Feasta | Meitheamh 2013

Page 1

Meitheamh 2013

• Ní Binn Béal ina Thost — Seán Ó Loingsigh • Buaiteoirí Dhuais Cholmcille 2013 • An Seomra — scéal le Mícheál Ó hUanacháin • Deargadaoil i mBád fó Thoinn le Pádraic Breathnach — á léirmheas ag Síle Ní Mhurchú, agus go leor eile • Íomhá na Míosa — ‘Bealach Scairte’ le Claudio Viscardi €5

Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 6 ISSN 0014-8946



— CLáR —

I

Meitheamh 2013

na Réamhrá dá Thuarascail don bhliain 2012 cuireann an Coimisinéir Teanga in iúl dúinn nach ‘sárbhliain’ a bhí againn in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ‘ar scáth aon chéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtógáil ar gcúl.’ Mar léiriú air seo, deir sé níos déanaí sa réamhrá go bhfuil trí cheathrú de na scéimeanna teanga a daingníodh ó thús ama imithe i léig um an dtaca seo. Tá fhios againn, ar ndóigh, go bhfuil na scéimeanna sin i gcroílár Acht na dTeangacha Oifigiúla agus gurb iad a leagann síos dualgais agus coinníollacha a bhaineann le húsáid agus cur chun cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí. Is sa chomhthéacs seo a luann an Coimisinéir an chodarsnacht atá idir an diúltachas seo agus dearcadh dearfach an phobail, mar atá sé sin léirithe i ndaonáirimh éagsúla, agus é sin deimhnithe arís i bhfigiúirí daonáirimh 2012. ‘Tá’, a deir sé, ‘bearna shuntasach idir mianta an phobail i leith na teanga agus iarracht an státchórais féin i leith na teanga.’ Tá fhios againn gur port leanúnach, bliain i ndiaidh bliana, é seo ag an gCoimisinéir agus tá a dhíomá follasach. Cad is féidir a rá faoi, nó níos tábhachtaí fós, cad is féidir a dhéanamh faoi? Nuair a luaitear an stárchóras, is iontuigthe gurb í an státseirbhís féin a bhíonn go mór i gceist. Is fíor go raibh go leor poiblíochta ann le déanaí i gcás teagmhálacha idir bhaill den Gharda Síochána agus lucht labhartha Gaeilge, ach ar a laghad ghabh Coimisinéir na nGardai leithscéal faoinar tharla.

Ina choinne sin luann an Coimisinéir Teanga a imní nuair a cuireadh dualgas a bhí daingnithe i scéim teanga ar ceal ar iarratas na Roinne Dlí, Cirt agus Comhionnanais, tar éis do bhall den phobal gearán a dhéanamh nach raibh an dualgas sin á chomhlíonadh. I súile an Choimisinéara ba dhrochfhasach é gur chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dualgas ar ceal, nuair a d’iarr an Roinn eile orthu é sin a dhéanamh. Buille d’increidteacht na scéimeanna teanga a bhí ann, dar leis an gCoimisinéir. Is minic tagairtí déanta anseo do staid léanmhar na Gaeilge sa státseirbhís. Is léir nach bhfuil mórán airde ar an gcéad teanga oifigiúil ansin, pé gradam atá aici sa bhunreacht. Mar a luadh go rímhinic is scannal é sin, ach tá sé amhlaidh ó tréigeadh an teanga daichead bliain ó shin go díreach. An tseancheist arís: an féidir an teanga a thabhairt slán agus í faoi bheagmheas sa státseirbhís?

Tá tuar beag dóchais freisin i dtuarascáil an Choimisinéara. Luann sé go raibh cruinniú aige den chéad uair riamh leis an gComhchoiste Oireachtais um Imscrúdaithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha. D’fháiltigh sé roimh obair an Chomhchoiste, ag rá gur mór an cúnamh é d’obair a oifige féin. B’fhéidir nár mhiste i gcoitinne dul níos mó i muinín na bpolaiteoirí maidir le leas na teanga. D’fhéadfaí a bheith dóchasach go mbeadh a ndearcadh i leith na Gaeilge níos báúla agus níos dearfaí ná mar atá i gcás na státseirbhíseach.◊

www.feasta.ie

3

• Eagarfhocal: Céim chun tosaigh, dhá chéim ar gcúl – Tuarascáil an Choimisinéara Teanga ......... 3 • Smaointe Polaitíochta, Ní Binn Béal ina Thost, le Seán Ó Loingsigh ................................................ 4 • Buaiteoirí Chomórtas Cholmcille 2013 ............... 6 • An Seomra, scéal le Mícheál Ó hUanacháin ....... 7 • 1913: Ceantar na nOileán, Conamara le Donncha Ó hÉallaithe ....................................................... 10 • Anseo & Ansiúd le P. Mac Fhearghusa ...... 13 & 16 • Deargadaoil i mBád fó Thoinn le Pádraic Breathnach, á léirmheas ag Síle Ní Mhurchú .... 14 • Bullpit Jones agus an Fontleroy Club, ‘splanc’ eile le Biddy Jenkinson ............................................. 15 • ‘Seáinín Smaoiseach’: Súil Eile nó Súilibh an Chait?, caitheann Muiris Ó Meara súil ar YouTube, (www.youtube.com/watch?v=qrjLK250lwg), mar a raibh an mhír ‘Seáinín Smaoiseach Páipéir Shasana’ ar fáil ................................................... 17 • Dr James Good, Réabhlóidí Inmheánach Eaglaise, le hAodán Ó Sé .................................................. 22 • Seán Moylan: Rebel Leader, le Aideen Carroll, á mheas ag Seán Ua Cearnaigh ............................ 24 • Bean Iarainn le Mícheál Ó hAodha .................... 25 • Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa .................... 26 © Feasta agus na Scríbhneoirí • Clúdach: ‘Bealach Scairte / The Healy Pass’ le Claudio Viscardi Gailearaí Frank Lewis Lána na Smachtlainne, An tSráid Nua, Cill Airne. info@franklewisgallery.com Fón: 064-6631108

ReiViú den Smaointeachas Éireannach litríocht, eolaíocht, polaitíocht

• Feasta tríd an bpost! 12 eagrán tríd an bpost ar €75 (€100 lasmuigh den eoraip) Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí. 353-(0)87-2421267 Suíomh idirlín: www.feasta.ie • eagarthóir Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire. Fón: 353-(0)66-7124169. Ríomhphost: feasta@eircom.net • Foilsitheoirí CoNRADh NA GAeiLGe Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áit san iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.

Feasta, Meitheamh 2013


M

Ní raibh sé de cháil riamh air gur chreid sé gur binn béal ina thost, ……

á tá ár ndrochstaid eacnamaíoch pléite agus seanphléite, níl deireadh ráite ná baol air. Anois go bhfuil ár nUachtarán tar éis a ladar a chur ann, tá casadh eile bainte as an scéal. Tá, ar ndóigh, cead cainte ag gach uile bhrealsún againn, ach is dána an mhaise do siúd a bheith ag roinnt a chuid eolais linn faoi cheist atá chomh tábhachtach agus chomh mór ina ábhar imní don bpobal! Níl sé sin bunreachtúil, nó ar a laghad tá an baol ann nach bhfuil. D’fhéadfaí a rá, b’fhéidir, go bhfuil gnéithe níos tábhachtaí dár mbunreacht a bhfuilimid fuarálach fúthu.

Ar aon chuma, má rugadh amuigh ar pholaiteoirí an rialtais, ba dheacair dóibh a mhaíomh go dtáinig ráiteas neamhbhalbh an Uachtaráin aniar aduaidh ar fad orthu. Pé ní eile faoi Mhícheál D. Ó hUiginn, ní raibh sé de cháil riamh air gur chreid sé gur binn béal ina thost, go háirithe nuair ba dhóigh leis, gan dabht, go raibh substaint lena chuid tuairimí agus go mb’fhiú iad a roinnt le muintir na hÉireann. Ní bheidh sé ró-éasca ag airí rialtais an tUachtarán Ó hUiginn a chur ina thost, pé acu an airí iad de chuid an Lucht Oibre, an páirtí a raibh sé tráth ina bhall de, nó páirtí Fhine Gael. Deir an Tánaiste nach bhfuil aon ní aige in aghaidh a raibh le rá ag an Uachtarán, nach raibh aon ní a bhí in aghaidh an Bhunreachta sa mhéid a dúirt sé. Déarfadh sé é sin, ar ndóigh, ar mhaithe leis an suaimhneas, b’fhéidir, nuair nach duine an-ghéilliúil an té a bhí i gceist.

Mícheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann

Bhí an Taoiseach agus lucht Fhine Gael den chuid is mó ina dtost, agus sa mhéid sin ba léir go mb’fhearr leo dá gcoinníodh sé srian lena theanga. Dá mba iarthacaí d’Fhianna Fáil a bhí i gceist, ní baol go mbeifí chomh fadfhulangach.

Ach, tá a raibh le rá ag an Uachtarán go bhfuil an polasaí déineachta, nó www.feasta.ie

Smaointe Polaitíochta

Seán Ó Loingsigh

Bhí an Taoiseach agus lucht Fhine Gael den chuid is mó ina dtost, … austerity seo, mar leigheas ar an gcúlú eacnamaíoch ag déanamh níos mó dochair ná maitheasa, mar phort anois ag go leor a bhí go huile ina fhábhar roimhe seo. Bhí ionadaí an IMF ar an ‘Troika’, a leag síos coinníollacha ár dtarrthála, á chur sin in iúl dúinn go neamhnáireach le déanaí. Bhí uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Juan Manuel Barroso, a bhí imithe as radharc ó thosaigh an ghéarchéim, ar aon fhocal leis. Sin daoine le húdarás, ach cá raibh siad go dtí seo, nó cad a thug orthu a n-aigne a athrú?

T

á, ar ndóigh, ár rialtas míchompordach. Conas nach mbeadh, ach go háirithe i gcás pháirti an Lucht Oibre. An amhlaidh gurb é ‘Labour’s Way’ a bhí ceart ón gcéad lá seachas ‘Frankfurt’s Way’, agus go raibh sé ceart acu cloí leis. Is eol dúinn cad a tharla. Nuair a tháinig rialtas Fhine Gael agus an Lucht Oibre i gcumhacht, glacadh go huile le polasaí an rialtais a bhí i gcumhacht rompu. 4

Gan amhras, tá an ceart ag an Uachtarán agus ag na daoine eile a luadh. Tá an déine ag luí go trom ar an bpobal, agus go háirithe orthusan atá ar an gcaolchuid cheana féin, agus conas is féidir don eacnamíocht feabhsú nuair atá oiread sin daoine as obair, agus é sin go háirithe i gceist i measc na ndaoine óga. Tá an fhadhb soiléir: má táthar ag brath ar an déine amháin, gan borradh san eacnamaíocht, conas a fheabhsóidh ár gcúrsaí? Is baolach nach ionann sin, i gcás na tíre seo, agus gur féidir éirí as na ciorruithe ar fad, nó maolú mórán ar an déine. Is follasach, bealach amháin nó eile, go gcaithfear an bhearna sa bhuiséad idir teacht isteach agus caiteachas a laghdú thar tréimhse. Cad as a thiocfaidh an forás mar sin, an borradh san eacnamaíocht atá chomh riachtanach sin? Nach bhfuil sé soiléir nach dtarlóidh sé ach ag leibhéal an Aontais Eorpaigh? Is cinnte nach féidir leis an tír seo airgead a phriontáil, mar a tharlaíonn sna Stáit Aontaithe nó sa Bhreatain.

M

ás ar leibhéal an Aontais a chaithfear dul i ngleic le fadhb an easpa foráis, is maith is eol dúinn anois chomh casta, doréitithe, d’fhadhb atá ansin. Tuigimid anois forlámhas na Gearmáine maidir leis an gceist, agus chomh docht atá a ndearcadh siúd maidir lena bhfiacha a mhaitheamh do na tíortha sin nár choinnigh súil chuí ar a gcúrsaí airgeadais agus baincéireachta. Fiú go bhfuil sé ag éirí níos soiléire le himeacht aimsire gurb é leas na Gearmáine féin go mbogfaí ar an gceist seo, is cinnte nach dtarlóidh sé sin roimh olltoghchán sa tír sin sa bhfómhar seo chugainn. Is ceist é cad a tharlóidh ansin.

Gan choinne anois, ní fhéachann sé go bhfuil todhchaí an Aontais chomh daingean agus a síleadh. Féach go bhfuil an chosúlacht ag méadú go bhféadfadh an Bhreatain éirí as an Aontas ar fad tar éis an chéad olltoghcháin eile sa tír sin, nó fiú roimhe sin. Ní raibh Sasanaigh riamh rócheanúil ar an Aontas, ach nuair a fuair páirtí beag suarach UKIP, atá glan in aghaidh an Aontais, vóta ollmhór sna toghcháin áitiúla le déanaí, agus tar éis do Iar-Sheansailéir an Státchiste, Nigel Lawson, alt a scríobh ar Times Londain ag rá nárbh é leas na Breataine a thuilleadh a bheith mar

Feasta, Meitheamh 2013


ábhar buartha le tamall anuas conas mar a fheidhmíonn an rialtas, gan ceisteanna tábhachtacha poiblí a phlé mar ba chóir sa Dáil agus sa Seanad.

bhallstát den Aontas, ba chéim mhór i dtreo an dorais a bhí ann.

Státaire coimeádach é Lawson a bhfuil cáil na measarthachta agus na stuaime air, agus ba léir láithreach go mba fhadhb don phríomhaire Cameron a raibh le rá aige, bíodh go ndeirtear faoin bpríomhaire go bhfuil sé go pearsanta i bhfábhar bhallraíocht na Breataine san AE. Fadhb a bheadh ann don rialtas anseo freisin, ar ndóigh, dá n-imeodh an Bhreatain. Ní róshásúil dúinne é, mar atá, nuair nach bhfuil an Bhreatain i limistéar an euro, ach ba mheasa dúinn é ó thaobh trádála, agus níos mó fós ó thaobh ár gcaidreamh leis an Tuaisceart, dá scarfadh an Bhreatain go huile leis an Aontas. Cé a b’fhearr dúinn sa chás sin, a bheith istigh nó amuigh?

A

n bhfuil an tAontas féin i mbaol anois? Má fhágann an Bhreatain, an bhféadfadh go leanfadh ballstáit eile iad? De réir scéil, tá tacaíocht daonraí i mballstáit eile titithe go mór ó thosaigh an ghéarchéim. Cinnte, b’ábhar díomá a laghad tacaíochta a bhí ar fáil nuair a tharla an ghéarchéim chéanna. Oscailt súl a bhí i gceist don a lán. Ar ndóigh seasann seanbhrionglóid lucht bunaithe an Aontais, na daoine maithe sin a chonaic an t-ár, an t-éirleach agus an léirscrios a bhain leis an dá mhórchogadh a troideadh sa chéad leath den aois seo caite, agus a bheartaigh nach dtarlódh a leithéidí arís. Ach an maireann an bhrionglóid i ndáiríre? Cé s cheadaigh, mar a luadh cheana, go mbeadh tíortha an Aontais páirteach le NATO i gcogaíocht atá ar siúl san Afraic agus sa Mheánoirthear. Is cur chuige agus forlámhas na Stát Aontaithe is mó atá i gceist sa

ANAM NA TEANGA le Seán Mac Labhraí

Géarscagadh ar ghlac gearrscéalta

Sheol an Dr. Fionntán de Brún an cnuasach gearrscéalta, Anam na Teanga, in eagar ag Seán Mac Labhraí, i nGaeláras Mhic Ardghaill, Iúr Chinn Trá, ar an 2 Bealtaine. ‘Is í an litríocht anam na teanga,’ a scríobh Seosamh Mac Grianna, agus sa leabhar seo tá dhá cheann déag de na gearrscéalta is anamúla agus is bíogúla dár scríobhadh sa Ghaeilge riamh.

www.feasta.ie

chogaíocht seo, agus is beag a chabhraíonn sé le buanú na síochána sna réigiúin mhíshocra sin. Is féidir a bheith go mór in amhras go réitíonn an cur chuige seo leis na haidhmeanna a spreag bunaitheoirí an Aontais.

I gcás na tíre seo, tá fhios againn anois conas mar atá ár bpolasaí traidisiúnta neodrachta curtha i mbaol le tamall anuas. Luamar cheana anseo an bhuíon saighdiúirí ón tír seo atá amuigh i Mailí, mar a bhfuil cogadh cathartha ar siúl ina bhfuil NATO páirteach, idir Fhrancaigh, Mheiriceánaigh agus Sasanaigh, agus anois ar mbuíon bheag féin chomh maith leo. Fós níl fhios againn céard atá siad ag déanamh ann, ná go deimhin cén mhaith a dhéanfaidh siad ann. Níl gíocs as an rialtas. Is ábhar buartha le tamall anuas conas mar a fheidhmíonn an rialtas gan ceisteanna tábhachtacha poiblí a phlé mar ba chóir sa Dáil agus sa Seanad. Fiú nuair a bhíonn billí á reachtú is minic a bhrúitear tríd iad, gan deis a thabhairt ar phlé réasúnta a dhéanamh orthu. Tharla sampla maith den chur chuige sin ní fada ó shin, nuair a cuireadh an bille Gaeltachta faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid. Ba bheag ar fad an plé a ceadaíodh, agus diúltaíodh glacadh le leasú d’aon chineál. Ní haon mhórionadh go bhfuil Acht Gaeltachta againn atá lochtach, agus gur róbhaolach nach leas na Gaeltachta a bheidh mar thoradh air. Ní eisceacht a bhí i gceist leis an mbille sin ach an oiread, agus is fíor go bhfuil Teachtaí Dála agus Seanadóirí, agus fiú cúlbhinseoirí ar thaobh an rialtais, ag éirí imníoch faoin gcineál díluachála atá á dhéanamh ar an gcóras daonlathach. B’fhéidir gur toradh atá ann ar an móramh mór atá ag an rialtas sa Dáil. Tá na mór-údair ann – Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais, maraon le scríbhneoirí nach bhfuil an aithne chéanna orthu, ina measc Peigí Rose, Fionntán de Brún, agus Annraoi Ó Liatháin. Meascán den sean agus den nua, den traidisiún agus den nuálaíocht atá sa chnuasach seo a chuirfidh iontas ar dhaoine, a spreagfaidh caint ina measc agus, b’fhéidir, a tharraingeoidh raic eatarthu.

5

B’fhéidir leis nár mhiste dúinn ár machnamh a dhéanamh sula bhfaightear réidh go ró-éasca leis an Seanad, bíodh gur cinnte nach Seanad mar atá sé faoi láthair a bheadh ann. An amhlaidh leis gur chóir dúinn a bheith buíoch go bhfuil Uachtarán againn a labhrann amach go hoscailte, in áit a bheith ag iarraidh srian a chur lena theanga?

A

——◊——

gus sinn chomh gafa leis an Eoraip faoi láthair, an bhfuil sé riachtanach anois fiosrúchán poiblí a reachtáil a déarfadh linn conas ar aon chor a d’éirigh linn teacht san áit dheireanach sa Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse. Níl ár gcúrsaí go maith, ach nach tubaiste é seo dúinne ar mhinic dúinn sa chéad áit sa chomórtas oirirc seo. Mór é ár dtiteam! Mór é ár dtiteam!

Féach go bhfuil an Ghearmáin féin buartha, bíodh go dtáinig siad ceithre háit chun cinn orainn. Tá siadsan ag cur an mhilleáin ar Angela Merkel agus an polasaí déineachta úd agus nach bhfuil tíortha eile san Aontas sásta vótáil don Ghearmáin dá bharr. Shílfeá go mbeadh trua acu dúinne. Nó an bhfuil ceist le freagairt ag Éanna Ó Cionnaith, ar dheimhin linn go raibh gnaoi na hEorpa air? ◊ Tá cabhair ar fáil ann dóibh siúd nár mhiste leo faobhar a chur ar an scian chriticiúil. Saothar léirmheastóireachta é ina bhfuil neart nótaí. Chomh maith leis an ngnáthléitheoir, beidh an leabhar seo áisiúil do mhic léinn Ardteistiméireachta agus mic léinn tríú leibhéil.

ANAM NA TEANGA Eagarthóir: Seán Mac Labhraí CIC. ISBN: 978-1-909367-64-7 Bog. 305 lch. €15

Feasta, Meitheamh 2013


Duais CholmCille 2013

GRÉAGÓIR Ó DúILL Boeing 737

I ndíth ábhair léitheoireachta ar naoi míle méadar, léim arís in athuair na cartúin ar chúl an taca chloiginn ag an phaisinéir os mo chomhair. Súim gach brí as na pictiúir bheaga, greannán m’óige. Is mise an laoch óg i saol seo Boeing agus Ryanair, gruaig dhorcha, aghaidh gheal, geansaí glas, bríste gorm orm.

Tiocfaidh masc na hocsaoine anuas i dtráth mar anáil Dé, má bhíonn gá leis. Ní ceart dom bacaint leis an leanbh go mbíonn m’aghaidh fidil féin feistithe mar is ceart, mo scamháin féin ag líonadh. Cuirfidh mé mo dhá uilleann ar mo ghlúine, mo lámha thart ar mo cheann, beidh mé ok. Is ceart dom déanamh ar an doras is cóngaraí, chun tosaigh nó ar gcúl nó os cionn na sciathán agus éalú – ar acht nach bhfeicim bladhairí romham. Beidh soilse beaga ann le cuidiú liomsa réalteolaí más ea nach bhfeicim puinn agus barraíocht toite san chuid den eitleán ina bhfuilim ag lámhacán. Siúlfaidh mé ar cheithre ghéag bealach na bó finne chun na sábháilteachta.

Beidh crios tarrthála orm, thuig mé an rang teagaisc faoina chur umam, ach ní líonfaidh mé é go mbím taobh amuigh den doras, ar eagla a stoptha amhail corc i mbuidéal. Nuair a shínfear an sleamhnán, léimfidh mé is sleamhnóidh mé agus rithfidh mé le mo sheal agus le m’anam. Nílim baineann, ní chrosaim mo dhá lámh ar mo ghlúine ar eagla mo sciorta sleamhnú aníos faoim choim. Beidh mé slán. ——◊——

PETER MACKAy

An Tubaist

’S e meadhan an earraich a th’ ann agus craobhan Coille Chluanaidh fo sgàil, an grioman air an làrag ’s a’ ghiuthas às an amharc on rathad, ged a tha làn fhios agad gum bi e an sin, a’ sgaoileadh a-mach gu slaodach air na stuic, na geugan. Tha Loch Faschoille mar a bha e riamh, air neo, co-dhiù, o chaidh damaichean a chur air an Teimhil ’s a’ Gharadh. Tha am breac ann, tuigidh mi, agus a’ ghead; san Ògmhios bidh a’ bhànag a’ tilleadh agus am bradan, a’ sreap an àraidh len toil dall, ann an achlais a chèile nan ceudan.

Tha seo uile a’ ciallachadh cumhachd, an t-uisge sa chùrsa chunbhalach rèidh a’ brùthadh turbainean, a’ dràibheadh bheartan, sruth a’ ruith tro ar stuth bunaiteach, na h-ataman fhèin caochlaideach, a’ cur car, a-rithist ’s a-rithist, ann an caochan de dhominothan agus chàrnan.

Tha loidhne chàraichean a’ sìneadh mìle, a dhà, a-nis mu chuairt nan cnoc: solais casgan-làimhe, toitean, dòrsan fosgailte. Cuiridh sinn dheth ar rèidiothan, gus nach cluinn sinn na tha fios againn a tha ann. Nì ar corragan rat-a-tat air ar cuibhlichean-stiùiridh. www.feasta.ie

FOCLÓIR

Tubaist - timpist - crash Meadhan - meán Fo sgàil - faoi scáth / scáil Grioman - leicean - lichen Làrag - learóg - larch Giuthas - giúis Rathad - bóthar Stuic - stoic - trunks Chaidh - chuaigh Damaichean - dambaí Gead - liús - pike Bànag - bláthán - grilse áraidh - dréimire A’ ciallachadh - ciallaíonn A’ brùthadh - ag brú Turbainean - tuirbíní A’ dràibheadh - ag tiomáint Stuth bunaiteach - ábhar bunaidh Na h-ataman - na hadaimh Caochlaideach - corraithe

A-rithist - arís Loidhne - líne (carranna) Mu chuairt - timpeall Casgan - coscáin Cuir dheth - cuir as Rèidiothan - raidiónna

6

I mBéal na mBuillí

A

r an Domhnach, 5 Bealtaine, a d’fhógair an moltóir, Caoimhín Mac Giolla Léith, buaiteoirí Duais Cholmcille 2013 sa Leabharlann i dTeach na Páirce, Béal na mBuillí (Strokestown), Co. Ros Comáin. Ar Ghréagóir Ó Dúill, Baile átha Cliath, a bronnadh an chéad duais de €2,000 ar a dhán dea-shnoite, ‘Boeing 707’, ag ócáid ag a raibh Enda Scahill agus Martin Howley, oirfidigh le We Banjo 3, ag seinnt.

Bhí an file Eiléan Ní Chuilleanáin i láthair agus dhein sí reacaireacht ar dhánta na bhfilí Gàidhlige ar an ngearrliosta, Peter MacKay, Dún Éideann, Albain, agus Lewis McKinnon, Nova Scotia. Léigh stiúrthóir na Féile, Martin Dyar, aistriúcháin i mBéarla orthu seo chomh maith. Bronnadh an dara duais ar Peter Mackay, as a dhán beacht gann-inste, ‘An Tubaist.’

I mbliana roinneadh an tríú duais idir Gabriel Rosenstock, Baile átha Cliath, agus Maoilios Caimbeul, ón Oileán Sgitheanach, as an dán suaithinseach spraíúil ‘Lannaigh faoi Dhroichead Uí Chonaill’ agus an saothar ceisteach meitifisiceach ‘Samhla agus Mothachadh’ fá seach. B’iad na filí eile ar an ngearrliosta ná Peadar Ó hUallaigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, agus Lewis McKinnon, Nova Scotia.

Clár comhpháirtíochta is ea Colmcille idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig, trína gcuirtear úsáid Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban chun cinn, in Éirinn agus in Albain agus idir an dá thír. Tuiscint ar thaithí agus ar chultúr ilghnéitheach phobail na Gaeilge agus na Gàidhlig a chothú an sprioc, agus plé a chothú ar chúrsaí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta, d’fhonn féinmhuinín a spreagadh sna pobail seo. Deineann Colmcille urraíocht bhliantúil ar na duaiseanna Gaeilge/ Gàidhlige ag Strokestown International Poetry Festival.

Feasta, Meitheamh 2013


AN SeoMRA

Scéal le Mícheál Ó hUanacháin

Seomra folamh atá ann.

Ní hea, ní shin é. Ní hé sin é in aon chor. Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann.

Tá sin i bhfad níos fearr. Ní ceadmhach dul thar an bhfianaise a chuirtear os do chomhair. Breathnaím níos grinne ar an bhfíor i lár an pháipéir. Fíor, plean, líníocht dhá-thoiseach de thógáil trí-thoiseach; línte díreacha. Leanaim orm ag scríobh.

Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann. Níl aon scála ar an bhfíor, ach de réir thoisí na n-oscailtí falla, ar cosúil iad le doirse nó áirsí, is dealraitheach nach lú faid na bhfallaí ná—

Briseann bior ar cheann den dá pheann luaidhe atá agam. Tá sé sin ag tarlú ó thosaigh mé. Tógaim amach an bearrthóir. Cuirim bior arís air. Breathnaím arís ar an bpáipéar ar a bhfuilim ag scríobh. Tá an donas ar mo chuid peannaireachta inniu. Agus de réir dealraimh ní mór dom a bhfuil á scríobh agam a chur in áit téacs éigin eile atá ann cheana. Déanaim iarracht an sean-téacs a scrios leis an rubar atá scaití i mo láimh agus uaireanta eile ar fhoirceann pinn luaidhe. Tá an scríbhinn fós ar an bpár. Glanaim an luaidhe a scaipeadh nuair a bhris an bior. Nuair a thosaím ag scríobh arís, téann an sean-téacs as radharc, ar nós pailmseist uathoibritheach. Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann. Níl aon scála ar an bhfíor, ach de réir thoisí na n-oscailtí falla, ar cosúil iad le doirse nó áirsí nó fuinneoga, agus é sin a chur i gcomparáid leis an chuid eile, is dealraitheach nach lú faid na bhfallaí ná fiche troigh agus nach mó í ná daichead troigh. Ní thugtar eolas ar bith sa bhfíor faoina airde. Táim ag déanamh scrúdú. Ailtireacht agus dhá ábhar eile is cuimhin liom

www.feasta.ie

bheith romham, cé nach cuimhin liom cad iad na hábhair eile.

Tá an cheist seo agus dhá cheist lena cois le déanamh agam sa pháipéar seo. Ní fhaca mé an dá cheist eile go fóill, cé go bhfuil mé anseo le tamall. Níl a fhios agam fiú an ar ailtireacht nó ar na hábhair eile atá siad.

Scrúdú dhá uair a chloig atá ann. Bhí mé mall dó. Cheadaigh an scrúdaitheoir, nó an Cigire mar is fearr liom smaoineamh air, go dtosóinn air mar sin féin. Tá sé anois dhá nóiméad tar éis a dó dhéag, agus níl ach an méid sin déanta agam. Ní fheicim éinne eile ag déanamh an scrúdú. Táim suite ag crinlín den seandéanamh, le hais meall eile in aice mo láimhe deise, a bhfuil cosúlacht leapa móire milltí air, agus arb as a thagann guth an Chigire de ghnáth. Éirím ón gcrinlín agus téim i dtreo an tseomra.

nach bhfuil ann ach an fhíor bheith dháthoiseach. Leasaím agus leanaim liom.

Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann. Níl aon scála ar an bhfíor, ach de réir thoisí na n-oscailtí balla, ar cosúil iad le doirse nó áirsí nó fuinneoga, agus é sin a chur i gcomparáid leis an chuid eile, is dealraitheach nach lú faid na bhfallaí ná 6.50m (ca. 20’) agus nach mó í ná 12m (ca, 40’). Ní thugtar eolas ar bith sa bhfíor faoina airde.

Tá fuinneog fhada sa bhfalla thiarthuaidh, ag síneadh nach mór go dtí an cúinne ó thuaidh. Ní fios dom conas a tuigtear dom gur ‘falla thiar-thuaidh’ nó ‘cúinne ó thuaidh’ atá i gceist. An bhfuilim ag brath ar choinbhinsean a deir – mara bhfuil fios a mhalairt leagtha síos – go bhfuil ‘ó thuaidh’ ag barr an leathanaigh? Ní fiú an coinbhinsean a shárú: ar mhaithe le cad é?

Tá Christy taobh thiar den chuntar ag sméideadh orm, a láimh ar hanla an tarraic phórtair.

Cé mhéid, a dhuine? ar seisean. Is é an scairt deireanach é. Smaoiním tamaillín. Haidh! arsa guth an Chigire, Cá bhfuil tusa ag dul?

Táim ag dul isteach sa seomra, a deirim. Deir sé sa pháipéar go bhfuil cead é sin a dhéanamh. Ní abraíonn an Cigire aon rud eile, agus téim ar aghaidh. Nuair a táim istigh i lár an tseomra, tugaim faoi deara go bhfuil sé go maith laistigh den raon toisí a bhí scríofa síos agam. Mar sin féin tá sé mór, agus tá an-chuid gnéithe éagsúla ag baint leis. Fós féin, níl aon eolas agam faoina airde.

B’fhéidir nach bhfuilim i dteideal a leithéid. B’fhéidir nach ann dó. B’fhéidir 7

Tá sé fós dhá nóiméad tar éis a dó dhéag, agus níl ach an méid sin déanta agam. Mar sin féin,

‘Péire,’ a deirim.

‘Le do thoil,’ nuair a thagann fios mo bhéasa chugam. ‘Ní hea, ach trí cinn,’ a deirim tar éis meandair, ag smaoineamh dom gur fada an lá atá romham.

Gáireann Christy, agus ardaíonn sé trí ghloine pionta i gceann de na spága láimhe sin aige. Tabharfaidh Peadar chugam ar ball iad, ceann ar cheann. Ní luaitear íocaíocht.

In áit éigin eile, tá scata cailíní ag súgradh sa ghaineamh cois na farraige.

Feasta, Meitheamh 2013


Ar a laghad triúr acu atá ann. Tá daoine eile ar an trá, agus cuid eile fós san uisce. Meabhraíonn duine de na girsigh dom an pictiúr a bhíodh sa seomra suí – a huilneacha i ngaineamh na ndumhcha, a smig ina lámha, an meangadh gáire. Tiontaím agus breathnaím ar an dara falla sa bhfíor.

Tá mionsonraí breise le feiceáil anois agam – rudaí gur deacair a shamhlú go dtiocfadh liom iad a thabhairt faoi deara as líníocht dhá-thoise dá shórt.

Breacaim síos iad, chomh neamhbhalbh agus is féidir liom. Tá fuinneog fhada sa bhfalla thiarthuaidh, ag síneadh nach mór go dtí an cúinne ó thuaidh.

Níl oscailt ar bith sa bhfalla thoirthuaidh, agus samhlaítear falla páirte leis, cé – ag a cheann thoir nach mór – gur cosúil sconsa a bheith ann, rud nach mbeadh ag teacht le cineál falla páirte. Ansin, siúlaim i dtreo an chúinne. Ceart go leor, tá sconsa ann, agus tá mo bhuille-faoi-thuairim maidir le falla páirte fíoraithe. Ní mór é sin a leasú ar ball.

Ach conas a thig liom bheith ag breathnú síos air, agus bheith istigh ann ag an am céanna?

Glacaim an peann luaidhe eile, a bhfuil a bhior-sin briste anois, agus a bhfuil an rubar anois ar a fhoircheann eile, chun an méid nach dtig liom bheith cinnte de a scriosadh ón téacs. De réir mar a dhéanaim sin, tá an seantéacs ag teacht i radharc arís. Fágaim an chuid sin den fhadhb gan réiteach, agus breathnaím arís ar an bhfíor.

Fan an fhalla a bhfuil ‘thoir-theas’ baiste agam air, tá sraith ceithre chupard, nó seomraí beaga, ag gearradh isteach sa phríomh-sheomra. Siúlaim ina dtreo.

Tá doras ar an gcéad cheann, sa bhfalla thoir-thuaidh aige. Idir sin agus cúinne thoir an phríomh-sheomra tá fuinneog bheag shalach a bhfuil giobal de chuirtín ag titim di.

Osclaím an doras. Tá leaba mhór istigh, ar a bhfuil Christy agus an Cigire ina suí, agus cartaí imeartha ina lámha beirt. Tá crinlín beag, ar a bhfuil páipéirí ina luí, le hais na leapa in aice an dorais. www.feasta.ie

Iompaíonn an dís i mo threo agus bagraíonn orm bailiú liom. Bailím liom.

Tá uachtar reoite ag na cailíní, agus luíonn siad ar an bhféar os cionn na trá á lí. Tá an t-uisce mara ag triomú ar a gcraicne faoin ngréin.

Tar éis tamaill, iarrann an cailín ón seomra suí orm a cuid gruaige a chóiriú. Glacaim an scuab gruaige uaithi, agus tosaím á tarrac trína folt fada ruadhonn. Nuair atá an ghriain ag dul faoi, téann siad ar fad síos an bóthar ón trá i dtreo an bhaile. Cloisim a ngáire ag imeacht uaim in uaigneas an tráthnóna.

Tá na trí piontaí fós le críochnú agam.

Tá sé fós dhá nóiméad tar éis a dó dhéag, agus níl ach an méid sin déanta agam.

Tá cúpla rud eile a bhfuil fonn orm iad a bhreacadh síos, ach ní léir dom go bhfuil siad ag teacht go hiomlán le rialacha an taisc. An bhfuil na rialacha curtha ar fáil? Bhfuil siad i scríbhinn áit éigin? Ar chúl na líníochta, b’fhéidir?

Téann díom an páipéar d’ardú lena chúl a scrúdú. Cuirim chun scríofa arís. Tig liom baint de ar ball más gá.

Níl oscailt ar bith sa bhfalla thoirthuaidh, ach tá sconsa ag an gcúinne thoir.

Fan an fhalla thoir-theas, tá sraith ceithre chupard, nó seomraí beaga, ag gearradh isteach sa phríomh-sheomra.

Tá doras ar an gcéad cheann, sa bhfalla thoir-thuaidh aige. Tá leaba istigh agus crinlín beag, ar a bhfuil páipéirí ina luí, lena ais. Idir an doras agus cúinne thoir an phríomh-sheomra tá fuinneog bheag a bhfuil sean-chuirtín crochta thairsti. Ní cosúil aon doras a bheith ar aon cheann eile de na ceithre chupard, nó seomraí, agus dá réir sin ní féidir aon tuairim a lua faoina gcineál nó faoina bhfuil iontu.

B’fhéidir gur cóir dom malairt cur síos a dhéanamh ar na rudaí sin a tharla gan aon eolas cruinn agam ina dtaobh. Níl a fhios agam ach gur brící tógtha i bhfoirm dhronuilleogach le hais an fhalla iad. 8

Táim díreach ar tí scrúdú a dhéanamh ar an gceathrú falla nuair a réabtar isteach an fhuinneog mhór sa chéad cheann.

Léimeann beirt pháistí isteach tríd. Leanaí ó cheart iad ach iad mór groí, buachaill agus cailín, agus iad ag scairteadh is ag béiceach faoi scuab a mamaí. Míním dóibh gur aici féin atá an scuab, ach níl maith bheith leo.

Éiríonn liom an cailín a bhrú amach tríd an bhfuinneog arís, ach seasann an buachaill sa bhearna, cos i dtaca aige agus a dhá láimh i ngreim chomhlaí na fuinneoige móire sin.

Nuair a bhreathnaím thar a ghualainn, chím slua thíos sa chearnóg (ar luaigh mé an chearnóg? Is cosúil nár luaigh, ach ní bhaineann sé leis an seomra féin, ar chuma ar bith). Tá an slua i bhfeirg, agus an cailín (cailín an tseomra suí, arís) á ngríosadh.

Tugaim iarracht neamhshuim a dhéanamh dá bhfuil ar siúl lasmuigh, fiú den ghasúr sa bhfuinneog. Siúlaim timpeall uair amháin eile. Ní fheicim morán sa bhreis go dtig liom braith air mar chur síos.

Ní cosúil aon doras a bheith ar aon cheann eile de na ceithre dhronuilleog, más dronuilleoga iad, agus dá réir sin ní féidir aon tuairim a lua faoina gcineál nó faoina bhfuil iontu. Sa cheathrú falla, tá dhá sconsa áirseacha, agus doras eatarthu. Ar sheastáin sna sconsaí, tá dealbh an ceann, de dhéanamh clasaiceach nó nua-chlasaiceach. Níl aon sonrú ar cheachtar acu.

Tá an doras faoi ghlas. Nuair a bhuailim an dara huair air, osclaíonn Christy é.

Siúlaim amach tríd an doras agus ar ais chuig an deasc. Tá na trí piontaí ina seasamh ann. Tá sé fós dhá nóiméad tar éis a dó dhéag, agus níl ach an méid sin déanta agam.

Scrúdú ailtireachta agus dhá ábhar eile atá ar bun agam, cé nach cuimhin liom cad iad na hábhair eile. Tá an cheist seo agus dhá cheist ina diaidh le déanamh agam sa pháipéar seo. Ní fhaca mé an dá cheist eile go fóill, cé go bhfuil mé anseo le tamall.

I dtobainne, briseann bior ar cheann de mo dhá pheann luaidhe. Tá sé sin ag

Feasta, Meitheamh 2013


tarlú ó thosaigh mé. Tógaim amach an bearrthóir. Cuirim bior arís air agus breathnaím arís ar an bpáipéar ar a bhfuilim ag scríobh.

Tá an-chuid tar éis sleamhnú isteach san insint nach bhféadfadh éinne braith air ó na línte fuara ar an bpáipéar a bhfuil an líníocht lom breactha air. Déanaim roinnt mhaith athruithe beaga, rudaí á mbaint amach as agus forálacha á gcur isteach.

Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann. Níl aon scála ar an bhfíor, ach de réir thoisí na n-oscailtí falla, ar cosúil iad le doirse nó áirsí nó fuinneoga, agus é sin a chur i gcomparáid leis an chuid eile, is dealraitheach go bhfuil faid na bhfallaí idir 6.50m (ca. 20’) agus 12m (ca, 40’). Ní thugtar eolas ar bith sa bhfíor faoina airde. Tá fuinneog fhada sa bhfalla thiarthuaidh, ar cosúil go síneann sé nach mór go dtí an cúinne ó thuaidh.

Ní cosúil oscailt ar bith bheith sa bhfalla thoir-thuaidh, ach tá sconsa ag an cúinne thoir ann.

Fan an fhalla thoir-theas, tá ceithre dhronuilleog de dhéantús cosúil le brící gearrtha isteach sa phríomh-sheomra.

Tá doras ar an gcéad cheann, sa bhfalla thoir-thuaidh aige. Tá leaba istigh, agus rud is cosúil le crinlín beag lena ais. Idir doras agus cúinne thoir an phríomhsheomra tá fuinneog a bhfuil cuirtín crochta thairsti. Ní cosúil aon doras a bheith ar aon cheann eile de na ceithre spásanna dronuilleogacha, agus dá réir sin ní féidir aon tuairim a lua faoina gcineál nó faoina bhfuil iontu.

Sa cheathrú falla, tá dhá sconsa áirseacha, agus doras eatarthu. Ar sheastáin sna sconsaí, tá dealbh an ceann. Níl aon sonrú ar cheachtar acu.

Cuirim breis leis. Feictear dom dá mhéid dá scríobhaim gur i laghad atá an seomra ag dul.

Tá buachaill ina sheasamh sa bhfuinneog mhór sa chéad fhalla, agus cailín ar a chúl. Léiríonn siad sin scála an tseomra. Cuireann scála an tseomra méid an fhoirgnimh ar cuid de é in iúl dúinn.

Ní hea, ní hé sin é. Tá sé sin ag dul ó smacht ar fad, an treo contrártha ar fad ar fad. Tá gártha Christy agus an Chigire fós i mo cheann. Tá na cailíní eile ag scig-gháire faoi ghirseach an tseomra suí. Tá uachtar reoite anois ag cuid acu.

Tá an bheirt pháiste ar ais sa bhfuinneog. Cloisim an slua ag búirthíl sa chearnóg ar a gcúl.

Táim ag iarraidh scríobh le scuab gruaige. De réir mar a dhéanaim, tá an sean-téacs ag teacht i radharc arís. Tá sé fós dhá nóiméad tar éis a dó dhéag. Tosaím uair amháin eile.

Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann. Ní hé sin é in aon chor.

Seomra folamh atá ann.

— CRíOCh

TIONÓL NA MUMHAN 2013

Dé hAoine – Dé Domhnaigh, 7 – 9 Meitheamh Óstán Travel Inn, An Fosadh, Cill Airne, Co. Chiarraí

Dé haoine, 7 meitheamh 19.30 Teacht le chéile, tae/caife agus clárú* * 20.00 Léacht (1), Dúchas Lios a’ Phúca, le Séamas Ó Máille 21.15 Bord Quiz idir-Choistí Contae agus seoladh Feasta an Mheithimh 22.00 Seisiún Ceoil i mbeár an Travel Inn Dé sathairn, 8 meitheamh 10.30 Cruinniú Cinn Bhliana Dháil na Mumhan www.dailnamumhan.ie 11.30 Clárú* * ( Táille: €10 don deireadh seachtaine nó aon chuid de) 11.45 Léacht (2), Sinne agus an Ghaeilge, le hÉamonn Mac Gearailt 13.00 Briseadh lóin 14.15 Turas ar Castlerosse le Risteárd Mac Fhlannchaigh 17.00 Tae/Caife & Léamh Filíochta le Filí Chiarraí — díreach á leanúint san: Léiriú ar imeachtaí ag Craobhacha Chiarraí – curtha i láthair ag an gCoiste Contae 18.30 Briseadh dinnéir 20.00 Léacht (3), Tigh Mhucrois – a stair is a luach, le Seán Ó Luanaigh 21.00 Fáiltiú (agus sólaistí), Ceol & Bronnadh Gradam: • Laoch na Mumhan, 2013 • Coiste Contae na Bliana, 2013 • Craobh na Mumhan, 2013 22.00 Seisiún Ceoil i mbeár an Travel Inn Dé Domhnaigh, 9 meitheamh 11.00 Aifreann 13.00 Briseadh lóin & críoch lóistín: Tá rátaí speisialta ar fáil ón Óstán Travel Inn: www.travelinn.ie 064-662 3600 • Beirt ag roinnt seomra €55, l/b in aghaidh na hoíche, €85 l/b ar seomra singil • 2 oíche l/b, beirt sa seomra & dinnéar amháin, €119 an duine • Is ceart Tionól na Mumhan a lua. Is gá glaoch go luath * táille Chláraithe: €10 Don DeireaDh seaChtaine nó aon ChuiD De á eagrú ag Dáil na mumhan de Chonradh na gaeilge. eolas breise ó: Pádraig Ó Dálaigh: 087-953 7243; • Mícheál Ó Raghallaigh: 087-249 4031; • Risteard Mac Fhlannchaigh: 087-639 4362; • Pádraig Mac Fhearghusa: • 087-290 1154; Donnchadh Ó hAodha: 087-2421267 www.feasta.ie

9

Feasta, Meitheamh 2013


1913: Ceantar na noileán Conamara

C

Donncha Ó hÉallaithe

éad bliain ó shin chuir Conradh na Gaeilge grúpa de cheathrar go dtí Conamara, le fiosrú a dhéanamh faoi choinníollacha maireachtála na ndaoine i gCeantar na nOileán.1 Foilsíodh tuairisc ón gceathrar sa nuachtán seachtainiúil, An Claidheamh Soluis, i Meitheamh 1913.

Go deimhin, bhí an daonra níos airde faoi 1881 sa gceantar5 ná mar a bhí roimh an nGorta Mór. Míniú amháin ar an ardú mór daonra idir 1861 agus 1881 is ea daoine a bheith ag plódú isteach sa gceantar, tar éis an Ghorta Mhóir, le iarracht a dhéanamh maireachtáil ar thalamh imeallach, tar éis a bheith caite amach ó ghabháltais níos fearr in áiteacha eile, mar nach raibh siad in acmhainn cíos a íoc.

Is de bharr tuairisc a chuir Pádraig Ó Máille2 os comhair Choiste Gnótha an Chonartha, tar éis dó féin agus a dheartháir Tomás3 cuairt a thabhairt ar an gceantar, a socraíodh an grúpa a chur go Conamara leis an bhfiosrúchán a dhéanamh faoin staid ina raibh na daoine ag maireachtáil.

Ach, mar a léiríonn an tábla thuas, tháinig titim shuntasach sa daonra idir 1881 agus 1911. Seans gur tharla an titim sin mar go raibh sruth na himirce ó Chonamara Theas ag bailiú nirt sna blianta sin idir 1881 agus 1911.

Roinnt bheag blianta roimhe sin tarraingíodh aird ar Cheantar na nOileán, mar gur buaileadh an ceantar le droch ráig den bhfiabhras dubh nó typhus.4 Tuairiscíodh san Irish Times (27/08/1910) go bhfuair seachtar nó ochtar bás leis an bhfiabhras dubh idir Leitir Mealláin agus Goramna, agus go raibh Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin á úsáid mar ‘temporary isolation hospital’, le cead Ardeaspag Thuama.

Bhris ráig den bhfiabhras dubh (typhus) amach i gCeantar na nOileán sa bhliain 1910, a mharaigh roinnt daoine. Cé go raibh sé ráite ag na Máilligh sa tuairisc a thug siad sa Chlaidheamh Soluis6 nach raibh ‘tada de fhiabhrus ar na hoileánaibh faoi láthair,’ ní hé sin go baileach an scéal a bhí ag grúpa fiosraithe an Chonartha. Sa tuairisc ón ngrúpa tugadh le fios go raibh an fiabhras ar sheisear i Leitir Mealláin, ar chúigear i Leitir Móir agus i dtrí theach i gceantar na Trá Báine.

Is ceart a rá gur thug Sir Roger Casement cuairt ar Chonamara le linn Bhealtaine na bliana 1913, agus foilsíodh litir uaidh ar an Irish Times (13/06/1913) faoin teideal ‘Distress in Connemara,’ ina ndúirt sé go Ruairí bhféadfaí a rá ‘that Mac Easmainn a considerable area, inhabited by many thousands of people, lies on the verge of chronic famine and that many households penned in animal shelters, dwell in dread of recurrent sickness.’

AN FIOSRúCHáN

Ar na daoine a cuireadh siar leis an tuairisc a réiteach don Choiste Gnótha bhí an Dochtúr Tomás Breathnach, nach bhfuil aon eolas agam faoi; Caitlín Nic Ghabhann a bhí ina timire agus ina múinteoir leis an gConradh ag an am; an Dochtúr Seaghan P. Mac Éinrí, a bhí ina Ard-Thimire leis an gConradh agus Edward Martyn,7 tiarna talún ó Ard Rathain, a raibh baint mhór aige leis an athbheochan liteartha in éindí le yeats agus Lady Gregory.

Thar dhá eagrán den Claidheamh Soluis, nuachtán seachtainiúil an Chonartha, a foilsíodh an cuntas ón gceathrar. Sa chéad chuid den tuairisc, a foilsíodh ar an 14 Meitheamh 1913, tugadh cur síos ar an droch staid ina raibh daoine ag iarraidh maireachtáil, go mór mhór iad san a raibh an fiabhras orthu. Sa tarna cuid, a foilsíodh an tseachtain ina dhiaidh sin, deineadh roinnt moltaí faoin mbealach a fhéadfaí an saol a fheabhsú do na daoine.

DAONRA MÓR AGUS FIABHRAS

Aithníodh go mba é ceann de na cúiseanna le leathnú an fhiabhrais dhuibh i gCeantar na nOileán ná an dlús ard daonra ar thalamh a bhí an-bhocht go deo. Ní raibh mórán saothrú le fáil sa gceantar ach an oiread. Bhí na daoine beo bocht. Ina ainneoin sin, tháinig ardú suntasach ar an daonra i gCeantar na nOileán idir 1861 agus 1881, mar a léiríonn an tábla thíos. Is cinnte gur chuir an t-ardú sin leis an mbochtanas. Tábla 1: An Daonra i gCeantar na nOileán Gorumna

Leitir Mór Iomlán

www.feasta.ie

1841

1861

1881

1911

1395

1119

1643

1316

2813

4208

1865

2984

2739

4382

Bhí an-bhá ag an toscaireacht ón gConradh leis na daoine a raibh an fiabhras orthu, agus dúirt siad go mbeadh sé sách deacair do dhaoine saibhre an fiabhras a sheasamh, ach nuair a bhuaileann sé an duine bocht i gCeantar na nOileán go mbíonn sé ‘gan leaba faoi, gan ach an bia is gairbhe le n-ithe agus uisce salach le n-ól.’ An t-ospidéal ba ghaire bhí sé in Uachtar Ard, thart ar 40 míle de thuras ‘i seancharbad a chraithfeadh an t-anam as’. Ansin, tar éis an fiabhras a chur de san ospidéal bheadh ar an othar siúl abhaile ón Teach Dóite, turas idir 20 agus 30 míle. Sa mbaile dó, dúradh go gcaithfeadh sé luí ar an urlár tais, mar go mba nós leis na húdaráis na leapacha agus na héadaigh leapan a dhó sna tithe ina raibh an fiabhras.

2167

3483

Foinse: Tuairiscí ó na daonáirimh éagsúla. 10

Thug an tuairisc le fios, chomh maith, go raibh deacracht eile ann mar nach raibh Gaeilge ag an dochtúir, ag an mbanaltra ná ag an sagart, a bhí ag freastal ar Cheantar na nOileán.8

Feasta, Meitheamh 2013


NA TITHE:

Tuairiscíodh go raibh £5 an tonna le fáil ar an gceilp ag an am agus go mbeadh éacht déanta ag teaghlach a dhíolfadh 3 thonna ceilpe sa bhliain. ‘Obair an-chruaidh neamhchinnte is eadh bailiughadh agus triomughadh na feamuinne agus is beag brabach a bhíos dhá bharr ag lucht a dhéanta,’ a dúradh sa gcuntas a tugadh.

Idir na trí hoileáin, Leitir Mealláin, Gorumna agus Leitir Mór, bhí 511 teach ina raibh 2,801 duine ag cur fúthu. 9 De réir na tuairisce bhí cónaí ar 373 duine i dtithe aon seomra amháin. Tuairiscíodh go raibh teach aon seomra i Leitir Mealláin ina raibh 12 duine ina gcónaí. B’shin an cás ba mheasa. Tábla 2:

Daonra, Tithíocht agus Talamh

Leitir Mealláin

828

Leitir Mór

2,252

Oileán

Gorumna Iomlán

Méad acraí

Tithe

Daoine

5,909

283

1,540

8,989

80

148 511

Ceann de na fadhbanna móra a bhí ann ná uisce a bheith truaillithe sna toibreacha, ‘ag beithidhigh agus ag géabhaí’. Dúradh gur mór an scannal nár deineadh faic leis na toibreacha a ghlanadh ná a chlúdach ‘cé go raibh an fiabhras builg (typhoid) san áit le bliadhanta’. Easpa glaineachta agus uisce truaillithe an chúis ba mhó leis an bhfiabhras boilg scaipeadh.

460

801

MOLTAí

2,801

Sa tarna cuid den tuarascáil, a foilsíodh sa Claidheamh Soluis ar an 21 Meitheamh 1913, liostáileadh roinnt moltaí:

Seo leanas an cur síos a tugadh ar na tithe aon seomra: ‘iad déanta de chlocha garbha, poll san díon i leaba similéara agus gan fuinneog beag ná mór ionta. B’éigin dúinn cipíní solais a lasadh leis an taobh istigh de na tithe a fheiceáil. An deatach a éiríos den tine mhóna, téann sé amanta thríd an bpoll atá le n’aghaidh ann ach níos minice ná sin is amhlaidh a líonas sé an seomra de cheo gorm a dhéanfadh caoch sibh agus ansin téann sé an doras amach. De bharr an néill deataigh sin bhíonn na fraithigh is na ballaí agus an troscán clúdaithe de shúithche agus é chomh greamaitheach le tarra.’

1. Fóirithint Láithreach do na Daoine

Tuairiscíodh ocras a bheith ar go leor de na daoine ‘go mór mhór ar mhuintir na dtithe ina raibh an fiabhras,’ agus go raibh An Coiste Paróiste ‘ag déanamh a dhíchill’ le fóirithint a thabhairt do na daoine sin. Moladh gan ‘sean-éadaigh faisiúnta’ a chur ag na daoine ach pluideanna agus flainnín a chur go dtí Coiste an Pharóiste le riar orthu. 2. An tUisce

Tugadh le tuiscint sa tuairisc go mba é an bhunchúis leis an bhfiabhras boilg briseadh amach ná uisce salach sna toibreacha. Moladh go ndéanfaí ‘na toibreacha a ghlanadh agus a dhoimhniú agus balla a chur thart timpeall orthu leis na beithigh agus an t-uisce uachtarach a choinneál amach asta.’ 3. Ospidéal

Is cosúil nach raibh aon leapacha sna tithe ina raibh an fiabhras, mar gur dódh na leapacha agus na héadaí leapan, le fáil réidh leis an bhfiabhras as an teach. ‘Is ar an urlár agus a gcuid éadaigh lae orthu a chodlaíos na daoine bochta ins na botháin suaracha úd agus codlaíonn an mhuc agus an bhó i n-éineacht leis an té a bhfuil sé d’ádh air a leithéid a bheith aige.’

Moladh go mba chóir don rialtas ospidéal a bhunú i mBéal an Daingin le déileáil leis an bhfiabhras agus ‘gléas iompair breoiteán a bheith ann’. Dúradh chomh maith gur theastaigh tuilleadh dochtúirí le freastal ar an gceantar. 4. Talamh

Ní raibh an coiste fiosraithe fabhrach don smaoineamh go mba cheart talamh a thabhairt do na daoine in áit eile, ar an ábhar ‘nach mó ná go maith a d’éireodh feilméireacht leo i lár na hÉireann os rud é nach raibh cleachta ariamh acu ar thalamh fónta a shaothrú’.

Mar a tuairiscíodh, cé go raibh an talamh ar na hoileáin go dona, gan ann ach ‘cloch lom eimhir agus giodáiníní ithearach anseo is ansiúd i measc na gcarraig,’ fós féin bhí cíos ard le híoc ar na gabháltais. ‘Is é saothar na ndaoine féin a rinne an chuid is mó de na giodáiníní úd agus iompraíonn siad feamainn ar a ndruim ar feadh a dó nó trí de mhílte le leasú a chur ar an ithir. Ach ní lúide sin é, caithfidh na daoine bochta sin £2, £3, nó £4 d’íoc ar ghabháltais bheaga nárbh fhiú 10s. in aon áit eile.’

5. Tithe

Dúradh sa tuarascáil go raibh Leitir Mealláin ceannaithe ag Bord na gCeantar mBocht, agus go raibh daoine ag súil ‘go dtosófar go goirid ar na giodáin talún a chur le chéile agus a athroinnt ar na daoine’. San athroinnt, dá mbeadh ar theaghlach bogadh as teach, thógfadh Bord na gCeantar mBocht teach nua dóibh. Chomh maith le sin tuairiscíodh go raibh deontas feabhsúcháin tithe ar fáil ón mBord de £10 agus €40 eile le fáil ‘ar ghaimbín 3½ ar an gcéad’ ach go raibh faitíos ar na daoine a bheith ceangailte le hiasacht a aisíoc, ‘óir d’fhoghlaim siad ón aimsir atá thart nach dtig leob geallúna mar sin a chomhlíonadh’.

Bhíodh roinnt daoine ag baint slí bheatha amach: ‘tré mhóin a bhaint agus a iomchur i mbádaibh go Gaillimh agus go háiteacha eile ar chladach Chuain na Gaillimhe.’ Ach tuairiscíodh go raibh ‘an mhóin i ndáil le bheith caite anois i gcuid mhóir de na hoileánaibh’ agus nár mhór ‘stad de mhóin a chur amach as na hoileáin ach í do choinneáil le haghaidh na ndaoine féin’.

Is cosúil ón tuairisc go raibh an iascaireacht ‘ag dul do léıg’ le roinnt blianta, agus nach raibh de bháid acu le iascach a dhéanamh ach curachaí ‘agus is beag brabach is féidir a dhéanamh astu sin’.

www.feasta.ie

6. Calaidh agus Báid

11

Dúradh gur theastaigh caladh go géar ag an Trá Bhán, mar nach bhféadfadh ‘muintir na mbailte thart timpeall air iad féin a chothú gan caladh a bheith acu’. Chun go mbeadh rath

Feasta, Meitheamh 2013


ar an iascach tuairiscíodh gur theastaigh báid mhóra, calaidh le haghaidh na mbád agus gluaisteán leis an iasc a thabhairt chun na traenach le cur ar an margadh.

TAGAIRTí AGUS NÓTAí Ceantar na nOileán a thugtar ar na hoileáin seo a leanas atá anois ceangailte leis an mórthír: Anach Mheáin, Leitir Móir, Gorumna, Leitir Mealláin, Foirnis. Tá roinnt oileán beag eile sa gceantar chomh maith nach bhfuil aon droichead isteach go dtí iad: Inis Béarachain agus Inis Treabhair an dá cheann is mó acu sin. 2 B’as Coill Mhaolacháin, in aice leis an Mám i dTuaisceart Chonamara do Phádraig Ó Máille (c.1878 – 1946). Nuair a thug sé cuairt ar Cheantar na nOileán, 1913, bhí sé ar Choiste Gnótha Chonradh na Gaeilge agus ina Chathaoirleach ar Chomhairle Cheantair Tuaithe Uachtar Ard. Bhí sé páirteach i gCogadh na Saoirse agus toghadh ina Theachta Parlaiminte é do cheantar Chonamara sa toghchán cáiliúil i 1918 le 77% den vóta. Bhí sé ina Theachta Dála níos deireanaí le Cumann na nGael, ach d’athraigh sé le linn na bhfichidí agus sheas sé toghchán i 1932 do Fhianna Fáil: chinn sé air an suíochán a bhuachan ach ceapadh ina Sheanadóir é. 3 Bhí Tomás Ó Máille (1880 – 1938), deartháir le Pádraig, ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. B’é a chuir an leabhar cáiliúil An Béal Beo le chéile. 4 Droch-choinníollacha maireachtála agus droch-thithíocht ba chúis leis an bhfiabhras dubh (typhus) briseadh amach. Dreancaidí coirp a leathnaíonn an bhaictéir ó dhuine go duine. 5 Clúdaíonn dhá thoghcheantar, Leitir Móir agus Gorumna, na hoileáin atá i gCeantar na nOileán agus cuid den mórthír chomh maith. áirítear ceantar Leitir Mealláin mar chuid den toghcheantar ar a dtugtar Gorumna. áirítear Anach Mheáin agus Béal an Daingin mar chuid den toghcheantar ar a dtugtar Leitir Móir. 6 Tuairisc ar an gcéad leathanach den Chlaidheamh Soluis faoin teideal ‘Cúrsaí an tSaoil’, 7 Meitheamh 1913. 7 Máirtíneach Thull’oidhrigh an t-ainm a bhí curtha aige leis an tuairisc, agus é ráite faoina ainm nach bhfaca sé ‘an taobh istigh d’aon teach’. 8 Tharraing an ráiteas úd conspóid agus bhí orthu a admháil go raibh togha na Gaeilge ag sagart Leitir Móir, sagart na Ceathrún Rua, ach is cosúil nach raibh Gaeilge ag na sagairt a bhíodh ag freastal ar Leitir Mealláin agus ar Thír an Fhia, ag an am. 9 Níl an figiúr daonra seo ag teacht leis an bhfigiúr atá tugtha thuas i dTábla 1. Clúdaíonn an dá thoghcheantar Leitir Móir agus Gorumnna i dTábla 1 ceantar níos fairsinge ná an trí oileán, Leitir Mealláin, Gorumna agus Leitir Móir, mar atá mínithe i bhfonóta 4 thuas. 10 Bhí Caitlín Nic Ghabhann an-ghníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge le linn blianta tosaigh an tSaorstáit, ach de réir an mhéid atá scríofa fúithi ar an suíomh AINM.IE d’imigh sí as amharc sa mbliain 1928, nuair a d’éirigh sí as an rúnaíocht ar Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge, agus ceaptar go ndeacha sí isteach i gclochar leis an gcuid eile dá saol a chaitheamh.◊ 1

7. Saothar

Tuairiscíodh go raibh roinnt fíodóirí ar na hoileáin ag déanamh an fhlainnín agus ceapadh ‘go bhféadfaí an obair sin a mhéadú agus a chur chun tosaigh’.

Maidir leis na scoileanna lása a bhí curtha ar bun ag Bord na gCeantar Cúng, dúradh nach mbíodh mórán cailíní ag freastal ar an scoil, mar nach ‘go maith a tuigtear an teagasc as Béarla’. Le déantúsaíocht a chur chun cinn sa gceantar dúradh go raibh dhá rud ag teastáil: ábhar a bheith saor agus gan costas mór a bheith ar iompar go dtí an margadh. Moladh gléasanna cniotála a chur ar fáil, lena a bhféadfaí stocaí agus léinte olna a dhéanamh, le go mbeadh saothar ar fáil sa gceantar. B’fhacthas don choiste go mb’fhéidir amach anseo go bhféadfaí ‘gléasann déantúis ar an bportach mór atá idir an fharraige agus an Mám’ a úsáid le móin a thairgeadh. Cearta Teanga

Ní mó ná sásta a bhí an coiste fiosraithe leis na múinteoirí, dochtúirí, banaltraí, sagairt agus ‘oifigigh de gach uile shórt gan focal Gaeilge ina bpluic’ a bhí curtha ag an áit, agus dúradh gur thug sin le fios do na daoine ‘nach bhfuil iontu ach fuílleach cine atá brúite briste agus ag imeacht as an saol gan dóchas acu as an am le teacht agus gan suim ag aon duine iontu’. Tuairiscíodh go ndúirt duine amháin leo: ‘Óra, muise, agus bhur leithidí a bheith ag labhairt Gaeilge!’, amhail go mba aisteach an rud é daoine mór le rá a bheith in ann labhairt leo ina dteanga féin. Ag deireadh na tuarascála moladh go hard ‘muintir na n-oileán iad féin’ mar dhaoine a bhí ‘breá slachtmhar tuisceannach’, agus a bhí láidir agus béasach. ‘Níl aon tír eile ar domhan,’ a dúradh, ‘a ligfeadh a leithidí ar ceal agus a dearmad tré fhaillí.’ AGUISíN

Beagnach naoi mbliana níos deireanaí scríobh duine den choiste fiosraithe, Caitlín Nic Ghabhann10, alt san iris Misneach (4 Márta 1922) faoin teideal ‘Oileáin Chonamara’ inar thug sí chun cuimhne an chuairt ar Cheantar na nOileán sa bhliain 1913. Dúirt sí san alt nach ndéanfadh sí dearmad go deo ar a bhfaca sí d’anró ann. Ba léir ón alt go raibh sé fós ag goilliúnt uirthi gurbh í an Béarla a bhí in úsáid sa séipeál. Dúirt sí san alt go ndeachaigh sí ag aifreann i gCeantar na nOileán agus go raibh na paidreacha roimh Aifreann i mBéarla agus an seanmóir i mBéarla: ‘Cé’s moite dhúinn féin agus do bheirt mhúinteoirí scoile a bhí i láthair, is dócha nár thuig éinne focal dí’, a scríobh sí ina cuid nótaí ag an am.

Dúirt sí san alt chomh maith gur deineadh dearmad ar an moladh a bhí déanta acu sa tuairisc maidir le hobair a sholáthar do na daoine. Ach tháinig maitheas éicint as fiosrúchán an Chonartha is cosúil, mar bhí sí in ann a rá gur chuala sí gur cuireadh feabhas ar na toibreacha agus ‘go deimhin, níor mhór é.’

www.feasta.ie

12

Feasta, Meitheamh 2013


ANSeo AGUS ANSiúD

Duaiseoirí Cholmcille 2013

Ag bronnadh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais in Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, ar an 17 Bealtaine, tugadh aitheantas do Pat Butler as an obair luachmhar a rinne sé ina 36 bliain de chraoltóireacht, ag léiriú agus ag cur i láthair an iliomad clár Gaeilge ar ardchaighdeán do RTÉ agus TG4. Bhí Pat ina léiritheoir, láithreoir agus ina thuairisceoir le RTÉ le breis agus 30 bliain, é ag obair ar chláir éagsúla, Youngline, Féach, Today Tonight agus Léargas ina measc. ‘Is mór an onóir dom gradam saoil a bhaint amach ón Oireachtas,’ arsa Pat. ‘Bhain mé an-taitneamh as an ngairm bheatha a bhí agam, a thug mé chuig gach coirnéal d’Éirinn, áit ar casadh daoine den scoth orm. Bhí dúil agam i gcónaí sna scéalta, agus d’oibrigh mé go dian le scéalta suntasacha a chur faoi bhráid an lucht féachana agus an lucht éisteachta, agus gabhaim buíochas leis an Oireachtas as ceiliúradh a dhéanamh orthu siúd uile a roinn a gcuid scéalta liom,’ ar seisean.

Láithreoir na bliana & Clár Raidió na Bliana buaite ag Cormac ag a Cúig, RnaG

Ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais Dé hAoine, 17 Bealtaine i nGaillimh, bronnadh an duais do Láithreoir na bliana ar Chormac Ó hEadhra, agus bronnadh an gradam do chlár raidió na bliana ar Cormac ag a Cúig. Seo an chéad uair don chlár Cormac ag a Cúig, a tháinig ar an aer i mí Mheán Fómhair, a bheith ainmnithe do na Gradaim Chumarsáide. Clár irise tráthnóna, le béim ar chúrsaí reatha, atá sa chlár a mbíonn tuairisciú, plé, díospóireacht agus anailís ar scéalta nuachta an lae le cloisteáil air ag 5.00pm ó Luan go hAoine.

Dhein Ceannaire RnaG Edel Ní Chuireáin comhghairdeas le Cormac, agus le foireann an chláir, ar na gradaim a bhuachan: ‘Tá Cormac ag a Cúig i ndiaidh dul i bhfeidhm go mór ar an lucht éisteachta ó tháinig sé ar an aer i mí Mheán Fómhair seo caite,’ ar sise. ‘Tá fuinneamh agus beocht sa chlár. Is craoltóir nádúrtha é Cormac, agus tá sé ar dhuine de shárchraoltóirí na tíre seo, i mBéarla nó i nGaeilge.’ Ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúrtar feabhas na hoibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain, agus tugtar ómós do na haisteoirí, iriseoirí, láithreoirí, lucht déanta clár agus daoine eile san earnáil a mbíonn sár-obair déanta acu sa ghort sin le bliain roimhe sin.

As an gCeathrú Rua do Chormac Ó hEadhra, duine de ghlún óg láithreoirí Raidió na Gaeltachta. Rinne sé staidéar ar

www.feasta.ie

13

Bíonn sraith de léachtaí poiblí ar siúl in áras Uí Rathaille, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, chuile bhliain, iad á n-eagrú ag Pól Ruiséal, stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha, faoi choimirce Bhord na Gaeilge sa Choláiste. ‘An Ghaeilge mar acmhainn ghnó, ghairme agus forbartha’ ba théama do shraith 2013. An t-iriseoir aitheanta Eoghan Ó Néill, bunaitheoir Nuacht24 a thug an chaint ba dheanaí. Ag éirí as a thaithí, ‘Iriseoireacht na Gaeilge – cur chuige nua do ghlúin nua’ an teideal a bhí aige. áis an-bhreá do Ghaeil é www.nuacht24.com, www.nuacht24.com suíomh a uas-dátaítear go rialta.◊

Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht in Ollscoil Chathair Bhaile átha Cliath, agus chuaigh sé ag obair ansin do Nuacht RTÉ mar láithreoir agus mar thuairisceoir. Cháiligh sé mar abhcóide in 2007 agus go gairid ina dhiaidh sin thosaigh sé ag obair le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile átha Cliath. Is é Fachtna Ó Drisceoil léiritheoir sraithe Cormac ag a Cúig, agus bíonn Cearbhall Ó Síocháin i mbun léirithe. Sinéad Ní Uallacháin riarthóir an chláir, agus bíonn sí le cloisteáil gach seachtain sa mhír siamsaíochta Dé hAoine chomh maith. Is féidir an clár a leanúint ar Twitter @cormacag5. Bhí maithe agus móruaisle mheáin na Gaeilge i láthair ag na Gradaim Chumarsáide in Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, agus ba é Aengus Mac Grianna ó Nuacht RTÉ a bhí ina fhear an tí.◊


Deargadaoil i mBád fó Thoinn

le Pádraic Breathnach. Cló iar-Chonnacht, 2012. Bog €12

M

Léirmheas le Síle Ní Mhurchú

aítear ar chlúdach an leabhair seo gurb é an chéad úrscéal campais Gaeilge é, agus b’fhéidir gurb é, cé go gcíortar gnéithe de shaol an mhic léinn leis in úrscéalta eile Gaeilge e.g. Lig Sinn i gCathú Bhreandáin Uí Eithir nó Ré an Charbaid le Pádraig Ó Cíobháin. Ní mór a dhírítear ar an gcampas féin in úrscéalta Béarla na hÉireann ach an oiread, rud a chuirfeadh iontas ort nuair a chuimhneofá ar an mborradh a tháinig ar an seánra so i Sasana agus i Meiriceá ó lár na fichiú haoise ar aghaidh.

go coitianta i saothar an Bhreathnaigh. Is minic é ag machnamh ar na hathruithe a tháinig ar Éirinn le linn ré an tíogair cheiltigh ó fhás go bás dó, ar an meath a tháinig ar an gcreideamh ó bhí sé féin óg, ar an athrú a tháinig ar dhearcadh an phobail i leith na collaíochta, agus a leithéid. Cuid de na tuairimí atá aige agus na tuairimí atá aige ar mhná go háirithe, tá siad seanfhaiseanta go maith, ach is dócha gur réalaí de charachtar é dá bharr san.

Leanann Deargadaoil i mBád fó Thoinn múnla Lucky Jim le Kingsley Amis nó úrscéalta David Lodge sa mhéid is go ndírítear ar an dtaobh greannmhar de shaol an champais, ach tá mar a bheadh Gaelú déanta ar an seánra ag Pádraic Breathnach agus macallaí de chomhráite agus de ghreann na n-agallamh beirte le clos go minic sa leabhar.

Tá Aodh tugtha don bhfantaisíocht agus is as an dtréith seo a eascraíonn cuid mhaith den seó sa leabhar. Tá sé fé dhraíocht ag bean ar an idirlíon – Sophia Montellina a thugann sí uirthi féin – atá ag seoladh pictiúirí mealltacha di féin chuige, cé go bhfuil an chuma ar an scéal gur víreas nó turscar de shaghas éigin atá sna ríomhphoist Pádraic Breathnach seo. Ina theannta san, tá sé de nós aige comhráití samhailteacha a bheith aige leis féin. Ag éirí air a bhíonn agus na comhráití seo ar bun aige, rud a fhágann go bhfuil greann nach beag ag baint leo.

An príomhcharachtar ná an léachtóir Gaeilge Aodh, agus is trína shúile siúd a chímid an chuid is mó den aicsean. Duine neamhurchóideach go maith é a cheileann an frustrachas a chuireann gnéithe áirithe den saol acadúil air – an chuid sin de na mic agus na hiníonacha léinn nach bhfuil suim acu in aon rud ach sna páipéir scrúdaithe ag deireadh na bliana, comhghleacaithe a fhaigheann arduithe céime toisc gur leadhbálaithe iad agus ní mar gheall ar a gcuid léinn, na ríomhphoist áiféiseacha a bhíonn á seoladh ar chóras an choláiste agus gach roinn ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na ranna eile, agus a leithéid.

Samhlaíonn sé é féin ag comhrá le Sophia agus an chéad ríomhphost a fhaigheann sé uaithi á léamh amach aige – tugann sé freagra ar gach líne ann fé mar go raibh sí ina suí os a chomhair amach agus é ag suirí léi. Nó, má bhíonn comhrá leadránach ar bun aige, cuireann sé abairtí breise leis ina aigne féin chun an leimhe a bhaint dó.

S

amhlaíonn sé é féin á áiteamh ar Bhelinda, léachtóir eile sa roinn a bhfuil galair agus breoiteachtaí éirithe chuici, go bhfuil an lobhra ar a deartháir. Uair eile, tagann iníon léinn chuige ag lorg comhairle, agus cé go gcuireann an bhearna teanga agus tuisceana eatarthu in ísle brí é, ní fada go dtosnaíonn sé ar chomhrá áiféiseach a chumadh idir an bheirt acu ina cheann féin. An tsamhlaíocht mar theiripe, cheapfá.

Ar an dtaobh eile den scéal, ní fear soiniciúil é - tá ana-dhúil aige sa Ghaeilge agus is mór an sólás dó na turasanna a thugann sé ar chara leis sa Ghaeltacht agus an grá atá aige don nádúr.

Ar shlite, is sórt ‘fear mar chách’ é a léiríonn tuairimí tipiciúla go maith, na ‘scillingsmaointe’ sin mar a thug Seán Ó Ríordáin orthu, a bhíonn coitianta i measc na ndaoine agus a mbíonn a leagan féin dóibh ag gach glúin daoine. Fear meánaosta, meánaicmeach ag tús an aonú haois is fiche é Aodh; fear aonaránach go maith ina shlí féin, mar a bhuaileann linn

www.feasta.ie

14

Eascraíonn greann go minic as an difríocht idir an saol mar atá sé agus an saol mar ba mhian le duine é a bheith, agus ní hé Aodh an t-aon duine atá ag cur dallamullóg air féin ar an gcampas áirithe seo. Tá uachtarán an choláiste, Máistreás na Coille an leasainm atá ag an bhfoireann uirthi, tar éis tamall de bhlianta a chaitheamh i Meiriceá in ollscoil ‘Hale’. Bíonn sí de shíor ag iarraidh cleachtais bhainistíochta nua a chur i bhfeidhm sa choláiste, agus is mór an magadh a dhéantar fé na cleachtais seo sa leabhar. Tugann sí óráidí go minic agus deineann Caspar agus Balthazar, beirt léachtóirí eile san

Feasta, Meitheamh 2013


an t-achasán.’ (lch 119). Ní oirfeadh an léirmheas sin don leabhar atá á phlé anso againn. Go deimhin, déileáiltear go cliste le cúrsaí ama sa leabhar. Imíonn na blianta thart ach is go hindíreach a chuirtear in iúl é le tagairtí fánacha don gcogadh san Iaráic agus d’iníon Aodha atá ina cónaí age baile sna leathanaigh tosaigh, ach atá pósta le beirt chlainne uirthi ag deireadh an scéil.

ollscoil, tráchtaireacht ghreannmhar orthu so i gcogar. Na giotaí den allagar idir an bheirt acu so a cuireadh isteach thall is abhus sa téacs, tugann siad radharc eile dúinn ar shaol an choláiste, mar tá an bheirt acu níos binbí ina gcuid leibhéil ná Aodh.

Insítear blúirí gearra den scéal trí shúile Bhelinda, a luadh thuas, agus trí shúile an chinn roinne, Maor an Gharráin. Tá na coda so seoigh, ach b’fhearr é dá ndéanfaí breis iarrachta ar ghuth na gcarachtar so a idirdhealú ó ghuth Aodha, dar liom.

Ní bheifeá ag súil go dtiocfadh forbairtí móra ar charachtair i leabhar mar seo, mar is coiméide bhéasanna atá ann seachas portráid shíceolaíoch. Éiríonn le hAodh aois an phinsin a shroichint gan a mheabhair agus a chiall ar fad a chailliúint. Ní beag an t-éacht é. Seo leabhar bríomhar, éadrom, taitneamhach ó pheann Phádraic Breathnach a léiríonn a chumas greann a bhaint as na gnéithe seafóideacha den saol acadúil, agus a chuirfidh gáirí ar bhéalaibh daoine. Ní beag san ach an oiread.◊

Ag pointe áirithe sa scéal, pléann Caspar agus Balthazar leabhar atá foilsithe ag Aodh. Is éard atá ann, dar leo ná ‘portráid institidiúideach… stadach, marbhánta… iarracht ar aoir… nó ar scigaithris ar fhoras léinn a bhfuil teipthe glan uirthi… [a ghluaiseann] ar aghaidh ar phlána leibhéalta, monatónach, meirtneach, gan de thoradh ar deireadh ach

BULLPIT JONES agus an Fontleroy Club le Biddy Jenkinson

Táimse, Bullpit Jones, 120 k (mataín seachas geir), ar thralaí anseo in Vincents. Bitseach bheag faoi ndear é; Gráinne a hainm, deirtear liom.

Nuair a fostaíodh mé i mo dhoirseoir sa Fontleroy Club, thug Krúba Kemmie dhá threoir dom. ‘Caith léine bhán go bhfeicfear an fhuil, má sháitear tú. Ná lig isteach bábóg ar bith nach gcuireann cáithníní ar do chraiceann. Seo an club is gnéas-goleor-aí sa chathair.’ ‘Ócé!’

Bhíos uaillmhianach. Bhí scéal amuigh nach raibh sa chlub ach bealach sciúrtha airgid ag Kemmie. Dá bhfaighinn dul isteach sa chuid sin dá ghnó, a bhí ann i ngan fhios don dlí ……!

——◊——

De réir dealraimh tháinig an spriosáinín Gráinne cúig huaire lena cairde, Ciara agus Sierra, agus gach uair dúras ‘Yup,’ le Ciara agus Sierra, ‘Naw’ le Gráinne. Faoi cheathair, a deirtear liom, dúirt sí lena cairde dul ar aghaidh, gur chuma léi. Ach aréir thóg sí an dá chéim ón doras go sráid, chas sí ar chlé — bíonn an scuaine ar dheis — agus thosaigh sí ag téacsáil. Ní raibh radharc agam uirthi. Fiú dá mbeadh, conas mar a bheadh a fhios agamsa cad a bhí eagraithe aici?

‘An cóir dom fir nach bhfuil carabhat orthu a choinneáil amach, Mister Kemmie?’

‘Bullpit! Bíodh ciall agat. Bíonn beirt bhan in aghaidh an fhir againn, ach ná habair é.’

Chuas i dtaithí ar an obair: sméideadh beag de mo cheann i dtreo an dorais do na cailíní a bhí chun caighdeáin.

‘Naw luv, go home to your mammie,’ nó ‘Full up, chicken,’ nó ‘Taispeáin dom do charta ballríochta!’ di siúd nach mbeadh borrchíocach nó tóinínphriompáilte go leor. www.feasta.ie

Bhrúigh mé an cnaipe. D’fhill mé braitlín thart orm féin. Ardú céime! Slí isteach sa ghnó! Airgead!

Isteach le Crúba agus beirt bhullaí leis.

‘Déanaigí smionagar de,’ ar seisean leo. Chraith Kemmy an Indo os comhair mo shúl. ‘Féach!’

Bhí pictiúr mór ann, ‘the new rave Fontleroy’ mar theideal. Níor thuigeas cén fáth go mbeadh Krúba ag gearán.

‘Cuir air a spéaclaí go bhfeicfidh sé cén fáth go mbeidh sé á chur “taobh istigh taobh amuigh”’ arsa Krúba. Chuir duine den bheirt mo spéaclaí ar mo shrón.

Ó! Ó! Bhí slua lasmuigh den Chlub. Chonaiceas maidí siúil agus frámaí zimmer, bróga ortaipéideacha, filleadh beag, naí-bhugaí, wellies, sciorta bréidín, perm, cat, bean le budgie i gcás…… ‘last night’s crowd’ an fotheideal.

Chrochas ‘Full / Lán / Slán!’ ar an doras ar ball, agus chuas abhaile trín gcúldoras ar Shráid na Seafaidí. Dhúisigh clog an dorais ar maidin mé. Ní raibh ann ach a deich a chlog.

‘Tá deireadh leis an Fontleroy, Bullpit, ‘ arsa duine de na bullaithe go cneasta, ‘Ceapann Mr. Kemmy gur ortsa an locht.’ ——◊—— Deirtear go mbeidh leaba ar fáil dom go luath. Ní maith liom an tralaí. Bíonn daoine ag féachaint orm.◊

‘Bullpit! Seo Kemmy,’ arsa an glór ar an idirchum. 15

Feasta, Meitheamh 2013


GRADAIM CHUMARSÁIDE 2013

AITHEANTAS DO RAIDIÓ NA LIFE

Gradam Speisialta do RnaL as Scoth na Seirbhíse le 20 Bliain anuas a sholáthar móide gradam ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’ Bronnadh Gradam Speisialta ar Raidió na Life as scoth na seirbhíse le 20 Bliain (1993 – 2013) a sholáthar ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2013 i nGaillimh ar an 17 Bealtaine. Bronnadh gradam ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’ ar Raidió na Life, chomh maith, dá shuíomh idirlín www.raidionalife.ie a seoladh ag ceiliúradh ‘20 Bliain Beo’ an stáisiúin le linn Sheachtain na Gaeilge níos túisce i mbliana. ‘Tá Raidió na Life ag treabhadh chun cinn le fada, scéalta na príomhchathrach a gcur inár láthair trí mheán na Gaeilge aige, agus tá ríméad orainn an t-aitheantas atá tuillte acu a thabhairt dóibh. Ceann de na stáisiúin raidió pobail is bisiúla sa tír iad,’ arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. Arsa Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life: ‘údar mórtais ar leith dúinn an t-aitheantas seo, na Gradaim Speisialta seo, a fháil ó Oireachtas na Gaeilge as scoth na seirbhíse pobail a chur ar fáil do Ghaeil na hArdchathrach. Ar ndóigh, tá Raidió na Life le clos ar fud na tíre anois, agus ar fud na cruinne, tríd an aip do ghutháin chliste atá ar fáil saor in aisce ó shiopaí Google Play & iTunes, agus trínár láithreán gréasáin www.raidionalife.ie. Táimid thar a bheith bródúil gradam Láithreán Gréasáin na Bliana a bhuachaint i mbliana freisin, go háirithe toisc an t-ardchomhluadar sa rannóg céanna: gaelport.com; meoneile.ie; beo.ie agus láithreán chlár Cúla 4 TG4, www.tg4.ie/ie/programmes/cula4.html.’ Bliain éachtach a bhí ann do Raidió na Life. Bronnadh gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ar an gcraoltóir ag Gradaim na Meán Ceilteach (Celtic Media Awards) 2013 an mhí seo caite in Abertawe (Swansea) na Breataine Bige. Ceiliúrann an fhéile ansiúd na meáin a chuireann teangacha agus cultúir na dtíortha Ceilteacha chun cinn. Is é Raidió na Life an chéad stáisiún raidió pobail le gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ a bhuachaint ag an bhféile úd, féile atá ann le 34 bliain. Is gradam é atá gnóite ag stáisiúin mar RTÉ Radio 1 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta roimhe seo. Bhí RnaG, BBC Radio Wales, BBC Radio Cymru agus BBC Raidio nan Gàidheal ainmnithe taobh le taobh le buaiteoirí Raidió na Life i mbliana. ‘Níl ach triúr ball foirne lánaimseartha agus duine amháin páirtaimseartha ag Raidió na Life. Mar stáisiún pobail is ar bhonn deonach a thacaíonn craoltóirí RnaL leis an stáisiún, agus bíonn idir 100 agus 150 craoltóir deonach rannpháirteach linn gach uile sheachtain den bhliain. Le triúr lánaimseartha agus maor deireadh seachtaine páirtaimseartha, is éachtach an méid a bhaintear amach,’ arsa Muiris. Gabhaimid buíochas le Foras na Gaeilge a chuireann maoiniú riachtanach ar fáil dúinn leis an tionscnamh Raidió seo a choinneáil ar siúl ó bhliain go bliain. Táimid thar a bheith buíoch as an aitheantas, as Gradaim Chumarsáide an

www.feasta.ie

Ó chlé: Muiris Ó Fiannachta, Uachtarán an Oireachtais, Bláthnaid Ó Brádaigh, agus Cian Mac Carthaigh.

T

Oireachtais agus Gradaim na Meán Ceilteach, agus táimid an-dearfach faoi thodhchaí an stáisiúin,’ arsa Muiris. ——◊—— á Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió lán-Ghaeilge do mhórcheantar átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 1993 mar stáisiún pobail sainspéise. Tá ainm in airde ar an stáisiún as na cláir chainte, a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí agus sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile átha Cliath, agus a léiríonn dearcadh eile ar chúrsaí nuachta agus cúrsaí cultúrtha. Tá aitheantas gnóite ag an stáisiún as ucht a réimse eicléictiúil ceoil, lena n-áirítear popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol ailtéarnach, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol leictreonach/ damhsa, dord & droma, hip hop, r’n’b srl – agus na cláir go léir á gcur i láthair trí Ghaeilge. áirítear go bhfuil cúpla míle craoltóir deonach tar éis taithí chraolacháin a fháil le Raidió na Life thar na blianta, ina measc Sharon Ní Bheoláin, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Clíona Ní Chíosáin (Aifric TG4), Aodhán Ó Ríordáin TD, Rónán Ó Muirthile (Láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk & Léiritheoir Teilifíse), Cormac Ó hEadhra (Cormac ag a 5, RnaG); Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104), Darragh Ó Tuama (Newstalk), Maggie Bhreathnach (Red Shoe Productions), Tristan Rosenstock (Láithreoir Imeall ar TG4) agus go leor eile nach iad. Craolann RnaL 7 lá sa tseachtain ar 106.4FM in áth Cliath, agus beo ar líne ag raidionalife.ie. Bronnadh An Gradam Pobail ar an stáisiún sa Bharr 50, Gnó le Gaeilge 2010 agus bhuaigh an raidió Duais údarás Craolacháin na hÉireann don Stáisiúin Raidió Pobail is fearr i gComórtas Ghlór na nGael an bhliain chéanna. Foireann: Bainisteoir Stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta; teicneoir raidió, Fearghal Saxe; clár reachtaire, Cian Mac Cárthaigh; maor deireadh seachtaine, Marc Ó Loinsigh.

raiDió na liFe

16

106.4 Fm

Cearnóg Mhuirfean Baile átha Cliath 2. www.raidionalife.ie Guthán: +353 (0)1 661 6333 / 086 338 1735 R-phost: muiris@raidionalife.ie

Feasta, Meitheamh 2013


‘Seáinín Smaoiseach’:

Súil eile nó Súilibh an Chait?

‘They cannot represent themselves, they must be represented.’ — Karl Marx Caitheann Muiris Ó Meara súil an tsaoi ar YouTube mar a raibh an mhír Seáinín Smaoiseach Páipéir Shasana (agus go leor eile) ar fáil ag http://www.youtube.com/watch?v=qrjLK250lwg Eile’ seo, más ea, siúd is go n-áitíonn an chiall choiteann heigeamaineach orainn go léiríonn an ‘tSúil Eile’ fírinne na Gaeltachta.

‘Intleachtóir orgánach’ is ea Seáinín Smaoiseach faoi mar a shainigh Antonio Gramsci an téarma úd (féach Gramsci 1971). ‘Intleachtóir orgánach’ is ea gach file pobail, leis, dar liom, agus san alt seo áiteofar go bhfeidhmíonn Seáinín Smaoiseach mar fhile pobail iar-nua-aoiseach. Ealaíontóir iar-nua-aoiseach is ea Seáinín agus is féidir linn cur chuige agus ealaíontacht Sheáinín ar YouTube a shamhlú le healaín réamhdhéanta Marcel Duchamps, ealaín a bhí iar-nuaaoiseach avant la lettre, ar ndóigh.

Tugann Antonio Gramsci ‘ciall choiteann’ ar na tuiscintí uile atá i dtreis agus a nglactar leo go neamhcheistitheach sa tsochaí ag aon am ar leith. Feidhmíonn an ‘tSúil Eile’ amhail ciall choiteann Gramsci, leis, agus is mar intleachtóir orgánach a chuireann Seáinín i gcoinne na tuisceana heigeamanaí seo. Cur chuige radacach a shainíonn ‘Páipéir Shasana’, cur chuige a éilíonn bheith istigh don íochtarán Gaeltachta i ndioscúrsa TG4, agus a chuireann i gcoinne an údaráis ex cathedra a shamhlaítear coitianta leis an ‘Súil Eile’. Uirlis fhrith-heigeamaineach is ea an greann sa mhír seo a thugann cead cainte don íochtarán Gaeltachta i dtéarmaí a phollann srianta dioscúrsúla an ‘Súil Eile’. Mar bharr ar sin, gníomh radacach is ea an gáire a ghineann an mhír seo don lucht féachana, mar bréagnaíonn sé an t-údarás ortadocsach a shamhlaítear leis an ‘Súil Eile’. Míníonn Shanti Elliot (1999:129) tábhacht an ghrinn charnabhalaigh mar a leanas:

á

itíonn Lauri Honko (1991:43) go mbíonn ‘second life’ ag an mbéaloideas nuair a bhaintear feidhm as ábhar béaloideasúil i gcomhthéacs atá difriúil ar fad óna chomhthéacs bunaidh cultúrtha. San alt seo, saineofar obair Sheáinín de réir analaí le tuiscint Honko agus samhlófar ‘second life’ an fhile phobail le saothar Sheáinín ar YouTube. B’fhéidir go mbainfidh a bhfuil ráite agam anseo siar as ligeadóirí agus casadóirí an chultúir thraidisiúnta toisc go bhfuil saothar Sheáinín Smaoiseach, dar leo, b’fhéidir, ‘...truaillithe ag cultúr an Bhéarla, ag cultúr na Galltachta [agus] ... ag ollchultúr na cruinne’ (Ó Cadhla 2011:226). Tá an ceart ar fad ag Lillis Ó Laoire (1999:90), áfach, nuair a deir sé go ‘...[m]bíonn cultúr beo beag beann ar chúrsaí íonghlaineachta’. Baineann saothar uile Sheáinín le cultúr beo na Gaeltachta comhaimseartha seachas le piúratánachas samhalta an léinn chanónta, más ea.

In carnival, laughter and excess push aside the seriousness and the hierarchies of ‘official’ life. Carnival shakes up the authoritative version of language and values, making room for a multiplicity of voices and meanings.

S

a mhír ‘Páipéir Shasana’, deintear malartú agus inbheartú ar an ngnáthinsint nuachta a sholáthraíonn TG4, d’fhonn cead cainte a thabhairt don íochtarán Gaeltachta a bhíonn folaithe nó balbh go minic i ndioscúrsa a dtugaim ‘an tSúil Eile Oifigiúil’ air. Nuair a úsáidim an focal ‘dioscúrsa’ anseo, is ag tagairt don nasc ceachtartha a shamhlaigh Michel Foucault idir ‘cumhacht’ agus ‘eolas’ atáim (féach Foucault 1972, 1977). Táirgeann an ‘tSúil Eile’ eolas i dtaca leis an nGaeltacht agus bailíonn cumhacht institiúideach TG4 údarás an eolais sin. Ortadocsacht (<Gréigis orthos + doxa) is ea an ‘Súil Eile’ seo, mar áitíonn sí orainn go bhfuil an tuairim (doxa) a nochtann an ‘tSúil Eile’ ceart (orthos). Amhail aon dioscúrsa eile, áfach, bíonn prionsabal an eisiaimh i gceist leis an ‘Súil Eile Oifigiúil’ chomh maith, mar bíonn nithe áirithe a fhaigheann bheith istigh — orthodoxos — agus nithe eile a chodlaíonn lasmuigh de raon an ‘Súil Eile’ .i. na doxa ‘eile’.

Is é an greann an ghné is suaithinsí de chur chuige frithheigeamaineach Sheáinín, agus san alt seo díreofar ar mhír amháin dá chuid go príomha, mar atá, ‘Páipéir Shasana”‘.1 Samhlófar tábhacht an ghrinn sa mhír seo leis an nóisean a dtugann Mikhail Bakhtin greann ‘carnabhalach’ air. Ó thús deireadh na míre seo, cuireann an greann frith-heigeamaineach seo i gcoinne an údaráis a shamhlaítear leis an mana a cheap Pádhraic Ó Ciardha do TG4, mar atá, ‘Súil Eile’. Dá áitithí an mana é, léiríonn an mhír ‘Páipéir Shasana’ nach bhfuil sé go huile is go hiomlán fíor ag leibhéal na heipistéimeolaíochta, áfach.

Is féidir linn an rud a dtugann J. L. Austin ‘urlabhra thaibhitheach’ (performative utterance) air a shamhlú le mana TG4. Nuair a bhíonn urlabhra thaibhitheach i gceist, ní úsáidtear an tslat tomhais, fíor nó bréagach mar baineann an tslat tomhais eipistéimeolaíoch úd leis an rud a dtugann Austin ‘constative utterance’ air (féach Eagleton 1979). áitíonn Terry Eagleton (1979:19) go mbaineann an urlabhra thaibhitheach le ‘... the class of speech acts which get something done (... persuading... and so on) rather than to the discourse of description’. Urlabhra thaibhitheach is ea an mana ‘Súil Eile’, leis, agus feidhmíonn sé ag leibhéal na reitrice áitithí. Ní bhaineann an nóisean ‘fírinne’ leis an ‘Súil

www.feasta.ie

Tá a mhacashamhail d’eisiamh dioscúrsúil aitheanta ag Máirín Nic Eoin (1982:111) i ngort na litríochta réigiúnaí nuair a deir sí: ‘...dá léireofaí saol na Gaeltachta nó muintir na Gaeltachta mar a bhí siad dáiríre, gheofaí leabhar nach mbeadh feiliúnach le foilsiú’. Mar thoradh ar na srianta dioscúrsúla réamhluaite, ní féidir leis an ‘Súil Eile’ léargas 17

Feasta, Meitheamh 2013


uileghabhálach a sholáthar dúinn ar an uile ghné de shaol iarbhír na Gaeltachta, toisc go bhfuil gnéithe áirithe den saol sin nach bhfuil ‘feiliúnach’ chomh maith. Is ag plé leis ‘an [g]cultúr gaelach’ atáimid san alt seo, más ea, ‘… an cultúr dúchasach a bhfuil cuid mhór de ó shúil de chionn gur tuigeadh go raibh sé truaillithe [agus neamhfheiliúnach, dá réir]’ (liomsa an bhéim) (Ó Cadhla 2011:226).

le hábhar na míre seo astu féin gan aon fhoirmle uathoibríoch réamhcheaptha.

Inbheartú Carnabhalach: Súil an ‘Eile’

Ina leabhar Orientalism, rianaigh Edward Said an próiseas dioscúrsúil inar deineadh Eiliú nó ‘Othering’ ar an Domhan Toir ón Eoraip. Samhlaíodh an Eoraip i gcomórtas leis an Domhan Toir a bhí mar ‘... [Europe’s] deepest and most recurring images of the Other … defin[ing] Europe … as its contrasting image’ (Said 1979:1). Is maith a thuig Seathrún Céitinn an próiseas seo i bhfad Éireann sular bhreac Said aon fhocal dá shaothar, agus bhréagnaigh sé na staraithe priompallánacha a bhí ‘… ag iarraidh lochta agus toibhéime a thabhairt do shean-Ghaill agus do Ghaeil’3 le steiritípeanna a shainigh iad mar ‘Eile’ an tSasanaigh.

‘Can The Subaltern Speak?’

Is aiste chanónda i léann an iarchoilíneachais í an aiste ‘Can the Subaltern Speak?’ le Gayatri Spivak. Má ghlacann tú le tuairim an údair i leith na haiste seo, áfach, ní cathair mar a thuairisc í in aon chor. Creideann Spivak (2005) nach mbaineann an aiste s’aici le cúrsaí coilíneachais in aon chor, dáiríre, agus áitíonn sí go mbaineann an aiste le ceist eile ar fad: ‘It is about agency: institutionally validated action’2 (Spivak: 2005:xxi). San aiste úd, áitíonn Carolyn Boyce Davies (1998:1009)

Cuimsíonn an t-íomháineachas físiúil sa mhír ‘Páipéir Shasana’ na steiritípeanna a samhlaíodh leis an Éireannach i ndioscúrsa an choilíneachais, go háirithe an steiritíp fhoréigneach a samhlaíodh leis an Éireannach san iris Punch, abair, nó i scannánaíocht na Breataine sa chéad seo caite (féach Hill 1998). Deintear Eiliú nó ‘othering’ caolchúiseach ar mhana TG4 sa mhír seo, agus soláthraíonn Seáinín peirspictíocht inbheartaithe a dtugaim súil an ‘Eile’ uirthi. Cuirtear clichéeanna físiúla os ár gcomhair sa mhír seo agus is i dtéarmaí an ‘Eile’ a léirítear muintir na Gaeltachta, mar dhea.

...[that] Spivak address[es] the way the ‘subaltern’ ... is already ... represented, spoken for or constructed as absent or silent or not listened to in a variety of discourses ... [The subaltern’s] ... speech is already represented as non-speech.

Labhrann ‘Súil Eile’ TG4 thar cheann an íochtaráin, leis, agus is minic a léiríonn an ‘Súil Eile’ an t-íochtarán Gaeltachta go pictiúrtha nó balbh, fiú. Sa chás seo, is é ‘non-speech’ an (neamh)urlabhra réamhcheaptha a shamhlaítear go huathoibríoch leis an íochtarán ar TG4. D’fhonn súilín ribe na neamhurlabhra a shárú go héiritheach, ní mór don íochtarán modh labhartha éifeachtach a aimsiú, ionas gur féidir leis cur i gcoinne na balbhántachta réamhcheaptha, agus feidhmiú mar ghníomhaí (agent) neamhspleách arís. Conas a thugann Seáinín faoin obair seo, más ea?

Tróp coitianta i ndioscúrsa an choilíneachais ab ea an tÉireannach foréigneach, ach bhain défhiús leis an tslí inar léiríodh an tÉireannach i gcónaí, agus ó aimsir Shakespeare i leith léiríodh an t-Éireannach go minic mar ghamal simplí saonta ar stáitse na Breataine. Samhlaítear foréigean le muintir na Gaeltachta sa mhír seo, ach cuimsíonn greann simplí neamhshofaisticiúil na míre seo — ‘Fágadh poll sa bhalla. Tá na Gardaí ag féachaint isteach ann’1 — cuimsíonn an greann sin an gamal Éireannnach go caolchúiseach, leis, más go hindíreach féin é. Ar ndóigh, cuma nó leitmóitíf é an greann simplí tíriúil sa bhfilíocht pobail trí chéile (féach Denvir 2010) rud a chuimsíonn, b’fhéidir, ‘the ambivalence of mimicry’ i mbéarlagar Homi Bhabha, mar is léir go bhfuil greann an fhile phobail ‘almost the same but not quiet’.

Ealaíontacht Sheáinín: Díghnáthú

Nuair a fhéachann lucht féachana TG4 ar an nuacht, bíonn coinne acu le scéalta nuachta dáiríre, agus murab ionann is Fox News, cuirim i gcás, is beag duine a shamhlódh gáire nó greann le nuacht TG4 de ghnáth. Thabharfadh Theodor Adorno (1954:226) ‘foirmlí’ ar mheon an lucht féachana sa chás seo, ‘… formulas which, to a certain degree, preestablish the attitudinal pattern of the spectator before he is confronted with any specific content and which largely determine the way in which any specific content is being perceived’. Soláthraíonn Seáinín Smaoiseach ‘nuacht eile’ ar fad dúinn sa mhír ‘Páipéir Shasana, nuacht a dheineann díghnáthú iomlán ar fhoirmlí réamhluaite Adorno. San aiste ‘Art as Technique’, mhínigh Victor Shlovsky an nóisean díghnáthú agus léiríonn Lee T. Lemon agus Marion J. Reis (1965:4) argóint Shlovsky go greanta mar a leanas: … the habitual way of thinking is to make the unfamiliar as easily digestible as possible. Normally our perceptions are ‘automatic’... The purpose of art [for] ... Shlovsky, is to force us to notice. Since perception is usually too automatic, art develops a variety of techniques to impede [automatized] perception’.

Deineann Seáinín díghnáthú ealaíonta ar an ngnáthinsint nuachta sa mhír seo, díghnáthú a bhaineann siar as an lucht féachana ar an gcéad ásc, agus a thugann orthu dul i ngleic

www.feasta.ie

18

Má samhlaíodh foréigean leis an Éireannach sa dioscúrsa coilíneach, is minic a fhaighimid peirspictíocht chomhchosúil ón taobh istigh, mar tá litríocht agus béaloideas na Gaeltachta lán go barra bachall d’eachtraí foréigneacha. An scéal ‘Bullaí Mhártain’ cuirim i gcás, nó ‘Sochraid Neil Chonchubhair Dhuibh’ sa chnuasach céanna (féach Ní Chéileachair 1983). Nó an chéad scéal i mbailiúchán Éamon a’ Búrc, ‘Muintir na mBailteacha ag Troid le Chéile’ (féach Ó Ceannabháin & Mac Coisdeala 1983). An bhfuil an focal ‘foréigean’ oiriúnach sna cásanna seo, áfach, d’fhonn cur síos a dhéanamh ar litríocht na Gaeltachta nó an bhféadfaí an rud a dtugann Stiofán Ó Cadhla (2011:99) ‘… léamha claonta, iasachta nó míthuisceanacha’ orthu a chasadh liom anseo? Ní dóigh liom é, mar sa mhír seo ní inbheartú dénártha simplí atá ar bun ag Seáinín, ach códmheascadh radacach peirspictíochtaí. Soláthraítear éagsúlacht peirspictíochtaí défhiúsacha i dteannta a chéile tríd síos sa mhír seo d’fhonn an coibhneas dénártha— Súil vs. Súil Eile TG4 — a pholladh agus a dhíchonstráidiú. Ar deireadh, bristear an coibhneas dénártha seo agus tuigimid go bhfuil an t-íochtarán ag labhairt, mar is dual do ghuth an dúchais, ‘trí shúilibh an chait’.

Feasta, Meitheamh 2013



Tá an focal ‘foréigean’ tábhachtach san alt seo, áfach. áitíonn Slavoj Žižek (2008:2) gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir ‘foréigean suibiachtúil’ agus ‘foréigean oibiachtúil’. Míníonn sé an nóisean ‘foréigean suibiachtúil’ mar ‘… violence performed by a clearly identifiable agent [ & which] ... is seen as a perturbation of the ‘normal’ peaceful state of things.’ Is féidir linn an ‘foréigean suibiachtúil’ a aithint gan mórán dua sa mhír ‘Páipéir Shasana’. Chuige sin, áfach, ní mór don ‘fhoréigean oibiachtúil’ a bheith folaithe i gcónaí dar le Žižek, ‘objective violence is invisible since it sustains the very zero-level standard against which we perceive something as subjectively violent’. Is féidir linn an ‘foréigean oibiachtúil’ seo a shamhlú leis na srianta dioscúrsúla atá pléite agam cheana san alt seo. Sa chás seo, más ea, bíonn fadhb bhunúsach againn le léiriú ar bith a chímid ar TG4: ‘… The catch is that subjective and objective violence cannot be perceived from the same standpoint’ (ibid.).

hipitéis shamhalta Anderson. Feidhmíonn Seáinín amhail file pobail anseo d’fhonn féiniúlacht fhreasúrach an phobail logánta a mhúnlú i dtéarmaí tagartha atá préamhaithe i bhfianaise logánta na Gaeltachta. Ealaín Utile is ea í seo — i mbéarlagar Horáit — agus léirítear feidhm agus aidhm phragmatach na healaíne seo go greanta sna samplaí réamhluaite.

Soláthraíonn Seáinín freagra éifeachtach, áititheach, nó taibhitheach, fiú, ar cheist réamhluaite Spivak sa mhír seo, agus ar chuma aisteach éigin, tig linn a rá nach labhrann duine ar bith sa mhír seo, ar shlí, mar is trí mheán na bolgchainte a labhrann Seáinín thar cheann an uile dhuine ó thús deireadh. Sealbhaíonn Seáinín modh reacaireachta agus gothaí uile an tuairisceora nuair a chaitheann sé an aghaidh fidil. Deintear greamanna an tseabhaic d’údarás an tuairisceora láithreach, áfach, mar is léir nach bhfuil an troid agus achrann ag titim amach ar shráidbhaile na Ceathrún Rua in aon chor. Ceistítear bailíocht an ‘Súil Eile’ agus cuirtear i gcoinne údarás an tuairisceora i dteannta a chéile anseo, mar tá an ‘Súil Eile’ dall, dhealródh, agus níl dealramh ar bith le tráchtaireacht nó le scéal an tuairisceora.

Sa mhír ‘Páipéir Shasana’, réitíonn Seáinín fadhb Žižek mar diúltaíonn éagsúlacht peirspictíochtaí Sheáinín d’aon amharc-phointe nó d’aon ‘súil’ údarásach ar leith. Súile Eile a sholáthraíonn códmheascadh peirspictíochtaí Sheáinín, agus is féidir linn an cur chuige seo a shamhlú le peirspictíochas iar-nua-aoiseach Nietzsche-each. áitíonn Friedrich Nietzsche:

Nuair a labhrann Seáinín trí mheán na bolgchainte, ní mór dúinn a thuiscint go bhfuil inbheartú carnabhalach caolchúiseach i gceist anseo, leis. Conas a labhrann an t-íochtarán, más ea? Labhrann an t-íochtarán trí ghuth agus trí ghothaí an tuairisceora heigeamanaigh nó trí ghuth an uachtaráin. Nó lena chur ar shlí níos dúchasaí, b’fhéidir, labhrann an dúchasach trí shúilibh an chait. Nuair a labhrann ‘fear amháin‘ sa mhír seo — fear dí-ainm ar ndóigh — ag míniú canathaobh go bhfuilid ag briseadh fuinneogaí, is é Seáinín a labhrann dáiríre trí mheán na bolgchainte. Deirtear linn go bhfuil Seáinín Tomaí ‘dhá tannáil féin sa Spáinn’, ach ní labhrann Seáinín Tomaí in aon chor agus labhrann urlabhraí ar a shon. Critíc chaolchúiseach is ea na samplaí seo ar an sealbhú atá déanta ag an ‘Súil Eile’ ar ghuth an phobail logánta.

[that] there is only a perspectival seeing, only a perspectival ‘knowing’; and the more affects we allow to speak about a matter, the more eyes, different eyes, we know how to bring to bear on one and the same matter, that much more complete will our ‘concept’ of this matter … be (liomsa an bhéim)

Bréagnaíonn peirspictíochas na ‘Súile eile’ údarás an ‘tSúil Eile’ go héiritheach sa chás seo, dar liom.

Can The Subaltern Speak? Freagraíonn Seáinín Spivak!

Nuair a chaitheann Seáinín an aghaidh fidil charnabhalach, iompaítear gnáthrialacha an phobail bun os cionn, agus mar a mhíníonn Peter Burke (1994:187) ‘… maskers … [are] allowed to insult individuals and criticise the authorities’. Siúd is go ndeintear scigaithris ar Mhaolra Mac Donncha tríd síos sa mhír seo, braithim féin gur tábhachtaí go mór fada an chritíc a dheineann Seáinín ar bhréagúdarás an ‘Súil Eile’, dáiríre, agus sa chás seo, is féidir linn obair Sheáinín a thuiscint de réir analaí leis an bhfeiniméan comhaimseartha plúchadh cultúrtha nó ‘cultural jamming’.

Cé hé Seáinín Smaoiseach? N’fheadar, déanta na fírinne, agus is cuma, leis, ar shlí, siúd is go bhfuilim deimhnitheach go bhfuil aithne air i measc a phobail féin. B’fhearr go mór an cheist cad é Seáinín Smaoiseach a chur, dar liom, mar is féidir linn an rud a dtugann Louis de Paor (1998) ‘aghaidh fidil’ an scéalaí air a shamhlú le Seáinín Smaoiseach. Is féidir linn an aghaidh fidil seo a thuiscint de réir analaí le tuiscint Stiofáin Uí Chadhla (2011:100), nuair a deir sé go bhfeidhmíonn an ‘aghaidh fidil chun toil nó aigne aicm[e] áirithe a chur chun cinn’. Mar a chéile a fheidhmíonn Seáinín sa mhír seo d’fhonn toil, aigne agus ar deireadh, féiniúlacht an phobail logánta a mhúnlú is a dhaingniú i dtéarmaí tagartha a thuigfear laistigh dá phobal féin go háirithe.

Rianaíonn an criticeoir Marc Dery (1990) fréamhacha na healaíne seo siar go dtí carnabhal na méan-aoiseanna. áitíonn Naomi Klein (2000) i NO LOGO go bhfuil tábhacht ar leith leis na healaíontóirí radacacha seo, toisc go gcuireann siad i gcoinne na n-ollchomhlachtaí domhanda amhail Nike, Nestlé agus Coca Cola gona manaí áititheacha margaíochta. Tugann Dery (1990) ‘sceimhlitheoireacht shiombalach’ nó ‘shéimeolaíoch’ ar chur chuige freasúrach na n-ealaíontóirí seo agus deir sé ‘… cultural jamming on its most profound level is about remaking reality’.

Tá ceist na féiniúlachta lárnach sa mhír seo. Nuair a mhíníonn fear amháin go bhfuilid ‘ag briseadh fuinneogaí i ngeall is nach dtáinig na páipéir amach as Gaillimh arís. News of the World, níl fucking cliú ag muintir na háite céard tá ar an telly an chuid eile den tseachtain’ —bréagnaíonn fianaise an íochtaráin an t-údarás do-earráide a shamhlaíonn scoláirí saonta áirithe leis an leabhar Imagined Communities (Anderson 1991). Más taobh le nuachtáin Shasana atá muintir na Gaeltachta, agus iad sásta raic agus achrann a thógaint toisc nach bhfuil fáil ar an nuachtán úd, is áirithe nach bhfuil féiniúlacht an phobail Ghaeltachta ag teacht le

www.feasta.ie

20

Is maith a oireann an téarma seo do chur chuige Sheáinín Smaoiseach, leis, mar léiríonn Seáinín don lucht féachana gur cliché beagmhaitheasach is ea an mana áititheach, Súil Eile. Tá brí eile ar fad ag an bhfocal cliché, ar ndóigh, mar atá, claonchló. Mar is eol do chách, ní féidir le claonchló ar

Feasta, Meitheamh 2013


bith peirspictíocht iomlán a sholáthar dúinn riamh. Sa chiall seo, tá tábhacht ar leith le peirspictíochas freasúrach Sheáinín, mar cruthaíonn sé go caolchúiseach nach féidir leis an gcliché ‘Súil Eile’ cruinneshamhail na Gaeltachta a léiriú go huile is go hiomlán.

De Paor, (1998) Téacs Agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge (Ní Annracháin, M. & Nic Dhiarmada, B.). Cló Ollscoile Chorcaí, Corcaigh, 8-33. Dery, M. (1990) The Merry Pranksters and the Art of the hoax. The New york Times, December 23. Eagleton, T. (1979) Ideology: An Introduction. Verson, London. Elliot, S. (1999) Carnival and Dialogue in Bakhtin’s Poetics Of Folklore. Folklore Forum. 30 (1/2), 129-139. Foucault, M. (1972) The Archaeology of Knowledge. Tavistock Publications, London. Foucault, M. (1977) Discipline and Punish: The Birth of the Prison. Vintage Books, New york. Gramsci, A. (1971) Selections from Prison Notebooks (eag. Hoare, Q. & Nowell Smith, G.). Lawrence and Wishart, London. Hill, J. (1988) Images of Violence. I Cinema and Ireland (Rockett et al. eag.) Syracuse University Press, Syracuse, 147-193. Honko, L. (1991) The Folklore Process. I Folklore Fellows’ Summer School Programme. FFSS, Turku. Klein, N. (2000) No Logo : No Space, No Choice, No Jobs, Taking Aim at the Brand Bullies. Flamingo, London. Lemon, L. T. & Reis, M. J. (eag.) (1965) Russian Formalist Criticism: Four Essays. University of Nebraska Press, Lincoln. Ní Chéileachair, S. & Ó Céileachair, D. (1983) Bullaí Mhártain. Sairséal Ó Marcaigh, Baile átha Cliath. Nic Eoin, M. (1982) An Litríocht Réigiúnach. An Clóchomhar, Baile átha Cliath. Ó Cadhla, S. (2011) An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 1800-2000. Cló Iar-Chonnacht, Conamara. Ó Ceannabháin, P. & Mac Coisdeala, L. (eag.) (1983) Éamon a’ Búrc: Scéalta. An Clóchomhar, Baile átha Cliath. Ó Laoire, L. (1999) Mara gClúdóinn mo Chluasa. I Léachtaí Cholm Cille XXIX: Foinn agus Fonnadóirí (Ó hUiginn eag.). An Sagart, Maigh Nuad, 67-109. Said, E. (1979) Orientalism. Vintage Books, New york. Spivak, G. (2005) Foreword: Upon Reading the Companion to Postcolonial Studies. I A Companion to Postcolonial Studies (Schwarz, H. & Ray, S. eag.). Blackwell Publishing, Oxford, xv-xxii. Žižek, S. (2008) Violence. Picador, New york. —◊— 1. Ar fáil: http://www.youtube.com/watch?v=qrjLK250lwg 2. Agency = an cumas gníomhaithe atá ag gníomhaí (agent) ar bith. 3. Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating). p.2 8, An Díonbhrollach. Ón úghdar gus an léaghthóir. Section 1, ag: http://www.ucc.ie/celt/online/G100054/text001.html

Ealaíontóir iar-nua-aoiseach is ea Seáinín Smaoiseach a bhfuil athmhúnlú radacach déanta aige ar fheidhm is ar aidhm an fhile phobail ina shaothar bunúil ceannródaíoch ar YouTube. Soláthraíonn Seáinín ealaín atá dírithe ar a phobal féin go príomha, iad siúd a thuigfidh na tagairtí logánta agus an greann go fuirist, agus a bhainfidh ábhar éigin níos mó pléisiúir as an saothar s’aige ná an lucht féachana i mBeirlín nó i mBostún, abair. Tá aidhm phragmatach ag saothar Sheáinín, leis .i. féiniúlacht an phobail logánta a mhúnlú i dtéarmaí tagartha na cosmhuintire. Thar aon ní eile, áfach, tá tábhacht ar leith le saothar Sheáinín, toisc go léiríonn sé gur ealaín chosmapolatach agus logánta i dteannta a chéile is ea ealaín na Gaeltachta ar Youtube anois. Ealaín is ea í seo, chomh fada le mo thuairimse, atá chomh beoga bríomhar beathaitheach le rud ar bith a cheap Raifteirí agus na filí pobail eile trí chéile. Fágfaidh mé cloch phréacháin na haiste faoi James McCloskey (in Ó Cadhla 2011): Táthar ag rá liom ó bhí mé aon bhliain déag go bhfuil an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge marbh. Ritheann sé liom gur bríomhar fuinniúil an marbhán í.

Tagairtí:

Adorno, T. (1954) How to Look at Television. The Quarterly of Film Radio and Television. 8 (3), 213-235. Anderson, B. (1991) Imagined Communities: Reflections on the Origins and Spread of Nationalism. Verso, New york. Bhabha, H. (1984) Mimicry and Man: The Ambivalence of Colonial Discourse. Discipleship. 28, 125-133. Boyce Davies, C. (1998) Migratory Subjectivities. I Literary Theory: An Anthology (eag. Rivkin, J. & Ryan, M.). Blackwell, Malden MA, 996-1015. Burke, P. (1994) Popular Culture in Early Modern Europe (dara heag.). Scholar, Aldershot. Denvir, G. (2010) Sé an Saol an Máistir : Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán.

DAONSCOIL NA MUMHAN 2013, 18-23 LÚNASA 2013, COLÁISTE NA RINNE

RÉAMheoLAS: Brian Ó Conchubhair, Donnchadh Ó Súilleabháin, Éamonn Ó Cuilleanáin. TÉAMA: Tionchar na nGael i gcéin

Dé Domhnaigh, 18 lúnasa 4.00 p.m. Clárú. 7.00 p.m. Oscailt Oifigiúil. 8.00p.m. Máistir-rang, sean-nós, Anne Mulqueen 9.00 p.m. Fáiltiú • 10.30 p.m. Airneán Dé luain, 19 lúnasa 9.30 a.m. Gaeilge (Ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: áine Ní Fhiannúsa, Anne Mulqueen 10.15 a.m. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin 11.00 a.m. Tae nó caifé. • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC sa Rang, Eoin Ó Briain 3.00 p.m. Breatnais trí Ghaeilge: John Evans 7.30 p.m. Quiz Bord 9.00 p.m. Céilí • 10.30p.m. Airneán Dé máirt, 20 lúnasa 9.30 a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: áine agus Anne. 10.15a.m. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin. Féinmheastóireacht sa Bhunscoil: le socrú.

www.feasta.ie

11.00 a.m. Tae/ caifé • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC sa Rang; Eoin Ó Briain 2.15 p.m. Siúl Sléibhe 3.00 p.m. Breatnais trí Ghaeilge: John Evans 8.00 p.m. Seoladh: ‘An Linn Bhuí XVI’ 9.00p.m. Céilí • 10.30p.m. Airneán Dé Céadaoin, 21 lúnasa 9.30 a.m. Gaeilge (Ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: áine agus Anne 10.15 a.m. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin 11.00 a.m. Tae/ caifé • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC sa Rang; Eoin Ó Briain 3.00 p.m. Turas bus. 7.30 p.m. Comórtas Talainne an Dá Phádraig 9.30 p.m. Céilí • 10.30p.m. Airneán Déardaoin, 22 lúnasa 9.30 a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh, Amhránaíocht: áine agus Anne 10.15 a.m. Féinmheastóireacht sa Bhunscoil.

21

Filíocht: Bríd Ní Mhóráin 11a.m. Tae nó caifé • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15p.m. Ceardlann Filíochta. 2.15 p.m. TFC: Eoin Ó Briain 2.30-3.30 agus 4.30-5.30 p.m. Ceardlanna Damhsa ar an sean-nós: Cuthbert Arutura. 3.30p.m.Breatnais trí Ghaeilge: John Evans 7p.m. Aifreann na Daonscoile 8.30p.m. Ceolchoirm. • 10.00p.m. Airneán Dé haoine, 23 lúnasa 9.30a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní Chóchlaigh. Amhránaíocht: Aine agus Anne 10.15a.m. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin 11a.m. Tae nó caifé • 11.30a.m. Léacht an lae 2.15 p.m. TFC: Eoin Ó Briain 3.15p.m. Súil siar, agus moltaí, á stiúrú ag Annraoi de Paor agus Mícheál Ó Drisleáin 4:00p.m. Scaradh na gCarad. www.DaonsCoil.Com

Feasta, Meitheamh 2013


B

DR JAMeS GooD Réabhlóidí inmheánach eaglaise le hAodán Ó Sé

hí seachtain na Gaeilge ar siúl ar fud na tíre i mí na Márta seo a d’imigh tharainn. Mar chuid de cheiliúradh na féile, d’fhreastail mé ar léacht i leabharlann An Ghort álainn i gCorcaigh. ‘Mo Scéal Féin’ ba theideal don léacht ag an Athair James Good, sagart go bhfuil naoi mbliana is ceithre scór slán aige. Fear ard seang is ea é, loinnir an ghrinn ina shúile agus sruth líofa Gaeilge aige i gcanúint bhog Chorcaí.

Cad é mar scéal a bhí le hinsint aige! Rugadh é i bparóiste Fhionnbarra Theas, cois Laoi. Nuair a chuaigh James ar Scoil Neasáin na mBráithre Críostaí, bhí post ag a athair le grúdlann Beamish. Achrann de shaghas éigin ba chúis lena phost a chailliúint, rud a chuir oideachas James in amhras. Ach d’éirigh leis scoláireacht Bhardas Chorcaí a bhaint amach chun go bhfanfadh sé ar an mheánscoil. Faoin tráth seo, bhí an Ghaelainn ar a thoil aige. D’aistrigh sé chuig meánscoil na deoise ag Fearann Phiarais. Ba dhual do líon maith de dhaltaí na scoile sin dul le sagartóireacht.

Bhain sé scoláireacht eile amach chun freastal ar Choláiste Mhaigh Nuad mar dhalta cónaithe. Is ann a chuaigh an fuacht is an t-ocras go mór i bhfeidhm air, i dteannta shaol rialta na n-ábhar sagart. Thaitin Diagacht agus Laidin go mór le James. Díol iontais dúinn inniu go raibh 75 ábhar sagart in aon rang leis. Oirneadh ina shagart é sa bhliain 1948, agus sheol Easpag Chorcaí, Dr Daniel Cohalan, é chuig Coláiste na Naomh Uile (All Hallows) i mBaile átha Cliath le dochtúireacht sa Diagacht a bhaint amach. Bunaíodh an coláiste seo in 1842 le oiliúint a chur ar dhaltaí le sagartóireacht. Réitigh spiorad an choláiste go mór leis agus d’fhan seo ann mar oide ar feadh cúig bliana breise. Ghlaoigh easpag Chorcaí ar ais air chun bheith ina léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Theastaigh ó Uachtarán na hOllscoile, Dr. Alfred O’Rahilly, go gcuirfí léann na Diagachta ar bun inti, ainneoin riail i mBunreacht

www.feasta.ie

an choláiste nár chóir claonadh, ná fabhar a thabhairt do chreideamh ar bith. Godless colleges an t-ainm a thug Ardeaspag amháin ar Ollscoil na Banríona, 1845 .i. Queen’s Colleges i gCorcaigh, Gaillimh agus Béal Feirste. Cháin an Pápa Pius IX iad in imlitir chuig Caitlicigh na hÉireann. Shocraigh Ó Rathaille ar sheift go nglacfaí le Dr Good mar Ollamh Diagachta gan tuarastal, agus go gceapfadh an coláiste é ina léachtóir le Fealsúnacht le tuarastal. Thug James Good faoin dá phost le chéile, tar éis dochtúireacht a bhaint amach ag Ollscoil Innsbruck na hOstaire. Is cuimhin leis go mbíodh sé ag comhrá as Laidin, cheal eolais ar an nGearmáinis! Chaith James Good cúig bliana déag ag teagasc i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus cúig bliana eile ag teagasc i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach faoi scáth COC.

B

liain chinniúnach ina shaol ab ea 1968. Níor ghlac sé ina iomláine le himlitir humanae Vitae an Phápa Pól VI. Foilsíodh an imlitir seo de thoradh Dara Comhairle na Vatacáine. Cheap Dr Good go mba chóir cearta frithghiniúna a bheith ag lánúin phósta. Scaip tuairimí an Dr. Good le luas lasrach tríd na meáin phoiblí. D’aontaigh formhór an phobail Chaitlicigh leis, na daoine óga ach go háirithe. Chuir an t-easpag Lucey cosc air aitheasc a thabhairt agus faoistin a éisteacht. D’éirigh sé as bheith ina Ollamh le Diagacht, ach choimeád sé a phost eile sa bhFealsúnacht. Bhí an tríú post ag Dr Good, áfach. Bhunaigh an t-easpag Lucey Cumann Uchtála Naomh áine i 1954 agus cheap sé James Good mar stiúrthóir ar an gCumann. Chuireadar brú ar an Rialtas 22

Acht Uchtála a chur i bhfeidhm agus a leasú i gcomhréir le prionsabail Chaitliceacha. Chaith Dr. Good dhá bhliain déag ag obair ar an gcúram seo, tráth ar tugadh breis is 950 leanbh le huchtáil fé scáth an Chumainn. Rugadh a bhformhór siúd i Sasana, mar a dteitheadh mná singil as Éirinn a bhí ag iompar linbh.

Bhí dúil riamh ag James Good dul chuig An Afraic mar mhisinéir, rud a dhein sé sa bhliain 1974. Lonnaíodh é i bhfásach Turkana, i dtuaisceart na Céinia. Bhí séipéal agus ospidéal ann, ach bhíodar 200 míle ón bpríomhchathair Nairobi. Turas dhá la a bhí i gceist. Bhí ganntanas bia agus ábhar leighis ag goilliúint go géar ar an gceantar.

I

na ainneoin sin is uile, thaitin saol an mhisinéara le Dr. Good. Sa bhliain 1980, tháinig an t-Easpag Lucey ar cuairt go Turkana, á lorg mar thiománaí agus mar chompánach! D’inis Lucey dó go raibh ocht mbliana is seachtó mbliana slán aige féin agus go gcaithfeadh sé deireadh a shaoil mar ghnáthshagart cúnta in éineacht le Dr. Good. Réitigh an bheirt acu go breá lena chéile. Nuair a theip ar shláinte an Dr Lucey, bhí leoicéime ag cur as dó, bhí air filleadh go Corcaigh, mar a fuair sé bás i 1982. Chaitheadar dhá bhliain i dteannta a chéile san Afraic, conspóidí na hEaglaise curtha ar leataoibh acu. D’fhill Dr. Good féin ar Chorcaigh níos déanaí chun aire a thabhairt dá dheirfiúr Mary, tráth go raibh an tsláinte ag teip uirthi. Chuir sé faoi i nDúglas, ar imeall na cathrach, mar a mbaineann sé taithneamh as saol an phinsinéara anois, saol atá tuilte go maith aige. Fear intleachtúil, dea-bhéasach, coinsiasach é, a sheas fód a chuid smaointe agus nár chlis riamh ar a chreideamh Críostaí. Tiocfar ar chaibidil faoi Dr Good sa leabhar Chronicles of Cork, Eagarthóir, Jane O’Keeffe (2010). Féach chomh maith:www.irishlifeandlore.com ——◊——

Feasta, Meitheamh 2013



SEÁN MOYLAN: Rebel Leader, le Aideen Carroll

B

CLÓ MeRCieR, CoRCAiGh. 320 lch. Bog. €19.99

á mheas ag Seán Ua Cearnaigh

hí ainm Sheáin Uí Mhaoláin ar bharr liosta na laochra aimsir Chogadh na Saoirse in Iarthuaisceart Chorcaí agus, go deimhin, ar fud na Mumhan. De dheasca drochshláinte, bhí a ré mar cheannaire treallchogaíochta gairid go leor, ach rinne sé beart sa tréimhse sin a thuill meas agus urraim.

Ba dhuine ar leith é ar go leor bealaí. Cé go bhféadfadh sé bheith crosta ceanndána ar uairibh, thábhaigh sé gean a chuid saighdiúirí féin. Ba dhuine caoin trócaireach é, nár imir díoltas riamh ar phríosúnaigh sna buanna a bhain sé amach in éadan na nGall. Is é an rud a dhéanadh sé, ná na príosúnaigh a scaoileadh saor, agus má tharla gur goineadh iad, garchabhair a réiteach dóibh. Mar is eol dúinn, tháinig sé slán as Cogadh na Saoirse, cheangail sé le Fianna Fáil agus chaith sé blianta fada mar Theachta Dála agus Aire Rialtais i nDáil Éireann. Aisteach mar a tharlaíonn níor scríobhadh aon leabhar faoin fhear seo, gur foilsíodh an saothar seo cúpla bliain ó shin. Ceart go leor, rinne a mhac Risteard, nach maireann, iarracht an scéal a insint, ach níor chríochnaigh sé an saothar agus níor foilsíodh riamh é. Anois, áfach, tá an leabhar breá seo againn ó Aideen Carroll, gariníon an Mhaolánaigh.

Cé nach bhfuil an leabhar saor ar fad ó lochtaí, lochtaí beaga den chuid is mó, cuireann sé go mór lenár n-eolas faoi chúrsaí Chogadh na Saoirse in iarthuaisceart Chorcaí. Cé go bhfuil ainm agus éachtaí an Mhaolánaigh ceangailte go daingean le háth Trasna, is i gCill Moceallóg a chaith sé blianta a óige agus bhí dáimh aige riamh le Co. Luimnigh. Is díol spéise é go raibh ceangail ag an Maolánach agus ag Liam Ó Loingsigh, an bheirt cheannaire b’éifeachtaí i dTuaisceart Chorcaí, le Co. Luimnigh. Rinne an Maolánach agus a chomrádaithe ardghaisce i luíocháin Thuirín Garbh agus Chluain Bheanainn, éachtaí a chothaigh lagmhisneach i measc fhórsaí na nGall. Cé gur ghoill Cogadh www.feasta.ie

na gCarad air, spreag a dhílseacht dá dhearcadh poblachtach féin é, chun seasamh in éadan an tSaorstáit.

Tríd is tríd, is cúntas cruinn go maith atá sa leabhar seo. Cé go raibh aithne agus gean mar ghariníon ag an údar ar an Maolánach, ríomhann sí cúrsaí a shaoil go hoibiachtúil cothrom i gcónaí. Ní dhéantar iarracht é a naomhú. Ar ndóigh, ba dhuine é an Maolánach, a bhí tugtha d’eascainí agus mionnaí móra, go háirithe nuair a cuireadh fearg air. Nó féach an méid seo (Seán Moylan: Rebel Leader lch. 218) When Fianna Fáil came to power in 1932, the first party meeting was a turbulent one. President Éamon de Valera was adamant about the urgency of getting rid of the oath of allegiance and the position of governor general. He spoke at length about the latter and the desirability of eliminating all vestiges of British rule. Moylan, who was strongly tipped for ministerial office, and his friend Dan Breen, were much more concerned with the relief of poverty, which was endemic in their constituencies. Nonetheless, the party leader continued to explain in detail how essential it was to remove the governor general. When he had concluded, he looked down at Breen and Moylan and said: ‘Now gentlemen, what have you to say to that?’ Breen said nothing but Moylan’s reply was unprintable. This incident may explain why he did not become a Parliamentary Secretary until 1937 or a minister until 1943.

N

í aontaím le Aideen Carroll nuair a deir sí gur Ghaeilgeoir líofa é an Maolánach. Níorbh ea, ar ndóigh. É sin ráite, rinne sé iarracht mhacánta cur leis an méid Gaeilge a bhí aige, geábhanna chuig Gaeltacht Mhúscraí ina measc. Agus d’fhear nach raibh an teanga go hiomlán ar a thoil aige, labhair sé, nó rinne sé iarracht í a labhairt go minic. B’shin rud nárbh fhéidir a rá faoi go leor Teachtaí Fianna Fáileacha eile, ar threise a méid Gaeilge ná cuid an Mhaolánaigh. Ar nós go leor teachtaí agus airí Rialtais eile, bhí a 24

dhearcadh faoi óglaigh ghluaiseacht na poblachta sna 1940í / 50í déthaobhach. In 1957, tamall de mhíonna sular éag sé féin, mhol sé Seán Sabhat go hard na spéire, rud nach luaitear sa leabhar seo.

Ach fós féin, in 1944, nuair a d’iarr cara leis rud éigin a dhéanamh ar son an phoblachtaigh óig, Cathal Ó Céirín ó Thrá Lí a bhí daortha chun báis, dhiúltaigh sé aon cheo a dhéanamh. Ar ndóigh, bhain an déthaobhachas céanna go mion minic le Fianna Fáil (murab ionann agus Fine Gael a bhí glan in éadan na bpoblachtach riamh). Féach ar sheasamh Haughey agus Caoimhín Uí Bheoláin i 1970. Ach féach freisin an chaoi a chaith Haughey leis na poblachtaigh mhíleata tráth a bhí sé féin ina Aire Dlí agus Cirt. Féach freisin an chaoi a cháin an Beolánach poblachtaigh na 1940í sa Dáil agus é ag cosaint bearta a athar.

I

s cosúil go raibh go leor de lucht Fhianna Fáil a bhí lánsásta na hÓglaigh a mholadh agus iad i mbun birt in aghaidh na bhfórsaí gallda ó thuaidh, ach a bhí tréan ina n-éadan agus iad i mbun gnímh ó dheas. É sin ráite, seans go raibh eagla éigin ar Sheán Ó Maoláin go gcaillfeadh sé a phost sa Rialtas dá gcuideodh sé le cás an Chéirínigh bhoicht. Cá bhfios dúinn?

Crochadh Cathal Ó Céirín i bPríosún Mhuinseo ar an gcéad lá de mhí na Nollag 1944, beart a chuir ardfhearg ar mhórán daoine sa tír, agus ar dhaoine i dTrá Lí ach go háirithe. Chaill Seán Ó Maoláin a shuíochán i dtoghchán 1957. Ach níor chuir sin críoch lena ré mar Aire Rialtais, óir bhronn Dev suíochán sa Seanad air gur ceapadh é mar Aire Talmhaíochta.

Níor mhair sé sa phost ach tamall de mhíonna, áfach. D’éag sé ar an 16 Samhain, 1957, in aois a naoi mbliana agus trí scór. Chaith an Maolánach tamall de bhlianta, mar is eol dúinn, mar Aire Tailte agus Aire Oideachais, é éifeachtach i gcónaí gan a bheith feiceálach. Duine ionraic ar a lán bealaí. Seo anois a scéal. Is fiú é a léamh. ——◊——

Feasta, Meitheamh 2013


C

BeAN iARAiNN le Mícheál Ó hAodha

eann de na cúiseanna is mó a ngabhfadh duine ar suim leis an scannánaíocht, go háirithe bufa Gaelach, chuig an scannán The Iron Lady faoi stiúir Phyllida Lloyd ná chun taispeántas Meryl Streep a mheas. Ar ndóigh, dá mbeadh muid macánta, tá go leor fáthanna eile ann: éinne a tháinig in inmhe sna hOchtóidí, ach go háirithe i rith thréimhse ghruama sin na stailceanna ocrais, tá samhail Thatcher greamaithe ina aigne go deo na ndeor. Bobby Sands, MP, a d’éag ar stailc ocrais 1981

Creid é nó ná creid, tá go leor Éireannach óg ann anois a gcaithfeá imeachtaí na tréimhse sin a mheabhrú dóibh, nó iad a chur i dtreo Google chun eolas a lorg ina dtaobh, ach sinne a raibh cónaí orainn in Éirinn na linne sin, ní dhéanfaimid dearmad uirthi go deo — Bobby Sands á toghadh mar fheisire i bParlaimint na Breataine, agus a shochraid i mBéal Feirste tar éis dó anbhás a fhulaingt. Sands, sea, agus an naonúr fear óg eile sin a cailleadh ar stailc ocrais. An phian sin go léir. Stailc ocrais na bliana 1981, ba chineál comhraic phearsanta é idir na príosúnaigh agus Thatcher.

An 100,000 duine ag sochraid Sands, bratacha dubha ar foluain, ambasáid na Breataine i mBaile átha Cliath faoi ionsaí, ocht gcéad bliain faoi shúiste Gall, meath na nGael, meath an chultúir … bhí íomhá Thatcher, an bhean iarainn, mar bhadhbh os cionn an áir sin in aigne an Éireannaigh. Ar ais go Meryl Streep. Tugann sí sárthaispeántas uaithi i ról Thatcher. Breathnaíonn sí cosúil léi. Fuaimníonn sí cosúil léi. Fiú na geáitsí atá ag Streep agus Thatcher mheánaosta á léiriú aici, www.feasta.ie

tá siad an-chruinn go deo. Cheapfá go raibh an tromluí céanna ar siúl arís.

Ní ar an aon bhliain déag a chaith sí mar Phríomh-Cheannaire na Breataine amháin a dhíríonn Lloyd sa scannán seo. Níos spéisiúla dúinne, an lucht féachana, b’fhéidir, díríonn sí an lionsa ar na féidearthachtaí saoil, agus ar na heachtraí a dhírigh iníon ghrósaera bhig i dtreo ceann de na poist is cumhachtaí ar domhan ag an tráth sin: ceannasaíocht na Breataine le linn laethanta deireanacha na hImpireachta. De thoradh an spléachadh ar óige Thatcher, tuigimid níos fearr an cheanndánacht agus an fhéinmhuinín sin a chinntigh go nglacfadh sí seasamh dána diongbháilte ar cheisteanna tromchúiseacha agus í i mbun cumhachta níos faide anonn, agus na fáthanna gur ghlac sí cinntí nár thuill gnaoi an phobail go minic. Spéisiúil go maith, b’iad na Rúisigh a bhaist an teideal ‘Bean an Iarainn’ uirthi. Is cuma do mheas uirthi mar dhuine, ní féidir a shéanadh go raibh ‘iarann’ san fhuil ag Thatcher fiú ina hógbhean di, agus go raibh diongbháilteacht agus teacht aniar inti.

D’éirigh léi freastal ar Ollscoil Oxford nuair a bhí a leithéid thar a bheith deacair ag ísealaicme na Breataine. Ba spéis léi cúrsaí polaitíochta ón tús ach, fiú sa réimse sin, bhí constaicí móra roimpi. Tar éis di Oxford a fhágáil theip uirthi faoi dhó sular toghadh ar deireadh í. Plota an scannáin seo, is i bhfoirm spléachtaí siar a tharlaíonn sé. Is trí shúile shean-Thatcher, a bhfuil luathnéaltrú ag cur as di, a fheicimid eachtraí móra agus beaga a saoil. Cé gur teicníc fhoirfe í seo ar uairibh, is í an laige is mó atá ar an scannán seo freisin í.

N

í fiú flashback nó spléachadh siar ar bith mura bhfuil na himeachtaí a mbaineann sé leis cruinn nó fíor. Mar shampla, feictear cara le Thatcher á mharú nuair a phléascann buama agus é ar tí suí isteach ina charr, buama a chuirtear i leith na Sealadach. Sa radharc céanna, cuirtear ina luí orainn go bhfuil Maggie ar an láthair nuair a tharlaíonn an t-ár 25

seo, agus ní nach ionadh, is diongbháilte ná riamh ansin í in aghaidh aidhmeanna na bPoblachtach.

An fhadhb is mó a bhaineann leis an radharc scannánaíochta sin ná nach bhfuil sé fíor. Cé gur maraíodh cairde le Maggie – níl dabht faoi sin – ní raibh Thatcher ar an láthair nuair a tharla an eachtra áirithe sin, agus níl an mhír seo ag teacht leis an fhírinne stairiúil dá réir. Cogadh na Malvinas 1982

Mar an gcéanna i gcás cúpla mír eile sa scannán seo, má tá fonn ort teacht go croí an scéil i dtaobh Thatcher, caithfidh tú dul i muinín na leabhar staire, agus fiú sa chás sin is gá a bheith cúramach agus na foinsí a fhiosrú go mionchúiseach.

N

a tréithe is láidre atá le sonrú ar an scannán seo ná an tslí a ndéantar iarracht dul taobh thiar de ‘chuirtín iarainn’ na mná agus a saol príobháideach a léiriú. Cé gur a mhalairt a léirítear i mórán scannán inniu, is fear atá mar chúl taca cumhachtach ag an mbean sa scannán seo. Stailc na Mianadóirí 1984

Feictear an ról thar a bheith suntasach a chomhlíon Denis Thatcher i ngan fhios don saol, é ag gríosú Maggie chun gnímh, agus ag tacú léi, nuair a bhí amhras ar dhaoine eile fúithi, nó iad ag ceapadh go raibh sí éirithe lag nó ag éirí bog. An ceacht is láidre a mhúineann an scannán seo dúinn, i mo thuairimse, ná mba cheart na fíricí a sheiceáil arís is arís eile, sula gcuirtear peann le pár nó sula ndeirtear Ceamaraí, Soilse, Aicsean! ——◊——

Feasta, Meitheamh 2013


Blúiríní

le Pádraig Mac Fhearghusa • Cobblestone, Margadh na Feirme Beidh seisiún ceoil traidisiúnta ar son saoirse Mharian Price ar siúl sa Cobblestone, Margadh na Feirme, BáC, ar an Déardaoin, 6 Meitheamh ar 8.30 p.m. le Rónán Ó Snodaigh, Eoin Dillon agus ceoltóirí eile. €5 isteach. á eagrú ag Coiste átha Cliath de Justice for Marian Price. www.freemarian.co.nr • User friendly app, everyday Irish Sheol Forbairt Naíonraí Teoranta aip nua ar an 15 Bealtaine mar cheiliúradh ar Lá na Naíonraí 2013. Tá an aip, dar teideal ‘BunGhaeilge’, á dearadh le bliain anuas i bpáirtíocht le Annertech, agus tá sí bunaithe ar an leabhar frásaí BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí. Réitíonn an aip le struchtúr an leabhráin, atá roinnte i gcaibidlí le téamaí éagsúla, ‘Ar maidin’, ‘An Naíonra’, ‘Sa Siopa’, ‘Sa Ghairdín’ etc. Creideann FNT go mbeidh an aip seo úsáideach d’fhoghlaimeoirí na teanga chomh maith, go háirithe ó thaobh foghraíochta de. Seoladh leagan caighdeánach i dtús báire, ach tá sé beartaithe leaganacha sna mórchanúintí ar fad a eisiúint amach anseo. Is féidir BunGhaeilge a íoslódáil saor in aisce ó shiopaí aipe Android – agus ó shiopa Apple go luath, a chuirtear in iúl dom. Eolas: www.naionrai.ie • Arthur Rimbaud & Jack Kerouac Cuireadh saothair nua-aistrithe le Arthur Rimbaud agus Jack Kerouac i láthair ag dhá ócáid speisialta ag Dublin Writer’s Festival: an cnuasach dátheangach, Sioc Maidine/ Morning Frost, aistriúcháin Ghabriel Rosenstock ar haiku Jack Kerouac; agus Gadaí na Tine: Comóradh ar Arthur Rimbaud, léiriú dhátheangach de Illuminations www.feasta.ie

Scéal folaithe a insítear sa leabhar Language, Resistance and Revival le Feargal Mac Ionnracht aigh, scéal na bhforbairtí teanga agus oideachais i measc na bpríosúnach poblachtach sa Cheis Fhada idir 1972 agus 2000. Le linn na streachailte géire fada idir príosúnaigh phoblachtacha agus an stát Briotanach, múineadh agus foghlaimíodh an Ghaeilge mar ghléas frithbheartaíochta ina measc san i ngéibhinn. Cíortar an scéal anseo don chéad uair, agus déantar anailís ar an tionchar claochlaitheach a bhí aige seo ar an athbheochan cultúrtha sa phobal náisiúnach taobh amuigh de na fallaí príosúin. Bunaithe ar agallaimh nach raibh fáil ar a leithéid cheana, déanann Feargal Mac Ionnrachtaigh, gníomhaí pobail, an tréimhse thábhachtach seo i stair na hÉireann a mheas trí mheán na gcuntas ón ‘taobh istigh,’ ó mhórphearsana san athbheochan teanga comhaimseartha. Seoladh le Martin Ferris, T.D., ag an Óstán Grand i dTrá Lí, ar an Aoine, 31 Bealtaine, 7.00p.m. (1874). Ciaran Carson a d’aistrigh na dánta seo go Béarla; Gallery Press a d’fhoilsigh sa leabhar In the Light Of. Sholáthraigh Liam Ó Muirthile leaganacha Gaeilge don ócáid. • Baile Locha Riach Beidh Campa Locha Riach ar siúl ar an 6ú – 10ú agus 12ú – 17ú Lúnasa. Costas €45 ar pháiste in aghaidh na seachtaine agus €90 ar choicís. Lacáiste do theaghlaigh. Eolas ó Ruth, Gaeilge Locha Riach, 091 870718 nó oifig@lochariach.com. Seo an dara bliain déag den champa. Beidh múinteoirí cáilithe i mbun cluichí, ról-imirt, ealaín agus a lán eile a chuirfidh go mór le sult a bhaint as an nGaeilge a fhoghlaim. • Logainmneacha na gCeilteach Ag lón de chuid Foras Gnó na hÉireann le deireanas bronnadh cóip de Logainmneacha – Place-Names (ISBN 9781-899082-04-9) ar Naoise Ó Muirí, Ard-Mhéara na hArdchathrach. (Thagair an tArd-Mhéara d’fhorbairtí, go háirithe in earnálacha na turasóireachta agus an chultúir, an plean forbartha do cheantar Chearnóg Pharnell mar láthair chultúrtha san áireamh). Leabhar aistí as Béarla atá sa leabhar a bronnadh air, ina bhfuil cur síos ar mhíniú agus ar bhunús logainmneacha in Albain, Breizh, Cymru, Éire, Kernow agus Mannin. eGteo agus Craobh na hÉireann den Chomhdháil Cheilteach a d'fhoilsigh. Eolas faoin gComhdháil Cheilteach le fáil ar www.ccheilteach.ie. • Gradaim Chumarsáide Bhí bunaitheoirí an chomhlachta léiriúcháin Sónta Teo., Éamonn agus Seán Ó Cualáin, ag ceiliúradh tar éis dóibh 26

Gradam Cumarsáide Oireachtais a ghnóthú sa chatagóir ‘Clár Teilifíse na Bliana’ dá gclár faisnéise ‘Lón sa Spéir’ ar an 17 Bealtaine. Fionnuala Flanagan atá ag reacaireacht sa chlár seo. De thoradh conradh dáileacháin sna Stáit Aontaithe, beidh an clár á thaispeáint ar fud Mheiriceá. • Maggie Breathnach agus Pascal Cassidy ó Redshoe Productions a rug an gradam ‘Sraith Teilifíse na Bliana’ leo ar an tsraith ealaíon ‘Imeall’, agus fógraíodh an láithreoir teilifíse agus iarpheileadóir Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, ina Chraoltóir Teilifíse na Bliana, as a chur i láthair ar an gclár spóirt seachtainiúil ‘Seó Spóirt’ ar TG4. • Bhuaigh Tara Breathnach, a ghlacann ról Tina O’Dowd ar Ros na Rún, gradam Aisteoir na Bliana. • I gcatagóir na meán clóite, bronnadh an gradam Iriseoir na Bliana ar Sheán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir nuacheaptha na hirise, Comhar. • ‘Bímís ag Caint agus ag Siúl’ Anois teacht an tSamhradh, agus beidh an Ciorcal Caidrimh i mbun siúlóide (uair a’ chloig ar do shocracht) ar an dara Déardaoin den mhí, scíth agus cupán ina dhiaidh. Tiocfar le chéile i gcarrchlós Pháirc Chabán tSíle ag 11.00 a.m. ar an Déardaoin, 13 Meitheamh: tae agus caife timpeall meán lae i gCaifé Ghairdín na Seapáine – agus bláthanna an tsamhraidh chomh hálainn leis an nGaelainn a bheidh á labhairt. Treoraí: Pádraig Laffan. • Inis Gluaire, Béal a’ Mhuirthead Léamh filíochta le Kate Kerrigan in áras Inis Gluaire ar an 13 Meitheamh ag 7.30p.m. Lá Ceoil Náisiúnta á cheiliúradh ar an 21 Meitheamh. ◊ Feasta, Meitheamh 2013




Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.