Crosfhocal Mhí Iúil Trasna 1 3 8 11 14 15 16 17 Síos 2 3 4 5 6 7 9 10 12 13
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí an Mheithimh: Aisling Ó Dálaigh, 12 Bóthar naDéise, Baile Átha Cliath 12. Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Comhfhreagras Straitéis Enda Kenny faoi stádas na Gaeilge san Ardteist. Le cúpla seachtain anuas tá sé tugtha le fios ag Enda Kenny go bhfuil sé oibrithe le Conradh na Gaeilge mar gheall ar an ráiteas a rinneadar ag iarraidh ar an bpobal gan vótáil d’Fhine Gael sa chéad olltoghchán eile. Tá sé tar éis cur i leith an Chonartha go bhfuil siad éirithe polaitiúil agus gur frith-Fhine Gaelachas atá ar siúl acu. Más é seo an léamh atá aige ar an scéal tá dul amú ollmhór air. Tá gach eagraíocht Ghaelach i gcoinne an pholasaí seo, chomh maith le slám mór daoine nach bhfuil baint acu le heagraíocht ar bith, mé féin san áireamh. Má chlaíonn Fine Gael leis an bpolasaí seo, luíonn sé le réasún go mbeidh i bhfad níos mó eagraíochtaí agus daoine aonair ag teacht amach ina gcoinne agus ag impí ar an bpobal vótáil do dhuine ar bith eile seachas Fine Gael. De réir an eolais atá ag teacht ó thíortha eile rinne polasaithe cosúil leis seo an-chuid dochair cheana féin do theangacha eile. Tar éis dúinn feachtas dian a rith chun stádas a bhaint amach san Eoraip is léir go mbainfidh an moladh seo go mór den dul chun cinn atá déanta le cúpla bliain anuas. Tá sé soiléir ón Suíomh Idirlín http://www.petitiononline.com/gaeilge/ go bhfuil go leor daoine feargach faoi seo. Ní i laghad a bheas an fhearg seo ag dul agus muid ag druidim i dtreo olltoghchán na bliana
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
1 Iúil 2006
É ire san Aontas Eorpach
cleas; dallamullóg (3) seasc (6) náid (7) gan a bheith in ann rudaí a choimeád faoi rún (12) rud nach bhfuil beo (2) an cineál aimsire a bhíonn in áit (6) an t-alt? (2) teach mór poiblí (5) ar dhath an tsneachta (3) gan bhruith; gan chócaireacht (3) gealach (2) anáil; puth (2) duine a théann ar bhus nó ar thraein (9) teach le ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol (9) bláth beag bán (7) curadh (6) uaigneach; singil (8) ceol; seó (7)
Eagrán 9
seo chugainn. Deirtear i mBéarla “a week is a long time in politics” ach bí cinnte go rachaidh an feachtas seo i dtreise muna dtagann athrú ar an scéal. Dóibh siúd a úsáideann an Ghaeilge mar theanga laethúil, níl anseo ach cearta agus ionannas. Tá muid ag iarraidh an stádas céanna dár dteanga féin is atá ag an mBéarla cheana. Tá sé thar am ag Fine Gael tuiscint a bheith acu go bhfuil Éireannaigh le cultúir éagsúla sa tír seo (gan trácht ar imircigh ó thíortha eile) agus go bhfuil cearta tuillte againn uilig. Má tá spéis acu a bheith sa chéad rialtas eile, ní leor na seifteanna polaitiúla seo chun buntáiste gearrthéarmach a bhaint amach. D’fhreastail mé ar an gComhdháil Ghaeilge a bhí ag Fine Gael cúpla mí ó shin agus cé gur cuireadh smaointe fiúntacha os comhair an tslua, bhí beagnach gach duine ag an gcruinniú in aghaidh an mholta seo faoi ísliú stádas na Gaeilge san Ardteist. Má tá FG dáiríre faoi dhul chun cinn na Gaeilge sa todhchaí, mholfainn dóibh teacht le chéile le gach páirtí polaitiúil eile chomh maith leis na heagraíochtaí Gaeilge le plean cuimsitheach fadtéarmach a chur le chéile a mbeadh chuile dhuine ag tacú leis taobh istigh nó taobh amuigh den rialtas. Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine! Gearóid Ó Mórdha, Marino
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Fógraíodh ar 27 Meitheamh gurb í Éire Ireland a thabharfar ar an tír seo feasta ag cruinnithe den Aontas Eorpach. Tagann sé seo in ndiaidh chinneadh an Aontais Eorpaigh teanga oifigiúil oibre a dhéanamh den Ghaeilge ó 1 Eanair 2007. Ciallaíonn an t-athrú seo go n-úsáidfí an t-ainm Éire Ireland ar chomharthaí agus ar phlátaí ainmneacha ag cruinnithe de chuid Chomhairle na nAirí agus comhdhálacha Príomh-Airí ó 1 Eanair 2007. Tá dhá ainm oifigiúla ag ballstáit ar nós na Fionnlainne agus na Beilge cheana féin. Ó 2007 caithfear gach reachtaíocht a cheadaíonn Comhairle na nAirí a aistriú go Gaeilge. Chomh maith leis sin, beidh
SAN EAGRÁN SEO: 1. Éire san Aontas Eorpach
cead ag Feisirí Eorpacha Gaeilge a labhairt ,má dhéantar iarratas roimh ré, ag cruinnithe de chuid na Comhairle. Cruthófar 30 post aistritheoireachta sna hinstitiúidí Eorpacha, dá bharr sin. Is cinnte nach mbeadh an stádas seo ag an nGaeilge gan an stocaireacht leanúnach a rinne gach duine a bhfuil baint acu leis an gConradh.
Spriocanna d’Aighneachtaí An Chairt Nua Cearta Teanga • 7 Iúil: Oifig um Chlárú Cuideachtaí chuig: gerry_darcy@entemp.ie • 25 Iúil: Coiste Oideachais Eaglais na hÉireann chuig: info@cice.ie • 28 Iúil: Coste Gairmoideachais Chathair BÁC chuig: gaeilge@cdvec.ie • 28 Iúil: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chuig: gaeilge@nli.ie • 28 Iúil: An tÚdarás Comhionannais chuig: info@equality.ie • 4 Lúnasa: An Roinn Sláinte agus Leanaí chuig: achtteanga@health.irlgov.ie Má tá aon chabhair nó chomhairle uait ar conas is fearr aighneachtaí a chur le chéile déan teagmhail le Jamie san ArdOifig. Tá aighneacht shamplach ar fáil ar Shuíomh Idirlín an Chonartha, www.cnag.ie, chomh maith.
Maoinithe ag:
D'fháiltigh Uachtarán an Chonartha, Dáithí Mac Cárthaigh, roimh an gcairt ceart teanga a seoladh in Oifig an Choimisinéara Teanga ar an Spidéal ar 28 Meitheamh. Léiríonn an chairt cearta teanga seo buncheart teanga an phobail agus na seirbhísí éagsúla atá ar fáil trí Ghaeilge ón státchóras ar bhealach soiléir simplí. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha: "Fáiltím go mór roimh an gcairt cearta teanga seo agus tá mé cinnte de go mbeidh sé mar áis thábhachtach dóibh siúd ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an státchóras trí Ghaeilge. Ba cheart go ndáilfear an chairt seo ar gach eagras poiblí agus go mbeadh a fhios ag gach duine atá ag obair san earnáil phoiblí cad iad na cearta atá ag an bpobal maidir le húsáid na Gaeilge". Is eolaí iontach í an chairt seo agus molann lucht an Chonartha do mhórphobal na Gaeilge a dhéanamh cinnte go bhfaigheann siad cóip di agus go dtuigeann siad na cearta éagsúla atá luaite inti agus go mbainfidh siad tairbhe iomlán as na deiseanna nua seo an Ghaeilge a labhairt. Is féidir cóip a fháil den chairt trí theagmhail a dhéanamh le hArd-Oifig an Chonartha.
2. Spriocanna d’Aighneachtaí agus an Chairt Nua Cearta Teanga 3. Craobh Nua Ranganna ag Craobh Mhic an Chrosáin, An Srath Bán 4. Dianchúrsaí Gaeilge i gCathair na Gaillimhe 5. An Ard-Chraobh i mBun Earcaíochta 6. Dataí don Dialann agus Eile
Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha An raibh sé de cheart ag an rialtas ainm an Stáit a athrú go 'éire/Ireland le haghaidh chruinnithe an Aontais Eorpaigh • Bhí • Ní raibh Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie
1.