Nuachtlitir Template 05.qxp

Page 1

Crosfhocal Mhí na Bealtaine Trasna 2 6 7 10 11 12 13 15 17 18 Síos 1 2 3 4 5 8 9 11 14 16

Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta isteach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

T impeall na T íre Gramadach na Gaeilge le Conradh na Gaeilge! Beidh Dianchúrsa Gramadaí á eagrú ag Conradh na Gaeilge i rith mhí na Bealtaine. Is dianchúrsa speisialta é seo atá dírithe ar dhaoine ar spéis leo eolas agus cur amach níos fearr a bheith acu ar ghramadach na Gaeilge. Beidh an cúrsa seo feiliúnach dóibh siúd a bhfuil Gaeilge líofa acu, ach atá ag iarraidh saineolas a fháil ar chruinneas agus ar scríobh na Gaeilge. Níl ach 12 áit ar an gcúrsa agus beidh an múinteoir, Éamonn Ó Loingsigh ag díriú ar riachtanais speisialta na rannpháirtithe. Beidh an cúrsa ar siúl i rith deireadh seachtaine amháin, ar an Aoine 25 Bealtaine ó 7- 9i.n. agus ar an Satharn 26 Bealtaine ó 10r.n.- 5i.n. Beidh costas €90 ar an gcúrsa. Tá foirmeacha clárúcháin agus tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar Chonradh na Gaeilge, Árus na nGael 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó ríomhphost conradh@bradan.iol.ie. An Bailiúchán Náisiúnta Tá súil ag lucht Ard-Oifig an Chonartha gur éirigh go thar barr leis an mBailiúchán Náisiúnta i mbliana agus gur baineadh úsáid cheart as an deis seo go leor airgid a bhailiú le cabhrú le craobhacha an Chonartha go leor imeachtaí a eagrú le linn na bliana seo chugainn. Maidir le sciar na hArd-Oifige den bhailiúchán ba mhór an chabhair é dá mbeifí in ann é a chur ar aghaidh a luaithe agus is féidir.

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

BLIAIN EILE DO MHAC CÁRTHAIGH MAR UACHTARÁN AR AN gCONRADH

anamúil; beoga (8) lapa éin nó cait; ordóg portáin (4) cén áit? (2) áit a mbaintear clocha nó gairbhéal (7) céad bliain (4) leabhar ina dtugtar cuntas laethúil ar chúrsaí (7) ciall (8) seabhac buí (7) múchadh (4) asmas; múisc (7) mo mhairg! (3) gáir mhaíte (3) sleá bheag (2) rud nach bhfuil beo (2) iarratas; impí (7) lóistín do shaighdiúirí (7) peann luaidhe (8) tuirse mhór (7) ionsaí; aimsiú ar mharc (4) cine; pór (3)

Iml. 2 Eagrán 7

Craobhacha Nua Ba mhaith le hUachtarán an Chonartha, Dáith Mac Cárthaigh, agus lucht na hArd-Oifige míle fáilte a chur roimh dhá chraobh nua de chuid an Chonartha a chláraigh leis an Ard-Oifig le gairid - Pobal Phádraig (Craobh Mhaigh Nuad) agus Glór na Ríogh (Nás na Ríogh). Dar ndóigh, tá cuid mhaith rudaí bainte amach ag an dá phobal seo ó thaobh na Gaeilge de le blianta beaga anuas idir Gaelscoileanna éagsúla a bhunú agus tríd an bpáirt ghníomhach a bhí acu in eagrú Sheachtain na Gaeilge ina gceantair féin. Tá lucht na hArd-Oifige ag súil go mór le bheith ag plé agus ag comhoibriú leo amach anseo. Scéim Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge D'fhógair Foras na Gaeilge a scéim nua airgeadais le gairid. Is deis iontach í an scéim seo do chrobhacha an Chonartha teacht ar airgead le himeachtaí agus le hócáidí a eagrú i gceantair na gcraobhacha sin. Má bhíonn a thuilleadh eolais uait faoin scéim seo ná bíodh leisce ar bith ort teagmháil a dhéanamh le lucht na hArd-Oifige. Cuirfear cabhair agus tacaíocht ar fáil do chraobhacha atá ag iarraidh cur isteach ar an scéim seo.

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Tá bliain eile roimhe amach ag Dáithí Mac Cárthaigh mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Toghadh arís é gan fhreasúra ag Ard-Fheis an Chonartha atá ar siúl in Óstán Westport, Cathair na Mart an deireadh seachtaine seo. Is é téama na hArd-Fheise i mbliana 'An tOlltoghchán: pleanáil, oideachas, agus cearta'. Dúirt Mac Cárthaigh, ar iarrthóir é i dtoghchán an Seanaid ar phainéal Ollscoil na hÉireann: "Is í ceist na Gaeilge sa chóras oideachais an tosaíocht mhór againne do Olltoghchán 2007. Gan leigheas ar an gceist seo, titfidh gach rud eile ar lár. Táimid ag iarraidh na moltaí seo a leanas a chur ag croílár an chéad chlár Rialtais eile :1. Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosú leis an gcéad mhí chinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo; 2. Go múinfí ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá; 3. Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach:"Teanga na Gaeilge" a mhúinfí do gach mac léinn: ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga. "Litríocht na Gaeilge" le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin agus le múineadh go comhtháite le "Teanga na Gaeilge" ag an leibhéal cuí. Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D'aithneofaí uallach oibre na litríochta do

21 Bealtaine 2007

SAN EAGRÁN SEO: 1. OLLTOGHCHÁN 2007 2. CÉIM AR CHÚL LE TÓGÁIL AG AN AIRE OIDEACHAIS 3. COMHFHREAGRAS 4. AN TIONÓL GAELTACHTA 5. POLASAÍ PLEANÁLA AN CHONARTHA

mhic léinn ardleibhéil trí 'Litríocht na Gaeilge' a mharcáil mar ábhar breise. Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile.

7. TIMPEALL NA TÍRE

A CHT GAEILGE DE DHÍTH DO

Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh

THUAISCEART na hÉIREANN

Idirlín an Chonartha

Tá Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, tar éis ard-mholadh a thabhairt don obair atá déanta ag POBAL ag ullmhú dréacht-Achta Gaeilge do na Sé Chontae agus leanfaidh Conradh na Gaeilge ag comhoibriú le POBAL chun go n-achtófaí ina dhlí é. Dúirt Mac Cárthaigh, iarrathóir Seanaid i dtoghdas Ollscoil na hÉireann, agus é ag labhairt ag Ard-Fheis 2007: "Is iad na Sé Chontae an t-aon dúiche in Oileáin Iarthair na hEorpa nach bhfuil cosaint reachtúil ag an teanga dúchais ann. Má tá bláthú na Gaeilge le leanúint sna o thuaidh ní foláir cosaint reachtúil a bheith ann don Ghaeilge agus do lucht a labhartha, cosaint reachtúil a chinnteodh seirbhísí trí Ghaeilge, ionad na Gaeilge sa chóras oideachais agus úsáid na teanga i ngnóthaí poiblí. "Tacaímid go hiomlán le dréacht-Acht POBAL agus leis an bhfeachtas go n-achtófaí ina dhlí é."

Maoinithe ag:

6. CROSFHOCAL MHÍ NA BEALTAINE

Ar cheart go mbeadh an Béarla

a

mhúineadh

foirmeáilte

ó

Rang

go na

Naíonán Sóisir? • Ba cheart • Níor cheart

Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil Idirlín

isteach an

ar

Shuíomh

Chonartha

eolas@cnag.ie

1.

ag


Céim ar Chúl le Tógáil ag an Aire Oideachais i leith Gaelscoileanna Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh a bhfuil súil leis go luath, a dhéanann neamhaird ar cheithre réiteach ghearrthéarmacha Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, maidir le múineadh an Bhéarla i nGaelscoileanna ag leibhéal na naíonán sóisir. Ba cheart agus ba chóir saoirse a thabhairt do scoileanna tosú ag múineadh an Bhéarla go foirmiúil ag leibhéal na naíonán sinsir agus ag leibhéal rang a haon. Cáineann an Conradh an beartas seo freisin, toisc gur tógadh é gan glacadh leis an gcomhairle ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta atá i mbun próisis chomhairlithe ar an ábhar seo le blianta beaga anuas agus a mhol a thuilleadh taighde a dhéanamh ar an ábhar. Mar a luadh thuas tá ceithre réiteach ghearrthéarmacha molta ag an gComhairle agus an tuilleadh taighde seo á dhéanamh. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Chuirfeadh a leithéid de chinneadh ionadh agus alltacht orm. Ní hé go bhfuil droch-chomhairle curtha ar an Aire ach is amhlaidh go bhfuil an tAire ag gníomhú go beag beann ar a cuid comhairleoirí. Is gá

córas tumoideachais Gaeilge sna ranganna naíonáin toisc uileláithreacht an Bhéarla agus toisc gur ó theaghlaigh Bhéarla a thagann formhór na bpáistí Gaelscoile. Is gá tumoideachas chun an t-éagothromas seo a chothromú agus chun nós na Gaeilge a bhunú agus a bhuanú i measc na ndaltaí agus sa scoil. Feictear ón taighde atá déanta le blianta beaga anuas go bhfuil buntáiste ar leith ag leanaí dátheangacha maidir le teangacha a fhoghlaim níos faide ar aghaidh ina saoil. Mar sin léiríonn an beartas seo easpa muiníne as earnáil na Gaelscolaíochta agus as an gcaighdeán an-ard oideachais a sholáthraíonn Gaelscoileanna.

Comhfhreagras Tá cinneadh déanta ag an Aire Oideachais, sula néiríonn sí as oifig, deireadh a chur go praiticiúil le luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge sna ranganna naíonán sna gaelscoileanna ar fud an stáit, in ainneoin a bhfuil molta ag an NCCA. (Cork Examiner, 14 Bealtaine '07. etc) Seo príomh-iarracht an Aire múineadh na Gaeilge a fheabhsú, an ea? Meabhraímis go n-aithnítear go hidirnáisiúnta go n-éiríonn ar fheabhas leis an luath-thumoideachas iomlán, nach bhfuil iachall ar dhuine ar bith páiste a chur go dtí Gaelscoil munar mian leo, agus cuimhnímis freisin go bhfuil na torthaí oideachais i mBéarla i ngaelscoileanna níos airde ná an meán náisiúnta, mar is eol don Aire. Tuigeann an tAire, chomh maith, go gcosnófar prionsabal an luath-thumoideachais iomláin sa chúirt, ach ní léir go gcuireann sé seo isteach uirthi, nó b'fhéidir go n-éiríonn an té a bhíonn rófhada in oifig sotallach. Pé polaitíocht atá agat, áfach, déan teagmháil le do chuid iarrthóirí áitiúla láithreach, agus cosnaigh ceart scoileanna náisiúnta lán-Ghaeilge ar an luath-thumoideachas iomlán a roghnú sna naíonáin, i dtreo go mbeidh an rogha oideachais seo ar fáil don tuismitheoir. Ba chóir go gcuirfí in iúl don Aire go bhfuil sí ag cur feirge ar a lán daoine - ar thuismitheoirí, coistí bunaithe agus ar chairde scoileanna eagsúla agus nach gceadófar do roinnt bheag daoine cúl a chur ar an dul chun cinn atá déanta san oideachas lánGhaeilge ó na seachtóidí i leith. Mar bhunaitheoir agus mar chathaoirleach ar

2.

Ghaelscoil Mhic Easmainn ar feadh cúíg bliana déag, 1978 - 1993, tá iompar na Roinne Oideachais i leith luath-thumoideachais iomláin le blianta beaga anuas náireach, dar liom. Molaim Bord Ghaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí as a seasamh proifisiúnta ar son éiteas na scoile, agus iarraim ar gach aon duine atá tiomanta do thodhchaí na Gaelge cur ar son na ngaelscoileanna a chleachtann luath-thumoideachas iomlán. Cuimhnigh go bhfuil an tAire seo tar éis dul in aghaidh mholtaí na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA), gan aon chúis mhaith. An féidir leis an Aire tagairt d'aon ghiota taighde, náisiúnta nó idirnáisiúnta, a thacaíonn lena tátal go bhfuil droch-thionchar ag an luath-thumoideachas iomlán sa dara teanga ar thorthaí sa Bhéarla? Nó an gceadófar di a cuid oilc réamhthoghcháin a ídiú ar ghaelscoileanna rathúla, cé go bhfuil a fhios aici go bhfuil drochbhonn dlí faoina haidhm deireadh a chur leis an luath-thumoideachas iomlán sna ranganna naíonán. B'fhearr di cloí leis an gcéad phrionsabal foghlama teanga - éisteacht. D'fhéadfadh sí eisteacht, mar shampla, lena bhfuil le rá i dTuarascáil Harris, a foilsíodh le déanaí, ar an ábhar. Ní hamháin san, toisc droch-bhonn dlí a bheith faoina bhfuil beartaithe aici, ní ghlacfaidh scoileanna a chloíonn leis an gcleachtas is fearr i gcúrsaí tumoideachais iomláin leis an mbac atá á chur aici orthu. Pádraig Mac Fhearghusa, Craobh Thrá Lí agus Ball den Choiste Gnó

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

An Tionól Gaeltachta Beidh an Tionól Gaeltachta ag filleadh ar Inis Meáin i mbliana agus beidh ar siúl idir 5-8 Iúil. Beidh clár iontach cuimsitheach ann i mbliana agus cuireadh go leor imeachtaí agus caithemh aimsire leis i mbliana. Is measc na n-imeachtaí éagsúla a bheidh ar siúl thar an deireadh seachtaine beidh seisiúin ceoil, ceardlanna ceaddaíochta, seimineár, tumadóireacht, turas lae go hInis Oírr, Trath na gCeist Boird, Bar-B-Q, Dráma ó Aisteoirí Bulfin, sdeoladh leabhair agus go leor leor eile. Níl ach costas €190 ar an turas seo agus, dá bhrí sin, moltar duit do spás a chur in áirithe a luaithe agus is féidir leat.

Polasa í Pleanála an Chonartha Tá géarchéim ann do cheantair Ghaeltachta na tíre i gcomhthéacs céatadán na gcainteoirí Gaeilge a bheith ag titim ó tháinig borradh faoi thionscal na tógála in Éirinn le roinnt blianta anuas de bharr, i measc cúinsí, eile méad mór daoine gan Ghaeilge ag ceannach tithe agus ag bogadh isteach sa Ghaeltacht. Tá moltaí nua sonracha dréachtaithe ag Conradh na Gaeilge maidir le foirmliú agus cur i bhfeidhm coinníollacha teangeolaíocha pleanála Ghaeltachta chun na fadhbanna thuasluaite a leigheas. Tagann an phríomhbhagairt don Ghaeilge mar theanga an phobail, ó thógáil eastáit tithíochta sna limistéir Ghaeltachta agus tá na dréacht-mholtaí nua ó Chonradh na Gaeilge i dtaobh coinníollacha teangeolaíocha agus dúchasachta Gaeltachta á dtabhairt chun cinn i gcomhthéacs na treorach soiléire atá tugtha go leanúnach le blianta beaga anuas ina thaobh seo ag an mBord Pleanála ach nach bhfuil á leanúint ná á cur i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla go léir atá i gceist go fóill. Tá moltaí Chonradh na Gaeilge bunaithe ar chomhchomhairle le daoine sna ceantair Ghaeltachta éagsúla agus ag éirí as an bplé sin. Measann Conradh na Gaeilge gur féidir córas pleanála Gaeltachta éifeachtach cóir a chur i bhfeidhm bunaithe ar na moltaí cuimsitheacha nua seo. Tá sé mar fhís ag Conradh na Gaeilge go mbeadh daoine a fuair oiliúint i nGaeilge sa Ghaeltacht nó taobh amuigh di, in Éirinn nó thar lear sár-oiriúnach mar in-imircigh chun na Gaeltachta, áit a gcabhróidís chun an daonra agus céatadán na gcainteoirí Gaeilge líofa a ardú. Mar chuid de pholasaí an Chonradh chun an aidhm seo a chur chun oibre, tá sé i gceist leathanach fógraíochta saor in aisce a sholáthar ar shuíomh idirlín an chonartha, áit a mbeadh sonraí de thithe atá/a bheidh ar díol le coinníollacha pleanála Ghaeltachta mar atá leagtha sa doiciméad seo chun cabhrú na polasaithe a chur i bhfeidhm agus ionas go mbeidh borradh fé fhás nádúrtha na Gaeltachta. D'fhoilsigh an Roinn Comhshaoil dréacht-threoirlínte maidir le pleananna forbartha in Aibreán 2006 agus molann Conradh na Gaeilge go gcuirfí na moltaí maidir leis an nGaeltacht atá sa doiciméid sin i bhfeidhm láithreach in éineacht leis na moltaí nua seo.

Achoimre • Coinníollacha teanga trí chonradh scríofa idir an bhforbróir agus an t-údarás pleanála faoi réir alt 47 den Acht Pleanála sara gcuirtear tús leis an bhforbairt agus an taontú sin le bheith ina chuid de chonradh díolacháin na n-aonad cónaithe; • Cúnant pionóis a bheith sa chomhaontú sin inaisghabhála mar fhiach conartha simplí; • Fanfaidh an coinníoll i bhfeidhm ar feadh 15 bliana; • 60% ar a laghad de na haonaid chónaithe le cur go leataobh dóibh sin leis an gcaighdeán Gaeilge a theastaíonn chun deontas a fháil faoi Scéim Tithíochta na Gaeltachta; • Céatadán na n-aonad cónaithe do lucht na Gaeilge: céatadán na gcainteoirí laethúla +10%; • Bainfidh an srian le teaghlaigh a chónaíonn sna haonaid seachas ligean saoire ar feadh tréimhsí míosa nó níos lú gan iomlán an ligin dul thar 3 mí in aon bhliain amháin; • Bord agallaimh náisiúnta chun cumas cainte, dearcadh, agus nósmhaireacht i leith na Gaeilge a mheas mar aon le córas achomhairc; • Ceart ag aon duine os cionn 16 bliain cur isteach ar an agallamh/scrúdú gan díolachán aontaithe aige/aici; • Mairfidh an cháilíocht tréimhse trí bliana agus níor ghá athnuachain i gcás duine/teaghlaigh cháilithe ar a mbíonn ghnáthchónaí i gceantar Gaeltachta; • Más í an Ghaeilge ghnáth-theanga thromlach an teaghlaigh, m.sh. páistí a labhraíonn Gaeilge le tuismitheoir/caomhnóir amháin, bronnfar teastas náisiúnta líofachta ar an teaghlach; • Má éiríonn le páistí an teaghlaigh i scéim labhairt na Gaeilge, bronnfar teastas náisiúnta líofachta ar an teaghlach; • Mura bhfuil ach beirt sa teaghlach, cuirfear an scrúdú/agallamh ar dhuine amháin acu; • Céatadán áirithe tithe, de bhreis ar an gcéatadán a chuirtear in áirithe do chainteoirí Gaeilge, in áirithe do dhúchasaigh an cheantair i ngach forbairt le 3 aonad chónaithe nó níos mó; (Ní l anseo thuas ach roinnt pointí den pholasaí) Tuilleadh eolais ar fáil ó Dháithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha, ar 087 2368364 nó ó Fhionn Mac Giolla Chuda, Urlabhra Gaeltachta. ar 087 2437963.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

3.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.