Crosfhocal Mhí an Mhárta Trasna 1 3 6 8 9 11 12 13 14 16
trá na taoide géag crainn (6) fear atá i gceannas ar mhainistir (2) gaoth mhór (4) taitneamh; sásamh (8) ainmhí feirme (2) anamúil; beoga (8) agus (2) císte milis (4) slat tomhais (9)
Síos 1 2 4 5 7 8 10 12 15
duine an-bheag ar fad (5) inscríbhinn ar leacht uaighe (9) ádhúil (7) teach mór poiblí (5) duine i gceannas ar chúirt dlí (10) mac mic nó iníne (7) éan ceoil (7) múchadh (4) orgán mór de chuid an choirp
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
2 as 10 don Aire Oideachais agus Eolaíochta
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Deasún Ó Seanáin, Gaillimh. Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
TEASTAS EORPACH NA GAEILGE AR FÁIL Ó CHONRADH NA GAEILGE, GAILLIMH An bhfuil aithne agat ar éinne atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ón tús nó an bhfuil sé ar intinn agat féin dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat? B'fhéidir go bhfuil tú ag machnamh ar Theastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach? Tá rogha úr ranganna Gaeilge ag gach leibhéal ar fáil ó Chonradh na Gaeilge, Gaillimh, an tEarrach seo agus beidh daoine in ann cáilíocht Eorpach a bhaint amach sa Ghaeilge. Bunaithe ar na ranganna agus ar na himeachtaí teanga eile a chuirfear ar fáil i rith na bliana, beidh deis ag daoine scrúdú a dhéanamh chun Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach i gcomhar le hOllscoil Mhaigh Nuad. Tá ardtaithí ag múinteoirí Chonradh na Gaeilge ag múineadh agus ag tabhairt cúnaimh d'fhoghlaimeoirí le blianta fada. Maidir lena ranganna féin beidh siad ar fáil ag leibhéil éagsúla ó ghlántosaitheoirí go dtí an Ardleibhéal. Bíonn líon na ndaoine i ngach rang beag i gcónaí le béim mhór ar rannpháirtíocht na ndaltaí agus ar riachtanais an mhicléinn. Beidh iontas ort nuair a fheicfidh tú do chuid muiníne ag forbairt; an tuiscint agus an labhairt ag feabhsú i ranganna neamhfhoirmiúla leis an bhéim ar an Ghaeilge labhartha agus na focail choitianta a úsáidtear i ngnáthchaint.
Iml. 2 Eagrán 5
Tá cuireadh ag foghlaimeoirí bheith linn i gClub Árus na nGael le páirt a ghlacadh i réimse leathan ócáidí sóisialta chun an Ghaeilge a chleachtadh. Beidh méadú freisin ar an réimse imeachtaí a eagrófar chun deiseanna a thabhairt do lucht na ranganna an Ghaeilge á foghlaim acu a úsáid agus cur lena muinín in úsáid na teanga. Déanaigí cinnte go mbeidh bhur ranganna Gaeilge curtha in áirithe in am mar tá uasmhéid ar an líon daoine i ngach rang. Is ar oíche Luain 26 Márta 2007 ag 8.00in a bheidh an clárúchán ar siúl do ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge, a bheidh ag tosú arís ar an Luan 2 Aibreán 2007. Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith, tráthnóna amháin sa tseachtain ar feadh 8 seachtaine. Má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait bí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge ag 091 567 824 nó conradh@bradan.io.ie.
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Deir Conradh na Gaeilge nach réitíonn na moltaí a d’fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta ar na fadhbanna a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna i gceart. Cé go bhfáiltíonn muid roimh an aitheantas breise a thabharfar don scrúdú labhartha Gaeilge caithfidh baint a bheith ag aon leasú le modheolaíocht iomlánaíoch. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá an-díomá orm nach bhfuil an tAire Oideachais agus Eolaíochta sásta tabhairt faoin bhfadhb seo ar shlí chomhtháite. Tá sí ag díriú ar leibhéal amháin den fhadhb agus ag déanamh neamhairde ar na leibhéil eile. Is gá múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fhorbairt ag an trí leibhéal ar bhonn iomlánaíoch, i. sna bunscoileanna, ag an dara leibhéal agus sna coláistí oiliúna.” Molann an Conradh gur chóir go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna. Caithfear múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fhorbairt sna bunscoileanna le polasaí na Roinne Oideachais fhéin a chur i bhfeidhm, i. ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, a mhúineadh trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile (is féidir é seo a
Maoinithe ag:
SAN EAGRÁN SEO: 1. 2 AS 10 DON AIRE OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA 2. ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2007 3. SNAG IDIR ÓG IS AOSTA I mBAILE LOCHA RIACH
dhéanamh ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá a chur ar fáil). Ba chóir corpoideachas, drámaíocht nó ealaín a roghnú mar an dara hábhar leis na daltaí a spreagadh. I gcás na meánscoileanna is cinnte gur chóir béim a chur ar an nGaeilge labhartha. B’fhearr seo a dhéanamh, áfach, trí dhá shiollabas a fhorbairt don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach (“Teanga na Gaeilge” ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus “Litríocht na Gaeilge” le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin). Is féidir cóip de pholasaí oideachais a fháil ach glaoch ar Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge ar 01 4757401 nó ar www.cnag.ie
Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2007 Mar is eol daoibh faoin am seo beidh ArdFheis Chonradh na Gaeilge 2007 ar siúl i Hotel Westport, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo i mbliana idir 20 - 22 de mhí Aibreáin. ‘An tOlltoghchán - Pleanáil Oideachas agus Cearta’ an téama a bheidh ar an ArdFheis seo agus tá súil ag lucht eagraithe na hócáide seo go mbainfí an-taitneamh agus an-tairbhe as an leagan amach nuaaimseartha agus spreagúil a bheidh uirthi.
22 Márta 2007
Is é seo a leanas an clár a bheidh ann don Aoine: 20.30 Caint Fháiltithe an Uachtaráin Gnó na hArd-Fheise (Cuirfidh Dáithí Mac Cárthaigh fáilte roimh gach duine chuig an Ard-Fheis agus déanfaidh sé cur síos ar an leagan amach a bheidh ar Ard-Fheis 2007 agus ar na himeachtaí éagsúla a bheidh ar siúl). 20.30 Oscailt Oifigiúil na hArdFheise - Treasa Mhic Uidhir, Cathaoirleach Chomhairle Bhaile Chathair na Mart
4. CROSFHOCAL MHÍ AIBREÁIN 5. TEASTAS EORPACH NA GAEILGE AR FÁIL Ó CHONRADH NA GAEILGE, GAILLIMH 6. CONRADH NA GAEILGE AR AN ÓMAIGH 7. ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2007 (ar lean) Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Cé acu páirtí polaitiúil is fearr ó thaobh na Gaeilge de? • • • • •
Fianna Fáil Fine Gael Pairtí an Lucht Oibre Sinn Féin An Comhaontas Glas
Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie
1.