Crosfhocal Mhí Dheireadh Fómhair Trasna 1 3 6 8 9 11 12 13 14 16 Síos 1 2 4 5 7 8 10 12 15
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Léacht an Chonartha agus Seimineár an Oireachtais GAELOIDEACHAS AGUS OIDEACHAS GAELTACHTA AG AN MBUNLEIBHÉAL Thuas tá teideal sheimineár an Oireachtais a bheidh ar siúl ag an Oireachtas, Dé Sathairn, 4 Samhain 2006, 11.00rn, in Óstan Tower, Doire. Is é seo a leanas an leagan amach a bheidh ar an seimineár: Cathaoirleach: Dáithí Mac Cárthaigh: - Uachtarán, Conradh na Gaeilge 1. Gaeloideachas an Tuaiscirt: - Seán Ó Coinn, Comhairle na Gaelscolaochta 2. Soláthar Múinteoirí: - Pádraig Ó Duibhir, Coláiste Phádraig, Droim Conrach 3. Tumoideachas - an tOllphictiúr - Mícheál Ó Broin, Uachtarán, Gaelscoileanna Teo. 4. Iompraíocht Teanga na nDaltaí Taobh Amuigh den Seomra Ranga - Máire Ní Fhlathartaigh, Eagraíocht Scoileanna Gaeltachta 5. Ceisteanna agus Moltaí Cuirfear anraith agus ceapairí ar fáil i ndiaidh an tSeimineáir
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
13 Deireadh Fómhair 2006
MÓR-ATHRÚ LE DÉANAMH AR NA DRÉACHT-RIALACHÁIN GO PRÁINNEACH
trá na taoide géag crainn (6) fear atá i gceannas ar mhainistir (2) gaoth mhór (4) taitneamh; sásamh (8) ainmhí feirme (2) anamúil; beoga (8) agus (2) císte milis (4) slat tomhais (9) duine an-bheag ar fad (5) inscríbhinn ar leacht uaighe (9) ádhúil (7) teach mór poiblí (5) duine i gceannas ar chúirt dlí (10) mac mic nó iníne (7) éan ceoil (7) múchadh (4) orgán mór de chuid an choirp
Eagrán 12
FÉIDEARTHACHTAÍ DO NUATHEANGACHA EORPACHA - AN GHAEILGE SAN ÁIREAMH Thuas tá teideal Léacht an Chonartha a bheidh ar siúl i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Dé Máirt, 24 Deireadh Fómhair, 2006 ar 18.00. Is é Reg Hindley, a scríobh an leabhar conspóideach ‘The Death of the Irish Language’ a bheidh ag tabhairt an léachta. Tá buíochas mór ag gabháil do Thomás Mac Ruairí agus do Helen Ó Murchú as an léacht seo a eagrú. MARATÓN BHAILE ÁTHA CLIATH Á RITH AR SON NA GAEILGE Beidh an seachtar seo a leanas ag rith (agus roinnt acu ag siúl!!) Mharatón Bhaile Átha Cliath ar son an Chonartha, Dé Luain, 30 Deireadh Fómhair, 2006: An tArd-Rúnaí, Julian de Spáinn, Jamie Ó Tuama, Seán Ó hAdhmaill, Félim Borland, Feargal Ó Tréinfhir, Rónán Mac Murchaidh, Úna Ní Chonaire. Té sé mar sprioc acu siúd uile suas le €4,000 a bhailiú don Chonradh. Mar sin, más mian leat urraíocht ar bith a dhéanamh orthu siúd thuas níl le déanamh agat ach teagmháil a dhéanamh le Jamie Ó Tuama san Ard-Oifig. Caithfear an t-airgead a bhailítear don Mharatón ar na nithe seo leanas: • Mórfheachtais na Gaeilge a chur chun cinn • Tacaíocht a chur ar fáil do chraobhacha ar fud an domhain • An Ghaeilge a spreagadh sa phobal Is féidir tacú leo chomh maith trí dhul amach ar an lá agus iad a ghríosadh chun an maratón a chríochnú. Tuilleadh eolais: Jamie Ó Tuama, Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge.
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh fhoilsiú na ndréachtrialachán de bhun alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tá súil againn go mbeidh díospóireacht fhónta sa Dáil agus sa Seanad ina dtaobh. Is céim i dtreo timpeallacht dátheangach a chothú iad na dréachtrialacháin seo. Tugann comharthaíocht, fógraíocht agus fógraí ó bhéal dátheangacha le fios gur gnáthchuid den saol an dá theanga i gceist agus spreagtar úsáid na dteangacha sin dá réir sin. Is cúis iontais dúinn dá bhrí sin nach mbaineann na rialacháin le síneacha tráchta beag ná mór. Is bradáil an-láidir ar aon Stát iad síneacha tráchta. Is iad is feiceálaí timpeall na tíre agus bíonn tionchar acu ar dhearcadh an phobail i leith thábhacht na teanga. Níor ghá ach leasú simplí a dhéanamh ar alt 95 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 lena bhforálfaí nach bac aon rud san alt sin ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta rialacháin a dhéanamh de bhun alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 maidir le síneacha tráchta. Tá móramh mór maith ag an Rialtas agus d'fhéadfaí an leasú seo a dhéanamh comhthreomhar le déanamh na rialachán seo. Níl ciall ná réasún leis an díolúine ón dátheangachas maidir le fógairtí taifeadta béil agus stáiseaneoireacht le haghaidh feidhmeanna taobh amuigh den Stát. Tugann a leithéid le fios don saol mór gur tír aonteangach Bhéarla í Éire. Ní thagann sé ach oiread le hobair an Rialtais ag maoiniú a chur ar fáil do chúrsaí Gaeilge ar fud an domhain. Ligeann sé síos idir chainteoirí agus fhoghlaimeoirí Gaeilge thar lear mar aon le saoránaigh Éireannacha ar fud na Cruinne. Cuimnigh go bhfuil, mar shampla, 25,000 cainteoir Gaeilge i Stáit Aontaithe Meiriceá de réir an daonáirimh
Maoinithe ag:
SAN EAGRÁN SEO: 1. FÁILTE CURTHA ROIMH NA RIALACHAIN NUA ACH CÚPLA MÓRATHRÚ LE DÉANAMH ORTHU GO PRÁINNEACH
dheiridh. Is baolach freisin an díolúine a thugtar i gcás lógó comhlachtaí poiblí ar ceadmhach dóibh a bheith i mBéarla amháin. Is cuid fhíorbhunúsach do fhéiniúlacht aon eagraíochta an lógó agus tugann lógó i mBéarla amháin le fios nach bhfuil mórán fáilte roimh an nGaeilge agus nach samhlaíonn an comhlacht é féin le hÉirinn. Is seafóideach spriocdháta i 2026 a leagan síos maidir le teacht i bhfeidhm na rialachán ó thaobh tosaíocht a bheith ag an leagan Gaeilge. Tuigeann an Conradh go bhfuil gá leis na rialacháin a chur i bhfeidhm de réir a chéile ach is ionann 2026 agus Lá Philip an Chleite go háirithe nuair a chuimhnímid gur athraíodh na comharthaí luais thar oíche ó mhílte go ciliméadair ar chostas na milliún euró. Deir Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Fáiltím roimh na dréachtrialacháin nua ón Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cuirfidh siad le feiceálacht na Gaeilge agus le timpeallacht dhátheangach. Níl sé sásúil, áfach, go bhfuil an Rialtas ag iarraidh moill a chur ar chur i bhfeidhm rialachán áirithe agus rialacháin eile a theorannú. Bhí ar phobal na Gaeilge fanacht 80 bliain le haghaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ba chóir é a chur i bhfeidhm ina iomlán láithreach." Má tá a thuilleadh eolais uait faoi na rialachain seo nó má tá spéis agat cabhrú leis an Ard-Oifig agus iad ag plé leis na mórathruithe seo atá ag teastáil ná bíodh aon leisce ort teagmhail a dhéanamh le foireann na hArd-Oifige faoi.
2. NUACHTLITIR AN CHONARTHA BLIAIN AR AN SAOL 3. CÚRSAÍ I MBAILE LOCHA RIAICH 4. CROSFHOCAL MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR 5. LÉACHT AN CHONARTHA AGUS SEIMINEÁR AN OIREACHTAIS 6. DÁTAÍ DON DIALANN 7. FÓGRAÍ TÁBHACHTACHA
Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Am mbeidh tionchar ag cúrsaí Gaeilge ar do vóta san Olltoghchán?
• Beidh • Ní bheidh
Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie
1.
Nuachtlitir an Chonartha Bliain ar an Saol Beidh Nuachtlitir an Chonartha 1 bhliain d’aois ag deireadh na míosa agus ó seoladh an chéad eagrán i bhfad siar ag an Oireachtas i mí na Samhna seo caite níl aon amhras ann ach go bhfuil sí ag gabháil ó neart go neart. Is deis iontach í an nuachtlitir do na craobhacha a thaispeáint do mhórphobal na Gaeilge an cineál oibre atá ar bun acu agus spreagann sí craobhacha eile nach bhfuil chomh gníomhach céanna le roinnt oibre a dhéanamh. Chomh maith leis sin, is modh iontach í le craobhacha an Chonartha a choinneáil ar an eolas maidir le mófheachtais agus mórobair na hArd-Oifige. Amach anseo tá sé i gceist ag an eagarthóir leagan amach difriúil a chur ar an nuachtlitir agus, mar sin, beidh sé ag brath ar níos mó scéalta agus ábhar ó
Féile an Fhómhair i mBaile Locha Riaich Bhí cóisir iontach, a d’eagraigh Gaeilge Locha Riach i gcomhar le 'Comhluadar' i mBaile Locha Riach le déanaí. Tháinig breis agus fiche teaghlach le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar an fhómhar. Cinnte, bhí teaghlaigh ghaelacha ann ó Oirthear na Gaillimhe ar fad, cuid acu ag taisteal ó Bhéal Átha na Slua agus ó Bhaile Átha an
bhaill agus ó chraobhacha an Chonartha. Mar sin ná bíodh leisce oraibh riamh, a léitheoirí, ábhair a chur chugainn san Ard-Oifig agus ma dhéantar sin níl aon amhras orm ach go mairfidh an nuachtlitir bliain eile!
Acht Gaeilge don Tuaisceart A Chairde Gael,
Dátaí don Dialann 17 Deireadh Fómhair - ‘Mo Rogha Ceoil’ is teideal do
Chonradh ag rith Mharatón Bhaile Átha Cliath ar son na
chlár ceirníní a bheidh á chur i láthair ag Seán
Gaeilge.
Caomhánach in Áras na Gaeilge, Inse Chór. Tá fáilte
1-5 Samhain - Beidh Oireachtas na Gaeilge ar siúl i
roimh chách ann.
gcathair Dhoire i mbliana
21 Deireadh Fómhair - John Spillane ag seinm i gClub
4 Samhain - Beidh Seimineár an Oireachtais á reáchtáil
Chonradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath. Ticéid ar díol
ag an gConradh ar 11.00rn. ‘Gaeloideachas agus
díreach ón gClub.
Oideachas Gaeltachta ag an mBunleibhéal’ is teideal
24 Deireadh Fómhair - Beidh Reg Hendley ag tabhairt
don seimineár.
léachta
13 Samhain - Beidh Ionad Saor-Chomhairle Dlí le fáil ó
faoin
teideal
‘Féidearthachtaí
do
Nuatheangacha Eorpacha - an Ghaeilge san áireamh’ i
Ard-Oifig an Chonartha i mBaile Átha Cliath idir 7-8.
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ar 6.00.
13 Samhain - Oíche Ómóis do Mhicheál ó hAnnracháin
30 Deireadh Fómhair - Beidh seachtar ball den
in Áras Fhoras na Gaeilge ag 7.30
Fógraí Tábhachtacha
Mar is eol daoibh, rinneadh tagairt shuntasach ar Acht na Gaeilge i ndoiciméad Naomh Aindrias. Ar ndóigh, níor thug Rialtas na Breataine aon ghealltanas go nglacfaidh siad leis na moltaí aontaithe a d'fhoilsigh POBAL i mbliana. Caithfimid brú a chur ar an dá Rialtas, Acht Gaeilge a thabhairt dúinn atá Ceartasach, Cuimsitheach agus Cumhachtach.
IONAD SAOR-CHOMHAIRLE DLÍ Seirbhís Shaor-Chomhairle Dlí ar fáil Dé Luain 13 Samhain 2006 ó 7- 8in
Más féidir, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis na polaiteoirí agus ár nguthanna a ardú ar son moltaí aontaithe POBAL d'Acht na Gaeilge.
Arna reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le FLAC (Free Legal Advice Centres) i gCeannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 Tuilleadh Eolais: Teil: 01 475 7401 R-phost: eolas@cnag.ie Idirlíon: www.cnag.ie
Sonraí teagmhála;
Tá comhairle ar fáil ar na réimsí dlí seo a leanas: • Cúrsaí Cearta • Dlí Fostaíochta • Leas Sóisialta • Dlí Creidmheasa agus Dochair
mór ceithre chúrsa ann chomh maith le ceol, rince, amhránaíocht agus cearúil na Nollag agus, dar ndóigh aíonna eile speisialta. €40 a bheidh mar tháille ar an oíche agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar 01 4934236.
Bíonn fáilte roimh gach aon duine i gcónaí!!
• Peter Hain, Státrúnaí na Breataine, Tithe an Chaisleáin, Eastát Chnoc an Anfa, Béal Feirste BT4 3SR nó ríomhphost: sos@nio.x.gsi.gov.uk Comhluadar san Fhómhair: Cuid de na páistí leis na deartháracha Fanzini
• Maria Eagle, Aire Chultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, 20-24 Sráid Eabhrac, Béal Feirste nó ríomhphost: jmpo3@nio.x.gsi.gov.uk
Rí le bheith i láthair ag an ócáid. Ní turas amú a bhí ann ach an oiread óir bhí go leor cluichí, siamsaíochta agus spraoi ag gach duine. Bhí caisleán súgartha ar fáil agus deis ag tuismitheoirí cupán tae a bheith acu agus a bpáistí ag léimneach thart air sin. Ba é buaicphointe an tráthnóna ná an seó iontach a bhí ag na 'Deartháracha Fanzini'. Fir ghrinn atá iontu agus bhí go leor pléidhcíochta, craice is spraoi uathu. Bhain idir pháistí agus thuismitheoirí an-sult is taitneamh as na cleasanna éagsúla a bhí acu. Ar ndóigh, tá sé i gceist ag na teaghlaigh a bhí bailithe a thuilleadh imeachtaí mar seo a reáchtáil sa chomharsanacht agus nascanna a láidriú eatarthu.
2.
• Bertie Ahern, Taoiseach, Arás an Taoisigh, BÁC 2 nó ríomhphost: webmaster@taoiseach.gov.ie • Éamon Ó Cuív, Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta nó ríomhpost: aire@pobail.ie Dá dtiocfadh linn uilig ríomhphost a sheoladh chuig duine acu ón liosta thuas agus más féidir litir a scríobh isteach ar na páipéir nuachtáin faoin Acht agus an tábhacht a bhaineann leis. Ádh mór, Ciarán Mac Giolla Bhéin
Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
OÍCHE ÓMÓIS DO MHICHEÁL Ó HANNRACHÁIN Beidh oíche ómóis do Mhicheál Ó hAnnracháin ar siúl in Áras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Oíche Luain, 13 Samhain ag 7.30. Ba bhall é Micheál de Laochra na Cásca, 1916, agus IarRúnaí de chuid na hArd-Chraoibhe a bhí ann. Ar an oíche beidh neart ceoil, amhránaíochta, bailéad agus filíochta le cloisteáil a bheidh oiriúínach don ócáid agus i measc na n-aíonna speiasialta a bheidh ann ar an oíche beidh Cór Duibhlinne, Seosamh ó Scolaidhe (Bosca Ceoil), Brian Farrell (Baratón), Cáit Mhic Ionnraic (Soprán), Seoirse Mac Craith (Veidhlín). Beidh fáiltiú fíona ann a bheidh ag tosú ar 7.30. FLEÁ NA NOLLAG 2006 Beidh Cóisir mhór na Nollag á reáchtáil ag an ArdChraobh do phobal na Gaeilge agus do chairde na Gaeilge. Beidh an chóisir mhór seo ar siúl in óstán Mont Clare, Dé Sathairn, 9 Nollaig idir 1 - 6. Beidh dinnéar
Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
3.