Craobh na Míosa - Craobh Mhaigh Cuilinn Tá
craobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge ag teacht le chéile leis na blianta. I rith na bliana seo caite, tugadh faoi deara go raibh díospóireacht ar bun faoi theorainneacha na nGaeltachtaí agus bhí a fhios againn go mbeadh an cheist sin á plé i dtaobh Mhaigh Cuilinn sar i bhfad. In ionad suí siar agus an cinneadh a fhágáil do dhaoine eile, theastaigh ón gCraobh a bheith níos gníomhaí agus stádas Gaeilge i Maigh Cuilinn a mheas agus a chur chun cinn dá mb’fhéidir. Pléadh ceist na Gaeilge le roinnt clubanna, cumann agus daoine éagsúla i rith na bliana agus dealraíonn sé go bhfuil neart Gaeilge sa cheantar agus go bhfuil grúpaí áirithe toilteanach níos mó Gaeilge a úsáid. Ba shoiléir go raibh treoir agus tacaíocht ag teastáil ó ghrúpaí agus ó dhaoine aonaracha chun plean Gaeilge a chur i bhfeidhm nó chun cur leis an méid Gaeilge a labhraíonn siad go laethúil. Tar éis tamaillín, tuigeadh dúinn go raibh sé deacair an tacaíocht agus an chomhairle sin a sholáthar ar bhonn deonach. Dá bhrí sin, d'fhostaigh Conradh na Gaeilge Mhaigh Cuilinn Síle Ní Chochláin go páirtaimseartha le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta chun seirbhís níos cuimsithí a chur ar fáil i dtaobh na Gaeilge dhe. Beidh Síle le fáil chun comhairle agus eolas a sholáthar, chun seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil saor in aisce do ghrúpaí deonacha, chun cúrsaí Gaeilge a reáchtáil agus chun ceist na teanga a phlé leis an bpobal i gcoitinne. Thosaigh ranganna Gaeilge na Craoibhe ar 8 Samhain. Bhí rang dírithe ar fhoghlaimeoirí nach raibh Gaeilge ar bith acu, ceann do dhaoine a rinne an cúrsa d'fhoghlaimeoirí roimh an samhradh agus ceann do dhaoine ar bheagán Gaeilge. Bhí rang comhrá ar siúl chomh maith do dhaoine a bhí in ann Gaeilge a labhairt uair éigin agus ar theastaigh uathu í a chleachtadh arís. Chríochnaigh an trí chúrsa sin an tseachtain seo caite agus d'éirigh go breá leo. Tá fonn ar na foghlaimeoirí leanúint ar aghaidh le cúrsaí eile i ndiaidh na Nollag. Bhí seastán ag Conradh na Gaeilge ag an aonach ceirde i Maigh Cuilinn Dé Domhnaigh, 4 Nollaig, 1.005.00i.n. Bhí leabhair agus dlúthdhioscaí ó Chló IarChonnachta á ndíol againn agus bhíomar ag scaipeadh eolais faoi chúrsaí Gaeilge i Maigh Cuilinn. Beidh sé chúrsa sa Ghaeilge ag tosú ar 16, 17 agus 18 Eanair. Beidh na cúrsaí go léir ar siúl thuas staighre sa
'Forge'. Beidh Bunchúrsa I ar siúl maidin Dé Luain, 10.00-11.00. Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine gan aon Ghaeilge ar bith. Beidh Bunchúrsa II ar siúl oíche Dé Máirt, 20.00-21.00 agus tá sé oiriúnach do dhaoine ar bheagán Gaeilge. Beidh Meánchúrsa I ar siúl oíche Dé Céadaoin, 19.00-20.00 agus tá sé oiriúnach do dhaoine a chaith roinnt blianta ag foghlaim Gaeilge ar scoil. Beidh Meánchúrsa II ar siúl maidin Dé Luain, 11.00-12.00 agus tá sé oiriúnach do dhaoine le Gaeilge atá cuíosach maith ón scoil. Beidh Ardchúrsa ar siúl oíche Dé Máirt, 19.00-20.00 agus tá sé oiriúnach do dhaoine atá líofa nó a bhí líofa tráth. Beidh Dianchúrsa Gramadaí ar siúl oíche Dé Luain, 19.00-20.00 agus tá an bhéim sa chúrsa seo ar scríobh na Gaeilge. Beidh €50 ar chúrsa agus mairfidh gach cúrsa ar feadh deich seachtaine. Má tá tuilleadh eolais uait nó más mian leat cúrsa a dhéanamh, déan teagmháil liom. Tá ranganna céilí á reáchtáil ag Caoimhín Ó Fatharta. Beidh na ranganna ag tosnú i lár mhí Eanair. Má tá spéis agat freastal ar na ranganna sin agus chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Caoimhín go luath san athbhliain ar 091 556 157.
COMHDHÁIL ÓIGE AGUS
CRUINNIÚ CINN BHLIANA NA GAEIL ÓGA Dáta: Dé Luain, 23 Eanáir 2006 Am: 7 i.n. Ionad: Téatar Swift, Coláiste na Tríonóide
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Eagrán 3
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
Teachtaireacht Athbhliana an Uachtaráin Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise duit! Is eagraíocht an-éifeachtach feachtasaíochta é Conradh na Gaeilge. Is iomaí feachtas buaite againn le blianta beaga anuas. Ní hamháin gur bhaineamar corr as saol na hÉireann le bunú TG4, le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus le coinníollacha teanga a bheith ina chuid anois den chóras pleanála sa Ghaeltacht, ach le bua STADAS bhaineamar corr as saol na hEorpa chomh maith. Is i gcomhair le heagrais eile is ea a bhaineamar fómhar agus leanfaimid leis an gcomhoibriú. Ta báire na fola buailte linn, áfach, cath mór na linne seo: ceist na Gaeilge sa chóras oideachais. Is fada namhaid na Gaeilge ag iarraidh an bonn a bhaint den Ghaeilge sa chóras oideachais. Rinne dúnadh na gcoláistí ullmúhcháin, dúnadh Choláiste Dhún Chléire agus gearradh siar ar uaireanta teagaisc na Gaeilge ag rialtais éagsúla go leor diobhála. Níl acmhainní teagaisc a usaid mar ba choir agus fagann siollabais mhishasula agus easpa tacaiochta go leor daltai, muinteoiri agus tuismitheoir in isle bri. Sin raite, thaispeain pobalbhreith IMS agus pobalbhreith Fhine Gael go fiu go seasann daoine oga leis an nGaeilge a bheith le
Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus hAonghus ó hAirt dearthóir Shuíomh Idirlín an Chonartha
deanamh ag gach mac leinn go leibheal na hArdteiste. Go deimhin, tacaionn Aontas na Mac Leinn in Eirinn agus Aontas na Mac Leinn Meanscoile lenar bhfeachtas go muinfi an Ghaeilge ar shli taithneamhach eifeachtach do gach dalta o na naionain go dti an Ardteist. Idir seo agus an olltoghchan beidh namhaid na Gaeilge ag obair faoi choim ag iarraidh an bonn a bhaint den Ghaeilge ag leibheal na hArdteiste agus ag an 3u leibheal. Beimidne ag obair go hoscailte agus mar is dual duinn i gcomhair le heagrais eile ar son na Gaeilge. Ta badh an phobail linn agus bainfimid fomhar aris. Beirigí bua agus beannacht, Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha.
Maoinithe ag:
2. POST LEIS AN GCONRADH I NGAILLIMH 3. FEAR AN PHOIST GNÓTHACH I MBAILE LOCHA RIAICH 4. CROSFHOCAL NA MÍOSA SEO 5. COMÓRTAS FUINNEOIGE 6. LÁ NA GCRAOBHACHA 7. CRAOBH NA MÍOSA 8. IMEACHTAÍ & EILE Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Ar cheart go mbeadh an
Eoghan Mac Cormaic ag bronnadh seic €100 ar Mhairéad Uí Lachtnáin
Ghaeilge riachtanach tar éis an Teastais Shóisearaigh?
C Cr ra ao ob bh ha ac ch ha a N Nu ua a Fáiltíonn Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge roimh na craobhacha nua seo a leanas de Chonradh na Gaeilge a ceadaíodh ag an gcruinniú deireanach den Choiste Gnó: Craobh iMeasc, An Cumann Gaelach, Coláiste Mhuire gan Smál, An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, An Cumann Gaelach, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Craobh an Airm agus An Cumann Gaelach, Plás
SAN EAGRÁN SEO: 1. TEACHTAIREACHT ATHBHLIANA AN UACHTARÁIN
Post á fhógairt le Conradh na Gaeilge, Gaillimh Tá Feidhmeannach Gaeilge á lorg do Thogra Gaeilge na Gaillimhe. Ní mór go mbeadh taithí leathan aige/aici ar bhainistiú tograí agus ar bhainistiú foirne, chomh maith le taithí ag plé le réimse na Gaeilge. Ní mór, freisin, ceadúnas glan tiomána a bheith aige/aici agus cumas oibriú as a stuaim féin. Tá ardchaighdeán Gaeilge, idir chumas labhartha agus scríofa riachtanach, maraon le scileanna cumarsáide, ríomhaireachta agus eagartha. Tuarastal €28,600 Seol litir iarratais agus CV chuig:An Rúnaí, Gael-Fhorbairt na Gaillimhe, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh. Is é Dé hAoine 20 Eanáir an dáta deiridh iontrála.
9 Eanáir 2006
• Ba cheart • Níor cheart Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael, ag bronnadh seic ar Ann Holland agus Seamus Ryan a bhuaigh comórtas na bhfuinneog i mBaile Locha Riach
Idirlín
isteach an
ar
Shuíomh
Chonartha
eolas@cnag.ie
1.
ag