pocáil’; ealaín na hiomána atá i gceist anso, gan amhras. Tá an file ag pocáil i gcoinne na binne agus tagann an buille ceart, rud annamh iontach. Ní gá ach:
In ‘Fúm Fhéin’ (lch 2), an chéad dán sa chnuasach nua, míníonn an file nach iad ‘na ceisteanna móra’ atá ag cur tinnis air ach mar sin féin, pléitear le mórán ceisteanna idir bheag agus mhór sna dánta a leanann é. Sárdhán é an prósdán liodánach ‘Meáchan Rudaí’ ina ndeineann an file ceiliúradh ar shaol a mháthar i ndiaidh a báis. Tugann an t-athrá ar an bhfocal ‘meáchan’ ag tosach na bhfrásaí sa dán chun cuimhne an buille trom a bhuaileann an bás ar dhuine, an croitheadh leanúnach a bhaintear as an gcorp nuair a chailltear duine muinteartha. I meá na gcuimhní cinn, tugtar portráid dúinn don mbean féin agus don gcaidreamh a bhí idir í féin agus a mac. Más dán síor-phearsanta é seo, feicimid rud éigin de dhiamhracht an ghaoil idir máthair is leanbh ann leis – an mháthair ag cur aithne ar an leanbh sula dtagann sé ar an saol in aon chor agus an leanbh fós ag cur aithne ar an máthair agus í caillte:
... ligean don sliotar féin a shlí a aimsiú faoina threoluas síoraí iomána ó líne go nirvāna. (Pocáil, lch 70) Tá an cnuasach breac le meafair a bhaineann le troime agus éadroime, ar ghluaiseacht ó thalamh go haer nó go dtí an spás féin, mar a chímid sa dán ‘Siomfón na Sféar’ a cumadh i gcuimhne ar Bhreandán Ó Buachalla agus ina ndeintear ionannú idir an aigne intleachtúil atá ag dul i ngleic le cruacheisteanna agus an fhionnachtain sa spás. Uaireanta, bhraithfeá go dtéann an dán so ró-mhór i dtreo na teibíochta, go bhfuil na meafair ann á síneadh ró-mhór ach tagann sé seo le hábhar an dáin – an aigne ag streachailt agus í ag ‘guí ar son breis léargais’ (lch 34). Sa dán ‘Fúm Fhéin’ ansan, tá an file ina shaol laethúil ag imirt le focail féach an dtiocfadh aon rud as:
Mo mheáchan is tú dom iompar ar feadh naoi mí. Meáchan suí agus luí agus éirí. Do mheáchan féin nár ardaíos riamh ó thalamh ach chun tú a chur i dtalamh. Do mheáchan beo. Do mheáchan marbh. (Meáchan Rudaí, lch 20)
Tugaim tamall ag plé le focail – sciorr plá óm mhéireanna – mar a thugaim gach lá (Fúm Fhéin, lch 2)
L
éiríonn an dara líne thuas teannas áirithe agus arís, téann an dán ar seachrán beagán ina dhiaidh san mar bíonn aigne an fhile ann ag dul ó smaoineamh go smaoineamh; chímid dán eile ag teacht ar an saol laistigh den gcéad dán. Má tá míchothrom áirithe le braith air mar dhán, tá ionracas ag baint leis chomh maith. Léargas eile ar ghiniúint na filíochta atá ann – an fás mall ó amhábhar go dán.
Léirítear sa chnuasach so an tuiscint atá ag an Muirthileach ar nádúr an fhile agus na filíochta, ar an ngné instinniúil de chumadh na filíochta nach féidir a mhíniú go hiomlán. Tá ana-shuim i gcónaí aige i gceardaithe agus go háirithe i gceard an fhile a bhíonn de shíor ar thóir na bhfocal cuí chun gach a bhfuil tugtha fé ndeara aige a chur in iúl. Bíonn an ceardaí ag bailiú chuige féin i gcónaí – ‘Fiosracht faoi gach ní beo mo dhúil’ (Jung i gClós na mBád, lch 108) – ach fós, is minic ná tagann aon rud as. Bailíonn sé adhmad ón bhfarraige:
In ‘Iomáint Lána’, tá buachaillí óga ag iománaíocht i seamlas ‘is leathshúil i gcónaí/ar na tobáin le súil/nach sciorrfaimis ar rud/amh, fuilteach, beo.’ Ach ní féidir éalú ón rud ‘amh, fuilteach, beo’ – tá macalla anso den ndán ‘Eitilt’ a luadh thuas – agus taispeántar an gheit a bhaintear as buachaill agus a mhúsclaíonn rud éigin de nádúr an fhile ann nuair a fhágann a liathróid (lawna i mBéarla Chorcaí) rian fola ar fhalla an lána:
á shamhlú go baoth gurbh fhéidir é a athchúrsáil ina bhos maide rámha is a oiread acu sa bhothán a d’fheisteodh flít iomlán na sean-Ghréige (Snámhraic, lch 8) www.feasta.ie
24
Feasta, Bealtaine 2013
Bhíos i mbéal an chúil, an guairneán sa cheann, is theilgeas lawna lána fola i líontán fíochmhar na rann.
Gabriel Rosenstock a d’aistrigh formhór na ndánta sa chnuasach agus ní móide go bhfuil duine eile ar domhan níos oiriúnaí ná é chun tabhairt féna leithéid d’obair. Ní i gcónaí is féidir gach macalla sa bhundán a thiontú go teanga eile, go háirithe i gcás an Mhuirthiligh. Más file é atá ‘idir bruacha dhá theanga’ (lch v), tá mórán de na samhlaoidí a úsáideann sé préamhaithe go doimhin sa Ghaeilge e.g. an plé ar na bríonna éagsúla atá ag an bhfocal ‘uaim’ in ‘Maintíneacht Bhaile’ (lch 80) nó an focal ‘fiodh’ agus na rudaí éagsúla a shamhlaítear leis i dtraidisiún na nGael in ‘An Fuíoll Feá’ nó sa dán ‘Fúm Féin’ (lch 2) ina gcuireann sé nath i ‘(n)deiriúcháin tobanna’ na bhfocal ‘a bhaineann le tús agus fás/ na beatha ar nós suth agus gor agus borr’ – ní hionann do ‘foetus, incubation, swell’ an Bhéarla.
(Iomáint Lána, lch 60).
T
á trí cinn de dhánta gearra sa chnuasach a bhfuil ainmneacha filí mar theideal orthu: ‘Ó Bruadair’, Ó Rathaille’ agus ‘Eoghan Rua’. Tugtar ‘gabha geal/ ag greanadh friotal’, ‘fiolar na físe... ag crúbáil creich i ndúch’ agus ‘rac-spailpín na ré’ orthu so fé seach (lgh 46, 48, 50). Liricí deasa snasta iad so ar shlí ach n’fheadar an bhfuil siad sásúil ar fad. Tá saothar na bhfilí so ró-chasta le go bhféadfaí sainmhíniú a thabhairt orthu i gceithre líne. Feidhmíonn siad anso, b’fhéidir, mar chomharthaí go bhfuil an té a chum ag tabhairt aitheantais do chuid dá réamhtheachtaithe. B’fhearr liom féin na dánta san ina gcíorann an file an ceangal pearsanta a bhraitheann sé idir é féin agus filí eile e.g. an dán ‘The Shaky Bridge’ ina léiríonn an file a chomhbhá le Seán Ó Ríordáin nó ‘Bóithre nár Ceadaíodh’ ina dtéann an file ar aistear chun uaigh Pheadair Uí Dhoirnín a bhaint amach. Dán níos faide é seo ina bhfeicimid saothar an Doirnínigh ag dul i bhfeidhm ar an bhfile:
Rud paradacsúil é aistriúchán na filíochta, rud atá dodhéanta agus indéanta ag an am céanna. B’fhéidir go bhfuil sé de nós againne, lucht labhartha Gaeilge, ró-bhéim a leagan ar an méid a chailltear san aistriúchán, go gcuireann an t-aistriúchán imní orainn, go scanraíonn sé sin ar chuma éigin. Tá ár gcúiseanna féin againn leis sin, ach ní mór cuimhneamh air go bhfuil gné eile den aistriúchán ann leis, gné shúgrach: Liam Ó Muirthile cluiche é a chleachtar idir dhá theanga. Deintear ‘my Pigasus who bleeds not when spurred’ de ‘m(h)uc na filíochta nach ngointear le saigheadóireacht’ ag deireadh ‘Na Deilgní Broid’ (lgh 392-3). Athraíonn ceol na cuaiche ó ‘cu-cu-cúrsaí grá/ cu-cu-cúrsaí grá’ go ‘cuckoo! Love so true/love so true, cuckoo cuckoo!’ in ‘Éanlaith’ (lgh 28-9). Aimseoidh an léitheoir go bhfuil an dá theanga ar a thoil aige mórán samplaí suaithinseacha mar seo.
... pas isteach i dtír aineoil trí na hamhráin Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte, Mailí Ní Chuilleanáin (Bóithre nár Ceadaíodh, lch 146). Tagann casadh sa scéal sa dán so – dán eachtrúil atá ann tar éis an tsaoil – mar téann an file trasna na teorann trí dhearmad agus stadann saighdiúir a bhfuil ‘tuin Oxbridge’ aige. Faighimid léargas anso ar an ndeighilt idir mórtheanga agus teanga mhionlaithe: D’imíos liom ach d’fhéadfainn é a shamhlú, patról armúrtha ag cruinniú thart ar uaigh, mé féin ag amhrán ‘A phlúr na maighdean is úire gné,’ is saighdiúir ag aithris dáin le Larkin, Hughes nó Auden, ‘About suffering they were never wrong, the old masters.’
T
á réamhrá breá leis an leabhar ó Chaoimhín Mac Giolla Léith agus is trua nár aistríodh é mar chabhródh sé le léitheoirí Béarla comhthéacs a aimsiú do shaothar an Mhuirthiligh. Tá dlúthdhiosca leis an leabhar chomh maith agus is fiú go mór éisteacht leis seo chun an ceol sna dánta a chlos i gceart.
(lch 148)
An bhearna idir fear na mórtheanga ná tuigeann an cultúr mionlaithe agus fear na teanga mionlaithe a thuigeann go maith an mórchultúr. Dán bríomhar é ‘Surfáil’ ina léirítear toisí na mara mar a chíonn an surfálaí iad:
Tá scata dánta breátha eile sa chnuasach nua nár luadh anso, gan trácht a dhéanamh ar na dánta go léir sna cnuasaigh eile sa leabhar: dánta grá, dánta nádúir, dánta cathrach, dánta tuaithe, dánta gealgháireacha, dánta spioradálta, dánta staire, dánta cuimhneacháin, agus mórán eile nach iad. Is drámadóir é an Muirthileach leis agus tá a rian san ar na dánta fada próis ina gcloisimid an iliomad guthanna trí ghuth sainiúil an fhile féin. File dáiríre é an Muirthileach a thugann féna cheard go dil dúthrachtach agus ná bíonn eagla air dúshlán a chur ar féin agus síneadh a chur ina chuid machnaimh agus go deimhin sa teanga féin. Duanaire breá é seo, lomlán de léargais fhileata agus de sheoda teanga, leabhar a éilíonn go bhfillfí air arís agus arís eile.
gliondar beo ar bheith beo borrtha is fós chomh mion in ollchumhacht na toinne, na broinne goirt (Surfáil, lch 160) Dáinín seoigh é ‘Ar Snámh’ a scríobhadh in ómós do Li Bai na Síne; machnamh spraíúil ar chéad litir na haibítre mar chruth inti féin agus mar chomhartha atá sa dán ‘A’; in ‘Seo Anois Linn’ tá an file i mBinn Éadair agus a cheann lán de laoithe fiannaíochta – ‘na scannáin ná déanfar ach a dhéanfadh Tarantino’. Ana-líne. www.feasta.ie
— Críoch 25
Feasta, Bealtaine 2013
ANSEO AGUS ANSIÚD Gaeláras Mhic Ardghail ar an Iúr Ó chlé: Gearóid Mac Thréinfhir, Peadar Tomás Mac Ruairí, Séamas Mac Dháibhéid agus Seoirse Ó Dubhthaigh, na hiontaobhaithe ar a raibh an cúram forbartha thar cheann Chraobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge ar Ghaeláras Mhic Ardghail, Sráid an tSéipéil Uachtarach ar an Iúr, Co. an Dúin. Tá seanbhaint ag an suíomh ag Cnoc Naomh Pádraig ar Shráid an tSéipéil leis an oideachas: bunaíodh scoil ann sa bhliain 1802 agus lonnaigh na Bráithre Críostaí ann nuair a tháinig siad go dtí an tIúr thart ar 1850. Athchóiríodh an teach i 1923 mar áit chónaithe. Cheannaigh Tomás Mac Ardghail agus a dheirfiúr, May, é i 1952 agus chónaigh siad ann go dtí go bhfuair May bás i mí na Samhna 2004. Ba theaghlach iad Clann Mhic Ardghail a shaothraigh gan staonadh chun an Ghaeilge agus cultúr na nGael a chur chun cinn i gceantar an Iúir. Rinne Tomás an dúrud oibre freisin le Feis Mhuirtheimhne, le linn dó bheith ag saothrú mar mhúinteoir Gaeilge sa cheardscoil i nDún Dealgan. Thug an chlann an teach do Chraobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge ar mhaithe leis an teanga agus an cultúir dúchais a chur chun cinn, agus chuaigh an chraobh i mbun oibre ansin chun Gaeláras Mhic Ardghail a fhorbairt. Osclaíodh an Gaeláras go hoifigiúil ar an Luan 18 Feabhra 2013 agus seoladh go foirmeálta é, le haitheasc ón bhfeisire Doiminic Ó
Fáinní d’Fhostaithe Chomhairle Dhoire Bhronn Méara Dhoire, an Comhairleoir Kevin Campbell, teastais agus fáinní ar fhostaithe Chomhairle Cathrach Dhoire atá i mbun na Gaeilge a fhoghlaim ar an 16 Aibreán. Tá an cúrsa Gaeilge á theagasc go seachtainiúil ag leibhéil éagsúla ag oifigeach Gaeilge na Comhairle. Ó cuireadh tús leis an gcúrsa in 2008, cláraíonn idir 10 agus 20 fostaí gach fómhar agus bronnadh 13 fáinne ó shin: 5 cúpla focal, 5 fháinne airgid agus 3 fháinne óir. Cuid de phacáiste seirbhísí Gaeilge an cúrsa inmheánach seo atá comhaoinithe ag Comhairle Cathrach Dhoire agus Foras na Gaeilge. Fáiltítear roimh an phobal a ngnó a dhéanamh leis an Chomhairle trí Ghaeilge agus leas a bhaint as réimse seirbhísí atá ar fáil sa teanga. An sprioc ná an teachtaireacht ‘Gaeilge agus Fáilte’ a chur chun cinn agus an pobal a spreagadh chun feidhm a bhaint as seirbhísí na Comhairle sa teanga is rogha leo. Níl sa chúrsa Gaeilge imheánach ach beart as réimse leathan ag an Chomhairle le cumas a bhfostaithe a fheabhsú agus seirbhísí a chur ar fáil sa teanga. Nuair a rinne Comhairle Cathrach Dhoire suirbhé ar phobal áitiúil na Gaeilge a www.feasta.ie
Brolcháin, ar an Satharn, 6 Aibreáin 2013, le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar an mbaile. Soláthraíonn an foirgneamh breá seo áiseanna oideachais, cultúrtha agus sóisialta do Ghaeilgeoirí an Iúir agus Mhúrn, maraon le fócas d’athghiniúint na Gaeilge sna bólaí agus cuireann sé go mór mór le forbairt na turasóireachta cultúrtha sa cheantar. Suíomh buan é do Chraobh an Iúir a d’oibrigh go dian dícheallach le céad bliain anuas chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Faoi dhíon an fhoirgnimh tá seomraí ranga, cartlann, leabharlann, spás taispeántais agus halla d’imeachtaí. Éascóidh an Gaeláras, atá ina chomhartha ómóis d’fhís agus d’fhlaithiúlacht Chlann Mhic Ardghail, príomhshruthú na Gaeilge i saol sóisialta, oideachasúil agus eacnamaíoch an bhaile. Toradh é an Gaeláras ar chomhpháirtíocht dhícheallach idir Comhairle an Iúir agus Mhúrn, An Ciste Infheistíochta Gaeilge, Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge agus Craobh an Iúir í féin.◊
úsáideann na seirbhísí as Gaeilge, dúirt 95% de na freagróirí go raibh siad ‘sásta’ nó ‘iontach sásta’ leo. Tá an Ghaeilge ag teacht chun cinn i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire: de réir an daonáirimh is déanaí, tá Gaeilge ag 14% den daonra áitiúil agus méadaíonn an líon seo gach deich mbliana. Tá 26 ceantar comhairle sa Tuaisceart, agus tá Doire sa 7ú háit ó thaobh líon na nGaeilgeoirí de. Anois aithnítear Doire ar fud oileán na hÉireann mar chathair a bhfuil oidhreacht mhór Ghaelach aici agus pobal Gaeilge bríomhar inti. Is i nDoire atá an chultúrlann is mó ar an oileán, Cultúrlann Uí Chanáin, chomh maith le Scoil Ghaeilge agus Litríochta Gaeilge Ollscoil Uladh, agus trí Ghaelscoil a bhfuil breis agus 300 dalta ag freastal orthu. Arsa Méara Dhoire, an Comhairleoir Kevin Campbell, atá ina chainteoir líofa Gaeilge: ‘Tá lúcháir orm go bhfuil fostaithe na Comhairle Cathrach ag tapú an deis seo le Gaeilge a fhoghlaim le dúthracht agus díograis. Tá sé de dhualgas ar gach comhairle ceantair gníomhú go láidir chun an Ghaeilge a chur chun cinn de réir fhorálacha atá 26
leagtha síos sa Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, agus i dtaca lenár gComhairle féin de, tá áthas orm a rá go bhfuil dul chun cinn iontach á dhéanamh againn agus muid ag tabhairt faoinár dtiomantais an teanga a chothú agus a fhorbairt.’
Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge le Lorna O’Donnell, Oifigeach Turasóireachta Tuaithe le Comhairle Cathrach Dhoire ar ar bhronn Méara Dhoire, an Comhairleoir Kevin Campbell, fáinne óir.
Eolas faoi sheirbhísí Gaeilge ó Phól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge ar Líne na Gaeilge: (028) 71 376 579 nó ag gaeilge@derrycity.gov.uk. Facebook www.facebook.com/foramphobalnagaeilge. Twitter at @foramphobal Feasta, Bealtaine 2013
SCAIRT FEITHIDE: Rogha Dánta Ko Un Aistrithe ag Gabriel Rosenstock (An Sagart. €15). ISBN: 1-903896-78-9
Léirmheas le Mícheál Ó hAodha
T
á litríocht na hÁise tar éis ionad níos tábhachtaí a aimsiú i bhfo-chomhfhios an domhain thiar le blianta beaga anuas, de bhrí go bhfuil níos mó aistritheoirí a bhfuil Béarla agus ceann de mhórtheangacha na hÁise ar a dtoil acu. Anuas air sin, tá dornán de thíortha na hÁise tar éis droim láimhe a thabhairt le réimis a raibh an chinsireacht agus easpa saoirse go sonrach orthu.
go háirithe san fhichiú haois, a shárú maidir le barbarthacht agus an rian fadtréimhseach a fágadh orthu mar chine. Cé go ndéantar ceiliúradh ar Ko Un as úire a chuid filíochta san Iarthar anois, ní hamhlaidh atá ina thír dhúchais go fóill. Tá sean-scoilteanna idir lucht litríochta na tíre sin gan chneasú i gcónaí, iad bunaithe ar na sean-deighiltí polaitíochta Clé / Deas, agus an seasamh a ghlac teaghlaigh dhifriúla sa chogadh cathartha a réab an tír tar éis don Chóiré Theas neamhspleáchas a fháil ó na Seapánaigh. Na himeachtaí ba chumhachtaí a d’imir tionchar ar mheon na gCóiréach san fhichiú haois, b’iad sin seilbh á glacadh ar a dtír ag na Seapánaigh agus an réimeas a lean sin idir 1910 agus bliain na ‘fuascailte’ i 1945.
Scríbhneoir amháin a bhfuil tóir níos fairsinge ar a chuid filíochta le blianta beaga anuas is ea an Cóiréach Ko Un, fear a luaitear go minic leis an Duais Nobel a bheith dlite dó. An focal ‘bisiúil’, ní cur síos ceart ar tháirgiúlacht agus réimse ilghnéitheach scríbhneoireachta an fhir seo ar chor ar bith é. Tá os cionn 150 leabhar filíochta scríofa ag Ko Un le leathchéad bliain anuas. Tá scéal a bheatha beagnach chomh suimiúil céanna lena chuid scríbhneoireachta. Go deimhin, ní féidir tuiscint cheart a bheith againn ar Ko Un mar fhile gan tagairt dá thuras pearsanta féin, eisceachtúil mar atá sé.
Sa mhullach air sin, scoilteadh an tír mhór sin idir dhá mhórcumhacht an Chogaidh Fhuair, na Stáit Aontaithe agus an t-iar-Aontas Sóivéadach. Chuir na himeachtaí sin caidhp an bháis ar mhian chosmhuintir na Cóiré go mbeidís athaontaithe, agus daingníodh na scoilteanna cine seo i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhris an Cogadh Cóiréach amach idir 1950-1953. Ba thréimhse í a chuir isteach go mór ar scolaíocht Ko Un óig.
Seo scríbhneoir a bhfuil an t-uafás scríofa aige, ach a bhfuil ionad thar a beith tábhachtach aige i gcur chun cinn cearta sibhialta sa Chóiré Theas. Intleachtach ar mhór aige i gcónaí go mbeadh a mháthair-thír athaontaithe lá éigin amach anseo, is file é Ko Un a bhfuil cáil na bhfírinní suthaine agus uilíochais ar a shaothar filíochta. Máistir ar an dán simplí álainn is ea é, dánta ina bhfuil an dúlra, an duine, an bás, an fhírinne agus cúrsaí ama cíortha ar bhealach thar a bheith ealaíonta aige.
Thairg Ko a bheith ina óglach in Arm an Phobail um an dtaca sin, ach diúltaíodh dá iarratas toisc é a bheith ró-thanaí. Tugadh post i bhfad níos gruama dó ina ionad sin: b’éigean dó páirc an áir a shiúl agus coirp na marbh a iompar leis ar chapall agus cairt. Níos measa fós, chonaic sé baill dá theaghlach féin á ndúnmharú. Chonaic sé fuath agus olc na ndaoine dá chéile lena shúile féin agus ní nach ionadh, bhí tionchar láidir ag an méid a chonaic sé sa tréimhse sin ar a fhorbairt fhealsúnach agus a theacht in inmhe mar ealaíontóir: chonaic sé an bhrúidiúlacht a leanann idé-eolaíochtaí faoi leith, agus cíorann sé crá croí an duine ar ball san fhilíocht aige.
Tá idir fhicsean, aistí, agus drámaí scríofa ag an scríbhneoir bisiúil seo. Fear thar a bheith meabhrach, bhí litríocht chlasaiceach na Síne léite aige agus é fós ina bhuachaill óg. Sa bhliain 1945 a smaoinigh sé ar fhilíocht a chumadh, é spreagtha ag file fáin áitiúil darbh ainm Han Ha-Un, fear a raibh galar na lobhra air. Suimiúil go leor, tá macallaí de shaol-ré na bhfilí fáin deiridh sa Ghaeilge le haithint ar ghnéithe áirithe de thaithí saoil Ko Un, go háirithe mar a bhaineann sé le cur faoi chois an chultúir dhúchais, agus an scolaíocht ‘faoi thalamh’ a bhronn a sheanathair ar Ko. Ní hamháin gur theagasc a sheanathair fíor-stair na Cóiré dá ghar-mhac, ach bhí léamh agus scríobh a theanga dúchais ag an Ko óg nuair a bhí na buanna sin caillte ag formhór a chomhaoiseach.
A
isteach le rá, tá cosúlachtaí láidre idir theacht in inmhe seo Ko Un mar ealaíontóir agus file eile a raibh íogaireacht láidir spioradálta aige agus a mhair na mílte míle i gcéin, is é sin Karol Wojtyla, fear a áiríodh ar dhuine de mhór-fhilí na Polainne sa chéad leath den fhichiú haois agus a bheadh ina Phápa níos deireanaí. Tá na cosúlachtaí idir an bheirt fhilí thar a bheith sonrach ó thaobh taithí saoil agus téamaí: an file mar dhuine frithbhunaíochta, an ‘t-ealaíontóir faoi thalamh’, an eagla shíoraí roimh phríosúnacht is roimh an mbás faoi réimeas míleata
I gcás na gCóiréach, b’iad na Seapánaigh a rinne dianiarracht ar a gcultúr dúchais a dhíothú. Faoin am ar bronnadh ‘saoirse’ de chineál éigin ar phobal na Cóiré Theas, bhí Ko ar an aon leanbh sa bhaile beag dar díobh é a raibh léamh agus scríobh a theanga dhúchais ar a thoil aige, a bhuíochas sin dá mhuintir. Arís tá cosúlachtaí idir an scéal seo agus taithí na nGael a tháinig romhainn. Cé go maíonn na Gaeil gur deineadh cos ar bolg orthu ar feadh na gcéadta bliain, bheadh sé deacair na huafáis a d’fhulaing na Cóiréigh, www.feasta.ie
27
Feasta, Bealtaine 2013
ga gréine is an tráthnóna chugainn. Loinnir chomh beag le stampa poist craptha. Táim craiceáilte ina diaidh. Mo chéad ghrá go deimhin! Deinim iarracht í a shocrú ar mo dhearna, teas a chur im chos a nochtas di go scáfar, ansin nuair a théim ar mo ghlúine is mo ghnúis thanaí neamh-dheabhóideach á hofráil agam di, imíonn an loinnir faoi mar a shlogfadh an talamh í. Tar éis don chuairteoir éalú trí na barraí braitheann an seomra i bhfad níos fuaire agus níos dorcha. An cillín speisialta seo i bpríosún míleata is geall le seomra dorcha grianghrafadóra é. Gan solas gréine ar bith gháireas im stumpa amadáin. Cónra ab ea é, lá ina raibh corpán. Lá eile ba é an mhuir é. Nach iontach! Tá cúpla duine anseo a thagann slán. Muir gan oiread is seol amháin ar fhíor na spéire, sin é an saol.
faisisteach a raibh idé-eolaíocht antoisceach Mharxach á thiomáint, an tslí inar cailleadh tuismitheoirí agus baill de theaghlach na beirte seo, Ko Un agus Karol Wojtyla, agus na filí fós óg, cuardach na spioradáltachta agus an t-aiséiteachas i gcás na beirte acu, cúlra na sluachampaí géibhinn, céasadh agus dúnmharú na gcéadta míle a chonaiceadar beirt, uafáis a ceadaíodh ar chúinsí idé-eolaíocha. Deirtear gur sna blianta sin freisin a dhoirt Ko Un aigéad isteach ina chluasa, é in ísle brí agus é ag iarraidh torann an uafáis agus pianta an tsaoil a chur ar neamhní. D’fhág sin leath-bhodhar é as sin amach, ach ní bodhaire amháin a chuir as dó. Sa mhullach ar an mbodhaire seo, fágadh Ko ‘dall’ leis ar feadh tréimhsí fada, nuair a ar cuireadh sa charcair é toisc na hagóidíochta i gcoinne an réimis nua a tháinig i gcumhacht sa Choiré Theas agus é ina ógfhile.
D
íol íoróine é gur chaith Ko tréimhsí fada faoi ghlas, é fágtha sa dorchadas mar fhilí agus mistigh dhalla an ama atá thart, amhail an file Gaelach Raiftearaí ar fhág an bholgach ina dhall é agus é fós óg agus a raibh dúil san ól aige. Ar shlí aisteach dho-mhínithe éigin, b’fhéidir gurbh iad na cúinsí saoil uafásacha sin a ghríosaigh Ko Un chun cuid den fhilíocht is taibhsí san fhichiú haois a chur ar pár.
Athchruthú ar na gnáthdhaoine a cuireadh chun báis agus a raibh dlúthaithne ag Ko orthu, ceiliúradh mór orthu siúd ar deineadh díothú orthu agus nár luadh sna cáipéisí staire go minic, atá sa leabhar 10,000 Beatha. Sna dánta sin iniúchtar oidhreacht na sochaí ar díobh é, sochaí a bhí scriosta ag an gcogaíocht agus ag an bhforéigean gan staonadh, foréigean a chuaigh i bhfeidhm ar aonaráin agus ar theaghlaigh agus a raibh bunús idé-eolaíoch leis go minic.
Seans gur iarracht ar theacht ar shíocháin inmheánach de chineál éigin, tar éis na n-uafás a bhí feicthe aige, a thug ar Ko Un faoiseamh a lorg i mainistir ar chleacht na manaigh an Búdachas Zen inti agus é beagnach fiche bliain d’aois. Chaith sé deich mbliana sa mhainistir chéanna, ach d’fhág arís í sa bhliain 1962 toisc é a bheith míshásta lena shaol ann. An mhainistir ina dhiaidh aige, bhí dearcadh duairc nihilíoch i leith na beatha ag Ko, tréith a shonraítear ina scríbhinní ón tréimhse sin. D ‘ól sé go trom ar feadh roinnt blianta agus rinne iarrachtaí ar fhéinmharú níos mó ná uair amháin.
I measc na dtéamaí a chíor Ko sna dánta iontacha seo bhí an bás, easpa brí agus fuarchúis na cosmhuintire in éadan fhórsaí na sochaí sin atá beag beann ar chruachás daonna na cosmhuintire. An cheist mhór atá faoi chaibidil ag Ko anseo – conas a choinníonn daoine greim ar a ndínit féin agus iad ag maireachtáil faoi na cúinsí daonna is measa dá bhfuil ann.
Thiomnaigh sé é féin go huile agus go hiomlán do cheird na filíochta as sin ar aghaidh, áfach, in ainneoin a chuid fadhbanna pearsanta go léir. Nuair a tháinig na húdaráis sa Chóiré Theas anuas go trom ar na gluaiseachtaí nua daonlathais a bhí ag teacht chun cinn sa tír, bhraith Ko go mba cheart dó labhairt amach ina gcoinne. I mí na Bealtaine, 1980, ghabh na húdaráis Ko agus an coup d’etat faoi stiúir Chun Doo-Hwan faoi lán seoil. Cuireadh tréas ina leith agus gearradh pianbhreith phríosúnachta fiche bliain air. Sa phríosún dó, thosaigh sé ar mhór-shraith eipiciúil dánta, saothar ar bhaist sé 10,000 Beatha mar theideal air, tionscadal mórthaibhseach a bheadh mar shéadchomhartha cuimhne ar na glúine Cóiréacha a fuair bás sdna gcogaí fuilteacha a troideadh le linn do Ko Un a bheith ag éirí aníos. Ba mhinic a céasadh Ko bocht sa phríosún, é fágtha leis féin sa dorchadas gan spreagadh céadfach ar feadh tréimhsí fada. Anuas air sin, bhí an éiginnteacht mharfach ag bagairt i gcónaí air, é gan tuairim an saorfaí é nó an maródh lucht a chéasta faoi dheireadh é.
Mar a dúirt an file féin in agallamh a rinne sé le nuachtán Briotanach an bhliain seo caite: Leath de mo ghlúin féin, fuaireadar bás. Agus tháinig mise slán. Mhothaigh mé ciontach dá réir sin. Maraíodh na mílte, agus fágadh mise fós i mo bheatha. Ag caoineadh na marbh atá mé ó shin. Braithim dualgas speisialta i leith iad siúd go léir a fuair bás. Ar uairibh, ní mise a chuireann focail ar pár ar chor ar bith. Na mairbh atá ag scríobh. Feicim os mo chomhair amach iad, táid beo i gcónaí agus i mo láthair…
S
caoileadh Ko saor as príosún i Lúnasa na bliana 1982 nuair a bhí maithiúnas ginearálta a thabhairt do chimí a linne. Phós sé Ko Sang-Wha Lee an bhliain dár gcionn agus chuir faoi in Anseong, Gyeonggi, an áit a bhfuil cónaí air go fóill. Lean sé ar aghaidh ag scríobh agus ag foilsiú ar luas lasrach, rud a chiallaigh go bhfuil sé ar na filí is bisiúla ar domhan san aois seo.
GA GRÉINE Táim i ndeireadh na feide. Beidh orm mo sheile a shlogadh agus an mí-ádh ina teannta. Ach féach! Deonaíonn cuairteoir oirirc teacht go dtí mo chillínse a bhfuil a aghaidh ó thuaidh. Ní hé an ceannfort é ar a chuid cuairteanna, ní hé, — www.feasta.ie
Thug sé cuairt ar an Iarthar go minic le blianta beaga anuas agus tá a chuid filíochta léite aige ag cuid mhór féilte 28
Feasta, Bealtaine 2013
liteartha faoin am seo. Nach feiliúnach an scéal é gurbh é an scríbhneoir Gaeilge is bisiúla d’fhilí ár linne, Gabriel Rosenstock, a thóg air féin rogha dánta le Ko a chur faoi bhráid phobal na Gaeilge. Agus nár éirigh go seoigh leis! Tá muid faoi chomaoin mhór aige.
cailíní as Songhwa agus iad ag teascadh na mbláthanna, duine acu ag canadh, an duine eile ag éisteacht. Gan scíth a ghlacadh i gcaitheamh an ama, géaga á síneadh, súile á síneadh, ag teascadh na mbláthanna is airde le scil.
Leagann Rosenstock béim faoi leith ar shraith dánta áille a scríobh Ko a bhfuil mná faoi chaibidil iontu – máithreacha, mná céile, baintreacha, aintíní, seanmháithreacha, iníonacha, mná tí agus feirme, spailpíní mná agus leannáin…
Tá deireadh pioctha anois acu, tar éis roinnt laethanta, agus iad ar an mbóthar abhaile, plé ar siúl acu, an ceart cuairt a thabhairt ar Theampall Songbul ar Shliabh Chongbang. Lig don bhanchliamhain bheith ag obair faoi ghrian an earraigh is d’iníonacha féin faoi ghrian an fhómhair, nach in a deirtear, aghaidh na mban seo griandóite ag grian an earraigh.
Mná Pioctha na mBláthanna Úll Nach sneachtúil an geimhreadh a bhí ann. Tháinig an t-earrach ansin, mar a bheadh doras á oscailt. Leath an rosamh i bhfad i gcéin thar Shliabh Kuwol. Mar sin féin áit uaigneach is ea an domhan is tháinig an t-earrach.
B’éigean dóibh dul abhaile, gan amhras, gan amhras, b’éigean dóibh dul abhaile. Pléann siad an ceart dóibh dul chuig Aonach Bongsan ach b’éigean dóibh dul díreach abhaile, ar ndóigh. Bhí báibíní sa bhaile acu ar nós coiníní, fir chéile ar nós cuaillí, b’éigean dóibh dul abhaile. B’éigean dóibh, agus an ghaoth ag séideadh ina n-aghaidh, barróg á tabhairt acu don ghaoth, B’éigean dóibh agus an ghaoth ar a gcúl, an ghaoth á hiompar acu ar a nguaillí.
Tháinig bláthanna ar na crainn úll ag bun Shliabh Kuwol. Thosnaigh mná as Unyul, mná as Changton sa dúthaigh thall, cailíní as Songhwa, thosnaíodar ag tabhairt faoin mbóthar. Tuáillí fáiscthe ar a gcloigeann acu, bhíodar ag imeacht, ina ndeichniúr nó scór duine acu, bhíodar ag imeacht go dtí na húlloird in Hwangju agus Sariwon chun na bláthanna úll a theascadh. Bhí an iomarca bláthanna ann, bhíodar chun iad a thanú is gan ach beagán a fhágaint ar na crainn.
C
iallaíonn bisiúlacht agus réimse leathan ábhar Ko Un go mbeadh sé áiféiseach, do-dhéanta fiú, é a rangú ó thaobh stíle. Is féidir na téamaí seo a lua leis na dánta is fearr dá chuid áfach. File meitifisiciúil a bhfuil domhan na gcéadfaí á chíoradh agus á cheiliúradh aige go rí-mhinic is ea é. Na mothúcháin dhaonna, tá a n-ilghnéitheacht siúd á bhfiosrú aige agus mar a théann siad i ngleic leis an domhan nádúrtha, an talamh agus an fharraige san áireamh.
Agus iad ag siúl rompu ghabhadar trína a leithéid seo is a leithéid siúd de shráidbhaile, cuid de na hamhráin a chanadar bhíodar corraitheach go maith is uaireanta ábhairín caointeach.
Lear mór dá dhánta, tá siad débhríoch. D’aon ghnó, seans, a leagann Ko dualgas ar an léitheoir a thuiscint féin a bhaint as dán. Seans gurb é tionchar an Bhúdachais a mhíníonn an éiginnteacht chéanna. Ní soiléir go minic cén ‘teachtaireacht’ is féidir a shamhlú le dán áirithe nó, go deimhin féin, an bhfuil teachtaireacht faoi leith le haithint air ar chor ar bith. Go leor dá chuid dánta tosaíonn siad i réimse na fealsúnachta, mar a dhéanann an file machnamh ar ghné éigin dá thaithí phearsanta féin. Níos minice ná a mhalairt, áfach, cruthaíonn an dán saol úrnua nua dá chuid féin, tagann claochlú air sa chaoi go bhfuil mistéir éigin den bheatha dhaonna á ceiliúradh ann. Is minic a bhaintear stangadh as an léitheoir toisc nach bhfuil críoch an dáin ag teacht lena thosach, ach ar éigean. Seo an ghné is iontaí agus is tarraingtí de shaothar Ko Un don léitheoir a thagann ar a dhánta den chéad uair. An casadh tobann a bhaineann sé as an saol, agus an domhan ‘bun os cionn’ a chuirtear os ár gcomhair amach.
Nuair a chuireann siad an mullach díobh téann fuaim na hamhránaíochta i léig agus cronaíonn baitsiléirí an bhaile iad, caitheann clocha leis na gadhair atá ag leanúint na meithle is sa deireadh cuireann an ruaig orthu. Mná agus cailíní pioctha na mbláthanna úll tógann sé trí nó ceithre lá orthu an t-úllord a bhaint amach. Tagann grúpa eile roinnt laethanta ina dhiaidh sin. Caitheann siad an oíche i gceathrú na mban sna sráidbhailte a ngabhann siad tríothu, Is fágann leathán d’fheamainn thriomaithe as Changyon ina ndiaidh mar chúiteamh ar an mbia, agus iasc leasaithe as Songhwa. Sa deireadh, úllord Sariwon, úllord Hwangju, i measc dhuilleoga bánghlasa na gcrann úll raidhse bláthanna bána. Ar fud an úlloird go léir mná as Unyul, mná as Changyon, www.feasta.ie
Dúshlán is ea an cineál seo filíochta dúinne san Iarthar, a tógadh ar dhánta a bhfuil struchtúr faoi leith ag dul lena bhformhór, agus a bhfuil lé againn le míniú nó ‘clabhsúr’ faoi 29
Feasta, Bealtaine 2013
leith mar chríoch ar dhán. Sa leabhar toirtiúil seo, tá Rosenstock, ag ceistiú na luachanna traidisiúnta sin, ar ndóigh, mar is ceart. I ndánta Ko, cuirtear an gnáthshaol as a riocht. Léimid faoi na súile a éisteann, na cluasa a labhraíonn agus na teangacha a fheiceann.
In Dharamsala na hIndia dhún rialtas ar deoraíocht an Dalaí Láma a dhoirse an lá sin, cuireadh na himeachtaí go léir ar ceal. D’fhan na daoine ann ina dtost, ní dúradar faic, níor itheadar faic.
Domhan is ea é seo ina ndúisítear an lá ag cúlú an dorchadais. I ndánta Ko Un, tá gach nóiméad den saol go hiomlán nua, uathúil agus álainn: tús nua gan aon cheangal aige leis an ní a chuaigh roimhe. Mar fhile, bíonn síorchuardach ar siúl aige, agus déantar comóradh ar gach nóiméad beo le háilleacht agus le ciúnas atá mar bhreith, mar bhás agus mar athnuachan iontu féin:
Lá breithe an Dalaí Láma ab ea an 5 Iúil. Ar shráideanna Lása baisteadh mise, leis, le plúr, bán ó bhaithis go bonn. An oíche sin d’fhéachas in airde ar na réaltaí. Laethanta breithe na réaltaí, laethanta cuimhneacháin. Solas na réaltaí im cholainn ó bhun go barr.◊
Oíche Amháin i Lása Ar an 20 Meitheamh, 1997, cuireadh seisear lamaí chun báis i bpríosún i Lása.
Gradam an Phiarsaigh Ciarán Ó Feinneadha, gníomhaire teanga agus comhairleoir cánach, atá roghnaithe mar bhuaiteoir do Ghradam an Phiarsaigh 2013 as a chuid oibre le cearta teanga a bhaint amach do phobal na Gaeilge, sna meáin, i gcúrsaí oideachais agus í gcúrsaí spóirt. I gCultúrlann na hÉireann, 23 Aibreán, bhronn Naoise Ó Muirí, Ardmhéara Átha Cliath, an Gradam – deilbhín cré-umha den Phiarsach i bhfoirm mhúinteora – ar Chiarán i láthair a chairde agus ionadaithe na n-eagras éagsúla. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh gach bliain ó 1980 i leith ar dhuine a bhfuil sáriarracht déanta aige idéalacha an Phiarsaigh a chur chun cinn, bíodh sin i gcúrsaí oideachais, ealaíne, litríochta, cearta sibhialta, na meáin chumarsáide nó i measc an phobail. Coiste roghnaithe neamhspleách a thoghann an buaiteoir. Na heagrais Ghaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Cumann Lúthchleas Gael; Comhairlí Contae, agus eagrais dheonacha, náisiúnta agus reachtúla eile ar fud na tíre a dhéanann na hainmniúcháin. I measc na ndaoine ar bronnadh an Gradam orthu tá Helen Ó Murchú, oideachasóir agus saineolaí teanga; Adi Roche, bunaitheoir Chernobyl Children’s Project agus Mons. Breandán Ó Doibhlin, diagaire agus scríbhneoir, Dr Dónal Caird, Iar-Ardeaspag Bhaile Átha Cliath agus Liam Ó Cuinneagáin, oideachasóir agus iarChathaoirelach Údarás na Gaeltachta. Arsa Naoise Ó Muirí, Ardmhéara Chathair Bhaile Átha Cliath, agus Gradam 2013 á bhronnadh ar Chiarán aige: ‘Cúis mhór áthais is bhróid dom mar Ardmhéara Gradam an Phiarsaigh 2013 a bhronnadh ar Chiarán, mar aitheantas as an saol is an saothar atá caite aige ag obair ar son na Gaeilge is ar son chearta lucht labhartha na Gaeilge, i gcúrsaí oideachais, teilifíse agus spóirt. Fear cumasach é Ciarán a roinn a chuid tallaine go fial leis an bpobal. Tá an Ghaeilge is an dúchas go smior
www.feasta.ie
Tosach, ó chlé: Ard Mhéara Átha Cliath Naoise Ó Muirí; Ciaran Ó Feinneadha, Gradamóir 2013; Bláthnaid Ó Brádaigh, Rúnaí Fhondúireacht an Phiarsaigh; Labhrás Ó Murchú, Cathaoirleach na Fondúireachta. Cúl, ó chlé: Muireann Ní Mhóráin, Pól Mac an Draoi, Úna Uí Lachtnáin agus Aingeal Ó Buachalla, an coiste roghnaithe.◊ is go smúsach ann. Go maire sé a ghradam! Go bhfága Dia a shláinte aige is go gcúití sé leis a shaothar ar son na tíre is na teanga.’ Rugadh Ciarán i mBaile Átha Cliath i dteaghlach lánGhaeilge, agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire. Tá sé pósta le Máire Ní Choileáin agus ceathrar clainne acu a tógadh trí Ghaeilge. Tá 40 bliain caite aige ag obair go deonach i ngluaiseacht na Gaeilge, go háirithe ar mhaithe le cearta teanga a bhaint amach trí agóidíocht agus stócántacht, m.sh.: bunú TG4; soláthar ceart de chláir Ghaeilge ar raidió agus ar an teilifís; cláruimhreacha ar charranna; soláthar foirmeacha éagsúla; soláthar oideachais trí Ghaeilge do dhaoine óga agus imeachtaí pobail. Tá tréimhsí caite aige ar choistí Chonradh na Gaeilge, Ógras, Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael. Ó 1988 i leith, tá tréimhsí fada caite aige ag plé le bunú agus buanú gaelscoileanna, ina measc Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Eiscir Riada agus Gaelcholáiste Chois Life, iad ar fad i Leamhcán, Co. Átha Cliath. Duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga é, an t-aon chlub de chuid C.L.G. a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
30
Thagair Ciarán Ó Feinneadha don bhealach diúltach a bhfuil an tAire Oideachais reatha, Ruairí Quinn, ag caitheamh leis an nGaeilge: ‘Tá sé náireach go bhfuil Ruairí Quinn agus an rialtas dúchasach reatha ag déanamh tréan-iarracht modhanna an ‘murder machine’ a bhrú chun cinn arís i gcoinne na Gaeilge sa chóras oideachais, 100 bliain ón am ar scríobh Pádraig Mac Piarais an paimfléad clúiteach sin. Léirigh an Murder Machine an bealach a bhí rialtas na Breataine ag úsáid an chórais oideachais chun droim láimhe a thabhairt don Ghaeilge agus d'fhéiniúlacht na tíre. Is ionann an t-ionsaí is déanaí seo ar an nGaeilge, agus ceart nádúrtha a bhaint de pháistí atá á dtógáil le Gaeilge áit chinnte a bheith acu ar rollúcháin gaelscoile, fiú sa chás go mbeadh an t-ádh leo gaelscoil a beith ina gceantar. Is séanadh cearta teanga é, seachas cothú comhionnanais, mar a mhaíonn Ruairí Quinn. Samhlaigh an raic intuigthe a bheadh ann, dá ndiúltófaí tús áite a thabhairt do Mhoslamaigh i scoil Mhoslamach nó Protastúnaigh i scoil Phrotastúnach. Níl ciall leis, munar ionsaí d’aon ghnó é ar an nGaeilge. Más ea, ba chóir don phobal cur ina choinne go láidir.’◊
Feasta, Bealtaine 2013
Gnéithe de ‘Loingeas mac nUisnigh’ (Oidheadh Chloinne hUisneach agus an ‘Fír’ a thabhairt i gcrích)
le Bréanainn Mac Fhearghusa
I
s scéal clúiteach é scéal Dheirdre agus Naoise a bhfuil scoláirí an léinn Cheiltigh ag plé leis agus ag soláthar léargaisí air le céad go leith bliain anuas. Is iad príomhthéamaí an scéil, ar ndóigh, ná an grá agus an laochas. D’fhéadfaí freisin scéal eiseamláireach ar an Ríogacht chóir a thabhairt air. Faightear léargas ar thábhacht na cothromaíochta idir an fireann agus an baineann sa tsochaí, agus ar an tragóid a bhíonn ann má dhéantar an chothromaíocht seo a threascairt. Fír a thugtaí ar an ‘gaois’ seo.
Bhí tábhacht faoi leith leis an gcoimirce i luathshochaí na nGael. Léiríonn Conchubhar go dteastaíonn uaidh teacht ar chomhréiteach le clann Uisnigh ag féasta eile dá chuid (Leagan I, alt 13): ‘Tecat didiu,’ ol Conchobor, ‘ocus tíagat commairgi friu.’ (Tarlaíonn an féasta céanna ag tús Leagan II) Is éard atá ag déanamh imní do Chonchubhar ná cén duine dá laochra a chuirfidh sé faoina ndéin. Pé laochra a théann ag lorg clann Uisnigh, beidh siadsan faoina gcoimirce siúd agus iad ag teacht ar ais go hUladh. An duine a bhí faoi choimirce chuirtí é faoi chosaint uaisle nó fear eile le stádas. Is éard a bheadh mar chosaint ag an duine seo ná focal nó móid an duine a raibh sé faoina choimirce.
De réir na dtraidisiún bhí sé de dhualgas ar an Rí a mhianta féin a tharchéimniú agus an fír a chur i bhfeidhm. Dhéanfaí seo chun an ríocht a chur ar bhóthar a leasa. Teipeann ar Chonchubhar ina dhualgaisí, agus ní hamháin go gcuireann Deirdre lámh ina bás féin ag deireadh an scéil, ach bíonn ár agus scrios in Uladh ar feadh sé bliana déag de bharr leithleachas agus mhí-ionracas an Rí.1
I Leagan II, Lth. 90, fiosraíonn Conchubhar cén duine dá thriúr mórlaochra is oiriúnaí dó a chur faoi dhéin Chloinne hUisneach. Fiafraíonn sé díobh, duine ar dhuine, cad a dhéanfadh siad dá sárófaí a gcoimirce. Geallann siad go mbeadh scrios agus bás in Uladh dá bharr. Is cumhachtach iad na focla a úsáideann Cú Chulainn ach go háirithe. ‘Dobheirimse fóm bréithir’, ar seisean, agus é ag geallúint bás Chonchubhair dá dtarlódh go marófaí Clann Uisnigh. Ar ndóigh roghnaíonn Conchubhar Fearghus don tasc mar is eisean amháin den triúr nach ngeallann bás Chonchubhair féin.
TÁBHACHT AN FHOCAIL Baineann móran gnéithe suimiúla eile leis an scéal lasmuigh den ghrá, den laochas agus den Ríogacht chóir. Tá mórán tairngreachtaí, tuartha agus aislingí ann, d’fhéadfaí Deirdre mar fhlaitheas na talún a phlé, agus is spéisiúil iad na tionchair éagsúla a imrítear ar fhoirm an scéil thar thréimhsí ama, ag an gCríostaíocht ach go háirithe. Ar dtús, áfach, pléifimid tábhacht an fhocail sa scéal. Bhí olltábhacht ag roinnt leis an bhfocal i luathshochaí na nGael agus feicimid a scáth san sa scéal seo, bíodh tuartha, tairngreachtaí, coimirce, gealltanais mharfacha nó geasa i gceist.
Filleann Clann Uisnigh mar sin ar fhocal Fhearghais agus Dhufaigh agus Chormaic mhic Conchubhair i leagan I agus faoi choimirce fhocal Fhearghais agus a bheirt mhac i leagan II.
Tosaíonn an scéal (Leagan I) agus féasta ar bun i dteach Fheidlimí mhic Dhaill. Briseann scréach Dheirdre ó bhroinn a máthar trasna ar ghártha meisce na laochra. Is féidir a rá gurbh í seo chéad tuar an scéil, agus ní hé an tuar deiridh é a fhaighimid ó Dheirdre.
Chuaigh mórán de mhaithibh an chúige i bpáirt le Fearghus ina choimirce ar Chlann Uisnigh, Leagan II, Lth 92. Níor ghá san. Bhí Naoise sásta le focal Fhearghais amháin, (lth 96):
Is mór an cur isteach a dhéanfaidh Deirdre ar ord agus ar rialtacht shochaí na laochra. Mar a deir Anne Dooley is í an scréach seo céad-fhuaim theanga na saormhianta — ’language of free desire’ — a chruthóidh Deirdre amach anseo.2
‘Is daingean daoibhse mo bhriatharsa agus mo shlánaigheacht’, ar Fearghus.
Ba ríthábhachtach geallúint an fhocail labhartha i measc na laochra. Léiríonn focail Chathbaidh go dtiocfaidh bás agus scrios ina measc de bharr an linbh. Is mór an bhagairt í cinniúint na hiníne agus is doghlactha dóibh a leithéid de cheangal a bheith orthu ag an bhFocal. Níl de fhreagra acu ar a gcás ach: ‘Marbthar ind ingen’ (Leagan I, alt 6).
‘Is daingean cheana’, ar Naoise, ‘agus rachmaoidne leatsa.’
T
réith leanúnach a bhaineann leis an scéal ná cleasaíocht Chonchubhair, áit ar chóir do Rí bheith ionraic. Baineann sé úsáid as geasa Fhearghais gan féasta a dhiultú ina choinne, chun é a scaradh ó Dheirdre agus Naoise agus a dheartháireacha. Ní féidir le Fearghus féasta Bhorraigh a dhiúltú gan a gheasa a choilleadh, agus a onóir a thruailliú, ach tá a choimirce tugtha aige do mhic Uisnigh agus é geallta acusan go dtiocfaidh siad láithreach go hEamhain iar theacht i dtír dóibh. Tá Fearghus i sáinn, mórán mar a bhí Naoise i dtreo thús an scéil. Beartaíonn sé an féasta a ghlacadh, ach a dhís mhac a chur ar aghaidh le Deirdre agus Naoise agus a bheirt deartháireacha.
Feicimid tábhacht an fhocail arís níos déanaí sa scéal. Beireann Deirdre ar chluasa Naoise agus cuireann sí faoi gheasa é (Leagan I, alt 9): ‘Dá n-ó méle [náire] ocus cuitbiuda [magadh] in-so,’ ol-si, ‘manim bera-su latt.’ [muna mbeireann tú liom mé] Ní bhíonn an dara rogha ag Naoise ach Deirdre a thabhairt leis de bharr an cheangail a chuireann focal poiblí cáinteach na mná air. www.feasta.ie
31
Feasta, Bealtaine 2013
Ar ndóigh, ní chloíonn Conchubhar lena fhocal féin, agus sáraíonn sé coimirce na laochra a chuir sé go hAlbain, agus maraítear triúr mac Uisnigh. Is de bharr thábhacht seo an fhocail labhartha sa tsochaí agus a bhriseadh a tharlaíonn staid éigeandála sa chúige go ceann sé bliana déag, (Leagan I, alt 16):
bhféadfaí a bheith ag súil le hiompar ciallmhar ó dhuine sna cúinsí seo. Feicimid na comharthaí is láidre ar ghrá Dheirdre do Naoise tar éis bhás an óglaoich. I leagan I, alt 17, faighimid cur síos ar Dheirdre agus í i dteannta Chonchubhair: Blíadain di-ssi trá i fail Chonchobuir ocus risin re sin ni-tib gen ngáire ocus ni doid a sáith do bíud na cotluth ocus ni tuargaib a cenn dia glún.
‘Co cenn sé mblíadna déc niro an gol na crith leu i n-Ultaib acht gol ocus crith leu cech n-óen-aidchi’ ‘Díguin’ an téarma dlíthiúil ar choir threascartha na coimirce de réir na seantéacsanna dlí atá fós againn.3
Chuirfeadh sé seo an ‘wasting sickness’ nó an seirgluí a bhí ar Óengus agus é in éagmais Caer Ibormeith i gcuimhne duit.
AN GRÁ
I leagan II ar bhás Naoise deineann Deirdre caoineadh trom agus tarraingíonn sí ar a ‘folt’ agus a ‘fionnadh’. Tugann sí sleacht mór filíochta uaithi ag léiriú a grá do Naoise agus dá dheartháireacha, agus ag deireadh an dáin léimeann sí isteach i dteannta Naoise san uaigh agus faigheann bás ar an bpointe. Ní fhéadfadh sí bheith beo gan é.
An bhféadfaí a rá go raibh Deirdre i ngrá le Naoise, sula bhfaca sí é fiú amháin? Caithfimid a thuiscint go raibh nasc láidir idir an grá agus deilbh choirp sna seantraidisiúin Gaelacha: ‘Áille agus maise is mó a ghin an grá de réir na seanscéalta’4
AN RÍOGACHT CHÓIR
Is mór is cosúil cás Dheirdre le cás an Rí Eochaid Feidlech. Nuair a chonaic sé siúd Étaín: ‘Gabais saint in ríg impi focetóir’.5 Thit sé i ngrá léi ar an bpointe agus ní raibh aon dul óna ghrá aige.
Is grá nádúrtha é an grá seo ag Deirdre do Naoise. Seasann Deirdre don nádúrthacht, agus tá a grá i gcoimhlint le húdarás Chonchubhair ar cheart dó seasamh ar son mhoráltacht agus ord agus rialtacht na sochaí. Teipeann ar Chonchubhar ina chuid dualgaisí áfach. Eascraíonn a bhotúin as an mbreith a thug sé tar éis thairngreacht Chathbaidh agus Deirdre fós sa bhroinn.
Feiceann Deirdre fiach ag ól fola lao sa tsneachta. Tá éileamh aici anois ar fhear ar a bhfuil na trí dathanna úd; (Leagan I, alt 7). (Feicimid na dathanna diamhra céanna á n-úsáid sa chur síos ar an áilleacht i scéalta eile ar nós na Toraíochta, scéal mar gheall ar ‘Éalú’ é sin freisin).
Nuair a iarrann na laochra go marófaí Deirdre, deir Conchubhar: ‘Ni-thó’, (ná déantar) (Leagan I, alt 6). Is maith an bhreith é seo .i. nach bhfuil sé sásta nach féidir teacht ar réiteach seachas an cailín a chur chun báis. Bhí sé i measc phríomh-fheidhmeanna an Rí breith a thabhairt ag an gcúirt phoiblí i luathsochaí na nGael. Bhí tábhacht ollmhór ag rith lena bhreithiúnas (fír flathemon). Dá mbeadh sé ceart agus cóir bheadh síocháin ann agus rath ar an Ríocht. I measc a dtarlódh i gcás drochbhreith (gáu flathemon), áfach, bhí mí-thorthúlacht na mná, na mbeithíoch agus na talún, chomh maith le tubaistí cogaidh.7
Nuair a deir Leabharcham léi go bhfuil a leithéid ann .i. Naoise mac Uisnigh deir Deirdre: ‘Ni-pam slán-sa ám,’ ol-si, ‘conid n-accur-saide’ [Ní slán dom go bhfeicfidh mé é] Cuireadh an líne seo ‘galar an ghrá’ na seanscéalaíochta i gcuimhne duit, mar a léirítear é in ‘Aisling Óengusa’, ach go háirithe.6 Tagann Deirdre ar Naoise agus deineann sí comhrá leis. Léiríonn sí dó go mb’fhearr léi é siúd ná Conchubhar féin. Diúltaíonn Naoise glan do Dheirdre i dtús báire:
Cé gur maith nach raibh sé sásta Deirdre a chur chun báis, is ainnis í an tarna cuid de bhreith Chonchubhair:
‘In dom fémed-sa adeiri sin’? ‘Bid dó immurgu,’ or-se-ssem. (Leagan I, alt 9)
‘ocus ailebthair dom réir féin ocus bid sí ben bías im farrad-sa’
Ach cuireann sí geasa air (féach thuas). Ní féidir leis diúltú anois di gan a onóir a thruailliú. Ach má bheireann sé Deirdre leis beidh sé ag tréigean an Rí. Tá sé i sáinn. Is é seo tragóid an scéil. Ní raibh an dara rogha ag Naoise. (Ní féidir é a lochtú mar sin.) Glaonn sé a dheartháireacha chuige agus is é a gcomhairle siúd ná Deirdre a bhreith leo as an ríocht.
Is éard an dúshlán a bhí roimh Chonchubhar mar Rí ag an bpointe seo ná a mhianta féin a tharchéimniú agus gaois na ‘Fíre’ a leanúint ar mhaithe leis an ríocht. Ina ionad sin bhí sé leithleasach. Uaidh seo ar aghaidh is éadmhar, cruálach, fealltach iad a chuid beartas i leith Dheirdre agus Chlann Uisnigh agus é ag mí-úsáid na cumhachta de shíor.
Is éalu nó ‘aitheda’ é an scéal seo mar sin. Tuigtear do na deartháireacha nach maith a thiocfaidh de: ‘Biaid olc de’. (Leagan I, alt 10). Is cinniúnach agus is tragóideach iad na focla seo uathu. (Arís bhí Diarmaid sa chás céanna sa Toraíocht; mhol Diorraing dó imeacht le Gráinne, cé go dtiocfadh a bhás de.)
Mar thoradh air seo feicimid na tubaistí cogaidh úd agus trí mhíle de laochra an chúige ag tréigean an Rí fhealltaigh agus ag triall ar Chonnacht, agus ar ndóigh feicimid Deirdre, a sheasann don nádúrthacht, agus í bristechroíoch agus ag cur lámh ina bás féin ag deireadh an scéil. Ba mhór an cháil a bhí ar Chonchubhar mar cheannaire cothrom agus ionraic. Díreach mar a tharla d’Fhionn i dTóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne áfach, éiríonn sé leithleasach, éadmhar, cruálach de bharr na hógmhná.
Cé air a raibh an locht ? Níl aon locht ar Naoise. Tá ciontacht áirithe ar Dheirdre áfach, de bharr an ghnímh bhoirb gan choinne a dhein sí i gcás na geise, ach i ndáiríre gabhann an locht siar chomh fada le Conchubhar. Eisean a dhein an nádúr a threascairt, agus is é is cúis le tógáil Dheirdre lasmuigh den tsochaí, áit nár fhoghlaim sí conas mar ba ceart di í fhéin a iompar. Is féidir a rá, chomh maith, go raibh ábhar de ghalar an ghrá uirthi i leith Naoise agus nach www.feasta.ie
D’fhéadfaí scéal eiseamláireach ar Ríogacht chóir na gaoise a thabhairt ar an scéal seo mar sin, nó ‘an exemplum regarding the conduct of kingship’, mar a thugann Máire Herbert air. 32
Feasta, Bealtaine 2013
Is í gaois na ‘Fíre’ ná go bhfuil cothromaíocht idir an fireann agus an baineann le sroichint, chun comhcheolmhaireacht sa tsochaí a bhaint amach. Seasann an Rí Conchubhar don taobh fhireann den tsochaí, don ord agus don mhoráltacht. Seasann Deirdre don nádúrthacht. Deineann Conchubhar iarracht í a thabhairt go hiomlán faoina smacht. Ní éiríonn leis sa mhéid seo, ach is tubaisteach iad impleachtaí na hiarrachta.
Bíonn mórán aislingí rabhaidh ag Deirdre. I dtús báire (leagan II) bíonn aisling aici, roimh theacht Fhearghais agus a bheirt mhac, go bhfuil trí éan le teacht ó Eamhain le ’bolgama meala ina mbéil’ acu, ach go bhfágann siad le trí ’bolgama fola’. Is í seo an chéad cheann de shraith tairngreachtaí ó Dheirdre agus í ag léiriú go bhfuil brón agus bás i ndán do na deartháireacha. Is é is feidhm do na tairngreachtaí seo ó thaobh an scéil de ná meon na tragóide a chothú; is tragóid dosheachanta é.
FLAITHEAS NA TALÚN
Cuirtear le téama na tragóide go háirithe i leagan II den scéal. Tarlaíonn comhrac aonair ann idir Iollann Fionn mac Fhearghusa agus Fiacha mac Conchubhair, (Lth 124-26), comhraic ar nós rómánsach na meánaoiseanna. Tagann Conall Cearnach agus sáitheann sé a shleá trí Iollann agus tugann sé goin a bháis dó. Is tragóid é seo, ar ndóigh, go háirithe nuair is de bharr míthuisceana a tharla sé.
Ar leibhéal eile d’fhéadfaí an argóint a dhéanamh gurb í Deirdre ‘flaitheas na talún’. De réir na tuisceana seo, is neach baineann í an flaitheas ar dhein an Rí í a phósadh. Uaireanta ógbhean álainn is siombal don fhlaitheas, uaireanta eile sean-chailleach ghránna atá inti. Léiriú é an tuiscint dé-thaobhach seo ar an dearcadh go mbíodh dhá aghaidh ar an nádúr, aghaidh shéimh, álainn tráthanna áirithe agus aghaidh ghránna, chruálach tráthanna eile.
Ní raibh a fhios ag Conall cad go díreach a bhí ag dul ar aghaidh, ach insíonn Iollann do Chonall faoina choimirce ar mhic Uisnigh tar éis a ghonta féin. ‘An fíor sin?’ a fhreagraíonn Conall. ‘Is fíor ón’, ar Iollann. Tagann racht feirge ar Conall ansin agus baineann sé an ceann d’Fhiacha. Seo í an ‘il ard-be, eter Ulad erredaib’, (Leagan I, alt 4) a thairngrigh Cathbhaid, agus i gcás leagan II is cur síos níos cuimsithí a fhaighimid ar an troid.
Tá an argóint seo ag teacht leis an dá thaobh is féidir a rianú i scéal Dheirdre: áilleacht agus séimhe a deilbhe, agus ar an lámh eile an t-ár agus an scrios a thagann dá bharr. Roinnt samplaí tábhachtacha eile a réitíonn leis an tuiscint seo ná: dearcadh reachtaire Rí Alban, Leagan II. Deir sé lena Rí go bhfuil bean a dhiongbhála faighte aige ar deireadh ar fheiscint Dheirdre dó.
Feicimid cleasaíocht Chonchubhair arís eile agus é ag mealladh Buinne Borbruadh chun a thaobh le breabaireacht.
Sampla eile atá againn as leagan II ná go raibh ríocht bainte amach ag Naoise dó féin agus é in Albain. Deir Deirdre leis agus Naoise ag beartú filleadh ar Éirinn i dteannta Fhearghais (Lth 96):
Ní raibh ar chumas laochra uilig Uladh mic Uisnigh a smachtú. Chuaigh Conchubhar faoi dhéin an draoi, Cathbhaid, ag lorg cabhrach draíochta uaidh. Gheall Conchubhar do Chathbhaid gur ag iarraidh mic Uisnigh a smachtú amháin a bhí sé, agus nach raibh sé ag iarraidh iad a mharú. Ach gabhtar mic Uisnigh de bharr farraige draíochta a chruthaigh an draoi, agus ar ordaithe Chonchubhair cuirtear chun báis iad, (Leagan II).
‘is mó bhar dtighearnas féin in Albain iná tighearnas Conchobhair in Éirinn’. Níos cumhachtaí fós — agus arís i leagan II — nuair a thagann Clann Uisnigh ar ais go hEamhain le Deirdre cuireann Conchubhar Tréandorn le spiaireacht orthu, féachaint an bhfuil Deirdre fós chomh hálainn agus a bhíodh sí. Is éard a deir Tréandorn ar fhilleadh dó ná:
Is truamhéileach mar a tharla. Bhí Cathbhaid gaolta le mic Uisnigh: ní smachtódh sé iad ach go bhfuair sé geallúint ó Chonchubhar ina dtaobh. Feall agus mí-ionracas Chonchubhair atá arís ag cothú na tragóide agus é ag briseadh a bhriathar féin athuair.
‘Is í súd aoinbhean is fearr dealbh annsa domhan agus budh rí an domhain Naoise dá leagar dó í’ Tosaíonn an scéal seo faoin Ríogacht le breith choscrach Dheirdre agus críochnaíonn an scéal lena bás, atá chomh coscrach céanna. Ar an lámh eile, áfach, is bean daonna í a saolaíodh agus Conchubhar ina Rí cheana féin, agus faigheann sí bás agus é fós ina Rí. I bhfocla Máire Herbert mar sin: ‘she is not, therefore, the incarnation of royal power’.8
Tá an feall agus an cruálacht seo de chuid Chonchubhair á chur i gcomórtas le huaisleacht agus laochas Naoise agus an grá idir é féin agus Deirdre. FOIRM AN SCÉIL Is éard atá sa scéal seo againn ná foirm bhunúsach Ind-Eorpach de Thriantán an Ghrá: an seanrí éadmhar, an ógbhean álainn atá pósta nó geallta leis, agus an t-óglaoch ionraic. Is éasca dúinn, mar sin, comparáid a dhéanamh idir an scéal seo agus scéalta ar nós Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne de chuid na tíre seo, scéal Tristan agus Isolt ón mBreatain, agus fiú scéal Adonis agus Afraidíte ón nGréig agus an Meán-Oirthear.
AISLINGÍ – TRAGÓID Is iomaí aisling, tuar agus tairngreacht sa scéal agus tagann mórán acu ó Dheirdre féin. Ar ndóigh is é chéad tairngreacht an scéil ná tairngreacht sin Chathbaid i dtaobh Dheirdre. Tairngríonn sé áilleacht Dheirdre agus an bás a thiocfaidh i measc laochra Uladh dá bharr: ‘Bé dia mbiat il-ardbe Eter Ulad erredaib’
Ag plé na foirme dúinn, is tábhachtach comhthéacs cumadóireachta na leaganacha scríofa a thuiscint. Cé gur scéal béaloideasa a bhí ann i dtús báire, chuir na manaigh i scríbhinn é sa luaththréimhse Chríostaí. Ar ndóigh tháinig an scríbhneoireacht isteach sa tír seo leis an gCríostaíocht. Tá rian na Críostaíochta le feiscint ar na leaganacha scríofa atá le fáil againn, mar sin. Fós féin is iad an phágántacht agus an
Chomh fada is a bhaineann lena bhfuil ráite againn i dtaobh an Fhlaithis, tá tábhacht leis an líne: ‘An té a mbeidh ríona formadach fúithi’ (Leagan I, alt 4) Tuar eile ná an chomparáid idir Naoise agus an fiach. Ar ndóigh, is éan catha agus báis é an fiach. www.feasta.ie
33
Feasta, Bealtaine 2013
tuatachas neamheaglasta is ábhar don scéal, ach mar a phléifimid anois tá rian na Críostaíochta le feiscint i gciontacht Dheirdre ach go háirithe.
2 Dooley, Anne. The Heroic Word: The Reading of Early Irish Sagas,
De réir dhearcadh athardha an chreidimh nua, bhí Deirdre ciontach as údarás Chonchubhair a shárú, agus is mídhlíthiúil a bhí a haontú le Naoise.9 Peaca ar nós pheaca Éabha ab ea Naoise a thabhairt léi agus an dlí athardha a bhriseadh. Is mór an peaca freisin é lámh a chur i do bhás féin, de réir dhlí na Críostaíochta.
4 Ó Fiannachta, Pádraig. An Grá sa tSeanscéalaíocht, alt i Léachtaí
alt in The Celtic Consciousness, (1982.): 156. 3 Kelly, Fergus. A Guide to Early Irish Law: 141. Colm Cille VI: 5. 5 ibid: 7. 6 Is féidir. teacht ar an scéal Aisling Óengusa sa leabhar The Dream of Oengus le Francis Shaw - féach Leabharliosta uimh. 10. 7 Op-Cit 3: 18.
Ba ghá anois, mar sin, go bhfreagródh an cur síos ar Dheirdre dá ciontacht nua. Sa bhunfhoirm ba é an féinmharú an t-aon bhealach a bhí fágtha ag Deirdre de bharr a grá do Naoise, agus toisc a focal a bheith tugtha aici nach mbeadh sí mar bhean ag beirt fhear. Deineadh na hathruithe seo le caolchúis, áfach, agus ar bhealach a shásaigh an pobal comhaimseartha.
8 Herbert, Máire. Celtic Heroine, alt sa leabhar; Gender in Irish Writing: 17. 9 Herbert, The Universe of Male and Female, alt sa leabhar; Celtic Languages and Celtic Peoples: 61. LEABHARLIOSTA 1: Hull, Vernam. (eag.) Longes Mac N-Uislenn, Nua Eabhrac: The Modern Language Association of America. Londain: Oxford University Press, 1949.
Is sa tSean-Ghaeilge dhéanach a cuireadh an scéal seo i scríbhinn ar dtús, mar atá i leagan I. Tá leaganacha eile ar fáil sa Nua-Ghaeilge mhoch (ar nós leagan II). Deineadh a thuilleadh aistriúcháin san aois seo caite, deineadh leaganacha éagsúla Béarla chomh maith agus tá leaganacha ann i nGaidhlig na hAlban.
2: McCone, Kim. (eag.) Ó Fiannachta, Pádraig. (eag.) Scéalaíocht ár Sinsear, Má Nuad: An Sagart, 1992. 3: Mac Giolla Léith, Caoimhín. (eag.) Oidheadh Chloinne Huisneach, Irish Texts Society Iml. LVI. Londain: Irish Texts Soc., 1993. 4: Céitinn, Seathrún Comyn, David, (eag.) Foras Feasa ar Éirinn, The History of Ireland. Londain: Irish Texts Society: Nutt, 1902.
Is iomráiteach agus is clúiteach an scéal atá againn anseo, mar sin. Tá eolas forleathan air in Éirinn. Is scéal é a dtéann a fhoinsí i bhfad siar go dtí tréimhse réamhstairiúil, chuig cúlra Ind-Eorpach fiú. Glaonn sé fós orainn sa lá atá inniu ann, ámh. Tá comhábhair uilig an dea-scéil ann: grá, onóir, uaisleacht, crógacht, géire agus teannas, agus bithiúnach den scoth i bhfoirm Chonchubhair. Mar a dúirt Leabharcham – an bhancháinteach ar ghrá léi Deirdre — ‘bhí scéal aici a mhairfeadh go deo’.
5: Céitinn, Seathrún. Bergin, Osborn. (eag.) Sgélaigheacht Chéitinn, Stories from Keating’s History of Ireland B.Á.C.: Royal Irish Academy, 1991. 6: Dillon, Myles. Early Irish Literature, B.Á.C.: Four Courts Press Ltd, 1994. 7: Dillon, Myles. (eag.) Irish Sagas, Corcaigh: Mercier Press, 1968. 8: Kelly, Fergus. A Guide to Early Irish law, (Early Irish Law Series Iml. III.) B.Á.C.: Dublin Institute for Advanced Studies, 1988. 9: Straffon, Cheryl. The Earth Goddess, Celtic and Pagan Legacy of the Landscape, Londain: Blandford, 1997. 10: Ní Shé, Nessa. Toraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, Éire: Longman, Brún agus Ó Nualláin, 1971. 11: Ó Corráin, Donnchadh, (eag.) Breatnach, Liam, (eag.) McCone, kim, (eag.) Sages, Saints and Storytellers, Celtc Studies in Honour of Prof. James Carney, Maynooth Monographs 2. Má Nuad: An Sagart, 1989. 12: Shaw, Francis. (eag.) The Dream of Oengus, Aislinge Óenguso. B.Á.C.: Browne agus Nolan, 1934. AILT 1: Herbert, Máire. The Universe of Male and Female, A Reading of the Deirdre Story, Celtic Languages and Celtic Peoples: Proceedings of the Second North American Congress of Celtic Studies. Byrne, Cyril. J., (eag.) Harry, Margaret, (eag.) Ó Siadhail, Pádraig, (eag.) Halifax, Nova Scotia: D’arcy McGee Chair of Irish Studies, 1992.
TAGAIRTÍ
2: Herbert, Máire. Celtic Heroine? The Archaeology of the Deirdre Story, Gender in Irish Writing, O’Brien, Toni, (eag.) Cairns, David, (eag.) Philadelphia: Open University Press, 1991.
1 Is iad na leaganacha den scéal a bheidh á bplé anseo ná: Leagan I: Eagrán Vernon Hull - ‘Longes mac nUislenn’ - a chuir sé le chéile don Modern Language Association of America agus a bhaineann leis an 8ú agus an 9ú céad. Tá aistriúcháin Nua-Ghaeilge ar seo ann - Loingeas mac nUisnigh - Pádraig Ó Fiannachta agus Kim McCone a d’aistrigh agus tá sé ar fáil sa leabhar: Scéalaíocht Ár Sinsear.
3: Ó Fiannachta, Pádraig. An Grá sa tSeanscéalaíocht, Léachtaí Cholm Cille VI, Má Nuad: An Sagart, 1975. 4: Ní Bhrolcháin, Muireann. Scéal Dheirdre, Léachtaí Cholm Cille XIV, Má Nuad: An Sagart, 1983.
Leagan II: ‘Oidheadh Chloinne hUisneach’, curtha in ord ag Caoimhín Mac Giolla Léith in Irish Texts Society, Iml. LVI. Is as lámhscríbhinn Gleann Másan dó agus baineann sé leis an tréimhse 1400 - 1500 A.D.
5: Dooley, Anne. The Heroic Word: The Reading of Early Irish Sagas, The Celtic Consciousness O’Driscoll, Robert, (eag.) Portlaoise: The Dolmen Press, 1982.
Leagan III: Leagan Sheathrún Chéitinn in Foras Feasa ar Éirinn a chur seisean le chéile sa 17ú céad.
www.feasta.ie
——◊——
34
Feasta, Bealtaine 2013
‘NÍ LIA TÍR NÁ GNÁS’ Dúchas an Duine, Luach an Bhéaloidis An Dr Stiofán Ó Cadhla, Ceann Roinn an Bhéaloidis, Coláiste Ollscoile Chorcaí Caint a tugadh ag ‘Dúchas: Éigse do Thiobraid Árann i nDún Mhuire, Áras Chonradh na Gaeilge, ar an Aonach, 15 Meán Fómhair 2012
S
a leabhar Progress: an Episode in the History of Hunger, dúirt Parmalee Prentice gur cuma an dul chun cinn agus eachtra i seanchas an ocrais (Fussell 35). Timpeall 35,000 bliain ó shin a tháinig Homo sapiens go dtí an Eoraip, tar éis don speiceas beartaíocht mhór a dhéanamh i réimse na teicneolaíochta (Springer 26). Deir Patel go raibh an speiceas tosaithe ar fhorbairt na heolaíochta na cianta cairbreacha roimh an naoú céad déag (Patel 306-7). Déantar amach go bhfuil cáilíochtaí bunúsacha an duine nua-aoisigh ag homo sapiens le tuairim is 60,000 bliain. Pé scéal é, bhí beiriú a gcoda acu mar speiceas, airm agus uirlisí dea-dhéanta, agus ina theannta san thugaidís clocha agus sliogáin ó áit go háit leo. Tuigtear go raibh deasghnátha, ealaín, siombail agus gnásanna faoi leith acu chun an marbh a thóramh agus a chaoineadh, mar shampla (Springer 159-160).
forebears of 5,000 years before’ (luaite ag Viney 75). Má éirimid as sa bhliain 1900, agus an réabhlóid náisiúnach ina airde láin, d’fhágfadh san aon mhíle dhéag bliain den saol agus den bheatha as an áireamh. Is le déanaí, ach an longue durée a áireamh, a d’iompaigh tromlach na ndaoine ar Bhéarla, ach is tuairim an tabula rasa faoin am atá caite a bhíonn sa treis i réimsí áirithe den léann rómhinic. Dealraíonn sé ná raibh aon deimhin againn ar dhúchas an Homo sapiens go dtí na seachtóidí den 20ú hAois, fiú má d’ainmnigh Carl von Linnaeus (1707-1778) an speiceas sa leabhar Systema Naturae sa bhliain 1758. Le litir mhór a litrigh sé an cineál, sé sin Homo, agus d’fhág an speiceas, sé sin sapiens, focal a chiallaíonn clisteacht, i dtaobh le ‘s’ beag. Thuig Charles Darwin (1809-1892) conas mar a bhí, ach ní raibh dóthain iarsmaí daonna ón Afraic aige chun deimhin a dhéanamh dá chuid amhrais sa Decent of Man sa bhliain 1871 (Springer 7). Trátha an ama chéanna sa bhliain 1846, agus an Gorta i mbarr na léir-loitiméireachta, a chum William J. Thoms an nuafhocal Victeoiriach AnglaShacsanach par excellance ‘folk-lore’.
Is mó leabhar staire a rianaíonn tús na fiontraíochta siar go dtí an Réabhlóid Thionsclaíoch, ach ceapadh mórán saorgán i bhfad roimhe sin. Orthu san bhí tine, feirmeoireacht, fíodóireacht, potaireacht, curadóireacht, síoladóireacht, leá na mianraí is an mhiotail, rothaí, An ealaín – i measc cáilíochtaí carráistí, bóithre, bunúsacha an duine nua-aoisigh! seolta, halmadóirí, compáis, astralaíocht, uimhríocht, geoiméadracht, ailtireacht, pleanáil cathrach, páipéar, priontáil, gloine, Altamira giaranna, úmacha, púdar tine, clónna, eagnaíocht, creideamh agus geilleagar (Patel 307). I gcúrsaí talmhaíochta tá an claí agus an díog ann ó na Meánaoiseanna (Fussell, 15). Nuair a d’fhoilsigh Fitzherbert an chéad leabhar as Béarla ar chúrsaí talmhaíochta sa bhliain 1523, bhí na goirt á ndeargadh ag an gcéacht agus an céacht á tharraingt ag ainmhithe cheana féin (Fussell 35). Sa tSeanGhaeilge atá na téarmaí is luaithe in aon teanga Eorpach ar chodanna de roth an mhuilinn (Rynne 18).
Tamall ní ba dhéanaí, sa bhliain 1859, is ea a foilsíodh The Origin of the Species. Le linn na haimsire seo is ea a d’éirigh cuid den rangú ‘eolaíochtúil’ ar bheatha an duine. Cromadh ar ord agus ar eagar a chur ar éirí aníos an duine. Sa Bhreatain cuireadh an Folklore Society ar bun sa bhliain 1878, seacht mbliana i ndiaidh an Decent of Man a bheith foilsithe (1871). Tugann Walsham ‘the heyday of the scientific study of superstition and of the elaborate theory of survivalism that came to underpin it’ air (Walsham 179). Bhí céimniú agus grádú ar siúl, agus aicmí agus institiúidí ag breith bairr ar a chéile. Ag an leibhéal b’íochtaraí den tsochaí, nó i measc ciníocha a bhí i chun deiridh ó thaobh forbartha, a chonacthas an béaloideas. Ní mar bhuaic ná mar bharr eolais a féachadh ar na mílte bliain de thaithí an duine, ach mar dheasca na clochaoise.
N
í raibh eolaíocht na haimsire saor ó chlaonadh. I rangú Linnaeus, mar shampla, is amhlaidh a d’ainmnigh sé ceithre cinn de fhospeicis Homo sapiens, ach is do speiceas na hEorpa a thug sé an chraobh chomh fada agus a bhain le meabhair chinn. Bhí dlithe ag Homo europaeus, ach ní raibh ach ‘nósanna’ ag Homo americanus. Ar thuiscintí ar chine agus ar aicme a bunaíodh cuid den tuairimíocht. Ba chuid den rangú éabhlóideach an cultúr. Pléadh dúchas, ginealach, gineadh, cúrsa, ladhrú agus dul chun cinn, nó dul ar gcúl, ar bhonn cine go minic. Níl aon ghabháil inniu le téarmaí dála negroid, caucasoid, australoid nó mongoloid (Springer 185). Is dian nó tá a rian, nó rian a riain, ar chriosanna den léann fós. Is argóint bheo inniu féin difríochtaí a bheith idir an ‘IQ’ a bhíonn ag pobail éagsúla i
Déantar amach go bhfuil an duine in Éirinn ó thuairim is 9,000 RCh. Deir Stringer gur bailitheoir ó dhúchas an duine; is amhlaidh a chruthaíonn sé nó sí friotal agus foclóir chun an domhan ina maireann sé, idir fisiciúil agus samhlaíochtúil, a ainmniú agus a thuairisciú (Stringer 214). Ní miste tosnú, más sa chomhthéacs fiannach féin é, le hábhar macnaimh: deir de Paor, ‘in early Victorian Ireland hundreds of thousands of people were actually worse off than their www.feasta.ie
35
Feasta, Bealtaine 2013
Cuid de chultúr comhchoiteann Eorpach mór-chuid den bhéaloideas. Maolú mór ar Eorpachas na hÉireann an cúlú ón teanga agus ón gcultúr. réigiúin éagsúla (Springer 185). Deir Thomas go bhfuil na héagsúlachtaí seo ‘epistemic as well as stereotypic’; is deacair iad a sheachaint de chionn iad a bheith mar mháthairthuairim i gcúlra an léinn chéanna a chleachtann cuid againn ó lá go lá (Thomas 81). An cheist a rithfeadh leat ná: má bhí difríochtaí idir speicis d’ainmhithe, an raibh aon difríochtaí idir treibheanna éagsúla? (Thomas 80).
gluaiseacht a raibh tionchar ag an náisiúnachas san impireacht uirthi, ag séideadh faoi chuid de cheannródaithe an chultúir in Éirinn. Oidhreacht fhearúil Chaitliceach náisiúnta a shamhlaigh mórchuid acu. Is oidhreacht í nár reitigh i gcónaí le hiompar ná le heolas iarbhír an phobail. Tá fianaise sa bhéaloideas féin nach mar a shíleadh a sheinneadh i gcónaí. Tá amhras caite ag Bendix ar ghnéithe áirithe de mharana an náisiúnachais; deir sí, mar shampla, ‘Volkskunde was a major player in Nazi Germany because the Cros Bhríde discipline’s ideology of uncovering and preserving a pure folk heritage fuelled and sustained the Nazis’ racist programs’ (Bendix 240). Tá nimh éigin i gcuid de na hargóintí seo a leathann amach agus a dhéanann díobháil, nuair a bhítear ag iarraidh an t-eolas a thuiscint san eitneolaíocht babhtaí. Tá Caoimhín Ó Danachair ar a dhícheall sa leabhar iontach The Year in Ireland ag iarraidh a chur ina luí ar an léitheoir nach swastika an chros Bhríde (Danaher 17).
T
hráchtadh suirbhéirí de chuid an tSuirbhé Ordanáis ar bhundúchasaigh na tíre mar aborigines, the vulgar nó peasantry; ag tarraingt ar fhoclóir a bhí coitianta go maith lena linn a bhíodar (Ó Cadhla 2007 103). Bhí Indian i Meiriceá Thuaidh agus Theas; agus aborigine san Astráil. Téarmaí Eorpacha ab ea a bhformhór seo ar na ciníocha a fuair Eorpaigh rompu i bhfad ó bhaile. Do chiníocha nach ón Eoraip ó dhúchas a thagraíodh an téarma indigenous de ghnáth; téarma is ea é a thagann ón bhFraincis indigene agus ón Laidean indigena. Deir de la Cadena agus Starn, ‘these forms of relationality expressed European superiority insofar as “indigenous” was synonymous with “pagan,” heathen souls to be saved through Christianity. Later as reason displaced faith as authority’s foundation, “the pagan” was renamed “the primitive” (as opposed to “civilized”) including those classified as “tribal”, “native” and “aborigine” in colonial administrative lexicons’ (de la Cadena agus Starn 4). Tá gaol ag an bhfocal peasant leis an bhfocal pagánach, ón Laidean paganus agus ón bhFraincis païsant nó païs a chiallaíonn ceantar tuaithe (Ó Cadhla 2007 103). Mhair an focal padhsán i mBéarla Chorcaí, agus ní haon mholadh é. Is léir gur bhain cuid de na catagóirí le heolas an íochtaráin agus cuid eile acu le heolas an uachtaráin: sraithniú ar thuiscintí a bhí ann, agus breithiúnas ar chineálacha agus ar údarás an eolais.
Tugtar rabhadh ó am go chéile timpeall ar cheist an náisiúnachais sa mhéid is go mbraitear baol a bheith ann go n-iompaíonn amach ina aithris ghlan ar an gciníochas a bhain leis an gcoilíneachas: ‘the other has become the self and the values are reversed’, rud a chuireann na Gaeltachtaí in amhras sa réimse iarchoilíneach (Pieterse agus Parekh 9). Tá baol ann go gcaitheann, nó gur chaith, an réimeas náisiúnach leis an bpobal, a bheag nó a mhór, mar a chaith an réimeas impiriúil leo lena linn féin. Tháinig náisiúnaithe áirithe anuas ar phiseoga agus ar nósanna. Féach amhras an laoich mhóir Dan Breen faoin ‘superstitious old woman’, a chuir an milleán ar na hiománaithe sí nuair a fuair deartháir leis bás. Ba bheag air an ‘gleo’ a bhí ag na mná caointe ag tórramh a athar (Breen 7).
Ó Éire ré Victeoiria, dá bhrí sin, a thagann cuid den tuiscint nuaaoiseach ar bhéaloideas chugainn. Tháinig léann an bhéaloidis chun cinn ‘within a fashionable evolutionary paradigm, magic, religion, and science being seen, respectively, as successive stages of human cognitive development’ (Smith 30). Dhein E. P. Tylor (1832-1917) amach gur iarsmaí iad; chloígh Laurence Gomme (1853-1916) leis an tuairim chéanna, agus shíl Sir James Frazer (1854-1941), údar The Golden Bough (1907-1922), gur marana primitíveach an phiseog. Ar a shon gur féidir an focal ‘béaloideas’ a leanúint siar go dtí saothar Sheathrúin Chéitinn (c.1580-c.1644), is mar ‘dúchasú ar oidhreacht Thoms’, a úsáidtear an focal ó am go chéile (Ó Cadhla 2011 17).
S
a Ghréig chreid daoine sna exotika (deamhain nó sprideanna), rud nár oir i gcónaí do náisiúnaithe a bhí ag iarraidh íomhá Chríostúil shibhialta a chruthú (Smith 31). Bhí bá ag náisiúnaithe le codanna den chultúr, agus amhras nó náire orthu mar gheall ar chodanna eile de. Ba cheart gur ábhar suime linn an náire seo féin. Uaireanta dealraíonn sé gur dioscúrsa customs and habits na n-ársaitheoirí Béarla a tugadh isteach sa Ghaeilge mar ‘nósanna agus piseoga’ cuid mhaith. Cuireann Anttonen i gcuimhne dúinn go gcaitheann gach taobh a bheith ag aighneas leo ar aghaidh i ndeireadh na dála, ‘neither position per se is more scientific than the other. Having a nationalistic bias is a political choice, and therefore our judgement of it cannot be independent of our own argumentative positions in relation to the means, goals and identity constructions involved’ (Antonnen 91). An fhadhb a bhíonn ann ar uairibh ná nach nochtann scoláirí ionad a gcuid aighnis in ainm na hoibiachtúlachta dúmais.
Tuigtear go raibh an náisiúnachas, Sasanach, Breatnach nó Gearmánach, ag séideadh faoi Thoms nuair a cheap sé an focal (Anttonen 88). Bhí an náisiúnachas Éireannach, www.feasta.ie
36
Feasta, Bealtaine 2013
Déantar iarracht imeallú nó andúchasú a dhéanamh ar an teanga agus ar an gcultúr, agus cúngú ar an timpeallacht agus ar an gcomhshaol intleachtúil ina maireann sí. Sa litríocht dhomhanda ar léann an dúchais pléitear cuid de na ceisteanna seo ar shlí atá rud beag éagsúil le léann traidisiúnta an bhéaloidis, a bhfuil seantaithí againn go léir uirthi. Tá an urlabhra, an cultúr agus an éagsúlacht bhitheolaíochtúil éiceolaíochtúil tagtha anuas chugainn mar chorp eolais ón tseanaimsir. Is deacair luach an eolais seo a mheas agus a chur in iúl do phobal an lae inniu. Nuair a thosnaigh mise ag múineadh an bhéaloidis, ba léir dom gur thuig na mic léinn an-chuid den ábhar; inniu ní fheadair cuid acu cad is ‘bean sí’ ann.
Le tamall de bhlianta baineann tráchtairí áirithe úsáid as an téarma ‘Gaelic’, rud a shamhlaímid le hAlbain nó le tuaisceart na tíre, chun cur síos ar Ghaeilge. Déantar iarracht imeallú nó andúchasú a dhéanamh ar an teanga agus ar an gcultúr, agus cúngú ar an timpeallacht agus ar an gcomhshaol intleachtúil ina maireann sí. Samhlaítear mionlach eitneach taobh istigh den stát leis an nGaeilge, leis na Gaeltachtaí (Garbhchríocha an phobail dhúchasaigh, an seanscéal céanna), sna ‘concentration camps without barb wires[ mar a déarfá, ‘that abound within the First World in the form of ghettos, rural mountains of Applacia, and Indian reservations’ (Macedo xi-xii).
I
s beag duine a shéanfadh gur boichtede an saol nuair a chailltear speiceas éigin, nó nuair a mheathann teanga nó cultúr (Brush 3). Tuairimítear go gcaillfear 90% de theangacha an domhain san aois seo féin. Tá 90% den 250 teanga dhúchais san Austráil i mbaol báis (Brush 3-5). Is fada tráchtairí, ó sheascaidí na haoise seo caite go háirithe, ag rá go raibh Éire rófhada ar imeallbhord na hEorpa agus an domhain mhóir, rófhada ar a stuaim féin nó rópharóistiúil. Is tábhachtach le Novotny easpa na cumarsáide, ‘Isolation is a magnificent generator of diversity’ (Novotny 13-14). Ní gá ach súilfhéachaint a thabhairt ar mhapa na nGaeltachtaí: thiar ar shleasa sléibhe, sna gleannta, ar leithinisí agus ar ranna cósta a mhair an Ghaeilge agus an cultúr dúchais cuid mhaith, ag sléibhteánaigh agus ag iascairí. Ní fheadar an fíor gur féidir scoiteacht a thomhas de réir mílte den bhóthar ó chathair nó ó bhaile mór. Ceann de na príomhrudaí a fhoghlaimid ó léann an bhéaloidis ná gur cuid de chultúr comhchoiteann Eorpach mórchuid de. Is maolú mór ar Eorpachas na hÉireann an cúlú ón teanga agus ón gcultúr.
Tugann na húdair seo rabhadh dúinn gan titim siar ar an rómánsaíocht a bhíodh ag séideadh trí sheanléann an bhéaloidis agus é ina óige. Molann siad chomh maith nach ciallmhar géilleadh don ‘poisonous paternalism’ nó don ‘charitable racism’, a bhfuil taithí ag cainteoirí Gaeilge orthu (Macedo xi). Is cóir a bheith soiléir nach tuiscint eisintíoch atá i gceist; admhaítear go mbíonn teorainneacha agus clathacha an eolais, bog íseal mar atá siad, le trasnú. Bíonn an béaloideas gabhlánach. Is mó leigheas tíre a tháinig anuas ón leigheas oifigiúil agus is mó leigheas tíre a chuaigh isteach sa leigheas oifigiúil. Chímid a leithéid i réimse an cheoil, an rince agus na n-uirlisí ceoil. Ó eolas an dúchais a thug Linnaeus féin an córas ainmnithe aige, agus fuair William Withering (1741-1799), athair na cogaisíochta, oideas don Lus Mór ó bhean feasa i Sasana i gcéaduair (Ó Cadhla 2012 A 356). Deirtear gurb é Iwan Stossel, mac léinn gé-eolaíochta ón Eilvéis, a tháinig ar an seanrian is tábhachtaí ar Oileán Dairbhre sa bhliain 1992, casán ar a raibh rianta cos céad go leith Teitreapód (Viney 30). Carraig na gCrúb a thug na hoileánaigh riamh orthu. Cá bhfios ná go raibh fhios acu gur lorga crúb a bhí iontu. Ní eolas cuid den léann uaireanta ach easpa eolais.
Ba bhocht an cuntas ar deireadh ná scaoilfeadh faoi léirmhíniú éigin ar an eolas. Tugann Brush dhá cheann uaidh. Ar an gcéad dul síos luann sé ‘popular or folk knowledge that can be contrasted to formal and specialized knowledge that defines scientific and intellectual elites in both Western and non-Western societies’ (Brush 4). Is beag nuacht ansan seans. Ach ar an dara dul síos deir sé gurb é atá ann:
T
á córas Ardoifig an Phoist eilíteach 1916 corparáideach a fheidhmíonn ar bhonn brabúis faoi réim inniu sna hollscoileanna. Is ar mhaithe leis an mbrabús atá siad, agus ní héifeacht leo cad atá i ndán don teanga ná don chultúr. Tá moladh i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoi láthair chun an Ghaeilge a bhaint de riachtanas an mháithreánaigh. Ní dóigh leo go mbaineann an cultúr le brabús agus dealraíonn sé ná tuigeann siad an breall atá orthu fiú sa mhéid sin. Ní gá – agus is eol do Ghaeilgeoirí é seo go rómhaith is dócha – go dtiocfadh slánú sa náisiún-stát.
‘the systematic information that remains in the informal sector, usually unwritten and preserved in oral tradition rather than in texts. In contrast, formal knowledge is situated in written texts, legal codes, and canonical knowledge. Indigenous knowledge is culture-specific, whereas formal knowledge is decultured’ (Brush 4). Babhtaí maítear gur le treibheanna faoi leith nó le mionlaigh a leithéid seachas le ‘folk’ (Brush 4). Cuireann Greaves leis an tuiscint seo nach fíricí a bhíonn ann, bíonn aontacht nú univers cultúrtha dá chuid féin aige; naofacht a sholáthraíonn fotha an chultúir, trína mbraitheann an pobal an communitas, an fhéiniúlacht nó an t-ancaire sineartha (Greaves 26). Is é a deir Kincheloe agus Steinberg ‘a multidimensional body of understandings that have – especially since the beginnings of the European scientific revolution of the 17th and 18th centuries – been viewed by Euroculture as inferior and primitive’ (136); a ‘lived-world form of reason that informs and sustains people who make their homes in a local area’ (136). Bealach le breathnú amach ar an saol atá ann nó ealaín bheatha. www.feasta.ie
Is beag leas a bhaintear as indigenous people in Éirinn, scéal suimiúil ann féin. Scartar folk (na h-indigenes dúchais de réir náisiúnaithe ón bhfichiú haois) de ethnology (na h-indigenes thar lear ag impiriúlaithe leis na céadta), rud atá le feiscint 37
Feasta, Bealtaine 2013
Cruthaíonn an béaloideas léargais nua a thagann ó chroílár na ndaonnachtaí. Eolas is ea é a fháisctear as taithí an duine seachas as fuarchroí na réasúnaíochta iartharaí! dearcadh i leith an impiriúlachais, na coilíneachta, an chultúir agus na teanga taobh istigh de na scoileanna nó de na hollscoileanna féin (148). Spreagann éagsúlacht an ábhair ceistiú na dtéacsanna. Léiríonn sé gur féidir bunús agus seasamh an eolais a rianú agus a thuiscint.
sa mhúsaem náisiúnta. Níor admhaíodh a leithéid sa choincheap den Ghalltacht, mar shampla, a tharraing teorainn bhreac-chiníoch idir pobail na tuaithe? Tá Éire faoi ascaill na Breataine an fad san go bhfuil daoine ag maíomh fiú gur cuid de thionscnamh na coilíneachta domhanda na Gaeil féin (Newton). Mar chine geal fuair Éireannaigh, nó Albanaigh, nó ‘Ceiltigh’ eile is dócha, an dá thrá a fhreastal. Taobh istigh de thraidisiún briste sa léann, agus de thuiscint Euralárnach nó Angla-Mheiriceánach seans, cé mhéid den eolas seo a thuigimid sa tslánchruinne.
(iii) Tugann léann an bhéaloidis bheith istigh do phobail iomadúla éagsúla a bhí thíos le faillí na stát le fada an lá. Éilíonn sé dearadh curaclaim atá ar mhaithe leis an saol agus leis an domhan mór. Cabhraíonn an t-eolas le coincheapú na gcleachtas acadúil, ‘it is a way of seeing that helps us to expose the fingerprints of power in existing academic knowledge’ (149)
B
íonn amhras faoin mbéaloideas ar bhonn moráltachta, náisiúntachta, léinn agus polaitíochta. Féachtar ar fhoirmeacha áirithe den eolas mar bhagairt ar láimh amháin nó mar earra (135). Táthar cromtha i léann an bhéaloidis ar luach an eolais a chíoradh; an luach atá ann don oideachas, don il-loighiciúlacht nó multilogicality, don éagsúlacht, agus do cheart an Phobail (135). Acmhainn don scoláire, don mhúinteoir bunscoile agus meánscoile, d’oibrithe sóisialta, d’iriseoirí agus don phobal is ea Stiofán é. Tumann sé isteach i ndomhain Ó eile tuisceana iad, agus cuireann Cadhla athrach tuairimíochta ar fáil, ceann de na rudaí is gannchúisí amuigh sa lá atá inniu. Léiríonn sé tuiscintí a bhíonn bunoscionn go minic leis na tuiscintí coinbhinsiúnta comhaimseartha. Taobh amuigh de na nósanna agus de na piseoga is léiriú saibhir ar mhacnamh agus ar chumas fealsúnachta an duine é. Cuireann sé ar ár gcumas doirseoirí an eolais a cheistiú agus an léann folláin fiosrach beo a chur chun cinn.
(iv) Cruthaíonn sé léargais agus léasanna nua a thagann ó chroílár na ndaonnachtaí. Eolas is ea é a fháisctear as taithí an duine, seachas as fuarchroí na réasúnaíochta nó na heolaíochta ‘oibiachtúla’ Iartharaí. Is eolas socheolaíochtúil, éiceolaíochtúil, fealsúnta, talmhaíochtúil, oideachasúil agus míochaine é. Má tá tábhacht ann don Éireannach, tá tábhacht ann don saol mór mar a gcéanna. Tá tábhacht i saíocht ildúchais an domhain mhóir don Éireannach chomh maith. Bíonn mí-úsáid á bhaint go minic as a leithéid. Oscailt súl is ea an t-oideachas il-loighiciúil nó an multilogical education, chun cur ar chumas an mhic léinn an fhéachaint amach nó an meon aigne acu féin, agus ag ciníocha eile, a thuiscint. Oibríonn sé ar leibhéal domhanda, cuireann sé tuaisceart ag comhrá le deisceart, rud a oibríonn taobh istigh de theorainneacha ar leibhéil éagsúla chomh maith (149). Cothaíonn sé dlús agus feabhas san oideachas trí chéile. Tuigeann múinteoirí agus mic léinn dearcthaí éagsúla. Tuigtear an chanóin, ach ní ghlactar léi mar rud uilíoch, ‘as the only body of cultural knowledge worth knowing’ (150).
Ar deireadh, seo roinnt pointí suimiúla a luann Kincheloe agus Steinberg, a thugann faoin gceist a chuir mé ag tús na cainte a fhreagairt: cad é ‘luach an bhéaloidis’:–
T
(i) Spreagann sé athmharana ar ár n-aidhmeanna mar oideachasóirí. Múineann sé go bhfuil níos mó ná aon tslí amháin chun féachaint ar fhadhbanna, nó go deimhin ar an saol trí chéile. Cuireann sé ar ár gcumas dul amach ar na siollabais agus ar na curaclaim, agus ar an tslí a dtugann siad tosaíocht do dhearcadh faoi leith. Cuireann sé ábhar macnaimh ar fáil a chothaíonn fiafraitheacht mar gheall ar údarás na réasúnaíochta sa léann nua-aoiseach. Cabhraíonn sé a fhoghlaim conas ciall a bhaint as eolas agus as slite chun eolas a chruthú. Is é atá sa léann ón 17ú haois, ‘the only game in the academic town’ (147), ach tarraingíonn an béaloideas anuas eachtra mhór i seanchas an léinn, an tslí a scaradh an duine agus an pobal, agus inar éirigh an t-indibhidiúlachas.
á seans ann, ón uair go bhfuil tráite ar sheanchaomhnacht an reiligiúin agus an náisiúnachais agus an impiriúlachais, tá seans ann féachaint siar as an nua ar an acmhainn atá againn agus curaclaim nua a dhearadh, a nascann an t-eolas luachmhar seo leis na comhthéacsanna agus leis na máithreacha sa chultúr dúchais a chruthaigh é. Má theastaigh ó impiriúlaithe é a chur fé chois, má bhí ón gcléir é a choinnealbhá, má bhí ó náisiúnaithe é a bhailiú, a chaomhnú agus a chur i gcló, inniu is mar ghreasán eolais atá iomlánaíoch agus spioradálta a fhéachann géaga den léann air, mar eolas a bhfuil ar a chumas an domhan a chaomhnú agus a athnuachaint fiú (151). Ní luíonn sé leis an modh Euralárnach staidéir, leis an smacht ná leis an bhforlámhas a leanann sin? Tá an modh Cairtéiseach-Niútanach-Baconach bunaithe ar uaillmhian, a shíleann máistreacht a fháil ar an domhan mar bhrá umhal-scéaltach maol. Is é atá sa bhéaloideas, go dtí tamall de bhlianta ó shin, dar lena lán, ceann de na bránna.
(ii) Díríonn sé aird ar na slite ina gcruthaítear an t-eolas a bhfuil glacadh leis nó a bhfuil col leis. Léiríonn sé na slite a dtugtar údarás agus gradam d’eolas faoi leith. Tugtar le fios gur eolas neodrach, daonna a leithéid go minic, ach an ar mhaithe leis an duine dáiríre é? Is deacair béaloideas nó cultúr dúchais a phlé gan dul amach ar an
LÉITHEOIREACHT Anttonen, P.J. 2005 Tradition Through Modernity: Postmodernism and the Nation-State in Folklore Scholarship. Helsinki. Bell, J. agus Watson, M. 2008 A History of Irish Farming 1750-1950. Baile Átha Cliath.
www.feasta.ie
38
Feasta, Bealtaine 2013
Ó Cadhla, S. 2011 An tslat féithleoige: ealaíona an dúchais 1800-2000. Indreabhán. Ó Cadhla, S. 2012 (A). An lus mór: eolas na bpiseog agus piseog an eolais. In R. uí Ógáin, W. Nolan agus É. Ó hÓgáin (eag), Sean, nua agus síoraíocht. Baile Átha Cliath, 347-363. Ó Cadhla, S. agus Ó Giolláin, D. (eag.), 2012 (B) Léann an Dúchais: aistí in ómós do Ghearóid Ó Crualaoich. Corcaigh. Ó Duilearga, S. 1948 Leabhar Sheáin Uí Chonaill. Baile Átha CLiath. Patel, S.J. 1996 Can the intellectual property system serve the interests of indigenous knowledge? In S.B. Brush agus D. Stabinsky (eag), Valuing local knowledge: indigenous people and intellectual property rights. Washington DC, 305-322. Pieterse, J. agus Bhikhu, P. 1995 Shifting imaginaries: decolonisation, internal decolonisation, postcoloniality. In J. Pieterse agus P. Bhikhu (eag), The decolonisation of the imagination: culture, knowledge and power. London, 1-19. Rynne, C. 2003 Development of milling technology in Ireland, c. 600-1875. In A. Bielenberg (eag) Irish flour milling: a history 600-2000. Baile Átha Cliath, 11-37. Smith, S.A. agus Knight, A. (eag), 2008 the religion of fools? superstition past and present. Oxford. Springer, C. 2011 The origin of our species. London. Thomas, N. 1994 colonialism’s culture: anthropology, travel and government. Cambridge. Viney, M. 2003 Ireland:a smithsonian natural history. Washington. Walsham, A. 2008 Recording superstition in early modern Britain: the origins of folklore. In S.A. Smith agus A. Knight (eag), The religion of fools? superstition past and present. Oxford, 178-207.◊ — Críoch
Bendix, R. 1998 Of names, professional identities, and disciplinary futures. In Journal of American Folklore 111, 235-246. Breen, D. 1924 My fight for Irish freedom. Dublin. Brush, S.B. 1996 ‘Whose knowledge, whose genes, whose rights?’. In S.B. Brush agus D. Stabinsky (eag), Valuing local knowledge: indigenous people and intellectual property rights. Washington, 1-21. De la Cadena, M. agus Starn, O. (eag) 2007 Indigenous experience today. Oxford. Estyn-Evans, E. 1957 Irish folk ways. London. Fussell, G.E. 1981 The farmer’s tools: the history of British farm implements, tools and machinery AD 1500-1900. London. Greaves, T. 1996 Tribal rights. In S.B. Brush agus D. Stabinsky, (eag), Valuing local knowledge: indigenous people and intellectual property rights. Washington DC, 25-40. Smith S.A. 2008 Introduction. In S.A. Smith agus A. Knight (eag.) The religion of fools: superstition past and present. Oxford, 7-55. Kincheloe, J.L. agus Steinberg, S.R. 2008 Indigenous knowledges in education. In N. K. Denzin, Y.S. Lincoln agus Smith, L.T. Critical and indigenous methodologies. Los Angeles. Macedo, D. 1999 Decolonising indigenous knowledge. In L.M. Semali agus J.L. Kincheloe (eag) What is indigenous knowledge? Voices from the academy. London. Newton, M. 2008 Celtic cousins or white settlers? Scottish highlanders and first nations. In K.E. Nilsen (eag), Rannsachadh na Gàidhlig 5. Nova Scotia, 221-237. Novotny, V. 2009 Notebooks from New Guinea: field notes of a tropical biologist. Oxford. Ó Cadhla, S. 2007 Civilizing Ireland: ordnance survey 1824-1842: ethnography, cartograhy, translation. Baile Átha Cliath.
Bhuaigh an clár dar teideal ‘An Galar Dubhach’ le Kirsty an Chnoic, mac léinn tríú bliana, an duais Iriseoireachta Raidió. Sa chlár seo rinne cairde léi cur síos ar an ngalar dubhach agus ar an gcaoi a ndeachaigh an galar i gcion orthu féin. Rinne Kirsty an clár seo mar chuid den obair scrúdaithe sa mhodúl Craoltóireacht Raidió. D’éirigh le Daithí Ó Cinnéide ón B.A. sa Cian Ó Lorcáin, Colleen Ní Bhaistir, Aodhán Ó Chumarsáid Maoileoin buaiteoirí, Léiriúcháin Teilifíse is Fearr. ,gradam don Léiriúchán Teilifíse is Fearr i nGaeilge (Faisnéis agus Drámaíocht) a bhaint amach don ghearrscannán Scáth Daoine. Tugann an scannán seo léargas ar an aonaracht agus ar an gcoimhthíos a thagann ar fhear meánaosta agus é ag machnamh ar na deiseanna a chaill sé agus é ina fhear óg. Rinneadh taifead ar Scáth Daoine anuraidh ar an gCeathrú Rua. Go dtí seo tá mic léinn Aonad na Cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, tar éis an gradam don Léiriúchán Teilifíse is Fearr a bhaint amach in 2008 agus 2009 agus an gradam don Léiriúchán Teilifíse i nGaeilge is Fearr a bhuachan in 2008, 2009, 2010, agus 2011.◊
Trí Phríomhdhuais d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag gradaim SMEDIA D’éirigh le mic léinn Aonad na Cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, trí dhuais a bhaint amach ag na gradaim S-MEDIA i mBaile Átha Cliath ar an 17 Aibreán. Eagraítear na gradaim S-MEDIA, atá dírithe ar mhic léinn sna hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre, faoi choimirce www.Oxygen.ie. Bhuaigh an clár Y.O.L.O. Dara Seans, a léirigh mic léinn an B.A. sa Chumarsáid, gradam don Léiriúchán Teilifíse is Fearr (in aon teanga). Is clár faisnéise é seo faoi na dúshláin atá le sárú ag fear óg as Conamara, Micilín Ó Féinne, tar éis drochthimpiste bhóthair a d’fhág gan lúth na ngéag é. Rinneadh taifead ar Y.O.L.O. Dara Seans i nGaeltacht Chonamara ag deireadh na bliana seo caite. Aodhán Ó Maoileoin a scríobh an script agus a bhí i bhfeighil a stiúrtha; bhí Mairéad Ní Chonghaile, Cian Ó Lorcáin agus Colleen Ní Bhaistir ar an bhfoireann léiriúcháin. Tá na mic léinn seo sa bhliain deiridh den B.A. sa Chumarsáid ar an gCeathrú Rua. Bhuaigh Kirsty an Chnoic, an duais d’Iriseoireacht Raidió
39
Feasta, Bealtaine 2013
LITRÍOCHT, FEALSÚNACHT, MAONÁIS AGUS SCEALLÓGA Breithníonn Pádraig Ó Gormaile an t-úrscéal Salut Galarneau! (Páras, 1967) leis an scríbhneoir as Québec Jacques Godbout Aistrithe ag Iarla Mac Aodha Bhuí. Coiscéim. 2012. €7.50
I
s fiú an t-úrscéal Salut Galarneau! (Páras, 1967) leis an scríbhneoir as Québec, Jacques Godbout, a léamh. Ar an chéad dul síos, ní dheachaigh sé as cló le 45 bliain anuas agus tá sé ar fáil as Gaeilge anois, a bhuíochas d’Iarla Mac Aodha Bhuí agus do Choiscéim (J. Godbout, Galarneau!, aistrithe ag Iarla Mac Aodha Bhuí, Baile Átha Cliath, Coiscéim, 2012). Ar an dara dul síos tugann an t-úrscéal léargas ar chultúr Cheanada agus Québec araon, agus léiríonn sé ach go háirithe nár tháinig ionannas Cheanada ar an saol de thairbhe Impireacht Shasana agus na bhFear Buí amháin; bhí ról ag Francaigh, Éireannaigh agus Albanaigh ann fosta, Caitlicigh cuid mhaith acu agus Gaeilgeoirí ina measc. Faoi dheireadh, tá go leor den chríonnacht uilíoch le fáil i smaointe an príomhcharachtair François Galarneau le gur féidir linn a rá gur clasaic atá anseo. Is díoltóir hot dog é François Galarneau atá gan mórán oideachais fhoirmeálta, ach is mian leis bheith ina scríbhneoir, amhail go leor daoine eile as Québec sna seascaidí le linn na Réabhlóide Ciúine, nó la Révolution tranquille. Roimhe sin is beag smacht a bhí ag Frainciseoirí Québec ar eacnamaíocht an chúige, agus i gcoitinne bhíodar ar gcúl i gcúrsaí léinn, taobh leis na Béarlóirí ach go háirithe. D’athraigh an comhthéacs go gasta tar éis don Parti Libéral teacht i gcumhacht in Québec sa bhliain 1960, agus cheap Frainciseoirí go forleathan go raibh ré órga nua ag tosnú, agus go dtiocfadh an chosmhuintir i gcumhacht dá thairbhe. www.feasta.ie
Ach ní mar a shíltear a bhítear. D’athraigh an sochaí go han-scioptha: d’éirigh go leor ball de na hoird rialta as a gcuid dualgas thar oíche i réimsí an oideachais agus na sláinte, cé gur lean siad orthu ina mbun mar státseirbhísigh; tháinig borradh ar ghréasán ollscoileanna agus ar na meáin chultúrtha do Fhrainciseoirí; agus tháinig borradh as cuimse ar pholasaí an neamhspleáchais i gcúige Québec. Ach ina ainneoin sin ar fad, tar éis go leor clampair pholaitiúil agus an dá reifreann i 1980 agus i 1995, is ar éigean go bhfuil aon dream ag maíomh an neamhspleáchais i Québec a thuilleadh; ní chreideann éinne le fírinne san fhís áirithe sin níos mó. Mar a deir François sa leabhar: ‘le bonheur c’est une mayonnaise; ça tourne sans qu’on sache pourquoi’: tá an sonas ar nós maonáise; teipeann air agus gan a fhios agat cén fáth. Tá suim ar leith ag François Galarneau i gcúrsaí bia, go háirithe ispíní agus citseap agus míníonn sé an toideas chun dea-sceallóga a dhéanamh nó fondue bourguignonne. I gcás na maonáise faigheann gach cócaire amach luath nó mall, cosúil leis an údar seo, nach bhfuil aon rúndiamhair ag baint leis an draíocht áirithe sin. Caithfear bheith rianúil, comhábhar ar leith a chur san áireamh, idir ubh agus ola ach go háirithe, agus is é an rud is tábhachtaí ar fad ná am a ghlacadh. Tá foighne an chócaire i bhfad níos tábhachtaí ná gnéithe rúndiamhra cosúil le teocht na huibhe, blas na hola nó maighnéadas do láimhe. Ceacht fealsúnta agus ceimice atá i ndéanamh na maonáise, cé go bhfuil an tríú comhábhar tábhachtach, is é sin méid beag mustaird. Maidir leis an gcur chuige, tar éis an buíocán a bhaint de bhán na huibhe (cé gur féidir maonáis anéadrom a dhéanamh, má fhágtar an bán) caithfidh tú giota beag mustaird a chur isteach ann agus … é a fhágáil ar feadh cúpla bomaite; bíodh cupán tae 40
agat, imigh leat agus déan dearmad uirthi go ceann tamaill. Ar ball, nuair a thosaíonn tú ar an dá chomhábhar a mheascadh, le forc nó in inneall cumaisc, lig don ubh agus don mhustard eibliú le chéile sara gcuireann tú aon ola isteach (tá ola lus na gréine níos éadroime ná ola olóige). Ach bí aireach, caithfidh tú fanacht go dtiubhann imeall an mheascáin, tonnta beaga tiubha ag teacht le chéile san eibleacht sara ndéanann tú aon rud eile agus nuair a cheapann tú go bhfuil sé ró-mhall cheana féin, doirt isteach an ola ina silín tanaí. Éireoidh an mhaonáis in airde ina tonnta, agus nuair atá na dabaí ag teacht le chéile, cosúil le him i gcuinneog agus é á dheighilt ón mheadhg, tá fhios agat go bhfuil maonáis déanta agat.
D
onner du temps au temps a deireadh an t-Uachtarán François Mitterand, tóg ar do chaoithiúlacht é, buail leithead den aimsir air …. Sicréid François Galarneau ná dea-chaighdeán a roghnú ón tús, prátaí ina bhfuil ‘uisce na báistí ina gcroí istigh’, ispíní nach bhfuil ‘an oiread dathanna ceimiceacha iontu’; agus tábhacht na hócáide: ‘ní itear prátaí i ngach cineál aeráide, tá tábhacht leis an gcineál aimsire atá ann.’ Nuair a thiteann an saol as a chéile mar a tharlaíonn i gcás François Galarneau de dheasca an rud ba mheasa tarlú, nuair a imíonn na bréagchairde leo, nuair a thrasnaítear an tsráid agus tú ag druidim i leith, nuair atá salachar báistí ag titim gan stad agus gan ach daoine postúla le cloisteáil agus rudaí suaracha ar siúl acu, cuimhnigh ar an mbeirt François, Mitterand agus Galarneau, donner du temps au temps, déan maonáis duit féin agus caith le sceallóga é mar a dhéantar sa Bheilg. Is iadsan a tháinig ar an gcomhcheangal blasta céanna an chéad lá riamh. Bon appétit, nó ‘bígí súgach’, mar a deirtear i dTír Chonaill.◊ Feasta, Bealtaine 2013
GAEIL FAOI BHRATACH EUREKA le Mícheál de Barra Coiscéim. 12.50 euro
á chur i láthair ag Criostóir Mac Amhlaoibh
I
nsint spéisiúil atá sa leabhar seo ar eachtra Shonnach Eureka, ach go háirithe faoi na Gaeil a bhí páirteach ann. Tharla an eachtra i lár an 19ú hAois ach maireann a thionchar go fóill mar chuid dílis de scéal na hAstráile agus féiníomhá mhuintir na hAstráile.
mbeadh an ceadúnas acu nuair a cheistigh póilín iad, chuirtí i bpríosún iad go dtí go n-íoctaí fíneáil a bhí go minic thar acmhainn daoine nach raibh ór faighte acu go fóill. Bhí saol gránna acu sa phríosún. D’eagraíodh na póilíní, le tacaíocht saighdiúirí ‘seilg’ ar na tochaltóirí agus ba bhrúidiúil mar a chaití leo. Bhí míshástacht an phobail ag leibhéal an-ard nuair a dúnmharaíodh tochaltóir. Cuireadh an dúnmharú i leith duine de rachmasóirí Ballarat, baile a bhí mar lárionad riaracháin sa cheantar. Chuaigh na húdaráis i bpáirt le chéile chun é a scaoileadh saor. Bhailigh na tochaltóirí le chéile, rinne siad éileamh síochánta ar a gcearta agus d’iarr go gcuirfí an dlí i bhfeidhm i gcás an dúnmharaithe. Is beag sásaimh a fuair siad agus thosnaigh na húdaráis ag neartú a bhfórsaí, idir phóilíní agus saighdiúirí. Mar fhreagra air sin, bhailigh cuid de na tochaltóirí le chéile ag Eureka, áit ar thóg siad campa le fál cosanta ina thimpeall, ar tugadh sonnach nó ‘stockade’ as Béarla air. Bhí cuid de lucht an tsonnaigh armtha le raidhfilí agus gránghunnaí agus cuid eile acu le pící a cuireadh á ndéanamh ar an láthair.
Scar Victoria ó New South Wales sa bhliain 1851. Fuarthas ór ann trí bliana níos déanaí in 1854, bliain Eureka. Bhí réimeas impiriúil na Breataine faoi lán seoil. Bhí cinseal i gcumhacht faoin gcóras coilíneachta san Astráil arbh úinéirí stráicí móra talún a phríomhthaca. Bhí méadú suntasach ag teacht ar an daonra agus borradh faoi leith in Victoria, go leor inimirceoirí meallta chun ór a lorg.
B’as Éirinn don Bhreitheamh Réamonn de Barra agus don Ard-Aighne, William Foster Stawell. B’as Contae Laoise Peadar Ó Leathlobhair, príomhcheannaire an tSonnaigh, ar dheartháir é le Séamus Fionntán Ó Leathlobhair (1807 – 49), a raibh páirt chomh sonrach aige mar scríbhneoir i ngluaiseacht Éire Óg sna daichidí, agus i múnlú mheon Chogadh na Talún in Éirinn. B’Éireannaigh iad cuid shuntasach de lucht an tSonnaigh agus cuid mhaith de na dochtúirí, de na sagairt agus de na mná a bhí páirteach. Dá shuntasaí páirt na nÉireannach san eachtra, ní féidir a mhaíomh gur ‘le na hÉireannaigh’ Eureka, mar go raibh go leor Albanach, Sasanach agus Meiriceánach páirteach ann chomh maith. Mar a léiríonn de Barra, Bhí Éireannaigh in arm na Breataine páirteach sa slad ag Eureka. Níos náirí fós, bhí siad sásta fianaise bhréige a thabhairt in aghaidh na gcimí, a gcomhthírigh san áireamh, a raibh breith an bháis i ndán dóibh dá gciontófaí iad. Liostáiltear na saighdiúirí sin sa leabhar.◊
D
’ionsaigh saighdiúirí as an 12ú reisimint agus an 40ú reisimint, maraon le póilíní, an sonnach. Maraíodh, goineadh, agus gabhadh agus scaipeadh a raibh ann. Cuireadh thart ar dháréag ar a dtriail, iad cúisithe in ardtréas. In ainneoin iarrachtaí cama an rialtais, ní raibh giúiré sásta aon duine acu a chiontú.
In ainneoin fhairsinge na talún, ní raibh teacht ag daoine air agus bhí fás ar fho-aicme, gan talamh, gan vóta, ach a raibh orthu cánacha a íoc mar sin féin, téamaí a bhfuil macalla láidir orthu i stair na hÉireann san aois chéanna.
Tá insint bhreá déanta ag Mícheál de Barra sa leabhar seo ar scéal an Eureka Stockade, scéal a bhaineann go mór le stair bhunú ghluaiseacht an neamhspleáchais san Astráil. (Níl aon eachtra eile chomh tábhachtach leis, ach amháin an phraiseach a tharla in Gallipoli sa Chéad Chogadh Domhanda).
Bhíodh ar thochaltóirí a bhí ar thóir an óir ceadúnas nua a fháil gach mí. Mura
Léiríonn de Barra cúlra polaitiúil, dlíthiúil agus riaracháin na linne. Ach is
www.feasta.ie
é scéal na nGael a bhí páirteach ar gach taobh san eachtra croí an leabhair seo, agus is maith is fiú an scéal sin a insint.
42
——◊—— Iarmhúinteoir as Contae an Chláir é an t-údar Mícheál de Barra. Chaith sé tamall ag obair san Airgintín agus d’inis sé stair na nÉireannach sa tír sin in Gaeil i dTír na nGauchos, leabhar a d’fhoilsigh Coiscéim. B’é An Bóthar go dtí Santiago a chéad leabhar Gaeilge. Feasta, Bealtaine 2013
DOMHANDÚ agus teagmháil teanga: drochrud? le Amy Coe
C
eaptar gur feiniméan measartha nua é an domhandú, ach i ndáiríre tá sé ann leis na cianta. Smaoinigh ar Impireacht na Róimhe, nó fiú na Peirse. Is sampla den domhandú é teagmháil teanga, nó toradh ar an domhandú ba chóir a rá, agus tá sin ann le fada freisin. Tarlaíonn teagmháil teanga nuair a bhíonn níos mó ná teanga amháin á labhairt san áit chéanna ag an am céanna, agus sampla maith dá dtarlaíonn dá thoradh is ea Béarlachas: focal Béarla agus ‘fada’ nó séimhiú curtha leis le foirm Ghaeilge a thabhairt dó.
Ó thaobh na hailtireachta de, tháinig focail ar nós ‘áirse’ (arche / arch) agus ‘casúr’ (cassur / hammer); ó fhoclóir an airm tháinig ‘barda’ (warde / garrison), airseoir (archer), agus i gcúrsaí riarachán tharla iasachtaí mar ‘baránta’ (nó barántas), oidhre (eire / heir) agus méara (méra). Cúpla sampla agat ansin, ach tá i bhfad níos mó ar fáil; smaoinigh ar ‘pós’ (ó épouser), ‘plúr’ ( ó fleur de farine / fleur). Ina theannta sin, glacadh focail eile ón gcaint laethúil. Mar a tharla go coitianta, altramaíodh buachaillí ó theaghlaigh Éireannacha i dtithe Angla-Normannacha agus bhíodh na buachaillí seo mar scuibhéirí agus iad ag leanúint ordaithe i bhFraincis agus ag cabhrú le hobair an tí. Leis an réimse seo baineann a lán samplaí laethúla mar scuibhéir (ó escuier > écuyer / squire), ‘garsún’ (nó ‘gasúr’) ó garçon agus ‘páiste’ ó page. Ba sna réimsí thuas luaite a bhí an tionchar is mó ar an nGaeilge. Den chuid is mó bhain an tionchar leis an bhfoclóir. Tá sampla suimiúil ann a bhaineann le leagan cainte: tháinig ‘puinn’ ó point a bhí, agus atá, á úsáid sa bhFraincis: Je ne sais point/ níl fhios agam in aon chor / níl puinn eolais agam..
Ceaptar gur uafásach an rud é an Béarlachas ó thaobh na Gaeilge de, ach le fírinne níl focal i nGaeilge chun gach rud a rá, go háirithe i gcás na nua-theicneolaíochta agus araile. Tá iasachtaí, focail a glacadh ó theangacha eile, le fáil sa Ghaeilge ó gach aois, ach tá a lán lán samplaí ann ó thréimhse choncas na Normannach sa 12ú hAois. Tháinig na hAngla-Normannaigh anall nuair a d’imigh Diarmaid Mac Murchadha as Éirinn ag lorg cabhrach dá iarracht a ríocht a fháil ar ais. Shroich na Normannaigh Loch Garman i mí na Bealtaine 1169, Port Láirge i Lúnasa 1170 agus Baile Átha Cliath mí ina dhiaidh sin.
Tá tuairim ag roinnt scoláirí go raibh tionchar ar leith ag na Normannaigh ar chanúint na Mumhan. Chuaigh siad i dtaithí ar shochaí na hÉireann, agus deirtear fúthu gur éirigh siad ‘Níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin’, mar a chualamar go léir ar an mbunscoil, agus bhí tuin chainte na Fraincise fós acu, rud a chuaigh i gcion ar fhuaimniú na Gaeilge sa deisceart. Ní raibh go leor díobh ann chun go gcuirfeadh an Fhraincis cúl ar an nGaeilge, ach tá a dtionchar fós le feiceáil sa Nua-Ghaeilge mar sin féin.
Thug na hionróirí a dteangacha féin leo: bhí Fraincis na Normannach ag an gcuid is mó díobh, agus chomh maith leis sin bhí daoine ina measc le Breatnais agus le Pléimeannais – bhí na Normannaigh a tháinig go hÉirinn lonnaithe sa Bhreatain Bheag. Cé gur tháinig trí theanga leo ag an am, bhí an tionchar ba mó ag an bhFraincis. B’iad na Normannaigh an aicme le húdarás sa tsochaí, agus bhí an Fhraincis acu mar theanga dlí agus riaracháin.
Is ríléir gur imir iasachtaí ó theangacha eile tionchar ar an nGaeilge, chomh maith, agus gur tharla athruithe fóineolaíochta. Athraíodh agus athraíonn teangacha go mion minic. D’athraigh an Ghaeilge ó Shean-Ghaeilge, go MeánGhaeilge go Nua-Gaeilge, agus ní rud uafásach é sin. Tarlaíonn sé sa chaint, agus ansin sna meáin. Tarlóidh a leithéid arís agus arís eile. — Is iníon léinn le Gaeilge í Amy Coe
Tá trí phríomhréimse foclóireachta sa Gaeilge ina bhfuil a lán iasachtaí ó Fhraincis na Normannach: focail ailtireachta, focail a bhaineann le cúrsaí airm, agus focail a bhaineann le riarachán, ach tá samplaí eile ann a bhaineann leis an bhfoclóir laethúil chomh maith. Cén fáth a mbaineann níos mó focal leis na réimsí seo? Tá míniú simplí go leor leis: ba iad sin na pointí teagmhála ba mó idir na hÉireannaigh agus na Normannaigh i rith an choncais. Imrítear a leithéid de thionchar sna réimsí céanna i gcásanna eile toisc an teagmháil teanga a bhaineann le concas.
AN SIOPA LEABHAR 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 353-(0)1-4783814 R-phost: siopa@cnag.ie
Bhí na hionróirí i gceannas na háite, agus bhí arm acu agus iad ag tabhairt a gcuid ordaithe uathu ina dteanga féin. Is léir go raibh siad i mbun caisleáin a thógáil, agus i mbun tógála eile chomh maith – sampla maith é Caisleán Bhaile Átha Cliath d’ailtireacht na Normannach — agus bhí a ndlíthe scríofa i bhFraincis na Normannach: tá Reachtanna Chill Chainnigh i bhFraincis, mar shampla. www.feasta.ie
FEASTA, Innéacs 1948 - 2000 Liam Mac Peaircín (Réamhrá ón Ollamh Nollaig Mac Congáil) Clódhanna Teoranta, 430 lch. €20
(Tá cláir mhíosúla FEASTA, 2001 – 2012 ar fáil ag www.feasta.ie) 43
Feasta, Bealtaine 2013
Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn 25 Bealtaine 2013 Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Ag seo forfhógra fuinniúil fórsach, le húdarás dian daingean doscaoilte do gach file fáidhiúil eolasach i bhfearannacha Fódhla go n-aththionólfar Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn de réir ama agus dáta atá réamhráite, agus go bhfuil de cheangal orthu freastal le háthas i gceiliúradh sean-institiúid traidsiúnta ársa, lena chosaint mar a dhein ár sinsear romhainn ar bhruacha an tSuláin, agus sonas agus meidhir agus spórt a thabhairt le méiniúlacht do gach duine, is a thaisteal go hionad na Dála seo. Betsy Ní Shuibhne, Leas Uachtarán AN CHEIST Ar cheart dúinn éirí as ar fad? Teanga ár sinsir, teanga mo Dheaid, Ar éirigh linn í a mharú, an bhfuil inti preab? An bhfuil a mná caointe réidh le hómós nó scread? Is minic í curtha ach ní raibh riamh uirthi leacht, Is minic í á tórramh gan í marbh i gceart, Óladh go leor is caitheadh tobac Is fógraíodh a bás go minic le hais. Is iomaí lia teanga atá ceapaithe bheith ceart, Le céimeanna móra agus staidéar ana-leamh Nuair a bhraith siad a cuisle, níor mhothaigh aon phreab, Dúirt go raibh éagtha is bailithe ar Neamh. Ach seo sinne á labhairt is á ceapadh, An bhfuilimid ar mire nó díreach ag magadh? Gan deontas nó breab, an mbeimid ag tanú? An é go bhfuil beatha go fóill inár dteanga? Nuair a luann tú an Ghaeilge tuigeann gach éinne Gur tusa an Óisín ag lorg na Féinne, Tá Foras is Údaráis in ainm í a chaomhnú, Ach an sinne, eiricigh, a thabharfaidh fad saol di? An Ceangal Sin chugaibh mo cheist, táim ag feitheamh le freagra, Ní éistfead le casaoid, cnáimhseáil ná gearán, Ceist í atá simplí faoi chúis atá deacair; An chéad cheist ó Choncubhar, tar ar ais, a Pheadair!. Concubhar Ó Liatháin, Cléireach Fé Oiliúint.
A chairde, Beidh Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn, an t-aon chúirt filíochta dá leithéid sa tír, ar siúl arís ar an 25ú Bealtaine in Óstán Ghobnatan i mBaile Bhuirne. Cuirfear tús leis an ócáid ag 7.30p.m. B’iad Pádraig Ó Cruadhlaoich (Gaedhal na nGaedhal), Dónall Ó Ceocháin agus Pádraig Mac Suibhne (An Suibhneach Meann), a bhunaigh an Dámhscoil i 1925 agus tá sé ar siúl gach bliain ó shin. San 18ú hAois bhíodh Cúirt Filíochta ag muintir Iarfhlaithe in aice le Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne. Seo thíos an Cuireadh, an Forógra agus an Cheist. Beir bua agus beannacht Concubhar Ó Liatháin, Cléireach Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn AN CUIREADH 2013 Fáilte arís eile go Dámhscoil Mhúscraí Roimh bhaird agus éigis lucht léinn is filí, Fágaíg bhur mbuartha, bhur ngearáin is imní, Is beidh caidreamh bhur gcarad ag ardú bhur gcroí. Fáilte roimh an ógra, gearrchaillí is buachaillí, Fáilte roimh an mbuíon mhór ó Chathair Chorcaí, Fáilte roimh na geaingléirí ó Contae Chiarraí, Fáilte roimh na slóite ó bhailte Mhúscraí. Níl aon easpa ceist as a bpiocfadh rúnaí Ceann a ghinfeadh argóint is áiteamh teasaí, Cé ná beidh baol ann go raghfar chun dlí, Mar ’sé breitheamh an aighnis an scartadh gáirí. Beidh lucht ráidió is páipéar is b’fhéidir RG Ag snapadh is ag alpadh dánta is dréachtaí. Beidh Betsy is an bhantracht ag réiteach cóir bhídh, A shásóidh gach éinne gan bhagairt Gardaí. Pádraig Ó Fiannachta, Uachtarán FORFHÓGRA 2013 Brian Ó Dálaigh, ar chlé agus Seán Seosamh Ó Conchubhair ar dheis, ó C h o i s t e Comórtha Mhic Easmainn, Trá Lí, a d’éagraigh turas lae ar Chill Orglan agus Uíbh Rathach, agus ar ais go Trá Lí trí Bhealach Oisín agus Lios a’ Phúca ar an 6 Aibreán, i gcuimhne ar eachtraí 1916 i gCiarraí, agus ar an triúr óglaigh a bádh an deireadh seachtaine sin ar a mbealach go Cathair Saidhbhín chun treallamh raidió a ghabháil ag an Atlantic College ann. I lár baill tá Dónal Céitinn, nia le Con Céitinn a bádh ag Cé Bhaile Uí Chíosáin. • Beidh Ollscoil Notre Dame, SAM, i mbun comhdhála idirnáisiúnta dhá lá ar an tírghráthóir agus daonnúlaí idirnáisiúnta, Ruairí Mac Easmainn, i dTrá Lí ar an 25 - 26 Deireadh Fómhair i mbliana. Brian Ó Conchubhair, mac le Seán Seosamh atá i mbun a eagraithe.◊
www.feasta.ie
CLUB GAELSPRAOI CHORCA DHUIBHNE
Maidin Domhnaigh, 28 Aibreán, thug eachtraithe calma Ghaelspraoi fé na cnoic, soir ó dheas ón mBaile Dubh, isteach i nGleann na hUamha, in airde ar Mhacha na Bó, trasna na gcnoc agus síos go Loch a' Scáil. Ainneoin oíche go maidin ag cuid acu, thugadar go fonnmhar fé ghleann álainn na hUamha a luíonn go réidh idir Ghob an Iolair agus Binn an Tuair. Má ghiorraíonn scata bóthar, ní fada gur chuireadar an gleann díobh, iad ag triall ar bhaile tréigthe i gcúl an ghleanna, scartha amach ón saol mór. Tharraing tost na dtithe fé arda sceirdiúla an ghleanna mórán scéalta ar bhéiceoirí, púcaí agus aistear chailín óig ón mbaile seo, cailín a tógadh i Min Aird agus a d’imigh léi go Meiriceá. Siúlóid 9 km, dreapadh 400 m ann, a thóg thart ar cheithre uair a chloig, agus a chríochnaigh le turas réidh trí ghleann Loch a’ Scáil, a luíonn idir an Com Dubh agus an Ré Mhór – áit a bhfuil Tigh Chú Chulainn le feiscint, a bhí ann! • Cúl, ó chlé, Máire Uí Dheargáin, Debora Uí Dheargáin – ar chúl, Máire Uí Shúilleabháin, Bríd Uí Dhubháin, Zoe agus Simon Ó Faolain, Helen Ní Ríordáin, Sinéad Lough agus Niamh Ní Bhaoill. Tosach, ó chlé, Bernie Phaid Ní Mhuircheartaigh (ag lorg inspioráide!) Rob Ó Foghlú, Ciara Ní Fhloinn – & Roibeard Ó hEartain (cúl an cheamara.)
44
DEIS EILE IN AGHAIDH NA GAEILGE Á TAPÚ AG AN ROINN OIDEACHAIS? Todhchaí Choláiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha i mbaol!
T
á imní léirithe ag Gaelscoileanna Teo., Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall agus pobal Choláiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha i dtaobh fhógra ón Roinn Oideachais agus Scileanna a chuireann todhchaí na scoile i mbaol. Thug an Roinn le fios go bhfuil aitheantas sealadach na scoile, a d’oscail i 2007, le haistarraingt de bharr uimhreacha ísle. Tá 3 rogha leagtha amach ag an Roinn don scoil: dúnadh go céimiúil, aistriú go hAonad faoi stiúir iarbhunscoil lánBhéarla áitiúil, nó rogha a bheith ag na daltaí freastal ar Choláiste Ailigh, Litir Ceanainn, atá níos mó ná 30 ciliméadar ó Bhun Cranncha. Tá 34 dalta ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge i gColáiste Chineál Eoghain faoi láthair, agus 17 cláraithe le tosú sa scoil i Meán Fómhair 2013. Buille tromchúiseach dóibh é, dá gcaillfeadh an scoil a stádas agus dá gceilfí oideachas lán-Ghaeilge orthu dá bharr. Roghnaigh na daltaí agus tuismitheoirí seo oideachas lán-Ghaeilge ar an tuiscint go mbeidís in ann dul go leibhéal na hArdteiste agus iad tumtha sa Ghaeilge. Bheadh cearta agus mianta na ndaltaí á
sárú ag an Roinn dá ndéanfaí aitheantas na scoile a aistarraingt. In ainneoin na n-uimhreacha beaga faoi láthair, tá éileamh ar oideachas lánGhaeilge ag leibhéal na bunscoile sa cheantar ag méadú, agus líon na ndaltaí i nGaelscoil Bhun Cranncha ag fás. Is gá am a thabhairt do Choláiste Chineál Eoghain dul i bhfeidhm ar an ngaelscoil áitiúil ar mhaithe le haistriú láidir idir an dá leibheál a chinntiú. Tá baol mór ann go n-imreodh cinneadh in éadan thodhchaí Choláiste Chineál Eoghain droch-thionchar ar an mbunscoil, mura dtabharfaí deis dá daltaí leanúint leis an ngaeloideachas ag leibhéal na hiarbhunscoile. Ní hamháin go bhfreastalaíonn Coláiste Chineál Eoghain ar na daltaí seo, ach ar dhaltaí a thagann ó Dhoire le hiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge a fháil chomh maith. Deis é seo don Roinn agus don Rialtas comhoibriú trasteorann a chur chun cinn de réir a ndualgais faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus freastal a dhéanamh ar phobal leathan scoile. Is baol ró-mhór é do thodhchaí fad-téarmach na scoile dá ndéanfaí Aonad di, agus ábhar buartha
na scoileanna seo ach go háirithe, aithníodh an riachtanas a bhaineann le cur chuige a chaomhnaíonn sainmheon agus polasaí teanga na scoileanna. Léiríonn an ráiteas a tuairiscíodh san Irish Independent, áfach, míthuiscintí ó bhonn. Léiríonn an cleachtas sna scoileanna go bhfáiltítear roimh theaghlaigh le gach leibhéal cumais sa Ghaeilge, agus roimh theaghlaigh gan chumas, a léiríonn spéis agus tiomantas do chur chun cinn na teanga, rud a ghabhann glan i gcoinne ráiteas an Aire. D’ardaigh Uachtarán Gaelscoileanna, Máirín Ní Chéileachair, ceist faoi bhunús taighde an ráitis a tuairiscíodh, agus mhol sí ‘go mbeadh sé níos réadúla breathnú ar chúis na faidhbe seo, i.e. nach bhfuil an soláthar ag teacht leis an éileamh. Dá ndéanfaí freastal cuí ar an éileamh suntasach atá ann ar scoileanna lán-Ghaeilge, ní bheadh reachtaíocht de dhíth ar an gceist seo. Baineann an cheist seo leis an 30% de bhunscoileanna agus an 20% d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil in ann freastal ar an éileamh. In ionad cur leis an soláthar lán-Ghaeilge, réiteach fadtéarmach a shásódh mianta uile na dtuismitheoirí ar rogha leo an gaeloideachas, tá éilíteachas agus cleachtas sriantach á chur i leith na scoileanna.’ Luadh san alt céanna go bhfuil thart ar 100 gaelcholáiste sa tír faoi láthair; tá sin míchruinn. Tá 35 iarbhunscoil lán-Ghaeilge sna 26 contae, 5 sna 6 Chontae, agus 21 iarbhunscoil ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Leanfaidh Gaelscoileanna Teo. den phlé go díreach leis an Aire, leis an Roinn agus le hionadaithe poiblí ar an gceist seo chun leas na Gaeilge agus na gaelscolaíochta.◊
SCOILEANNA LÁN-GHAEILGE Eolas míchruinn mar bhun le ráiteas Aire ar chleachtas rollúcháin
L
éirigh Gaelscoileanna Teo. díomá faoi ráiteas an Aire Oideachais agus Scileanna maidir le toradh an athbhreithnithe ar an bpróiseas rollúcháin do scoileanna, mar a tuairiscíodh in alt san Irish Independent, 4 Aibreán, faoin teideal ‘Irish language schools targeted over restrictive entrance rules’. Chuir an ráiteas a tuairiscíodh ann cleachtas sriantach i leith próisis rollúcháin scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal. D’fhógair an tAire le déanaí go bhfuil dréacht-bhille á ullmhú aige le cur faoi bhráid an Oireachtais go luath chun cleachtas rollúcháin agus iontrála scoileanna uile na tíre a chur faoi rialachán. De réir ráitis an Aire, beidh mar bhunús ag an ndréacht-bhille go mbeidh, i measc nithe eile, córas aonchineálach amháin do gach cineál scoile, beag beann ar shainmheon teanga na scoile. Eascraíonn an dréacht-bhille as comhairliúchán a rinne an tAire in 2011 leis na páirtithe oideachais, Gaelscoileanna Teo. ina measc. Dheimhnigh Gaelscoileanna in aighneacht chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an gceist seo gur córas oscailte agus cuimsitheach atá sa chóras gaelscolaíochta: fáiltítear roimh pháistí ó gach cineál cúlra. Aithníodh san aighneacht an dúshlán i dtaobh ró-éileamh a bhaineann le roinnt scoileanna, rud a fhágann nach mbíonn an deis ar oideachas lán-Ghaeilge ag gach páiste ar mian leo é. I gcás
www.feasta.ie
é go dtitfeadh líon na ndaltaí go suntasach dá bharr. ‘Tá géarghá le stádas Choláiste Chineál Eoghain a chosaint agus gach deis a thabhairt don scoil fás agus forbairt,’ a deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna Teo. ‘Tá tábhacht le hinmharthanacht scoileanna agus le húsáid éifeachtach acmhainní Stáit, ach tá an cinneadh seo ag teacht roimh am. Tá tiomantas léirithe ag pobal Inis Eoghain don scolaíocht lán-Ghaeilge agus ba thubaist é dá gcuirfí deireadh le hinstitiúid i gcroí-lár an phobail. Bheadh dúnadh na scoile in éadan gach gealltanais atá déanta ag an Stát i leith tacú leis an oideachas lán-Ghaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.’ D’iarr sí ar an Roinn am breise a thabhairt don scoil í féin a chur chun cinn sa phobal agus líon daltaí a dheimhneoidh a hinmharthacht a mhealladh. Tá achomharc in aghaidh chinneadh na Roinne déanta ag Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall ar son na scoile, agus síneadh á lorg acu d’aitheantas sealadach do Choláiste Chineál Eoghain. Fógrófar toradh an achomhairc seo go luath agus táthar ag súil go dtabharfaidh an Roinn aird ar mhianta agus ar riachtanais an phobail áitiúil, agus an náisiúin, agus go mbeidh iarbhunscoil lán-Ghaeilge mar rogha ag daltaí Inis Eoghain.◊
45
Feasta, Bealtaine 2013
Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa • Gradam Ceilteach do Raidió na Life Bronnadh Gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ar Raidió na Life ag na ‘Celtic Media Awards’ in Abertawe (Swansea) na Breataine Bige, deireadh seachtaine 27 Aibreán, ag searmanas a chuir clabhsúr le Féile na Meán Ceilteach 2013. Bíonn mórchraoltóirí as Éirinn, Albain, An Bhreatain Bheag, Sasana agus an Fhrainc – leithéidí RTÉ, BBC & TG4 go háirithe – san iomaíocht sa bhféile seo le cláir & ábhair i nGaeilge, Gàidhlig na hAlban, Coirnis, Breatnais, Briotáinis, Manannais, Fraincis agus i mBéarla. ‘Tá ríméad orainn,’ arsa Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life: ‘Seo an chéad uair gur éirigh le stáisiún raidió pobail an gradam a ghnóthú, cé go bhfuil an fhéile ann le 34 bliain. Ábhar dochreidte bróid dúinn é.’ Foireann bheag de thriúr lánaimseartha atá ag Raidió na Life: bainisteoir, teicneoir & clár reachtaire, mar aon le maor deireadh seachtaine páirtaimseartha. Glacann suas le 150 craoltóirí deonacha páirt sa stáisiún Gradam do Raidió gach seachtain; soláthraíonn na Life siad sceideal beo bríomhar lán d’fhuinneamh, éagsúlacht agus samhlaíocht; clúdaíonn siad gach ábhar faoin spéir agus seinneann siad gach stíl cheoil dá bhfuil ann’, ar seisean. ‘Cuireann Raidió na Life seirbhís raidió chomhaimseartha trí Ghaeilge ar fáil do mhórcheantar Átha Cliath, agus tríd an mbeoshruthú idirlín agus aip úrnua an stáisiúin freisin,’ arsa Muiris. ‘Táimid 20 Bliain Beo! Go mba fada buan Cuisle na Cathrach!’ • Fuaimeanna na Gaeilge Cur síos ar fhoghraíocht agus ar fhóineolaíocht i gcomhthéacs na Gaeilge: tá córas fuaimeanna na Gaeilge leagtha amach, fóinéim ar fhóinéim i gcomhthéacs na bpríomhchanúintí, in Fuaimeanna na Gaeilge (Cois Life, 2013) le Brian Ó Raghallaigh. Dlúthchuid den tionscadal an suíomh www.fuaimeanna.ie, áit a bhfuil catalóg na bhfuaimeanna agus na dtaifead samplach mar thaca do lucht léite. Áine Ní Bhreisleáin, Dara Ó Cinnéide agus Maolra Mac Donnchadha a chloistear ar an suíomh. • Bliain na Gaeilge i Maigh Eo Tá togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge ag eagrú seimineáir ar ’Todhchaí na Gaeilge i gCo. Mhaigh Eo’ san Breaffy House Resort, Caisleán an Bharraigh, Satharn, 25 Bealtaine @ 10.00 a.m. I measc na gcainteoirí: Gearóid Denvir, OÉG, Éamonn Ó hArgáin, Foras na Gaeilge, Róisín Ní Dhonnacha, Gradam Sheos-
www.feasta.ie
Bronnadh a duais le deireanas ar Maeve Walsh ó Ard-Scoil Loreto, Beaufort, i mBaile Átha Cliath, buaiteoir Éireannach Juvenes Translatores, comórtas bliantúil an Choimisiúin Eorpaigh d’aistritheoirí óga. Bhí Maeve i measc an 27 buaiteoir a thriail ar an mBruiséil chun a ngradaim a ghlacadh ó Androulla Vassiliou, An Coimisinéir Eorpach um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus Óige. Ghlac breis agus 3,000 dalta 17 bl. d’aois, ó 750 scoil sna 27 Ballstát páirt sa chomórtas. Roghnaíodh buaiteoir amháin as gach tír. Bhí dhá uair an chloig acu le leathanach amháin de théacs a aistriú ó theanga dá rogha féin de theangacha oifigiúla an AE isteach i dteanga eile. Roghnaigh Maeve sliocht a aistriú ó Ghaeilge go Béarla agus roghnaíodh a haistriúchán ar a fheabhas as na hiarratais a fuarthas ón 12 scoil Éireannach a bhí páirteach. Aidhm an chomórtais foghlaim teangacha a chur chun cinn sna scoileanna agus blas a thabhairt do dhaoine óga ar shaol an aistritheora. Bhí na téacsanna dírithe ar chomhbhá idir na glúine, téama Eorpach na bliana in 2012, agus bhí réimse leathan ábhair iontu. Is iad aistritheoirí an Choimisiúin a rinne an mholtóireacht; thug siad a gcuid tuairimí uathu san fhíseán seo: http://youtu.be/2dvKyuXRvNw. Roghnaíodh buaiteoir amháin do gach Ballstát.◊ aimh Uí Ógartaigh (Gaillimh le Gaeilge) agus Oonagh Ní Chéilleachair, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Co. Mhaigh Eo. Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán an Chonartha a bheidh mar Chathaoirleach. Plé oscailte, fáilte roimh chách. Eolas: Togra Mhaigh Eo @ 094 9022444 nó 087 9781166. R-phost: eolas@conradhmhaigheo.ie • RITH TEO – Tionscnamh pobail D’fhógair Rith Teo ar an 29 Aibreán gur cuireadh €15,000 ar fáil do ghrúpaí pobail atá ag eagrú tionscnaimh Ghaeilge. Scaipeadh an ciste ar 34 coiste in 15 contae. Seo brabús 2012 curtha chun leasa. Mheall RITH 27,000 le páirt a ghlacadh in ollrith sealaíochta, 8-17 Márta 2012, thar chúrsa 700km, ó Gaoth Dobhair go hInis Mór, Árainn. Tá Lorcán Mac Gabhann dóchasach go mbeidh RITH 2014 in ann níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’imeachtaí pobail. Eolas: www.rith.ie • Anam na Teanga – glac gearrscéalta Seolfaidh an Dr. Fionntán de Brún cnuasach gearrscéalta, Anam na Teanga, in eagar ag Seán Mac Labhraí i nGaeláras Mhic Ardghaill, Iúr Chinn Trá, ar an 2 Bealtaine, 2013. Tá na mór-údair ann – Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais, agus scríbhneoirí nach iad. Saothar léirmheastóireachta atá anseo ina bhfuil 12 ghearrscéal agus neart nótaí ag dul leo. Chomh maith leis an ngnáthléitheoir, tá an leabhar seo úsáideach do mhic léinn Ardteistiméireachta agus 3ú leibhéil: Anam na Teanga, Eag., Seán Mac Labhraí. CIC. Bog. 305 lch. €15 • Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Clárúchán ar siúl anois do 14ú Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, 22- 28 Iúil. Foirm ar fáil ó eolas@mhicreachtain.com. Áiteanna teoranta. I mbliana, beidh an cúrsa i gCólaiste Naomh Maolmhaodhóg, 36 Bóthar Aontroma, Béal Feirste. • Seimineár Óstaí an Rí faoin AE Labhair Lucinda Creighton, Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, ag Seimineár Scoil Dlí Óstaí an Rí, 26 Aibreán, ar na deiseanna fostaíochta le hInstitiúidí an AE do chéimithe le
46
Gaeilge líofa. Cathaoirleach na hócáide an tOnórach Gerard Hogan, Breitheamh den Ardchúirt. Tá maolú sealadach ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den AE. Tá an leibhéal fostaíochta sna haonaid Ghaeilge níos ísle ná mar atá sna haonaid teanga eile, in ainneoin go labhraítear níos mó Gaeilge ná Máltais nó Eastóinis, mar shampla, i bParlaimint na hEorpa. Tá comórtas d’aistritheoirí Gaeilge faoi lán seoil. Reáchtálfar comórtais do dhlítheangeolaithe Gaeilge agus do dhlítheangeolaithe Béarla níos déanaí i mbliana. Cuireann ard-dioplómaí Óstaí an Rí oiliúint ar dhlítheangeolaithe Gaeilge agus ar aistritheoirí Gaeilge. Gan an maolú meastar go gcruthófaí suas le 200 folúntas breise. Tá an maolú seo le breithniú ag deireadh 2015. • ABAIR.IE Sheol an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich Glórthaí Sintéise don Ghaeilge de chuid ABAIR i gColáiste na Tríonóide, BÁC, ar an 16 Aibreán, agus Lá Domhanda an Ghlóir á cheiliúradh. • Comhdháil ar Litríocht na nÓg Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, BÁC 9, 20-21 Meán Fómhair 2013: iarrtar ar dhaoine ar spéis leo caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal agus achoimre a sheoladh ag – litriochtnanog13@gmail.com faoin 14 Meitheamh. E: litriochtnanog.blogspot.com • NA MACALLAÍ Beidh campaí samhraidh Gaeilge ar siúl ag na Macallaí i mí Iúil ag ‘An Tobar’, Baile Loch Garman, le haghaidh daltaí bunscoile agus méanscoile. Béim ar Ghaeilge labhartha sna campaí. Neart imeachtaí spóirt, cluichí agus ceoil! Tuilleadh eolais 087 913 5271 nó campa@lochgarman.ie • Nua Eabhrac Chím go bhfuiltear ag ceiliúradh na Bealtaine as Gaeilge le hamhránaíocht, scéalaíocht agus filíocht san Wilbur Arts Building, Coláiste Uí Mhaolmhuaidh / Molloy College, Rockville Centre, Long Island, Nua Eabhrac.◊
Feasta, Bealtaine 2013