Nuachtlitir Mhí Iúil 2007_B.qxp

Page 1

Crosfhocal Mhi Lúnasa Trasna 1 3 8 11 (12) 14 15 16 17 Síos 2 3 4 5 6 7 9 10 12 13

Iml. 2 Eagrán 9

Níl imeacht na Gaeltachta dosheachanta

cleas; dallamullóg (3) seasc (6) náid (7) gan a bheith in ann rudaí a choimeád faoi rún rud nach bhfuil beo (2) an cineál aimsire a bhíonn in áit (6) an t-alt? (2) teach mór poiblí (5) ar dhath an tsneachta (3) gan bhruith; gan chócaireacht (3) gealach (2) anáil; puth (2) duine a théann ar bhus nó ar thraein (9) teach le ceadúnas chun deochanna meis ciúla a dhíol (9) bláth beag bán (7) curadh (6) uaigneach; singil (8) ceol; seó (7)

Más spéis leat cur isteach ar an gcomórtas seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta isteach i gceart agat) a sheoladh ar aghaidh chuig: An C r o s f h o c a l , 6 S r á i d F h e a r c h a i r, B a i l e Á t h a Cliath 2.

Suirbhé Gaeilge i Maigh Cuilinn Tá Gaeilge á labhairt i Maigh Cuilinn leis na mílte blianta agus tá siabhreas ag baint leis an gceantar de bharr na teanga agus is rud é a thugann féiniúlacht faoi leith don pharóiste. Baineann buntáistí áirithe le stádas Gaeltachta an pharóiste, don duine aonair agus don phobal trí chéile. Is fíor le rá, freisin, go bhfuil anchuid tugtha ar ais ag Maigh Cuilinn don Ghaeltacht agus do chultúr na tíre trí chéile, ach go háirithe i cgúrsaí litríochta. Is fíor le rá, freisin, gur ceangal casta é atá idir Maigh Cuilinn agus Gaeltacht Chonamara agus neart ann a deir ná chóir dúinn a bheith sa Ghaeltacht ar chor ar bith agus nach bhfuil aon Ghaeilge i Maigh Cuilinn. Níl sé seo fíor ar ndóigh. Ní hionann Maigh Cuilinn agus Ros Muc ó thaobh úsáid na Gaeilge ach ní hionann é ach oiread le háiteanna lasmuigh den Ghaeltacht. Tá ceantair fós i Maigh Cuilinn ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt gan sos leis na mílte blianta. Tá clannta á dtógáil le Gaeilge agus tá líom mór daoine a labhraíonn an tean-

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

ga go rialta. An orthu atá an locht nach bhfuil polasaí stáit ann maidir le cúrsaí pleanála agus forbartha teanga? Chun cur ar ár gcumas plean forbartha teanga a ullmhú bheartaigh Craobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge, i gcomhar le Cumann Forbartha Mhaigh Cuilinn, suirbhé a dhéanamh ar staid na Gaeilge sa pharóiste. Líonadh isteach 572 ceistneoir ar fad agus chlúdaigh na ceistneoirí seo 1,907 duine ar fad. Is measc na nithe is spéisiúla a tháinig chun cinn de bharr an taighde agus an tsuirbhé seo ná; dúirt 87.24% go dteastaíonn uathu go bhfanfadh Maigh Cuilinn sa Ghaeltacht; dúirt 22.38% go mbaineann siad féin nó a dteaghlaigh úsáid as an nGaeilge go laethúil agus dúirt 60.49% go dtabharfadh siad tacaíocht d'oideachas trí Ghaeilge ag gach leibhéal i Maigh Cuilinn. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin suirbhé seo is féidir teagmháil a dhéanamh le Peadar

Mac

Fhlannchadha

eolas@cnag.ie nó ag 091 567824.

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

ar

Níl bás na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht dosheachanta má dhéantar bearta daingne cinnte anois chun an scéal a leigheas dar le Conradh na Gaeilge. "Is ceist thábhachtach í todhchaí na Gaeltachta don náisiún go léir" a dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha, a bhfuil cónaí air i nGaeltacht Ráth Chairn, agus é ag trácht ar thuairisc Ollscoil na hÉireann Má Nuat a sceitheadh agus a deir go bhféadfaí go n-éagfaidh an Ghaeilge sa Ghaletacht faoi 2025 má leanann cúrsaí mar atá. Dúirt sé chomh maith; "Is féidir le pobal theanga mhionlaigh teacht slán agus dul i neart, ach ní foláir forlámhas a bheith ag an teanga sin sa phobal maidir le cúrsaí oideachais, riaracháin phoiblí, gnó, póilíneachta agus na gcúirteanna, na neaglaisí, agus na gcumann deonach, spóirt, agus sóisialta. "De dheasca an brú a bheith cosúil le gach aon duine eile agus Béarla a labhairt, brú

Maoinithe ag:

SAN EAGRÁN SEO: 1. Níl Níl Imeacht na Gaeltachta Dosheachanta 2. Tionól na Mumhan 2007 3. An Dáil Mhór Comhaltas Uladh

a thagann ó shíor-úsáid an Bhéarla ag na cumainn seo go háitiúil, is i mBéarla amháin a bhíonn go leor leor seirbhísí riachtanacha agus cúrsaí sóisialaithe, rud a chreimeann tuilleadh úsáid na Gaeilge. "Beidh tacaíocht ag teastáil ó na pobail ar mian leo fanacht sa Ghaeltacht ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach, tiomáinte ag an Rialtas, chun pleananna teanga a chur i gcrích faoi mar a tharla ar Oileáin Aland na Fionlainne agus i Québec Cheanada. "Ní foláir an tuairisc a fhoilsiú gan mhoill agus na moltaí ann a fheidhmiú go hiomlán", arsa an Cárthach.

Tionól na Mumhan 2007 Bhí Tionól na Mumhan ar siúl i Múscraí idir 14-17 Meitheamh i mbliana agus d'éirigh go thar barr leis. I measc na nimeachtaí éagsúla uilig a bhí ann bhí léacht ar fhilí Mhúscraí le Beitsí Ní Shuibhne, Quiz Boird agus fógairt Choiste Dúiche na Bliana, comórtais sean-nóis, agallamh beirte srl… idirGhaeltachtaí, chomh maith le himeachtaí spóirt agus spraoi. Bhain gach duine a bhí i láthair an-taitneamh as an deireadh seachtaine. Eagraíodh cuid mhaith de na himeachtaí i gcomhar le hÓige na Gaeltachta le freastal ar dhaoine óga. Ina measc siúd bhí comórtais peile, tarraingte téide, poca/cice fada. Chomh maith leis sin, bhí tráth na gceist, comórtas damhsa, céilí agus dioscó ann.

24 Iúil 2007

4. Cúrsaí Gaeilge i mBaile Locha Riach 5. Folúntas 6. Baile Locha Riach 7. Fleadh Laighean 8. Gaillimh agus Eile 9. Crosfhocal Mhí Mhí Iúil 10. Suirbhé Gaeilge i Maigh Cuilinn Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuí Shuí omh Idirlín an Chonartha An mbeidh deireadh leis an nGaeilge mar theanga labhartha na Gaeltachta taobh istigh de scór bliain. • Beidh • Níí bheidh

Donnchadh hAodha in éindí le Máire Ní Laoi

Scoil Cheoil an tSamhraidh Broderick/Carty 15- 20 Iúil '07 Arís i mbliana, thug Scoil Cheoil an tSamhraidh Broderick/Carty deis do dhaltaí réimse leathan ceoil thraidisiúnta a fhoghlaim. Bhí oscailt oifigiúil na seachtaine ar siúl i dTúr Rua, Ballán, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe agus ceolchoirm iontach eagraithe don ócáid. Bhí deis ag daltaí gléas ceoil a roghnú le foghlaim i rith na seachtaine. Tuilleadh eolais ar fáil ag 091 870718 agus ag prua@lochariach.com

Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.