Toscaireacht ó Thuaidh Ar Son Achta Eagrán 3.8.
Bhuail toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge le hAirí i bhFeidhmeannas Stormont an mhí seo chun an dul chun cinn maidir le hAcht Gaeilge do Thuaisceart Éireann a phlé. Ar thoscaireacht an Chonartha bhí Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, Ardrúnaí, agus Ruairí Ó Bléine, Comhaltas Uladh. Bhí Janet Muller ón eagras Pobal ar an toscaireacht freisin. Bhuail an toscaireacht le Gerry Kelly MLA, aire in Oifig an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire agus le Conor Murphy MP, MLA, Aire Forbartha Réagúnaí. Pléadh fosta an tslí ar féidir le hAirí aonair cur le stádas agus le húsáid na Gaeilge ina gcuid Ranna féin chomh maith le cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí a chuireanna na haireachtaí sin ar fáil as Gaeilge.
Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha: "Ag éirí as na cruinnithe a bhí againn leis an hAirí is léir go bhfuil Acht na Gaeilge go lárnach ar an gclár oibre agus ina theannta sin go féidir go leor dul chun cinn a dhéanamh idir seo agus achtú na reachtaíocht sin chun polasaithe agus seirbhísí Gaeilge ranna ar leith a fhorbairt." Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge leanúint leis na cruinnithe seo sna míonna atá romhainn le hAirí den Fheidhmeannas.
Dáil Mhór Chomhaltas Uladh Tionólfar Dáil Mhór Chomhaltas Uladh in Óstán Uí Cheallaigh, Garbhachadh, Baile Uí Dhálaigh, Tír Eoghain Dé Sathairn an 21 Meitheamh 2008 ag 11.00rn. Bí i dteagmháil leis an Rúnaí ag +44 (0)28 37548487 más mian leat freastal ar an lá.
20 Meitheamh 2008 SAN EAGRAN SEO: 1. Cúrsaí Uladh 2. Áras Íde 2. Scéim Chónaithe Nua 3. Íomhá ‘08 3. Ceol ’08 i Réime Arís! 4. Samhradh Breá Geallta 4. Sprioc an Oireachtais 5. Campaí Samhraidh 5. Dráma as Gaeilge 6. Saor-Chomhairle Dlí 6. Rialacháin 2006 7. Nuacht Áitiúil 7. Dianchúrsaí na Gaillimhe 8. Crosfhocal
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1