Nuachtlitir an Chonartha Samhain 2007

Page 1

Eagrán 3.1.

02 Samhain 2007

Seimineár an Oireachtais Beidh Seimineár an Oireachtais á eagrú ag an gConradh arís i mbliana agus is é 'Stáisiún Raidió Náisiúnta Gaeilge don Aos Óg' a bheidh mar ábhar plé ann. Beidh an seimineár seo ar siúl ar an Satharn, 3 Samhain, 2007 ar 11.00r.n. sa Walnut Room in Óstán an Westport Plaza agus cuirfear fáilte roimh chách. Pléifear an fhéidearthacht le stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge don aos óg ag an seimineár i mbliana. Cuirfidh Lisa Ní Choisdealbha, Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann, an moladh os comhair lucht freastail an tseimineáir, agus labhróidh sí faoi na dúshláin a bheadh ann lena leithéid de stáisiún a chur ar bun agus an tionchar a bheadh aige ar an nGaeilge a spreagadh i measc an aosa óig. Ina dhiaidh sin cuirfidh Hector

a chuid moltaí agus a chuid tuairimí féin i leith an ábhair seo in iúl don slua agus is féidir bheith cinnte go mbeidh tuairimí suimiúla le nochtú aige ina leith. Ansin labhróidh Tomás Mac an Iomaire, IarCheannasí Raidió na Gaeltachta, i leith an ábhair agus nochtóidh sé go leor s m a o i n t e s p é i s i ú l a bunaithe ar a thaithí i réimse an raidió. Osclófar an seimineár don urlár ina dhiaidh sin agus fáilteofar roimh thuairimí na hearnála agus roimh thuairimí an mhórphobail i leith an mholta. Cuirfear anraith agus ceapairí ar fáil i ndiaidh an tseimineáir agus beidh Cló Iar-Chonnachta ag seoladh DVD nua a bhfuil dhá chlár faoin scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain air. Is é Cathal Goan, Ard-Stiúrthóir RTÉ, a sheolfaidh an DVD. Breis eolais: eolas@cnag.ie/ 01 4757401

SAN EAGRÁN SEO: 1. Seimineár an Oireachtais 2. Féile na Mí 3. Dinnéar na hArdChraoibhe 4. An Ghaeilge sa Chóras Dlí 5. Lá Traenála 6. Acht Gaeilge 7. Folúntas 8. Cleachtadh Agallaimh 9. Modh Múinte na Gaeilge 10. Crosfhocal Mhí na Samhna

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Féile na Mí Osclóidh Cathal Goan, Ard-Stiúrthóir RTÉ, Féile na Mí go hoifigiúil i mbliana oíche Dé hAoine, 9 Samhain in Ionas Soltice na hUaimhe ar 7.00. Seó ‘Barr go Sáil’ a bheidh ann agus tá €22 ar na ticéid. I measc na n-imeachtaí éagsúla le linn na coicíse beidh oíche cheoil in ómós do Bhrian Ó Broin, comórtais amhranaíochta agus damhsa ar an sean-nós do dhaoine fásta ar an Satharn 17 Samhain, seoladh dlúthdhiosca de chuid Nan Tom Taimín ar 7.00, Dé Sathairn, 17 Samhain. Beidh na himeachtaí uile thuas ar siúl in Áras Pobail Ráth Chairn. Beidh ‘Dinnéar na Féile’ ar siúl Dé hAoine, 23 Samhain, agus bronnfar ‘Gradam Uí Ghramhnaigh’agus ‘Gradam Cultúrtha na Gaeltachta’ le linn na hócáide sin. Ticéid agus níos mó eolais ar fáil ón gComharchumann, 046 9240407.

Dinnéar na Ard-Chraoibhe Beidh cóisir mhór Nollag na hArdChraoibhe ar siúl in Óstán Mont Clare ar an Satharn, 8 Nollaig idir a haon agus a sé i mbliana. Dinnéar ceithre chúrsa a bheidh ann mar is gnáth agus táthar ag súil le siamsaíocht den chéad scoth i ndiaidh an dinnéir idir cheol, amhránaíocht agus charúil na Nollag. Is cóisir í seo a bhfuil fáilte mhór roimh mhórphobal na Gaeilge chomh maith le cairde na Gaeilge chuici. Níl ach méid áirithe táblaí fágtha don ócáid iontach seo agus, dá bhrí sin, moltar duit do thábla a chur in áirithe a luaithe agus a thig leat má tá spéis agat freastal uirthi. Le spás a chur in áirithe níl le déanamh agat ach na sonraí seo a leanas a chur chuig Bláthnaid Ní Mhurchú, 60 Bóthar Chluain Chaoin, An Charraig

2

Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath: Seic nó dréacht bainc móide an méid daoine a bheidh ag freastal uirthi, chomh maith le d'ainm agus do sheoladh. Is féidir clárú mar bhall leis an ArdChraobh ach scéal a chur chuig; An ArdChraobh, Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Is é €15.00 an táille bhainc agus eagraíonn an chraobh na himeachtaí seo a leanas go rialta: ciorcail chomhrá, léachtaí, díospóireachtaí, turais, oícheanta ceoil agus go leor leor eile. Tagann siad le chéile uair sa tseachtain in Ard-Oifig an Chonartha agus déanann siad freastal reatha ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, ar an Tionól Gaeltachta. Freisin, bíonn siad gníomhach in imeachtaí Sheachtain na Gaeilge gach bliain.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


An Ghaeilge sa Chóras Dlí Dar leis an Teachta Dála de chuid Pháirtí an Luicht Oibre, Brian O'Shea, is "scrúdú as dáta" an riachtanas Ghaeilge do dlíodóirí ar cheart a chaitheamh i "dustbin of history". Eascraíonn an riachtanas as "zealotry" na ré atá thart seachas Éire chuimsitheach agus ilfheidhmeannach agus córas dlí nua-aimseartha agus iomaíoch. Is trua, i mo thuairimse, go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre ag caitheamh anuas ar mhisneach agus ar dhiongbháilteacht dóibh síud a throid chun stát neamhspléach Gaelach a bhunú agus cé go labhraíonn an tUasal O'Shea faoi Éirinn chuimsitheach agus ilfheidhmeannach, rinne sé a mholadh gan aon teagmháil a dhéanamh leis na grúpaí Gaeilge, na heagraíochtaí gairmiúla dlí nó na dlíodóirí a chuireann seirbhísí Gaeilge ar fáil. Ní foláir féachaint ar an riachtanas san Acht Lucht Cleachtaithe Dlí (Cailíocht), 1929 go mbeidh "leor-eolas ag an duine sin ar an nGaedhilg" agus an riachtanas céanna i dtaobh na n-aturnaetha san Acht Aturnaetha 1954 i gcomhthéacs stádas dhlíthiúil agus bhunreachtúla na Gaeilge agus an ról atá ag an córas dlí maidir le rialú ar díospóidí idir an tsaoránach agus an Stát. Is stát dátheangach í Éire maidir le gach cuspóir oifigiúil. Tá na leaganacha Gaeilge

agus Béarla den Bhunreacht údarásach, ach i gcás coimhlinte tá tús aíte ag an leagan Gaeilge. Tá an ceart ag aon duine atá páirteach in imeachtaí os comhair cúirte nó binse bunaithe faoi dhlí a thaobh fhéin den chúis a chur i láthair nó fianaise a thabhairt sa teanga oifigiúil is áil leis. Tagann an ceart an Ghaeilge a úsáid ón aitheantas polaitiúil agus dleathúil ag an am a achtaíodh Bunreacht an tSaorstáit i 1922, agus ina dhiaidh sin, nuair a achtaíodh Bunreacht na hÉireann i 1937, gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. De bharr an Bhunreachta tá dualgas ar an Stát Achtanna an Oireachtais a fhoilsiú sa dá theanga. Le blianta fada anuas, áfach, rinneadh neamhaird ar an dualgas sin. Go minic níor foilsíodh achtanna i nGaeilge ach amháin nuair a bhí an Stát ag plé le himeachtaí Ard-Chúirte ó shaoránaigh phríobháideacha. Féach, mar shampla, Ó Murchú v. Cléireach Dháil Éireann (Gan tuaraisciú, Ard-Chúirt, Smyth Brmh.). Ar an dea-uair, áfach, mar thoradh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá cúrsaí feabhsaithe go mór agus anois, foilsítear reachtaíocht go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla. Díreach de bharr imeachtaí ar nós Delap v. An tAire Dlí agus Cirt 1990 (T.É.T.S.) 46 chuir an Roinn Dlí agus Cirt leaganacha Gaeilge de Rialacha na nArd-Chúirteanna agus Rialacha na gCúirteanna Dúiche ar fáil

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

3


An Ghaeilge sa Chóras Dli - Ar lean... agus thug an Roinn gealltanas go gcuirfí leaganacha Gaeilge de Rialacha na Cúirte (Rialacha na Cúirte Cuarda) ar fáil ina scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Caitear a admháil go bhfuil teip ghlan ann faoi láthair maidir le hionstraimí reachtúla a chur ar fáil i nGaeilge, ach ba cheart go réiteofaí dlíthíocht é sin. Tá sé cruthaithe ag Ard-Chúirt Cheanada in A.G. of Québec v. Blaikie [1979] 2 S.C.R. 1016 ag 1027 go raibh dualgas ann reachtaíocht thánaisteach a fhoilsiú (ionstraimí reachtúla mar shampla) sa dá theanga i measc na ndualgas Achtanna a fhoilsiú i bhFraincis agus sa Bhéarla. De thoradh gur ainmnigh Rialachán CE 920/2005 an Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá de mhí Eanáir tá níos mó reachtaíochta Eorpaí á foilsiú i nGaeilge. De réir an Rialacháin beidh sé seo á chur i bhfeidhm de réir a chéile mar a rinneadh le teanga na Máltach. Le blianta beaga anuas tá fás suntasach i líon na dlíthíochta a dhéantar trí Ghaeilge sna cúirteanna. Le déileáil leis an bhfás seo ar an éileamh, bhunaigh Conradh na Gaeilge agus FLAC ionaid shaorchomhairle dlí i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Fiú amháin, scríobh an tArd-Aighne chuig abhcóidí anuraidh le fiosrú an mbeadh siad sásta ionadaíocht a dhéanamh ar an Stát maidir le

4

himeachtaí a pléadh trí Ghaeilge. Tá na cúirteanna agus dlíodóirí bunreachtúla ag déanamh staidéir ar an téacs Gaeilge sa Bhunreacht le fada an lá, fiú amháin nuair a phléitear leis an dlíthíocht trí Bhéarla, le teacht ar impleachtaí a d'fhéadfadh cabhrú leis an dóigh a léirítear an Bunreacht. Nuair a fhoilsítear reachtaíocht go dátheangach, is é an gnáthchleachtas i ndúichí eile staidéar a dhéanamh ar an dá leagan (an dá theanga) den reachtaíocht le go bhféadfaí toil na Parlaiminte a aimsiú (féach Driedger on the Construction of Statutes, Toronto, 1994). Ní hionann sin is a rá go bhfuil sé i gceist go mbeadh an chiall a bhaineann le leagan amháin teanga níos tábhachtaí ná an leagan eile. Níos minicí ná a mhalairt, cabhraíonn an chiall i leagan teanga amháin leis an léirmhíniú i leagan na teanga eile. Tugtar "riail an mhínithe roinnte" ar an modh seo léirmhínithe. San áireamh sa chúlra seo, tá riachtanas ann go mbeadh cumas ag lucht cleachtaithe dlí sa Ghaeilge 'anacronachas', mar a líomhnaíodh? Is ball é Proinsias Ó Maolchalain de Chonradh na Gaeilge agus is abhcóide é atá ag cleachtadh. Críochnófar an t-alt seo an mhí seo chugainn. Má ta tuairimí ar bith agat faoi ábhar an ailt seo cuir ar aghaidh chuig jamie@cnag.ie iad.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Lá Traenála D'éirigh go geal leis an lá traenála 'Traenáil na gCumann Gaelach agus na nOifigeach Gaeilge' a d'eagraigh lucht na hArd-Oifige i gcomhair leis Na Gaeil Óga, le Glór na nGael agus le hAontas na Mac Léinn in Éirinn, Dé Sathairn, 20 Deireadh Fómhair 2007 in uimhir 6 Sráid Fhearchair. Clúdaíodh réimse mór ábhar ar an lá agus bhain gach a raibh i láthair ann idir thaitneamh agus shult as an malartú saineolais is smaointe. Ar maidin bhí rogha ag an 45 mac léinn a d'fhreatstail ar an ócáid freastal ar cheachtar de cheardlann - 'Eagrú Cumann Gaelach' leis an Ard-Rúnaí, Julian de Spáinn, nó 'An Ghaeilge san Aontas’ agus sa Choláiste le Breandán Ó hÉamhnaigh, Iar-Oifigeach Gaeilge in Ollscoil Luimnigh agus le Siobhán Nic Gaoithín, Oifigeach Gaeilge ITBÁC.. Roimh lón, ansin, rinne Daithí de Faoite, Iar-Chathaoirleach Cumainn Ghaelaigh, agus Clíona Ní Mhuirí, Feidhmeannach le Seachtain na Gaeilge, cur i láthair faoi teideal 'Seachtain / Laethanta Gaelacha’. Tar éis lóin rinne Darren Ó Rodaigh, Stiúrthóir Gaelchultúr Teo., cur i láthair an-spéisiúil ar 'Bhailiú Airgid don Chumann' agus le deireadh a chur leis an lá labhair Jamie Ó Tuama, Feidhmeannach an Chonartha, Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach Na Gaeil Óga, Marcas Mac Ruairí, Oifigeach Forbartha le Glór na nGael agus Cóilín Ó Cearbhaill, Stiúrthóir Sult, faoi shaol na Gaeilge agus faoi na rudaí éagsúla atá ar siúl ann. Tá cáipéisí na gcruinnithe seo ar fáil ó Ard-Oifig an Chonartha ach glaoch ar 01 4757401.

Acht Gaeilge

Rinne toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge freastal ar agóid de chuid an ghrúpa ACHT, a bhfuil ionadaíocht ag an gConradh ar an ngrúpa sin, taobh amuigh d'Oifigí na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, i mBéal Feirste ar an Déardaoin, 25 Deireadh Fómhair. Ag an agóid bronnadh litir ar ionadaithe de chuid na Roinne ag éileamh cruinnithe ón Aire Poots gan Acht Gaeilge a mholadh do mhuintir na Sé Chontae. De bharr gur dhiúltaigh an tAire Poots bille na Gaeilge a chur faoi bhráid an Chomhthionóil iarrann an Conradh anois ar Rialtas na hÉireann a gcuid tionchair a úsáid chun go gcloíonn siad féin agus Rialtas na Breataine, láithreach bonn, leis an gcomhaontú idirnáisiúnta a rinne siad maidir le hAcht Gaeilge a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart agus go n-achtálfaí an tAcht sin trí Pharlaimint Westminister. Beidh a thuilleadh brú le cur ar na húdaráis chuí amach anseo.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

5


Folúntas Tá post mar Fheidhmeannach Forbartha agus Oifige ag gabháil in Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge. Is é an scála pá a bhaineann leis an bpost ná: 29,093 46,167. Beidh an té a cheapfar mar bhainisteoir ar Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge agus freagrach as forbairt na heagraíochta, faoi stiúir an Ard-Rúnaí. I measc na riachtanas atá de dhíth don phost tá ardchaighdeán Gaeilge scríofa agus labhartha, cáilíocht tríú leibhéal atá in oiriúint don phost, scileanna ríomhaireachta, a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go maith le daoine agus eolas maith a bheith agat ar earnáil na Gaeilge. Tá níos mó eolais ar fáil faoin bpost ag ardrunai@cnag.ie nó trí ghlaoch a chur ar 01 4757401. Is é an dáta deiridh iontrála ná: Dé hAoine, 09 Samhain, 2007.

Cleachtadh Agallaimh Tá dianchúrsa Gaeilge fógraithe ag Conradh na Gaeilge atá dírithe go sonrach ar chéimithe ar spéis leo áit a bhaint amach ar Chúrsa Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht, cúrsa atá á thairiscint ag Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, Coláiste Mhuire, Marino agus Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Beidh cáilíocht mar mhúinteoir bunscoile acu siúd a bhaineann ceann scríbe amach ar na Cúrsaí Oiliúna seo agus tá inniúlacht sa Ghaeilge mar chuid riachtanach den cháilíocht atá ag teastáil chun áit a bhaint amach ar na cúrsaí. Is chuige sin atá an dianchúrsa seo á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, le haird faoi leith ar ullmhúchán a dhéanamh don agallamh a bheidh ar gach iarrthóir a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar na

6

Cúrsaí Oiliúna. Beidh béim ar chothú muiníne agus scileanna comhrá a neartú. Mar chuid den chlár beidh cleachtadh ar agallamh a dhéanamh agus cuirfear comhairle ar fáil i ndiaidh an agallaimh. Beidh an dianchúrsa ar siúl Dé hAoine 16 Samhain agus Dé Sathairn 17 Samhain in Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic. Leanfaidh sé ó 700i.n. go dtí 9.00i.n Dé hAoine agus ó 10.00r.n.-5.00i.n. Dé Sathairn le sos lóin. Tá táille €100 ar an gcúrsa. Tá teorainn leis an líon iarrthóirí a ghlacfar ar an gcúrsa seo áfach. Is féidir eolas breise agus foirmeacha clárúcháin a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie. Caithfear cláru roimh Dé Céadaoin 7 Samhain ar a dheireanaí.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Modh Múinte na Gaeilge Tháinig Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe, Conradh na Gaeilge agus Comhairle Chontae na Gaillimhe le chéile le deireanas le cúrsa a chur ar fáil do dhaoine a mhúineann daoine fásta. De thairbhe go bhfuil suim iontach léirithe ag daoine fásta i ranganna maithe Gaeilge, bhí éileamh nach beag ach a leithéid de chúrsa a chur ar fáil. Ba í an aidhm a bhí leis an gcúrsa seo ná deis a thabhairt do dhaoine atá ag obair mar mhúinteoirí cheana féin agus do dhaoine ar mhaith leo a bheith ag obair san earnáil seo tuilleadh treorach a fháil maidir le teagasc na Gaeilge do dhaoine fásta. Dhírigh an cúrsa ar scileanna teagaisc na rannpháirtithe chomh maith le hoiliúint i gcomhthéacs mhúineadh Theastas Eorpach na Gaeilge. Cuireadh dhá chúrsa ar fáil, ceann i gcathair na Gaillimhe agus ceann eile i mBaile Locha Riach thar dhá dheireadh seachtaine. Bhí freastal maith ar na cúrsaí seo agus tiocfaidh na múinteoirí uile le chéile arís ar an gcéad lá de mhí na Nollag le léargas níos iomláine a fháil ar shiollabas agus chun cúrsa teagaisc a fháil ar 'Teastas Eorpach na Gaeilge'. Má tá aon duine ag iarraidh a thuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa ar an chéad lá de mhí na Nollag, tá fáilte roimh fhiosrúcháin ag Conradh na Gaeilge i nGaillimh 091 567824 nó ag Gaeilge Locha Riach 091 870718. Cad é Teastas Eorpach na Gaeilge? Is córas scrúdaithe é teg d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Mheasúnú Teangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Scrúdaítear na ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag cei-

thre leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go Meánleibhéal 2 (B2). Beidh siad ar fáil ag dhá leibhéal eile, Ardleibhéal 1 (C1) agus Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo. Ar an suíomh seo tá neart eolais ar fáil faoi na sé leibhéal scrúduithe. Tá comhairle d'iarrthóirí ann; tá eolas maidir le hacmhainní foghlama agus tá eolas cuiditheach d'fhostóirí ann chomh maith. Is féidir leat na siollabais a íoslódáil agus is féidir páipéir scrúdaithe samplacha (páipéir scríofa agus páipéir chluastuisceana) a iniúchadh. Gheobhaidh tú eolas ar dhátaí agus ionaid na scrúduithe agus aimseoidh tú ionaid ina múintear Gaeilge do dhaoine fásta de réir shiollabais teg. Tá eolas ar fáil anseo freisin do mhúinteoirí ar spéis leo daltaí dá gcuid a chur isteach ar an scrúdú. Tá súil againn go gcuirfidh tú suim sa suíomh agus go mbeidh sé ina chabhair duit. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn ba bhreá linn cloisteáil uait - déanfaimid ár seacht ndícheall cabhrú leat.

Tuilleadh Eolais: Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co. Chill Dara. Fón: Tú in Éirinn: 01-7083737 Facs: Tú in Éirinn: 01-7086499

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

7


Crosfhocal Mhí na Samhna

Trasna 1 3 8 11 14 15 16 17

cleas; dallamullóg (3) seasc (6) náid (7) gan a bheith in ann rudaí a choimeád faoi rún (12) rud nach bhfuil beo (2) an cineál aimsire a bhíonn in áit (6) an t-alt? (2) teach mór poiblí (5)

Síos 2 3 4 5 6 7 9 10 12 13

ar dhath an tsneachta (3) gan bhruith; gan chócaireacht(3 gealach (2) anáil; puth (2) duine a théann ar bhus (9) teach le ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol (9) bláth beag bán (7) curadh (6) uaigneach; singil (8) ceol; seó (7)

Más spéis leat dearbhán de luach €30 a bhuachan don Siopa Leabhar cuir an crosfhocal agus é líonta isteach i gceart agat chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

8

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.