Lá Eolais – 21 Samhain 2012 – Óstán Buswells Eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta 1.
2.
Éileamh:
An Pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóir i gcur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an struchtúr riachtanach a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobal Gaeilge agus Gaeltachta.
Réiteach:
Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go mbeidh Aonad Pleanála curtha ar bun láithreach, le hionadaíocht ó na húdaráis agus ó na heagraíochtaí pobail, le cinntiú go mbeidh sealbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach agus éifeachtúil i gceist ón mbun aníos.
Tacaíocht ag teastáil:
An t-éileamh seo a chur os comhair Aire Stáit na Gaeltachta atá freagrach as an nGaeilge agus an nGaeltacht agus an Taoiseach atá mar chathaoirleach ar Choiste Comhaireachta na Gaeilge.
Éileamh:
Cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa cuíchóiriú atá ag dul ar aghaidh san earnáil phoiblí agus ar obair an Rialtais trí chéile agus aon deis gur féidir a thapú le cur le stádas na teanga.
Réiteach:
An Ghaeilge a bheith mar cheist beo nuair atá cinntí á nglacadh ar chuíchóiriú nó nuair a bheidh seirbhísí poiblí nua forbartha, i. (a) go mbeidh sé mar chuid den struchtúr go mbeidh tionchar ar an seirbhís Ghaeilge oibrithe amach in aon chuíchóiriú déanta agus céimeanna beartaithe le laghdú seirbhíse a sheachaint. Is gá go mbeidh daoine le tuiscint ar an nGaeilge agus an nGaeltacht ag déanamh an mheasúnaithe seo; (b) aon deis a thapú le cur le stádas agus úsáid na Gaeilge nuair atá an Rialtas ag beartú aon seirbhís phoiblí nua.
3.
Tacaíocht ag teastáil:
An t-éileamh seo a chur os comhair an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe agus éileamh air bualadh linn go práinneach leis an gceist a phlé.
Éileamh:
An Ghaeilge agus an Ghaeltacht a thógáil san áireamh sa Bhille um Boird Oideachais agus Oiliúna 2012.
Réiteach:
An Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur san áireamh sna hailt a leanas: (a) in alt 10 den Bhille a dhéanann cur síos ar fheidhmeanna na mBord Oideachais agus Traenála nua; (b) in alt 18 a dhéanann cur síos ar fhoireann na mBord Oideachais agus Traenála nua; (c) in alt 28 a dhéanann cur síos ar chomhdhéanamh na mBord Oideachais agus Traenála nua.
Tacaíocht ag teastáil:
a. an t-éileamh seo a chur os comhair an Aire Oideachais agus Scileanna agus an Comhchoiste Dála um Oideachas agus Coimirce Sóisialaí