Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2006

Page 1

Crosfhocal Mhí Lúnasa Trasna 1 3 5 7 8 12 14 15 16 17 Síos 1 2 3 4 6 9 10 11 12 13

gáir mhaíte (3) beagán; giota beag (3) cur leis an bhfírinne; áiféis (7) measartha; réasúnta (11) bean a bhfuil a fear céile marbh (10) giota; píosa beag (6) amhras; dabht (3) moncaí mór gan eireaball (3) timpeall na háite; ar gach taobh (8) dream; lucht; daoine (3) iarratas; fabhar (5) bean (2) leiceann (4) gaiste; dol; súil ribe (3) cinneadh cúise i gcúirt dlí (11) bothán adhmaid (5) seal ama; tréimhse (3) fráma a úsáidtear chun comhaireamh a dhéanamh (6) duine mallintinneach (5) aon rud a dhíoltar nó a cheannaítear (5)

Eagrán 10

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

An Conradh ag tacú le Máire Nic an Bhaird

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí Iúil: Eoin de Faoite, Baile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath. Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Rith an Maratón ar son na Gaeilge Má tá spéis agat an Maratón a rith cuir scéal chugainn san Ard-Oifig roimh 1 Meán Fómhair. Tá sé mar aidhm ag an gConradh go mbeidh suas le trí scór duine sásta an maratón a rith nó a shiúl - tá suas le scór duine cláraithe cheana féin. Cuirfear t-leine ar fáil do gach duine a ghlacann páirt ann rud a chiallaíonn go mbeidh an Ghaeilge breá feiceálach ar lá an mharatóin. Chomh maith leis sin, beidh na t-léinte ar díol ón gConradh dóibh siúd atá ag iarraidh tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do gach duine a ghlacann páirt ann. Usáidfear an t-airgead a bhailítear don Chonradh chun cuidiú le lucht na hArd-Oifige feachtais níos éifeachtaí a reáchtáil agus mar fhoinse tacaíochta do chraobhacha an Chonartha ar fud na tíre agus, dar ndóigh, ar fud an domhain mhóir. Beidh táille chláraithe an mharatóin agus costas na t-léinte san áireamh san airgead sin chomh maith. Beidh an maratón féin ar siúl ar 30 Deireadh Fómhair - an Luan roimh an Oireachtas agus táthar ag siúl go mbeidh cuid mhaith de mhórphobal na Gaeilge amuigh ag tabhairt tacaíochta dóibh siúd atá ag glacadh páirte ann. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Jamie nó le Máire san Ard-Oifig má tá a thuilleadh eolais uait faoin maratón nó más mian leat urraíocht a dhéanamh orthu siúd atá ag glacadh páirte ann. Tá 94 lá fágtha go dtí an maratón. Bígí ag cleachtadh mar sin!!

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Tacaíonn Conradh na Gaeilge go hiomlán le Máire Nic an Bhaird a thóg cás cúirte á i gcoinne Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann ar 19 Iúil, de bharr gur tógadh thar oíche í toisc gur i nGaeilge amháin a labhair sí leis an tSeirbhís Phóilíneachta nuair a ceistíodh í. Chomh maith leis sin, molann an Conradh go hard í as bheith sásta an cás a throid trí Ghaeilge. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Molaim agus tacaím go hiomlán le Máire as an seasamh cróga seo atá á thógáil aici. Is mór an náire é nach bhfuil an Stát ó thuaidh sásta cothrom na Féinne a thabhairt do phobal na Gaeilge agus an taitheantas cuí ceart a thabhairt don Ghaeilge, ach go háirithe tar éis shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta 8 mbliana ó shin. Éilím go dtabharfaí aitheantas don Ghaeilge sna cúirteanna ó thuaidh agus go gcuirfí dréacht-Acht Teanga Pobal i bhfeidhm, freisin. Bhí baill de chuid Chonradh na Gaeilge, Na Gaeil óga ach go háirithe, i mbun agóide maidin Dá Céadaoin 19 Iúil taobh amuigh de Chúirt Laganside. Cuireadh an cás seo ar athló agus leanfaidh sé ar aghaidh Dé Céadaoin, 6 Meán Fómhair. I láthair na huaire ta foireann dlí

Maoinithe ag:

SAN EAGRÁN SEO:

1. An Conradh ag tacú le Máire Nic an Bhaird 2. Conradh na Gaeilge Nua Shasana 3. Ag Déanamh Athmhacnaimh ar Mhúineadh na Gaeilge 4. Aighneachtaí mhí Máire Nic an Bhaird

Mháire ag dréachtrú argóintí ar cén fáth ar cheart go mbeadh cead ag Máire a cás a throid trí Ghaeilge. Má thugtar cead do Mháire an cás a throid i nGaeilge tá chuile sheans go n-osclófar na geataí agus Go dtabharfar aitheantas don Ghaeilge sna cúirteanna amach anseo, rud a chabhródh go mór le hiarrachtaí POBAL Acht Teanga don Tuaisceart a chur i bhfeidhm. Beidh Conradh na Gaeilge ag reáchtáil bus le gabháil ann agus beidh spás fá choinne 50 duine ar an mbus sin. Má theastaíonn uait tacaíocht a thabhairt do Mháire agus spás a chur in áirithe duit féin nó do dhuine ar bith eile is féidir teagmháil a dhéanamh le Máire san ArdOifig ar 01 4757401.

C Co on nr ra ad dh h n na a G Ga ae ei il lg ge e N Nu ua a S Sh ha as sa an na a Tá ardmholadh ag gabhail do Chraobh Nua Shasana de chuid Chonradh na Gaeilge de thairbhe an tSuímh iontach Idirlíon atá acu agus is léir ó na ranganna éagsúla a eagríonn siad go bhfuil an Chraobh breá gníomhach. Is é Ailbhe Ó Domhnaill Cathaoirleach na Craoibhe agus fáiltíonn sé roimh mholtaí agus roimh chomhairle faoi bhealaí éagsúla leis an Suíomh a fheabhsú. Is é Gaeilge.org seoladh an tSuímh seo. Aithníonn an Conradh go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le craobhacha an Chonartha taobh amuigh d’Éirinn agus fáiltíonn muid i gcónaí roimh eolas faoi na rudaí éagsúla atá ar bun agaibh.

1 Lúnasa 2006

Lúnasa 5. Comhfhreagras agus Eile 6. Crosfhocal Mhí Lúnasa 7. Rith an Maratón ar son na Gaeilge

Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha An mbeidh tionchar ag an gcairt cearta teanga ar an méid Gaeilge a labhraítear sa státseirbhís?

• Beidh • Ní bheidh Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.