Nuachtlirit_Samhain 2006.qxp

Page 1

Crosfhocal Mhí na Samhna Trasna 1 5 7 8 11 12 13 15 18 20 21 Síos 2 3 4 5 6 9 10 14 16 17 19

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí Dheireadh Fómhair: Gearóid Ó Mórdha, Baile Átha Cliath. Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile átha Cliath 2.

Conradh na Gaeilge i nGaillimh Dianchúrsa Gaeilge chun ullmhú d'agallaimh na gCúrsaí Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht Tá dianchúrsa Gaeilge fógraithe ag Conradh na Gaeilge atá dírithe go sonrach ar chéimithe ar spéis leo áit a bhaint amach ar Chúrsa Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht, cúrsa atá á thairiscint ag Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, Coláiste Mhuire, Marino agus Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Beidh cáilíocht mar mhúinteoir bunscoile acu siúd a bhaineann ceann scríbe amach ar na Cúrsaí Oiliúna seo agus tá inniúlacht sa Ghaeilge mar chuid riachtanach den cháilíocht atá ag teastáil chun áit a bhaint amach ar na cúrsaí. Is chuige sin atá an dianchúrsa á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, le aird faoi leith ar ullmhúchán a dhéanamh don agallamh a bheidh ar gach iarrthóir a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar na Cúrsaí Oiliúna. Beidh béim ar chothú muiníne agus scileanna comhrá a neartú. Mar chuid den chlár beidh cleachtadh ar agallamh a dhéanamh agus cuirfear comhairle ar fáil i ndiaidh an agallaimh. Beidh an dianchúrsa ar siúl Dé hAoine 17 Samhain agus Dé Sathairn 18 Samhain in Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic. Leanfaidh sé ó 700i.n. go dtí 9.00i.n Dé hAoine agus ó 10.00r.n.-5.00i.n. Dé Sathairn le sos lóin. Tá táille €90 ar an gcúrsa nó táille laghdaithe €85 más macléinn atá i gceist.

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

Dréachtrialacháin Lochtacha

éadach olla; flainín (6) talamh bog (6) agus (2) réidh le baint (4) náid (7) cén áit? (2) ár; scrios (7) fear atá i gceannas ar mhainistir (2) aigéan; farraige mhór (6) muiceoil leasaithe (5) pasáiste trí shléibhte (7) ón tseanaimsir (4) rud nach bhfuil beo (2) aibítir ársa Cheilteach (5) an-bheag ar fad (7) duine a dhéanann díol is ceannach (7) aimsir bhog fhliuch (7) talamh tanaí grin faoi uisce (7) an glór a dhéanann gadhar (6) sleá bheag (2) an t-alt? (2) béal (3)

Iml. 2 Eagrán 1

Tá teorainn leis an líon iarrthóirí a ghlacfar ar an gcúrsa seo áfach. Is féidir eolas breise agus foirmeacha clárúcháin a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie. Caithfear cláru roimh Dé Máirt 14 Samhain. Gramadach na Gaeilge le Conradh na Gaeilge! Beidh Dianchúrsa Gramadaí á eagrú ag Conradh na Gaeilge i rith mhí na Samhna. Is dianchúrsa speisialta é seo atá dírithe ar dhaoine ar spéis leo eolas agus cur amach níos fearr a bheith acu ar ghramadach na Gaeilge. Beidh an cúrsa seo feiliúnach dóibh siúd a bhfuil Gaeilge líofa acu, ach atá ag iarraidh saineolas a fháil ar chruinneas agus ar scríobh na Gaeilge. Níl ach 12 áit ar an gcúrsa agus beidh an múinteoir, Éamonn Ó Loingsigh ag díriú ar riachtanais speisialta na rannpháirtithe. Beidh an cúrsa ar siúl i rith deiridh seachtaine amháin, ar an Aoine 17 Samhain ó 7- 9i.n. agus ar an Satharn 18 Samhain ó 10r.n.- 5i.n. Beidh costas €90 ar an gcúrsa. Tá foirmeacha clárúcháin agus tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar Chonradh na Gaeilge, Árus na nGael 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó ríomhphost conradh@bradan.iol.ie

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Iarrann Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ar chraobhacha an Chonartha tacú le feachtas na hArd-Oifige maidir leis an bhfeachtas chun na dréachtrialacháin a thagann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fhreabhsú agus cothrom ceart na Féinne a thabhairt don Ghaeilge. Dúirt Dáithí, ‘bhí baill agus agus craobhacha an Chonartha an-ghníomhach san fheachtas don Acht Teanga a bhaint amach agus mar sin iarraim oraibh arís tacú leis an Ard-Oifig chun a dhéanamh cinnte go gcuirtear Acht Teanga láidir gan locht i bhfeidhm’. I measc na nithe éagsúla atá á n-éileamh ag an Ard-Oifig ná go mbeadh an leagan

2. ACHT GAEILGE Ó THUAIDH Moladh an Chonartha Gaeilge de logainmneacha ar chomharthaí bóthair ar chomhchéim leis an leagan Béarla. Rudaí eile atá lochtach fúthu ná nach mbaineann na dréachtrialacháin seo le síneacha tráchta beag ná mór, le fógraíocht, le lógónna, ná le gnó lasmuigh den Stát, agus ní bheidh siad i bhfeidhm go hiomlán go dtí 2026.

Maoinithe ag:

3. LAOCHRA AN MHARATÓIN 4. GRADAM BRONNTA AR GHEARÓID Ó CAIREALLÁIN 5. FORBAIRT CHEANNÁRAS AN CHONARTHA 6. CROSFHOCAL MHÍ NA SAMHNA 7. CONRADH NA GAEILGE I NGAILLIMH 8. FÓGRAÍ TÁBHACHTACHA

Más mian leat tacú leis an bhfeachtas seo is féidir achainí ar-líne POBAL a shíniú ag an seoladh idirlín seo a leanas: http://www.petitiononline.com/acht/

Laochra an Mharatóin Thug ochtar cróga Chonradh na Gaeilge fúthu maratón Bhaile Átha Cliath a rith (agus cuid acu é a shiúl dar ndóigh!!) Dé Luain seo caite, 30 Deireadh Fómhair. I measc an 11,000 a ghlac páirt sa mharatón bhí Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, Jamie Ó Tuama, Úna Ní Chonaire, Seán Ó hAdhmaill, Félim Borland, Rónán Mac Murchaidh, Johanna Twomey agus laoch an Chonartha ar an lá Feargal Mac Tréinfhir a chríochnaigh an maratón taobh istigh de thrí uair agus 15 nóiméad. D'éirigh le gach duine an dúshlán mór seo a chur fúthu agus sin taobh istigh de am réasúnta. Dúirt Jamie Ó Tuama, Feidhmeannach an Chonartha, agus é díreach críochnaithe leis an maratón; 'Rinne muid uile éacht mór an maratón mór

SAN EAGRÁN SEO: 1. DRÉACHTRIALACHÁIN LOCHTACHA

Acht Gaeilge ó Thuaidh Thug Rialtas na Breataine gealltanas i ndoiciméad Chill Rímhinn, Acht na Gaeilge a reachtú ag Westminster. Tá POBAL i ndiaidh próiseas comhairliúchain dhá bhliain a chur i gcrích le pobal na Gaeilge agus le saineolaithe idirnáisiúnta dlí, agus d'fhoilsigh muid moltaí aontaithe ar Acht na Gaeilge i mí Feabhra 2006. Tá cóip de mholtaí POBAL, maidir le hAcht na Gaeilge TÉ, ar fáil ar www.pobal.org.

23 Samhain 2006

9. TIMPEALL NA TÍRE AGUS EILE

Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Cé chomh minic a léann tú leabhair Ghaeilge? • • • •

seo a chríochnú agus tá muid uile bródúil as a chéile. Chomh maith leis sin, d'éirigh linn neart airgid a bhailiú don Chonradh le cuidiú linn lenár gcuid feachtas. Tá muid uile ag súil le briseadh deas a bheith againn ag an Oireachtas anois leis an éacht mór seo a cheiliúradh.’

Riamh Go Fíorannamh Ó am go chéile Go rialta

Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Gradam Bronnta ar Ghearóid Ó Cearealláin

Bronnadh gradam speisialta ar Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Gearóid Ó Cairealláin, ag ócáid bhronnta Ghradam na hAislinge a bhí ar siúl 10 Samhain in óstán an Europa i mBéal Feirste. Bronnadh an gradam seo air mar aitheantas ar an obair mhór uile atá déanta aige ar son na Gaeilge le blianta fada anuas. Mar is eol do chách beagnach cailleadh Gearóid le déanaí. Dúirt Máirtín Ó Muilleoir, cara mór le Gearóid agus bainisteoir stiúrtha nuachtán, ‘Is cinnte go bhfuil an gradam seo tuillte ag Gearóid nó gach rud a bhaineann le saol na Gaeilge i mBéal Feirste, gach forbairt fónta, is féidir a rá go raibh lámh aige ann...beagnach gur cailleadh é agus is dócha gur chuir sin i gcuimhne dúinn an t-easnamh a bheadh ann dá mbeadh sé imithe. Tá súil againn go mbeidh an gradam seo ina spreagadh aige agus é ag teacht chuige féin agus nara fada go

Gearóid Ó Cairealláin i measc comhluadair bhreá bhfeicfimid inár measc arís é, ag beartú ar son na Gaeilge, ag buanú Raidió Fáilte, Aisling Ghéar agus na Cultúrlainne agus ag cur tionscnamh nua ar bun.’

Forbairt Cheannáras an Chonartha MOLTAÍ Á LORG AG AN gCONRADH Ó PHOBAL NA GAEILGE D'fhógair Conradh na Gaeilge go bhfuil siad ag lorg moltaí ó phobal na Gaeilge le haghaidh na forbartha atá pleanáilte ag 6 Sráid Fhearchair chun lárionad Gaeilge a dhéanamh den Cheannáras go luath. Is féidir aon mholtaí a chur chuig aras@cnag.ie nó dul i dteagmháil le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ag 01 4757401 roimh an Aoine 1 Nollaig 2006. Tá sé tráthúil an méid a bhí le rá ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe, agus Gaeltachta le linn an Oireachtais nuair a mhol sé gur chóir go mbeadh lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath lonnaithe ag 6 Sráid Fhearchair. Tá pleananna á gcur le chéile ag an gConradh le tamall anuas agus tá sé beartaithe cuid den teach a athchóiriú agus cur leis an spás ar chúl. Tá cuid de na pleananna ón ailtire le feiceáil ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag www.cnag.ie Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is cinnte go bhfuil gá le lárionad Gaeilge i gcroílár na hArdchathrach le freastal ar riachtanais phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath. Tá sé beartaithe ag an gConradh dul ar aghaidh agus 6 Sráid Fhearchair a fhorbairt agus lárionad Gaeilge a thógáil ann. Ba mhaith linn ach go háirithe áiseanna a chur ar fáil a mheallfaidh daoine óga isteach san ionad. Tá roinnt moltaí againn cheana féin don fhorbairt ach ba mhaith linn cloisteáil ó phobal na Gaeilge san Ardchathair faoi na moltaí agus faoi na tuairimí atá acu do 6 Sráid Fhearchair. Tá an-deis againn ionad ilfheidhmeach faoi leith a spreagfaidh agus a

2.

Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair chuirfidh le lucht labhartha na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Ba mhaith linn an deis a thapú gan mhoill". I measc na n-áiseanna nua atá molta don lárionad cheana féin tá na háiseanna seo a leanas: caifé idirlín; bialann; amharclann; ionad do cheolchoirmeacha; naíonra; naíolann; seirbhís iarscoile; seomraí ranga; seomraí do chruinnithe agus comhdhálacha; stiúideo raidió; stiúideo teilifíse. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi seo is féidir teagmháil a dhéanamh linn san Ard-Oifig. Beidh an Ard-Oifig i dteagmháil leis na craobhacha agus leis na hiontaobhaithe atá i gceannas ar na hárais eile a bhaineann leis an gConradh go luath le plean cuimsitheach a chur le chéile chun lárionad Gaeilge a chur ar bun sna bailte ar fad ina bhfuil na hárais sin suite. Léirigh an tAire an-spéis ina leithéid de phlean chomh maith.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Fógraí Tábhachtacha IONAD SAOR-CHOMHAIRLE DLÍ Seirbhís Shaor-Chomhairle Dlí ar fáil Dé Luain 11 Nollaig 2006 ó 7- 8in Tá comhairle ar fáil ar na réimsí dlí seo a leanas: • Cúrsaí Cearta • Dlí Fostaíochta • Leas Sóisialta • Dlí Creidmheasa agus Dochair Bíonn fáilte roimh gach aon duine i gcónaí!! Arna reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le FLAC (Free Legal Advice Centres) i gCeannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Tuilleadh Eolais: Teil: 01 475 7401 / eolas@cnag.ie

Cóisir na Nollag Beidh cóisir mhór na Nollag ar siúl i mbliana sa Village ar Shráid Loch Garman, BÁC 2, Déardaoin 7 Nollaig ar 8.00in. Beidh Rattle and Hum, a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu ar fud na tíre na bharr na haithrise iontaí a dhéanann siad ar amhráin U2, Rónán Ó Snodaigh (ó Kíla), duine de mhórcheoltóirí na hÉireann inniu, Traic, a bhfuil amhrán dá chuir le cloisteáil ar albam iontach Sheachtain na Gaeilge, CEOL '06 agus Grúpa Tí Sult, a bhfuil fuinneamh ar leith ag baint leo agus a bhfuil cáil mhór bainte amach acu de bharr a gcuid ceoil thraidisiúnta. €15 (€10 do mhic léinn) a bheidh ar na ticéid agus má tá tú ag iarraidh cúpla ceann a chur in áirithe ní mór duit glaoch a chur ar 01 6753658, ríomhphost a chur chuig eolas@gaelchultur.com nó glaoch a chur ar WAV Ticketbox ar 1890 200078.

T impeall na Tíre agus Eile Seó na Samhna Bhí taibhsí, damháin alla, cailleacha is cait uilig i láthair ag Seó na Samhna roimh bhriseadh lárthéarma Ghaelscoil Riabhach i mBaile Locha Riach. Bhailigh pobal na scoile idir óg is aosta; tuismitheoirí, comharsana agus gaolta gaelacha eile agus líonadh halla na scoile le breis is dhá chéad duine le linn 'Seó na Samhna'. Cuireadh siamsaíocht iontach ar fáil don oíche. Ní hamháin go raibh roinnt carachtar scanraithe ann agus cuid den slua curtha faoi gheasa ach cuireadh ceolchoirm agus cúig dhráma ar fad i láthair is gach uile dhalta páirteach ó na naíonáin bheaga go ranga a sé. Bhí craic agus spraoi iontach sna drámaí a léirigh na naíonáin agus leaganacha fíor-ghreannmhara de 'An Chircín Bheag Rua' agus 'Na Trí Mhuca Bheaga'. Bhí cailleacha, cait is vaimpírí éagsúla i láthair leis an halla a chur faoi dhorchadas agus an lucht féachána a chur faoi dhraíocht le 'Geasa na Samhna' a chum siad féin. Bhí carachtair scanraithe eile i láthair leis an dráma 'Scuab ar shiúl' a léiriú. D'éirigh go hiontach leo anseo chomh maith agus ba bheag a raibh tuismitheoirí ábalta a bpáistí féin a aithint. Mar a tharlaíonn sé, is scoil ilchreidmheach í Gaelscoil Riabhach agus tá sé mar sprioc i gcónaí a bheith ilchultúrtha le linn na scoilbhliana. Dá bhrí sin, léirigh na ranganna sinsearacha dráma ar leith ar 'Diwali' féile ar bhua an tsolais atá á cheiliúradh san Ind i láthair na huaire. Cuireadh iontas ar a raibh i láthair ar an dóigh a dtiocfadh le daltaí scoile scéal seanchais, ceol agus amhránaíocht ó chultúr eile ar fad a léiriú chomh héifeachtach. Cuireadh deireadh le craic na hoíche le coirm cheoil speisialta agus meascán breá ceoil ó chultúir is ó stíleanna éagsúla. 'Bíonn blas ar an bheagán' a deir an tseanfhocal agus bhí beagainín de gach sórt ar fáil do chách; snagcheol, popcheol agus amhránaíocht traidisiúta. Sea, seó den scoth a bhí i 'Seó na Samhna'!

Bua 'Baffle' D'éirigh go hiontach le féile Baffle i mBaile Locha Riach, Co. na Gaillimhe arís i mbliana agus creidtear gurbh í an fhéile is fearr a bhí acu riamh. Ba é seo an deichiú bliain a bhí an fhéile ar siúl agus is cosúil go bhfuil sí ag fás is ag forbairt i rith an ama. Bhí téama idirnáisiúnta acu an uair seo bunaithe ar an nasc le deisceart Mheiriceá agus leis an Airgintín go háirithe tríd an Ath. Anthony Fahy a rugadh i mBaile Locha Riach ach a chaith an chuid is mó dá shaol ag saothrú leis an phobal Éireannach thall. Ní nach ionadh go raibh ceol agus rince ón Airgintín lárnach i siamsaíocht dheireadh na seachtaine. Caithfidh a rá gur éirigh go hiontach leis na himeachtaí gaelacha chomh maith. Bhí ceolchoirm iontach ag Lasairfhíona Ní Chonaola agus Johnny MacDonagh á tionlacan, ceol a chur tús le himeachtaí an deireadh seachtaine. Bhí seo mar chuid den oscailt oifigiúil agus ba léir gur cuireadh a lucht éisteachta faoi gheasa lena glór geal. Bhí ceardlann filíochta eagraithe ar son scríbhneoirí gaelacha agus é faoi stiúir Niamh Ní Lochlainn. Bhí freastal maith ar an cheardlann seo agus iomaí rud a bhí le foghlaim ón fhile comhaimseartha agus daoine ag feabhsú a scileanna filíochta. Fleá na Nollag 2006 Beidh Cóisir mhór na Nollag á reáchtáil é reáchtáil ag an Ard-Chraobh do phobal na Gaeilge agus do chairde na Gaeilge. Beidh an chóisir mhór seo ar siúl in óstán Mont Clare, Dé Sathairn, 9 Nollaig idir 1 - 6. Beidh dinnéar mór ceithre chúrsa ann chomh maith le ceol, rince, amhránaíocht agus cearúil na Nollag agus, dar ngóigh aíonna eile speisialta. €40 a bheidh mar tháille ar an oíche agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar 01 4934236.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

3.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.