Nuachtlitir an Chonartha Eanair 09'

Page 1

Eagrán 4.3

15 Eanáir 2008

Rún Athbhliana Oideachais Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta Batt O’Keeffe TD agus ar Rialtas na hÉireann tabhairt faoi rún Athbhliana chun deireadh a chur le himlitir 0044/2007 agus rogha an luath-thumoideachais iomláin a fhágáil faoi na Gaelscoileanna féin. Dúirt Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Léiríonn Trialacha Léitheoireachta Bunscoile an Rialtais sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon a fheabhas agus a éiríonn leis an tumoideachas, agus tuigeann ár nAire Oideachais féin gurb an modh is fearr é leis an dara theanga a mhúineadh do dhaltaí. Tá sé de bhuntáiste ag an luath-thumoideachas iomlán go neartaíonn sé cumas an dalta sa chéad teanga, an Béarla sa chás seo, chomh maith leis an dara theanga a shealbhú go héifeachtach. “Ba chóir go mbeadh an Roinn Oideachais ag spreagadh an luath-thumoideachais, ní ag iarraidh

an bonn a bhaint den scothchleachtas seo atá in úsáid cheana féin san iliomad Gaelscoileanna, agus atá in úsáid anseo ó dheas ó bunaíodh an stát.” Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go n-aithneodh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta an luaththumadh iomlán sa Ghaeilge mar dheachleachtas a bhfuil tuismitheoirí agus scoileanna ina theideal mar rogha. Creideann an Conradh gur chóir go mbeadh sé mar pholasaí ag an Roinn múinteoirí agus ábhair oidí a chur ar an eolas go leanúnach faoi bhuntáistí an luath-thumoideachais, agus acmhainní eolais agus traenála a chur ar fáil ina leith sin. Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig an Aire O’Keeffe ó shuíomh an Chonartha ag www.cnag.ie ag tacú le feachtas an tumoideachais inniu! Athbhliain faoi shéan ‘s faoi mhaise ar bhaill agus ar chraobhacha uile an Chonartha! Ag súil libh a fheiceáil go luath in 2009, Foireann an Chonartha

SAN EAGRAN SEO: 1. Rún Athbhliana Oideachais 2. Áthas Locha Riach 2. Oíche Chruinnithe 3. Ealaíon Ógrais 3. Cóisirí Go Leor! 4. Culture Vultures 4. Ceol Chrónáin 4. Cóisirí Go Leor! 4. Siamsóir na Mí 5. Homepages na hÉireann 5. Seirbhísí Eaglaise 6. Ceacht na hEabhraise 6. Caifé Cois Life 7. Saor-Chomhairle Dlí 7. Scoláireachtaí Fulbright 8. Crosfhocal

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Áthas Locha Riach Bhronn Áthas, an grúpa carthanachta ar son pháistí Searnóbail, teastais buíochais ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann Bhaile Locha Riach as ucht a dtacaíocht i rith 2008. D’fhreastail scata de na páistí ó Shearnóbail ar Scoil Cheoil sa chomharsanacht le linn an tsamhraidh. Le linn a dtréimhse ann, d’fhoghlaim siad amhrán breá gaelach agus tugadh deis dóibh an fonn a chleachtadh ar an bhfeadóg stáin fosta. Ghlac siad páirt i gceolchoirm na scoile, áit ar sheinn siad an port a bhí foghlamtha acu go fonnmhar don lucht éisteachta agus ba mhór an spreagadh do na foghlaimeoirí eile a leithéid a chloisteáil. Tá an grúpa Áthas ag obair leis an gcarthanacht Chernobyl Children’s Project International le trí bliana anuas chun deis a thabhairt do pháistí Searnóbail

a thabhairt ar cuairt go Baile Locha Riach gach bliain le linn laethanta saoire an tsamhraidh. Tugann an briseadh beag seo faoiseamh do na páistí ón timpeallacht truaillithe contúirteach a chuireann a saol agus a sláinte i mbaol toisc na tubaiste núicléach a tharla ann 22 bliana ó shin. Tuilleadh eolais: http://www.chernobyl-international.com

Feachtas na Feiceálachta ain amach romhainn chuige sin.

Beidh cruinniú oscailte maidir le Feachtas na Feiceálachta ar siúl oíche Déardaoin 22 Eanáir 2009 i ndiaidh na hoibre óna 6.00 – 7.00in in Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 agus tá mórfháilte roimh éinne le spéis san ábhar áirithe seo freastal ar an gcruinniú. Cuireadh tús le Feachtas na Feiceálachta ag Seimineár Oireachtais an Chonartha 2008, áit gur deineadh plé ar phacáistiú dátheangach, ar chódphoist agus ar chomharthaí bóithre dátheangacha mar na chéad chéimeanna chun an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí sa sochaí mórthimpeall orainn. Pléifear conas tabhairt faoi na céimeanna seo ag an gcruinniú, socrófar ar spriocanna ama agus ar phlean oibre don bhli-

2

Mura bhfuil tú in ann freastal ar an oíche ach tá spéis agat páirt a ghlacadh sa bhfeachtas, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig ardrunai@cnag.ie le do shonraí teagmhála agus aon mholadh atá le déanamh agat roimh 20 Eanáir 2009. Leanfaidh Ollchruinniú Choiste Chontae Átha Cliath ar an oíche chéanna (22 Eanáir 2009) óna 7.00 – 8.00in d’ionadaithe ó chraobhacha i mBaile Átha Cliath. Roghnófar baill an Choiste Chontae ag an ollchruinniú agus beidh ionadaí amháin thar cheann Choiste Chontae Átha Cliath le toghadh ar Choiste Gnó an Chonartha freisin. Cuir teachtaireacht chuig sine@cnag.ie le hainmneacha na n-ionadaithe ó do chraobh a bheas ag freastal ar an ollchruinniú roimh 20 Eanáir 2009.

Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009


Ealaín Ógrais

Cóisirí Go Leor!

Tá Comórtas Ealaíne bliantúil á reáchtáil ag Ógras le beagnach cúig bliana anuas. Tá an comórtas oscailte do bhaill Ógrais agus ÓgÓgrais agus is féidir le gach club óige iarratas a chur isteach ar an gcomórtas, nó is féidir le daoine aonaracha saothar a chur ar aghaidh. Bíonn comórtas ealaíne agus filíochta oscailte do bhaill Óg-Ógrais agus

Buaiteoirí 2008

tá comórtas díospóireachta, drámaíochta agus grianghrafadóireachta ann do bhaill níos sine Ógrais. Bhí duais chiste de bhreis agus €6,000 ar fáil i mbliana mar aon le trófaithe agus t-léinte nó geansaí de chuid Ógras do gach buaiteoir. Beidh bronnadh duaiseanna na Mumhan ar siúl i gceantair éagsúla i gCiarraí agus i gCorcaigh le linn na seachtaine, fad agus a bheas bronnadh duaiseanna Chúige Laighean á reáchtáil ar an 19 Eanáir 2009 i Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara. Is iad Alsún Breathnach, Cian Mag Uidhir, Clár Nic Liam agus Ádamh Hume cuid de bhuaiteoirí Laighean na bliana seo. Comhghairdeas ó chroí leo!

Is iomaí cóisir a bhí ar siúl le linn mhí na Nollag agus ní haon eisceacht a bhí ann i mBaile Locha Riach! D’eagraigh Coiste na dTuismitheoirí Ghaelscoil Riabhach Comhluadar Lár-Geimhridh i gcomhar leis an togra Gaeilge Locha Riach ar son phobal ghaelach na scoile ar na mallaibh. Tháinig breis agus caoga teaghlach ón gcomharsanacht le chéile agus cuireadh sólaistí bia ‘s deochanna ar fáil don chuideachta, le seastáin éagsúla curtha le chéile ag tuismitheoirí ar son na bpáistí agus aghaidheanna péinteáilte agus eile ar fáil len’iad a choimeád sona sásta. Bhí deis ag gach uile dalta a naghaidheanna féin a dhearadh don tuáille féin. Bhain idir pháistí agus tuismitheoirí an-sult as imeachtaí na hoíche. Sna sála ar an gcomhluadar iontach sin, tháinig scór go leath baill ó Chumann Óige Locha Riach le chéile ag Citylimits, Órán Mór le Cóisir na nÓg iontach a cheiliúradh, iad ag imirt Laserquest agus ag babhláil. Arís, is cosúil gur bhain idir dhéagóirí agus tuismitheoirí an-sult as imeachtaí na hoíche agus plé ar siúl eatarthu faoi na pleananna móra atá i ndán acu don bhliain úr idir dhrámaíocht, cláracha raidió, ceardlanna ar fhíseáin, ar bheocháin agus ar a lán eile.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

3


Siamsóir na Mí Beidh Corn Chuimhneacháin Mháirtín Chonraí ar siúl ar an Satharn 17 Eanáir 2009 in Áras Pobail Ráth Chairn ag 8.00in. Is comórtas ar leith é chun teacht ar Shiamsóir na Mí agus caithfidh na hiomaitheoirí trí cinn de na míreanna seo a leanas a dhéanamh: amhrán Gaeilge a chanadh; scéal nó dán Gaeilge a aithris; damhsa; uirlis a sheinm; portaireacht bhéil nó feadaíl a dhéanamh. Tuilleadh eolais: rathcairn@eircom.net / Comharchumann Ráth Chairn +353 (0) 46 943 2068 / www.rathcairn.com

Culture Vultures Ba mhaith le Gaeilge Locha Riach fáilte a chur roimh Chlub na Culture Vultures, eagraíocht gaelach nuabhunaithe in Oirthear na Gaillimhe. Bunaíodh an cumann seo ar mhaithe le cairdeas agus cuideachta gaelach a chruthú trí chraic a sholáthar trí mheán na Gaeilge ina mbeidh cúrsaí ealaín agus ceoil spreagtha. D’eagraigh an grúpa an chéad imeacht le deireannas i Nead na Culture Vultures i dTeampall Mháirtín, Creachmhaoil. Taispeántas ealaíne agus ceolchoirm a bhí ann áit go raibh saothair ealaíne ar taispeáint ag triúr ealaíontóirí áitiúla le linn na hoíche: Aideen Cahill, BA Ealaíon; Donncha Cahill; BA Ealaíon; agus Sorcha Ní Chróinín atá ag freastal ar Choláiste Ealaíon i nGlaschú, Alban faoi láthair. Thug an nead an deis do na healaíontóirí seo a saothar a dhíol ar phraghas réasúnta ar an oíche agus cuireadh ábhar bhronntanais Nollag ar fáil. Bhí ceolchoirm na

4

hoíche ar siúl i gcistin an tí ina raibh Joe Burke agus Ann Conroy Burke mar aíonna speisialta le tús a chur leis an gceol. Bhuail Máire O’Keefe roinnt port ina ndiaidh agus bhí na ceoltóirí óga Katie O’Toole, Louise Donohue agus Hannah Devine ag cur leis an éagsúlacht cheoil. Bhí an-oíche go deo ag na Culture Vultures agus tá sé i gceist acu a thuilleadh imeachtaí a reáchtáil don bhliain úr. Gach fáilte roimh fiosrúcháin ach glaoch ar Áine ar 091 846145 i ndiaidh 7.00in.

Ceol Chrónáin Más spéis leat éirí gafa leis an gceol traidisiúnta, buail isteach ar an seisiún seachtainiúil in ionad cultúrtha Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, BÁC 22 gach oíche Chéadaoin óna 9.00in go meánoíche. Fáilte roimh chách, níl uait ach tú féin agus fonn ceoil! Tuilleadh eolais: www.araschronain.com / 01 4574847

Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009


Homepages na hÉireann Tá caoga blagálaí i ndiaidh tarraingt le chéile agus leabhar nua a fhoilsiú le hairgead a thiomsú do dhaoine gan dídean in Éirinn. Bailiúchán faoi leith de scéalta agus grianghraif atá sa leabhar Homepages | Tales From The Irish Blogosphere, curtha le chéile ag blagálaithe na tíre ar bhonn deonach agus ar mhaithe leis an gcarthanacht Focus Ireland. I measc na scríbhneoirí iomráiteacha a

ghlac páirt sa tionscnamh, tá giotaí le léamh ó na colúnaithe Bryan Mukandi agus John Butler ón Irish Times agus Twenty Major, a bhfuil duais An Blag is Fearr bainte aige i nGradaim Bhlagála na hÉireann trí bliana as a chéile. Tagann na scéalta ar fad faoi théama an baile agus ‘sí an t-aisteoir, scríbhneoir agus blagálaí Pauline McLynn a scríobh an réamhrá atá leis. Cuimsíonn an leabhar réimse iontach pearsantachtaí, stíleanna scríbhneoireachta agus ábhair. An blagálaí Catherine Brodigan a chur an leabhar le chéile agus a rinne eagarthóireacht ar na píosaí. Is féidir an leabhar a cheannach ar líne ionas go bhfoilsítear na leabhair de réir éileamh agus nach bhfuil aon chostas le chlúdach roimhré. Tá na fáltais uile ó dhíol an leabhair ag dul díreach go Focus Ireland, eagraíocht charthanach a chuireann seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do dhaoine gan dídean in Éirinn. Gach eolas mar gheall ar an obair a dhéanann Focus Ireland le fáil ar www.focusireland.ie agus eolas faoi conas an leabhar a ordú ar http://homepagesthebook.wordpress.com. Is féidir rphost a sheoladh go Catherine Brodigan ag homepagesthebook@gmail.com nó teagmháil trí Ghaeilge a dhéanamh le Clare Spáinneach ar clarespain@gmail.com / 085 7276292.

Seirbhísí Eaglaise

Ceiliúrtar seirbhísí rialta i nDeoise Bhaile Átha Cliath agus Gleann Dá Loch trí mheán na Gaeilge, faoi choimirce Chumann Gaelach na hEaglaise go príomha. Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun meon na SeanEaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, mar aon le húsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais. Tá sé d’aidhm acu iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge chomh maith le ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise leis. Eagraíonn an Cumann seirbhísí rialta i séipéal Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann, Ráth Maonais agus in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8, mar aon le seirbhísí eile in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ó am go ham. Déanfar Seirbhís Gaeilge Éacúméineach Idirchreidmheach a cheiliúradh in Ardteampall Chríost le linn Sheachtain na hAontachta Críostaí oíche Aoine an 23 Eanáir 2009 ag 8.00in. Fáilte roimh chách! Gach eolas: +353 (0)1 8336165 / dublin.anglican.org/resources/seirbhis _as_gaeilge.php / +353 (0)87 2442705

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

5


Ceacht na hEabhraise

Caifé Cois Life

Tháinig Coiste Forbartha Gaeltachta Chill Ruis ar an bhfód i 2007 chun an Ghaeilge a athbheochan i gContae an Chláir le súil is go mbronnfar stádas Gaeltachta ar an gceantar arís. Chuige seo, d’eagraigh an Coiste Forbartha tráthnóna Gaeilge san Ionad Pobail i gCill Ruis le déanaí agus tháinig an tOllamh Ciarraíoch Muiris Ó

Thosaigh an dara chuid den sraith clár filíochta agus ceoil Caifé Cois Life arís an tseachtain seo leis na filí iomráiteacha Biddy Jenkinson agus Pádraig Ó Snodaigh Laoire trasna na habhann le léacht dar teideal An áit as ar tháinig muid agus cá bhfuil muid ag dul? a thabhairt do phobal na Gaeilge ann. Scríobh an tOllamh Ó Laoire an leabhar Athbheochan Na hEabhraise : Ceacht Don Gaeilge? agus labhair sé leis an slua de dhá scór mar gheall ar a chuid teoiricí ar athbheochan na hEabhraise, conas mar a rinneadh é agus conas go bhféadfadh an méid seo athbheochan na Gaeilge a threorú. Léiríodh an-suim ins an méid a bhí le rá aige agus mar thoradh ar rath na hócáide, tá an Coiste ag dul i mbun oibre i gcomhar leis an Ollamh agus mic léinn Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí le suíomh idirlín a chruthú don ghrúpa forbartha. Tá súil ag an gCoiste léacht eile leis an Ollamh Ó Laoire a eagrú arís go luath, agus tá súil freisin le Seán Ó Neachtain, Feisire Eorpach, cuairt a thabhairt ar Ionad Pobail Chill Ruis go gairid chun labhairt le baill áitiúla de Chonradh na Gaeilge, Coiste Forbartha na Gaeltachta agus Forbairt Teanga Chontae an Chláir mar gheall ar athbheochan na Gaeilge sa chontae. Tuilleadh eolais: Seósamh Mac Ionnrachtaigh +353 (0)87 1379018 / Sinéad Ní Choileáin sinead_coll73@yahoo.co.uk / +35 (0)87 6528597

6

ag léamh a gcuid dánta ar an gCéadaoin. B’iad Rónán Ó Snodaigh agus Mick O’Brien aoi-cheoltóirí na hoíche agus beidh aíonna as an nua ar an gclár gach oíche Chéadaoin óna 8.00in sna seachtainí amach romhainn. Beidh gach ócáid á taifead ag Raidió na Life agus tugann an comhlacht léiriúcháin Scéal Eile cuireadh don phobal a bheith i láthair. Beidh filí mór le rá dá leithéid Liam Uí Mhuirthile, Tadhg Uí Dhúsláine, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Colm Breathnach ag léamh sa Chaifé agus ceoltóirí amhlaidh Pól Ó Seachnasaigh, Micheál Ó Raghallaigh, Tristan Rosenstock, Damien Stenson agus Paul Finn ag casadh mar thionlacan acu. Saor cead isteach agus sólaistí ar fáil. Tá an Caifé lonnaithe in Uimhir a Seacht, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 agus tá tuilleadh eolais le fáil ar +353 (0)87 7443037 / +353 (0)87 74159355

Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009


Scoláireachtaí Fulbright Tá iarratais á lorg do scoláireachtaí Fulbright chun deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí

a bheith ina gcúntóirí chun an Ghaeilge a mhúineadh mar theanga iasachta do mhic léinn sna Stáit Aontaithe in 2009 – 2010. Tá sé mar aidhm ag an gClár Fulbright comhthuiscint agus meas a chothú ar fud na cruinne idir muintir Mheiriceá agus pobal

tíortha eile trí mhalartáin chultúrtha agus oideachasúla. Ní mór do gach iarrthóir a bheith líofa sa Ghaeilge; a bheith in ann sárchaighdeán pearsanta agus acadúil a léiriú; a bheith i ndiaidh foirm iarratais chuí a líonadh; agus a bheith ar fáil le hagallamh a dhéanamh i mBaile Átha Cliath ar an 9 Feabhra 2009.

Tuilleadh eolais ó Janine Torell ag admin@fulbright.ie / + 353 (0) 1 6607670 / www.fulbright.ie. Sprioc na n-iarratas: 30 Eanáir 2009

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

7


Crosfhocal Mhí Eanáir

Trasna

Síos

2 comórtas; achrann (8)

1 saoiste (3)

4 píosa mór de rud (4)

3 cneasta; ionraic (7)

6 bíoma; substaint chrua chalctha (4)

5 soiléir; cruinn (9)

8 sórt; saghas (6)

7 gort curaíochta (10)

9 fear atá i gceannas ar mhainistir (2)

9 slogadh gan chogaint (6)

11 doirteadh fearthainne (7)

10 muisiriún (6)

12 toradh an draighin (5)

13 an t-alt? (2)

14 iníon mic nó iníne (8) 15 éigniú mná Más spéis leat dearbhán ar luach €30 don siopa potadóireachta Louis Mulcahy a bhuacaint, líon isteach an crosfhocal agus seol chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Buaiteoir Mhí na Nollag: Feargus Ó Snodaigh, Baile Átha Cliath.

8

Cuir na scéala chugainn roimh 09 Feabhra 2009


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.