Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2008

Page 1

Eagrán 3.4.

13 Feabhra 2008

Seasann an Conradh le cearta Gaeilgeoirí an Tuaiscirt Beidh mórshiúl ceiliúrtha ar son na héagsúlachta agus na Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste Dé Sathairn 16ú Feabhra agus tá bus ann á eagrú ag Conradh na Gaeilge. Fágfaidh an bus Ceannáras an Chonartha ó 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ag a 10 a chlog ar maidin agus fillfidh sé arís um thráthnóna. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá sé fíorthábhachtach ár dtacaíocht a thaispeáint don pharáid mar chuid den fheachtas le hAcht Gaeilge a bhaint amach sa Tuaisceart. Ag am go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar an nGaeilge i gcúrsaí oideachais ó theas agus maidir le cúrsaí ateangaireachta san Aontas Eorpach, is cóir dúinn uile an deis a thapú tacú le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt agus seasamh a ghlacadh ar son na teanga." Dúirt Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha nua

SAN EAGRAN SEO:

an Chonartha: "Tá busanna eile ag fágáil ó áiteanna eile sa tír agus is léir go bhfuil anspreagadh i ndaoine teacht le chéile lena léiriú gur fiú ár dteanga dhúchais agus go bhfuileadar go mór ar a son. Tá an Ghaeilge á ceiliúradh mar dhlúthchuid d'ilchultúrachas nua na hÉireann ag an bparáid agus tá ardmholadh ag dul go POBAL as dul i

1. Seasann an Conradh le cearta Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt

gcomhar le heagraíochtaí Gaeilge agus le grúpaí eitneacha éagsúla chun an ilchultúrachas sin a chur chun cinn i gcomhpháirt lena chéile. Táimid uile ag iarraidh béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú agus comhchothú cultúrtha in Éirinn." Fágfaidh an mórshiúl ceiliúrtha Cultúrlann McAdam Ó Fiach ag a haon a chlog ar an lá.

8. An t-Ionad Saor-Chomhairle Dlí

2. Uachtarán an Oireachtais 2008 insealbhaithe 3. Seachtain na Gaeilge agus Ceol ‘08 á seoladh 4. Bailiúchán Náisiúnta 5. 38ú Oireachtas Rince na Cruinne 6. Oireachtas na Cásca 7. Príomhphointí an Dréacht-Bhunreachta Nua

9. Lá Nua 10. Stáisiún Nua Raidió Náisiúnta don Aos Óg ar an Aer 11. Crosfhocal Mhí Feabhra

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.