04/2008

Page 1

Eagrán 3.6.

15 Aibreán 2008

RÉ NUA SPLEODRACH DON CHONRADH

Ghlac móramh thar na bearta le bunreacht nua a fhógraíonn ré spleodrach úr don Chonradh ag Ard-Fheis speisialta spreagúil de chuid na heagraíochta i mBaile Átha Cliath 12 Aibreán 08. Chruinnigh idir óg agus aosta ó chraobhacha an Chonartha ó cheann ceann na tíre in Óstán Wynn, Sráid na Mainistreach le vóta a chaitheamh ar cheann de na rúin is radacaí riamh a cuireadh chun tosaigh le buncháipéis chuspóireach na heagraíochta a athchóiriú, agus ghlac móramh maith leis an mbunreacht leasaithe sna salaí ar dhíospóireacht spreagúil ón urlár. Arsa Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha: "Ní hamháin go bhfuil áit na Gaeilge ag croílár na heagraíochta á athdheimhniú faoin mbunreacht nua seo, ach fáiltíonn an fhoclaíocht nua roimh Ghaeilgeoirí ó

gach cúlra agus ó gach traidisiún le páirt a ghlacadh sa Chonradh, baill aonair agus baill chraoibhe araon, cuma cén dearcadh polaitíochta atá acu, agus is cúis mhór áthais dom an méid sin. Tugann sé misneach dom freisin go raibh an oiread sin daoine óga fuinniúla ag an Ard-Fheis ag iarraidh ionchur a bheith acu sa chinneadh tábhachtach seo i dtaca le fás agus forbairt an Chonartha amach anseo." Faoin mbunreacht nua seo, beidh struchtúr an Chonartha níos mó in oiriúint do chúinsí agus do riachtanais shochaí nua-aimseartha na haoise seo agus dá réir, is fearr a dhéanfaidh an eagraíocht freastal ar lucht labhartha na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann. Tiocfaidh an Bunreacht nualeasaithe i bhfeidhm ar 12 Bealtaine 2008.

SAN EAGRAN SEO: 1. Ré Nua Spleodrach don Chonradh 2. Cóid phoist Ghaeilge á n-éileamh 3. Teorannacha na Gaeltachta 4. TEG ar fáil ó Chonradh na Gaeilge, Gaillimh 5. Lá Breá Gaelach i mBaile Locha Riach 6. Ceisteanna an Chonartha 7. Léacht Chonradh na Gaeilge 8. Ionad SaorChomhairle Dlí 9. Seoladh Oifigiúil Oireachtas na Cásca 10. Seachtain na Gaeilge i mBaile Locha Riach 11. Crosfhocal Mhí Aibreáin

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Cóid Phoist Ghaeilge á n-Éileamh Tá an Conradh ag éileamh ar an Roinn Chumarsáide córas chóid phoist na hÉireann a bhunú ar leagan Gaeilge na logainmneacha, nó ar uimhreacha amháin. Bheadh cóid phoist bunaithe ar fhoirm ghiorraithe den logainm Béarla amháin glan in aghaidh bheartas dátheangach an Rialtais agus bheartas an Aontais Eorpaigh atá meáite ar mhionteangacha a chothú agus a neartú." Thug an tAire Cumarsáide, Éamon Ryan, le

fios nach raibh aon ní i moladh an Bhoird um Thionscnamh na bPostchód Náisiúnta a chuirfeadh in aghaidh bhunú na bpostchód ar leagan oifigiúil an logainm i nGaeilge "I gcás baile atá lonnaithe sa Ghaeltacht" ach níor gheall sé go ndéanfaí seo ná níor luaigh sé aon ní faoi leagan Gaeilge na logainmneacha a bheith ina mbunús do na cóid phoist taobh amuigh den Ghaeltacht.

Teorannacha na Gaeltachta Tacaíonn Conradh na Gaeilge le moladh an léachtóra matamaitice Donnchadha Ó hÉallaithe go bhfágfaí faoi choimisiún neamhspleách saineolaithe (cúigear ar a mhéad) faoi chathaoirleacht bhreitheamh Ardchúirte teorannacha na Gaeltachta a leagan amach de bhun na moltaí sa Staidéir Theangeolaíoch a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus stádas A, B nó C ag na ceantair sin dá réir. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Ní foláir fráma ama an-teann a bheith ag a leithéid de choimisiún. Níl aon chúis nach bhféadfaí an obair seo ar fad a chur i gcrích roimh dheireadh na bliana seo. Freisin, thabharfadh a leithéid deis do na pobail éagsúla cás a dhéanamh faoin

2

rianú atá déanta orthu. Ba chóir ceist seo na teorann a athbhreithniú go tráth rialta mar a dhéantar le teorannacha na ndáilcheantar agus deis a bheith ag pobail iarratas a dhéanamh ar stádas Gaeltachta nó ar ardú stádais." Dúirt Fionn Mac Giolla Chuda, Urlabhraí Gaeltachta an Chonartha: "Tá práinn nach beag ag baint leis an obair seo. Ní foláir an Ghaeltacht a bheith ina haonad polaitíochta agus riaracháin a reachtálfar trí mheán na Gaeilge: gur trí Ghaeilge feasta gan cheist a riarfar cúrsaí rialtais áitiúil agus pleanála, cúrsaí sláinte agus oideachais, na gardaí agus na cúirteanna agus mar sin de. Ní féidir a leithéid a thabhairt i gcrích agus stráicí móra Galltachta san áireamh mar Ghaeltacht oifigiúil."

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


TEASTAS EORPACH NA GAEILGE AR FÁIL Ó CHONRADH NA GAEILGE, GAILLIMH An bhfuil aithne agat ar dhuine ar bith atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ón tús nó an bhfuil sé ar intinn agat féin dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat? B'fhéidir go bhfuil tú ag machnamh ar Theastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach? Tá rogha úr ranganna Gaeilge ag gach leibhéal ar fáil ó Chonradh na Gaeilge, Gaillimh, an tEarrach seo agus beidh daoine in ann cáilíocht Eorpach a bhaint amach sa Ghaeilge. Bunaithe ar na ranganna agus ar na himeachtaí teanga eile a chuirfear ar fáil i rith na bliana, beidh deis ag daoine scrúdú a dhéanamh chun Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Má Nuad. Tá ardtaithí ag múinteoirí Chonradh na Gaeilge ag múineadh agus ag tabhairt cúnaimh d'fhoghlaimeoirí le blianta fada anuas. Maidir leis na ranganna féin beidh siad ar fáil ag leibhéil éagsúla ó Ghlántosaitheoirí go dtí an tArdleibhéal. Bíonn líon na ndaoine i ngach rang beag i gcónaí le béim mhór a chur ar rannpháirtíocht na ndaltaí agus ar riachtanais an mhic léinn. Beidh iontas ort nuair a fheicfidh tú do chuid muiníne ag forbairt; an tuiscint agus

an labhairt ag feabhsú i ranganna néamhfhoirmiúla leis an mbéim ar an nGaeilge labhartha agus na focail choitianta a úsáidtear i ngnáthchaint. Tá cuireadh ag foghlaimeoirí bheith linn i gClub Árus na nGael le páirt a ghlacadh i réimse leathan ócáidí sóisialta chun an Ghaeilge a chleachtadh. Beidh méadú freisin ar an réimse imeachtaí a eagrófar chun deiseanna a thabhairt do lucht na ranganna an Ghaeilge atá á fhoghlaim acu a úsáid agus cur lena muinín in úsáid na teanga. Déanaigí cinnte go mbeidh bhur ranganna Gaeilge curtha in áirithe in am mar tá uasmhéid ar an líon daoine i ngach rang. Is ar oíche Luain 31 Márta 2008 ag 8.00in a bheidh an clárúchán ar siúl do ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge, a bheidh ag tosú arís ar an Luan 7 Aibreáin 2008. Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith, tráthnóna amháin sa tseachtain ar feadh 8 seachtaine. Má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait déan teagmháil le Conradh na Gaeilge ag 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

3


Lá Breá Gaelach i mBaile Locha Riach De bharr gur fhógair Cumann Tráchtála Locha Riach nach mbeadh siad i gceannas Mórshiúil Fhéile Pádraig i mbliana, tháinig Coiste na Paráide le chéile don chéad uair ag deireadh Mhí Eanáir. Ar bhonn deonach a bhí siad ag feidhmniú ó shin agus é i gceist acu deis a thabhairt do ghrúpaí pobail a gcuid gníomhaíochtaí a cheiliúradh. Caithfear a admháil go raibh na heagraíochtaí gaelacha sa bhaile lárnach in obair an choiste chéanna. Chuige sin, Paráid an Phobail a bhí ins sa bhaile is mar sprioc acu spiorad an phobail a cheiliúradh. Ós rud é gur bliain Oilimpeach í seo, roghnaíodh 'Spórt agus Spraoi' mar théama an lae agus léiríodh go soiléir go raibh an téama gaelach á cheiliúradh ag chuile duine agus leaganacha éagsúla den téama céanna sin ar taispeáint. Cinnte, is le gach duine an Ghaeilge rud a thuigtear go maith sa bhaile. Bhí breis agus 30 grúpa pobail páirteach san iomlán, go leor siamsaíochta curtha ar fáil le linn na hócáide. Choinnigh Paidí Ó Lionaird (TG4), fear tí an lae, na sluaite in ardiúmar. Bhí ceol iontach ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus caisleáin shúgartha curtha ar fáil do pháistí na háite. Tugadh ónóir na hócáide do Kevin Hardiman, fear

4

Oilimpeach speisailta an bhaile a bhuaigh bonn cré-umha i Shanghai 2007 agus do Caroline Mahoney, Rós Locha Riach nuathofa a chas amhrán ar stáitse don slua. Ar ndóigh, chuidigh an aimsir iontach go mór le cúrsaí an lae. Ós rud é gur mórshiúil do na grúpaí pobail uilig a bhí ann, roghnaíodh duais a bhronnadh ar gach uile ghrúpa a ghlac páirt. Maise, thiocfadh a rá go raibh an bua ag cách, gur buaiteoirí a bhí i ngach duine. Bhí lucht eagraithe thar a bheith sásta agus bhí go leor tuairimí dearfacha nochtaithe ag daoine éagsúla. Mhothaigh an coiste gur éirigh go maith leo an mhórshiúil a eagrú taobh istigh d'achar gairid agus bhí caint ann fiú fá 2009!

Fís Ghaelach do Mheiriceá Thuaidh D'fhógair Glór na nGael le déanaí go mbeidh sé ag eagrú comhdháil i NuaEabhrac i gcomhair le Gaeilgeoirí Mheiriceá Thuaidh. Tabharfar 'Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh' ar an gcomhdháil a bheidh sé ar siúl i Nua Eabhrac, 16-18 Bealtaine 2008. Is measc na gcainteoirí éagsúa a bheidh ann beidh ArdRúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, agus é ag labhairt faoin téama Tacaíocht na hÉireann do Chumainn Mheiriceá Thuaidh" Seolfar an chomhdháil, Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh, ar 16 Bealtaine 2008, san Irish Arts Centre, Nua-Eabhrac ag 7.00 (am Nua-Eabhrac) ag Ard-Chonsail na hÉireann i Nua Eabhrac Breandán Ó Caollaí.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Ceisteanna an Chonartha D'eagraigh craobh de Chonradh na Gaeilge tráth na gCeisteanna idir scoileanna Oirthear na Gaillimhe in Óstán Gullane's, Béal Átha na Slua i gcomhar leis an Comhar Creidmheas, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus Gaeilge Locha Riach. Tharla go raibh an oiread sin páirteach go raibh orthu trí sheisiún de cheisteanna a eagrú thar dhá oíche. Tháinig scoileanna náisiúnta an chomharsanacht le chéile don chéad oíche agus líonadh an halla le naoi bhfoireann déag de sheisear ó na scoileanna uile. Sa deireadh bhí an bua ag foireann as Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua agus iad lán-sásta leo féin.

Tháinig meánscoileanna le chéile an dara oíche agus dhá rannóg ar leith eagraithe do lucht sóisearach agus sinsearach. Arís, bhí freastal iontach ó scoileanna an cheantair. Iad ag teacht ó chúig mheánscoil sa chomhsanacht mórthimpeall agus ocht bhfoireann is fiche eatarthu. I ndeireadh na hoíche, b'iad Coláiste na Toirbirte, Baile Átha an Rí a thóg an bua leo sa rannóg sóisearach agus sa rannóg sinsearach araon. Cinnte, bhí comórtas dian ann ach ba é an rud ab fhearr a bhí ann ná gur bhain idir scoláirí, múinteoirí sult agus taitneamh as.

Léacht Chonradh na Gaeilge Beidh Léacht an Chonartha ar siúl I mbliana ar an Máirt 22 Aibreán 2008 in Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2 ag 8.00in. Is é Dónal Ó hAiniféin, príomhoide ar Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg agus iarUachtarán ar Ghaelscoileanna Teoranta, a thabharfaidh an Léacht ar ábhar an tumoideachais in Éirinn agus é i ndiaidh taighde ar mhúnlaí an luath-thummoideachais iomlán a chur i gcrích le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh le déanaí. Tá sé fíorthábhachtach go dtuigfeadh mórphobal na hÉireann na himpleachtaí a bhainfeadh le cinneadh rialtais deireadh a

chur leis an luath-thumoideachas iomlán agus is deis mhaith é an léacht seo foghlaim faoi na himpleachtaí sin. Tabharfar deis, freisin, don lucht féachana ceisteanna a chur ar Dhónal maidir leis an ábhar seo. Iarrtar ort scéal a chur chuig Síne Nic an Ailí san Ard-Oifig

leacht@cnag.ie

chuig faoin

gCéadaoin 17ú Aibreán 2008 más mian leat a bheith i láthair. Tabhair faoi ndeara go mbeidh córas ateangaireachta ar fáil ar an oíche dóibh siúd a bhfuil spéis acu san ábhar nach bhfuil Gaeilge acu. Cuirfear fáilte roimh chách.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

5


Seoladh Oifigiúil Oireachtas na Cásca Bhí slua spleódrach i láthair in Óstán Central, Baile Dhún na nGall Déardaoin, 27 Márta 2008 nuair a rinne Uachtarán an Oireachtais, Donnchadh Ó hAodha, Oireachtas na Cásca 2008 a sheoladh go hoifigiúil. Ag labhairt dó ag an ócáid dúirt Donnchadh Ó hAodha go raibh go leor dul chun cinn déanta ar son na Gaeilge le blianta beaga anuas, Acht na dTeangacha Oifigúla, 2003; bláthú TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus na meáin chlóite i measc forbairtí eile. In ainneoin sin ar fad dúirt sé go raibh géarghá níos mó ná riamh leis an teanga a chur á labhairt go coitianta sa phobal chun go mbeadh rath ar na céimeanna chun feabhais atá tógtha. Dúirt sé go gcuireann Oireachtas na Gaeilge deiseanna iontacha ar fáil chun

6

labhairt na teanga a chur ar aghaidh agus d'iarr sé ar phobal na Gaeilge daoine eile a spreagadh le freastal ar an bhFéile. Tar éis na hoscailte thug Des Geraghty, Léacht an Oireachtais 2008, 'Ní fíor-Ghael ná fíor-Ghall ach seal anonn agus seal anall', téama tráthúil a bhfuil dioscúrsa meáite tuillte aige ionas go bhféachfaimid le tuiscint a fháil ar shochaí na hÉireann i ré seo na himirce agus na hinimirce, na hilchineálachta cultúrtha, na teicneolaíochta nua agus na míle ní eile atá ina gcionsiocair le luas uafásach an athraithe sa 21ú haois. Tá gach eolas faoi imeachtaí na féile ar fáil ar an suíomh www.antoireachtas.ie chomh maith le grianghraif agus híomhánna de bhuaicphointe na feile. Chríochnaigh an féile ar 30 Márta 2008.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Seachtain na Gaeilge i mBaile Locha Riach Tuigtear go raibh na Gaeil thar a bheith gnóthach i mBaile Locha Riach fá láthair. Cuireadh tús spleodrach le Seachtain na Gaeilge 3 Márta agus roinnt imeachtaí speisialta eagraithe don ócáid. Cuireadh tús le Féile Scoldrámaíochta na Gaillimhe a mheall timpeall 3,000 duine chuig an bhaile i rith na seachtaine. Tháinig Buíon Ceoil Scoil Íde Naofa le chéile le ceol a bhualadh i gclós na scoile, rud a d'ardaigh croíthe na ndaltaí óga agus é ag cur sneachta ar maidin. I dtaca an ama chéanna, meán lae 3 Márta, bhí Lá na bPrátaí ar siúl in Ionad Oideachais Naomh Breandán, áit ar tháinig múinteoirí, daltaí, oifigigh agus cairde Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe le chéile ar mhaithe le ceiliúradh agus comóradh ar leith a dhéanamh in ómós an phráta agus seo mar bhliain idirnáisiúnta an phlanda. Bhí John Joe Forde ag bualadh ceoil don ocáid, rud a spreag daoine le damhsa a dhéanamh idir dhamhsaí seite, rince scuaibe is eile. Bhí rannta beaga is blúiríní staire i dtaobh an phráta agus ar ndóigh, bhí deis ag gach uile chuairteoir rogha bhreá fhairsing de phrataí a bhlaiseadh agus gach béile thar a bheith blasta. Bhí seans ag Príomh-Fheidhmeannach an Choiste, Seosamh Mac Donncha comhghairdeas a ghabháil le lucht eagraithe agus obair an ionad oideachais a threisiú leo. D'éirigh go hiontach leis an Spraoicheist agus sé fhoireann déag as trí bhunscoil ón cheantar ag glacadh páirte in imeachtaí an lae 5 Márta: Gaelscoil Riabhach, Scoil Náisiúnta Naomh Éanna Ballán, agus Scoil Íde Naofa. Ní raibh béim curtha ar an chomórtas idir na scoileanna ach bhí craic ag cách leis na ceisteanna uile. D'eagraigh Comhar Creidmheasa Naomh Breandán, an

ócáid seo i gcomhar le Gael Linn agus bhí deis acu uilig taispeántas a léiriú dóibh siúd bailithe. Stiúraigh Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, an ócáid mar fhear a' tí iontach is bhí idir cheol agus amhránaíocht ó na daltaí sular fógraíodh buaiteoirí an lae: Foireann ó Scoil Náisiúnta Naomh Éanna, Ballán. Gan amhras, scaipeadh go leor duaiseanna ar na daltaí bailithe le hidir phlaiceanna, hataí is bhréagáin bronnta ar an chéad seacht bhfoireann. Le linn don spraoicheist a bheith ar siúl bhí Maidin Caife eagraithe ag tuismitheoirí sa bhialann Iodálach 'La Seranata' agus deis acu cúpla focal a chleachtadh sa chiorcal comhrá eatarthu. Bhí go leor craic ag na déagóirí bailithe ag Cumann Óige Locha Riach agus iad ag cur feabhais ar iris atá idir lámha acu is ag imirt cluichí éagsúla. Ní hamháin sin ach bhí Club Riabhach gníomhach sa chumann iarscoile a bhí acu fosta. Tháinig Foghlaimeoirí Fásta Oirthear na Gaillimhe le chéile le Féile Ghaelach a cheiliúradh in ionad oideachais s'acusan agus seisiún ceoil is amhránaíochta ar siúl. Bhí ceolchoirm speisialta eagraithe ag Scoil Íde Naofa 7 Márta, rud a thug deis do phobal na scoile uile a bheith páirteach inti. Níor mhiste a lua go raibh ceolchoirmeacha agus imeachtaí gaelacha speisialta ar leith eagraithe ag scoileanna náisiúnta an cheantair sa bhreis is an méid breactha i gclár oifigiúil an cheantair. D'éirigh go hiontach leis an seisiún ceoil in Áras Naomh Máirtín ag otharlann Naomh Breandán agus othair is cuairteoirí lánpháirteach sa seisiún amhránaíochta is filíochta. Maise bhí a féilire féin curtha le chéile ag an Áras,maidneacha tar éis caife, seisiún rince, scéalaíochta is eile.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

7


Crosfhocal Mhí Aibreáin

Trasna 1 cré (7) 3 scornach; muineál (3) 5 bord Aifrinn; bord Comaoineach (6) 6 fear atá i gceannas ar mhainistir (2) 7 iarratas; fabhar (5) 10 bríomhar; fuinniúil (7) 13 agus (2) 14 ón aird thuaidh (7) 15 comhairleoir dlí (7)

Síos 1 gruaig; folt (5) 2 trealamh; ord agus eagar (8) 3 gunna beag láimhe (7) 4 an-bheag ar fad (7) 7 orgán mór de chuid an choirp 8 duine a dhéanann díol is ceannach (7) 9 fearg an-mhór (7) 11 miotal as a ndéantar cruach (6) 12 galar marfach (5)

Más spéis leat dearbhán de luach €30 a bhuachan don Siopa Leabhar cuir an crosfhocal agus é líonta isteach i gceart agat chuig; An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Buaiteoir Mhí Feabhra: Íte Ní Chionnaith, Baile Átha Cliath 8. Buaiteoir Mhí an Mhárta: Ronán Nevin, Co. Ros Comáin.

8

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.