Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Bealtaine 2006

Page 1

Crosfhocal mhí na Bealtaine Trasna 1 fiáin (5) 4 lacha fhireann (6) 7 stáitse (5) 8 fráma a úsáidtear chun comhaireamh a dhéanamh (6) 11 mo mhairg! (3) 12 orgán geag (6) 13 ampla; saint (7) 14 seal ama; tréimhse (3) 16 áititheoir; áitritheoir (9) 18 duine gan chéill (6) 19 múchadh (4) Síos 1 orgán mór de chuid an choirp 2 fear atá i gceannas ar mhainistir (2) 3 glór caointeach brónach (7) 5 drochúsáid (4) 6 cén áit? (2) 9 amplach; cíocrach (7) 10 caróg (8) 15 áit chónaithe (4) 17 sleá bheag (2)

Comhfhreagras A chara, Is comórtas pobail é Glór na nGael ina bhfuil forbairt agus caomhnú teanga agus cultúr na Gaeilge mar spriocanna lárnacha. Tá duaischiste de €130,000 le buachaint, ciste atá ag fás leis le blianta beaga anuas. Tá briseadh síos ar an duaischiste sin faoi iamh, mar eolas. Is í aidhm an chomórtais ná aitheantas a thabhairt don na coistí sin a dhéanann an dul chun cinn is fearr i rith na bliana ar son na teanga agus an chultúir. Is cúis áthais dúinn i nGlór na nGael go mbíonn ar ár gcumas comhairle agus cabhair a sholáthar do ghrúpaí nua, agus do ghrúpaí seanbhunaithe, atá ag iarraidh úsáid na Gaeilge a mhéadú ina bpobail féin. Cuireann rannpháirteachas sa chomórtas go mór le hobair na gcoistí uile. Tá gach coiste ina chuid de ghréasán náisiúnta le breis agus 100 grúpa eile ar féidir leo a bheith ag comhoibriú agus ag cothú nascanna leo. Agus tá go leor craobhacha de Chonradh na Gaeilge ina measc seo. Muna bhfuil aon choiste Ghlór na nGael ag feidhmiú in bhur gceantar, ba mhaith linn an deis bualadh leat, agus daoine eile ar suim leo an Ghaeilge a fhorbairt, leis an scéal seo a phlé agus féidearthachtaí ceantar s'agatsa a chlárú sa chomórtas. Tá sonraí teagmhála Glór na nGael ag bun na litreach seo nó is féidir dul i dteagmháil liomsa go díreach ar 086 1719 755. Is mise le meas Marcas Mac Ruairí, Oifigeach Forbartha, Glór na nGael

Eagrán 7

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

BLIAIN EILE DO MHAC CÁRTHAIGH MAR UACHTARÁN AR AN gCONRADH

Dearbhán 30 Euro don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí Aibreáin: Seán O Ceallaigh, Inis, Co. an Chláir. Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Ath Cliath 2.

Acht Gaeilge de dhíth do Thuaisceart Éireann

Tá Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, tar éis ard-mholadh a thabhairt don obair atá déanta ag POBAL ag ullmhú dréacht-Achta Gaeilge do na Sé Chontae agus leanfaidh Conradh na Gaeilge ag comhoibriú le POBAL chun go nachtófaí ina dhlí é. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus é ag labhairt ar rún faoin ábhar seo ag Ard-Fheis 2006: "Is iad na Sé Chontae an t-aon dúiche in Oileáin Iarthair na hEorpa nach bhfuil cosaint reachtúil ag an teanga dúchais ann. Má tá bláthú na Gaeilge le leanúint sna Sé Chontae ní foláir cosaint reachtúil a bheith ann don Ghaeilge agus do lucht a labhartha, agus cosaint reachtúil a chinnteodh seirbhísí agus oideachas trí Ghaeilge agus úsáid na teanga i ngnóthaí poiblí. Tacaímid go hiomlán le dréacht-Acht POBAL agus leis an bhfeachtas go n-achtóidh Westminister ina dhlí é."

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Tá bliain eile roimhe amach ag Dáithí Mac Cárthaigh mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Toghadh arís é gan freasúra ag Ard-Fheis an Chonartha atá ar siúl sa Park Inn Hotel, Dún Dealgan an deireadh seachtaine seo. Is é téama na hArdFheise i mbliana 'an Ghaeilge sa Chóras Oideachais - deis agus ceart do chách'. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ar an ábhar seo: "Is í ceist na Gaeilge sa chóras oideachais tosaíocht mhór na bliana seo chugainn agus Olltoghcháin 2007. Gan leigheas ar an gceist seo, titfidh gach rud eile ar lár. Táimid ag iarraidh na moltaí seo a leanas a chur ar chlár rialtais gach páirtí polaitiúil do Olltoghchán 2007: "1. Go dtabharfadh gach ábhar oide bunscoile tréimhse bliana acadúla dá c(h)úrsa traenála ar thumoideachas i mioncholáiste lán-Ghaeilge ag foghlaim faoin tumoideachas agus tríd an tumoideachas. Cinnteoidh sé seo cumas sásúil sa Ghaeilge do gach múinteoir bunscoile as seo amach. Molaimid deis a bheith ag ábhair oide a gcúrsa oiliúna iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo. "2. Go múinfí ábhar, de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile. Dheimhnigh an Dr. John Harris, Coláiste na Tríonóide, go bhfaigheann c.30,000 dalta bunscoile oideachas lán-

Ghaeilge faoi láthair agus, anuas air sin, go múintear ábhar breise trí Ghaeilge do c.116,000 dalta eile. "Molann an Dr. Harris modh seo an pháirt-thumoideachais mar mhodh éifeachtach sna scoileanna Béarla agus dheimhnigh sé go n-éiríonn leis i gcóras atá, tríd is tríd, ag teip daltaí a chumasú sa Ghaeilge. 30 Post Aistritheoireachta Aistritheoireachta le líonadh sa Bheilg Tá Coimisiún na hEorpa ag súil le 30 aistritheoir Gaeilge a earcú le hobair in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh nuair a dhéanfar teanga oifigiúil oibre den Ghaeilge ar an gcéad lá de mhí Eanáir 2007. Gheobhaidh gach aistritheoir thart ar €4,000 in aghaidh na míosa agus cuirfear sochair tharraingteach pinsin agus tinnis ar fáil do gach oifigeach de chuid an Aontais Eorpaigh. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na postanna seo ach gabháil chuig an Suíomh Idirlín http://europa.eu.

Oíche Oscailte Choláiste an Eachréidh Tháinig daltaí agus tuismitheoirí ó cheantar Oirthear na Gaillimhe le chéile don chéad oíche oscailte do Choláiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí, Dé Máirt 2 Bealtaine. Dar ndóigh, bhí dlúthbhaint ag Pádraig Rua O Baoill, Glór Bhaile Locha Riach, Togra de chuid Chonradh na Gaeilge, le bunú na scoile seo. B'é Seosamh Mac Donncha, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe aoíchainteoir na hoíche. Lena chois sin, bhí cur i láthair ó Bhriain Ó Maoilchiaráin, Príomhoide Choláiste an Eachréidh agus focail mholta ó Cholm Mac Eoin, oifigeach forbartha náisiúnta le 'Gaelscoileanna'. Bhí deis ag daltaí agus tuismitheoirí réimse ceisteanna a chur agus iad ag clárú don Choláiste.

Maoinithe ag:

04 Bealtaine 2006

SAN EAGRÁN SEO: 1. BLIAIN EILE DO MHAC CÁRTHAIGH MAR UACHTARÁN AR AN GCONRADH 2. ACHT GAEILGE DE DHíTH DO THUAISCEART EIREANN 3. COISTE GNO NUA AN CHONARTHA 4. 4 TEAGASCOIRI GAEILGE BREISE AG TEASTAIL ON nGARDA SIOCHANA 5. GRUPA TACAIOCHTA PLEANALA TEANGAN CHUIGE MUMHAN 6. DATAI AGUS IMEACHTAI TABHACHTACHA 7. CROSFHOICAL MHI NA BEALTAINE 8. COMHFHREAGRAS AGUS EILE Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha An lorgaíonn tú seirbhísí trí Ghaeilge nuair a bhíonn tú ag plé leis an Stát? • • • •

Mar a tharlaíonn sé, tá an t-am ag éirí gann agus moltar d'éinne a bhfuil spéis acu clárú teagmháil a dhéanamh le Briain Ó Maoilchiaráin láithreach ag (091)874260 fo-líne 339 nó ag colaisteaneachreidh@cogalvec.ie

Riamh Ó am go chéile Go minic I gcónaí

Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.