Eagrán 3.3.
18 Eanáir, 2008
Paráid Cheiliúrtha na Gaeilge Más mian leat do thacaíocht a leiriú don Ghaeilge bígí linn ar an lá mór i mBéal Feirste atá á reáchtáil ag POBAL, scátheagraíocht na Gaeilge ó thuaidh ar an Satharn, 16 Feabhra, ag a haondéag a chlog. Beidh Conradh na Gaeilge ag tacú go hiomlán leis an bparáid mhór seo atá á reáchtáil ar son na Gaeilge agus ar son na héagsúlachta a g u s táthar ag súil go dtiocf a i d h G a e i l amach as g a c h c e a r n den tír le tacaíocht a léiriú ag an gceiliúradh mór mílteach seo ar an nGaeilge. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge; ‘Is smaoineamh iontach é an smaoineamh seo paráid mhór a eagrú i mBéal Feirste agus tabharfaidh sé deis do mhórphobal na Gaeilge agus, dar ndóigh, do mhórphobal na hÉireann teacht amach lena dtacaíocht a chur in iúl do chur chun cinn na
Gaeilge sna sé chontae. Mar sin, iarraim ar bhaill Chonradh na Gaeilge teacht ina sluaite chun páirt a ghlacadh inti.’ Beidh réimse mór imeachtaí éagsúla ar siúl ar an lá a chuirfear in oiriúint, ach go háirithe, do theaghlaigh. Idir a haondéag agus a dódhéag beidh blaiseadh de shaibhreas teanga, cultúir agus bia ar fáil ina measc sin:- aonach bia dhomhanda, ceardlanna teangacha e i t neacha, péinteáil aghaidheanna, lámhphéint e á i l Indiach le henna, suathaireacht cinn Indiach, scéalaíocht agus go leor leor eile.Ina dhiaidh sin, beidh an grúpa spraoi Bopóga agus ceardlann drámaíochta á reáchtáil sa Chultúrlann ar bhóthar na bhFál. Cuirfear tús leis an bparáid ar a haon ón gCultúrlann. Beidh an Conradh ag cur bus ar fáil ar an lá - tuilleadh eolais ón Ard-Oifig.
SAN EAGRÁN SEO: 1. Paráid Cheiliúrtha na Gaeilge 2. Cóisir na Nollag 3. Pobalscoil Chorca Dhuibhne 4. Acht na dTeangacha Oifigiúla - Scéimeanna 5. Seachtain na Gaeilge 6. FLAC 7. An Liathróid 8. Lón Liteartha 9. Aitheantas Oireachtais don Bhlag agus Eile 10. Crosfhocal Mhí Eanáir Le cabhair ó:
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie roimh an 8 Feabhra
1