Eagrán Speisialta
Seachtain na Gaeilge 2008
Raidió X ar an Aer
Ar an gcéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2008 (Dé Luain, 3 Márta) seoladh an chéad stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge don aos óg, RAIDIÓ X, ar pháirc chruicéid Ollscoil na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Tháinig 100 mac léinn le chéile a g u s chruthaigh siad X mar shiombal den stáisiún nua, rud a chur tús spleodrach leis. Tá Raidió X ar fáil ar bhonn 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine do mhuintir na hÉireann ar shuíomh idirlín an stáisiúin www.raidiox.com. Tá an stáisiún ag díriú ar an aoisghrúpa 15 go 35 bliain d'aois agus táthar i gceist go gcuirfidh sé go mór le líon na n-éisteoirí raidió Gaeilge. Tabharfaidh an stáisiún ardán do cheoltóirí a chanann trí Ghaeilge freisin. Cuireadh tús le comórtas ainmnithe an stáisiúin
chomh maith (ainm oibre atá i gceist le Raidió X idir an dá linn) agus beidh bileoga iontrála á scaipeadh go forleathan le linn Sheachtain na Gaeilge chun an stáisiún nua a phoibliú. Is féidir moltaí d'ainm an stáisiúin nua a sheoladh chuig raidio@cnag.ie faoin Luan, 17 Márta, 2008. Beidh iPod Nano le buachan ag an duine leis an ainm is fearr. Dúirt Lisa Ní Choisdealbha, Cathaoirleach ghrúpa oibre Raidió X: “Is lá stairiúil atá ann inniu agus muid ag cur tús le craoladh den stáisiún raidió Gaeilge Raidió X. Tá an poitéinseal is mó ag an stáisiún chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga ó bunaíodh TG4. Táim cinnte go mbeidh na dea-thorthaí le feiceáil go luath amach anseo." Go dtí seo tá tacaíocht léirithe ag leithéidí Hector agus Des Bishop don togra.
SAN EAGRAN SEO:
1. Raidió X ar an Aer
2. Sult Sheachtain na Gaeilge
3. Tóstal na Gaeilge Fíorú na Físe
4. Seolann Seán Bán Seachtain na Gaeilge i Maigh Eo
5. Seachtain na Gaeilge i nGaillimh
6. Gaelspraoi
7. Seachtain na Gaeilge i DIT
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1